Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2531(DEA)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0157/2021

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0157/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0064

Téacsanna atá glactha
PDF 115kWORD 44k
Dé Máirt, 9 Márta 2021 - Brussels
Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: bearta le dul i ngleic leis an gcur isteach ar an margadh sna hearnálacha torthaí, glasraí agus fíona a thagann as COVID-19
P9_TA(2021)0064B9-0157/2021

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gan aon agóid a dhéanamh i gcoinne Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/95 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha lena maolaítear ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul i ngleic leis an gcur isteach ar an margadh san earnáil torthaí agus glasraí agus san earnáil fíona a thagann as paindéim COVID-19 agus le bearta a bhaineann léi (C(2021)00368 – 2021/2531(DEA))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/95 ón gCoimisiún(1),

–  ag féachaint do litir an 24 Feabhra 2021 ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe chuig an gCathaoirleach ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí,

–  ag féachaint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2), agus go háirithe Airteagal 219(1) agus Airteagal 228 de,

–  ag féachaint do Riail 111(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh le haghaidh cinneadh ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don fhíoras nach ndearnadh aon agóidí laistigh den tréimhse a leagtar síos sa tríú fleasc agus sa cheathrú fleasc de Riail 111(6) dá Rialacha Nós Imeachta, ar tréimhse í a chuaigh in éag an 9 Márta 2021,

A.  de bhrí, i bhfianaise suaitheadh thar a bheith tromchúiseach sa mhargadh agus charnadh na n-imthosca deacra inter alia atá tagtha chun cinn in earnáil an fhíona arb é an bunús atá leo ná na taraifí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe ar allmhairiú fíonta ón Aontas i nDeireadh Fómhair 2019 agus atá fós á bhforchur mar thoradh ar na bearta sriantacha atá fós i bhfeidhm de dheasca phaindéim COVID-19 ar fud an domhain, go raibh deacrachtaí eisceachtúla ag oibreoirí sna Ballstáit uile maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus forfheidhmiú oibríochtaí faoi chláir thacaíochta;

B.  de bhrí, i bhfianaise chineál na n-imthosca sin le chéile nach bhfacthas riamh cheana, gur ghlac an Coimisiún, an 30 Aibreán 2020, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592(3) ón gCoimisiún lena bhforáiltear do sholúbthacht agus lena gceadaítear maoluithe ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona de dheasca phaindéim COVID-19;

C.  de bhrí, in ainneoin a thairbhí a bhí na bearta sin, nár éirigh le hearnáil an fhíona teacht ar chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh arís agus nach bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh sí uirthi arís sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma de dheasca phaindéim COVID-19 nach bhfuil deireadh léi fós;

D.  de bhrí, ós rud é go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh paindéim COVID-19 fós ar siúl i rith cuid shuntasach den bhliain airgeadais 2021, gur mhol an Coimisiún i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/95 go gcuirfí síneadh le cur i bhfeidhm na mbeart a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021;

E.  de bhrí go bhfuil cur chun feidhme mear na solúbthachta agus na maoluithe leanúnacha sin bunriachtanach dá n-éifeachtacht agus dá n-éifeachtúlacht agus iad ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí maidir leis na cláir thacaíochta a reáchtáil, ar cláir iad lena gcoisctear tuilleadh caillteanas eacnamaíoch agus lena dtugtar aghaidh ar staid an mhargaidh agus ar shuaití in earnáil an fhíona;

1.  á dhearbhú nach bhfuil aon agóidí á ndéanamh aici i gcoinne Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/95;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 31, 29.1.2021, lch. 198.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha lena maolaítear ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dul i ngleic leis an gcur isteach ar an margadh san earnáil torthaí agus glasraí agus san earnáil fíona a thagann as paindéim COVID-19 agus le bearta a bhaineann léi (IO L 140, 4.5.2020, lch. 6).

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais