Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2021 ar an iarraidh ar dhíolúine Clara Ponsatí Obiols a tharscaoileadh (2020/2031(IMM))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh na díolúine a fuarthas an 10 Feabhra 2020 agus a tharchuir Uachtarán Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach) na Spáinne agus a rinne Uachtarán an Dara Dlísheomra de Tribunal Supremo na Spáinne i dtaca le himeachtaí speisialta Uimh. 3/20907/2017 an 4 Feabhra 2020, ag féachaint d’fhógairt na hiarrata sin ar tharscaoileadh díolúine i seisiún iomlánach an 13 Feabhra 2020,
– tar éis di éisteacht a thabhairt do Clara Ponsatí Obiols i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),
– ag féachaint do chinneadh ó Junta Electoral Central (Bord Lárnach Toghcháin) na Spáinne an 23 Eanáir 2020(2),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(3) agus ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1810 ón gComhairle Eorpach arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe an 29 Deireadh Fómhair 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3)CAE(4),
– ag féachaint don fhógra a rinneadh i seisiún iomlánach an 10 Feabhra 2020 go ndearna Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le cinneadh ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 agus tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020, a thabhairt dá haire gur toghadh Clara Ponsatí Obiols ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 1 Feabhra 2020,
– ag féachaint d’Airteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne,
– ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0022/2021),
A. de bhrí gur iarr Uachtarán an Dara Dlísheomra de Tribunal Supremo na Spáinne go ndéanfaí díolúine Clara Ponsatí Obiols, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh ag féachaint d’Airteagal 9, and chéad fhormhír, pointe (b) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh i dtaca le himeachtaí speisialta Uimh. 3/20907/2017 – na himeachtaí coiriúla maidir le cion líomhnaithe na ceannairce, mar a leagtar síos in Airteagail 544 agus 545 de Chód Coiriúil na Spáinne;
B. de bhrí go líomhnaítear go ndearnadh na gníomhaíochtaí atá faoi réir ionchúisimh in 2017; de bhrí gur eisíodh an t-ordú ionchúisimh sa chás seo an 21 Márta 2018 agus gur deimhníodh trí orduithe é ina dhiaidh sin ina ndearnadh achomhairc a dhíbhe; de bhrí gur cuireadh deireadh leis an imscrúdú le hordú an 9 Iúil 2018 agus gur deimhníodh go críochnaitheach é an 25 Deireadh Fómhair 2018; de bhrí go ndearnadh dearbhú, le hordú an 9 Iúil 2018, i leith Clara Ponsatí Obiols, i measc daoine eile, go raibh díspeagadh cúirte déanta aici, agus go ndearnadh cinneadh bac a chur ar imeachtaí i dtaca léi agus le daoine eile go dtí gur thángthas orthu;
C. de bhrí gur dhearbhaigh Junta Electoral Central (Bord Lárnach Toghcháin) na Spáinne, an 23 Eanáir 2020, go raibh Clara Ponsatí Obiols tofa; de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa dá haire, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020, gur toghadh Clara Ponsatí Obiols ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 1 Feabhra 2020;
D. de bhrí go bhfuarthas an stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 23 Eanáir 2020; de bhrí go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, dá bhrí sin, le fíorais agus le hionchúiseamh a tharla sular baineadh amach an stádas agus, dá bhrí sin, an díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
E. de bhrí gur thug an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla dá aire na doiciméid a thíolaic Clara Ponsatí Obiols do Chomhaltaí an Choiste de bhun Riail 9(6) de na Rialacha Nós Imeachta, ar doiciméid iad a mheas sí a bheith ábhartha don nós imeachta;
F. de bhrí gurb iad údaráis na mBallstát a chinneann a hiomchuí atá na himeachtaí cúirte;
G. de bhrí nach faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé tuillteanais na gcóras dlíthiúil agus breithiúnach náisiúnta a cheistiú;
H. de bhrí nach bhfuil aon inniúlacht ag Parlaimint na hEorpa measúnú nó ceistiú a dhéanamh i leith dhlínse na n-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla atá á mbreithniú;
I. de bhrí gurb amhlaidh, i gcomhréir le dlí na Spáinne, arna léirmhíniú ag na cúirteanna náisiúnta agus mar a chuir an Ballstát in iúl do Pharlaimint na hEorpa, gurb é an Dara Dlísheomra Coiriúil de Tribunal Supremo na Spáinne an t-údarás atá inniúil ar tharscaoileadh díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a iarraidh;
J. de bhrí nach mbaineann na himeachtaí le tuairimí arna dtabhairt nó vótaí arna gcaitheamh le linn d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a chuid dualgas a chomhlíonadh chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
K. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9, an chéad fhomhír, pointe (a) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí pharlaimint an stáit sin;
L. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne an méid seo a leanas:
‘1. Beidh pribhléid iomlán ag teachtaí agus ag seanadóirí i ndáil le tuairimí a nochtar le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh;
2. Le linn a dtéarma oifige, beidh díolúine freisin ag teachtaí agus ag seanadóirí agus ní fhéadfar iad a ghabháil ach amháin má fhaightear iad i mbun cion a dhéanamh. Ní féidir iad a chúiseamh ná a ionchúiseamh gan údarú roimh ré ón dlísheomra dlíthiúil ábhartha’;
M. de bhrí go gcuirtear in iúl leis an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 71 de Bhunreacht na Spáinne agus, go sonrach, céim sin na n-imeachtaí nach gá údarú parlaiminteach a iarraidh dá héis chun imeachtaí coiriúla a dhéanamh i gcoinne duine atá cúisithe agus a fhaigheann an stádas mar fheisire parlaiminte, nach bhfuil gá le hiarraidh ar tharscaoileadh i gcásanna ina bhfaightear an stádas mar fheisire parlaiminte le linn do thriail a osclaíodh roimhe sin a bheith ar siúl nó i gcásanna ina nglacann feisire parlaiminte oifig tar éis dó nó di a bheith ionchúisithe go foirmiúil; de bhrí nach gá, dá bhrí sin, tarscaoileadh díolúine a iarraidh faoi Airteagal 9, an chéad fhomhír, pointe (a) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ionas go ndéanfar bearta i gcríoch na Spáinne;
N. de bhrí nach faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé léirmhíniú a thabhairt ar rialacha intíre maidir le pribhléidí agus díolúintí Fheisirí Pharlaimint na hEorpa;
O. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9, an chéad fhomhír, pointe (a) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil díolúine ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit eile, ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla;
P. de bhrí gur ordaigh an Dara Dlísheomra de Tribunal Supremo na Spáinne an 4 Samhain 2019 go n-eiseofaí an méid seo a leanas ‘ionas go reáchtálfar imeachtaí coiriúla [...] mar is iomchuí: barántas gabhála náisiúnta nó barántais ghabhála náisiúnta, barántas gabhála Eorpach nó barántais ghabhála Eorpacha, nó barántas gabhála idirnáisiúnta nó barántais ghabhála idirnáisiúnta chun críoch eiseachadta’ i leith Clara Ponsatí Obiols, i measc daoine eile, ar deimhníodh go raibh díspeagadh cúirte déanta aici; de bhrí gurb amhlaidh, mar a míníodh san iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, an 3 Feabhra 2020, gur seasadh leis an gcinneadh maidir leis an mbarántas náisiúnta cuardaigh, gabhála agus coinneála a eisiúint, mar aon leis an mbarántas idirnáisiúnta cuardaigh agus gabhála i gcoinne Clara Ponsatí Obiols chun í a eiseachadadh agus, san am céanna, go ndearnadh iarraidh ar a díolúine a tharscaoileadh chun dul ar aghaidh le forghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh a eisíodh;
Q. de bhrí, de bhun Riail 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, in aon imthosca, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná nach ndéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an Coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis;
R. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
S. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
T. de bhrí gur léir nach bhfuil aon bhaint ag an gcúiseamh le post Clara Ponsatí Obiols mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ach go mbaineann sé leis an bpost a bhí aici roimhe sin mar Aire Réigiúnach Oideachais an Govern (rialtas réigiúnach na Catalóine);
U. de bhrí go bhfuil Clara Ponsatí Obiols ar dhuine de na daoine aonair as measc grúpa daoine aonair atá sa staid chéanna, is é sin go bhfuil siad á n-ionchúiseamh agus á gcúiseamh as na cionta i dtrácht, agus gurb é an t-aon difríocht atá ann go bhfuil díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa aici faoi láthair; de bhrí gur cheart cuimhneamh, mar sin, nach í Clara Ponsatí Obiols an t-aon duine amháin atá á ionchúiseamh sa chás i dtrácht;
V. de bhrí gur in 2017 a rinneadh na fíorais inchoirithe agus gur in 2018 a tionscnaíodh na himeachtaí coiriúla i dtrácht i gcoinne Clara Ponsatí Obiols; de bhrí nach féidir a mhaíomh, ar an mbonn sin, gur seoladh na himeachtaí breithiúnacha leis an intinn go gcuirfí bac ar ghníomhaíocht pholaitiúil Clara Ponsatí Obiols mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa lá is faide anonn, ós amhlaidh, an uair sin, go raibh a stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa fós hipitéiseach agus le teacht;
W. de bhrí, sa chás seo, nár tháinig Parlaimint na hEorpa ar aon fhianaise ar fumus persecutionis go dtí seo, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios gurb é is intinn fholuiteach leis an imeacht dhlíthiúil dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Feisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;
1. á chinneadh díolúine Clara Ponsatí Obiols a tharscaoileadh faoi Airteagal 9, an chéad fhomhír, pointe (b) de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Spáinne agus chuig Clara Ponsatí Obiols.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.