Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2021 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Antoni Comín i Oliveres a tharscaoileadh (2020/2025(IMM))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh na díolúine a fuarthas an 13 Eanáir 2020 agus a tharchuir Uachtarán Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach) na Spáinne agus a rinne Uachtarán an Dara Seomra de Tribunal Supremo na Spáinne;i ndáil le himeachtaí speisialta Uimh. 3/20907/2017 an 10 Eanáir 2020. ag féachaint d’fhógairt na hiarrata sin ar tharscaoileadh díolúine i seisiún iomlánach an 16 Eanáir 2020,
– tar éis éisteacht a thabhairt do Antoni Comín i Oliveres, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),
– ag féachaint do chinneadh ó Junta Electoral Central (Bord Lárnach Toghcháin) na Spáinne an 13 Meitheamh 2019(2),
– ag féachaint d’fhógairt a rinneadh i seisiún iomlánach an 13 Eanáir 2020, gur thug Parlaimint na hEorpa dá haire, tar éis bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gur toghadh Antoni Comín i Oliveres ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 2 Iúil 2019,
– ag féachaint d’Airteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne,
– ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0021/2021),
A. de bhrí gur iarr Uachtarán an Dara Dlísheomra de Tribunal Supremo na Spáinne díolúine Antoni Comín i Oliveres, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh, maidir le h’Airteagal 9, an chéad fhomhír, pointe(b) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh i dtaca le himeachtaí speisialta Uimh. 3/20907/2017 – na himeachtaí coiriúla maidir le cion líomhnaithe na ceannairce, de réir mar a leagtar síos iad in Airteagail 544 agus 545 de Chód Coiriúil na Spáinne, agus maidir le cion maidir le mí-úsáid cistí poiblí, de réir mar a leagtar síos é in Airteagal 432 de Chód Coiriúil na Spáinne i gcomhar le hAirteagal 252 de;
B. de bhrí go líomhnaítear go ndearnadh na gníomhaíochtaí atá faoi réir ionchúisimh in 2017; de bhrí gur eisíodh an t-ordú ionchúisimh sa chás seo an 21 Márta 2018 agus gur deimhníodh trí orduithe é ina dhiaidh sin ina ndearnadh achomhairc a dhíbhe; de bhrí gur cuireadh deireadh leis an imscrúdú le hordú an 9 Iúil 2018 agus gur deimhníodh go críochnaitheach é an 25 Deireadh Fómhair 2018; de bhrí go ndearnadh dearbhú, le hordú an 9 Iúil 2018, i leith Antoni Comín i Oliveres, i measc daoine eile, i leith díspeagadh cúirte a bheith déanta aige agus rinneadh cinneadh bac a chur ar imeachtaí i ndáil leis agus i ndáil le daoine eile go dtí gur thángthas orthu;
C. de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa dá haire, tar éis bhreithiúnas an 19 Nollaig 2019 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gur toghadh Antoni Comín i Oliveres ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 2 Iúil 2019;
D. de bhrí gur baineadh amach stádas Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 13 Meitheamh 2019; de bhrí go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, dá bhrí sin, le fíorais agus le hionchúiseamh a tharla sular baineadh amach an stádas agus, dá bhrí sin, an díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
E. de bhrí gur thug an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla dá aire na doiciméid a thíolaic Antoni Comín i Oliveres do Chomhaltaí an Choiste de bhun Riail 9(6) de na Rialacha Nós Imeachta, ar doiciméid iad a mheas sé a bheith ábhartha don nós imeachta;
F. de bhrí gurb iad údaráis na mBallstát a chinneann a iomchuí atá na himeachtaí cúirte;
G. de bhrí nach faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé tuillteanais na gcóras dlíthiúil agus breithiúnach náisiúnta a cheistiú;
H. de bhrí nach bhfuil aon inniúlacht ag Parlaimint na hEorpa measúnú nó ceistiú a dhéanamh i leith dhlínse na n-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla atá á mbreithniú;
I. de bhrí, i gcomhréir le dlí na Spáinne, arna léirmhíniú ag na cúirteanna náisiúnta agus mar a chuir an Ballstát i dtrácht in iúl do Pharlaimint na hEorpa, gurb é an Dara Dlísheomra Coiriúil de Tribunal Supremo na Spáinne an t-údarás atá inniúil ar tharscaoileadh díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a iarraidh;
J. de bhrí nach mbaineann na himeachtaí le tuairimí arna dtabhairt nó vótaí arna gcaitheamh le linn d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a chuid dualgas a chomhlíonadh chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
K. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;
L. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne an méid seo a leanas:
‘1. Beidh pribhléid iomlán ag teachtaí agus ag seanadóirí i ndáil le tuairimí a nochtar le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
2. Le linn a dtéarma oifige, beidh díolúine freisin ag teachtaí agus ag seanadóirí agus ní fhéadfar iad a ghabháil ach amháin má fhaightear iad i mbun cion a dhéanamh. Ní féidir iad a chúiseamh ná a ionchúiseamh gan údarú roimh ré ón dlísheomra dlíthiúil ábhartha’;
M. de bhrí go gcuirtear in iúl leis an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 71 de Bhunreacht na Spáinne agus, go sonrach, céim sin na n-imeachtaí nach gá údarú parlaiminteach a iarraidh dá héis chun imeachtaí coiriúla a dhéanamh i gcoinne duine atá cúisithe agus a fhaigheann an stádas mar chomhalta parlaiminte, nach bhfuil gá le hiarraidh ar tharscaoileadh i gcásanna ina bhfaightear an stádas mar chomhalta parlaiminte le linn do thriail a osclaíodh roimhe sin a bheith ar siúl nó i gcásanna ina nglacann comhalta parlaiminte oifig tar éis dó nó di a bheith ionchúisithe go foirmiúil; de bhrí nach gá, dá bhrí sin, tarscaoileadh díolúine a iarraidh faoi Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ionas go ndéanfar bearta i gcríoch na Spáinne;
N. de bhrí nach faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé léirmhíniú a thabhairt ar rialacha intíre maidir le pribhléidí agus díolúintí Fheisirí Pharlaimint na hEorpa;
O. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9, an chéád mhír, pointe (b) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil díolúine ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit eile, ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla;
P. de bhrí gur ordaigh an Dara Dlísheomra de Tribunal Supremo na Spáinne an 4 Samhain Fómhair 2019 go n-eiseofaí an méid seo a leanas ‘ionas go reáchtálfar imeachtaí coiriúla [...] mar is iomchuí: barántas gabhála náisiúnta nó barántais ghabhála náisiúnta, barántas gabhála Eorpach nó barántais ghabhála Eorpacha, nó barántas gabhála idirnáisiúnta nó barántais ghabhála idirnáisiúnta chun críoch eiseachadta’ i leith Antoni Comín i Oliveres, i measc daoine eile, ar deimhníodh go raibh díspeagadh cúirte déanta aige; de bhrí, mar a míníodh san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, go ndearnadh an t-achomharc i gcoinne an chinnidh sin a dhíbhe an 10 Eanáir 2020 maidir le cúlghairm na ‘mbarántas ábhartha náisiúnta cuardaigh, gabhála agus coinneála, mar aon leis na barántais ghabhála idirnáisiúnta agus Eorpacha’ agus gur glacadh leis an achomharc ‘i gcoinne ordú an 4 Samhain 2019, de bhun an léirmhínithe a thug CBAE i mbreithiúnas uaithi an 19 Nollaig 2019 ina n-aithnítear pribhléidí agus díolúintí an achomharcóra nó na n-achomharcóirí faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina gcáil mar Fheisire nó mar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa’, agus cinneadh freisin iarraidh ar Parlaimint na hEorpa díolúine Antoni Comín i Oliveres a tharscaoileadh ‘chun leanúint ar aghaidh le forghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh nó na mbarántas gabhála Eorpach a eisíodh’ agus an t-údarás forghníomhaitheach sa Bheilg a chur ar an eolas ina leith sin;
Q. de bhrí, de bhun Riail 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an Coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis;
R. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
S. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
T. de bhrí gur léir nach bhfuil aon bhaint ag an gcúiseamh leis an bpost atá ag Antoni Comín i Oliveres mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ach go mbaineann sé leis an bpost a bhí aige roimhe sin mar Aire Réigiúnach Sláinte an Govern (rialtas réigiúnach na Catalóine);
U. de bhrí gur duine é Antoni Comín i Oliveres as measc grúpa daoine atá sa staid chéanna agus iad á n-ionchúiseamh agus á gcúiseamh as na cionta i dtrácht, agus gurb é an t-aon difríocht atá eatarthu ná go bhfuil díolúine aige faoi láthair mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cheart a chur san áireamh, dá bhrí sin, nach é Antoni Comín i Olivere an t-aon duine ionchúisithe sa chás i dtrácht;
V. de bhrí go ndearnadh na fíorais inchoiritheacha in 2017 agus gur tionscnaíodh na himeachtaí coiriúla i dtrácht i gcoinne Antoni Comín i Oliveres in 2018; de bhrí ar an mbunús sin, nach féidir a mhaíomh gur seoladh na himeachtaí breithiúnacha leis an intinn go gcuirfí bac ar ghníomhaíocht pholaitiúil Antoni Comín i Oliveres amach anseo agus é ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, nuair a bhí a stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ag an am fós hipitéiseach agus sa todhchaí;
W. de bhrí, sa chás seo, nár tháinig Parlaimint na hEorpa ar aon fhianaise de fumus persecutionis go dtí seo, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios gurb é is intinn fholuiteach leis an imeacht dhlíthiúil dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Feisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;
1. á chinneadh díolúine Antoni Comín i Oliveres a tharscaoileadh faoi Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (b) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Spáinne agus chuig Antoni Comín i Oliveres.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.