Coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe (COM(2020)0853 – C9-0431/2020 – 2020/0379(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0853),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0431/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Eanáir 2021(1),
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Márta 2021 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/537.)