Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0132(APP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0047/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0047/2021

Díospóireachtaí :

PV 24/03/2021 - 18
CRE 24/03/2021 - 18

Vótaí :

PV 25/03/2021 - 2
CRE 25/03/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0093

Téacsanna atá glactha
PDF 114kWORD 45k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh ***
P9_TA(2021)0093A9-0047/2021

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (10045/2020 – C9-0024/2021 – 2018/0132(APP))

(An nós imeachta reachtach speisialta – toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtrialachán ón gComhairle (10045/2020),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 311 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (C9‑0024/2021),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(1),

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,

–  ag féachaint dá rúin an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad CAI eile: ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir leis an CAI iar-2020(3) agus maidir le hathchóiriú ar chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh(4),

–  ag féachaint dá rún an 30 Bealtaine 2018 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse(5),

–  ag féachaint dá rún an 14 Samhain 2018 maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh Pharlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú(6),

–  ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid freastal ar ionchais na saoránach(7),

–  ag féachaint do ráitis ón gCoimisiún agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid freastal ar ionchais na saoránach,

–  ag féachaint dá rún an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, le hacmhainní dílse agus leis an bplean téarnaimh(8),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 16 Meán Fómhair 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh(9),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Buiséid (A9-0047/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe don dréachtrialachán ón gComhairle;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28).
(2) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(3) IO L 162, 10.5.2019, lch. 51.
(4) IO C 162, 10.5.2019, lch. 71.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0226.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0449.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0032.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0124.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais