Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2037(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0043/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0043/2021

Díospóireachtaí :

PV 24/03/2021 - 29
CRE 24/03/2021 - 29

Vótaí :

PV 25/03/2021 - 17
CRE 25/03/2021 - 17

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0110

Téacsanna atá glactha
PDF 196kWORD 66k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Ról idirnáisiúnta an euro a neartú
P9_TA(2021)0110A9-0043/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar ról idirnáisiúnta an euro a neartú (2020/2037(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do rannchuidiú an Choimisiúin leis an gComhairle Eorpach agus leis an gCruinniú Mullaigh Euro an 5 Nollaig 2018 dar teideal ‘Ionsar ról idirnáisiúnta níos láidre an euro’(COM(2018)0796),

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 12 Meitheamh 2019 dar teideal ‘Ról Idirnáisiúnta an Euro a Neartú – Torthaí an Chomhairliúcháin’ (SWD(2019)0600),

–  ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2018 dar teideal ‘maidir le ról idirnáisiúnta an euro i réimse an fhuinnimh’ (C(2018)8111) agus an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis (SWD(2018)0483),

–  ag féachaint do Chomhaontú Pháras de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

–   ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcinntear, ar feadh tréimhse theoranta, go bhfuil an creat rialála is infheidhme maidir le contrapháirtithe lárnacha i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann coibhéiseach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(1), go háirithe aithris (5) agus aithris (6) de,

–  ag féachaint d’athbhreithniú bliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) an 9 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Ról idirnáisiúnta an euro’,

–  ag féachaint dá rún an 12 Aibreán 2016 maidir le ról AE faoi chuimsiú institiúidí agus comhlachtaí idirnáisiúnta airgeadais, airgeadaíochta agus rialála(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) a fhorbairt tuilleadh: feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh (3),

–  ag féachaint do thuarascáil uaithi an 18 Meán Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le hAirgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh criptea-shócmhainní de – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí(4),

–  ag féachaint dá rún an 13 Samhain 2020 maidir leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe – Conas an Comhaontú Glas a mhaoiniú(5),

–  ag féachaint dá rún an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2019(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2020 maidir le Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh do 2018(7),

–  ag féachaint d’aitheasc ar Staid an Aontais ó mhí Mheán Fómhair 2020(8),

–  ag féachaint do thuarascáil ó BCE ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 ar euro digiteach(9),

–  ag féachaint do Chlár Oibre Coigeartaithe an Choimisiúin 2020(10) (COM(2020)0440),

–  ag féachaint don staidéar arna iarraidh ag a Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) ó mhí Mheán Fómhair 2020 dar teideal ‘Ord Airgeadra Domhanda Iar-COVID-19: Rioscaí agus Deiseanna don Euro’(11),

–  ag féachaint do Pháipéar Oibre 26760 den tsraith NBER le Ethan Ilzetzki (London School of Economics), Carmen M. Reinhart (Ollscoil Harvard) agus Kenneth S. Rogoff (Harvard Kennedy School) Feabhra 2020 dar teideal ‘Why is the euro punching below its weight?’(12),

–  ag féachaint don rannchuidiú beartais ó Brugel an 5 Meitheamh 2020 dar teideal ‘An deis atá i ngéarchéim COVID-19 chun borradh a chur faoin euro mar airgeadra domhanda?’(13),

–  ag féachaint don staidéar a rinne a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais (DG IPOL) an 13 Feabhra 2019 dar teideal ‘Euro ag 20: Léitheoir cúlra – staidéir agus measúnuithe a bhailiú’(14),

–  ag féachaint d’eochairóráid an 5 Márta 2020 a thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, ag an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa maidir le ról idirnáisiúnta an euro (15),

–  ag féachaint do na ráitis a rinne an tUachtarán Charles Michel tar éis chruinnithe na Comhairle Eorpaí an 13 Nollaig 2019(16),

–  ag féachaint do mhionanailís mhí an Mheithimh 2020 a d’iarr an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta mar chuid de na Páipéir um Idirphlé Airgeadaíochta, dar teideal 'Ról Idirnáisiúnta an Euro: Staid na hImeartha agus Tábhacht Eacnamaíoch’ mhí an Mheithimh 2020(17),

–  ag féachaint don ráiteas tosaigh a thug Uachtarán BCE, Christine Lagarde, ag éisteacht a Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 8 Meitheamh 2020(18),

–  ag féachaint d’aitheasc an 7 Iúil 2020 a thug Fabio Panetta, Comhalta ar Bhord Feidhmiúcháin BCE dar teideal ‘Acmhainneacht neamhshaothraithe an euro ar an leibhéal domhanda a scaoileadh’(19),

–  ag féachaint don staidéar ó Barry Eichengreen, Ollscoil California, Berkeley ó mhí Aibreáin 2010 dar teideal ‘Domhan Ilairgeadra Cúltaca a Bhainistiú’(20),

–  ag féachaint bhlagphostáil Bruegel an 3 Nollaig 2018 dar teideal ‘Ról idirnáisiúnta an euro’(21),

–  ag féachaint do staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) ó mhí Eanáir 2020 dar teideal ‘Ionchas Eacnamaíochta agus Buiséid an Aontais Eorpaigh’(22),

–  ag féachaint d’fhaisnéisiú EPRS an 2 Iúil 2019 dar teideal ‘Ionsar ionadaíocht aontaithe an limistéir euro in CAI’(23),

–  ag féachaint don fhaisnéisiú a thug Aonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíoch DG IPOL, Deireadh Fómhair 2020, dar teideal ‘Treoir ó údaráis mhaoirseachta agus réitigh an Aontais maidir le Brexit’(24),

–  ag féachaint do shonraí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) maidir le comhdhéanamh airgeadra na gcúlchistí oifigiúla malairte eachtraí (COFER)(25),

–  ag féachaint do phreaseisiúint 84/2020 ó Eurostat an 19 Bealtaine 2020 dar teideal ‘torthaí an Chláir Comparáide Idirnáisiúnta 2017’(26),

–  ag féachaint do phreaseisiúint 137/2020 ó Eurostat an 16 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Trádáil idirnáisiúnta an limistéir euro i mbarrachas earraí EUR 27.9 bn’(27),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0043/2021),

A.  de bhrí, le linn an 20 bliain den euro a bheith ar bun, go bhfuil sé éirithe ina shiombail dhearfach d’aontacht, de lánpháirtiú agus de neart eacnamaíoch na hEorpa, agus dá sheasamh sa domhan, agus go bhfuil sé ina bhealach le haghaidh iomadú luachanna Eorpacha an daonlathais, na saormhargaí agus an chomhair idirnáisiúnta;

B.   de bhrí gurb é an euro airgeadra oifigiúil an limistéir euro, ina gcuimsítear 19 as 27 mBallstát AE faoi láthair, agus go dtacaíonn tromlach na saoránach i mBallstáit uile an limistéir euro leis mar airgeadra coiteann(28); de bhrí gur dhaingnigh an Bhulgáir, an Chróit agus an Danmhairg a n-airgeadraí leis an euro tríd an Mheicníocht Ráta Malairte (ERM II) agus de bhrí gurb é an euro an t-airgeadra oifigiúil(29), nó airgeadra ‘de facto(30) ag críocha áirithe lasmuigh de AE freisin; de bhrí, leis an gcinneadh ó thíortha atá i mbéal forbartha a n-airgeadraí a cheangal leis an euro, gur féidir leo tionchar a imirt ar a ngeilleagair agus ar a n-ionchais fhadtéarmacha don fhorbairt inbhuanaithe;

C.  de bhrí, in ainneoin mhéid eacnamaíoch an limistéir euro agus an tionchair atá aige ar thrádáil dhomhanda, go bhfuil an euro chun deiridh ar dhollar na Stát Aontaithe le corrlach leathan maidir lena úsáid mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta(31) agus mar airgeadra sonraiscthe(32), agus ina sciar d’idirbhearta idirnáisiúnta malairte agus d’urrúis fiachais(33), ach go bhfuil sé ar comhchéim, beagnach, leis an dollar i dtéarmaí chomhréir na n-íocaíochtaí idirnáisiúnta; de bhrí gurb é an euro fós an dara hairgeadra is tábhachtaí sa chóras airgeadaíochta idirnáisiúnta;

D.  de bhrí nár baineadh amach acmhainneacht dhomhanda an euro ina iomláine, agus go ndéantar na tairbhí a bhaineann leis a roinnt go míchothrom i measc Bhallstáit an limistéir euro;

E.  de bhrí gur thug achoimre innéacs ilchodaigh BCE maidir le ról idirnáisiúnta an euro le fios gur shroich ardú an euro mar airgeadra idirnáisiúnta a buaic in 2005, go raibh a idirnáisiúnú ag cúlú ina dhiaidh sin, agus nár fhill an euro ar an stádas a bhí aige roimhe sin ó shin; de bhrí gur chuir géarchéim COVID-19 fócas athnuaite ar fáil don argóint ar son ról idirnáisiúnta níos mó don euro;

F.  de bhrí go mbeidh ról idirnáisiúnta méadaithe ag an euro, go mbeidh AE in ann leas shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus córas idirnáisiúnta a chur chun cinn atá bunaithe ar chomhar iltaobhach níos láidre agus ar an dea-rialachas domhanda mar a shainmhínítear in Airteagal 21 CAE; de bhrí gur cheart na beartais a cuireadh i bhfeidhm chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú a shaothrú i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an Aontais, lena n-áirítear, forbairt inbhuanaithe, fostaíocht iomlán agus beartas tionsclaíoch, chomh maith le díriú ar athléimneacht shóisialta, ar chomhtháthú inmheánach agus ar fheidhmiú an limistéir euro a fheabhsú agus ar chaidreamh eacnamaíoch domhanda a chur chun cinn atá i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Glas don Eoraip, Chomhaontú Pháras, SDGanna agus Colún AE na gCeart Sóisialta;

G.  de bhrí go bhféadfadh geilleagar ilpholach domhanda a bheith ann mar thoradh ar aistrithe geopholaitiúla reatha agus ar dhúshláin trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear cur isteach ar shlabhraí luacha, forbairtí teicneolaíocha, claochlú digiteach, teacht chun cinn chumhacht eacnamaíoch na Síne agus na dúshláin gheopholaitiúla a bhí ann le déanaí, agus ar an gcaoi sin an bealach a réiteach d’aistriú féideartha i dtreo córas cúltaca ilairgeadra ina bhféadfadh an euro roghanna breise airgeadra a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an domhain agus rioscaí airgeadais domhanda a laghdú;

H.  de bhrí go dtabharfadh ról idirnáisiúnta níos mó don euro agus a úsáid níos mó mar airgeadra cúltaca leibhéal níos airde neamhspleáchais airgeadais don limistéar euro, é a chosaint ó airgeadraí eile a úsáid mar uirlisí beartais eachtraigh ag riaracháin náisiúnta eile agus cur le cumas an Aontais a sheasamh beartais féin a cheapadh ar fud an domhain;

I.  de bhrí gur cheart don Aontas sláine a bhonneagair airgeadais, neamhspleáchas a oibreoirí margaidh agus neamhspleáchas na ngréasán domhanda idirbheart airgeadais a chosaint ar aontaobhachas beartais eachtraigh agus ar smachtbhannaí féideartha seach-chríochacha ag dlínsí tríú tír, agus forfheidhmiú éifeachtach bheartas smachtbhannaí AE á áirithiú ag an am céanna;

J.  de bhrí gurb iad roghanna na rannpháirtithe margaidh a chinneann an cinneadh airgeadra a úsáid, agus gur comhpháirt ríthábhachtach í muinín i gcobhsaíocht airgeadra a imríonn tionchar ar a roghanna agus ar chritéar tábhachtach do bhainc cheannais agus do rialtais chun comhdhéanamh a gcúlchistí idirnáisiúnta a chinneadh; de bhrí go bhfuil a mhéid a úsáideann gníomhaithe seachtracha airgeadra ar leith nasctha le sláine agus comhtháiteacht na dlínse a eisíonn an t-airgeadra sin; de bhrí go gcinntear cobhsaíocht airgeadra freisin trí chobhsaíocht na n-institiúidí atá laistiar de, agus go bhfuil gá le níos mó lánpháirtíochta Eorpaí chun cobhsaíocht institiúideach agus pholaitiúil bhreise a thógáil taobh thiar den euro;

K.  de bhrí go gcinntear ról na n-airgeadraí idirnáisiúnta trí mheascán leathan fachtóirí; de bhrí, go stairiúil, gurb iad príomhthréithe na dtíortha a eisíonn airgeadraí ceannasacha go bhfuil geilleagar mór agus méadaitheach acu, saorghluaiseacht chaipitil, toilteanas ról idirnáisiúnta a bheith acu, cobhsaíocht, cumas chun soláthar mór agus leaisteach de shócmhainní sábháilte a sholáthar, margaí airgeadais forbartha, agus láithreacht shuntasach gheopholaitiúil; de bhrí, san fhadtéarma, go gcinntear tarraingteacht airgeadra ar leith le beogacht gheilleagar na dlínse eisiúna; de bhrí, ar thaobh amháin, go gcomhlíonann méid gheilleagar an limistéir euro agus saorghluaiseacht caipitil réamhriachtanais bhunúsacha lena gceadaítear ról idirnáisiúnta an euro a neartú, agus ag an am céanna, ar an taobh eile, go bhfuil margaí airgeadais agus caipitil fós ilroinnte agus go bhfuil ollstruchtúr fioscach an limistéir euro atá bunaithe ar bhainc neamhiomlán, agus nach leor soláthar iontaofa sócmhainní ardcháilíochta atá le húsáid ag infheisteoirí domhanda;

L.  de bhrí go gceadaíonn airgeadra idirnáisiúnta láidir don dlínse tairbhe a bhaint as suimeanna móra urrús fiachais a eisiúint a mheastar ar mhargaí ar fud an domhain a bheith saor ó riosca, leas a bhaint as ‘pribhléid as cuimse’ mar a thugtar air, as brabús tiarnais agus as an gcumas urrúis rialtais a dhíol ar rátaí úis ísle, agus a ligeann do chuideachtaí freisin tairbhe a bhaint as an gcobhsaíocht a thagann as a bheith in ann idirbhearta idirnáisiúnta a dhéanamh ina n-airgeadra féin;

M.  de bhrí go mbeidh ról fadtéarmach idirnáisiúnta an euro ag brath den chuid is mó ar a tharraingtí atá an limistéar euro chun gnó a dhéanamh agus ar fhóntacht bheartais fhioscacha na mBallstát; de bhrí go n-éilíonn an téarnamh eacnamaíoch iar-phaindéimeach beartais fhónta airgeadaíochta agus bhuiséadacha, ar leibhéal AE agus i mBallstáit an limistéir euro araon; de bhrí go bhfuil gá leis an meascán ceart de bheartais airgeadaíochta agus fhioscacha chun aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos doimhne agus níos cobhsaí a thógáil, ar aontas é atá riachtanach chun tionchar an euro agus na tairbhí a fhabhraíonn do chomhaltaí an limistéir euro a mhéadú;

N.  de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha i ndán don limistéar euro, go háirithe na dúshláin sin a bhaineann leis an athrú aeráide, leis an gcibearshlándáil, le sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta, mar aon le dúshláin gheopholaitiúla lena n-áirítear tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach;

O.  de bhrí gur scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát de AE an 31 Eanáir 2020; de bhrí go bhfuil athruithe struchtúracha ar chóras airgeadais AE agus ar a chobhsaíocht ann mar thoradh ar tharraingt siar RA ó AE, rud a chuireann leis an ngá atá le leanúint de mhargaí caipitil AE a fhorbairt agus a chomhtháthú tuilleadh, d’fhonn iad a dhéanamh tarraingteach, iomaíoch, athléimneach agus inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin ilroinnt sa mhargadh a sheachaint agus ligean dóibh dul san iomaíocht ar fud an domhain agus meon domhanda agus comhoibritheach á choimeád ar bun, cé nach mór aird faoi leith a thabhairt ar a áirithiú nach mbeidh ilroinnt airgeadais ann mar thoradh ar aon chóras illárnach margaidh airgeadais agus caipitil a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar tharraingt siar RA; de bhrí go bhfuil sé den riachtanas go ndéanfadh AE laghdú ar a mhéid a bhíonn sé ag brath ar bhonneagair mhargadh na Ríochta Aontaithe chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú;

P.  de bhrí go bhfuil an téarnamh domhanda fanta míchothrom, éiginnte agus neamhiomlán, agus go gcuireann beartais shrianta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 brú breise ar théarnamh eacnamaíoch, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sheasamh airgeadraí an domhain;

Q.  de bhrí go n-éilíonn an téarnamh eacnamaíoch iar-phaindéime go ndéanfar plean téarnaimh AE ‘Next Generation EU’ a chur chun feidhme go tapa, ar freagairt fhioscach Eorpach é lena dtugtar aghaidh ar laigí struchtúracha agus lena gcuirtear beartais i bhfeidhm chun feabhas a chur ar fhás inbhuanaithe agus ar iomaíochas, ag díriú ar (i) an t-aistriú díreach glas, (ii) an claochlú digiteach, (iii) comhtháthú eacnamaíoch, táirgiúlacht agus iomaíochas, (iv) comhtháthú sóisialta agus críochach, (v) athléimneacht institiúideach agus (vi) beartais don chéad ghlúin eile, chomh maith le muinín a chothú i measc infheisteoirí; de bhrí go bhféadfadh na beartais sin a bheith ábhartha maidir le cobhsaíocht agus tarraingteacht an euro a fheabhsú ar fud an domhain agus maidir le neamhspleáchas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa a neartú; de bhrí go dtreiseoidh spreagadh fóinteach fioscach, lena n-áirítear iarracht chomhpháirteach Eorpach, i gcomhar le beartas airgeadaíochta atá dírithe ar chobhsaíocht praghsanna a chaomhnú, acmhainní iasachtaithe frith-thimthriallach AE agus dá bhrí sin go mbeidh tionchar dearfach aige ar staid idirnáisiúnta an euro; de bhrí go bhféadfadh aistarraingt róluath spreagadh fioscach agus an easpa comhordaithe ar ghníomhaíocht fhioscach an bonn a bhaint de théarnamh sóisialta agus eacnamaíoch an Aontais, na héagsúlachtaí atá ann cheana sa limistéar euro a ghéarú, an bonn a bhaint dá chomhtháthú agus dá shláine, agus tarraingteacht an euro mar airgeadra idirnáisiúnta a lagú;

R.  de bhrí gur deis stairiúil é plean EUR 750 billiún an Aontais don Chéad Ghlúin Eile chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú trí rannchuidiú le leachtacht dhomhanda a mhéadú, trí thacú le caiteachas frith-thimthriallach, agus trí chomhordú eacnamaíoch na hEorpa a éascú; de bhrí go mbeidh infheisteoirí domhanda in ann teacht ar an limistéar euro ina iomláine de bharr eisiúint bannaí a théann in éineacht leis an gciste téarnaimh, agus go mbunófar fíorchuar toraidh don limistéar euro freisin;

S.  de bhrí gur gné chinntitheach é clár ceannaigh éigeandála paindéime BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna a choinneáil agus foinsí cobhsaí maoinithe a áirithiú do gheilleagar an limistéir euro;

T.  de bhrí gur féidir ról idirnáisiúnta an aontais airgeadra a neartú le córas airgeadais éifeachtach forbartha atá bunaithe ar éagsúlacht mhór ionstraimí airgeadais, margaí caipitil dea-fhorbartha agus sócmhainní sábháilte leachtacha;

U.  de bhrí, i gcás roinnt margaí straitéiseacha, go bhfuil go leor cuideachtaí Eorpacha fós nach roghnaíonn an euro mar airgeadra tagartha le haghaidh praghsála agus trádála;

V.  de bhrí go n-éilíonn cumhachtaí nua chun fiachas a aisghabháil ar bhonn sealadach, lena n-áirítear bannaí glasa agus bannaí sóisialta, lena bhféadfaí an tAontas a bheith ar an eisitheoir is mó ar domhan den fhiachas sin, cumais leordhóthanacha cur chun feidhme agus forfheidhmithe, chomh maith le caighdeáin láidre trédhearcachta agus inrianaitheachta na bhfáltas ó eisiúint bannaí glasa, ionas nach mbainfí an bonn d’inchreidteacht fhadtéarmach an euro mar airgeadra sócmhainne sábháilte;

W.  de bhrí go bhfuil an phaindéim tar éis dlús a chur leis an gclaochlú digiteach airgeadais; de bhrí go mbeadh sé mar bhonn taca do ról láidir idirnáisiúnta an euro dá ndéanfaí maoiniú digiteach agus íocaíochtaí digiteacha a fhorbairt le gníomhaithe láidre Eorpacha; de bhrí go ndéanfaidh euro digiteach an t-airgeadra Eorpach níos oiriúnaí don domhan digiteach, rud a chuirfidh ar chumas an euro leathnú i limistéar na n-íocaíochtaí digiteacha, agus go mbeidh sé níos éasca é a úsáid, agus go mbeidh sé níos saoire agus níos éifeachtúla;

X.  de bhrí gur léirigh staidéir arna gcoimisiúnú ag Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa go bhfuil buntáistí ag baint le húsáid níos leithne airgeadra idirnáisiúnta, ach go bhfuil freagrachtaí domhanda, spleáchais agus costais i gceist leis freisin, ar cheart iad a chur san áireamh agus beartais airgeadaíochta uaillmhianacha á bhforbairt arb é is aidhm leo an euro a dhéanamh níos iomaíche;

Y.  de bhrí go dteastaíonn tiomantas láidir do mhargaí idirnáisiúnta oscailte agus saora, a athneartófar trí bheartais éascaithe spriocdhírithe, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon, atá i gcomhréir leis an gcuspóir sin agus atá mar chuid de threochlár cuimsitheach, de bharr aistrithe atá faoi thionchar an mhargaidh chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú;

Tairbhí agus dúshláin a bhaineann le ról idirnáisiúnta an euro a neartú

1.  ag tarraingt aird ar an gceanglas, a leagtar síos sna Conarthaí, go gcaithfidh gach Ballstát, seachas an Danmhairg, an t-airgeadra aonair a ghlacadh a luaithe a bheidh critéir Maastricht um chóineasú comhlíonta acu; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Bhulgáir agus an Chróit isteach in ERM II i mí Iúil 2020 agus go dtacaíonn sí le spriocdháta tapa chun an euro a ghlacadh sa dá thír; ag spreagadh an Choimisiúin, i ndáil leis sin, measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú breise ar an limistéar euro ar an bpróiseas chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú;

2.  á chur i bhfáth nach féidir dul siar ar an airgeadra aonair; ag cur béim ar an bhfíoras gur tionscadal polaitiúil é an euro, anuas ar é a bheith ina thionscadal airgeadaíochta;

3.  den tuairim, cé nach féidir na héifeachtaí uile a bhaineann le hidirnáisiúnú an euro a chainníochtú go héasca, agus ról idirnáisiúnta an euro a neartú ó thaobh a róil mar chúlchiste idirnáisiúnta agus airgeadra sonraiscthe agus a úsáid i malairt eachtrach, fiachas idirnáisiúnta agus margaí iasachtaí, gur féidir sochair a ghiniúint sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon; ag tabhairt dá haire, áfach, go ngabhann rioscaí agus freagrachtaí leis freisin nach mór a chur san áireamh, agus fórsaí an mhargaidh á gcomhlánú le bearta beartais; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, gur féidir, le stádas neartaithe in airgeadra idirnáisiúnta an euro, úsáid an euro mar airgeadra cúltaca a mhéadú, pribhléid as cuimse a chur ar fáil, agus na costais a bhaineann le malartú airgeadra a laghdú chomh maith leis na costais agus na rioscaí a bhíonn ar ghnólachtaí Eorpacha agus ar theaghlaigh Eorpacha a laghdú; á thabhairt chun suntais go gcruthófaí de réir a chéile margaí Eorpacha airgeadais níos doimhne, níos leachtaí agus níos comhtháite dá mbeadh ról idirnáisiúnta níos láidre ag an euro, rud a fhágfadh nach mbeidh siad chomh leochaileach céanna do thurraingí rátaí malairte, rud a d’fhágfadh go mbeadh rochtain níos iontaofa ag lucht gnó agus ag rialtais na hEorpa ar mhaoiniú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh stádas neartaithe in airgeadra idirnáisiúnta an euro, ina theannta sin, neamhspleáchas an bheartais airgeadaíochta a fheabhsú, tarchur domhanda an bheartais airgeadaíochta a threisiú agus beartas airgeadaíochta an Aontais a dhéanamh níos neamhspleáiche ar iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais eisginiúla, chomh maith le feabhas a chur ar leachtacht an chórais airgeadaíochta, costais trádála a laghdú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh agus ar athléimneacht an limistéir euro ar shuaití airgeadais, rud a chuideodh le cobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais an Aontais, chomh maith le coigeartú rianúil a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha; á mheas go gcuirfidh ról idirnáisiúnta neartaithe an euro feabhas ar chumas AE a sheasamh beartais féin a cheapadh go neamhspleách ar fhorbairtí domhanda; ag tabhairt dá haire, áfach, go léirítear i roinnt staidéar go bhféadfadh sé, de bharr ról idirnáisiúnta níos láidre a bheith ag airgeadra, go dtarlódh caillteanais brabúis tiarnais, róluacháil airgeadra, luaineacht níos airde maidir le sreabhadh caipitil le linn tréimhsí struis domhanda, agus méadú ar fhreagrachtaí idirnáisiúnta;

4.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh ról níos lárnaí ag an euro ar an leibhéal idirnáisiúnta athléimneacht an chórais airgeadais idirnáisiúnta a threisiú, rud a thabharfadh rogha níos mó do rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an domhain agus a d’fhágfadh nach mbeadh an geilleagar idirnáisiúnta chomh leochaileach céanna i gcás suaití a bhaineann le spleáchas trom a lán earnálacha ar airgeadra aonair; den tuairim go bhféadfadh idirnáisiúnú an euro a bheith ina phríomhfhachtóir chun an bonn a leagan síos do chóras airgeadaíochta idirnáisiúnta athbheoite, a leanfaidh de bheith ag brath ar líon teoranta airgeadraí, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos cothroime agus níos inbhuanaithe;

5.  á mheas gurb é leas straitéiseach fadtéarmach an limistéir euro agus a Bhallstát gach tairbhe is féidir a bhaint as eisiúint an airgeadra euro, go háirithe as an ról idirnáisiúnta neartaithe atá aige; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí beartais ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó BCE, ón mBord Réitigh Aonair (BRA), ó na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta (ÚMEanna) agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun na tairbhí sin a bhaint amach;

6.  á chur i bhfios nach mór don Aontas, chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú, bonneagar an airgeadra choitinn, atá fós gan chríochnú, a fhorbairt agus a thabhairt chun críche agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir lena fheidhmeanna criticiúla;

7.  á athdhearbhú go bhfuil gá le AEA a dhoimhniú agus a chomhlánú, leis an aontas baincéireachta agus le haontas na margaí caipitil, d’fhonn feabhas a chur ar iomaíochas idirnáisiúnta na margaí Eorpacha, ar chobhsaíocht agus ar tharraingteacht an euro agus, faoi dheoidh, ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais;

8.  ag meabhrú an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an Aontas Baincéireachta a fhorbairt agus ag tabhairt dá haire an comhaontú ar thángthas air sa Ghrúpa Euro maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a athchóiriú agus maidir le teacht i bhfeidhm an chúlstop choitinn don Chiste Réitigh Aonair a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí chun éifeachtúlacht, comhréireacht agus comhleanúnachas foriomlán an chreata a mhéadú chun géarchéimeanna bainc san Aontas a bhainistiú;

9.  ag tabhairt dá hair gur iarr Cruinniú Mullaigh Euro an 11 Nollaig 2020 ar an nGrúpa Euro plean oibre céim ar chéim, a bheidh faoi cheangal ama, a ullmhú maidir leis na gnéithe go léir atá fós gan réiteach chun an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích; ag meabhrú go bhfuil scéim árachais taiscí fós in easnamh ar an aontas baincéireachta, chomh maith le sásra chun a áirithiú gur féidir leachtacht a chur ar fáil do bhanc i gcás réitigh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go neartófar ról idirnáisiúnta an euro trí bhailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta, agus go háirithe trí chóras dea-cheaptha a chur ar bun chun taiscí bainc an Aontais a ráthú agus a chosaint agus chun an sásra a bhaineann le bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a chur i gcrích;

10.  á mheas go rannchuideoidh cur chuige ‘punainne sábháilte’ agus cumhachtú BRA trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat réitigh agus trí scéim Eorpach árachais taiscí a bhunú le margadh aonair a fhorbairt do bhainc Eorpacha agus leis an lúb aiseolais a bhriseadh idir Ballstát agus a chóras airgeadais féin, rud a chuirfidh le mealltacht sócmhainní atá ainmnithe in euro agus a threisíonn ról idirnáisiúnta an euro;

11.  á chur i bhfios go láidir go rachadh sé chun tairbhe do ról idirnáisiúnta an euro leas a bhaint as an acmhainneacht atá ag ceann de na breisluachanna is mó den Aontas: a mhargadh aonair; á iarraidh, chun na críche sin, go gcomhlánófar an margadh aonair;

12.  á chur i bhfios go ndéanfadh comhlánú Aontas na Margaí Caipitil (CMU) ról an euro sa mhargadh idirnáisiúnta a chur chun cinn, ar an ábhar go bhfuil margaí caipitil intíre, airgeadais agus arna sloinneadh in euro atá domhain agus leachtach bunriachtanach chun go ndéanfadh airgeadra stádas idirnáisiúnta a bhaint amach agus a ardú; á chur i bhfios go láidir go méadófaí athléimneacht in aghaidh forbairtí domhanda, agus neamhspleáchas ar na forbairtí sin, agus go méadófaí tarraingteacht na sócmhainní arna sloinneadh in euro dá ndéanfaí níos mó dul chun cinn maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt; á chur in iúl gurb oth léi tearcfhorbairt agus deighilt mhargaí caipitil an limistéir euro ar bhonn náisiúnta, ar dá thoradh sin atá margaí beaga ann; ag moladh go neartófar an comhar maidir le cánachas táirgí airgeadais, á iarraidh go laghdófar roghanna agus discréidí náisiúnta chun bacainní trasteorann a laghdú agus á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí ar thús a chur le comhchuibhiú íosta céimseach agus céimnithe rialacha dócmhainneachta náisiúnta; á mheas, tar éis tharraingt siar RA as AE, gur cheart don Aontas a sheacht ndícheall a dhéanamh chun a iomaíochas domhanda a fheabhsú, ag cur dó lena láidreachtaí chun bheith ina mhargadh tarraingteach do chuideachtaí agus infheisteoirí Eorpacha agus idirnáisiúnta; ag aithint, sa chomhthéacs sin, go bhféadfadh ról a bheith ag an euro i ndáil le tionchar tharraingt siar RA ar oileán na hÉireann a mhaolú;

13.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartais struchtúracha eacnamaíocha, fhioscacha agus lena gcuirtear dlús leis an táirgiúlacht agus leis an bhfás a bheidh inbhuanaithe, cothrom agus fónta, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát, agus a bheidh bunaithe ar thiomantas do rialacha fioscacha inchreidte, chun cobhsaíocht agus sláine an euro a choinneáil; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an plean a leagtar amach i bpacáiste téarnaimh Next Generation EU chun ríog fhioscach a úsáid, go háirithe EUR 750 billiún a fháil ar iasacht ó bhannaí na margaí caipitil chun an téarnamh ó phaindéim COVID-19 a mhaoiniú agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach; á mheas go bhféadfaidh an Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh an fhiachais cheannasaigh, atá ilroinnte faoi láthair, a bheith fabhrach do chomhlánú an aontais baincéireachta agus tacú leis an dul chun cinn ionsar chomhlánú CMU; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur eisíodh EUR 100 billiún i mbannaí faoin Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE); ag tabhairt dá haire go ndeimhníonn an taithí a fuarthas le déanaí le SURE go bhfuil ardleibhéal spéise ag infheisteoirí i mbannaí Eorpacha; ag aithint gurb é an cur chuige ceart é an plean téarnaimh a mhaoiniú trí chomhfhreagairt ar shuaitheadh comhchoiteann; á thabhairt chun suntais gur céim sa treo ceart é cánacha éagsúla a úsáid chun acmhainní dílse AE a mhéadú, agus, dá bhrí sin, gur céim é a neartaíonn ról an euro; á mheas gur cheart ról daonlathach níos láidre a thabhairt don Pharlaimint i gcur chun feidhme an phróisis seo trí ghrinnscrúdú polaitiúil;

14.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le creat fioscach inchreidte lena dtreisítear tarraingteacht an euro trí fhás fadtéarmach a chur chun cinn, agus fós cobhsaíocht a áirithiú chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht airgeadas na mBallstát, agus rioscaí athainmníochta a íoslaghdú; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfar breis machnaimh ar chreat an chomhshocraithe cobhsaíochta agus fáis agus a fhorfheidhmiú i bhfianaise na gcúinsí dúshlánacha agus na saincheisteanna neamhréitithe atá ann mar gheall ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi, a bheidh fós ann sna blianta amach romhainn; ag tabhairt dá haire, cé go leachtóidh roinnt de na bearta tacaíochta go huathoibríoch, go mbeidh sé bunriachtanach an amlíne iomchuí a roghnú le haghaidh tharraingt siar na gceann iarmhair chun nach mbainfear an bonn ón téarnamh ná ón bhfás, a bheidh ríthábhachtach chun déileáil le fiachas tar éis na géarchéime agus chun é a ísliú go leibhéil inbhuanaithe;

15.  á thabhairt chun suntais go bhfuil soláthar leormhaith de shócmhainní sábháilte ina réamhchoinníoll do stádas airgeadra idirnáisiúnta, agus á chur i bhfios go láidir nach bhfuil ach fáil theoranta ar shócmhainní sábháilte arna sloinneadh in euro; á mheas go bhféadfadh forbairt uirlisí beartais leormhaithe soláthar sócmhainní sábháilte a éascú, agus á mheas, thairis sin, go mbeidh eisiúint bheartaithe fiachais choitinn chun an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a mhaoiniú ina tagarmharc sócmhainní cúlchiste ar leibhéal AE agus go méadóidh sí an soláthar de shócmhainní sábháilte arna sloinneadh in euro; á iarraidh ar an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach a thuarascáil ó 2018 ar an Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le Sócmhainní Sábháilte a thabhairt cothrom le dáta; ag moladh do BEI líon is mó bannaí arna sloinneadh in euro a eisiúint, rud a chuirfeadh feabhas ar infhaighteacht sócmhainní atá saor ó riosca arna sloinneadh in euro;

16.  ag aithint gurb é an euro an príomhairgeadra ainmníochta le haghaidh eisiúint bannaí glasa, óir in 2019, de réir BCE, is san euro a eisíodh níos mó ná an leathchuid de na bannaí glasa a eisíodh ar fud an domhain; á chreidiúint gur cheart AE a bheith ar thús cadhnaíochta i ndáil le caighdeáin le haghaidh eisiúint bannaí glasa a leagan síos; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta nua uaillmhianach maidir le hairgeadas inbhuanaithe a thíolacadh maille le togra le haghaidh caighdeán láidir bannaí glasa de chuid an Aontais; á mheas go bhféadfadh comhdhlúthú ról AE mar cheannaire domhanda agus mar cheannródaí don mhaoiniú glas an euro a neartú mar an rogha airgeadra do tháirgí airgeadais inbhuanaithe, agus fós a ról idirnáisiúnta a threisiú; ag moladh an chinnidh ón gCoimisiún bannaí glasa a eisiúint mar ghné thábhachtach i ndáil leis an gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta a mhaoiniú; á athdhearbhú gur ionstraimí fiachais iad bannaí glasa a bhfuil sé mar aidhm lena bhfáltais infheistíochtaí atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a mhaoiniú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardleibhéal deimhneachta dlíthiúla a thabhairt d’infheisteoirí, trí chaighdeáin láidre trédhearcachta agus inrianaitheachta fáltas, go n-úsáidfear a n-infheistíocht chun a críche sonraithe; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfar tacsanomaíocht gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe a chomhlánú agus a chur chun feidhme go mear; á chur i bhfios gur gá go seachnófaí an riosca d’éifeachtaí leachtachta diúltacha ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar ilroinnt sócmhainní sábháilte Eorpacha idir bannaí glasa, bannaí sóisialta agus bannaí ‘caighdeánacha’;

17.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ag an ngeopholaitíocht i ról domhanda airgeadra; á iarraidh go neartófar ról geopholaitiúil an Aontais, chun tacú le ról neartaithe an euro, agus fós lántairbhe a bhaint as an ról sin; á thabhairt chun suntais go mbeadh, mar thoradh ar idirnáisiúnú an euro, deis níos mó ann don Aontas lorg a fhágáil ar chinntí geopholaitiúla domhanda, rud a d’fhéadfadh, dá réir sin, tarraingteacht dhomhanda an euro a atreisiú; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, cé gur cheart ról na geopholaitíochta i saol an lae inniu a bheith ina chuid den mhachnamh ar ról idirnáisiúnta an euro a neartú, go háirithe nuair a d’fhéadfadh éifeachtaí dearfacha slándála a bheith ag idirnáisiúnú airgeadra, gur cheart don Aontas a chumais i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála a chur san áireamh, agus fós córas idirnáisiúnta a chur chun cinn agus comhar iltaobhach agus dea-rialachas domhanda a chur san áireamh;

18.  ag tabhairt dá haire gur féidir cur i bhfeidhm aontaobhach smachtbhannaí ag tríú tíortha riosca d’éifeachtaí seach-chríochacha a chruthú agus a bheith ina dhúshlán do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais agus a Bhallstát, agus dá gceart chun rialála; á áitiú gur slí é ról idirnáisiúnta treisithe an euro a chur chun cinn le teacht timpeall ar chumhacht smachtbhannaí tríú tír; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, bearta atá déanta cheana ag AE amhail gníomhachtú ‘Reacht Blocála’ AE(34) agus bunú na hIonstraime chun Tacú le Malartuithe Trádála (INSTEX); á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre ar éifeachtacht a smachtbhannaí féin agus ar éifeachtaí seach-chríochacha smachtbhannaí ag tríú tíortha ar oibreoirí AE;

19.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfaidh suíomh institiúideach ilroinnte AE agus a easpa cumais labhairt d’aon ghuth laistigh d’institiúidí idirnáisiúnta an bonn a bhaint ó inchreidteacht a bheartas airgeadaíochta agus fioscach, agus fós bac a chur ar bhreis forbartha institiúidí ar an limistéar euro chomh maith le ról idirnáisiúnta an euro; á athdhearbhú go bhfuil gá le hionadaíocht níos cuíchóirithe agus níos códaithe ar an Aontas in eagraíochtaí agus comhlachtaí iltaobhacha, go háirithe ionadaíocht an limistéir euro in CAI, chun cuidiú le for-rochtain dhomhanda an euro a chothú; á mheas, a fhad is a bheidh ceist na hionadaíochta gan réiteach, go bhféadfadh comhordú níos éifeachtaí i measc ionadaithe éagsúla AE a bheith fabhrach do ról idirnáisiúnta an euro; á iarraidh ar an gCoimisiún freagraí mionsonraithe a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí nithiúla a rinneadh chun obair leantach a dhéanamh ar na tograí a rinne an Pharlaimint i rún uaithi an 12 Aibreán 2016 maidir le ról AE faoi chuimsiú institiúidí agus comhlachtaí idirnáisiúnta airgeadais, airgeadaíochta agus rialála;

Beartais lena neartaítear ról idirnáisiúnta an euro

20.  á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh ról idirnáisiúnta neartaithe a bheith ag an euro rannchuidiú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais, agus é a fheabhsú; ag moladh, dá bhrí sin, gníomhaíochtaí chun bearta beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme lena gcothófar ról idirnáisiúnta an euro agus lena dtacófar le haistrithe atá faoi thionchar an mhargaidh sa treo sin, agus fós feidhmiú agus comhtháthú an limistéir euro a chomhdhlúthú go hinmheánach, agus baint amach spriocanna tábhachtacha aeráide agus inbhuanaitheachta a chur chun cinn, agus sainiúlachtaí réigiún forimeallach á gcur san áireamh;

21.  á chreidiúint, sa bhreis ar AEA a dhoimhniú agus a chomhlánú, go bhféadfadh beartais atá bunriachtanach chun ról idirnáisiunta an euro a neartú, agus atá fabhrach dó sin, spriocdhíriú, inter alia, ar sheirbhísí airgeadais agus ar mhargaí caipitil, ar an margadh saothair, ar chórais íocaíochta, ar an trádáil idirnáisiúnta, ar an bhfuinneamh, ar an gclaochlú digiteach, ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus ar bheartais eachtracha agus slándála; á thabhairt chun suntais nach mór go mbeadh sé mar aidhm leis na bearta sin a shaothrú cuspóirí ginearálta an Aontais a bhaint amach;

22.  ag tabhairt dá haire go bhfuil margaí airgeadais láidre agus iomaíocha bunriachtanach chun ról idirnáisiúnta airgeadra a neartú, agus, dá bhrí sin, á chur i bhfios go bhfuil gá le rialáil éifeachtach, chomhréireach agus intuartha sa réimse sin;

23.  ag aithint go bhfuil an margadh don imréiteach láraithe fíorchomhchruinnithe, go háirithe le haghaidh imréiteach díorthach ráta úis arna sloinneadh in euro a bhraitheann go mór ar chontrapháirtithe imréitigh lárnacha atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, an cinneadh coibhéise amtheoranta ón gCoimisiún, agus ag moladh don tionscal déanamh de réir na hiarrata ón gCoimisiún a risíochtaí ar CPLanna tríú tíortha, agus a mbrath orthu, go háirithe risíochtaí díorthach thar an gcuntar arna sloinneadh in euro agus airgeadraí eile de chuid an Aontais, a laghdú; ag tacú, ina leith sin, le hiarrachtaí CPLanna AE ar bhorradh a chur faoina gcumais imréitigh, mar aon le hiarrachtaí an Choimisiúin, an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh agus BCE ar chúnamh a thabhairt don tionscal baic theicniúla ar risíochtaí iomarcacha a aistriú chuig AE a shainaithint, agus aghaidh a thabhairt orthu, agus é a spreagadh lena dhéanamh; á chur i bhfios, ina leith sin, go bhfuil tábhacht le comhar rialála idir AE agus RA, bunaithe ar chreat neamhcheangailteach, deonach lasmuigh den Chomhaontú Trádála agus Comhair (TCA) trína bhféadfaí dul i mbun idirphlé ar na saincheisteanna rialála ábhartha go léir agus fós neamhspleáchas rialála agus maoirseachta gach taoibh a urramú go hiomlán;

24.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tosaíocht dhomhanda airgeadra nasctha go díreach leis an ról atá ag an tír is eisitheoir sa trádáil dhomhanda; á chur i bhfáth go bhféadfadh AE, mar cheann de na bloic thrádála is mó ar domhan atá tiomanta do mhargaí idirnáisiúnta oscailte agus saora, tairbhe a bhaint as ról idirnáisiúnta neartaithe a bheith ag a airgeadra; á chur i bhfios go láidir go laghdófar, trí rogha an euro don trádáil a mholadh, an riosca malairte agus costais eile a bhaineann leis an airgeadra, go háirithe do FMBanna Eorpacha; á thabhairt faoi deara, áfach, in ainneoin iad a bheith ina gceannaitheoirí móra agus ina dtáirgeoirí móra, go roghnaíonn cuideachtaí Eorpacha uaireanta trádáil a dhéanamh i bpríomh-mhargaí straitéiseacha in airgeadraí eile nó go mbíonn deacrachtaí acu trádáil a dhéanamh in euro mar gheall ar struchtúir agus spleáchais conaire an mhargaidh; ag tabhairt dá haire staidéir ina léirítear go mbraitheann sciar an euro sa sonrascú ag cuideachtaí ar thosca iomadúla, lena n-áirítear méid na cuideachta agus an tír ina bhfuil sí lonnaithe, aonchineálacht táirgí agus slabhraí soláthair atá ann cheana; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún úsáid an euro i bpraghsáil agus sonrascú in idirbhearta trádála a chothú, agus leas a bhaint as acmhainneacht ard ionstraimí airgeadais arna sloinneadh in euro, trí dhul i dteagmháil go gníomhach le geallsealbhóirí príobháideacha agus comhpháirtithe trádála, agus trí úsáid an euro a chur chun cinn i gcomhaontuithe trádála de chuid an Aontais; ag tarraingt aird, sa chomhthéacs sin, ar acmhainneacht slabhraí soláthair lena gcomhlíontar spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais mar aon le caighdeáin ábhartha eile;

25.  á mheas go bhféadfadh an Coimisiún úsáid an euro i bpraghsáil agus sonrascú trádála a chur chun cinn tuilleadh, agus infheistíochtaí arna sloinneadh in euro a chur chun cinn, trí idirphlé oscailte a choinneáil le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, údaráis náisiúnta agus infheisteoirí institiúideacha, agus trí eolas agus tuiscint chuimsitheach a sholáthar ar a thionscnaimh agus a iarrachtaí éagsúla atá dírithe ar tharraingteacht agus athléimneacht an limistéir euro agus an euro a atreisiú; á mheas gur fiú tionchar thaidhleoireacht eacnamaíoch na hEorpa a fheabhsú trí dhul i mbun idirphléití rialta le comhpháirtithe G20, mar aon le tíortha comharsanachta agus tíortha is iarrthóirí, chun gníomhaíochtaí beartais nithiúla leasa fhrithpháirtigh a shainaithint d’fhonn dlús a chur le ról an euro i dtríú tíortha;

26.  á chur i bhfios go bhféadfadh sciar is airde de chonarthaí fuinnimh a bheith á dtrádáil in euro ról idirnáisiúnta an airgeadra aonair a fheabhsú, agus ag tacú, dá bhrí sin, le beartais lena gcuirtear an sprioc sin chun cinn; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil tábhacht le margaí fuinnimh ghlais agus tráchtearraí mar réamhtheachtairí i gcomhair earraí arna sloinneadh in euro a thrádáiltear go domhanda, i gcás ina gcabhródh Lamháltais Astaíochta an Aontais Eorpaigh (EUA-anna) faoi chóras trádála astaíochtaí (EU-ETS) le ról an euro sa trádáil idirnáisiúnta a neartú, agus le cuspóirí aeráide AE a bhaint amach; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfar gníomhaíocht chun conarthaí nuálacha nua a éascú, go háirithe le haghaidh foinsí fuinnimh inbhuanaithe agus margaí fuinnimh nuaghinte, a fhágfaidh deis a bheith ann níos mó conarthaí fuinnimh a thrádáil in euro, rud a neartóidh ról idirnáisiúnta an euro; á mholadh don Choimisiún leanúint de chomhairliúchán agus de dhréachtú staidéar darb aidhm an acmhainneacht úsáid an euro in earnálacha eile, go háirithe san iompar, mar aon le tráchtearraí talmhaíochta agus bia, a mhéadú, darb aidhm an acmhainneacht sin a shainaithint, chun tacú tuilleadh le húsáid an euro le haghaidh na gcineálacha sin conarthaí, agus í a chur chun cinn; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar breis gníomhaíochta chun féachaint athuair ar rialacha an mhargaidh airgeadais, lena n-airítear an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais(35) agus an Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais(36) (MiFID II/MIFIR), agus creat trédhearcachta na margaí urrús a shimpliú agus a chomhdhlúthú tuilleadh chun trádáil thánaisteach in ionstraimí fiachais arna sloinneadh in euro, mar aon le Rialachán na dTagarmharcanna, a mhéadú, chun tacú le forbairt tagarmharcanna euro le haghaidh margaí tráchtearraí, agus ról an euro mar airgeadra tagartha a atreisiú;

27.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ag BCE maidir le muinín as an euro a chothú agus neamhspleáchas airgeadaíochta a choimirciú sa chomhthéacs domhanda, mar aon le cobhsaíocht praghsanna; á thabhairt chun suntais go ndéanann airgeadra a choinníonn luach cobhsaí san fhadtéarma an mhuinín sin a chothú; ag leagan béim, ina leith sin, ar a thábhachtaí atá gnóthú spriocanna cobhsaíochta praghsanna agus inchreidteacht an bheartais airgeadaíochta; ag tabhairt dá haire, áfach, nár baineadh amach, go córasach, an sprioc don bhoilsciú;

28.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá cobhsaíocht margaí airgeadais sa limistéar euro mar réamhchoinníoll do stádas idirnáisiúnta airgeadra; ag tarraingt aird ar éifeachtaí bheartas airgeadaíochta BCE ar chobhsaíocht margaí airgeadais; á chur in iúl gur geal léi freagairtí beartais airgeadaíochta gasta agus suntasacha BCE ar ghéarchéim COVID-19 a tugadh i gcomhthéacs éigeandála; ag aithint go raibh tionchar dearfach ag bearta gasta BCE do staid eacnamaíoch agus cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro, agus do tharraingteacht an euro, trí mhargaí airgeadais a chobhsú, trí infhaighteacht leachtacht an euro a choimirciú, trí thacú le dálaí cistiúcháin i ngeilleagar an limistéir euro agus fud fad an domhain, agus fós taca a chur faoi mhuinín an mhargaidh;

29.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá socruithe babhtála agus línte athcheannaigh i ndáil le haghaidh a thabhairt ar an nganntanas i margaí cistiúcháin euro ar fud an domhain, lena n-áirithítear soláthar leormhaith de leachtacht euro, agus lena ndéantar ról idirnáisiúnta an euro a fheabhsú go hindíreach; ag tabhairt le fios go ngeallann an Eurochóras tacaíocht a thabhairt do leachtacht agus cobhsaíocht na margaí airgeadais tráth géarchéime, mar aon le tarchur rianúil a bheartais airgeadaíochta; á iarraidh ar BCE, ina leith sin, a línte babhtála a leathnú tuilleadh chuig tíortha comharsanacha nach bhfuil sa limistéar euro agus chuig tíortha is faide i gcéin; á iarraidh ar BCE féachaint ar bhealaí breise chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú d’fhonn a sheasamh beartais neamhspleách a mhéadú sa chomhthéacs domhanda agus d’fhonn neamhspleáchas cinnteoireachta eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa a neartú;

30.  á chur i bhfáth go bhfágann an ceangal seasamh le glaonna ar chorrlaigh ó chontrapháirtithe lárnacha Eorpacha tar éis am dúnta TARGET2 (córas ollsocraíochtaí fíor-ama an limistéir euro), maille le hairgeadraí neamh-euro, bainc Eorpacha a bheith faoi mhíbhuntáiste suntasach, go háirithe tráth anás a bheith sa mhargadh amhail seachtainí tosaigh COVID-19; á chur i bhfios go láidir go ndéanfadh uaireanta oscailte TARGET2 a fhadú go mbeidís ar aon dul le huaireanta oscailte an mhargaidh malairte ról an euro agus neamhspleáchas mhargaí caipitil na hEorpa a neartú, rud a d’fhágfadh nach mbeadh ar bhainc Eorpacha dul i muinín leachtacht neamh-euro chun ceanglais chorrlaigh CPL a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi comhdhlúthú TARGET2-T2S trí bhíthin uaireanta oscailte fadaithe, atá beartaithe do mhí na Samhna 2022; ag tathant ar BCE agus ar gheallsealbhóirí eile dlús a chur le fadú uaireanta oscailte TARGET2;

31.  á chur i bhfáth, seachas sainordú príomha BCE cobhsaíocht praghsanna a choinneáil, agus a shainordú tánaisteach tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d’fhonn rannchuidiú le baint amach chuspóirí an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil sé de chúram ar BCE oibriú rianúil córas íocaíochta agus socraíochta a éascú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá réitigh íocaíochta Eorpacha uathrialacha; á iarraidh ar BCE cothromaíocht leormhaith idir nuálaíocht airgeadais, cobhsaíocht, agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh a rinne 16 bhanc Eorpacha chun Tionscnamh Íocaíochta Eorpach a sheoladh arb é is aidhm dó réiteach íocaíochta aontaithe a chruthú do thomhaltóirí agus ceannaithe ar fud na hEorpa;

32.  á chur in iúl gur geal léi tuarascáil BCE ar an euro digiteach, agus fós béim a chur ar a luachmhaire is féidir le hairgeadra digiteach a bheith maidir le ról idirnáisiúnta an euro a neartú; lena n-áirítear muinín daoine as an airgeadra coiteann; ag tabhairt dá haire an ráiteas le Fabio Panetta, comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE atá i gceannas ar Thascfhórsa Ardleibhéil an Eurochórais maidir le hAirgeadra Digiteach an Bhainc Ceannais (CBDC), go mbeadh an euro digiteach ina chomhlánú ar airgead tirim, nach dtiocfadh sé ina ionad; ag moladh do BCE leanúint dá chuid oibre ar an euro digiteach, agus ag súil le céad chéim eile BCE sa phróiseas sin, bunaithe ar an gcinneadh ón gComhairle Rialaithe a bheidh le heisiúint i lár 2021; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé ardleibhéal cibear-athléimneachta agus cibearshlándála a áirithiú, agus ag tacú le hiarrachtaí BCE ar an méid sin a chur chun cinn; á iarraidh, thairis sin, go leanfar den mheastóireacht ar thairbhí agus míbhuntáistí úsáid an airgeadra dhigitigh, d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an t-iomaíochas domhanda, an nuálaíocht, an tslándáil agus an phríobháideacht;

33.  á chur i bhfios go láidir nach mór réitigh airgeadais dhigiteacha nuálacha agus íocaíochtaí digiteacha éifeachtacha in euro a bheith mar bhonn taca le ról níos láidre an euro sa ré dhigiteach; á iarraidh go gcuirfear an méid sin chun cinn trí chur chun feidhme straitéisí cuimsitheacha maidir le hairgeadas digiteach agus íocaíochtaí miondíola; á mheas, i bhfianaise an chlaochlaithe dhigitigh, gur cheart don Aontas creat a chur ar bun chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, agus fós cloí leis na caighdeáin is airde maidir le cibearshlándáil agus cosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear príobháideachas agus sonraí a chosaint, chomh maith leis na grúpaí is leochailí a chosaint, amhail daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas, a bhféadfadh fadhbanna a bheith acu maidir le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua; á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint den chomhrac i gcoinne an fhrithsciúrtha airgid trí aonad Eorpach maoirseoireachta agus faisnéise airgeadais a chur ar bun, agus fós cúl a thabhairt le ré an náisiúnachais eacnamaíoch is bonn leis an gcóras maoirseachta díláraithe reatha sa réimse sin; ag aithint iarrachtaí ÚBE ina leith sin mar aon le bunú coláistí frithsciúrtha airgid do mhaoirseoirí chun teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige comhchoiteann, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhordaithe, comhroinnt faisnéise agus measúnú riosca;

34.  ag tabhairt dá haire teacht chun cinn criptea-shócmhainní agus ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar a bhforbairt agus ar bhaol cripteamhonaí cobhsaí don cheannasacht airgeadaíochta; ag aithint na hoibre faireacháin ar chriptea-shócmhainní ag bainc cheannais agus ag údaráis agus eagraíochtaí eile; á chur i bhfáth go bhfuil gá le treoir shoiléir agus chomhsheasmhach ar leibhéal an Aontais maidir leis na próisis rialála agus stuamachta reatha, lena ndéanfar breis nuálaíochta a chur chun cinn, lena n-áiritheofar cobhsaíocht airgeadais, agus lena gcaomhnófar cosaint tomhaltóirí; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin darb aidhm feabhas a chur ar an deimhneacht dhlíthiúil i láimhseáil rialála criptea-shócmhainní;

35.  á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht a ghlac an Coimisiún an 19 Eanáir 2021 maidir le ‘córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’, ina leagtar amach straitéis chuimsitheach chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais sa réimse maicreacnamaíoch agus sa réimse airgeadais a atreisiú; ag formhuiniú go háirithe na bpríomhghníomhaíochtaí arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún chun úsáid dhomhanda an euro a chur chun cinn;

o
o   o

36.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 306, 21.9.2020, lch. 1.
(2) IO C 58, 15.2.2018, lch. 76.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0266.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0265.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0305.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0165.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0034.
(8) https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/soteu_2020_en.pdf
(9) https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/other/Report_on_a_digital_euro~4d7268b458.en.pdf
(10) https://ec.europa.eu/info/publications/2020-commission-work-programme-key-documents_en
(11) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/652751/IPOL_STU(2020)652751_EN.pdf
(12) https://scholar.harvard.edu/files/rogoff/files/nber26760_why_is_euro_punching_below_its_weight.pdf
(13) https://www.bruegel.org/2020/06/is-the-covid-19-crisis-an-opportunity-to-boost-the-euro-as-a-global-currency/
(14) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2019/624431/IPOL_STU(2019)624431_EN.pdf
(15) https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2020/03/05/keynote-speech-at-europe-s-next-stage-at-the-centre-for-european-policy-studies-ideas-lab-2020/pdf
(16) https://www.consilium.europa.eu/nl/press/press-releases/2019/12/13/remarks-by-president-charles-michel-after-the-european-council-meetings-on-13-december-2019/
(17) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/IDAN/2020/648806/IPOL_IDA(2020)648806_EN.pdf
(18) https://www.ecb.europa.eu/press/key/date/2020/html/ecb.sp200608~4225ba8a1b.en.html
(19) https://www.ecb.europa.eu/press/key/date/2020/html/ecb.sp200707~3eebd4e721.en.html
(20) https://eml.berkeley.edu/~eichengr/managing_multiple_res_curr_world.pdf
(21) https://www.bruegel.org/2018/12/the-international-role-of-the-euro/
(22) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/646139/EPRS_STU(2020)646139_EN.pdf
(23) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2019/637969/EPRS_BRI(2019)637969_EN.pdf
(24) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/BRIE/2020/651369/IPOL_BRI(2020)651369_EN.pdf
(25) https://data.imf.org/?sk=E6A5F467-C14B-4AA8-9F6D-5A09EC4E62A4
(26) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/10868691/2-19052020-BP-EN.pdf/bb14f7f9-fc26-8aa1-60d4-7c2b509dda8e
(27) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/10569467/6-16092020-AP-EN.pdf/861498a9-16ca-3fd1-6434-aee64bfa7192
(28) De réir Flash Eurobarometer 481 i mí na Samhna 2019, tá méadú tagtha ar an tacaíocht a thugtar don euro: measann dhá thrian de na freagróirí gur rud maith dá dtír é an euro a bheith ann, céatadán níos airde ná mar a bhí in 2018 i 13 thír (agus níos ísle i gceithre thír).
(29) Úsáideann Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne, Stát Chathair na Vatacáine, Prionsacht Andóra, agus Saint-Pierre-et-Miquelon agus Oileán Naomh-Barthelemy, nach bhfuil san Aontas Eorpach iad araon, an euro mar airgeadra oifigiúil, bunaithe ar shocrú foirmiúil leis an Aontas Eorpach.
(30) Tháinig an euro chun bheith ina airgeadra intíre de facto sa Chosaiv agus i Montainéagró, in ionad mharc na Gearmáine.
(31) De réir scaoileadh sonraí COFER an 30 Meán Fómhair 2020, b’ionann cúlchistí in euro ar fud an domhain agus 20.27 % in 2020, i gcomparáid le 61.26 % atá i seilbh i ndollair SAM agus 2.05 % i renminbi.
(32) Is ionann úsáid an euro mar airgeadra sonraiscthe agus 30 % d’idirbhearta trádála domhanda in earraí, ach tá teorainn fós lena úsáid i gcás nach mbaineann idirbhearta leis an limistéar euro, murab ionann agus dollar na Stát Aontaithe.
(33) De réir thuarascáil BCE mhí an Mheithimh 2020 maidir le ról idirnáisiúnta an euro, b’ionann an sciar den euro i stoc na n-urrús fiachais idirnáisiúnta agus 22 % ag deireadh 2019, tar éis meathlú ó lár na 2000í i leith, cé go raibh méadú, a shroich tuairim is 64 %. ag teacht ar sciar dhollair na Stát Aontaithe.
(34) Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as, IO L 309, 29.11.1996, lch. 1.
(35) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(36) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais