Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2160(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0030/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0030/2021

Díospóireachtaí :

PV 24/03/2021 - 27
CRE 24/03/2021 - 27

Vótaí :

PV 25/03/2021 - 17
CRE 25/03/2021 - 17

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0096

Téacsanna atá glactha
PDF 182kWORD 68k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Tionchar bruscair mhuirí ar iascaigh
P9_TA(2021)0096A9-0030/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 maidir leis an tionchar atá ag bruscar muirí ar iascaigh (2019/2160(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis ‘an gComhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach: Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol’ (COM(2020)0380),

–  ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” – le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol’ (COM(2020)0381),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 23 Márta 2020 maidir le cur chun feidhme na teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san AE (COM(2020)0104),

–  ag féachaint d’Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas(1) (Treoir maidir le Dliteanas Eorpach),

–  ag féachaint do Threoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh(2),

–  ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáin a chaomhnú(3),

–  ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce(4),

–  ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)(5),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú(6) (an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach),

–  ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú(7),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh(8),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI)(9),

–  ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí)(10),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le tomhaltas málaí plaisteacha éadroma a laghdú(11),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 1999/31/CE maidir le maidir le líonadh talún le dramhaíl(12),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl(13),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistiú(14),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa(15),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol(16),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) de chuid na Náisiún Aontaithe, agus go háirithe SDG 14: ‘na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe’,

–  ag féachaint do thuarascáil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) ó 2005 dar teideal ‘Bruscar Muirí – Forléargas anailíseach’,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL) a ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) in 1973, lena n-áirítear Iarscríbhinn V a ghabhann leis a tháinig i bhfeidhm an 31 Nollaig 1988,

–  ag féachaint don tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Staid an Dúlra san AE – Torthaí ó thuairisciú faoi na treoracha dúlra 2013-2018’,

–  ag féachaint do thorthaí an tionscadail ‘Tackling marine litter in the Atlantic Area’ [‘Dul i ngleic leis an mbruscar muirí i Limistéar an Atlantaigh’] (CleanAtlantic), arna mhaoiniú ag Clár Interreg AE do Limistéar an Atlantaigh,

–  ag féachaint do Threoirlínte Deonacha Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil, a ghlac an Coiste um Iascach i mí Iúil 2018,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta IMO chun aghaidh a thabhairt ar Bhruscar Muirí Plaisteach ó Longa,

–  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle ón 19 Samhain 2019 maidir le hAigéin agus Farraigí, lena dtugtar aghaidh ar chomhaontú idirnáisiúnta a fhoirmliú maidir le truailliú plaisteach,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona), an Coinbhinsiún maidir leis an Muir Dhubh a Chosaint (Coinbhinsiún Bhúcairist), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Coinbhinsiún OSPAR),

–  ag féachaint don Phlean Réigiúnach maidir le Bruscar Muirí a Bhainistiú sa Mheánmhuir,

–  ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), do Phrótacal Kyoto a ghabhann leis agus do Chomhaontú Pháras,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Samhain 1973,

–  ag féachaint don Tuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais a d’fhoilsigh an tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) an 31 Bealtaine 2019,

–  ag féachaint do Dhearbhú Aireachta an 28 Meán Fómhair 2020 ó Airí Comhshaoil, Geilleagair Mhuirí, Talmhaíochta agus Iascaigh na mBallstát i Muir Bhailt agus ón gCoimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach,

–  ag féachaint don tuarascáil dar teideal ‘Mission Starfish 2030: restore our Ocean and Waters’ [Misean Crosóige Mara 2030: Ár nAigéin agus ár nUiscí a athbhunú] a d’fhoilsigh Bord Misin um Aigéin, Farraigí, agus Uiscí Cósta agus Intíre Sláintiúla de chuid an Choimisiúin an 22 Meán Fómhair 2020,

–  ag féachaint don tuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) dar teideal ‘Téamh domhanda 1.5ºC’, dá chúigiú tuarascáil mheastóireachta (AR5) agus dá thuarascáil sintéise, dá thuarascáil speisialta maidir leis an athrú aeráide agus an talamh, agus dá thuarascáil speisialta maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar Eile a Dhumpáil ó 1972,

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Deireadh Fómhair 2017 maidir le Treoir maidir le Dliteanas Eorpach(17),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach(18),

–  ag féachaint dá seasamh an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leiCEMI agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(20),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(21),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0030/2021),

A.  de bhrí nach bhfuil i gceist leis an dramhaíl mhuirí atá le feiceáil ar thránna, feadh an chósta, i limistéir chósta agus ar dhromchla dobharlach oscailte uisce ach cuid beag d’fheiniméan truaillithe atá i bhfad níos leithne sa cholún uisce agus ar ghrinneall na farraige araon; de bhrí go dtagann an dramhaíl sin den chuid is mó ó ghníomhaíochtaí ar thalamh (80%), ach freisin ó ghníomhaíochtaí ar muir ina bhfuil méadú suntasach tagtha ar iompar soithí móra neamh-iascaireachta;

B.  de bhrí go gciallaíonn dramhaíl mhuirí an dramhaíl ar fad a tháinig isteach sa mhuirthimpeallacht, d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe, agus a aithnítear de réir méide (nanadhramhaíl, micreadhramhaíl agus meigeadhramhaíl) agus de réir cineáil (coimeádáin, dramhaíl théagartha atá suite ar ghrinneall na farraige, plaistigh, trealamh iascaireachta, soithí briste leath-bháite, dramhaíl ghuaiseach amhail pléascáin agus fuílligh chogaidh eile, snáithíní teicstíle, micreaphlaistigh, etc.);

C.  de bhrí go gcríochnaíonn 70% den bhruscar muirí a thagann isteach san fharraige ar ghrinneall na farraige agus nach ionann mais charnach na dramhaíola atá ar snámh ar an dromchla ach 1% den phlaisteach atá san aigéan; de bhrí go léirítear sa taighde eolaíoch is déanaí gur mheasadh leibhéal an truaillithe phlaistigh san fharraige faoina mhéid den chuid is mó agus de bhrí go bhfuil bearnaí móra fós san eolas aigéaneolaíochta; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach taighde a dhéanamh ar leathadh na dramhaíola muirí san aigéan chun tuiscint níos fearr a fháil ar mhéid an truaillithe mhuirí;

D.  de bhrí gur dobharlach leanúnach é aigéan an domhain a bhfuil a dhea-stádas comhshaoil ríthábhachtach chun a athléimneacht a áirithiú agus chun go gcuirfí seirbhísí éiceachórais ar fáil go leanúnach amhail ionsúchán CO2 agus táirgeadh ocsaigine, agus go bhféadfadh aon athrú ar éiceachórais mhuirí agus chósta a ról mar rialaitheoir aeráide a laghdú; de bhrí gur bagairt í an dramhaíl mhuirí do thodhchaí na hearnála iascaigh i gcoitinne, ós rud é nach féidir ach timpeallacht chósta agus mhuirí atá glan, sláintiúil, táirgiúil agus ilghnéitheach ó thaobh na bitheolaíochta de freastal ar riachtanais fhadtéarmacha daoine i gcoitinne agus iascairí, bailitheoirí sliogéisc agus pobal iascaireachta go háirithe;

E.  de bhrí gur dúshlán domhanda í dramhaíl mhuirí toisc nach bhfuil aon teorainneacha aici agus go bhfuil sí á hiompar ag sruthanna agus gaoth thar achair fhada ar fud an domhain, a bhfuil tionchar aici ar limistéir agus ar earnálacha atá i bhfad ón bpointe tionscnaimh agus nach bhfuil freagrach as táirgeadh na dramhaíola sin; de bhrí go bhfuil méideanna móra dramhaíola fós á ndumpáil go díreach isteach san fharraige ar fud an domhain; de bhrí nach mór cur chuige iomlánaíoch a chur i bhfeidhm maidir le truailliú muirí trí thacú le gníomhaíocht ar gach leibhéal, ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal idirnáisiúnta;

F.  de bhrí go ndéantar truailliú an aigéin agus na bhfarraigí le dramhaíl mhuirí phlaisteach, agus go háirithe micreaphlaistigh, níos measa de bharr feiniméin mheitéareolaíocha a chuireann ar chumas micreaphlaistigh leathadh tríd an aer, tríd an mbáisteach agus tríd an sneachta agus a mbíonn truailliú timpeallachtaí, a mheasadh a bheith neamhshaothraithe uair amháin, amhail sléibhte arda nó an tAntartach, agus fiú lasmuigh den chiorcal Artach, mar thoradh air sin;

G.  de bhrí go ndumpáiltear 730 tona dramhaíola sa Mheánmhuir gach lá; de bhrí, de réir tuarascála ón gCiste Domhanda Fiadhúlra (WWF) ó Mheitheamh 2019, go dtagann 11 200 tona de phlaistigh a dhumpáiltear sa chomhshaol isteach sa Mheánmhuir gach bliain; de bhrí go ndéantar coibhéis 66 000 trucail bailithe dramhaíola de phlaisteach a dhumpáil sa Mheánmhuir gach bliain; de bhrí go bhfuil na micreaphlaistigh sa Mheánmhuir ag baint amach leibhéil tiúchana níos airde ná riamh, le 1.25 milliún blogh in aghaidh an km²; de bhrí gur cáithníní beaga iad thart ar 90% den phlaisteach atá ar snámh sa Mheánmhuir, rud a chiallaíonn thart ar 280 billiún bloghanna de mhicreaphlaistigh ar snámh; de bhrí go ndéanann meán-thomhaltóir sliogéisc Mheánmhuirí 11 000 blogh phlaisteach a ionghabháil gach bliain; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil an Mheánmhuir ar cheann de na farraigí is truaillithe ar domhan;

H.  de bhrí gurb é an bealach is fearr chun líon na dramhaíola muirí a laghdú a táirgeadh a laghdú agus a sheachaint agus gluaiseacht i dtreo ábhar agus táirgí a athchúrsáil agus a athúsáid;

I.  de bhrí gur dromchla é an dramhaíl mhuirí ar féidir le horgánaigh agus le baictéir greim a bheith acu air, rud a éascaíonn tabhairt isteach speiceas ionrach ar féidir leo cothromaíocht na n-éiceachóras muirí a athrú, agus de bhrí gur féidir le fiadhúlra muirí baictéir ar dhramhaíl mhuirí a ionghabháil freisin nuair a cheapann siad gur bia é;

J.  de bhrí go bhfuil éifeachtaí moirfeolaíocha diúltacha ag dramhaíl mhuirí, go háirithe ar oileáin;

K.  de bhrí go gcarnann dramhaíl mhuirí timpeall ar oileáin bheaga iargúlta agus i limistéir chósta go háirithe; de bhrí go bhfuil na réigiún is forimeallaí agus tíortha agus críocha thar lear ina n-óstaigh do 80% de bhithéagsúlacht mhuirí na hEorpa; de bhrí go bhfuil a ngeilleagair bunaithe den chuid is mó ar iascaireacht agus ar thurasóireacht;

L.  de bhrí go ndéanann leathadh na dramhaíola muirí timpeall an domhain difear do thríú tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe pobail chósta a bhíonn ag brath ar iascaireacht agus nach gá go mbeadh an acmhainn nó na modhanna acu iad féin a chosaint go héifeachtach;

M.  de bhrí go dtarlaíonn fadhb na dramhaíola ar muir den chuid is mó mar gheall ar dhrochbhainistiú dramhaíola ar thalamh, amhail in uiscebhealaí agus in aibhneacha, drochbhainistiú fuíolluisce, líonadh talún oscailte neamhdhleathach agus líonadh talún suite gar do uiscebhealaí, caitheamh bruscair agus feiniméin nádúrtha srutha ar nós stoirmeacha agus báistí, agus dumpáil sneachta ó bhóithre agus ó chosáin go díreach isteach san fharraige;

N.  de bhrí go bhfuil truailliú idirleata, amhail fuíolluisce cóireáilte nó neamhchóireáilte, ar féidir ceimiceáin nó dramhaíl chógaisíochta a bheith ann, nó uisce a leachtaíonn nó a láisteann ón timpeallacht uirbeach nó talmhaíochta, amhail sceitheadh nítrigine agus fosfair, ag bagairt ar an muirthimpeallacht le heotrófú mar gheall ar ardtiúchan na gcothaitheach, ar féidir leis, ar deireadh, grinneall na farraige a fhágáil gan ocsaigin, as a n-eascraíonn leathadh na ‘mbandaí marbha’, a bhfuil méadú faoi dheich tagtha orthu ó 1950, a mhéadaíonn líon na gcianabaictéar go mór, a chuireann le feiniméan algaí glasa agus dearga, agus a dhéanann éilliú níos mó ar phlandaí muirí agus fiadhúlra;

O.  de bhrí go gcuireann drochbhainistiú na ngréasán fuíolluisce ar tháirgeoirí dobharshaothraithe agus ar fheirmeoirí oisrí atá i mbaol ós rud é gur féidir lena gcuid táirgí a bheith faoi bhagairt ag víris agus baictéir amhail nóraiviris, rud a d’fhéadfadh cosc sealadach a chur ar a gcuid táirgí a dhíol agus a dháileadh mura bhfuil siad oiriúnach mar bhia don daoine a thuilleadh;

P.  de bhrí gur léiríodh le géarchéim COVID-19 conas is féidir le drochbhainistiú dramhaíola ar talamh a bheith ina chúis le tonnta nua truaillithe muirí, go háirithe mar gheall ar tháirgí aon úsáide amhail maisc mháinliachta agus lámhainní indiúscartha a úsáid;

Q.  de bhí gur ó fhoinsí ar talamh a thagann cion suntasach de na plaistigh agus de na micreaphlaistigh san fharraige;

R.  de bhrí go mbíonn tionchar suntasach ag méid an phlaistigh san fharraige ar iascach freisin, atá níos mó agus níos costasaí i gcás ina bhfuil iascaireacht ar mhionscála i gceist;

S.  de bhrí, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), gur dramhaíl tobac é an cineál bruscair is flúirsí ar fud an domhain de réir cuntais; de bhrí, de réir ENR Mheiriceánach Ocean Conservancy, go bhfuil bunanna toitín ar bharr an liosta de na 10 ní is mó a bhailítear le linn oibríochtaí glantacháin trá idirnáisiúnta; de bhrí go dtógann bun toitín aonair 12 bhliain chun díghrádú agus go mbíonn beagnach 4 000 substaint cheimiceach ann; de bhrí go ndéantar 500 lítear uisce a thruailliú in aghaidh gach buin toitín a chríochnaíonn sna haigéin agus sna haibhneacha;

T.  de bhrí go mbaintear an bonn go tromchúiseach d’athléimneacht agus de tháirgiúlacht na n-éiceachóras muirí le dramhaíl mhuirí, go háirithe na cinn is leochailí, a bhfuil an-chuid brú carnach ag bagairt orthu cheana féin, amhail an t-athrú aeráide, truailliú, iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), ró-iascaireacht, agus méadú ar ghníomhaíochtaí amhail iompar muirí agus turasóireacht;

U.  de bhrí go dtagann meath ar bhithéagsúlacht agus plúchadh orgánach beantach mar thoradh ar an mbrú méadaithe sin ar éiceachórais mhuirí, agus go bhfuil an baol ann go méadófar leathadh galair de bharr pataiginí a bheith ann de bharr bruscar muirí a bheith á gcarnadh ar ghrinneall na farraige;

V.  de bhrí, cé go bhfuil an tAontas Eorpach ag díriú níos mó agus níos mó ar dhul i ngleic le fadhb an trealaimh iascaireachta a chailltear nó a tréigeadh ar muir, leanann trealamh iascaireachta áirithe tréighthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile (ALDFG) de bheith gníomhach ar feadh míonna nó blianta, mar a léiríonn feiniméan na n-eangach sí, agus bíonn tionchar neamh-idirdhealaitheach acu ar an bhfiadhúlra muirí ar fad, lena n-áirítear stoic éisc; de bhrí go n-aithnítear iascaireacht NNN mar cheann de phríomhfhoinsí an ‘trealaimh shí’;

W.  de bhrí go bhfuil dramhaíl mhuirí ina bagairt thromchúiseach do roinnt speiceas ainmhithe muirí, agus go bhfuil riosca ag baint léi ó thaobh tachta, plúchta, ionghabhála, gortaithe agus éillithe, ach speicis eile ainmhithe freisin amhail éin mhara, a bhfuil cuid acu i mbaol cheana nó fiú i mbaol criticiúil;

X.  de bhrí go bhfuil iascairí, lena n-áirítear iarscairú ar mhionscála, agus táirgeoirí dobharshaothraithe sa líne thosaigh ó thaobh impleachtaí na dramhaíola muirí de, rud a chuireann a gcuid gníomhaíochtaí i mbaol tromchúiseach, agus gur féidir leis an dramhaíl sin bheith ina bac, dul in aimhréidh le trealamh iascaireachta, damáiste a dhéanamh do threalamh agus go gcaillfí é mar thoradh ar sin, inneall soithí agus córas fuaraithe a bhlocáil, bheith ina bagairt do shlándáil maraithe ar bord, go mbeadh ar mharaithe obair bhreise a dhéanamh chun an trealamh a ghlanadh mar thoradh uirthi, agus dá bhrí sin go nginfí caillteanais eacnamaíocha suntasacha;

Y.  de bhrí gur mó a bhraitheann iascaigh ar mhionscála tionchar na dramhaíola muirí ar earnáil an iascaigh ná iascaigh thionsclaíocha, ós rud é gur mó an baol atá ag soithí beaga damáiste a dhéanamh dá liáin, dá n-innill agus dá dtrealamh iascaireachta de bharr dramhaíola agus ós rud é go bhfuil bruscar muirí níos comhchruinnithe in uiscí muirí éadomhain, ina ndéantar an chuid is mó den iascaireacht ar mhionscála; de bhrí go mbíonn tionchar ag dramhaíl mhuirí ar cháilíocht na ngabhálacha freisin, a d’fhéadfadh a bheith éillithe ag an dramhaíl sin agus a d’fhéadfadh a bheith neamh-indíolta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le caillteanais airgeadais bhreise d’iascaigh agus do ghnólachtaí dobharshaothraithe;

Z.  de bhrí gur ghníomhaigh earnáil an iascaigh le tamall anuas mar chéad chosaint i gcoinne truailliú de bharr dramhaíola muirí, cé nach bhfuil ann ach cuidiú beag chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar scála domhanda, bhí ról gníomhach agus réamhghníomhach ag iascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe le tamall anuas i rannchuidiú le farraigí níos glaine;

AA.  de bhrí gur measadh gurbh ionann na caillteanais ioncaim don tionscal iascaigh mar thoradh ar dhramhaíl mhuirí a bheith idir 1 agus 5 % de bhrabús an tionscail sin(22);

AB.  de bhrí nach ndéantar ach 1,5 %(23) de threalamh iascaireachta a athchúrsáil agus de bhrí go bhfuil géarghá le tacaíocht eacnamaíoch iomchuí a chur ar fáil chun an trealamh iascaireachta ar fad a bhailiú, a athchúrsáil agus a dheisiú; de bhrí go bhféadfadh an earnáil tairbhe a bhaint as deiseanna nua eacnamaíocha trí ghealltanas a thabhairt do gheilleagar ciorclach bunaithe ar dhearadh cliste, taighde agus nuálaíocht;

AC.  de bhrí go gcuireann iascairí a dhéanann bruscar a ghabháil de thaisme agus iad ag iascaireacht a thabhairt ar ais ar talamh agus feachtais bailithe bruscair mhuirí le fadhb na dramhaíola muirí a laghdú agus go dtéann siad chun tairbhe an phobail ar fad;

AD.  de bhrí gur minic a chumhdaítear na costais dhíreacha a bhaineann le dramhaíl mhuirí a dhiúscairt, ach ní chumhdaítear costais saothair, costais a eascraíonn as easpa spáis ar bord soithí, agus na costais a bhaineann le damáiste do threalamh iascaireachta agus d’innill;

AE.  de bhrí nach féidir a bheith ag súil leis go mbaileoidh iascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe dramhaíl mhuirí gan sásra cúitimh atá curtha in oiriúint dá n-iarrachtaí; de bhrí go meastar go mbeadh suas le 80% de na hiascairí ullamh chun páirt a ghlacadh i scéimeanna bailithe dramhaíola muirí dá mbunófaí sásraí tacaíochta(24);

AF.  de bhrí go bhfuil iascairí agus cumainn iascairí ag obair cheana féin chun dramhaíl a bhailiú, agus tá réitigh ann cheana chun dramhaíl mhuirí, go háirithe dramhaíl ón iascaireacht, a aisghabháil;

AG.  de bhrí gur fíordheis é an geilleagar gorm, a bhfuiltear ag súil go ndéanfar é a dhúbailt faoi 2030, d’fhorbairt inbhuanaithe gníomhaíochtaí muirí agus cósta, go háirithe trí bhonneagar a fhorbairt a bhfuil tionchar dearfach aige, amhail sceireacha saorga agus nuálaíochtaí eile lena spreagtar an éifeacht sceire agus an éifeacht chúltaca, a d’fhéadfadh cabhrú le héiceachórais a athbhunú;

AH.  de bhrí go bhfuil AE ag iarraidh cur chuige comhtháite a chur chun cinn i leith gníomhaíochtaí muirí agus de bhrí nach mór dul i ngleic le dramhaíl mhuirí trí ghné spásúil na ngníomhaíochtaí muirí agus cósta a chur san áireamh agus pobail chósta agus iascairí a bheith rannpháirteach, toisc go dtarlaíonn gníomhaíocht iascaireachta i limistéir chósta den chuid is mó, sa chomhrac i gcoinne an bhruscair mhuirí chun saintréithe speisialta na bpobal áitiúil a léiriú;

AI.  de bhrí go bhfuil meath ar éiceachórais mhuirí agus chósta, mar thoradh ar bhruscar muirí freisin, ina riosca do na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad i limistéir chósta agus dá bhrí sin go gcuireann sé inbhuanaitheacht, marthanacht agus tarraingteacht na bpobal cósta i mbaol;

An creat reachtach agus an rialachas maidir le bruscar muirí a fheabhsú agus a dhéanamh níos éifeachtaí

1.  á chur i bhfios gur saincheisteanna iad éiceachórais mhuirí a choinneáil folláin agus dul i ngleic le dramhaíl mhuirí a bhaineann le go leor dlíthe atá ann cheana, agus nach bhféadfar feabhas a chur ar an gcreat reachtach atá ann cheana agus tuiscint níos fearr a fháil ar mhéid an bhrú charnaigh ach trí chur chuige comhtháite agus comhleanúnach maidir leis na cuspóirí Eorpacha; á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh Bheartas Muirí Comhtháite an Aontais Eorpaigh d’fhonn creat níos straitéisí a chruthú, lena n-áirítear maidir le bruscar muirí, a chuimseoidh na dlíthe comhshaoil ar fad a bhaineann le dramhaíl agus leis an muirthimpeallacht;

2.  á chur i bhfáth an gá atá ann an chumarsáid agus an comhordú idir na Ballstáit agus idir imchuacha farraige a neartú chun cur chuige comhtháite a áirithiú, lena gceadaítear do shoithí iascaireachta dramhaíl mhuirí a thabhairt i dtír in aon chalafort de chuid an Aontais; ag tathant ar na Ballstáit, ina leith sin, Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 a chur chun feidhme, go pras agus gan mhoill, maidir le saoráidí glactha calafoirt do sheachadadh dramhaíola ó longa(25); ag iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, gníomhartha cur chun feidhme a thíolacadh lena leagtar síos critéir incháilitheachta maidir le muirear laghdaithe ar ‘longa glasa’ agus dreasachtaí iomchuí a dhearadh do sheachadadh dramhaíola bailithe ar tír, lena n-áirítear sásra cúitimh atá saincheaptha d’iarrachtaí iascairí agus critéir mhodheolaíocha chun méid agus cainníocht na dramhaíola a ghabhtar go héighníomhach a ríomh, ionas gur féidir na spriocanna maidir le dramhaíl mhuirí a laghdú, mar a leagtar síos sa treoir iad, a chur chun feidhme go tapa;

3.  á chur i bhfáth an gá atá ann feabhas a chur ar an gcreat reachtach Eorpach d’fhonn costais airgeadais a laghdú d’iascairí a ghabhann bruscar muirí de thaisme agus iad ag iascaireacht agus ionas nach gcuirfear ualach rómhaorlathach orthu; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart aird níos mó a thabhairt ar ghné shóisialta na faidhbe sa reachtaíocht maidir leis an mbruscar muirí;

4.  á chur i bhfios gur gá an fhís mhuirí a threisiú go práinneach sna straitéisí nua atá ag an Aontas Eorpach, go háirithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, an Straitéis Bhithéagsúlachta agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’;

5.  ag moladh go neartófaí forálacha na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí trí na táscairí maidir le dea-stádas comhshaoil a chomhchuibhiú, go háirithe iad sin a bhaineann le tuairisceoir 10, ‘bruscar muirí’;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí a leathnú chuig na réigiúin is forimeallaí;

7.  á iarraidh go bhfeabhsófar creat na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí ionas go gcuirfear san áireamh gné spásúil an chomhraic i gcoinne dramhaíola muirí;

8.  á mheabhrú nach féidir dul i ngleic go héifeachtach leis an tsaincheist maidir le dramhaíl mhuirí ar an leibhéal náisiúnta amháin ach go bhfuil gá le comhar ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar an leibhéal domhanda, Eorpach agus réigiúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún samhail uaillmhianach rialachais a chosaint i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta leis na Náisiúin Aontaithe maidir leis an mbithéagsúlacht mhuirí lasmuigh de na dlínsí náisiúnta agus aitheantas a thabhairt do na farraigí ar fad agus don aigéan mar leas coiteann domhanda, chun cur chuige nua a ghlacadh lena gcuirfear freagrachtaí aonair agus comhchoiteanna os cionn phrionsabail thraidisiúnta na saoirse nó na gceart ceannasach, mar a leagtar síos i nDlí na Mara, agus dá bhrí sin caomhnú na farraige a ráthú, lena n-áirítear ó thiochar díobhálach an bhruscair mhuirí;

9.  á iarraidh ar an Aontas tionscnaimh idirnáisiúnta amhail an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir le Bruscar Muirí, arna seoladh ag UNEP, a atreisiú, d’fhonn na SDGanna a bhaint amach, go háirithe SDG 14, ‘na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe’, agus SDG 12 maidir le tomhaltas agus táirgeadh freagrach;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí a stiúradh i dtreo comhaontú uaillmhianach, ceangailteach ó thaobh an dlí maidir le truailliú plaisteach ag Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe lena gcumhdaítear saolré iomlán na bplaisteach, lena n-áirítear comhchuspóirí domhanda chun truailliú plaisteach ar muir a laghdú agus fís d’aistriú chuig geilleagar sábháilte ciorclach le haghaidh plaisteach, chomh maith le rialachas domhanda éifeachtach ar threalamh iascaireachta caillte, nó ‘trealamh sí’, ar bagairt é ar gach gníomhaíocht mhuirí agus ar gach éiceachóras ar fud an domhain;

11.  á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht NNN, atá truaillitheach ann féin agus a chuireann leis an mbruscar muirí agus le meathlú na muirthimpeallachta, go háirithe mar gheall ar aischur neamhdhleathach trealaimh iascaireachta;

12.  ag cur béim ar an bhfíoras gur aithníodh le Rún 2/11 ó Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe de chuid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 26 Bealtaine 2016 gur ábhar imní domhanda é bruscar plaisteach agus micreaphlaistigh a bheith sa mhuirthimpeallacht, ar ábhar imní é atá ag éirí níos imníche go gasta agus a bhfuil gá le freagairt dhomhanda phráinneach air ina bhfuil cur chuige saolré táirgí mar chuid de;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na dlíthe éagsúla, amhail an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Treoir maidir le tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú, an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt agus an Treoir um Pleanáil Spásúil Mhuirí, a chomhordú de réir an amchláir chéanna d’fhonn comhleanúnachas reachtach sa réimse sin a fheabhsú;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún bailiú sonraí a mhéadú maidir le méid agus cineál an bhruscair in uiscí na hEorpa agus an tionchar atá aige ar an iascaireacht, agus bailiú agus comhchuibhiú sonraí a mhéadú freisin maidir le méid, cainníocht agus cáilíocht na dramhaíola muirí a chuirtear i dtír, a dhiúscraítear agus a sheachadtar lena hathchúrsáil, go háirithe tríd an gclár ‘Iascaireacht Bruscair’ (FFL), lena n-áirítear méid, ábhair agus cineálacha na n-ítimí a ghabhtar; á iarraidh, maidir leis na sonraí a bhailíonn na Ballstáit maidir le trealamh iascaireachta a chailleadh, a chur ar an margadh agus a bhailiú agus dramhaíl mhuirí, go ndéanfar iad a thaifeadadh i mbunachar sonraí ar an léibhéal náisiúnta nó ar leibhéal imchuach farraige agus iad a chomhchuibhiú in aon tuarascáil bhliantúil amháin ar an leibhéal Eorpach chun é a dhéanamh níos éasca dramhaíl mhuirí a aithint agus dul i ngleic lei agus chun faireachán agus measúnú níos fearr a áirithiú;

15.  á chur i bhfáth an ngá atá le mapáil bhliantúil na dramhaíola muirí arna bailiú tríd an gclár FFL i ndáil leis na dobharcheantair éagsúla, d’fhonn faisnéis a fháil faoi thionscnamh an bhruscair mhuirí a ghabhtar agus chun feachtais bhailiúcháin a neartú; á chur i bhfáth nach mór é sin a nascadh leis na hiarrachtaí mapála atá ann cheana; ag tathant ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir leis an méid dramhaíola muirí a chuirtear i dtír i gcalafoirt tríd an gclár FFL, lena n-áirítear an méid, na hábhair agus na cineálacha ítimí a ghabhtar;

16.  ag spreagadh líonraí comhair a bhunú idir rialtais na mBallstát, comhlachais iascairí, eagraíochtaí oibrithe, comhlachtaí fuíolluisce, geallsealbhóirí cósta, calafoirt, ENRanna agus coinbhinsiúin réigiúnacha d’fhonn cur chuige ón mbun aníos a neartú atá bunaithe ar idirphlé agus cuimsiú agus chun réitigh phraiticiúla a chur chun cinn d’oibrithe in earnáil an iascaigh, d’fhonn cur chun feidhme níos éifeachtaí na rialacha a áirithiú agus d’fhonn acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil i réimsí amhail bruscar muirí a bhailiú, a dhiúscairt agus a athchúrsáil;

17.  á chur i bhfáth an gá atá le dea-chleachtais a roinnt i measc na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear na saoránaigh a ndéanann fadhb na dramhaíola muirí difear dóibh, chun an earnáil iascaigh a spreagadh chun cabhrú le cosaint na muirthimpeallachta, chun dul i ngleic le dramhaíl mhuirí agus, dá bhrí sin, úsáid inbhuanaithe a cuid acmhainní a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail ‘Plan Marlimpo’ (tionscadal na Mara Glan) atá á gcur chun feidhme ag Aireacht Gnóthaí Mara Rialtas na Gailíse (an Spáinn), arb é is aidhm dóibh méid na dramhaíola i limistéir chósta a laghdú;

18.  á chur i bhfáth, d’fhonn cur le héifeachtacht an chreata reachtaigh agus an rialachais a bhaineann le bailiú, diúscairt agus athchúrsáil dramhaíola muirí agus iad a fheabhsú, go bhfuil sé riachtanach rannpháirtíocht níos mó na ndaoine go léir atá ag obair san earnáil iascaigh a chur chun cinn agus na tionscadail múscailte feasachta, coisc agus oiliúna atá ann cheana a leathnú d’fhonn malartú leanúnach faisnéise a áirithiú chun tacú le hullmhú agus nuashonrú na rialacha ábhartha;

19.  á iarraidh ar gach geallsealbhóir ábhartha eile, eadhon na Comhairlí Comhairleacha um Iascach, tacú le dramhaíl mhuirí a laghdú trí bhearta éifeachtacha agus éifeachtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit Treoirlínte Deonacha Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Marcáil a dhéanamh ar Threalamh Iascaireachta a ghlacadh chun bainistiú freagrach trealaimh iascaireachta a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar iarrachtaí chun trealamh caillte a shainaithint agus chun tacú le hinbhuanaitheacht an iascaigh trí bhíthin ALDFG a laghdú, i gcomhréir freisin le forálacha an Rialacháin maidir le Rialú ar Iascach; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hiarrachtaí chun marcáil agus tuairisciú trealaimh iascaireachta a cailleadh in uiscí na hEorpa a chur i ngníomh agus, trí iarrachtaí ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, borradh a chur faoin gcomhar idirnáisiúnta d’fhonn dul i ngleic le foinse sin an truaillithe plaistigh mhuirí;

20.  á chur i bhfios gur féidir le limistéir mhuirí faoi chosaint feidhmiú mar shaotharlanna den scoth chun réitigh a chur chun feidhme chun dul i ngleic le dramhaíl mhuirí, lenar féidir idirghníomhaíochtaí idir gníomhaíochtaí ar talamh agus gníomhaíochtaí ar muir a chur san áireamh agus tacú le comhar idir na geallsealbhóirí éagsúla muirí agus ar talamh maidir leis na dúshláin atá os comhair éiceachórais mhuirí agus chósta;

21.  á thabhairt chun suntais easpa éifeachtúlachta an Treoir maidir le Dliteanas Eorpach maidir le bruscar muirí, lena n-áirítear i dtéarmaí a raon feidhme srianta agus na ndeacrachtaí a bhaineann le húdar an truaillithe a shainaithint agus freagracht a shannadh; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint fís den Treoir maidir le Dliteanas Eorpach lena gcuirfí san áireamh na teorainneacha a bhaineann lena héifeachtacht;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an prionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;

Taighde agus eolas ar an dramhaíl mhuirí a fheabhsú

23.  ag tathant ar an gCoimisiún ról tábhachtach a imirt i nDeich mBliana na hEolaíochta Aigéin de chuid na Náisiún Aontaithe agus an digiteáil agus úsáid na hintleachta saorga a spreagadh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na farraigí agus an aigéan agus ar thionchar an bhruscair mhuirí orthu;

24.  á chur i bhfáth, de bharr easpa sonraí agus staidéar atá ar fáil, go bhfuil sé deacair an méid dochair a dhéanann an bruscar muirí a chainníochtú go cruinn, a bhfuil tionchar aige ar an earnáil iascaigh agus iarmhairtí eacnamaíocha diúltacha d’iascairí; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le maoiniú taighde agus bailiú sonraí maidir le méid agus cineálacha éagsúla bruscair in uiscí na hEorpa agus an tionchar atá aige ar iascaigh, ardhobharshaothrú agus ar éiceachórais agus bearta láidre a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá ag nanaphlaistigh agus micreaphlaistigh ar acmhainní iascaigh agus ar shláinte an duine araon agus chun an tionchar sin a chosc;

25.  á mheabhrú go mbaineann an Treoir maidir le plaisteach aon úsáide le dramhaíl a aimsítear go coitianta ar thránna; ag tathant ar an gCoimisiún na bearta atá ann cheana maidir le plaisteach aon úsáide a neartú, ag tarraingt go háirithe ar an obair a bhfuiltear ag dréim léi maidir le dramhaíl sa cholún uisce agus ar ghrinneall na farraige faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, agus machnamh a dhéanamh ar dheireadh a chur le húsáid coimeádán polaistiréine inleathnaithe agus pacáistiú ó tháirgí iascaigh de réir a chéile i gcomhréir leis an uaillmhian chun plaisteach aon úsáide a ionadú le roghanna malartacha in-athúsáidte don chomhshaol agus d’iascairí;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i ndáil leis na moltaí arna n-eisiúint ag Mission Starfish 2030 [Misean Crosóige Mara 2030] maidir le dul i ngleic le dramhaíl mhuirí, agus go háirithe measúnú a dhéanamh ar an togra maidir le trealamh iascaireachta a mharcáil ag úsáid teicneolaíochtaí nua geoshuímh d’fhonn cabhrú le trealamh caillte a aimsiú agus a bhailiú, i gcás inarb ábhartha agus más féidir; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún feabhas a chur ar mharcáil an trealaimh iascaireachta tar éis Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Marcáil a dhéanamh ar Threalamh Iascaireachta agus a áirithiú go mbeidh cláir mhaoinithe iomchuí ag gabháil le hiascairí agus daoine a oibríonn sa dobharshaothrú san aistriú;

27.  á iarraidh tuairisciú níos fearr ar chaillteanas trealaimh iascaireachta ar muir agus á thabhairt chun suntais an gá atá le tuilleadh faisnéise a áireamh, amhail ainm an tsoithigh, an cineál trealaimh a úsáidtear, am agus suíomh an chaillteanais, agus bearta aisghabhála a tógadh, chun gur féidir na sonraí a bhailítear a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí chun dul i ngleic le truailliú muirí trí shonraí a roinnt ar bhealach trédhearcach agus feabhsaithe agus trí dhea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais; á chur i bhfáth an gá atá le huirlisí nua a fhorbairt chun trealamh iascaireachta a chailltear ar muir a shainaithint agus a rianú agus chun sonraí maidir le bruscar muirí a thaifeadadh, amhail feidhmchláir leictreonacha chun cuidiú le hiascairí sonraí a thaifeadadh agus córais chun an bruscar muirí a dtugtar i dtír a thaifeadadh agus a thuairisciú, mar shampla, admhálacha seachadta dramhaíola a úsáid mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2019/883, lena gceanglaítear ar oibreoirí calafoirt admhálacha den sórt sin a eisiúint do mháistrí soithí;

28.  á chur in iúl gur geal léi cuir chun feidhme tionscadal Eorpach amhail ‘CleanAtlantic’, arna maoiniú ag Clár Interreg AE do Limistéar an Atlantaigh, a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar eolas faoi bhruscar muirí agus ar an gcumas faireachán a dhéanamh air, é a chosc agus é a laghdú, agus feasacht ar a thionchar a mhéadú; ag tathant ar na comhpháirtí tionscadail, ó Éirinn, ón bhFrainc, ón Spáinn agus ón bPortaingéil, agus go háirithe ó chomhordaitheoir an tionscadail, an Centro Tecnológico del Mar (CETMAR), leanúint dá gcuid oibre agus torthaí an tionscadail a fhoilsiú;

29.  á chur i bhfáth an gá atá ann lóistíocht a bhainistítear i gceart a áirithiú maidir le dramhaíl agus bailiú trealaimh ag deireadh úsáide chun cabhrú le hiascairí ina gcuid iarrachtaí atá deonach den chuid is mó; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí leis sin bailiú aontaithe an trealaimh ar bord soithí i málaí nó i gcoimeádáin, agus saoráidí leordhóthanacha a chur ar fáil i gcalafoirt;

Dlús a chur le forbairt an gheilleagair chiorclaigh san iascach agus sa dobharshaothrú

30.  á chur i bhfios go láidir gur gá an geilleagar ciorclach ar tír a neartú chun tionchar na dramhaíola muirí a laghdú, lena n-áirítear deireadh a chur le húsáid plaisteach agus pacáistiú nach bhfuil gá leis de réir a chéile agus dramhaíl a aisiompú in acmhainní, ach cur chuige saolré a glacadh freisin in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe; á chur i bhfios go láidir nach mór an geilleagar ciorclach in earnáil an iascaigh a fhorbairt trí thacaíocht níos mó a thabhairt do aimsiú réitigh, do dhearadh cliste trealaimh iascaireachta agus do nuálaíocht i dteicnící iascaireachta agus dobharshaothraithe chun dumpáil dramhaíola a theorannú, chun oibríochtaí bailiúcháin a dhéanamh níos tarraingtí agus chun bealaí athchúrsála éifeachtúla a fhorbairt;

31.  á iarraidh go gcuirfear éicidhearadh trealaimh iascaireachta chun cinn, ar cheart dó a bheith praiticiúil, sábháilte agus costéifeachtach, trí threoirlínte a ghlacadh go pras maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt do gheilleagar ciorclach trealaimh iascaireachta; ag moladh go ndéanfar an t-ábhar a úsáidtear i dtrealamh iascaireachta a mharcáil trí bhíthin pasanna táirgí; ag tacú le cur chun cinn taighde agus nuálaíocht a bhfuil sé mar aidhm acu ábhair mhalartacha agus neamdhíobhálach don chomhshaol a fháil a úsáidfear i dtrealamh iascaireachta, lena n-áirítear polaiméirí; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhféadfaí treoirthionscadail a bhunú chun féachaint an bhféadfaí ábhair a laghdú, díchóimeáil níos éasca agus níos tapa a dhéanamh, agus feidhmiúlacht trealaimh a thástáil chun cabhrú leis an aistriú;

32.  á chur i bhfáth, maidir leis an ngeilleagar ciorclach do threalamh iascaireachta, a thábhachtaí atá sé go bhfuil páirt iomlán ag iascairí, iascaigh agus earnáil dobharshaothraithe ar an iomlán, gnólachtaí nuathionscanta, tionscnaimh agus gnólachtaí príobháideacha, lena n-áirítear monaróirí téide agus líontóireachta ó thríú tíortha, ó thaobh ábhair nua, éicidhearthóireacht, dearadh trealaimh nua iascaireachta agus athchúrsáil trealaimh iascaireachta a shainaithint; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá samhail a neartú don tsineirgíocht idir réimsí iascaigh agus taighde; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tionscadail a eagrú amach anseo don gheilleagair chiorclaigh le haghaidh trealamh iascaireachta i ndáil le cláir chistiúcháin AE don taighde agus don nuálaíocht atá ann cheana;

33.  á chur i bhfáth, d’fhonn dlús a chur le forbairt an gheilleagair chiorclaigh in earnáil na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe, go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh reachtacha ar fhadhb bhailiú agus dhiúscairt dramhaíola muirí a phleanáil amach anseo i gcomhar leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag tathant ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, obair leantach a dhéanamh go pras maidir le rátaí íosta bailithe náisiúnta a bhunú do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, mar a comhaontaíodh sa treoir maidir le plaistigh aon úsáide; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh i dtaobh an bhfuil méadú ar bhailiú agus ar athchúrsáil trealaimh iascaireachta mar thoradh ar na pleananna náisiúnta sin i gcomparáid le leibhéil an lae inniu, agus, i ndáil leis an méid sin, plean iomchuí uaillmhianach a dhréachtú chun tacú le geilleagar ciorclach a fhorbairt san earnáil iascaigh; á thabhairt chun suntais go bhfuil margadh ann do threalamh iascaireachta athchúrsáilte a chuireann deis ar fáil úsáid a bhaint as ábhar athchúrsáilte mar cheanglas dlíthiúil, mar aon leis na forálacha ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) maidir le clársceidealú le haghaidh comhbhainistíochta, a bheadh ina dhreasacht thábhachtach d’iascairí agus ina bhealach chun luach a rannchuidithe don athchúrsáil a fheiceáil;

34.  á iarraidh go n-úsáidfí CEMI chun tacú leis an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe san aistriú chuig ábhair níos inbhuanaithe, lena n-áirítear soithí nua, níos éifeachtúla ó thaobh na teicneolaíochta de agus níos lú truaillithe a fháil le haghaidh cabhlaigh mhionscála cheardaíochta, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;

35.  ag tathant ar an gCoimisiún dreasachtaí a chruthú don gheilleagar ciorclach feadh an tslabhra táirgeachta ina iomláine le haghaidh trealamh iascaireachta agus dobharshaothraithe trí thaighde a chur chun cinn agus trí thacú le gnólachtaí a dhéanann trealamh a athchúrsáil agus a athúsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ciste sonrach a chruthú chun tacú leis na Ballstáit a bhunaíonn slabhraí táirgeachta le haghaidh trealamh athchúrsáilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus úsáid á baint as acmhainní amhail na hacmhainní sin faoin ionstraim NextGenerationEU agus ó phionóis chánach a fhorchuirtear tar éis imeachtaí um shárú i gcoinne na mBallstát;

36.  á thabhairt chun suntais go bhfuil go leor saincheisteanna agus difríochtaí fós idir na Ballstáit maidir le saoráidí glactha calafoirt, in ainneoin an dul chun cinn tábhachtach atá déanta maidir le teacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/883; á chur i bhfáth go bhfuil sé an-deacair fós d’iascairí na saoráidí sin a lonnú in a lán calafort de chuid an Aontais, nuair is ann dóibh, agus rochtain a bheith acu orthu; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an méid sin go léir ina bhacainn agus ina dhídhreasacht d’oibreoirí iascaigh ó rannchuidiú le farraigí níos glaine;

37.  ag tacú le bealaí éifeachtúla athchúrsála a fhorbairt agus a chruthú trí bhonneagar do shaoráidí glactha calafoirt a uasghrádú i ngach calafort Eorpach chun sórtáil roghnaitheach dramhaíola a fheabhsú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá do na Ballstáit iarrachtaí níos fearr a dhéanamh chun saoráidí lóistíochta calafoirt a uasghrádú trí lóistíocht a bhainistítear i gceart maidir le dramhaíl agus trealamh deiridh úsáide a bhailiú, maidir le bailiú aontaithe an trealaimh ar bord soithí i málaí nó i gcoimeádáin, agus maidir le saoráidí leordhóthanacha a chur ar fáil sa chalafort chun a áirithiú go gcuirfear saoráidí iomchuí glactha agus stórála ar fáil don trealamh iascaireachta caillte agus don dramhaíl mhuirí a bhailítear, go leor spáis chun cineálacha éagsúla dramhaíola muirí a stóráil ar leithligh, go leor pearsanra chun dramhaíl a tugadh i dtír a chóireáil go cuí agus go sábháilte, agus chun soláthar do gach soitheach chun bruscar muirí a bhailiú; á iarraidh go méadófar a tharraingtí atá oibríochtaí bailiúcháin trí bhearta a ghlacadh lena n-áirítear scéimeanna luaíochta agus dreasachtaí, amhail dreasachtaí airgeadais, chun tacú le hiascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe chun dramhaíl a ghabháiltear ar muir a bhailiú, fáil réidh léi agus í a athchúrsáil agus a dtrealamh iascaireachta nó dobharshaothraithe ag deireadh a saolré a thabhairt ar ais chuig an gcalafort;

Cláir maidir le dramhaíl mhuirí a bhailiú agus a bhainistiú

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta ar leibhéal an AE a tharraingt suas chun bruscar a chomhrac i hidrisféar an Aontais trí dhramhaíl a laghdú ag an bhfoinse, trí úsáid agus tomhaltas plaisteach a laghdú, agus trí dhul i ngleic le truailliú aibhneacha, cúrsaí uisce agus imeallbhoird mar thoradh ar bhruscar, ar féidir é a laghdú go mór ar bhealach comhordaithe; á iarraidh go n-íoslaghdófaí dumpáil sneachta ó bhóithre agus ó phábháil go díreach isteach san fharraige, go háirithe trí thacú le modhanna malartacha bailithe le linn sneachta an-trom;

39.  á chur i bhfáth nach mór gréasáin fuíolluisce agus saoráidí cóireála a uasghrádú chun an tionchar ar dhobharshaothrú agus ar an timpeallacht mhuirí agus chósta go ginearálta a laghdú, agus go háirithe an riosca a bhaineann le táirgí dobharshaothraithe a éilliú;

40.  á chur i bhfáth go bhfuil sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar dhrochbhainistiú dramhaíola ar thalamh, go príomha diúscairt dramhaíola míchuí i gcathracha cósta, i gcathracha tógtha feadh aibhneacha agus i gcathracha oileánacha;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún feasacht na n-oibreoirí muirí a mhéadú maidir lena n-idirghníomhaíochtaí féideartha ar fad leis an muirthimpeallacht, go háirithe le linn longa a bheith á ndíol nó á léasú;

42.  ag tathant ar na Ballstáit agus na réigiúin ag iarraidh sonraí a bhailiú maidir le drochbhainistiú dramhaíola ar thalamh, faireachán a dhéanamh orthu agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an drochbhainistiú sin, chun limistéir theophointe in aibhneacha agus inbhir a ghlanadh ina bhfuil dramhaíl mhuirí tar éis carnadh agus chun bearta a thabhairt isteach chun cosc a chur ar dhramhaíl mhuirí an comhshaol a bhaint amach ar an gcéad dul síos; ag tathant go ndéanfaí maoiniú leordhóthanach a leithdháileadh chun gach cineál truailleán a dhíorthaítear ó phlaisteach a ghlanadh;

43.  á mheabhrú go bhféadfaidh cláir chun dramhaíl mhuirí a bhailiú oibríochtaí éagsúla a chumhdach, amhail bailiú dramhaíola muirí in aibhneacha, inbhir, bánna nó calafoirt, oibríochtaí taighde, agus sainaithint teophointí ar muir, agus is féidir le hiascairí, an tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla iad a chur i gcrích; á thabhairt chun suntais gur cheart cláir bhailiúcháin a bheith inbhuanaithe, go n-úsáidfí trealamh iomchuí chun dramhaíl a bhailiú, go seachnófaí tuilleadh astaíochtaí a tháirgeadh a mhéid is féidir, go n-ullmhófaí iad chun dul i gcomhar le gníomhaithe a bhfuil eolas acu ar éiceachórais mhuirí agus ar cheart dóibh sainaithint straitéiseach dramhaíola a éileamh sula ndéanfar gníomhaíocht; á chur i bhfios go láidir gur féidir na cláir bhailiúcháin sin a chur i gcrích ní hamháin faoi chláir chistiúcháin an Aontais ach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta sna Ballstáit freisin;

44.  á chur i bhfáth nár bhain ach seacht mBallstát úsáid as acmhainní faoi chuimsiú CEMI reatha chun cláir bailithe dramhaíola muirí a chistiú amhail an clár FFL, agus gur tionscnaimh dheonacha agus cláir dheonacha atá i bhformhór na ngníomhaíochtaí lenar féidir dramhaíl mhuirí a shainaithint, a bhailiú agus a athchúrsáil ag iascairí, ag an tsochaí shibhialta agus ag údaráis áitiúla;

45.  á chur i bhfáth, chun dramhaíl ó shoithí iascaireachtaa laghdú, gur gá iascairí a dhreasú chun dramhaíl a thabhairt isteach i saoráidí athchúrsála, lena n-áirítear trí dhreasachtaí airgeadais agus scéimeanna luaíochta chun dea-chleachtais a spreagadh; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, gur cheart iascairí a chúiteamh as trealamh iascaireachta caillte agus dramhaíl eile mhuirí a bhailiú nó rochtain a bheith acu ar dhiúscairt dramhaíola saor in aisce i saoráidí calafoirt ar a laghad;

46.  á chur i bhfáth gur cheart na hiascairí a oiliúint go leordhóthanach maidir le conas dramhaíl mhuirí a láimhseáil go cuí le linn bailiú, tabhairt i dtír, diúscairt agus seachadadh le haghaidh athchúrsála chun na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a íoslaghdú;

47.  á chur i bhfáth go mbaineann simpliú agus sruthlíniú próiseas riaracháin le haghaidh gach soithigh atá rannpháirteach i bhfeachtais FFL, beag beann ar a gcalafort baile nó ar mhéid an tsoithigh sin, chun na dea-chleachtais atá ann cheana a neartú agus a leathnú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, an gá atá le comhchuibhiú agus cur chuige níos comhlánaí maidir leis na rialacha maidir le dramhaíl mhuirí a thabhairt i dtír arna bailiú le linn ghníomhaíochtaí FFL i gcalafoirt na mBallstát;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, tacú le hiascairí trealamh iascaireachta caillte nó dramhaíl mhuirí eile a bhailiú ar muir, go háirithe plaistigh, trí dhea-chleachtais a chur chun cinn, rannpháirtíocht dheonach i dtionscnaimh chun bruscar muirí a bhailiú a dhreasú agus tacú le cláir FFL a ghlacadh; ag tathant ar na Ballstáit, i ndáil leis an méid sin, ‘ciste speisialta chun na farraigí a ghlanadh’ a bhunú, a bhainistítear tríd CEMID nua nó trí línte ábhartha eile buiséid, d’fhonn na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú: 1) go ndéanfadh iascairí bruscar muirí a bhailiú ar muir, 2) go ndéanfaí áiseanna stórála dramhaíola ar bord a sholáthar agus go ndéanfaí faireachán ar bhruscar a iascadh go héighníomhach, 3) go gcuirfí feabhas ar oiliúint oibreoirí, 4) go ndéanfaí na costais a mhaoiniú a bhaineann le cóireáil dramhaíola agus an pearsanra atá ag teastáil chun na cláir sin a oibriú chun an méadú ar chostais d’iascairí a ghlacann páirt go deonach a sheachaint, agus 5) go ndéanfaí infheistíochtaí i gcalafoirt ionas gur féidir saoráidí glactha agus stórála iomchuí a chur ar fáil don trealamh iascaireachta caillte agus don dramhaíl mhuirí a bailíodh;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú sóisialta agus eacnamaíoch iascairí trí thionscadail FFL, d’fhonn an méid a chuireann earnáil an iascaigh le gníomhaíocht d’fharraigí níos glaine a chainníochtú ar bhealach níos cruinne;

50.  ag tathant ar an gCoimisiún dul thar aidhmeanna Threoir (AE) 2019/883, ina ndéantar staidéar agus cainníochtú i dtéarmaí eacnamaíocha ar an damáiste don chomhshaol a rinne dramhaíl mhuirí de dhéantús an duine agus ina mbunaítear ‘Ciste Bruscair Muirí’ chun sceitheadh dramhaíola san fharraige a chomhrac, damáiste d’iascach a mhaolú, agus na farraigí agus an t-aigéan a chosaint;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a ghríosú chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl a ghabhtar de thaisme nó a bhailítear le linn feachtais dheonacha a bhainistiú agus a dhiúscairt go cuí, ionas nach iad na hiascairí a iompróidh an fhreagracht as an dramhaíl sin a sheachadadh, a bhainistiú agus a dhiúscairt agus chun nach ndéanfar tuilleadh damáiste don chomhshaol; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá córais éifeachtacha a bhunú chun dramhaíl a bhailiú agus a dhiúscairt, lena n-áirithítear, freisin, go mbeadh saoráidí glactha dramhaíola calafoirt ann;

52.  á chur i bhfios gur gá saincheist thrasteorann é an bruscar muirí agus, d’fhonn a bheith níos éifeachtúla, ní mór gur iarracht chomhpháirteach le tríú tíortha Eorpacha é dul i ngleic le dramhaíl mhuirí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean a sheoladh chun deireadh a chur le truailliú na Meánmhara in éineacht leis na tíortha ar fad atá ar theorainn na farraige; á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur le honnmhairiú dramhaíola chuig tríú tíortha, a luaithe is féidir;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún sásra tacaíochta a chruthú chun bruscar muirí a bhailiú sna réigiúin is forimeallaí, i bhfianaise leochaileacht nádúrtha na réigiún sin, agus bonneagar á chur ar fáil dóibh dá dtimthriall do dhramhaíl bailithe;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún, le linn chaibidlíocht aontachais AE, cur chun feidhme iomlán na reachtaíochta maidir le bainistiú dramhaíola a éileamh i dtíortha is iarrthóirí, lena n-áirítear trí bhonneagar comhtháite bainistithe dramhaíola a bhunú;

Truailliú micreaphlaistigh agus nanaphlaistigh a thuiscint níos fearr agus a theorannú

55.  á chur i bhfáth an gá atá ann eolas agus feasacht an phobail a mhéadú maidir le truailliú nanaphlaistigh agus micreaphlaistigh agus an éifeacht atá aige ar an gcomhshaol, ar bhonn an bhiashlabhra muirí, agus ar shláinte an duine i ndeireadh na dála, agus gur cheart tuilleadh taighde a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar fheiniméan an truaillithe sin; á mheabhrú go bhfuil gá le níos mó eolais agus go bhfhéadfadh go mbeadh eagla ar thomhaltóirí roimh cháilíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar gheall ar easpa feasachta poiblí;

56.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais a chur chun cinn chun feasacht a ardú maidir le saincheist an truaillithe mhuirí ó phlaistigh agus ó mhicreaphlaistigh, á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar go minic ag an bhfeiniméan sin ar iascairí freisin, go háirithe i gcás micreaphlaisteach;

57.  á chur in iúl gur geal léi an réamhobair a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) maidir le srian a chur ar mhicreaphlaisteach a chuirtear isteach i dtáirgí d’aon ghnó; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith uaillmhianach maidir le hobair leantach a dhéanamh ar an togra seo le bearta nithiúla agus, i gcás inarb iomchuí, le bearta dlíthiúla, lena n-áirítear trí fhéachaint ar an bhfadhb maidir le leathadh nanaphlaisteach agus micreaphlaisteach i dtimthriall an uisce, go háirithe iad siúd a scaoiltear isteach sa chomhshaol go neamhthoiliúil, agus bearta a mholadh chun deireadh a chur leo de réir a chéile;

58.  á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le caillteanas agus leathadh micreaphlaistigh, amhail millíní plaisteacha, sa chomhshaol ar fud an tslabhra soláthair, go háirithe le linn iompar ar thalamh agus ar muir, agus na rioscaí gaolmhara doirte;

o
o   o

59.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 143, 30.4.2004, lch. 56.
(2) IO L 135, 30.5.1991, lch. 40.
(3) IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.
(4) IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.
(5) IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.
(6) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(7) IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.
(8) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(9) IO L 149, 20.05.2014, lch. 1.
(10) IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.
(11) IO L 115, 6.5.2015, lch. 11.
(12) IO L 150, 14.6.2018, lch. 100.
(13) IO L 150, 14.6.2018, lch. 109.
(14) IO L 150, 14.6.2018, lch. 141.
(15) IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.
(16) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(17) IO C 346, 27.9.2018, lch. 184.
(18) IO C 433, 23.12.2019, lch. 136.
(19) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0343.
(20) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(21) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(22) ‘Lost fishing gear : a trap for our ocean’ [Trealamh Iascaireachta Caillte : Sáinn dár n-aigéan], an Coimisiún Eorpach.
(23) ‘Lost fishing gear : a trap for our ocean’ [Trealamh Iascaireachta Caillte : Sáinn dár n-aigéan], an Coimisiún Eorpach.
(24) https://cetmar.org/resultados-cleanatlantic/?lang=en
(25) IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.

An nuashonrú is déanaí: 25 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais