Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2110(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0051/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0051/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 25/03/2021 - 2
CRE 25/03/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0092

Téacsanna atá glactha
PDF 129kWORD 47k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Iarraidh ar dhíolúine Jean-François Jalkh a tharscaoileadh
P9_TA(2021)0092A9-0051/2021

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Jean-François Jalkh a tharscaoileadh (2020/2110(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Jean‑François Jalkh a tharscaoileadh, dar dáta an 16 Meitheamh 2020, arna cur ar aghaidh ag an Ionchúisitheoir Poiblí ag Cúirt Achomhairc Pháras i ndáil le cás atá ar feitheamh os comhair na Máistreoirí Imscrúdaithe a bhaineann le fiosrúchán breithiúnach ar fhorais na gcionta líomhnaithe ar sárú iontaobhais, calaois eagraithe, brionnú agus úsáid doiciméad brionnaithe, fostaíocht aindleathach a bhaineann le neamhdhearbhú fostaí, míleithreasú cistí poiblí agus cistí poiblí mídhílsithe a cheilt go feasach iad, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 8 Iúil 2020,

–  tar éis éisteacht a thabhairt do Thierry Mariani, a tháinig in ionad Jean-François Jalkh, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 26 de Bhunreacht Phoblacht na Fraince,

–  ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0051/2021),

Α.  de bhrí gur iarr na Máistreoirí Imscrúdaithe go ndéanfaí díolúine pharlaiminteach Jean-François Jalkh a tharscaoileadh chun éisteacht a thabhairt dó i dtaca le cionta coiriúla líomhnaithe;

Β.  de bhrí go mbaineann an iarraidh ar dhíolúine Jean-François Jalkh a tharscaoileadh le cionta líomhnaithe ar shárú iontaobhais, brionnú agus úsáid doiciméad brionnaithe, calaois eagraithe fostaíocht aindleathach a bhaineann le neamhdhearbhú fostaí, míleithreasú cistí poiblí agus cistí poiblí mídhílsithe a cheilt go feasach iad, cionta arna leagan síos agus arna bpionósú i gcomhréir le hAirteagail 314-1, 314-10, 321-2, 321-3, 321-4, 321-9, 321-10, 441-l, 441-10, 441-11, 313-1, 313-2, 313-3, 313-7, 313-8, 313-9, 432-15 agus 432-17 de Chód Coiriúil na Fraince, agus L8221-1, L8221-5, L8224-1, L8224-3, L8224-4 agus L8224-5 de Chód Fostaíochta na Fraince;

C.  de bhrí gur seoladh imscrúdú breithiúnach an 5 Nollaig 2016 tar éis réamh-imscrúdú a tionscnaíodh tar éis cáineadh ó Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa, de thráth na huaire, an 9 Márta 2015 maidir le líon áirithe cúntóirí parlaiminteacha d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a bhí cleamhnaithe leis an bhFronta Náisiúnta;

D.  de bhrí nár liostaíodh i bplean bunaíochta an Fhronta Náisiúnta, a foilsíodh i mí Feabhra 2015, ach 15 FPE (as líon iomlán de 23 FPE), 21 chúntóir parlaiminteach áitiúil agus 5 chúntóir pharlaiminteacha chreidiúnaithe (as líon iomlán de 54 chúntóir); de bhrí gur dhearbhaigh roinnt cúntóirí parlaiminteacha gurbh í ceanncheathrú an Fhronta Náisiúnta in Nanterre a n-áit fostaíochta, agus gur thugadar le fios i gcásanna áirithe go raibh siad fostaithe ann go lánaimseartha, cé go raibh cónaí orthu idir 120 agus 945 km ón áit fostaíochta dhearbhaithe; de bhrí, ag an gcéim seo san imscrúdú, gur tháinig sé chun solais gur ar éigean a rinne ochtar cúntóirí parlaiminteacha obair cúnaimh pharlaimintigh ar bith, nó go ndearna siad í ach mar chuid an-bheag dá ndualgais fhoriomlána;

E.  de bhrí gur nochtaíodh sna himscrúduithe freisin imthosca a d’fhág nach dócha go raibh na cúntóirí parlaiminteacha lena mbaineann ag gabháil go fírinneach do dhualgais maidir le Parlaimint na hEorpa, go háirithe:

   conarthaí fostaíochta cúntóirí parlaiminteacha Eorpacha a bhí roinnte idir dhá chonradh fostaíochta den Fhronta Náisiúnta,
   conarthaí fostaíochta cúntóirí parlaiminteacha Eorpacha do Pharlaimint na hEorpa agus don Fhronta Náisiúnta a bhí i bhfeidhm go comhthréimhseach,
   conarthaí fostaíochta don Fhronta Náisiúnta arna dtabhairt i gcrích do thréimhsí díreach i ndiaidh tréimhsí arna gcumhdach le conarthaí fostaíochta cúntóirí parlaiminteacha AE;

F.  de bhrí gur nochtadh san imscrúdú gur fostaíodh Jean-François Jalkh mar chúntóir parlaiminteach áitiuil do Jean-Marie Le Pen ó mhí Iúil 2009 go dtí mí Aibreáin 2014 ar bhonn lánaimseartha, ar olltuarastal míosúil de EUR 3 011.14; de bhrí, ag an am céanna, go raibh poist bhainistíochta éagsúla aige laistigh den Fhronta Náisiúnta, bíodh sé sin go comhleanúnach nó go comhthréimhseach, agus go bhfuair sé luach saothair ó dhá chomhlacht éagsúla as iniúchtaí ar chuntais feachtais; de bhrí, an 29 Eanáir 2016, gur chinn Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa suim EUR 320 026.23, a d’íoc an Pharlaimint i ndáil le conradh Jean-François Jalkh, a ghnóthú ó Jean-Marie Le Pen; de bhrí gur díbheadh na hachomhairc éagsúla a taisceadh i gcoinne an chinnidh sin, go háirithe le breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Márta 2018(2) agus le hordú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 28 Samhain 2018(3);

G.  de bhrí gur nochtaíodh san imscrúdú freisin go ndearna Jean-François Jalkh, ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, cúntóir parlaiminteach áitiúil lánaimseartha a fhostú ón 1 Iúil 2014 go dtí an 4 Eanáir 2016, cé is moite den tréimhse ón 24 Lúnasa 2015 go dtí an 14 Nollaig 2015, ar olltuarastal míosúil de EUR 2 950; de bhrí nár aimsíodh aon ríomhphoist ná aon fhianaise eile lenar fianaíodh a cuid oibre mar chúntóir parlaiminteach; de bhrí gur áiríodh an cúntóir parlaiminteach i dtrácht i bplean bunaíochta an Fhronta Náisiúnta a foilsíodh i mí Feabhra 2015 mar chúntóir don Leas-Uachtarán a bhí freagrach as gnóthaí dlíthiúla, Jean-François Jalkh; de bhrí, i gcás thréimhse an fheachtais do thoghcháin na Fraince in 2015, mar aon le tréimhse an fheachtais do thoghcháin bhardasacha 2014, gur aimsíodh ríomhphoist uaithi a bhí sínithe ‘Cúntóir do Jean-François Jalkh – seirbhís na dToghchán’; de bhrí, i gcás na tréimhse ó mhí an Mheithimh 2015 go dtí an 21 Nollaig 2015, gur aimsíodh ríomhphoist freisin inar nochtaíodh an obair a rinne sí i gcomhair fheachtas toghchánach Wallerand de Saint-Just, arbh é príomhiarrthóir an Fhronta Náisiúnta sna toghcháin réigiúnacha in Île de France é, cé nach raibh a conradh mar chuntoir parlaiminteach ar fionraí chun na críche sin ach ón 24 Lúnasa go dtí an 14 Nollaig 2015; de bhrí, an 11 Nollaig 2019, go ndearnadh í a dhíotáil sa chúis go ndearna sí cistí poiblí mídhílsithe a cheilt go feasach;

H.  de bhrí go measann na Máistreoirí Imscrúdaithe gur gá éisteacht a thabhairt do Jean-François Jalkh;

I.  de bhrí, tar éis do na himscrúdaitheoirí é a thoghairm an 18 Nollaig 2018, agus tar éis dó a chur in iúl go raibh sé ar fáil, nár láithrigh Jean-François Jalkh, tar éis iarraidh ar chur siar arna tíolacadh ag a dhlíodóir ceithre lá roimh dháta comhaontaithe an láithris, inar maíodh gur mhian le Jean-François Jalkh leas a bhaint as a cheart bheith ina thost; de bhrí, d’ainneoin litir dar dáta an 19 Feabhra 2019 óna dhlíodóir inar deimhníodh go raibh sé toilteanach éisteacht a fháil dá dheoin féin, nár láithrigh Jean-François Jalkh athuair nuair a thoghairm na himscrúdaitheoirí é an 25 Meitheamh 2019, agus nár thug sé údar ar bith lena mhainneachtain teacht i láthair; de bhrí gur ob sé ina dhiaidh sin teacht os comhair na mbreithiúna imscrúdaithe, a chuir toghairm air a bheith i láthair an 15 Samhain 2019, á agairt dó a dhíolúine pharlaiminteach;

J.  de bhrí, d’fhonn Jean-François Jalkh a cheistiú i dtaca leis na cúiseanna a cuireadh ina aghaidh, gur thaisc an t-údarás inniúil iarratas ar a dhíolúine a bheith tarscaoilte;

K.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir a mheas, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, gur cosantóir gurb ea Feisire(4);

L.  de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte náisiúnta;

M.  de bhrí go luaitear an méid seo a leanas sa dara mír d’Airteagal 26 de Bhunreacht na Fraince: ‘Ní ghabhfar Feisire ar bith den Pharlaimint i leith coir thromchúiseach nó i leith mórchion eile, ná ní chuirfear é faoi réir aon bheart coimeádta nó beart leath-choimeádta, gan údarú ó Bhiúró an Tí ar comhalta de é. Ní bheidh gá leis an údarú sin i gcás coir thromchúiseach nó i gcás mórchion eile a rinneadh flagrante delicto nó nuair is ciontú críochnaitheach é ciontú’;

N.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

O.  de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise de fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios gur tionscnaíodh na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht leis an intinn an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh díolúine Jean‑François Jalkh a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Fraince agus chuig Jean‑François Jalkh.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an Séú Seomra) an 7 Márta 2018, Jean-Marie Le Pen v Parlaimint na hEorpa, Cás T-140/16, ECLI:EU:T:2018:122.
(3) Ordú ón gCúirt (an Ceathrú Seomra) an 28 Samhain 2018, Jean-Marie Le Pen v Parlaimint na hEorpa, Cás C-303/18 P, ECLI:EU:C:2018:962.
(4) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa, Cás T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais