Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0295(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0390/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0390/2017

Díospóireachtaí :

PV 16/01/2018 - 14
CRE 16/01/2018 - 14
PV 25/03/2021 - 13
PV 25/03/2021 - 15
CRE 25/03/2021 - 13
CRE 25/03/2021 - 15

Vótaí :

PV 17/01/2018 - 10.1
CRE 17/01/2018 - 10.1
PV 25/03/2021 - 17
CRE 25/03/2021 - 17

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0006
P9_TA(2021)0101

Téacsanna atá glactha
PDF 122kWORD 59k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar bhróicéireacht, ar chúnamh teicniúil, ar idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide ***I
P9_TA(2021)0101A8-0390/2017
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar córas Aontais a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú, ar bhróicéireacht agus ar chúnamh teicniúil ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (athmhúnlú) (COM(2016)0616 – C8-0393/2016 – 2016/0295(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0616),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0393/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(1),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 27 Márta 2017 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Iascach i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Samhain 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0390/2017),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Márta 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú)
P9_TC1-COD(2016)0295

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/821.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le clár fothaithe acmhainneachta chun rialú a dhéanamh ar onnmhairí dé-úsáide

Aithníonn an Coimisiún an tábhacht a bhaineann le clár fothaithe acmhainneachta agus oiliúna i dtaca le ceadúnú agus forfheidhmiú comhchoiteann ar mhaithe le córas éifeachtach AE um rialú onnmhairí. Geallann an Coimisiún, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin um Dhé-Úsáid, fiosrú a dhéanamh ar na himpleachtaí ó thaobh acmhainní daonna agus airgeadais de a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gclár sin, d’fhonn roghanna a shainaithint le haghaidh dearadh, módúlachtaí agus úsáid cláir fothaithe acmhainneachta agus oiliúna.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais