Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (2020/2043(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint do Thuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1.5 °C agus maidir leis an aigéan agus an crióisféar,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid (COM(2020)0562) agus an measúnú tionchair a ghabhann leis (SWD(2020)0176),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 agus ón 17-21 Iúil 2020,
– ag féachaint don rún uaithi an 23 Iúil 2020 maidir le conclúidí an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020(1),
– ag féachaint do chonclúidí agus do mholtaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil speisialta Uimh. 18/2020 an 15 Meán Fómhair 2020, dar teideal The EU’s Emissions Trading System: free allocation of allowances needed better targeting [Córas Trádála Astaíochtaí AE: gá le spriocdhíriú níos fearr ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce],
– ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(2),
– ag féachaint do theachtaireacht uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(3),
– ag féachaint dá seasamh maidir le sprioc aeráide 2030, eadhon laghdú 60 % ar astaíochtaí gás ceaptha i gcomparáid le leibhéil 1990(4),
– ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta, an Coiste um Buiséid agus an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0019/2021),
A. de bhrí go bhfuil drochthionchar an athraithe aeráide ina bhagairt dhíreach ar shlí bheatha an duine agus ar éiceachórais talún agus mhuirí, mar a dhearbhaíonn tuarascálacha speisialta IPCC maidir le téamh domhanda 1.5 °C agus maidir leis an aigéan agus an crióisféar; de bhrí go bhfuil na tionchair sin leithdháilte go héagothrom, agus go bhfuil an chuid is mó de na héifeachtaí díobhálacha le brath ag na tíortha agus na daoine is boichte;
B. de bhrí go meastar, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), ó 2030 ar aghaidh, go gcuirfidh an t-athrú aeráide le tuairim is 250 000 bás breise in aghaidh na bliana, mar gheall ar mhíchothú, maláire, buinneach agus strus teasa;
C. de bhrí go bhfuil an mheánteocht dhomhanda ardaithe cheana féin thar 1.1 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch(5);
D. de bhrí go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta faoi Chomhaontú Pháras gníomhaíocht aeráide a sheachadadh ar bhonn na fianaise eolaíochta is déanaí atá ar fáil agus go bhfuil sé de chuspóir acu anois aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
E. de bhrí, le blianta anuas, gur éirigh leis an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) críche a dhíchúpláil go rathúil ó fhás eacnamaíoch, le laghdú 24 % ar astaíochtaí GCT, agus ag an am céanna gur tháinig méadú os cionn 60 % ar OTI idir 1990 agus 2019; de bhrí nach gcuirtear san áireamh leis sin astaíochtaí an Aontais atá leabaithe ina thrádáil idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, go ndéantar gannmheastachán ar a lorg carbóin domhanda;
F. de bhrí, in 2015, go raibh cóimheas tuairim is 3:1 idir astaíochtaí a allmhairíodh agus astaíochtaí a onnmhairíodh san Aontas, gur allmhairíodh 1,317 billiún tona CO2 agus onnmhairíodh 424 mhilliún tona(6);
G. de bhrí go raibh dlí an Aontais atá ann cheana éifeachtach maidir leis na spriocanna aeráide a glacadh go dtí seo a bhaint amach; de bhrí nár cuireadh dreasachtaí éifeachtacha ar fáil leis an leagan amach atá ann faoi láthair ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (EU ETS), go háirithe na forálacha atá ann cheana maidir le sceitheadh carbóin, chun an dícharbónú is gá a dhéanamh ar earnálacha áirithe, go háirithe sa tionsclaíocht, agus i gcásanna áirithe go raibh brabúis amhantair gan údar do na cuideachtaí is tairbhithe mar thoradh air, mar a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun suntais(7);
H. de bhrí gur cheart don Choimisiún leanúint dá chuid oibre ar mhodheolaíochtaí a fhorbairt chun lorg carbóin agus lorg comhshaoil de tháirge a fhionnadh, trí chur chuige i leith saolré iomlán a úsáid agus trína áirithiú go léirítear an réaltacht a mhéid is féidir le cuntasaíocht astaíochtaí leabaithe i dtáirgí, lena n-áirítear astaíochtaí ó iompar idirnáisiúnta;
I. de bhrí gur cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh freisin ar inrianaitheacht táirgí agus seirbhísí chun tionchair uile a saolréanna a shainaithint ar bhealach níos cruinne, amhail eastóscadh agus úsáid ábhar, an próiseas monaraíochta, úsáid fuinnimh, agus an modh iompair a úsáidtear, d’fhonn bunachair shonraí a bhunú;
J. de bhrí go mbaineann thart ar 27 % d’astaíochtaí domhanda CO2 ó dhóchán breosla faoi láthair le hearraí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta(8); de bhrí go ndéantar 90 % d’iompar idirnáisiúnta earraí ar muir, as a n-eascraíonn astaíochtaí GCT suntasacha; de bhrí nár cuireadh ach astaíochtaí GCT ó loingseoireacht uisce-iompartha inmheánach san áireamh i rannchuidiú tosaigh an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (NDC); de bhrí go bhfuil sé sin faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise sprioc fheabhsaithe AE do 2030;
K. de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 roinnt ceachtanna tábhachtacha, agus gurb é an fáth, dá bhrí sin, leis an togra ón gCoimisiún maidir le hionstraim téarnaimh nua – Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh – go gcuirtear béim ar an ngá atá le neamhspleáchas agus athléimneacht na hEorpa a neartú agus ar an ngá atá le cúrsaí gearra, go háirithe slabhraí soláthair bia níos giorra;
L. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh fís chomhtháite de bheartais aeráide ag an gCoimisiún, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí, amhail na spriocanna do mhuiriompar, agus á comhordú le straitéisí praghsála carbóin;
M. de bhrí, maidir le praghsáil carbóin éifeachtach agus fiúntach a áirithiú, mar chuid de thimpeallacht rialála níos leithne, gur féidir léi feidhmiú mar dhreasacht eacnamaíoch chun modhanna táirgthe a fhorbairt a bhfuil lorg GCT níos ísle acu agus gur féidir léi infheistíochtaí sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua a spreagadh, lena gcuirtear le dícharbónú agus le ciorclaíocht gheilleagar an Aontais; de bhrí go bhféadfadh ról a bheith ag Sásra éifeachtach Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) sa chomhthéacs sin;
N. de bhrí go bhféadfadh an trádáil a bheith ina huirlis thábhachtach chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac; de bhrí gurb é margadh aonair an Aontais an dara margadh tomhaltóirí is mó ar domhan, rud a fhágann go bhfuil riocht uathúil ag an Aontas mar cheannródaí caighdeán domhanda;
O. de bhrí gur gné é an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide in iomaíochas agus i gceartas sóisialta agus go gcuireann sé acmhainneacht mhór ar fail ó thaobh forbairt thionsclaíoch, cruthú post, na nuálaíochta agus forbairt réigiúnach;
P. de bhrí go gceadaítear le hAirteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) do chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) bearta a chur chun feidhme atá riachtanach chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí (b), nó acmhainní nádúrtha (g), a chosaint;
Q. de bhrí gur cheart don Aontas glacadh leis gur féidir le tríú tír CBAM a bhunú má chuireann an tír sin praghas carbóin níos airde chun feidhme;
R. de bhrí go bhfuil seasamh fabhrach glactha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Biden trí bhíthin a ardán toghcháin ag féachaint le ‘táillí coigeartaithe carbóin nó cuótaí a fhorchur ar earraí atá dian ar charbón ó thíortha nach bhfuil a n-oibleagáidí aeráide agus comhshaoil á gcomhlíonadh acu’; de bhrí go gcruthófaí leis sin deis nua don chomhar idir an tAontas agus SAM chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an chomhpháirtíocht thábhachtach sin a athbhunú;
S. de bhrí nár cheart go mbeadh riosca sceite carbóin do thionscail Eorpacha mar thoradh ar uaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide;
Barúlacha ginearálta
1. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach bhfuil aon cheann de na NDCnna a cuireadh isteach, lena n-áirítear iad siúd de chuid an Aontais agus a Bhallstáit, i gcomhréir leis an gcuspóir méadú na teochta domhanda a choinneáil i bhfad faoi 2 °C, de réir mar a fhoráiltear le Comhaontú Pháras, agus iarrachtaí á ndéanamh ag an am céanna chun méadú na teochta domhanda a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;
2. á chur in iúl gur cúis imní di an easpa comhair ó chuid comhpháirtithe trádála an Aontais sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid le blianta beaga anuas, rud a bhaineann an bonn ónár gcumas comhchoiteann domhanda cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, mar a chonacthas le déanaí ag COP25; ag spreagadh na bpáirtithe uile tacú le hiarracht dhomhanda atá comhchoiteann agus eolaíochtbhunaithe lena bhféadfar na spriocanna sin a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle seasamh le próiseas cinnteoireachta atá trédhearcach, cothrom agus cuimsitheach in UNFCCC;
3. á chur i bhfáth go bhfuil an fhreagracht agus an deis ag an Aontas agus a Bhallstáit leanúint de ról ceannasach a ghlacadh i ngníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide, i dteannta na bpríomh-astaírí domhanda eile; ag cur in iúl go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhaíocht domhanda ar son na haeráide, mar a léirítear le glacadh an chuspóra maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus lena phlean chun a sprioc maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú faoi 2030 a mhéadú; ag moladh go láidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a dtaidhleoireacht aeráide a ghéarú roimh ghlacadh an togra reachtaigh le haghaidh CBAM agus ina dhiaidh sin agus, go háirithe, idirphlé leanúnach le comhpháirtithe trádála a áirithiú chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a dhreasú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí taidhleoireachta comhthráthacha chun a áirithiú go mbeidh tíortha comharsanachta an Aontais rannpháirteach ann go luath;
4. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag saoránaigh agus ag tomhaltóirí san aistriú fuinnimh, agus a thábhachtaí atá sé rogha tomhaltóirí a spreagadh, agus tacú léi, chun éifeachtaí an athraithe aeráide a laghdú trí ghníomhaíochtaí inbhuanaithe agus tairbhí comhthaobhacha as a dtagann cáilíocht saoil níos airde a chur chun cinn;
5. ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún sprioc aeráide an Aontais do 2030 a shocrú ar ‘laghdú glan 55 % d’astaíochtaí ar a laghad’ i gcomparáid le leibhéil 1990; á thabhairt chun suntais, áfach, gur ghlac an Pharlaimint sprioc níos airde de 60 %;
6. ag tabhairt dá haire, cé gur laghdaigh an tAontas a chuid astaíochtaí GCT inmheánacha go suntasach, go bhfuil na hastaíochtaí GCT atá leabaithe in allmhairí chuig an Aontas ag dul i méid an t-am ar fad, agus ar gcaoi sin an bonn á bhaint ó iarrachtaí an Aontais a lorg domhanda GCT a laghdú; ag cur i bhfios go láidir gur mó ná 20 % d’astaíochtaí inmheánacha CO2 an Aontais iad glanallmhairí earraí agus seirbhísí san Aontas; á mheas gur cheart faireachán níos fearr a dhéanamh ar chion GCT na n-allmhairí chun bearta féideartha a shainaithint chun lorg domhanda GCT an Aontais a laghdú;
CBAM atá comhoiriúnach le EDT a cheapadh
7. ag tacú le tabhairt isteach CBAM, ar choinníoll go bhfuil sé comhoiriúnach le rialacha EDT agus le comhaontuithe saorthrádála an Aontais Eorpaigh (FTAnna) trí gan a bheith idirdhealaitheach nó ina srian faoi cheilt ar thrádáil idirnáisiúnta; á mheas, mar sin, go gcruthódh CBAM dreasacht do thionscail Eorpacha agus do chomhpháirtithe trádála an Aontais chun a gcuid tionscal a dhícharbónú agus, dá bhrí sin, go dtacódh sé le beartais aeráide an Aontais agus le beartais dhomhanda aeráide araon chun neodracht GCT a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras; á lua go ríshoiléir gur cheart CBAM a cheapadh go heisiach chun cuspóirí aeráide a chur chun cinn agus nach mbainfí mí-úsáid as mar uirlis chun cur leis an gcaomhnaitheacht, le hidirdhealú dochosanta ná le srianta dochosanta; á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh an sásra sin le cuspóirí glasa an Aontais, go háirithe chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar astaíochtaí GCT atá leabaithe i dtionscal an Aontais agus sa trádáil idirnáisiúnta, agus, ag an am céanna, a bheith neamh-idirdhealaitheach agus ag iarraidh machaire comhréidh domhanda a bhaint amach;
8. á chur i bhfáth gur cheart cóireáil speisialta a thabhairt do na Tíortha is Lú Forbairt agus do na Stáit Oileánacha Bheaga atá i mBéal Forbartha chun na sainiúlachtaí a bhaineann leo agus na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag CBAM ar a bhforbairt a chur san áireamh;
9. á mheabhrú go bhfuil srianta agus dúshláin shonracha os comhair na réigiún forimeallach, ar srianta agus dúshláin iad atá níos measa go háirithe mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas agus méid teoranta a gcuid margaí, agus á iarraidh ar CBAM aird ar leith a thabhairt ar a saintréithe sonracha, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
10. á athdhearbhú gur cheart tabhairt isteach CBAM a bheith mar chuid de phacáiste beart reachtach chun a áirithiú go laghdófar go tapa astaíochtaí GCT a eascraíonn as táirgeadh agus tomhaltas an Aontais, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart CBAM a cheangal le beartais lena ndírítear ar infheistíochtaí i bpróisis thionsclaíocha ísealcharbóin a chumasú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí uirlisí nuálacha maoiniúcháin, tríd an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus trí bheartas tionsclaíoch níos leithne de chuid an Aontais atá uaillmhianach ó thaobh an chomhshaoil de agus cothrom ó thaobh na sochaí de, d’fhonn ationsclú dícharbónaithe na hEorpa a stiúradh chun poist ardcháilíochta a chruthú ar an leibhéal áitiúil agus iomaíochas gheilleagar na hEorpa a áirithiú, agus uaillmhian aeráide an Aontais á comhlíonadh agus intuarthacht agus cinnteacht á gcur ar fáil chun infheistíochtaí i dtreo aeráidneodrachta a dhaingniú ag an am céanna;
11. ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir monarú ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní a áirithiú le caighdeáin táirgí, chomh maith le cuidiú le tionchair dhiúltacha íosta ar an gcomhshaol de bharr úsáid táirgí a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, mar chomhlánú ar thabhairt isteach CBAM, noirm agus caighdeáin níos uaillmhianaí agus cheangailteacha a mholadh maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais i dtéarmaí laghdú ar astaíochtaí GCT agus coigilteas ar acmhainní agus ar fhuinneamh, chun tacú leis an gCreat Beartais maidir le Táirgí Inbhuanaithe agus leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach;
12. á mheas, chun saobhadh a d’fhéadfadh tarlú sa mhargadh inmheánach agus feadh an tslabhra luacha a chosc, gur cheart go gcumhdódh CBAM allmhairí táirgí agus tráchtearraí uile atá clúdaithe le EU ETS, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad leabaithe i dtáirgí idirmheánacha nó deiridh; á chur i bhfáth gur cheart, mar phointe tosaigh (faoi 2023) agus tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, do CBAM earnáil na cumhachta agus earnálacha tionsclaíocha dianfhuinnimh a chumhdach, amhail stroighin, cruach, alúmanam, scagadh ola, páipéar, gloine, ceimiceáin agus leasacháin, a bhfuil leithdháiltí suntasacha saor in aisce á bhfáil fós acu, agus arb ionann iad fós agus 94 % d’astaíochtaí tionsclaíocha an Aontais;
13. á chur i bhfios go láidir gur cheart cion astaíochtaí GCT ó allmhairí a chur san áireamh ar bhonn tagarmharcanna trédhearcacha, iontaofa, cothrom le dáta agus táirgeshonracha ar leibhéal na suiteálacha i dtríú tíortha agus, mar réamhshocrú, mura gcuireann an t-allmhaireoir sonraí ar fáil, ba cheart meánchion domhanda astaíochtaí GCT atá ag táirgí aonair a chur san áireamh, arna mhiondealú de réir modhanna táirgthe éagsúla a bhfuil déine éagsúla astaíochtaí ag baint leo; á mheas gur cheart astaíochtaí díreacha agus indíreacha araon a chumhdach faoi phraghsáil carbóin allmhairí agus, dá bhrí sin, déine carbóin na heangaí leictreachais de réir tíre a chur san áireamh freisin, nó, má chuireann an t-allmhaireoir sonraí ar fáil, déine carbóin an tomhaltais fuinnimh ar leibhéal na suiteála a chur san áireamh;
14. ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar na roghanna éagsúla go léir maidir le CBAM a thabhairt isteach, ó ionstraimí cánach go sásraí a bhíonn ag baint úsáid as EU ETS; á chur i bhfáth gur cheart féachaint ar na módúlachtaí chun CBAM a ceapadh in éineacht leis an athbhreithniú ar EU ETS chun a áirithiú go bhfuil siad comhlántach agus comhsheasmhach, agus chun forluí a sheachaint a mbeadh cosaint dhúbailte ar thionscail an Aontais mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá próiseas trédhearcach atá taobh thiar de CBAM, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le EDT agus le comhpháirtithe trádála an Aontais i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus measúnú cúramach a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus indéantacht dhlíthiúil cineálacha éagsúla CBAM d’fhonn iomlán na n-astaíochtaí GCT a laghdú agus comparáid a dhéanamh eatarthu; á áitiú gurb é an comhshaol príomhaidhm CBAM agus gur cheart, dá bhrí sin, ról ríthábhachtach a bheith ag critéir chomhshaoil maidir leis an rogha ionstraime, lena n-áiritheofar praghas carbóin intuartha agus atá ard go leor a dhreasóidh infheistíochtaí dícharbónaithe chun aidhmeanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach;
15. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bheadh ag gach rogha ar chaighdeáin mhaireachtála na dtomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhaineann le grúpaí níos leochailí, chomh maith lena dtionchar ar ioncam; á iarraidh ar an gCoimisiún iarmhairtí an ioncaim a ghintear ó CBAM mar acmhainn dhílis ar bhuiséad an Aontais a áireamh sa mheasúnú tionchair freisin, ag brath ar an leagan amach agus ar na módúlachtaí arna roghnú;
16. á mheas, chun aghaidh a thabhairt ar riosca féideartha an sceite carbóin, agus rialacha EDT á gcomhlíonadh ag an am céanna, nach mór do CBAM muirear a ghearradh as cion carbóin na n-allmhairí ar bhealach a fhreagraíonn do na costais charbóin a íocann táirgeoirí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart leis an bpraghsáil carbóin faoi CBAM a bheith in aon dul leis an éabhlóid dhinimiciúil ar phraghas lamháltais an Aontais faoi EU ETS, agus intuarthacht agus luaineacht níos lú sa phraghas ar charbón a áirithiú ag an am céanna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart d’allmhaireoirí lamháltais a cheannach ó chomhthiomsú lamháltas ar leithligh ná ó cheann EU ETS ina gcomhfhreagraíonn a phraghas carbóin do phraghas carbóin ar lá an idirbhirt in EU ETS; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil tabhairt isteach CBAM ach ceann amháin de na bearta i gcur chun feidhme chuspóirí an Chomhaontuithe Ghlais don Eoraip agus nach mór na bearta riachtanacha in earnálacha neamh-ETS a bheith ag gabháil leis, chomh maith le hathchóiriú uaillmhianach ar EU ETS, chun a áirithiú go ndéanfar praghsáil charbóin fhiúntach a urramóidh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus chun rannchuidiú leis an laghdú riachtanach ar astaíochtaí GCT i gcomhréir le sprioc aeráide nuashonraithe an Aontais do 2030 agus le sprioc astaíochtaí GCT glan-nialasacha do 2050 a bhaint amach, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an bhfachtóir laghdaithe línigh, uasteorainn a athbhunú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann d’íosphraghas carbóin;
17. á thabhairt chun suntais, maidir le dleacht mháil (nó cáin) ar chion carbóin na dtáirgí uile a ídítear, táirgí a dhéantar san Aontas agus táirgí a allmhairítear araon, nach dtabharfaí aghaidh go hiomlán léi ar riosca an sceite carbóin, go mbeadh dúshláin theicniúla ag baint léi i bhfianaise a chasta atá sé carbón a rianú i slabhraí luacha domhanda agus go bhféadfadh sí ualach suntasach a chur ar thomhaltóirí; á aithint go bhféadfadh dleacht sheasta nó cáin ar allmhairí a bheith ina huirlis shimplí chun comhartha láidir cobhsaí praghsanna comhshaoil a thabhairt maidir le carbón allmhairithe; á chreidiúint, áfach, i bhfianaise chineál seasta na cánach sin, nach mbeadh an oiread céanna solúbthachta ag baint le cáin den sórt sin chun freagairt do phraghas athraitheach EU ETS; á chur i bhfáth, go hiarbhír, go mbeadh cáin atá athraitheach agus a fhreagraíonn go huathoibríoch do phraghas EU ETS comhionann le ETS barúlach; á aithint, dá mba rud é go mbeadh CBAM de chineál fioscach, go bhféadfadh sé go ndéanfaí sásra bunaithe ar Airteagal 192(2) CFAE a thabhairt isteach;
18. á chur i bhfáth gur cheart an rogha a bheith ag allmhaireoirí a chruthú, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú ar EU ETS, go bhfuil cion carbóin a dtáirgí níos ísle ná na luachanna sin, agus leas a bhaint as méid iníoctha arna chur in oiriúint dá réir sin, chun nuálaíocht agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a spreagadh ar fud an domhain; á mheas nár cheart go gcuirfí ualach díréireach ar FBManna leis sin; á thabhairt chun suntais, mar bhonn taca faoi chur chun feidhme an tsásra, go mbeidh gá le sraith de chaighdeáin an Aontais lena gcuirfear cosc ar dhul timpeall ar an sásra nó ar mhí-úsáid a bhaint as, agus go mbeidh gá le bonneagar láidir neamhspleách chun é a riar;
19. á chur i bhfáth gur cheart do CBAM a áirithiú nach ndéantar allmhaireoirí ó thríú tíortha a mhuirearú faoi dhó as cion carbóin a dtáirgí lena áirithiú go gcaitear leo ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar roghanna éagsúla CBAM ar na Tíortha is Lú Forbairt;
20. á thabhairt chun suntais, murab ionann agus ETS, nár cheart don sásra caitheamh le dó adhmaid le haghaidh breosla mar rud atá neodrach ó thaobh carbóin de agus, laistigh den chreat athbhreithnithe agus nuashonraithe, gur cheart praghas a bheith ar an gcarbón atá leabaithe in adhmad arna dhéanamh lománaíocht air agus ar ithir ídithe;
21. ag tathant ar an gCoimisiún an riosca a íoslaghdú go ndéanfadh onnmhaireoirí chuig an Aontas iarracht dul timpeall ar an sásra nó dochar a dhéanamh dá éifeachtacht, mar shampla trí tháirgeadh a atreorú idir margaí nó trí earraí leathchríochnaithe a onnmhairiú;
Gnéithe de CBAM a bhaineann le trádáil
22. á iarraidh go mbeidh Comhaontú Pháras agus a chuid spriocanna ar cheann de phríomhphrionsabail threoracha an bheartais trádála, nach mór gach tionscnamh trádála agus a n-uirlisí beartais a oiriúnú dóibh, trína áireamh, inter alia, in FTAnna mar ghné bhunriachtanach; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur féidir beartas trádála saintógtha den sórt sin a bheith ina spreagadh tábhachtach chun geilleagair a stiúradh i dtreo an dícharbónaithe chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus i gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach;
23. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di creimeadh an chórais trádála iltaobhaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go gníomhach le rialtais na gcomhpháirtithe trádála chun a áirithiú go leanfar leis an idirphlé maidir leis an tionscnamh sin, agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide laistigh den Aontas agus trína chomhpháirtithe trádála araon; á chur i bhfios go láidir gur féidir, agus gur cheart, beartas trádála a úsáid chun clár oibre comhshaoil dearfach a chur chun cinn agus chun mórdhifríochtaí i leibhéil uaillmhéine an chomhshaoil idir an tAontas agus an chuid eile den domhan a sheachaint, agus gur cheart CBAM a cheapadh mar ghníomhaíocht lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí faoi na caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe de FTAnna an Aontais; á chur i bhfios nach mór gníomhaíocht dhomhanda chun CBAM a chur as feidhm a bheith mar sprioc dheiridh ag an tionscnamh, fad is a bheidh an leibhéal uaillmhéine atá leagtha síos ag an Aontas chun astaíochtaí CO2 a laghdú bainte amach ag an gcuid eile den domhan; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart breathnú ar CBAM mar bhealach chun cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseas sin seachas mar mhodh caomhnaitheachta; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún tús le caibidlíocht maidir le cur chuige domhanda faoi chuimsiú EDT nó G20;
24. á mheas go bhfuil trádáil idirnáisiúnta agus beartas trádála ina bpríomhchumasóirí don aistriú i dtreo geilleagar domhanda ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní agus, dá réir sin, a thacaíonn leis na hiarrachtaí domhanda chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) agus Comhaontú Pháras a bhaint amach; á mheas go bhfuil géarghá le hathchóiriú cuimsitheach ar EDT a shaothrú, lena gcuirfear ar a chumas trádáil chóir a ráthú, agus an téamh domhanda a chomhrac ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go dtéann rialacha CGTT siar go 1947 agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá athmhacnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na géarchéime aeráide atá ann faoi láthair; ag dréim leis go nglacfaidh an Coimisiún tionscnaimh phráinneacha d’athchóiriú EDT chun comhoiriúnacht leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige chun praghsáil dhomhanda CO2 a bhaint amach agus chun trádáil a éascú i dteicneolaíochtaí cosanta aeráide agus comhshaoil, mar shampla trí thionscnaimh maidir leis an mbeartas trádála amhail Comhaontú EDT maidir le hEarraí Comhshaoil;
25. á iarraidh ar an gCoimisiún athchóirithe iltaobhacha EDT a shaothrú lena dtabharfar an dlí trádála idirnáisiúnta i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le gnéithe eile den dlí idirnáisiúnta, go háirithe coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS); á chur i bhfios go bhfuil CBAM comhoiriúnach le rialacha EDT má cheaptar é agus cuspóir soiléir comhshaoil á chur san áireamh chun astaíochtaí domhanda GCT a laghdú agus má sheasann sé leis an tsláine chomhshaoil is airde;
26. á chur i bhfios go láidir gur féidir le CBAM cuidiú leis na SFInna a bhaint amach; á mheabhrú gur SFI é freisin obair chuibhiúil a chur chun cinn agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar earraí a chuirtear ar mhargadh AE a tháirgeadh faoi choinníollacha lena n-urramófar coinbhinsiúin EIS;
27. ag tabhairt dá haire, chun a bheith comhoiriúnach le rialacha EDT, go bhféadfadh forálacha CGTT amhail Airteagal I (an prionsabal maidir le cóireáil an náisiúin barrfhabhair), Airteagal III (an prionsabal maidir le cóireáil náisiúnta) agus, más gá, Airteagal XX (eisceachtaí ginearálta) a bheith mar bhunús le leagan amach CBAM ar bith, nár cheart ach réasúnaíocht chomhshaoil amháin a bheith ag baint leis – chun astaíochtaí domhanda CO2 a laghdú agus sceitheadh carbóin a chosc;
28. ag cur béim ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe faoi Airteagal III GATT; á chur i bhfáth gur príomhchritéar é déileáil le hallmhairí agus le táirgeadh inmheánach ar an mbealach céanna chun comhoiriúnacht aon bhirt de chuid EDT a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, a bhuí le CBAM, machaire réidh a chruthú idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí eachtracha trí mhuirear atá coibhéiseach le ETS a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí carbóin corpraithe earraí allmhairithe sna hearnálacha sin, gan beann ar a dtionscnamh, agus cosaint iomlán ar sceitheadh carbóin á háirithiú ar an gcaoi sin do thionsclaíocht na hEorpa agus aistrithe astaíochtaí chuig tríú tíortha á seachaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cosaint dhúbailte do shuiteálacha an Aontais a sheachaint le cur chun feidhme CBAM, agus measúnú á dhéanamh ar an tionchar ar onnmhairí agus ar earnálacha spleácha feadh an tslabhra luacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, le dearadh CBAM, prionsabal simplí a leanúint nár cheart tona amháin carbóin a chosaint faoi dhó;
29. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh domhanda a áirithiú d’iomaíochas na dtionscal Eorpach gan éifeachtaí díobhálacha a ghiniúint ar an aeráid ná ar an gcomhshaol; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar lacáistí onnmhairiúcháin a thabhairt isteach, ach sa chás amháin más féidir leis a dtionchar dearfach ar an aeráid a léiriú go hiomlán mar aon lena gcomhoiriúnacht le rialacha EDT; á chur i bhfáth, chun éifeachtaí saobha aeráide a chosc trí mhodhanna táirgeachta nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna a dhreasú do thionscail onnmhairiúcháin Eorpach agus chun comhoiriúnacht le EDT a áirithiú, gur cheart d’aon chineál tacaíochta onnmhairithe a d’fheadfadh a bheith ann a bheith trédhearcach, comhréireach agus gan aon chineál buntáistí iomaíocha a bheith ann do thionscail onnmhairiúcháin an Aontais i dtríú tíortha, agus gur cheart di a bheith teoranta go docht do na suiteálacha is éifeachtúla chun dreasachtaí laghdaithe GCT do chuideachtaí onnmhairiúcháin an Aontais a choinneáil;
30. á chur i bhfáth nach mór d’aon sásra dreasacht a chruthú do thionscail san Aontas agus thar lear chun táirgí glana iomaíocha a tháirgeadh agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint, gan deiseanna trádála a chur i mbaol;
31. ag tabhairt dá haire gur cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip é CBAM agus gur uirlis é chun sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar a bheith ag CBAM, go díreach nó go hindíreach, ar na hearnálacha tionsclaíocha is déine ó thaobh carbóin agus trádála de agus gur cheart dul i gcomhairle leo le linn an phróisis; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhféadfadh CBAM tionchar a imirt ar shlabhraí soláthair sa chaoi go ndéanfaí costais charbóin a inmheánú leo; á chur i bhfáth gur cheart gurbh éasca a bheadh sé aon CBAM a riar agus nár cheart ualach míchuí airgeadais agus riaracháin a chur ar fhiontair, go háirithe ar FBManna;
CBAM agus acmhainní dílse
32. ag aithint go bhféadfaí CBAM a chur chun feidhme mar shíneadh ar an gcóras reatha dleachtanna custaim nó mar scéim chomhlántach laistigh de chreat EU ETS atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh an dá chur chuige a bheith go hiomlán comhsheasmhach le tionscnamh acmhainní dílse;
33. ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún an t-ioncam a ghintear le CBAM a úsáid mar acmhainní dílse nua do bhuiséad an Aontais, agus á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le húsáid na n-ioncam sin; á thabairt chun suntais, áfach, nár cheart ról buiséadach CBAM ach a bheith ina sheachtháirge de chuid na hionstraime, agus sin amháin; á chreidiúint gur cheart go lamhálfadh an t-ioncam nua sin tacaíocht níos fearr do ghníomhaíocht ar son na haeráide agus do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, amhail aistriú cóir agus dícharbónú gheilleagar na hEorpa, agus do mhéadú ar ranníocaíocht an Aontais leis an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid i bhfabhar na dTíortha is Lú Forbairt agus na Stát Oileánach Beag atá i mBéal Forbartha, arb iad sin na háiteanna is leochailí don athrú aeráide, go háirithe chun tacú leo dul faoi phróiseas tionsclaithe atá bunaithe ar theicneolaíochtaí glana agus dícharbónaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún éifeachtaí sóisialta an tsásra a chur san áireamh sa togra a bheidh aige amach anseo d’fhonn iad a íoslaghdú; ag cur i bhfáth nár cheart an t-ioncam a ghintear ó CBAM a úsáid, ar bhealach ar bith, mar fhóirdheontais faoi cheilt do thionscail Eorpacha ardtruaillithe, mar go gcuirfeadh sé sin as do chomhoiriúnacht EDT sa deireadh;
34. á mheabhrú gur chomhaontaigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar acmhainní dílse nua, lena n-áirítear CBAM, a chruthú le linn an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile faoin gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (CII)(9), á chur i bhfáth go gcabhrófaí le saincheisteanna maidir le coibhéis fhioscach a mhaolú agus lena áirithiú go mbeadh tionchar dáilte go cothrom ar fud na mBallstát agus le struchtúr éifeachtúil le forchostais riaracháin íosta a áirithiú freisin trí shreafaí airgeadais arna nginiúint ó CBAM a shannadh ar bhuiséad an Aontais; á mheas, dá bhrí sin, go laghdófaí sciar ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN i maoiniú bhuiséad an Aontais dá ndéanfaí na fáltais a shainiú mar acmhainn dhílis an Aontais, agus go gcabhrófaí le tionchar CBAM a fhrithpháirtiú ar bhealach cothrom ar fud na mBallstát uile dá réir sin; á mheas go gcuirfidh aon choigilteas ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar ranníocaíochtaí-OIN níos ísle le spás fioscach na mBallstát;
35. ag tabhairt dá haire gur ann do mheastacháin ioncaim stuama éagsúla, ó EUR 5 go EUR 14 bhilliún in aghaidh na bliana, ag brath ar raon feidhme agus ar leagan amach na hionstraime nua; á thabhairt chun suntais go bhfuil buanna faoi leith ag buiséad an Aontais in aon chás chun luaineachtaí ioncaim nó fiú éifeachtaí cúlchéimnitheacha fadtéarmacha a sheasamh;
36. á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go mbeidh an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBAM mar chuid de chiseán acmhainní dílse a bheidh leordhóthanach chun leibhéal an chaiteachais ionchasaigh iomláin a chumhdach i gcomhair chostais aisíocaíochta na príomhshuime agus ús na hiasachtaíochta arna dtabhú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus prionsabal na huilíochta á urramú ag an am céanna; á mheabhrú, thairis sin, nach mór aon bharrachas ón bplean aisíocaíochta fanacht i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta;
37. á chur i bhfáth go bhféadfaí díriú níos fearr ar chaiteachas ar leibhéal an Aontais maidir le réimsí tosaíochta agus earraí poiblí comhchoiteanna le gnóthachain éifeachtúlachta móra i gcomparáid le caiteachas náisiúnta trí chiseán acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, de réir mar a fhoráiltear dó sa treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi CII; á mheabhrú go bhféadfadh aon mhainneachtain ag ceann de na trí institiúid na téarmaí a comhaontaíodh in CII a urramú an institiúid sin a nochtadh d’agóid dhlíthiúil ó cheann de na hinstitiúidí eile;
38. á iarraidh ar na hinstitiúidí obair leantach ghníomhach a dhéanamh de réir mheon agus ábhar an treochláir chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi CII, lena leagtar síos go dtiocfaidh an acmhainn dhílis nua seo i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí;
CBAM agus gnéithe eile a chur chun feidhme
39. á chur i bhfáth nach mór cealú fóirdheontas atá díobhálach don chomhshaol arna ndeonú do thionscail dianfhuinnimh ar an leibhéal náisiúnta a bheith ag gabháil le cur chun feidhme CBAM; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais éagsúla na mBallstát maidir leis an ábhar sin i bhfianaise an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
40. á iarraidh go ndéanfar faireachán ar CBAM trí chomhlacht neamhspleách, faoi choimirce an Choimisiúin, ar cheart dó tuairisc agus faisnéis thrédhearcach a thabhairt go tráthrialta don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún arna iarraidh sin agus ar a laghad dhá uair sa bhliain;
41. ag tabhairt dá haire gurb é an tAontas an t-allmhaireoir carbóin is mó ar domhan agus go bhfuil cion carbóin earraí a onnmhairítear lasmuigh den Aontas i bhfad níos ísle ná cion carbóin earraí allmhairithe; á mheas go bhfuil iarrachtaí Eorpacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac níos fearr ná an mheániarracht idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le modh láidir tuairiscithe chun tionchar foriomlán an Aontais ar an aeráid a thomhas lena gcuirfear san áireamh astaíochtaí ó earraí agus seirbhísí a allmhairítear isteach san Aontas;
42. á chur i bhfáth go n-imeoidh an sásra i léig le himeacht ama mar thoradh ar iarrachtaí aeráide idirnáisiúnta leordhóthanacha, amhail praghsáil carbóin idirnáisiúnta atá láidir, forleathan agus comhsheasmhach agus teicneolaíochtaí, táirgí agus próisis táirgthe íseal-astaíochtaí atá go hiomlán iomaíoch; á mheas gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide a éilíonn réitigh dhomhanda agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le creat domhanda a bhunú do phraghsáil CO2 i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras; ag spreagadh an Choimisiúin an sásra a cheapadh le hamlíne shoiléir agus uaillmhianach maidir lena chur chun feidhme agus lena fhorbairt; á mheabhrú go bhfuil roinnt réiteach teicniúil maidir le CO2 a mhaolú fós ag an gcéim phíolótach agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun iad a fhorbairt a thuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún an sásra a cheapadh mar chuid de phacáiste beartais cuimsitheach fadtéarmach atá comhsheasmhach le geilleagar ina bhfuil astaíochtaí GCT glan-nialasacha agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
43. á mheabhrú nach mór go mbeadh beartas aeráide agus beartas tionsclaíoch an Aontais agus cuspóir an Aontais fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothabháil agus a mhéadú fite fuaite lena chéile; á chur i bhfáth nach mór aon sásra a bheith leabaithe inár straitéis thionsclaíoch, lena gcruthaítear dreasacht do thionscail táirgí glana agus iomaíocha a tháirgeadh;
44. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí le sásra dea-fheidhmiúil laghdú na n-astaíochtaí a allmhairítear isteach san Aontas agus go dtabharfaí an chosaint aeráide is éifeachtaí i gcoinne riosca sceite carbóin leis, agus rialacha EDT á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart an sásra a cheapadh ar bhealach lena n-áiritheofaí a chur i bhfeidhm éifeachtach agus simplí agus ag an am céanna lena gcoiscfí iompar imchéimnithe amhail acmhainní a athdháileadh nó táirgí leathchríochnaithe nó táirgí deiridh nach gcumhdaítear faoin sásra a allmhairiú;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún comhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do thionscail sa bhaile agus thar lear, go háirithe do FBManna, chun córais chuntasaíochta iontaofa a chur ar bun maidir le hastaíochtaí GCT le haghaidh allmhairí chun tionscal Eorpach láidir a chothabháil gan bacainní teicniúla a chur ar chomhpháirtithe trádála;
46. á iarraidh go ndéanfar meastóireacht speisialta ar thionchar an tsásra ar FBManna agus ar iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach; á iarraidh go gcruthófaí, más gá, sásra tacaíochta do FBManna ionas go mbeidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint go rathúil do réaltacht nua an mhargaidh, agus ar an gcaoi sin nach mbeadh siad thíos le cleachtais éagóracha ag gníomhaithe níos mó sa mhargadh;
47. ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár cheart go gcruthódh an sásra míbhuntáistí iomaíochta i measc ábhair iomaíocha chun iomaíocht éagórach ar an margadh Eorpach a chosc; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh na hábhair is neamhdhíobhálaí don aeráid thíos le míbhuntáistí iomaíochta;
48. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar shaoránaigh Eorpacha agus ar a leasanna agus maidir lena rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach amhail cosaint aeráide, fás inbhuanaithe agus iomaíochas idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Pharlaimint a rannpháirtiú go hiomlán, mar chomhreachtóir, sa phróiseas reachtach chun an sásra a bhunú.
o o o
49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0253.
An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO), Statement on the State of the Global Climate in 2019 [Ráiteas maidir le Staid na hAeráide Domhanda in 2019].
Fezzigna, P., Borghesi, S., Caro, D., Revising Emission Responsibilities through Consumption-Based Accounting: A European and Post-Brexit Perspective [Athbhreithniú a dhéanamh ar Fhreagrachtaí maidir le hAstaíochtaí trí Chuntasaíocht atá Bunaithe ar Thomhaltas: Dearcadh Eorpach agus Dearcadh tar éis Brexit] in Sustainability, 17 Eanáir 2019.
An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), CO2 emissions embodied in international trade and domestic final demand: methodology and results using the OECD inter-country input-output database [Astaíochtaí CO2 atá corpraithe sa trádáil idirnáisiúnta agus éileamh deiridh inmheánach: an mhodheolaíocht agus na torthaí lena n-úsáidtear bunachar sonraí ECFE ionchuir-aschuir idir tíortha], an 23 Samhain 2020.