Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2172(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0031/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0031/2021

Díospóireachtaí :

PV 25/03/2021 - 8
CRE 25/03/2021 - 8

Vótaí :

PV 25/03/2021 - 10
PV 25/03/2021 - 17
CRE 25/03/2021 - 17

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0113

Téacsanna atá glactha
PDF 190kWORD 67k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Tuarascálacha 2019-2020 maidir leis an gCosaiv
P9_TA(2021)0113A9-0031/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar Thuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiúin maidir leis an gCosaiv (2019/2172(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile, a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016,

–  ag féachaint don Chlár Oibre Eorpach don Athchóiriú maidir leis an gCosaiv, a seoladh sa Phristine an 11 Samhain 2016, mar aon le seoladh ERA 2 i mí Dheireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint don chreat-chomhaontú leis an gCosaiv maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, atá i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2017,

–  ag féachaint do Chonclúidí Uachtaránachta chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,

–   ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do Chlár Oibre Tosaíochtaí Shóifia,

–  ag féachaint do Rún 1244 an 10 Meitheamh 1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, do Thuairim Chomhairleach an 22 Iúil 2010 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir leis an dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus do Rún 64/298 an 9 Meán Fómhair 2010 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, inar aithníodh ábhar thuairim CBI agus á chur in iúl gur gheal léi toilteanas an Aontais i dtaobh éascú a dhéanamh ar an idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv,

–  ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lenar rialaíodh normalú an chaidrimh idir rialtas na Seirbia agus rialtas na Cosaive an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag AE chun an caidreamh a normalú,

–  ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/792 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX Kosovo), a chuir síneadh le fad tréimhse an mhisin go dtí an 14 Meitheamh 2021,

–  ag féachaint do thuarascálacha ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le gníomhaíochtaí Mhisean Feidhmeannais Eatramhaigh na Náisiún Aontaithe sa Chosaiv (UNMIK), lena n-áirítear an tuarascáil is déanaí an 31 Márta 2020, agus na tuarascálacha ar oibríochtaí Fhórsaí na Cosaive (KFOR) an 7 Feabhra 2018,

–  ag féachaint do Phróiseas Bheirlín a seoladh an 28 Lúnasa 2014,

–  ag féachaint do chomhráiteas ó Chomhchathaoirligh Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-na Cosaive (SAPC) i ndiaidh an séú cruinniú de chuid SAPC, a reáchtáladh in Strasbourg an 14 Feabhra 2019,

–  ag féachaint do theachtaireacht an 5 Feabhra 2020 ón gCoimisiún dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans (COM(2020)0057) [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar],

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe na mBalcán Thiar i réimse na himirce agus na slándála,

–  ag féachaint do theachtaireacht an 29 Bealtaine 2019 ón gCoimisiún dar teideal 2019 Communication on EU Enlargement Policy (COM(2019)0260) [Teachtaireacht 2019 maidir le Beartas um méadú AE], agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Kosovo 2019 Report (SWD(2020)0216) [Tuarascáil 2019 ar an gCosaiv],

–  ag féachaint do theachtaireacht an 6 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal 2020 Communication on EU Enlargement Policy (COM(2020)0660) [Teachtaireacht 2020 maidir le Beartas um méadú AE], agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Kosovo 2020 Report (SWD(2020)0356) [Tuarascáil 2020 ar an gCosaiv],

–  ag féachaint do theachtaireacht an 6 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal Economic and Investment plan for the Western Balkans (COM(2020)0641) [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar], agus an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Guidelines for the Implementation of the Green Agenda for the Western Balkans (SWD(2020)0223) [Treoirlínte maidir le Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar a Chur Chun Feidhme] an 6 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 8 Aibreán 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal Communication on the Global EU response to COVID-19 (JOIN(2020)0011) [Teachtaireacht maidir le freagairt Dhomhanda AE ar COVID-19] agus do theachtaireacht an 29 Aibreán 2020 ón gCoimisiún dar teideal Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery (COM(2020)0315) [Tacaíocht do na Balcáin Thiar i ndul i ngleic le COVID-19 agus an téarnamh iarphaindéimeach],

–  ag féachaint do mheasúnú an 21 Aibreán 2020 ón gCoimisiún maidir le Clár Athchóirithe Eacnamaíoch don Chosaiv 2020-2022 (SWD(2020)0065) agus do chonclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir AE agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc arna nglacadh ag an gComhairle an 19 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach ó Mhisean Breathnóireachta AE um Thoghcháin (EU EOM) ar na thoghcháin reachtacha a reáchtáladh go luath an 6 Deireadh Fómhair 2019 sa Chosaiv,

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Bealtaine 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv) (COM(2016)0277), agus do rún reachtach an 28 Márta 2019 ó Pharlaimint na hEorpa le linn a seasamh a ghlacadh ar an gcéad léamh(1), lena nglacann sí ceannas ar thogra ón gCoimisiún,

–  ag féachaint dá cuid rún roimhe seo maidir leis an tír,

–  ag féachaint dá moladh an 19 Meitheamh 2020 don Chomhairle, don Choimisiún, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020(2),

–  ag féachaint do Dhearbhú Shágraib a glacadh ag Cruinniú Mullaigh Pharlaimint na hEorpa-na mBalcán Thiar a tionóladh trí fhíschomhdháil an 6 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chainteoirí – Pharlaimint na hEorpa-na mBalcán Thiar, arna thionól ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis an gceannaireacht ó pharlaimintí na mBalcán Thiar an 28 Eanáir 2020,

–  ag féachaint do Chruinniú Mullaigh AE-na mBalcán Thiar a tionóladh an 10 Samhain 2020 faoi chuimsiú Phróiseas Bheirlín,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0031/2021),

A.  de bhrí nach foláir breithiúnas a thabhairt ar an gCosaiv, mar is amhlaidh le haon tír ar mian léi a bheith ina Ballstát de AE, as a fiúntas féin ó thaobh an tacar critéar agus luachanna comhchoiteanna a cheanglaítear i gcás aontachas a urramú, a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh, agus de bhrí gurb é cáilíocht agus tiomantas na n-athchóirithe riachtanacha a chinneann amchlár agus dul chun cinn an aontachais;

B.  de bhrí gur gá don Chosaiv díriú ar athchóirithe bunúsacha chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh struchtúracha i réimsí amhail an smacht reachta, cearta bunúsacha, feidhmiú institiúidí daonlathacha agus athchóiriú ar an riarachán poiblí, mar aon le forbairt eacnamaíoch agus iomaíochas;

C.  de bhrí go bhfuil an Chosaiv ag streachailt i gcónaí leis an éagobhsaíocht pholaitiúil, go háirithe ó na toghcháin reachtacha a reáchtáladh go luath an 6 Deireadh Fómhair 2019; de bhrí gur nochtadh roinnt saincheisteanna struchtúracha agus rialtas Kurti ag teannadh lena dheireadh, lena n-áirítear cur isteach míchuí ar ghníomhaithe seachtracha in obair an Rialtais agus Thionól na Cosaive, neamhspleáchas na Cúirte Bunreachtúla, agus an easpa soiléireachta maidir le dlíthiúlacht na vótála ar an rialtas;

D.  de bhrí go raibh ann d’easpa comhordaithe idir gníomhaithe tras-Atlantacha le déanaí, agus go gcuirfidh rialtas nua na Stát Aontaithe deis nua ar fáil chun comhar níos fearr a bhaint amach;

E.  de bhrí gurb í an Chosaiv an t-aon tír sna Balcáin Thiar a gcaithfidh a cuid saoránach víosa a bheith ina seilbh acu chun taisteal chuig Limistéar Schengen in ainneoin na dtagarmharcanna uile don léirscaoileadh víosaí a bheith comhlíonta ó 2018 i leith;

F.  de bhrí go bhfuil scáthgheilleagar na Cosaive ag cur bac ar an bhforbairt fhoriomlán ar gheilleagar inmharthana sa tír;

G.  de bhrí nach foláir don Chosaiv cur lena hiarrachtaí chun an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus nach foláir di institiúidí láidre, comhleanúnacha agus neamhspleácha a fhorbairt chun na saincheisteanna sin a réiteach;

H.  de bhrí gur éirigh an t-iar-Uachtarán, Hashim Thaçi, as oifig an 5 Samhain 2020 chun aghaidh a thabhairt ar chúisimh atá curtha ina leith maidir le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna ag Sain-Dlísheomraí na Cosaive sa Háig; de bhrí gur deimhníodh an díotáil i gcoinne Thaçi, an 30 Samhain 2020; de bhrí gurb í Vjosa Osmani, Spéicéir Thionól Náisiúnta na Cosaive, atá ag gníomhú mar Uachtarán na Cosaive;

I.  de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gCosaiv maidir lena creat dlíthiúil a chur in oiriúint do acquis AE ach gur gá di treisiú a dhéanamh ar a cuid iarrachtaí agus cur lena hacmhainní chun dlíthe agus rialacha nua a chur chun feidhme go héifeachtach ar bhealach níos tiomanta agus níos dáiríre ar fud na réimsí beartais;

J.  de bhrí, de réir Rialtas na Cosaive, go bhfuil aitheantas tugtha ag 117 dtír do neamhspleáchas na Cosaive, lena n-áirítear 22 thír de 27 mBallstát AE;

K.  de bhrí gur ualach gan fasach é paindéim COVID-19 ar chórais sláinte, ar gheilleagar agus ar chórais cosanta sóisialta na Cosaive, agus gur léiríodh go soiléir nach foláir do AE agus do na Balcáin Thiar leanúint de dhul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna i gcomhar le chéile;

L.  de bhrí go ndearna AE níos mó ná EUR 3.3 billiún i dtacaíocht airgeadais a shlógadh do thíortha sna Balcáin Thiar chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair agus chun tionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19 sa réigiún a mhaolú;

M.  de bhrí gurb é AE an soláthraí cúnaimh agus cabhrach is mó atá ag an gCosaiv lena maolaítear iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19; de bhrí go bhfuil EUR 5 mhilliún faighte ag an gCosaiv chun tacaíocht láithreach a thabhairt don earnáil sláinte, EUR 63 mhilliún de thacaíocht dá téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch, EUR 60 milliún i gcistí cúnaimh agus EUR 100 milliún de chúnamh macra-airgeadais;

N.  de bhrí go n-éascófar an téarnamh fadtéarmach tar éis phaindéim COVID-19 leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, lena dtacófar leis an bhforbairt eacnamaíoch agus leis na hathchóirithe sa réigiún;

O.  de bhrí gur thairbhigh an Chosaiv den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), le leithdháileadh táscach iomlán EUR 602.1 milliún do 2014-2020, agus de bhrí gur gá don Chosaiv a hacmhainneacht ionsúcháin a fheabhsú tuilleadh ina leith sin;

P.  de bhrí go sáraíonn rannpháirtíocht AE leis na Balcáin Thiar a rannpháirtíocht le haon chomhpháirtí eile, agus go léirítear leis sin gealltanas straitéiseach frithpháirteach;

Tiomantas i leith méadú

1.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach agus láidir na Cosaive don dul chun cinn ar a conair Eorpach agus chun dlús a chur le hathchóirithe, mar aon leis an tacaíocht láidir atá ann i measc phobal na Cosaive dá féiniúlacht Eorpach;

2.  á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn teoranta atá déanta i gcur chun feidhme ERA 1, agus aitheantas á thabhairt aici do thiomantas an rialtais do phróiseas leathan athchóirithe dá bhforáiltear le ERA 2; á iarraidh ar údaráis na Cosaive úinéireacht a ghlacadh ar an bpróiseas, toil pholaitiúil níos fearr a léiriú agus an acmhainneacht riaracháin a fheabhsú ar mhaithe le feabhas a chur ar chur chun feidhme na n-athchóirithe a bhaineann le AE;

3.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di díscaoileadh na hAireachta um Lánpháirtiú AE, agus á iarraidh ar Rialtas na Cosaive iar-struchtúir na hAireachta a chomhtháthú go hiomlán agus go cuí de réir mar a fhoráiltear dóibh leis an Rialachán nua-fhormheasta maidir le Struchtúr Eagraíochtúil Oifig an Phríomh-Aire, mar aon lena áirithiú go dtabharfar don struchtúr nua an leibhéal inniúlachta agus freagrachtaí is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an próiseas lánpháirtíochta a chomhordú agus a stiúradh go cuí;

4.  á chur in iúl gur geal léi stiúradh síochánta agus ordúil na dtoghchán reachtach a reáchtáladh an 6 Deireadh Fómhair 2019 agus an 14 Feabhra 2021, ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa iomaíochta, saoirse rogha agus saoirse chun tuairimí a nochtadh i bpobal Seirbiach na Cosaive, mar aon le fadhbanna a bhaineann leis na vótaí ‘lasmuigh den Chosaiv’; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh ar fad a shainaithin EU EOM agus ar na moltaí a rinne siad; ag dréim leis go dtabharfaidh na fórsaí polaitiúla uile urraim don chultúr daonlathach agus do thoil shaoránaigh na Cosaive nuair a bheidh rialtas nua á bhunú acu agus Uachtarán nua á thoghadh acu;

5.  á chur in iúl gur oth léi go leanann an Chosaiv de bheith ag streachailt le héagobhsaíocht pholaitiúil i ndiaidh na dtoghchán agus, ina leith sin, á iarraidh ar na fórsaí polaitiúla go léir sa Chosaiv an córas polaitiúil a athchóiriú trí athruithe bunreachtúla chun feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar an bpróiseas chun rialtais nua a bhunú;

6.  á chur in iúl gur geal léi deimhniú an Choimisiúin ina thuarascáil 2020 ar an gCosaiv maidir lena mheasúnú ar chumas na Cosaive tairbhiú den chóras léirscaoilte víosaí, agus á iarraidh ar an gComhairle leanúint ar aghaidh ar bhonn práinne le córas taistil gan víosa do shaoránaigh na Cosaive a ghlacadh; á mheabhrú, ina leith sin, go leanann an Chosaiv de thagarmharcanna uile an treochláir um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh, mar a dhearbhaigh an Coimisiún go comhsheasmhach ó mhí Iúil 2018;

7.  á chur in iúl gur oth léi nár éirigh fós leis an gComhairle le linn 2020 léirscaoileadh víosaí don Chosaiv a ghlacadh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfeabhsófar an chobhsaíocht le léirscaoileadh víosaí agus go mbeidh caidreamh níos dlúithe ag an gCosaiv le AE trí éascú a dhéanamh ar thaisteal agus gnó; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar ag leithlisiú shaoránaigh na Cosaive ar chur chun feidhme chláir AE, agus go bhfuil deiseanna a bhfuil géarghá leo á gceilt ar shaoránaigh na Cosaive leis an easpa cinnidh ón gComhairle, lena lagaítear inchreidteacht AE, agus go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar Idirphlé Bhéalgrád-na Pristine;

8.  á iarraidh ar Bhallstáit AE tiomantas leanúnach don mhéadú a léiriú, agus beartas cumarsáide níos éifeachtaí a shaothrú ionsar shaoránaigh AE maidir leis an méadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Oifig AE sa Chosaiv dlús a chur lena n-iarrachtaí i gcur chun cinn an róil, ceanglas agus sochar a bhaineann le comhpháirtíocht níos dlúithe a bheith idir AE agus an Chosaiv;

9.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Rialtas na Cosaive deireadh a chur le taraifí ar allmhairí ón tSeirbia agus ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, lenar lamháladh don idirphlé arna éascú ag AE a atosú;

10.  ag tabhairt dá haire síniú na gcomhaontuithe maidir le normalú eacnamaíoch ag an gCosaiv agus ag an tSeirbia an 4 Meán Fómhair 2020 in Washington; á chur in iúl gur oth léi, áfach, forálacha sa téacs lena gceanglaítear ar an gCosaiv chun staonadh ó bhallraíocht a lorg in eagraíochtaí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite na Stát Aontaithe, agus á chur i bhfios go láidir gur gá do AE agus do na Stáit Aontaithe a gcomhpháirtíocht agus a gcomhordú sna Balcáin Thiar a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gné thábhachtach é an comhar trasatlantach don chobhsaíocht sa réigiún, agus á chur i bhfáth ról ceannasach AE mar idirghabhálaí sa phróiseas chun an caidreamh idir an Chosaiv agus an tSeirbia a normalú;

11.  á chur in iúl gur oth léi oscailt Ambasáid na Cosaive in Iarúsailéim in Iosrael, ar rud é a théann i gcoinne sheasamh an Aontais Eorpaigh maidir leis an réiteach dhá stát ar dhíospóid Iosrael-na Palaistíne;

12.  ag aithint rannchuidiú tábhachtach Fhórsa na Cosaive (KFOR) agus na Stát rannpháirteach le timpeallacht shlán agus shábháilte agus le saoirse gluaiseachta do gach saoránach sa Chosaiv a choimeád, mar aon le héascú a dhéanamh ar lánpháirtiú Eora-Atlantach na mBalcán Thiar;

13.  á iarraidh go ndéanfaí deiseanna nua a chruthú le haghaidh idirphlé ardleibhéil polaitiúil agus beartais le tíortha na mBalcán Thiar, trí chruinnithe mullaigh rialta idir AE agus na Balcáin Thiar agus trí theagmhálacha treisithe aireachta; á iarraidh go gcuirfí tíortha na mBalcán Thiar san áireamh go hiomchuí i gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach acu inti;

Daonlathas agus an smacht reachta

14.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ar an gcreat dlíthiúil maidir leis an smacht reachta a oiriúnú, lena n-áirítear an Dlí maidir le dliteanas araíonachta na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí agus an Dlí maidir le hidirghabháil, mar aon leis an bhfeidhmiú céimneach ar chóras leictreonach bainistithe cásanna agus ar chlár lárnach na dtaifead coiriúil; á chur in iúl, áfach, gur oth léi leibhéal íseal an chur chun feidhme;

15.  á iarraidh ar údaráis na Cosaive dlús a chur lena n-iarrachtaí chun na dlíthe a fhorfheidhmiú ar mhaithe lena saoránaigh, mar aon le comhordú níos fearr a áirithiú i leith cláir éagsúla maidir leis an smacht reachta a fhaigheann tacaíocht ó dheontóirí éagsúla, lena n-áirítear athbhreithniú foriomlán agus straitéis ina dhiaidh sin a fhorbairt d’earnáil an smachta reachta ina hiomláine;

16.  á chur i bhfáth an gá atá le treisiú a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di díothú an táscfhórsa speisialta frith-éillithe i bhfórsa póilíneachta na Cosaive (KP); ag cur i bhfios go láidir go bhfuil gá le toil láidir pholaitiúil chun an t-éilliú a chomhrac go héifeachtach, agus á iarraidh ar údaráis na Cosaive diongbháilteacht a léiriú chun an t-éilliú a chomhrac ar gach leibhéal;

17.  ag tathant ar an rialtas eintitis láidre agus thiomnaithe a chruthú agus a chothabháil a rachaidh i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus leis an éilliú, agus á iarraidh go gcuirfear deireadh le haon athruithe sna hinstitiúidí forfheidhmithe dlí agus frith-éillithe a bheidh bunaithe ar leasanna polaitiúla páirtí;

18.  á iarraidh ar an gCosaiv feabhas a chur ar chur chun feidhme a mbeart rialála maidir le sócmhainní a reo, a choigistiú agus a aisghabháil, agus maidir le ciontuithe deiridh i gcásanna éillithe ardleibhéil, coireachta eagraithe agus airgeadais, sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear bearta fionraí d’oifigigh phoiblí a dhíotáiltear as na cionta sin, agus a áirithiú nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla na gcomhlachtaí forfheidhmithe dlí ná ar oifig an ionchúisitheora;

19.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di, in ainneoin creat normatach leordhóthanach, go leantar de bheith ag baint an bhoinn ó chóras ceartais na Cosaive le heasnaimh chuntasachta, saincheisteanna trédhearcachta agus cur isteach polaitiúil; á chur in iúl gur oth léi an easpa torthaí inláimhsithe sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, agus go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfar níos mó dul chun cinn maidir le feabhas a chur ar a chuntas teiste maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh an éillithe ardleibhéil agus cásanna coireachta eagraithe, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar gáinneáil ar dhaoine agus ar dhrugaí, agus an chibearchoireacht;

20.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chomhairle Bhreithiúnach sa Chosaiv bearta lena gcabhrófar le teorainn a chur le cur isteach seachtrach agus le tionchar míchuí ar imeachtaí breithiúnacha; á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar líon na mbreithiúnas críochnaitheach cúirte a foilsíodh; á chreidiúint go bhfuil gá le bearta thairis sin chun neamhspleáchas agus dípholaitiú méadaithe i gcás na mbreithiúna a áirithiú agus chun stop a chur le cur isteach míchuí i gcásanna ardphróifíle;

21.  á iarraidh ar an gCosaiv a áirithiú go mbeidh tuarascálacha airgeadais agus iniúchóireachta ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla ar fáil go comhsheasmhach, agus go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm nuair is gá; ag tabhairt dá haire freisin an gá atá le feabhas a chur ar mhaoirseacht airgeadais agus ar chuntasacht na bhfiontar atá faoi úinéireacht phoiblí; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra le haghaidh an Dlí nua maidir le Maoiniú Páirtithe Polaitiúla, agus ag spreagadh Thionól na Cosaive creat dlíthiúil a ghlacadh lena rialálfar maoiniú do pháirtithe polaitiúla i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise;

22.  á athdhearbhú go bhfuil roghnúcháin agus ceapacháin chuig poist ardleibhéil cinnteoireachta sa státseirbhís agus i bhfiontair atá faoi úinéireacht phoiblí fós ina gcúis mhór bhuartha, agus ag tabhairt dá haire gur gá ceapacháin le haghaidh poist den sórt sin a dhéanamh ar bhonn próiseas atá bunaithe ar fhiúntas, atá cothrom agus iomaíoch; ag aithint iarrachtaí Rialtas na Cosaive trí mheabhráin tuisceana a shíniú leis an Ríocht Aontaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas sin; á iarraidh an athuair go mbeidh ann do dhul chun cinn agus do thiomantas soiléir polaitiúil i leith athchóiriú a dhéanamh ar an riarachán poiblí, rud is féidir a bhaint amach trí chur chun feidhme reachtaíochta ábhartha a chur chun cinn;

23.  á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá tagtha ar eagrú obair Thionól na Cosaive agus ar bhainistiú na seisiún iomlánach bunaithe ar a rialacha nós imeachta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa córaim ar minic leis a bheith ann agus an moilleadóireacht leanúnach san obair pharlaiminteach, lena ndearnadh dochar go háirithe don phróiseas chun an pacáiste fóirithinte a bhaineann leis an bpaindéim a ghlacadh;

24.  á chur in iúl gur oth lé nach raibh Tionól na Cosaive in ann an dara pacáiste téarnaimh eacnamaíoch a rith ar an gcéad iarracht, á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cobhsaíocht pholaitiúil, agus á iarraidh ar an Tionól agus ar an rialtas oibriú le chéile de mheon inchiallaithe, agus cloí le dea-chleachtas parlaiminteach;

25.  ag moladh iarrachtaí na Cosaive sa chomhrac i gcoinne an radacaithe, na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh, lena n-áirítear an srian ar eis-sreabhadh na dtrodaithe eachtracha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun aghaidh a thabhairt ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, mar aon le hathshlánú agus ath-lánpháirtiú na dtrodaithe eachtracha;

26.  á iarraidh go mbeidh comhar réigiúnach gníomhach agus comhordú agus malartú faisnéise níos fearr ann idir seirbhísí slándála Phoblacht na Cosaive agus AE agus a Bhallstáit chun gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhrac; ag tathant ar an gCosaiv aghaidh a thabhairt ar an radacú ar líne agus ar na tionchair antoisceacha sheachtracha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Chosaiv leis an iarracht thábhachtach seo;

27.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí atá á ndeanamh ag tríú tíortha i leith tacú leis an radacú, go háirithe radacú daoine óga, ar minic leo acmhainní suntasacha a mhaoiniú nó a chur ar fáil amhail d’institiúidí oideachas sa Chosaiv, lena bhféadfaí an radacú a chothú, agus go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag an staid reatha a bhaineann le COVID ar iarrachtaí díradacaithe, i bhfianaise na staide eacnamaíche atá ag dul in olcas;

28.  á chur in iúl gur geal léi an Socrú Oibre a tugadh chun críche idir Póilíní na Cosaive agus Europol, a bheidh mar bhonn don chomhar feabhsaithe sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais agus i gcoinne na coireachta eagraithe trasnáisiúnta, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme é a luaithe is féidir;

29.  á chur i bhfios go bhfuil thart ar 250 000 arm neamhdhleathach i seilbh shaoránaigh na Cosaive de réir meastachán a rinneadh le déanaí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid scáfar sin a bhfuil tionchar diúltach aige ar an tslándáil phoiblí; á iarraidh ar údaráis na Cosaive dlús a chur lena n-iarrachtaí chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus clár éifeachtach a sheoladh chun na hairm sin a choigistiú nó a thabhairt suas go deonach do na póilíní;

30.  ag moladh na Cosaive as a comhar leanúnach agus cuiditheach ó thaobh na himirce de agus as an laghdú leanúnach ar líon na n-iarrataí ar thearmann agus ar athligean isteach ó shaoránaigh na Cosaive, mar aon le dea-chomhar údaráis na Cosaive i ndáil le hathligean isteach;

31.  ag tabhairt dá haire go dearfach glacadh an Rialachán maidir le Lánpháirtiú na nEachtrannach, agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go hiomlán é; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochtaí chun acmhainneacht riaracháin agus fhorfheidhmithe a áirithiú agus chun dul i ngleic le dúshláin na himirce, lena n-áirítear smuigleáil imirceach;

32.  ag athdhearbhú a lántacaíocht d’obair Shain-Dlísheomraí na Cosaive (KSC) agus d’obair Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe, ar léiriú tábhachtach iad ar thiomantas na Cosaive don smacht reachta, agus ar chun leasa na Cosaive freisin iad a gcuid oibre; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go bhféadfaidh na Sain-Dlísheomraí leanúint de bheith ag obair go neamhspleách, gan aon chur isteach seachtrach; á chur in iúl gur geal léi an síneadh atá curtha le sainordú KSC agus lena chuid oibre sa Háig;

33.  á chur in iúl gur geal léi an síneadh atá curtha le sainordú mhisean EULEX, agus á iarraidh ar an gCosaiv comhoibriú go hiomlán le EULEX agus leis na Dlísheomraí Speisialaithe agus le hOifig an Ionchúisitheora Speisialaithe de mheon macánta; á chur in iúl gur oth léi na hiarrachtaí chun an bonn a bhaint ó shainordú EULEX; ag athdhearbhú a hiarrata ar EULEX a éifeachtacht a mhéadú agus cloí leis na caighdeáin is airde trédhearcachta agus le cur chuige neamhfhulaingthe i leith an éillithe;

34.  á chur in iúl gur geal léi glacadh an dlí maidir le Rochtain ar Dhoiciméid Phoiblí; á mholadh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun trédhearcacht a mhéadú agus chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chaiteachas poiblí, lena n-áirítear tríd an gcóras soláthair phoiblí a fheabhsú;

35.  á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a cuireadh i gcrích chun acmhainneacht chibearshlándála a fhorbairt, go háirithe trína chéad Straitéis Náisiúnta Chibearshlándála a ghlacadh; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go gcoinneofar an móiminteam sin chun forfheidhmiú iomlán na dtionscnamh reachtach sa réimse sin a chumasú agus chun dul i ngleic leis an nganntanas gairmithe oilte in TFC agus sa chibearshlándáil;

Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a urramú

36.  ag tabhairt dá haire go ráthaítear go ginearálta le creat dlíthiúil agus institiúideach na Cosaive don chosaint ar chearta an duine, ar mhionlaigh agus ar na cearta bunúsacha; á chur i bhfios go láidir gur ann fós do dhúshláin ó thaobh a chur chun feidhme de, go háirithe maidir le cearta teanga, lena n-áirítear craoltóireacht ilteangach, lena ndéanann a n-easpa tionchar a imirt ar rochtain na bpobal mionlaigh ar fhaisnéis, agus ar rud é a rinne díobháil ar leith le linn phaindéim COVID-19;

37.  á iarraidh ar an gCosaiv oideachas stáit atá comhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil i dteangacha mionlaigh, agus rochtain ar dhoiciméid oifigiúla i ngach teanga oifigiúil ar fud na Cosaive a áirithiú, mar aon le comhdheiseanna, ionadaíocht leormhaith sa saol polaitiúil, rochtain ar riarachán poiblí agus ar na breithiúna;

38.  á iarraidh go ndéanfaí cosaint agus cuimsiú níos fearr ar dhaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear Romaigh, Aisceailígh, Éigiptigh, Seirbiaigh, Bosnaigh, Turcaigh agus Goráinigh, mar aon le daoine faoi mhíchumais agus daoine easáitithe, trí chúram sláinte agus cosaint shóisialta leormhaith a sholáthar dóibh, go háirithe le linn phaindéim COVID-19 agus i bhfianaise a iarmhairtí socheacnamaíocha;

39.  á thathant go ndéanfaí iarrachtaí níos fearr ar mhaithe leis an idirdhealú agus an frithghiofógachas a chomhrac; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an t-idirdhealú sóisialta in aghaidh na bpobal Romach, Aisceailíoch agus Éigipteach, a n-eisiamh ón gcinnteoireacht pholaitiúil agus shóisialta, agus an easpa leanúnach acmhainní agus rochtain ar dheiseanna fostaíochta, ceartas, seirbhísí poiblí, tithíocht, cúram sláinte, córais séarachais, agus uisce reatha;

40.  ag tabhairt dá haire gur oth léi nach ndearna an Tionól breithniú fós ar an achainí ó bheagnach 500 duine, ar mar Bhulgáraigh a bhí a bhféiniúlacht ag luí riamh anall, a cláraíodh ag Tionól na Cosaive i mí na Bealtaine 2018; á chur i bhfios go láidir an gá atá le catagóir ‘Bulgárach’ a chur leis an dara daonáireamh náisiúnta sa Chosaiv, atá sceidealaithe a reáchtáil in 2021;

41.  ag tabhairt dá haire an mhainneachtain i leith shaoirse airgeadais agus eagarthóireachta an chraoltóra phoiblí a áirithiú; á athdhearbhú gur gá trédhearcacht na meán a ráthú, lena n-áirítear úinéireacht na meán, mar aon le neamhspleáchas na meán, lena n-áiritheofar go mbeidh sé saor ó aon tionchar polaitiúil; á iarraidh go gceapfar Ceann an Chláir Oibre Faisnéise agus Príobháideachta go mear;

42.  á chur i bhfáth an gá atá le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne bagairtí agus ionsaithe ar iriseoirí, agus deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós i gcás na gcoireanna sin; á aithint go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh cumhdaithe i mBunreacht na Cosaive, in ainneoin na ndúshlán sin, agus go bhfuil timpeallacht iolraíoch, bhríomhar ann do na meáin;

43.  á mholadh go mbunófaí craoltóir poiblí ilnáisiúnta agus ilteangach a thabharfadh daoine le chéile agus a chuirfeadh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas chun cinn i measc Stáit Oirdheisceart na hEorpa, lena leanfaí de shampla ARTE;

44.  á chur in iúl gur oth léi an méadú ar líon chásanna SLAPP (Dlíthíocht Straitéiseach in aghaidh Rannpháirtíocht Phoiblí), a mbaintear úsáid as chun iriseoirí agus daoine aonair a bhagairt agus a agairt chun iad a chur ina dtost agus chun díospóireacht phoiblí a dhéanamh dodhéanta;

45.  á chur in iúl gur geal léi glacadh an Dlí maidir le Cosaint Sceithirí, agus ag moladh ghlacadh na reachtaíochta breise uile is gá ar mhaithe lena chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil; á iarraidh, ina leith sin, go gceapfar an Coimisinéir um Ghníomhaireacht Faisnéise agus Príobháideachta go mear;

46.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na feachtais bhréagaisnéise chun státacht na Cosaive a dhídhlisteanú; á iarraidh go neartófaí an comhar Eorpach leis an gCosaiv maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí hibrideacha lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint ó pheirspictíocht Eorpach an réigiúin, agus go ndéanfaí feachtais réigiúnacha bhréagaisnéise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhéim níos straitéisí a leagan ar ábharthacht AE do shaoránaigh sa réigiún;

47.  ag meabhrú an naisc láidir atá idir laigí i saoirse na meán agus deiseanna do ghníomhaithe áitiúla agus eachtracha chun ionramháil a dhéanamh ar fhíricí agus chun bréagaisnéis a scaipeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS comhoibriú go dlúth ar na naisc sin agus ar dhúshláin fhorluiteacha, mar aon le cothú a dhéanamh ar chruthú ionaid barr feabhais maidir leis an mbréagaisnéis a bheidh dírithe ar na Balcáin;

48.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh d’aon toil ó Thionól Phoblacht na Cosaive an 25 Meán Fómhair 2020 chun éifeacht dhíreach a thabhairt do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl); ag dréim leis go ngluaisfidh Rialtas na Cosaive go mear chun inneachar an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme agus na hacmhainní agus an bonneagar is gá a chur ar fáil chuige sin;

49.  á chur in iúl gur geal léi glacadh chlár um chomhionannas inscne na Cosaive, mar aon le hobair Chácas na mBan i dTionól na Cosaive; á iarraidh ar údaráis na Cosaive dlús a chur lena n-iarrachtaí i leith comhionannas inscne a chur chun cinn agus neartú a dhéanamh ar sheasamh eacnamaíoch na mban, lena n-áirítear trí thosaíocht a thabhairt do phríomhshruthú inscne agus do chomhar breise leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí na mban, mar aon le timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach ar bhonn níos fearr d’ionadaíocht na mban i bpoist chinnteoireachta, agus trína áirithiú nach mbunófar steiréitíopaí agus idirdhealú le téacsleabhair scoile; á iarraidh, ina leith sin, go mbeadh na mná rannpháirteach san fhoireann caibidlíochta atá freagrach as idirphlé Bhéalgrád-na Pristine; á éileamh ar an mbonn céanna go dtacóidh AE leis an dícheall sin agus leis na hiarrachtaí sin agus go gcloífidh AE leis na moltaí thuasluaite;

50.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di ráta neamhghníomhaíochta na mban, lena n-áirítear i ngeall ar idirdhealú inscne leanúnach i margadh an tsaothair, agus á iarraidh ar údaráis na Cosaive feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair; ag tathant ar an gCosaiv an Dlí nua Saothair a oiriúnú chun saoire a rialú freisin ar mhaithe le hidirdhealú atá bunaithe ar inscne a sheachaint maidir le cearta a bhaineann le saoire mháithreachais, saoire atharthachta agus saoire do thuismitheoirí;

51.  á athdhearbhú go bhfuil scála an fhoréigin teaghlaigh agus inscne ina chúis bhuartha di; á chur in iúl gur geal léi na hathbhreithnithe a rinneadh ar an gCód Coiriúil ina leith sin, mar aon leis na feabhsuithe a tugadh faoi deara i dtuarascáil EULEX i dtaca le gnéithe áirithe den láimhseáil a dhéanann póilíní na Cosaive ar chásanna foréigin ghnéasaigh; ag tabhairt dá haire, áfach, gur cúis bhuartha fós iad an easpa ionchúisimh agus pionós tromchúiseach, saoirse ó phionós na ndéantóirí, córais neamhleora i gcás rianaithe agus bunachair sonraí cásanna, easpa acmhainní agus seirbhísí leormhaithe d’íospartaigh (scáthláin, ionaid scrúdaithe leighis, tacaíocht tráma, comhairleoireacht), oiliúint den scoth agus prótacail cóireála institiúidithe don chóras ceartais ina iomláine;

52.  á chur i bhfáth go raibh tionchar díobhálach ag paindéim COVID-19 ar mhná agus ar mhionlaigh trí neamhionannas a dhoimhniú, trí ghéarú a dhéanamh ar na fadhbanna atá cheana ann, lena n-áirítear an méadú ar fhoréigean teaghlaigh, agus á iarraidh ar Rialtas agus ar údaráis na Cosaive na saincheisteanna sin a chur san áireamh ina bhfreagairtí ar an bpaindéim;

53.  á chur in iúl gur geal léi glacadh an Dlí maidir le Cosaint Leanaí mar chéim shuntasach i gcosaint chearta an linbh sa Chosaiv; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhrac i gcoinne an fhoréigin in aghaidh leanaí; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní leormhaithe airgeadais agus daonna chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é; á chur i bhfios go bhfuil gá ar leith ann le dul i ngleic le fadhb leanúnach an phósta leanaí agus an phósta éigeantais, go háirithe sna pobail Romach, Aisceailíoch, agus Éigipteach, trí aois dhlíthiúil le haghaidh pósadh a thabhairt isteach agus trí ghníomhaíochtaí leormhaithe a áirithiú d’institiúidí forfheidhmithe dlí agus ceartais agus trí thuairisciú dóibh;

54.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn maidir leis an gcosaint ar chearta LADTI ar leibhéal na reachtaíochta agus ar leibhéal an bheartais; ag tabhairt dá haire, áfach, an gá atá leis an gcreat reachtaíochta frith-idirdhealaithe atá cheana ann a chur chun feidhme go hiomlán, agus á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú iomchuí ar chásanna fuathchoireachta in aghaidh daoine LADTI; á iarraidh ar an rialtas comhpháirtíochtaí comhghnéis a áireamh sa dréacht-Chód Sibhialta, amhail mar atá ráthaithe ag Bunreacht na tíre;

55.  ag moladh iarrachtaí leanúnacha údaráis na Cosaive i leith feabhas a chur ar chumas na sochaí sibhialta rannchuidiú go fóinteach le forbairt beartas; á iarraidh go mbeidh comhoibriú níos fearr ann idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta, agus go mbeidh an tsochaí shibhialta níos rannpháirtí i gceapadh beartas; á athdhearbhú go bhfuil gá le cuntasacht agus trédhearcacht fheabhsaithe i gcistiú poiblí don tsochaí shibhialta;

56.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa comhordaithe i measc deontóirí idirnáisiúnta, arna lua ag roinnt eagraíochtaí atá gníomhach sa tír; ag tathant ar Rialtas na Cosaive gníomhaíocht a dhéanamh chun nach ndéanfar dúbailt ar iarrachtaí agus nach mbeidh forluí neamhriachtanach ann, agus chun a chaidreamh le deontóirí idirnáisiúnta a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí;

57.  ag moladh obair an Ombudsman, atá ag dul as oifig, maidir le cultúr chearta an duine a chur chun cinn, agus á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar a mholtaí atá á gcur chun feidhme ag údaráis na Cosaive, lena rannchuidítear go héifeachtach, inter alia, le cosc a chur ar chéastóireacht agus ar chóir eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach;

Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta

58.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Cosaive chun caidreamh cuiditheach comharsanachta a chothabháil ar fud an réigiúin, agus chun ailíniú réamhghníomhach a dheanamh le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) AE; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Cosaive i leith tionscnaimh réigiúnacha, agus á iarraidh go ndéanfaí na hoibleagáidí faoi chreataí réigiúnacha éagsúla lena gcuirtear an cómhargadh réigiúnach chun cinn a chur chun feidhme ar bhonn leanúnach;

59.  á chur i bhfáth gur tosaíocht agus réamhchoinníoll d’aontachas an dá thír le AE é normalú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv, agus go mbeadh sé ríthábhachtach freisin chun cobhsaíocht agus rathúnas a áirithiú sa réigiún máguaird; ag aithint rannpháirtíocht mhéadaithe an dá thaobh san idirphlé arna éascú ag AE, agus á iarraidh go ndéanfar rannpháirtíocht ghníomhach agus chuiditheach san idirphlé atá á éascú ag AE faoi stiúir Ionadaí Speisialta AE, lena bhféachfar le comhaontú cuimsitheach a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaint amach i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

60.  á athdhearbhú a hiarrata go rachfar ar aghaidh leis na comhaontuithe uile a rinneadh go dtí seo a chur chun feidhme go hiomlán, de mheon macánta agus go tráthúil, lena n-áirítear bardais Chomhlachais/Chomhphobail de mhóramh Seirbiach a chur ar bun gan tuilleadh moille; á iarraidh ar SEGS sásra a bhunú chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe uile ar thángthas orthu go dtí seo agus chun tuairisciú ó am go chéile do Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na himeartha; á athdhearbhú, ina leith sin, go dtacaíonn sí go hiomlán le Miroslav Lajčák, Ionadaí Speisialta AE d’Idirphlé Bhéalgrád-na Pristine;

61.  ag tathant ar Rialtais na Seirbia agus na Cosaive staonadh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón iontaobhas atá idir na comhpháirtithe, agus a bheadh ina bhaol don idirphlé leanúint ar aghaidh ar bhonn cuiditheach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá nádúr il-eitneach na Cosaive agus na Seirbia araon, agus nár cheart stáit aonchineálacha eitneacha a bheith ina gcuspóir sa réigiún;

62.  á iarraidh ar an gCosaiv dul i ngleic le fadhbanna inmheánacha leanúnacha maidir lena cur chuige i leith an idirphlé, foireann thiomnaithe a chruthú don chaibidlíocht, mar aon le clár comhpháirteach caibidlíochta agus idirphlé idir an chomhghuaillíocht rialaithe agus na páirtithe freasúra; á chur i bhfáth nach foláir idirphlé Bhéalgrád-na Pristine a chur i gcrích go hoscailte agus go trédhearcach, agus gur cheart do na hoifigigh atá i gceannas air dul i gcomhairle go rialta le Tionól na Cosaive maidir lena fhorbairtí; á iarraidh ar an rialtas torthaí an idirphlé a chur in iúl ar bhonn níos fearr do shaoránaigh na Cosaive;

63.  ag tabhairt dá haire gur ann do chúig Bhallstát AE nár thug aitheantas don Chosaiv go fóill, agus ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaidís amhlaidh, agus chun tiomantas inchreidte Eorpach a athdhearbhú i leith an phróisis um méadú; á chur i bhfáth go bhfuil neamhspleáchas na Cosaive do-athraithe, agus go rachadh an t-aitheantas sin chun tairbhe don normalú ar an gcaidreamh idir an Chosaiv agus an tSeirbia, go bhfeabhsófaí agus go ndaingneofaí cobhsaíocht an réigiúin, agus go n-éascófaí lánpháirtiú an dá stát le AE;

64.  á chur in iúl gur geal léi an t-aitheantas a thug Iosrael do neamhspleáchas na Cosaive le déanaí faoi chuimsiú na gcomhaontuithe a síníodh in Washington, ach ag cáineadh fheachtas neamhaitheantais na Seirbia i gcoinne na Cosaive, a bhfuil roinnt tíortha tar éis a n-aitheantas a tharraingt siar mar thoradh air;

65.  ag moladh an dea-chomhair réigiúnaigh idir an Chosaiv agus an tSeirbia sa chomhrac in aghaidh leathadh phaindéim COVID-19, lena n-áirítear an comhar idir méaraí Mitrovica Thuaidh agus Theas agus an chumarsáid idir na hairí sláinte;

66.  á chur in iúl gur oth léi nár osclaíodh Droichead Mitrovica do gach trácht go fóill, d’ainneoin gur cuireadh na hoibreacha athchóirithe i gcrích; á iarraidh ar údaráis na Seirbia agus na Cosaive teagmhálacha duine le duine a chur chun cinn idir pobail áitiúla ar mhaithe leis an idirphlé a neartú, lena n-áirítear ar leibhéal neamhrialtasach; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar an gComhairle tacú leis an bPríomh-Aire agus lena fhoireann san idirphlé inmheánach athmhuintearais le Seirbiaigh na Cosaive lena gcuirfear ráthaíochtaí agus deiseanna nithiúla slándála ar fáil don lánpháirtiú socheacnamaíoch;

67.  ag tabhairt dá haire gur réamhchoinníoll riachtanach é taisteal gan víosa idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv chun an comhar réigiúnach a leathnú;

68.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin chun infheistíocht níos straitéisí a dhéanamh sna Balcáin Thiar trí phlean tiomnaithe Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) do na Balcáin Thiar; á aithint a thábhachtaí atá EIP ó thaobh tacú leis an nascacht inbhuanaithe, leis an gcaipiteal daonna, leis an iomaíochas agus leis an bhfás cuimsitheach de, mar aon leis an gcomhar réigiúnach agus trasteorann a atreisiú; á chur i bhfáth nach foláir go mbeadh aon infheistíocht i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe AE;

69.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh faoina mbunófaí an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM); á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an obair a dhéanann an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO), agus a chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na Cosaive; ag athdhearbhú an ghá atá le teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó bhardais an tuaiscirt, agus iad a lánpháirtiú i struchtúir shocheacnamaíocha na tíre;

70.  á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun déileáil le hiarrataí ó ghaolta daoine atá ar iarraidh, cartlanna cogaidh a oscailt, agus faisnéis a nochtadh faoi dhaoine ó aimsir chogadh na Cosaive, 1998-99, a liostaítear mar dhaoine atá fós ar iarraidh; á thathant go gcuirfí chun feidhme straitéis Chomhairle Ionchúisitheora na Cosaive maidir le coireanna cogaidh a gcuirtear isteach go mór uirthi fós i ngeall ar shaincheisteanna polaitiúla, easpa acmhainní agus easpa comhar idirnáisiúnta agus réigiúnach;

71.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le faisnéis maidir le láithreáin uaighe agus le himscrúdú agus breithniú a dhéanamh ar gach coir chogaidh chun ceartas a chur ar fáil d’íospartaigh; á iarraidh ar an tSeirbia imscrúdú a dhéanamh ar iarsmaí na dtrí chorp a dí-adhlacadh go dtí seo le linn cuardach a dhéanamh ar olluaigh i sráidbhaile Kizevak i mbardas Raska atá gar do theorainn na Cosaive ar thángthas uirthi i mí na Samhna 2020, agus go gcreidtear gur Albánaigh na Cosaive iad;

72.  ag moladh na Cosaive as an gcómhaireachtáil shíochánta atá ann i measc na bpobal reiligiúnach agus á thabhairt chun suntais an tábhacht a bhaineann le cosaint leanúnach ar oidhreacht chultúrtha agus chearta maoine na bpobal reiligiúnach uile; ag spreagadh údaráis na Cosaive úsáid a bhaint as an oidhreacht chultúrtha mar bhealach chun pobail éagsúla a thabhairt le chéile agus oidhreacht il-eitneach chultúrtha agus reiligiúnach na tíre a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí;

73.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an treocht atá ag dul i méid ionsar an aonteangachas agus an easpa tuisceana ar theangacha éagsúla de chuid phobail na Cosaive, go háirithe i measc daoine óga; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, an gá atá le teangacha a chéile a fhoghlaim, ardáin a thabhairt isteach chun idirghníomhú a dhéanamh, an córas oideachais a oiriúnú, agus dul i ngleic le tearcionadaíocht na bpobal neamh-thromlaigh sa státseirbhís;

74.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil cobhsaíocht agus rathúnas fadtéarmach na Cosaive fós ag brath ar fhorbairt ar an gcaidreamh idir Albánaigh na Cosaive agus Seirbiaigh na Cosaive, agus go bhfuil na fórsaí polaitiúla uile freagrach as cultúr polaitiúil a chaomhnú agus a thacú atá bunaithe ar chaoinfhulaingt, cuimsiú agus comhthuiscint agus comhurraim;

Geilleagar

75.  ag tabhairt dá haire go mbeidh gá le tacaíocht láidir pholaitiúil, cur chun feidhme éifeachtach agus dlúthfhaireachán chun geilleagar mór neamhfhoirmúil na Cosaive a chomhrac, geilleagar atá ina bhac suntasach ar a hearnáil phríobháideach a fhorbairt agus a bhaineann d’acmhainneacht an stáit seirbhísí poiblí ar dhea-chaighdeán a chur ar fáil;

76.  á iarraidh ar údaráis na Cosaive agus ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do FBManna ar mhaithe le geilleagar inmharthana a fhorbairt don Chosaiv;

77.  á chur i bhfáth an gá atá le bearta gníomhacha maidir le margadh an tsaothair a chur chun feidhme ar bhonn práinne, lena n-áirítear uas-sciliú, gairmoideachas agus oiliúint ar an láthair oibre, chun an fhostaíocht i measc grúpaí leochaileacha a mhéadú; á chur i bhfios go láidir gur cheart an córas oiliúna agus oideachais a athchóiriú chun déileáil le riachtanais an tsaothair agus an mhargaidh, agus á iarraidh go gcuirfí daoine a bhaineann le grúpaí mionlaigh san áireamh i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeart fostaíochta; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé deiseanna breise a chruthú don óige agus do mhná;

78.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di eisimirce ollmhór na n-oibrithe ardoilte ón gCosaiv, agus á iarraidh go dtabharfaí isteach bearta cuimsitheacha socheacnamaíocha chun aghaidh a thabhairt ar an meath déimeagrafach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar thíortha na mBalcán Thiar straitéis réigiúnach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíocht leanúnach i measc na hóige trí dhul i ngleic leis an neamhréir scileanna idir an córas oideachais agus margadh an tsaothair, lena bhfeabhsófar cáilíocht an teagaisc, agus lena n-áiritheofar cistiú leormhaith do bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair agus do scéimeanna gairmoiliúna, mar aon le saoráidí leormhaithe oideachais do chúram leanaí agus don réamhscolaíocht;

79.  á iarraidh go gcuirfear feabhas suntasach ar an oideachas agus ar cháilíocht an oideachais; ag tathant ar an gCosaiv oibriú chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtaca le hathchóiriú scoile, lena soláthrófar na hábhair foghlama riachtanacha agus na dálaí fisiciúla cuí do na mic léinn uile, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar an oideachas le linn na paindéime reatha;

80.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Cosaive a bheith rannpháirteach i miontionscnamh Schengen mar bhealach chun dea-chaidreamh comharsanachta a fheabhsú agus deiseanna nua a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na Cosaive;

81.  á chur in iúl gur geal léi go dtairbheoidh an Chosaiv freisin de Mhargadh Aonair Digiteach AE, agus ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh gá le hinfheistiú a dhéanamh sa digiteáil chun feabhas a chur ar sheirbhísí do na saoránaigh, lena n-íoslaghdófar an bhearna dhigiteach, agus lena n-áiritheofar rochtain chomhionann ar an idirlíon, lena n-áirítear do na grúpaí is leochailí agus i limistéir thuaithe; ag tabhairt dá haire an acmhainneacht mhór a bhaineann leis an digiteáil maidir le geilleagar na Cosaive a fhorbairt;

82.  á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe nua maidir le Fánaíocht Réigiúnach a síníodh i mí Aibreáin 2019 mar shampla soiléir den chaoi ar féidir leis an gcomhar réigiúnach sochair nithiúla a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an réigiúin;

83.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an córas sláinte faoi bhrú ón bpaindéim; ag tathant ar an gCosaiv earnáil na sláinte a neartú chun seirbhísí sláinte príomhúla leormhaithe agus inrochtana a chur ar fáil dá saoránaigh uile, go háirithe trí bhíthin sochair shóisialta atá bunaithe ar riachtanais do na grúpaí is mó atá buailte ag géarchéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur fhág líon mór gairmithe sláinte an Chosaiv, rud atá ag cur tuilleadh leis an meath ar ann dó i ngeall ar easpa gairmithe cúraim sláinte, agus a bhfuil drochthionchar aige ar an gcóras cúraim sláinte;

84.  ag tabhairt dá haire go ndearnadh géarú ar na laigí struchtúracha le paindéim COVID-19, go háirithe i ngeall ar an moill ar ghlacadh an dlí maidir le téarnamh eacnamaíoch, agus ag tathant ar údaráis na Cosaive athchóirithe struchtúracha éifeachtacha a chur chun feidhme chun tionchar na paindéime a mhaolú agus dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch iar-ghéarchéime, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an easpa árachais sláinte poiblí, mar aon leis an tsaincheist maidir leis na hinniúlachtaí idir an tUachtarán agus an Príomh-Aire a roinnt agus iad i mbun an phaindéim a láimhseáil, mar a léiríodh nuair a bhí staid éigeandála á dhearbhú chun dianghlasáil a chur i gcrích ar fud na tíre;

85.  á athdhearbhú go ndearna AE tacaíocht shuntasach a shlógadh go mear do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic leis an éigeandáil sláinte ar de shiocair phaindéim COVID-19 í agus le téarnamh socheacnamaíoch an réigiúin; ag tabhairt dá haire an glacadh d’os cionn EUR 138 milliún i gcúnamh don Chosaiv trí chláir IPA 2019 agus IPA 2020, as a ndearnadh EUR 50 milliún a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le titim shóisialta agus eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma;

86.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht na hEorpa, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Chosaiv agus do stáit eile na mBalcán Thiar ina n-iarrachtaí srian a chur leis an bpaindéim; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Chosaiv a chur san áireamh i soláthair comhpháirteach AE le haghaidh vacsaíní, agus méid leordhóthanach vacsaíní COVID-19 a leithdháileadh ar shaoránaigh thíortha uile na mBalcán Thiar;

87.  á iarraidh go gcuirfear feabhas ar bhailiú ioncaim agus go mbeidh ann do mhaoirseacht níos fearr ar fhiontair atá faoi úinéireacht phoiblí; ag moladh an dul chun cinn bunaidh i dtaca le fiachas cánach a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun ioncam ó cháin a ardú tríd an ngeilleagar neamhfhoirmiúil a laghdú agus trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht an bhailithe ioncaim cánach, lena bhféadfaí tuilleadh cistiúcháin a dhaingniú do réimsí tosaíochta, lena n-áirítear an t-oideachas agus an tsláinte;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

88.  á iarraidh ar na húdaráis ailíniú le caighdeáin agus le cuspóirí beartais AE a áirithiú ó thaobh chosaint na haeráide agus an chomhshaoil de, i gcomhréir leis na gealltanais a rinneadh faoi Chomhaontú Pháras agus leis an gcuspóir straitéiseach ó thaobh neodracht charbóin de a bhaint amach faoi 2050 mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, agus á iarraidh ar an gCosaiv oibriú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip do na Balcáin Thiar, a fhreagraíonn do thosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

89.  á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar chruinniú mullaigh na mBalcán Thiar a tionóladh an 10 Samhain 2020 i Sóifia faoi chuimsiú phróiseas Bheirlín, agus leanann sí de thacaíocht a thabhairt d’aon tionscnamh coiteann chun feabhas a chur ar an lánpháirtíocht agus ar an dea-chaidreamh comharsanachta sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi formhuiniú an Dearbhaithe maidir leis an gClár Oibre Glas atá i gcomhréir le Comhaontú Glas AE, agus an toilteanas a chuir na ceannairí in iúl i leith bearta a ghlacadh agus ailíniú a dhéanamh le beartais ábhartha AE lena leagtar síos an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

90.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur ón ngual a dhíorthaítear formhór mór an fhuinnimh sa Chosaiv, mar aon leis na pleananna chun stáisiún cumhachta guail a thógáil; ag tathant ar an gCosaiv cur le hinbhuanaitheacht a hearnála fuinnimh trína cuid foinsí fuinnimh a éagsúlú, lena gcuirfear deireadh gan mhoill leis na fóirdheontais neamhchomhlíontacha uile i gcás an ghuail, lena ndéanfar táirgeadh fuinnimh a dhílárú agus lena ngluaisfear ionsar athnuaiteáin;

91.  ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le creat dlíthiúil na tíre a ailíniú le Treoracha AE maidir le mórghléasraí dócháin agus astaíochtaí tionsclaíocha; á iarraidh ar an gCosaiv measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh de réir caighdeán idirnáisiúnta, agus na bearta is gá a ghlacadh chun limistéir atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de a chaomhnú agus a chosaint;

92.  á iarraidh ar údaráis na Cosaive a dtiomantas a chomhlíonadh i leith stáisiún cumhachta Chosaiv A a dhúnadh síos agus a dhíchoimisiúnú; á chur in iúl gur geal léi toilteanas Choimisiún na hEorpa cúnamh a thabhairt do Rialtas na Cosaive sa phróiseas seo ar bhonn airgeadais agus ar bhonn teicniúil araon;

93.  á mheabhrú gur príomhthoisc chun spriocanna aeráide a bhaint amach gurb ea bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur in ord tosaíochta agus a fheabhsú, lena n-áirítear an téamh ceantair atá bunaithe ar ghual agus ar tháirgí peitriliam atá cheana ann a thiontú go córas comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus córas atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh;

94.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ráta ard leanúnach básanna anabaí i ngeall ar aer truaillithe a eascraíonn as astaíochtaí lena sáraítear na huasteorainneacha atá bunaithe go dleathach d’ollghléasraí dócháin; ag tathant ar údaráis na Cosaive dul i ngleic leis an aerthruailliú láithreach agus forbairt a dhéanamh ar phlean inchreidte agus gual a chéimniú amach ar bhealach costéifeachtach; ag aithint an athbhreithnithe a rinneadh le déanaí ar an Straitéis maidir le hEarnáil an Fhuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus á iarraidh ar an gCosaiv a Plean Náisiúnta um Laghdú Astaíochtaí a chur chun feidhme;

95.  ag spreagadh údaráis na Cosaive chun tosaíocht níos mó a thabhairt d’fhorfheidhmiú reachtaíochta comhshaoil agus do chaighdeán bithéagsúlachta i gcomhréir le acquis AE, mar aon le feasacht agus oideachas comhshaoil a chur chun cinn i measc shaoránaigh na Cosaive; ag moladh don Chosaiv an Dlí maidir leis an Athrú Aeráide a ghlacadh a luaithe is féidir, agus á iarraidh go ndéanfaí Plean Náisiúnta comhtháite don Fhuinneamh agus don Aeráid a fhorbairt agus a ghlacadh gan tuilleadh moille;

96.  á iarraidh ar an gCosaiv leanúint de chumhdach bailithe dramhaíola a mhéadú, go háirithe trí fheabhas a chur ar dheighilt agus athchúrsáil dramhaíola, bearta de chuid an gheilleagair chiorclaigh a thabhairt isteach chun dramhaíl a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist na láithreáin dumpála neamhdhleathacha, agus bealaí a aimsiú go práinneach chun dramhaíl ghuaiseach a dhiúscairt;

97.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon íseal na bhfoinsí uisce a bhfuil fáil orthu; á iarraidh ar údaráis na Cosaive criosanna speisialta nádúrtha agus cosanta a urramú agus gléasraí hidreachumhachta á bpleanáil acu, agus gan inbhuanaitheacht an tsoláthair uisce a chur i gcontúirt;

98.  á iarraidh go ndéanfar Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear cur chun feidhme an acquis maidir le Státchabhair agus an margadh náisiúnta leictreachais a oscailt go hiomlán, agus gluaiseacht ionsar chomhtháthú réigiúnach an mhargaidh; ag moladh obair a dhéanamh ar nascacht réigiúnach agus an Margadh Fuinnimh Réigiúnach a chur i gcrích;

99.  á iarraidh ar an gCosaiv beartais iompair phoiblí agus beartais soghluaisteachta inchreidte agus inbhuanaithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sheanbhunaithe sa bhonneagar, lena n-áirítear naisc iompair phoiblí rialta le Mitrovica Thuaidh agus leis na príomhbhailte uile ar fud na tíre;

100.  á chur in iúl gur geal léi glacadh Chlár Gníomhaíochta Bliantúil IPA 2020 don Chosaiv dar luach iomlán EUR 90 milliún, agus á áitiú go n-úsáidfear cistí IPA inter alia chun an clár oibre glas a chur chun cinn trí chosaint an chomhshaoil a neartú, lena rannchuideofar le maolú, lena ndéanfar athléimneacht i gcoinne athrú aeráide a mhéadú, agus lena gcuirfear dlús leis an aistriú ionsar gheilleagair ísealcharbóin; á iarraidh go méadófaí an trédhearcacht agus go ndéanfaí grinnscrúdú parlaiminteach níos dlúithe ar na cistí a leithdháiltear ar an gCosaiv, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán níos fearr a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as cistí AE agus aon mhí-úsáid a thuairisciú;

101.  á iarraidh ar an gCoimisiún cistí IPA III a dhíriú ar aistriú leanúnach daonlathach na Cosaive, sa bhreis ar thionscadail bhonneagair, go háirithe i bhfianaise fadhbanna leanúnacha maidir le timpeallacht infheistíochta, cumas ionsúcháin, agus caighdeáin chomhshaoil sa Chosaiv;

102.  á iarraidh go mbeidh idir dhreasachtaí agus choinníollacht i gceist le IPA III a bheidh ann amach anseo; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go dtacódh IPA III le luachanna bunúsacha agus dea-rialachas a neartú tuilleadh, agus go gcuirfí deireadh leis i gcás bagairtí córasacha ar leasanna agus ar luachanna an Aontais; á chreidiúint gur cheart prionsabal inaisathraitheacht an phróisis aontachais faoin modheolaíocht athnuaite a léiriú go soiléir freisin sa mhaoiniú réamhaontachais; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh méid an chúnaimh airgeadais ag freagairt do sprioc pheirspictíocht Eorpach na Cosaive;

o
o   o

103.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais don Bheartas Eachtrach agus Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Cosaive.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0319.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0168.

An nuashonrú is déanaí: 23 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais