Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2175(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0032/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0032/2021

Díospóireachtaí :

PV 25/03/2021 - 8
CRE 25/03/2021 - 8

Vótaí :

PV 25/03/2021 - 10
PV 25/03/2021 - 17
CRE 25/03/2021 - 17

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0115

Téacsanna atá glactha
PDF 182kWORD 70k
Déardaoin, 25 Márta 2021 - Brussels
Tuarascálacha 2019-2020 maidir leis an tSeirbia
P9_TA(2021)0115A9-0032/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar thuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia (2019/2175(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013,

–  ag féachaint d’iarratas na Seirbia an 19 Nollaig 2009 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hiarratas na Seirbia ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2011)0668), agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 1 Márta 2012 chun stádas iarrthóra a dheonú don tSeirbia agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 27-28 Meitheamh 2013 tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia maidir le haontachas le AE,

–  ag féachaint do chonclúidí Uachtaránachta ó chruinniú Chomhairle Eorpach Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,

–  ag féachaint do dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do chlár oibre tosaíochtaí Shóifia san iarscríbhinn a ghabhann leis;

–  ag féachaint do Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999, do Thuairim Chomhairleach an 22 Iúil 2010 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus do Rún 64/298 an 9 Meán Fómhair 2010 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, inar aithníodh inneachar thuairim CBI agus á chur in iúl gur gheal léi toilteanas AE i dtaobh éascú a dhéanamh ar an idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv,

–  ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lenar rialaíodh normalú an chaidrimh idir Rialtas na Seirbia agus Rialtas na Cosaive an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag AE chun an caidreamh a normalú,

–  ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,

–  ag féachaint do rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le Tuarascáil 2018 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia(1),

–  ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an aonú cruinniú déag den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais (SAPC) idir AE agus an tSeirbia an 30-31 Deireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans (COM(2020)0057) [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte an Aontais Eorpaigh do na Balcáin Thiar],

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe na mBalcán Thiar i réimse na himirce agus na slándála,

–  ag féachaint do theachtaireacht an 29 Bealtaine 2019 ón gCoimisiún dar teideal 2019 Communication on EU Enlargement Policy (COM(2019)0260) [Teachtaireacht 2019 maidir le Beartas um méadú AE], agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Serbia 2019 Report (SWD(2020)0219) [Tuarascáil 2019 ar an tSeirbia],

–  ag féachaint do theachtaireacht an 6 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal 2020 Communication on EU Enlargement Policy (COM(2020)0660) [Teachtaireacht 2020 maidir le Beartas um méadú AE], agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Serbia 2020 Report (SWD(2020)0352) [Tuarascáil 2020 ar an tSeirbia],

–  ag féachaint do theachtaireacht an 6 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal Economic and Investment Plan for the Western Balkans (COM(2020)0641) [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar], agus an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Guidelines for the Implementation of the Green Agenda for the Western Balkans (SWD(2020)0223) [Treoirlínte maidir le Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar a Chur Chun Feidhme],

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 8 Aibreán 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal Communication on the Global EU response to COVID-19 (JOIN(2020)0011) [Teachtaireacht maidir le freagairt Dhomhanda AE ar COVID-19],

–  ag féachaint do mheasúnú an 21 Aibreán 2020 ón gCoimisiún maidir le Clár Athchóirithe Eacnamaíoch 2020-2022 don tSeirbia (SWD(2020)0064) agus do chonclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir AE agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc, arna nglacadh ag an gComhairle an 19 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery (COM(2020)0315) [Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach],

–  ag féachaint don aonú cruinniú déag den Chomhdháil Aontachais leis an tSeirbia ar leibhéal Aireachta, a tionóladh an 10 Nollaig 2019 agus ag ar cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le Caibidil 4 ‘Saorghluaiseacht chaipitil’,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gcéad chéim den Idirphlé Idirpháirtí maidir leis na Dálaí a Fheabhsú do Reáchtáil Toghchán Parlaiminte arna éascú ag Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ó mhisean speisialta measúnaithe toghchán ESCE/ODIHR maidir le toghcháin pharlaiminte an 21 Meitheamh 2020 sa tSeirbia, arna foilsiú an 7 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint do phreasráiteas ó shaineolaithe Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le cúiseanna buartha faoi mhí-úsáid an dlí maidir le cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta chun díriú ar obair ENRanna agus srian a chur leis an obair sin, arna fhoilsiú an 11 Samhain 2020,

–  ag féachaint don dara tuarascáil ar chomhlíonadh maidir leis an tSeirbia ag Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) maidir leis an éilliú a chosc i leith comhaltaí parlaiminte, breithiúna agus ionchúisitheoirí, arna foilsiú an 26 Samhain 2020 mar chuid den Cheathrú Babhta Meastóireachta,

–  ag féachaint don Tuarascáil Meastóireachta Bunlíne maidir leis an tSeirbia a rinne an Grúpa Saineolaithe maidir le Gníomhaíocht i gcoinne Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh (GREVIO) an 22 Eanáir 2020,

–  ag féachaint dá cuid rún roimhe seo maidir leis an tír,

–  ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 don Chomhairle, don Choimisiún, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, i ndiaidh chruinniú mullaigh 2020(2),

–  ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chainteoirí Pharlaimint na hEorpa – na mBalcán Thiar an 28 Eanáir 2020, arna thionól ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis na ceannairí ó pharlaimintí na mBalcán Thiar,

–  ag féachaint do dhearbhú Shágraib a aontaíodh le linn chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar a tionóladh trí fhíschomhdháil an 6 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar faoi chuimsiú Phróiseas Bheirlín an 10 Samhain 2020,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0032/2021),

A.  de bhrí nach foláir breithiúnas a thabhairt ar an tSeirbia, mar is amhlaidh le haon tír ar mian léi a bheith ina Ballstát de AE, as a fiúntas féin ó thaobh an tacar critéar agus luachanna comhchoiteanna a cheanglaítear i gcás aontachas a urramú, a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh, agus de bhrí gurb é cáilíocht agus tiomantas na n-athchóirithe riachtanacha a chinneann amchlár agus dul chun cinn an aontachais;

B.  de bhrí gur luachanna bunúsacha iad an daonlathas agus an smacht reachta ar a bhfuil AE fothaithe agus gurb iad atá i gcroílár an phróisis um méadú agus an phróisis cobhsaíochta agus comhlachais; de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe inbhuanaithe chun dul i ngleic leis na dúshláin shuntasacha atá fós ann sna réimsí sin;

C.  de bhrí nach foláir don tSeirbia cuntas teiste dochúlaithe a fhorbairt i leith luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus don urraim do chearta an duine a urramú, a chaomhnú agus a chosaint, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh náisiúnta agus de mhionlaigh eile iad, ar bhonn intíre agus ina caidreamh idirnáisiúnta;

D.  de bhrí, ó cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an tSeirbia, rinneadh 18 gcaibidil a oscailt, péire díobh sin atá dúnta go sealadach; de bhrí gur chinn an tSeirbia glacadh le modheolaíocht nua mhéadaithe AE;

E.  de bhrí go bhfuil cuntas teiste inbhuanaithe maidir leis an méid atá bainte amach nach bhfuil fáil fós air i réimsí na mbreithiúna agus na gceart bunúsach (caibidil 23) agus i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála (caibidil 24); de bhrí gur chinn an Chomhairle gan níos mó caibidlí a oscailt leis an tSeirbia go fóill;

F.  de bhrí go measann GSE go bhfuil an staid sa tSeirbia ‘míshásúil ar bhonn domhanda’ agus go bhfuarthas amach nach bhfuil moltaí GSE á gcomhlíonadh ag an tSeirbia maidir le héilliú a chosc i leith comhaltaí parlaiminte, breithiúna agus ionchúisitheoirí;

G.  de bhrí go n-áirítear an tSeirbia i ngealltanas AE i leith cothú a dhéanamh ar an smacht reachta, áit inar cheart do AE leanúint dá chomhar le Comhairle na hEorpa chun tacú leis an tSeirbia i gcur i gcrích athchóirithe riachtanacha agus oiliúna maidir leis an gceartas, an comhrac i gcoinne an éillithe, cur chun cinn chearta an duine agus maidir leis an ról atá ag na meáin shaora neamhspleácha agus ag an tsochaí shibhialta, agus i bhfaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta sna réimsí sin, i gcomhréir le modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe;

H.  de bhrí gurb é leas na Seirbia é an caidreamh leis an gCosaiv a normalú;

I.  de bhrí go bhfuil an tSeirbia tiomanta i gcónaí don chomhar réigiúnach agus don dea-chaidreamh comharsanachta;

J.  de bhrí go bhfuil an tSeirbia tiomanta i gcónaí do gheilleagar margaidh feidhmiúil a chruthú agus go leanann sí d’oibleagáidí an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais a chur chun feidhme, cé gur ann fós do roinnt saincheisteanna maidir le comhlíontacht; de bhrí go bhfuil an t-éilliú fós ina bhac ar an bhforbairt eacnamaíoch;

K.  de bhrí go bhfuil coinbhinsiúin bhunúsacha uile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) daingnithe ag an tSeirbia;

L.  de bhrí go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus neamhspleáchas na meán fós ina gcúiseanna móra buartha nach foláir aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar tosaíochta;

M.  de bhrí, leis an Idirphlé Idirpháirtí (IPD) maidir leis na dálaí a fheabhsú do reáchtáil toghchán parlaiminte, arna éascú ag Parlaimint na hEorpa, go leantar d’ardán uathúil a chur ar fáil chun teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais i leith feabhas a chur ar dhálaí toghcháin;

N.  de bhrí gur aontaigh AE EUR 374 milliún ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) a ath-leithdháileadh chun tionchar socheacnamaíoch COVID-19 sa réigiún a mhaolú;

O.  de bhrí gur léirigh AE a tiomantas do pheirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar agus go ndearna sé EUR 3.3 billiún a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte láithreach agus chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú;

P.  de bhrí gurb é AE an soláthraí cúnaimh agus cabhrach is mó atá ag an tSeirbia i dtaca le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú; de bhrí go bhfuil EUR 15 mhilliún faighte ag an tSeirbia chun tacaíocht láithreach a thabhairt don earnáil sláinte, EUR 78,4 milliún de thacaíocht don téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch agus EUR 93,4 milliún i gcistí cúnaimh;

Q.  de bhrí go dtairbhíonn an tSeirbia de chúnamh ó AE faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), le leithdháileadh maoinithe táscach iomlán EUR 1 539.1 billiún don tréimhse 2014-2020;

R.  de bhrí gurb é AE an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá ag an tSeirbia; de bhrí gur chuir AE níos mó ná EUR 3,6 billiún i ndeontais ar fáil don tSeirbia le 18 mbliana anuas i ngach réimse, lena n-áirítear an smacht reachta, athchóiriú ar an riarachán poiblí, forbairt shóisialta, an comhshaol agus talmhaíocht; de bhrí gur thairbhigh an tSeirbia de chúnamh ó AE faoi IPA dar luach EUR 2,79 billiún ina iomláine ó 2007 i leith;

S.  de bhrí gur thairbhigh an tSeirbia go substaintiúil de chomtháthú trádála agus eacnamaíoch le AE; de bhrí gurb é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSeirbia, arb ionann an trádáil a dhéanann sí leis agus 67 % d’onnmhairí iomlána na Seirbia agus os cionn 60 % d’allmhairí iomlána earraí na Seirbia in 2018; de bhrí gurbh ionann infheistíocht AE sa tSeirbia agus níos mó ná EUR 13 bhilliún san iomlán idir 2010 agus 2018;

1.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ballraíocht AE ina sprioc straitéiseach ag an tSeirbia i gcónaí agus go bhfuil sí ar cheann de thosaíochtaí an rialtais nuabhunaithe; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn na páirtithe parlaiminteacha ar fad le próiseas lánpháirtithe na Seirbia le AE; ag spreagadh údaráis na Seirbia a dtiomantas do luachanna Eorpacha a chur in iúl ar bhonn níos gníomhaí agus gan débhrí sa díospóireacht phoiblí agus á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go dtabharfaidh an tSeirbia gealltanas soiléir agus gan débhrí, i mbriathra agus i ngníomhartha araon, go gcomhlíonfaidh sí a hoibleagáidí ionsar aontachas le AE ar bhealach infheicthe agus infhíoraithe;

2.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tuilleadh fuinnimh a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an tSeirbia agus le modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe atá bunaithe ar bhraislí téamacha na gcaibidlí idirbheartaíochta agus ar chéimniú isteach i leith beartas agus cláir aonair de chuid AE a chur chun feidhme go mear, agus á chur i bhfáth na dreasachtaí soiléire inláimhsithe ar chun leas díreach iad do shaoránaigh na Seirbia;

3.  á chur i bhfios go láidir go dtugtar deis leis an móiminteam a cruthaíodh de dheasca an tsainordaithe nua i ndiaidh thoghcháin an 21 Meitheamh 2020 sa tSeirbia, dul chun cinn nach beag a dhéanamh ionsar pheirspictíocht Eorpach na Seirbia; ag moladh nár cheart tuilleadh caibidlí idirbheartaíochta a oscailt ach amháin nuair a dhéanann an tSeirbia na gealltanais is gá agus nuair a dhéanann sí na hathchóirithe i leith na dtagarmharcanna ceangailteacha a chur i gcrích; ag tabhairt dá haire gur uirlis riachtanach gurb ea oscailt na gcaibidlí sin chun athchóirithe inbhuanaithe agus athrú ar son na hEorpa a bhaint amach sa tSeirbia;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, i gcás inarb iomchuí, le cuimsiú chomhpháirtithe na Seirbia, na céimeanna is gá a ghlacadh chun forálacha mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe a chur chun feidhme, go háirithe na forálacha sin a bhaineann leis na braislí idirbheartaíochta téamacha, mar aon leis an modheolaíocht nua sin a úsáid mar dheis chun dlús a chur le próiseas um méadú na mBalcán Thiar agus chun céimeanna nua i bpróiseas caibidlíochta na Seirbia a shainiú, in éineacht leis an tSeirbia;

5.  á chur in iúl gur geal léi an comhar idir Rialtas na Seirbia agus an Tionól Náisiúnta maidir leis an gCoinbhinsiún Náisiúnta ar an Aontas Eorpach (NCEU); á iarraidh ar Rialtas na Seirbia ceannaire nua a cheapadh ar an bhfoireann caibidlíochta d’aontachas na Seirbia leis an Aontas Eorpach a luaithe is féidir; á iarraidh ar an tSeirbia freisin feabhas a chur ar acmhainneachtaí riaracháin na hAireachta um Lánpháirtiú na hEorpa, ar mhaithe le caibidlíocht ar bhallraíocht a sheoladh ar bhonn níos fearr agus a lándícheall a dhéanamh chun go mbeidh próiseas lánpháirtíochta na hEorpa chomh cuimsitheach agus chomh hoscailte agus is féidir;

6.  ag tabhairt dá haire gur lean an tSeirbia d’ailíniú agus de chur chun feidhme a cuid reachtaíochta a neartú i gcomhréir leis an acquis, agus nach foláir di leanúint de dhéanamh amhlaidh; á chur in iúl gur oth léi go raibh luas an ailínithe i bhfad níos moille ná an luas a bhí beartaithe ag an rialtas ar dtús; á chur i bhfios go láidir an dul chun cinn teoranta atá déanta maidir le caibidil 23 (na breithiúna agus cearta bunúsacha) agus maidir le caibidil 24 (Ceartas, saoirse agus slándáil); ag tabhairt dá haire go bhfuil an normalú ar an caidreamh leis an gCosaiv agus fíor-urraim do na cearta bunúsacha ríthábhachtach i gcónaí agus gurb é a chinnfidh luas na caibidlíochta aontachais;

7.  á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn in go leor réimsí de chlár oibre athchóirithe na Seirbia agus gur tharla cúlú fiú i dtaca le saincheisteanna atá bunriachtanach don aontachas le AE; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht tuairiscithe a athrú chun cúlú suntasach a chur san áireamh agus chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt do thíortha aontachais, lena n-áirítear an tSeirbia;

8.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumarsáid straitéiseach ó gheallsealbhóirí na Seirbia ar na sochair a bhaineann le haontachas le AE; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh an plé poiblí faoi aontachas AE a bheith bunaithe ar fhíricí agus go gcaithfear urraim iomlán do chearta bunúsacha agus do luachanna daonlathacha a chur chun cinn;

9.  ag spreagadh údaráis na Seirbia a dtiomantas do luachanna Eorpacha a chur in iúl ar bhonn níos gníomhaí sa díospóireacht phoiblí agus trédhearcacht a gcumarsáide a mhéadú, lena náirítear trí rochtain ar fhaisnéis a chumasú don phobal i gcoitinne, agus tríd an gcomhar idir údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta a leathnú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go rannchuidítear le scaipeadh an reitric fhrith-AE sa tSeirbia le heagraíochtaí meán a fhaigheann maoiniú poiblí, ar minic leo sealbhóirí oifige a lua;

10.  á iarraidh ar an tSeirbia agus ar Bhallstáit AE beartas cumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí i leith na peirspictíochta Eorpaí a shaothrú, a bheidh dírithe ar shaoránaigh na Seirbia agus ar shaoránaigh AE araon lena n-áirítear iad siúd ar de mhionlaigh náisiúnta iad; á chur i bhfáth na naisc stairiúla chairdis agus bhráithreachais atá ann idir pobail an Aontais Eorpaigh agus muintir na Seirbia;

11.  ag tabhairt dá haire an infheictheacht dhíréireach a thugann an tSeirbia do thríú tíortha; á iarraidh ar an tSeirbia, ar an gCoimisiún agus ar Thoscaireacht AE chun na Seirbia dlús a chur lena n-iarrachtaí i gcur chun cinn ról agus sochair na dlúth-chomhpháirtíochta idir AE agus an tSeirbia, lena n-áirítear trí thionscadail agus athchóirithe a fhaigheann maoiniú ó AE a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhfuil géarghá le teagmháil a dhéanamh le saoránaigh na Seirbia lasmuigh de na cathracha móra agus á iarraidh ar AE a thacaíocht do shochaí shibhialta phobail a mhéadú tuilleadh;

12.  á iarraidh go mbeidh ann do dheiseanna nua le haghaidh idirphlé ardleibhéil polaitiúil agus beartais le tíortha na mBalcán Thiar chun stiúradh níos láidre agus rannpháirtíocht ardleibhéil a áirithiú, amhail mar a iarradh freisin le modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe; á chreidiúint gur cheart go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach ag ionadaithe na Seirbia mar aon le hionadaithe ó thíortha eile na mBalcán Thiar agus go mbeidís rannpháirteach go hiomchuí sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar leibhéal an rialtais agus ar leibhéal na sochaí sibhialta agus na n-eagraíochtaí óige araon;

13.  ag tabhairt dá haire na conclúidí ó thuarascáil chríochnaitheach mhisean speisialta measúnaithe toghchán ESCE/ODIHR inar cuireadh in iúl go ndearnadh toghcháin pharlaiminte an 21 Meitheamh 2020 a riar go héifeachtúil ach go raibh ceannasacht an pháirtí rialaithe, lena n-áirítear sna meáin, ina chúis bhuartha; á chur in iúl gur oth léi na treochtaí fadtéarmacha i leith brú ar vótálaithe, claontacht na meán agus an geamhú ar an dealú idir gníomhaíochtaí na n-oifigeach stáit uile agus an fheachtasaíocht chlaonpháirteach; á chur i bhfios, ina leith sin, ról na bhfeachtas bréagaisnéise státurraithe arb é is aidhm dóibh tuairimí a aistriú i ndáil le toghcháin;

14.  á chur in iúl gur geal léi bhunú na Meithle chun moltaí ODIHR a chur chun feidhme; á iarraidh ar údaráis na Seirbia aghaidh a thabhairt go hiomlán ar mholtaí ODIHR i bhfad roimh na chéad toghcháin eile; á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil saineolas acu ar choinníollacha toghcháin de bheith rannpháirteach sa phróiseas sin;

15.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di na hathruithe ar ghnéithe tábhachtacha den chóras toghcháin, lena n-áirítear ísliú na tairsí toghcháin, a glacadh sa pharlaimint seachtainí fiú roimh na toghcháin sceidealaithe gan plé poiblí cuí; ag tabhairt dá haire, de réir Choimisiún na Veinéise, nár cheart gnéithe bunúsacha den dlí toghcháin a leasú go suntasach tráth nach lú ná aon bhliain amháin roimh thoghcháin;

16.  á chur in iúl gur oth léi an cinneadh a rinne codanna den fhreasúra na toghcháin a bhaghcatáil agus á chur i bhfáth i bhfianaise thorthaí mhisean speisialta measúnaithe toghchán ESCE/ODIHR, inar cuireadh i bhfios go láidir easpa fhíor-iolrachas agus ilroinnt an tsaoil pholaitiúil sa tSeirbia, go bhfuil freagracht ar na fórsaí polaitiúla uile, go háirithe na húdaráis rialaithe, dálaí toghcháin a fheabhsú; á chur i bhfáth gurb é an t-aon bhealach inar féidir ionadaíocht pholaitiúil agus cumas chun tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta a ráthú dá dtoghthóirí ná a bheith rannpháirteach sna próisis pholaitiúla agus toghcháin; á iarraidh ar an bhfreasúra filleadh ar an mbord caibidlíochta agus a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí polaitiúla agus parlaiminteacha a atosú; á thabhairt dá haire, ós rud é go ndearna roinnt páirtithe freasúra baghcat ar na toghcháin, go bhfuil an chomhghuaillíocht rialaithe ina tromlach mór i bParlaimint na Seirbia, a bunaíodh le déanaí, agus go bhfuil easpa freasúra inmharthana ann – staid nach bhfuil fabhrach d’iolrachas polaitiúil a bhaint amach sa tír;

17.  ag meabhrú na bprionsabal toghcháin arna sainiú ag Coimisiún na Veinéise agus ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur fhógair an tUachtarán, Aleksandar Vučić, na luath-thoghcháin gan bonn bunreachtúil ná riachtanas polaitiúil, agus fógra á dhéanamh aige freisin, mar Uachtarán na Seirbia agus ar an bpáirtí polaitiúil is mó sa tír, maidir le lá aonair toghcháin do thoghcháin Uachtaránachta, Pharlaiminteacha agus bhardasacha i mBéalgrád in earrach na bliana 2022;

18.  á chur in iúl gur geal léi bunú IPD le Tionól Náisiúnta na Seirbia, arna éascú ag Parlaimint na hEorpa, agus na bearta tosaigh atá glactha ag údaráis na Seirbia agus ag an tromlach parlaiminteach chun na dálaí toghcháin a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfar na gealltanais eile a tugadh faoi chuimsiú IPD a chur chun feidhme tuilleadh;

19.  á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an dara céim de IPD le Tionól Náisiúnta na Seirbia, arna éascú ag Parlaimint na hEorpa, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na bhfórsaí polaitiúla uile atá ar son na hEorpa sa tSeirbia chun feabhas a chur ar an timpeallacht pholaitiúil agus ar an iontaobhas atá ann ar fud an speictrim pholaitiúil, agus go dtiocfar ar chomhdhearcadh maidir le saincheisteanna atá fós gan réiteach a bhaineann leis an bpróiseas toghcháin, i gcomhréir leis na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta idirnáisiúnt; á thathant go dtionólfar babhtaí nua IPD a bheidh níos cuimsithí a luaithe is féidir agus á iarraidh ar gach taobh spriocanna, critéir, tagarmharcanna agus idirghabhálaithe soiléire a shainiú; á chur i bhfáth gur cheart IPD a thabhairt i gcrích i bhfad roimh na toghcháin a bheidh ann go luath chun go mbeidh go leor ama ann chun na hathruithe dlíthiúla is gá agus na hathruithe eile is gá ar dhálaí toghcháin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, chun go gcruthófar machaire comhréidh roimh na toghcháin; á mheabhrú nach mór don rialtas agus do chomhlachtaí neamhspleácha cur chun feidhme iomlán agus cuí na gcreataí dlíthiúla a áirithiú, ar creataí iad a bhaineann leis na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú IPD;

20.  ag cáineadh na n-ionsaithe briathartha do-ghlactha agus na gcásanna fuathchainte i gcoinne Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht thar ceann Pharlaimint na hEorpa ina caidreamh leis an tSeirbia, lena n-áirítear Cathaoirleach agus Comhaltaí thoscaireacht SAPC chomh maith le héascaitheoirí IPD, mar ghníomhaíochtaí nach bhfuil ag teacht le spiorad oibleagáidí na Seirbia faoi CCC; á iarraidh ar Spéicéir an Tionóil Náisiúnta agus ar chainteoirí na ngrúpaí polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu ann caighdeáin dioscúrsa dhaonlathaigh a chaomhnú;

21.  á iarraidh ar an rialtas nua oibriú ar athchóirithe éifeachtacha, infhíoraithe agus bunúsacha agus chun aghaidh a thabhairt ar athchóirithe agus ar easnaimh struchtúracha i réimsí an smachta reachtaigh, na gceart bunúsach, shaoirse na meán, an chomhraic i gcoinne an éillithe agus fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus an riaracháin phoiblí;

22.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, ar an iomlán, go bhfuil an t-éilliú fós ina shaincheist nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta déanta ina leith; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá déanta chun neamhspleáchas na Gníomhaireachta Frith-Éillithe a áirithiú, agus na torthaí a baineadh amach go dtí seo maidir le cásanna éillithe a thabhairt chun críche; á mholadh go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn, go háirithe sa réimse ó thaobh feabhas a chur ar an gcuntas teiste de i dtaca le himscrúduithe, díotálacha agus ciontuithe críochnaitheacha i gcásanna ardleibhéil éillithe, agus i gcur chun feidhme na ndlíthe maidir leis an éilliú a chosc i gcomhréir le acquis AE agus leis na moltaí ó GSE; á chur in iúl gur geal léi foilsiú na tuarascála is déanaí ó GSE agus ag moladh don Aireacht Dlí agus Cirt oibriú ar chur chun feidhme a moltaí;

23.  á chur i bhfios, de réir na tuarascála is déanaí ó GSE, nach ndearna an tSeirbia na moltaí a rinne sí in 2015 a chur chun feidhme ach go páirteach agus go bhfuil an staid sa tír ‘míshásúil ar bhonn domhanda’; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhrac éifeachtach i gcoinne an éillithe a shaothrú agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia na moltaí sin a chomhlíonadh a luaithe is féidir; á chur in iúl gur díol imní di na hathruithe a rinneadh le déanaí ar an dlí maidir le héilliú a chosc i ndáil leis an sainmhíniú ar ‘oifigigh phoiblí’, a tharla ar bhealach neamh-thrédhearcach tobann, agus a chuireann teorainn shuntasach le líon na ndaoine a bhfuil feidhm ag an dlí ina leith, rud a dhéanann sásraí frith-éillithe a lagú tuilleadh agus a spreagann deiseanna chun mí-úsáid a bhaint as acmhainní stáit a measadh a bheith mídhleathach roimhe sin;

24.  ag tathant ar an tSeirbia torthaí cinntitheacha a bhaint amach, lena n-áirítear cuntas teiste inbhuanaithe le himscrúduithe éifeachtacha i réimsí ar cúis bhuartha iad amhail na breithiúna, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, go háirithe i gcásanna a mbaineann ardleibhéal leasa phoiblí leo, lena n-áirítear cásanna Krušik, Jovanjica agus Telekom Srbija, agus feabhas a chur ar a cuntas teiste in imscrúduithe, i gcúisimh agus i gciontuithe i gcásanna éillithe ardleibhéil, lena n-áirítear sócmhainní coiriúla a urghabháil agus a choigistiú; ag athdhearbhú a hiarrata ar cheartas ó 2018 maidir leis an maoin phríobháideach a leagadh go neamhdhleathach i gcomharsanacht Savamala i mBéalgrád; ag tabhairt dá haire go bhfuil an dlí nua maidir le héilliú a chosc i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2020;

25.  ag meabhrú don tSeirbia dlús a chur lena hiarrachtaí i leith aghaidh a thabhairt ar an éilliú go héifeachtach, lena ndíreofar ar an éilliú a chosc agus a chur faoi chois, lena n-áirítear trí straitéis nua frith-éillithe a ghlacadh a mbeidh plean gníomhaíochta inchreidte réadúil mar bhonn taca léi mar aon le sásra comhordaithe éifeachtach;

26.  á iarraidh ar an tSeirbia feabhas a chur ar a comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus athrú ó chur chuige atá bunaithe ar chásanna aonair go straitéis a bheidh i gcoinne eagraíochtaí ar mhaithe le heagraíochtaí móra agus eagraíochtaí atá scaipthe go hidirnáisiúnta a dhíchur; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí i straitéis den sórt sin imscrúduithe, ionchúisimh agus ciontuithe críochnaitheacha éifeachtacha i gcásanna coireachta tromchúiseacha agus eagraithe, lena n-áirítear imscrúduithe airgeadais, rianú córasach ar shreabha airgid, sásra láidir maoirseachta chun mí-úsáid a sheachaint, agus cumas méadaithe airgeadais agus acmhainní daonna d’Oifig an Ionchúisitheora don Choireacht Eagraithe, ar cheart é a bheith saor ó aon tionchar polaitiúil míchuí;

27.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an foréigean méadaitheach ag grúpaí coireachta antoisceacha agus eagraithe agus á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go ndéanfar imscrúdú cuí ar chásanna a nochtann iriseoirí iniúchacha nó sceithirí agus go mbeidh aon oifigigh phoiblí lena mbaineann freagrach ina leith;

28.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di an tionchar leanúnach polaitiúil ar na breithiúna, agus ag tabhairt dá haire an gá atá le neartú a dhéanamh ar na coimircí do chuntasacht, do ghairmiúlacht, do neamhspleáchas agus d’éifeachtúlacht fhoriomlán na mbreithiúna, lena náirítear, más infheidhme, trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras reatha earcaíochta agus bainistithe acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire gur dhréachtaigh an rialtas togra le haghaidh athchóirithe bunreachtúla , a ndearna Coimisiún na Veinéise measúnú dearfach air, agus gur chuir sé chuig coiste inniúil an Tionóil Náisiúnta é;

29.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá próiseas leathan comhairliúcháin in athchóiriú bunreachtúil; á chur in iúl gur oth léi gur mhainnigh Parlaimint na Seirbia a bhí i gcumhacht roimhe sin, leasuithe bunreachtúla a ghlacadh a bhí dírithe ar neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú; á mholadh go nglacfaí athchóirithe bunreachtúla a luaithe is féidir i gcomhairle le comhlachais breithiúna agus ionchúisitheoirí agus le gníomhaithe polaitiúla ábhartha eile, lena n-áirítear an freasúra neamhpharlaiminteach;

30.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an dlí maidir le maoiniú Chúige Uathrialach Vojvodina a ghlacadh go mear;

31.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di feidhmiú éifeachtach na parlaiminte nua, i gcás nach ann d’aon fhreasúra parlaiminteach, a bhfuil páirtithe freasúracha ag tabhairt dhúshlán a dlisteanachta agus a bhfuil a téarma, atá fógartha cheana féin ag Uachtarán na Seirbia, le giorrú, ar parlaimint í a ghlacann athruithe fadréimseacha bunreachtúla gan díospóireacht phoiblí oscailte, chuimsitheach agus dhaonlathach, go háirithe i réimse na mbreithiúna;

32.  á chur in iúl gur geal léi na hathruithe a rinneadh ar fheidhmiú an Tionóil Náisiúnta ionsar na cleachtais agus na nósanna imeachta a athbhunú agus na rialacha nós imeachta a chomhlíonadh; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil maoirseacht pharlaiminteach fhoriomlán an fheidhmeannais sách foirmiúil i gcónaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh athchóirithe substainteacha a dhéanamh ar an nós imeachta agus ar na cleachtais chun feabhas a chur ar cháilíocht an phróisis reachtaigh, chun maoirseacht pharlaiminteach éifeachtach a áirithiú agus chun deireadh a chur le heasnaimh chórasacha an Tionóil Náisiúnta, lena n-áirítear laghdú a dhéanamh ar an bplé constaiceach, ar líon na nósanna imeachta práinneacha agus ar an gcleachtas lena ndéantar ítimí neamhghaolmhara a athghrúpáil faoin bpointe céanna ar an gclár oibre;

33.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá fós le feabhas a chur ar cháilíocht an phróisis reachtaigh trí mhéadú a dhéanamh ar thrédhearcacht agus ar an idirphlé sóisialta agus polaitiúil agus trína áirithiú go mbeidh sé de chumhacht ag comhlachtaí neamhspleácha rialála a róil mhaoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach; ag tabhairt dá haire gur pléadh tuarascálacha bliantúla na gcomhlachtaí neamhspleácha ag seisiún iomlánach an Tionóil Náisiúnta, agus gur glacadh conclúidí;

34.  á iarraidh ar an bparlaimint nuathofa dlús a chur lena hiarrachtaí chun trédhearcacht, cuimsitheacht agus cáilíocht an phróisis reachtaigh a áirithiú mar aon le maoirseacht éifeachtach pharlaiminteach; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh bearta breise ann chun idirphlé traspháirtí agus ról níos láidre a áirithiú don tsochaí shibhialta, ar gné bhunriachtanach í i gcónaí den daonlathas dea-fheidhmiúil; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di an easpa trédhearcachta a bhaineann le próiseas athcheapacháin an Choimisinéara um Chosaint Comhionannais;

35.  á iarraidh go mbeidh ann do chomhar éifeachtach le comhlachtaí neamhspleácha agus rialála agus rannpháirtíocht mhéadaithe an Tionóil Náisiúnta i maoirseacht agus i rialú ar an rialtas agus ar an riarachán; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht shubstainteach ag an Tionól Náisiúnta i bpróiseas chaibidlíocht aontachais na Seirbia le AE, i gcomhréir lena rún an 16 Nollaig 2013 maidir le ról an Tionóil Náisiúnta agus le prionsabail sa chaibidlíocht maidir le haontachas na Seirbia le AE;

36.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis go n-aithneofaí agus go dtacófaí go hiomlán le ról na gcomhlachtaí rialála neamhspleácha, lena n-áirítear Ombudsman na tíre, an Ghníomhaireacht Frith-Éillithe, an tÚdarás Náisiúnta Iniúchóireachta agus an Coimisinéir um Fhaisnéis ar Thábhacht Phoiblí agus ar Chosaint Sonraí Pearsanta; á iarraidh ar Thionól Náisiúnta na Seirbia a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme thorthaí agus mholtaí na gcomhlachtaí rialála neamhspleácha, go háirithe torthaí agus moltaí an Ombudsman;

37.  á mheabhrú go bhfuil an t-idirphlé sóisialta ar cheann de cholúin an mhúnla shóisialta Eorpaigh agus go bhfuil an comhairliúchán rialta idir an rialtas agus na comhpháirtithe sóisialta ríthábhachtach chun teannas agus coinbhleacht shóisialta a chosc; á chur i bhfios go láidir gur den bhunriachtanas é go mbeadh níos mó i gceist leis an idirphlé sóisialta ná malartú faisnéise agus gur cheart dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir le dlíthe tábhachtacha sula ndéanfar iad a chur faoi réir nós imeachta parlaiminteach;

38.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tháinig an Tionól Náisiúnta le chéile ach 44 lá tar éis don staid éigeandála a bheith fógartha i mí an Mhárta 2020, rud a bhain an bonn óna sheasamh mar phríomhinstitiúid an daonlathais pharlaimintigh de réir mar a chumhdaítear é i mBunreacht na Seirbia; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár thosaigh an Tionól Náisiúnta ar a chuid oibre ina hiomláine ar feadh tréimhse fhada tar éis thorthaí na dtoghchán deiridh a dhearbhú an 5 Iúil 2020, d’ainneoin tromlach soiléir parlaiminteach; á iarraidh ar an Tionól Náisiúnta teanga mhí-úsáideach ghríosaitheach a sheachaint agus cur i gcoinne na fuathchainte le linn díospóireachta parlaimintí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá obair an fhreasúra sa daonlathas;

39.  á chur i bhfáth gur sárú ar an gcleachtas daonlathach agus ar na luachanna bunúsacha daonlathacha atá sna feachtais mhí-úsáideacha teanga, imeaglaithe agus chlúmhillte i gcoinne freasúraí polaitiúla agus ionadaithe na meán a dhéanann na Comhaltaí Parlaiminte sa suí iomlánach den Tionól Náisiúnta, ar cheart cáineadh láidir a dhéanamh ina leith agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ina leith i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta; á chur in iúl gur cúis uafáis di na hionsaithe réamhbheartaithe a tharla le déanaí, a rinne roinnt Comhaltaí Parlaiminte agus táblóidigh atá ar son an rialtais i gcoinne iriseoirí iniúchta agus comhaltaí den tsochaí shibhialta, lena n-áirítear iad siúd ó líonra neamhspleách na meán KRIK agus ó ENRanna amhail CRTA agus Open Parliament, inar léiríodh iad mar chomhpháirtithe de ghrúpaí coiriúla eagraithe agus mar lucht comhcheilge coup, rud atá ina shárú tromchúiseach ar a gCód Iompair féin do Chomhaltaí Parlaiminte a glacadh le déanaí;

40.  á chur in iúl gur geal léi glacadh an phlean gníomhaíochta nua i gcás straitéis do na meáin agus gur cuireadh meitheal a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise agus an phlean gníomhaíochta;

41.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di líomhaintí arna ndéanamh ag iriseoirí iniúchacha ar chúbláil rialtais ar staidrimh COVID-19 chun críoch polaitiúil agus toghcháin; á chur in iúl gur saoth léi an feachtas bréagaisnéise ag oifigigh rialtais maidir le cúnamh ó AE le linn na paindéime; á chur i bhfáth go bhfuil iontaobhas agus trédhearcacht thar a bheith tábhachtach in iarrachtaí an rialtais i gcoinne COVID-19 agus ag tathant, dá bhrí sin, ar Rialtas na Seirbia an fhaisnéis ábhartha uile faoin bpaindéim, lena n-áirítear vacsaíní, a chur ar fáil do shaoránaigh;

42.  á chreidiúint gur chéim ionsar mhonaplú ar thírdhreach na meán sa tír a bhí sa seilbh a ghlac an páirtí rialaithe ar dhá chainéal teilifíse ag a raibh clúdach náisiúnta i mí na Nollag 2018; ag tathant ar na húdaráis na coinníollacha is gá maidir le hiomaíocht chóir agus trédhearcacht a áirithiú agus a chaomhnú a mhéid a bhaineann le gach idirbheart úinéireachta a bheidh ann amach anseo i réimse na meán; á iarraidh ar fhoirne eagarthóireachta na gcainéal teilifíse uile, a bhfuil clúdach náisiúnta acu sa tSeirbia, na caighdeáin ghairmiúla is airde a urramú agus lamháil do thuairimí éagsúla a éisteacht go rialta;

43.  á chur in iúl gur oth léi an meath atá tagtha ar shaoirse na meán agus an méadú atá tagtha ar theanga mhí-úsáideach, imeaglú agus fuathchaint fiú i leith chomhaltaí an fhreasúra pharlaimintigh, intleachtóirí neamhspleácha, ENRanna, iriseoirí agus daoine mór le rá, lena n-áirítear ó chomhaltaí na bpáirtithe rialaithe, ar den ríthábhacht é a bhfreagracht i leith urraim a léiriú d’ionadaithe uile na meán; ag tathant ar údaráis na Seirbia bearta a ghlacadh láithreach chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán a ráthú agus chun a áirithiú go ndéanfar imscrúduithe cuí ar na cásanna sin;

44.  á chur in iúl gur oth léi nach raibh na gealltanais a tugadh in IPD maidir leis an gComhairle Rialála um Meáin Leictreonacha (REM) agus leis an gcraoltóir seirbhíse poiblí (RTS) ach comhlíonta i bpáirt nó nach raibh siad comhlíonta in aon chor ag údaráis na Seirbia; á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag na meáin shaora agus neamhspleácha sa daonlathas; á chur in iúl gur oth léi, ó tugadh an chéad chéim de IPD chun críche, gur theip ar obair REM agus RTS a gcreidiúnacht a athbhunú i measc na bpáirtithe poiblí agus freasúracha; ag tabhairt dá haire go bhfuil meitheal do shábháilteacht iriseoirí bunaithe ag an rialtas, ach go bhfuil gach cumann iriseoirí agus meán neamhspleách sa tSeirbia tar éis tarraingt siar uaidh cheana féin toisc gur theip ar an ngrúpa freagairt d’ionsaithe na dtáblóideach atá ar son an rialtais ar iriseoirí thairseach gréasáin imscrúdaithe an Líonra um Imscrúdú Coireachta agus Éillithe (KRIK);

45.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go dtarlaíonn obair na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta (ESSanna) i dtimpeallacht nach nglactar le cáineadh a dhéanamh ina leith; ag tathant ar Riarachán na Seirbia um Chosc ar Sciúradh Airgid de chuid Aireacht Airgeadais na Seirbia soiléiriú iomlán a dhéanamh ar an staid maidir le himscrúduithe ar ESSanna agus ar iriseoirí i dtaca le líomhaintí faoi sciúradh airgid agus ag tathant ar na húdaráis staonadh ó dhíriú go treallach ar na heagraíochtaí agus ar na daoine aonair sin; á iarraidh ar údaráis na Seirbia dul i ngleic leis an gcúngú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha agus a áirithiú gur féidir leo oibriú saor ó gach srian, lena n-áirítear imeaglú nó coiriúlú na n-eagraíochtaí sin; ag tathant ar na húdaráis atmaisféar a chothú a chabhródh le hobair eagraíochtaí uile na sochaí sibhialta a luaithe is féidir;

46.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a gcomhar leis an tsochaí shibhialta, le ENRanna agus leis na meáin neamhspleácha ar an láthair a neartú mar aon lena dtacaíocht dóibh; ag athdhearbhú a tacaíochta d’obair fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha daonlathacha chun próisis dhaonlathacha na Seirbia a neartú agus lena gcothófar glúin nua de cheannairí polaitiúla;

47.  agus cáineadh géar á dhéanamh aici ar gach gníomh foréigin, ag tabhairt dá haire gur cheart do na húdaráis aird ar leith a thabhairt ar theagmhais inar úsáid na póilíní fórsa díréireach le linn agóidí i mí Iúil 2020, lena n-áirítear maidir leis an easpa comhar iarmhartach idir póilíní agus an córas ceartais agus an t-ionchúisitheoir poiblí; ag tathant ar údaráis na Seirbia imscrúdú cuí a dhéanamh ar na cásanna uile ina ndearna an fórsa póilíneachta a údarás a shárú chun saoirse ó phionós a chosc ar mhaithe le muinín an phobail as na póilíní a neartú, mar aon lena dhéanamh níos éasca do dhaoine a mhaíonn gur íospartaigh de mhí-iompar póilíneachta iad gearáin a dhéanamh agus sásamh a fháil, agus neamhfhulaingt a léiriú d’oifigigh forfheidhmithe dlí a sháraíonn eitic ghairmiúil nó dlí coiriúil;

48.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an creat dlíthiúil agus institiúideach chun cearta an duine a chaomhnú i bhfeidhm go foirmiúil tríd is tríd, ach nach bhfuil sásraí éifeachtacha aige chun urraim do na cearta bunúsacha sin a áirithiú; á iarraidh go ndéanfar gach leasú a bheidh ann amach anseo ar na dlíthe atá ann cheana maidir le cearta an duine a chaomhnú, lena n-áirítear an Dlí maidir le Saor-Rochtain ar Fhaisnéis ar Thábhacht Phoiblí, ar bhealach trédhearcach le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile; á iarraidh go ndéanfaí é a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí is leochailí sa tsochaí, lena n-áirítear mionlaigh náisiúnta i réimse an oideachais; á iarraidh ar an tSeirbia foráil a dhéanamh d’úsáid neamh-idirdhealaitheach na mionteangacha san oideachas agus cosaint a thabhairt dóibh, i spásanna tiomnaithe meán sna meáin stáit agus sna heagraíochtaí meán áitiúla, mar aon le comhdheiseanna a áirithiú d’ionadaíocht leormhaith sa saol polaitiúil, sa riarachán poiblí agus sa bhreithiúnacht;

49.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí méadaithe na Seirbia i gcomhar le AE i réimse chuimsiú an chomhphobail Romach, go háirithe maidir lena staid tithíochta a fheabhsú; á iarraidh ar údaráis na Seirbia aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú struchtúrach a bhíonn os comhair an phobail Romach maidir lena stádas saoránachta, mar aon le cúram sláinte, leis an oideachas agus fostaíocht; ag tathant ar an tSeirbia an struchtúr institiúideach a bhaineann le lánpháirtiú na Romach a fheabhsú agus a shimpliú, lena n-áirítear trí dháileadh soiléir na gcúraimí, trí chomhordú idir na húdaráis náisiúnta agus áitiúla, agus trí bhuiséadú atá íogair do riachtanais na bpobal Romach;

50.  á chur in iúl gur geal léi tabhairt chun críche an aistriúcháin fhadmhoillithe ar théacsleabhair bhunscoile go Bulgáiris, a chuirfidh ar chumas mhionlach náisiúnta na Bulgáire oideachas a chur ar fáil ina mháthairtheanga; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil gach téacsleabhar don oideachas dara leibhéal aistrithe go fóill; ag moladh d’údaráis na Seirbia inbhuanaitheacht an phróisis a áirithiú trí líon leordhóthanach múinteoirí, téacsleabhar agus ábhar breise a chur ar fáil (dialanna scoile, grádleabhair do mhic léinn, etc.) chun aghaidh leormhaith a thabhairt ar riachtanais na ndaltaí ón mionlach;

51.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di mainneachtain údaráis na Seirbia cothú a dhéanamh ar úsáid de facto na dteangacha réigiúnacha nó mionlaigh;

52.  á iarraidh ar an tSeirbia institiúidí um chearta an duine a neartú, a neamhspleáchas a ráthú, na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá a leithdháileadh orthu agus obair leantach thráthúil ar a moltaí a áirithiú, mar aon le straitéis nua frith-idirdhealaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

53.  á iarraidh ar an tSeirbia feabhas a chur ar a hacmhainneachtaí chun staidreamh a sholáthar agus an daonáireamh a chur i gcrích in am trátha, lena gcloífear leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus le breathnóirí neamhspleácha a áireamh; á athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí na geallsealbhóirí a chomhordú agus a chur san áireamh ar bhonn feabhsaithe, agus go gcuirfí chun feidhme agus go ndéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Cearta na Mionlach Náisiúnta a Fhíorú;

54.  á chur in iúl gur díol mór imní di na líomhaintí an dlí maidir le cónaí saoránach a bheith á shárú ag údaráis na Seirbia agus seoltaí cónaithe saoránach de bhunadh na hAlbáine a bhfuil cónaí orthu i ndeisceart na Seirbia a bheith á neamhghníomhú ar bhealach córasach agus idirdhealaitheach; á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe neamhspleácha, críochnúla ar na líomhaintí sin agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia deireadh a chur le gach cleachtas idirdhealaitheach agus ionsaí dírithe;

55.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di ráta ard na mban agus leanaí ar íospartaigh foréigin agus foréigin teaghlaigh iad; ag tabhairt dá haire iarrachtaí na Seirbia chun foréigean in aghaidh na mban agus leanaí agus foréigean baile a chomhrac; á thathant, áfach, go bhfuil gá le cur chun feidhme breise agus níos éifeachtaí a bheith ann agus go bhfuil gá le feabhsuithe nithiúla, go háirithe le linn na paindéime reatha, ar mhaithe le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta sa réimse sin;

56.  á chur in iúl gur geal léi tuarascáil ó GREVIO ar an tSeirbia, ina gcuirtear i bhfáth an easpa cur chuige comhtháite beartais i leith chur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl, an gá atá le bearta coisctheacha, bearnaí sa soláthar seirbhíse d’íospartaigh agus leibhéil ísle feasachta, íograithe agus fothaithe acmhainní, mar aon le bacainní ar leith atá ann do réimse leathan na mban de bharr tosca trasnaíochta amhail eitneacht, an bhochtaineacht, bunadh sóisialta agus míchumais;

57.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil moill thromchúiseach curtha ar dhlí nua maidir le comhionannas inscne, go bhfuil comhordú agus leagan amach institiúideach éifeachtúil lena mbaineann acmhainní leormhaithe sa réimse sin fós in easnamh, agus go bhfuil stádas socheacnamaíoch na mban fós i bhfad níos measa ná stádas na bhfear, agus mar aon leis an dearcadh patriarchach agus na steiréitíopaí inscne ar ann dóibh go tréan sa tsochaí agus sa dioscúrsa poiblí, agus easpa eolais na mbreithiúna, na n-ionchúisitheoirí agus na ndlíodóirí ina leith sin;

58.  á iarraidh ar an tSeirbia méadú a dhéanamh ar iarrachtaí atá dírithe ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban trí aird ar leith a thabhairt ar phríomhshruthú inscne agus ar an gcomhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí na mban; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dearcadh inscne a áireamh sna cláir eacnamaíocha;

59.  ag moladh ionadaíocht láidir na mban sa pharlaimint nua agus sa rialtas nua, leis an tsúil go mbeidh sé ina shiocair le cearta an duine agus le saoirsí polaitiúla na mban mar aon le grúpaí leochaileacha a chur chun cinn go substainteach; á chur in iúl gur geal léi ionadaíocht shubstainteach na mionlach náisiúnta sa pharlaimint;

60.  á chur i bhfios go láidir an gá atá le cearta LADTI a chosaint; á iarraidh ar na húdaráis freagairtí níos leormhaithe agus níos éifeachtaí a thabhairt ar an bhfuathchaint agus ar choireanna fuathspreagtha; á chur in iúl gur geal léi an t-iompar síochánta a léiríodh ag dhá pharáid bróid in 2019; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do na hinstitiúidí uile tacú le EuroPride 2022 a ullmhú agus sábháilteacht na rannpháirtithe uile a áirithiú;

61.  á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an rialtais chun dul ar aghaidh leis an dlí maidir le póstaí comhghnéis agus athruithe ar ainm agus inscne daoine trasinscneacha i gcomhréir le cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus á iarraidh ar an rialtas timpeallacht shábháilte a chruthú do dhaoine LADTI agus cultúr na caoinfhulaingthe ina leith a chur chun cinn;

62.  ag tathant ar an tSeirbia rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumais, do dhaoine a bhfuil VEID orthu, do leanaí agus do dhaoine fásta a úsáideann drugaí, do phríosúnaigh, d’oibrithe gnéis, do dhaoine LADTI, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin agus do Romaigh, go háirithe i bhfianaise na paindéime leanúnaí agus na bhfadhbanna leanúnacha in earnáil na sláinte;

63.  á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Seirbia i dtionscnaimh réigiúnacha um chomhar; ag spreagadh na Seirbia leanúint dá hiarrachtaí ar gach leibhéal atá dírithe ar chomhréiteach agus ar dhea-chaidreamh comharsanachta a neartú; á iarraidh ar an tSeirbia comhaontuithe déthaobhacha a chur chun feidhme ina n-iomláine agus a bheith rannpháirteach, ar bhealach cuiditheach agus tráthúil, i réiteach a fháil ar na díospóidí teorann uile atá fós ann le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear i saincheisteanna a bhaineann le hathmhuintearas ó stair na hIúgslaive; ag tabhairt dá haire gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh i bhforbairt shocheacnamaíoch na réigiún teorann; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh na lánpháirtíochta réigiúnaí trí fhorbairt eacnamaíoch;

64.  á chur in iúl gur geal léi ról cuiditheach na Comhairle um Chomhar Réigiúnach (RCC) agus rannpháirtíocht ghníomhach na Seirbia inti; á chur i bhfios go láidir a tábhachtaí atá an comhar réigiúnach i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 agus á chur i bhfáth go bhfuil comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta nasctha le sprioc na Seirbia i leith peirspictíocht Eorpach rathúil;

65.  á chur i bhfáth gur tosaíocht agus réamhchoinníoll d’aontachas an dá thír le AE é normalú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv, agus go mbeadh sé ríthábhachtach freisin chun cobhsaíocht agus rathúnas a áirithiú sa réigiún máguaird; ag aithint rannpháirtíocht mhéadaithe an dá thaobh san idirphlé arna éascú ag AE, agus á iarraidh go ndéanfar rannpháirtíocht ghníomhach agus chuiditheach san idirphlé atá á éascú ag AE faoi stiúir Ionadaí Speisialta AE, lena bhféachfar le comhaontú cuimsitheach a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaint amach i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

66.  á athdhearbhú a hiarrata go rachfar ar aghaidh leis na comhaontuithe uile ar thángthas orthu go dtí seo a chur chun feidhme go hiomlán, de mheon macánta agus go tráthúil, lena n-áirítear bardais Chomhlachais/Chomhphobail de mhóramh Seirbiach a chur ar bun gan tuilleadh moille; á iarraidh ar SEGS sásra a bhunú chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe uile ar thángthas orthu go dtí seo agus chun tuairisciú ó am go chéile do Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na himeartha; á athdhearbhú, ina leith sin, go dtacaíonn sí go hiomlán le Miroslav Lajčák, Ionadaí Speisialta AE d’Idirphlé Bhéalgrád-na Pristine;

67.  ag tathant ar Rialtais na Seirbia agus na Cosaive staonadh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón iontaobhas atá idir na comhpháirtithe, agus a bheadh ina bhaol don idirphlé leanúint ar aghaidh ar bhonn cuiditheach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá nádúr il-eitneach na Seirbia agus na Cosaive araon, agus nár cheart stáit aonchineálacha eitneacha a bheith ina gcuspóir sa réigiún;

68.  á iarraidh ar údaráis na Seirbia agus na Cosaive teagmhálacha duine le duine a chur chun cinn idir pobail áitiúla ar mhaithe leis an idirphlé a neartú, lena n-áirítear ar leibhéal neamhrialtasach; ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis staonadh ó theanga ghríosach a úsáid i leith grúpaí eitneacha eile; á chur in iúl gur oth léi nár osclaíodh Droichead Mitrovica do gach trácht go fóill, d’ainneoin gur cuireadh na hoibreacha athchóirithe i gcrích;

69.  á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach agus chuiditheach Bhéalgrád san idirphlé leis an bPristine agus i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú na Bruiséile;

70.  ag moladh an dea-chomhair réigiúnaigh atá idir an tSeirbia agus an Chosaiv sa chomhrac i gcoinne leathadh na paindéime COVID-19, lena n-áirítear an comhar atá idir méaraí Mitrovica agus an chumarsáid idir na hairí sláinte;

71.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar réigiúnach maidir le coireanna cogaidh agus le himscrúdú a dhéanamh ar chásanna na ndaoine atá ar iarraidh, lena n-áirítear dlús a chur le hiarrachtaí i leith breithiúnais chúirte maidir le coireanna cogaidh a aithint agus a urramú, imscrúdú a dhéanamh ar shuíomhanna uaighe, diúltú don fhuathchaint agus do ghlóiriú coirpeach cogaidh agus tacú le hionchúisitheoirí intíre déantóirí na gcoireanna sin a thabhairt os comhair cúirte; á iarraidh ar údaráis na Seirbia leanúint dá n-iarrachtaí chun na saincheisteanna sin a chomhrac agus cáineadh a dhéanamh ar gach cineál fuathchainte, feachtas imeaglaithe agus ar fhormheas poiblí agus ar shéanadh cinedhíothaithe, choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil roinnt údarás Seirbiach agus roinnt polaiteoirí Seirbiacha ann a leanann de chinedhíothú Srebrenica a shéanadh; á chur in iúl gur geal léi obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse an athmhuintearais, an cheartais idirthréimhsigh agus an chúitimh chuí;

72.  á chur in iúl gur geal léi comhar seasmhach na Seirbia faoi Phróiseas Dearbhaithe Sairéavó agus ag meabhrú oibleagáid an chomhair iomláin leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (BCII) faoi CCC, a bhfuil a chuid oibre tugtha chun críche aige, agus le Sásra Iarmharach Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe le haghaidh Binsí Coiriúla, agus ag tathant ar an tSeirbia cur i gcoinne na n-iarrachtaí uile i leith an bonn a bhaint ó na torthaí a baineadh amach go dtí seo agus i leith falsú a dhéanamh ar na fíoras a shuí BCII;

73.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh faoina mbunófaí an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hiar-Iúgslaive (RECOM); á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO) agus a cuid oibre; ag tabhairt dá haire, i ngeall ar phaindéim an choróinvíris, gur mhol an Coimisiún Eorpach go gcuirfí ar athló an bhliain ina bhfuil Novi Sad le bheith ina Phríomhchathair Chultúir na hEorpa ó 2021 go 2022;

74.  á chur in iúl gur geal léi gur bronnadh an stádas tíre rannpháirtí i gclár Erasmus+ ar an tSeirbia in 2019;

75.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an tSeirbia san fhorbairt ar gheilleagar margaidh atá feidhmiúil; á iarraidh ar an tSeirbia leanúint dá hiarrachtaí i leith borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás fadtéarmach, inbhuanaithe agus cuimsitheach trí athchóirithe struchtúracha, go háirithe san earnáil fuinnimh agus i margadh an tsaothair, mar aon le trédhearcacht agus intuarthacht sa timpeallacht rialála a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé scileanna fiontraíochta a fhorbairt i measc daoine óga agus á iarraidh ar Rialtas na Seirbia dul i ngleic go díreach le saincheist an éillithe, lena gcuirtear bac ar gheilleagar margaidh feidhmeach a fhorbairt, mar aon le haghaidh a thabhairt ar chúiseanna buartha a rinne GRECO a tharraingt anuas in 2020;

76.  ag tabhairt dá haire go bhfuil córas cúraim sláinte na Seirbia ag fulaingt de dheasca easpa acmhainní agus eis-sreabhadh a lucht saothair ghairmiúil, a bhfuil easpa trealamh leighis, saineolas leighis agus acmhainneacht tástála saotharlainne le linn paindéim COVID-19 mar thoradh air; ag spreagadh na Seirbia athchóirithe a chur chun feidhme d’fhonn earnáil na sláinte poiblí a neartú, lena bhfeabhsófar an chosaint shóisialta agus lena gcuirfear tacaíocht ar fáil don earnáil phríobháideach chun iarmhairtí eacnamaíocha COVID-19 a mhaolú;

77.  á chur in iúl gur geal léi an dea-dhul chun cinn atá déanta ag an tSeirbia i réimsí eacnamaíocha agus airgeadais amhail dlí na gcuideachtaí, dlí na maoine intleachtúla, i seirbhísí iomaíochta agus airgeadais, agus i gcuntasacht bhainistíochta agus iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn i réimse an tsoláthair phoiblí;

78.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar méadaitheach atá ag an tSín ar an tSeirbia agus ar fud na mBalcán Thiar agus an easpa trédhearcachta, measúnú tionchair comhshaoil agus sóisialta ar infheistíochtaí agus ar iasachtaí na Síne; á iarraidh ar an tSeirbia a caighdeáin chomhlíonta dhlíthiúla i gcás ghníomhaíochtaí gnó na Síne a neartú;

79.  á iarraidh ar an tSeirbia inbhuanaitheacht a hearnála fuinnimh a mhéadú trína foinsí fuinnimh a éagsúlú, lena ndéanfar aistriú fuinnimh ísealcharbóin a sheoladh agus bogadh ionsar fhoinsí in-athnuaite agus ionsar bhreoslaí nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus deireadh á chur le gach fóirdheontas guail neamhchomhlíontach aici ag an am céanna; ag spreagadh na Seirbia na bearta is gá a ghlacadh chun limistéir atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de a chaomhnú agus a chosaint agus dlús a chur leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme an Phlean Náisiúnta um Laghdú Astaíochtaí;

80.  á chur in iúl gur geal léi seoladh fheirm ghaoithe Čibuk 1, atá ar an bhfeirm ghaoithe is mó sa tír agus an dul chun cinn atá déanta ar an idirnascaire gáis idir an tSeirbia agus an Bhulgáir; ag tabhairt dá haire an easpa chomhsheasmhach chomhlíontachta leis an gConradh um Chomhphobal Fuinnimh agus an sárú atá á dhéanamh air dá bharr sin; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí tíortha na mBalcán Thiar i gcroílár straitéis nascachta AE;

81.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tSeirbia rannpháirteach go gníomhach sa Chomhphobal Iompair agus i dtionscadail an Ghréasáin Thras-Eorpaigh, lena náirítear tógáil mhórbhealach Niš-Merdare-na Pristine;

82.  á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe nua maidir le Fánaíocht Réigiúnach a síníodh i mí Aibreáin 2019;

83.  ag tathant ar na húdaráis ailíniú le caighdeáin agus cuspóirí beartais AE maidir le cosaint na haeráide agus an comhshaoil mar aon le héifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú – go háirithe i bhfianaise Dhearbhú Shóifia maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar – lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do phraghsáil astaíochtaí carbóin a thabhairt isteach, reachtaíocht éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta agus Plean Náisiúnta comhtháite don Fhuinneamh agus don Aeráid a fhorbairt agus a ghlacadh, chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a éascú agus chun na bearta is gá a ghlacadh ar mhaithe le limistéir atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de a chaomhnú agus a chosaint;

84.  ag spreagadh an Seirbia le bailchríoch a chur ar na hathchóirithe ar a hearnálacha náisiúnta leictreachais agus gáis trína áirithiú, go háirithe, go ndéanfar oibreoirí córais a dhíchuachadh, agus go n-oibreofar ar nascacht réigiúnach agus ar chomhlánú an mhargaidh réigiúnaigh fuinnimh i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh;

85.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na leibhéil arda aerthruaillithe sa tSeirbia agus ag tathant ar na húdaráis bearta a dhéanamh go mear chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, go háirithe i gcathracha móra agus i limistéir thionsclaíocha amhail Smederevo, Bor agus Kolubara; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé réitigh inbhuanaithe a aimsiú agus úsáid ligníte agus guail eile ar bheagán calraí a theorannú i dtáirgeadh fuinnimh, mar is amhlaidh i gcás téimh;

86.  á chur in iúl gur saoth léi an easpa gníomhaíochta maidir le truailliú Abhainn na Dragovishtitsa ag mianaigh atá ag oibriú sa réigiún;

87.  á chur in iúl gur geal léi tacaíocht leanúnach na Seirbia don Straitéis Dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála AE;

88.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé ailíniú a dhéanamh le comhbheartas eachtrach agus slándála AE (CBES), ar comhbheartas é nach foláir dó teacht chun bheith ina chuid dhílis de bheartas eachtrach na Seirbia ar bhonn forchéimnitheach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ráta ailínithe na Seirbia, arb é an ráta is ísle sa réigiún é; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt oifigigh rialtais agus roinnt polaiteoirí ag leanúint de ráitis a dhéanamh ó am go chéile lena gcuirtear amhras i leith chlaonadh bheartas eachtrach na Seirbia; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tacaíocht leanúnach na Seirbia don Rúis i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le hionghabháil na Crimé;

89.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil seasamh na Seirbia ag teacht le seasamh AE maidir leis na toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis; á chur in iúl gur cúis bhuartha fós di, áfach, gur mhainnigh an tSeirbia ailíniú a dhéanamh le forchur smachtbhannaí ar oifigigh na Bealarúise agus le seasamh AE maidir leis an dlí slándála nua sa tSín; á iarraidh ar an tSeirbia méadú a dhéanamh ar a leibhéal ailínithe leis na fógraí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann AE agus le cinntí ón gComhairle, lena n-áirítear iad sin maidir le smachtbhannaí;

90.  ag tabhairt dá haire síniú na gcomhaontuithe maidir le normalú eacnamaíoch ag an tSeirbia agus ag an gCosaiv an 4 Meán Fómhair 2020 in Washington; á chur in iúl gur oth léi, áfach, forálacha sa téacs lena gceanglaítear ar an gCosaiv chun staonadh ó bhallraíocht a lorg in eagraíochtaí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite na Stát Aontaithe, agus á chur i bhfios go láidir gur gá do AE agus do na Stáit Aontaithe a gcomhpháirtíocht agus a gcomhordú sna Balcáin Thiar a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gné thábhachtach é an comhar trasatlantach don chobhsaíocht sa réigiún, agus á chur i bhfáth ról ceannasach AE mar idirghabhálaí sa phróiseas chun an caidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv a normalú;

91.  á mheabhrú go rachadh bogadh Ambasáid na Seirbia in Iosrael ó Tel Aviv go Iarúsailéim i gcoinne sheasamh an Aontais Eorpaigh maidir leis an réiteach dhá stát ar dhíospóid Iosrael-na Palaistíne;

92.  á iarraidh go ndéanfar an comhar Eorpach leis an tSeirbia a neartú ó thaobh aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis chúblála agus ar chibearbhagairtí agus ar bhagairtí hibrideacha de lena bhféachtar le sochaithe a dheighilt, míchlú a tharraingt ar AE agus leis an mbonn a bhaint ó pheirspictíocht Eorpach an réigiúin; á mholadh go gcuirfí céimeanna nithiúla i gcrích chun athléimneacht agus cibearshlándáil a fhorbairt agus á iarraidh ar an tSeirbia, ar an gCoimisiún agus ar SEGS tacú le bearta lena ndíreofaí ar iolrachas na meán agus ar iriseoireacht ardcháilíochta a threisiú; á chur i bhfáth an gá atá le feabhas a chur ar an gcomhordú Eorpach chun feachtais réigiúnacha bhréagaisnéise a thagann ón tSeirbia go minic a chomhrac, amhail tríd an bhféidearthacht ionad barr feabhais maidir leis an mbréagaisnéis a bheadh dírithe ar na Balcáin a chruthú;

93.  á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di na tuairiscí bréagaisnéise a thagann as an gCreimil agus a scaiptear trí Sputnik Serbia agus trí ghníomhaithe intíre eile; á iarraidh ar údaráis na Seirbia féachaint an athuair ar na socruithe lena gceadaítear na hoibríochtaí sin chun bréagaisnéis laistigh agus lasmuigh den tír a laghdú agus dlús a chur lena hiarrachtaí i leith feachtais bhréagaisnéise a chomhrac, ar feachtais iad atá tagtha chun cinn ó thosaigh paindéim COVID-19;

94.  ag tabhairt dá haire tabhairt i gcrích an chomhaontaithe ar an gcomhar maidir le bainistiú teorainneacha idir an tSeirbia agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) lena gcuirfear ar chumas Frontex cuidiú leis an tSeirbia i mbainistiú teorainneacha agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur i gcrích; ag tabhairt dá haire go raibh ról gníomhach, comhoibritheach agus cuiditheach ag an tSeirbia i mbainistiú theorainneacha seachtracha AE;

95.  á athdhearbhú gurb é AE an comhpháirtí trádála, an t-infheisteoir agus an deontóir cabhrach is mó atá ag an tSeirbia; ag tabhairt dá haire cinneadh na Seirbia comhaontú saorthrádála a shíniú leis an Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach i mí Dheireadh Fómhair 2019; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis, áfach, go ndéanfaidh an tSeirbia ailíniú le beartas trádála AE; ag meabhrú ghealltanas an Aontais i leith a leasanna a chosaint trí mhaolú a dhéanamh ar éifeacht dhiúltach na gcomhaontuithe saorthrádála leis an Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach a shínigh tíortha a rinne iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach agus a shínigh CCC, amhail an tSeirbia; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an tSeirbia fós ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála;

96.  á iarraidh ar an tSeirbia an t-ailíniú le dlí saothair AE a fheabhsú, dlí nua a ghlacadh maidir leis an gceart dul ar stailc agus dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe agus an dlí maidir le maoirseacht chigireachta a leasú chun cloí le coinbhinsiúin ábhartha EIS, ar coinbhinsiúin iad atá daingnithe ag an tSeirbia;

97.  ag spreagadh na Seirbia lena áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní airgeadais agus institiúideacha aici le haghaidh beartais fostaíochta agus shóisialta;

98.  á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht leanúnach na Seirbia i misin agus oibríochtaí maidir le bainistiú géarchéime faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC); ag spreagadh na Seirbia a gealltanais reatha a choimeád maidir le pearsanra a chur ar fáil do cheithre mhisean agus oibríochtaí CBSC, mar aon le tuilleadh rannpháirtíochta a lorg amach anseo; á chur in iúl gur geal léi na socruithe maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht arna síniú idir AE agus an tSeirbia; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na feabhsuithe ar an gcomhar réigiúnach agus idirnáisiúnta maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac;

99.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar spleáchas na Seirbia ar threalamh agus ar theicneolaíochtaí cosanta ó Dhaon-Phoblacht na Síne, lena n-áirítear córas ollfhaireachais i mBéalgrád agus an bailiúchán ollmhór sonraí pearsanta gan coimircí iomchuí, agus trédhearcacht neamhleor chleachtais soláthair phoiblí na hearnála slándála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí dlúthchomhar polaitiúil agus míleata na Seirbia leis an Rúis, lena n-áirítear láithreacht leanúnach saoráidí aeir na Rúise in Niš; á iarraidh ar an tSeirbia ailíniú a dhéanamh le CBSC agus lena ionstraimí;

100.  ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis na Seirbia leanúint dá n-iarrachtaí i leith deireadh a chur le hoidhreacht na seirbhísí rúnda cumannacha trína gcomhad a chur ar fáil don phobal, mar chéim ionsar dhaonlathú na Seirbia; á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur le próiseas an chomharbais agus le cur chun feidhme na n-oibleagáidí a bhaineann le cartlann choiteann na hiar-Iúgslaive a roinnt; á athdhearbhú, i dtaca leis sin, a ríthábhachtaí atá sé rochtain iomlán ar inneachar uile na cartlainne a bheith ann, go háirithe na hábhair sin de chuid Sheirbhísí Rúnda na hiar-Iúgslaive (UDBA) agus Sheirbhís Rúnda Arm Phobal na hIúgslaive (KOS); ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis rochtain ar na cartlanna sin a bhaineann le hiarphoblachtaí na hIúgslaive a éascú agus iad a thabhairt ar ais chuig a rialtais faoi seach má iarrann siad amhlaidh;

101.  á mheabhrú gurb é AE an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá ag an tSeirbia; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin chun infheistíocht níos straitéisí a dhéanamh sna Balcáin Thiar trí Phlean tiomnaithe Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) do na Balcáin Thiar; á aithint á thábhachtaí atá EIP i dtacú le nascacht inbhuanaithe, caipiteal daonna, iomaíochas agus fás cuimsitheach mar aon leis an gcomhar réigiúnach agus trasteorann a atreisiú d’fhonn feabhas a chur ar na deiseanna a bheidh ag an riarachán ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach leas a bhaint as an infheistíocht sin; á chur i bhfáth nach foláir d’aon infheistíocht cloí le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

102.  á chur i bhfios go láidir gur cheart do EIP na hathchóirithe struchtúracha is gá sa bhonneagar, san fhuinneamh, sa chomhshaol agus san oideachas a spreagadh agus gur cheart é a chur chun feidhme chomh mear agus chomh héifeachtach agus is féidir chun feabhas a chur ar infheictheacht na dtionscadal atá cistithe ag AE agus iontaobhas shaoránaigh na Seirbia san Aontas Eorpach agus ina hinstitiúidí a mhéadú;

103.  á iarraidh ar na comhreachtóirí na dreasachtaí agus an choinníollacht araon a mhionchoigeartú san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) a bheidh ann amach anseo agus úsáid a bhaint as sásraí fionraíochtaí i gcás cúlú tromchúiseach; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go dtacódh IPA III le luachanna bunúsacha agus dea-rialachas a neartú tuilleadh; á chreidiúint gur cheart prionsabal inaisathraitheachta ‘tuilleann breis tuilleadh’ agus ‘is lú a thuilleann lú’ an phróisis aontachais faoin modheolaíocht athnuaite a léiriú go soiléir freisin sa mhaoiniú réamhaontachais; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh méid an chúnaimh airgeadais ag freagairt do ráta iarbhír na n-athchóirithe atá curtha chun feidhme;

104.  á iarraidh ar údaráis na Seirbia an leas is fearr a bhaint as ath-leithdháileadh AE ar mhaoiniú IPA chun cabhrú le tionchar socheacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha;

105.  á athdhearbhú go ndearna AE tacaíocht láithreach a shlógadh go mear do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic leis an éigeandáil sláinte ar de shiocair phaindéim COVID-19 í agus chun éascú a dhéanamh ar théarnamh socheacnamaíoch an réigiúin;

106.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit líon leordhóthanach vacsaíní COVID-19 a leithdháileadh ar shaoránaigh uile thíortha na mBalcán Thiar;

107.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Seirbia.

(1) IO C 363, 28.10.2020, lch. 119.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0168.

An nuashonrú is déanaí: 23 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais