Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”) (COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0405),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 168(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0152/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Meán Fómhair 2020(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Nollaig 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0196/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 13 Samhain 2020 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0304).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Márta 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/522.)