Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2271(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0134/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0134/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 27/04/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0116

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 45k
Dé Máirt, 27 Aibreán 2021 - Brussels
Iarraidh ar dhíolúine Filip De Man a tharscaoileadh
P9_TA(2021)0116A9-0134/2021

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Filip De Man (2020/2271(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Filip De Man, arna tarchur i litir dar dáta an 30 Deireadh Fómhair 2020 ag an Ionchúisitheoir Ginearálta chuig Cúirt Achomhairc na Bruiséile, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, agus arna cur in iúl i suí iomlánach an 14 Nollaig 2020,

–  ag féachaint don tarscaoileadh ag Filip De Man ar a cheart chun éisteachta, de bhun Riail 9(6), dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,

–  ag féachaint d’Airteagal 59 de Bhunreacht Ríocht na Beilge,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 5(2), d’Airteagal 6(1) agus d’Airteagal 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0134/2021),

A.  de bhrí gur thíolaic an tIonchúisitheoir Ginearálta ag Cúirt Achomhairc na Bruiséile iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine pharlaiminteach Filip De Man, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh do Ríocht na Beilge, i ndáil le tionóisc tráchta bóthair lenar bhain damáiste ábhartha agus imthoisc ghéaraitheach an chiona éalaithe, tionóisc a líomhnaítear gurb é ba chúis léi an 1 Bealtaine 2019;

B.  de bhrí go bhfuil sé curtha i leith Filip De Man gur bhuail sé treo-oileán an 1 Bealtaine 2019 in Vilvoorde, agus nár stad sé ina dhiaidh sin, ach lean sé ar aghaidh lena thuras go dtí a bhaile; de bhrí gur thug na póilíní faoi deara smionagar ó fheithicil an Fheisire scaipthe ar lána an tráchta agus go raibh rianta ó áit na tionóisce le feiceáil ag baile an Fheisire; de bhrí go raibh Filip De Man, tar éis go leor toghairmeacha, in ann éisteacht a fháil sa deireadh ag na póilíní breithiúnacha agus, ar an ócáid sin, gur dhearbhaigh sé gurb amhlaidh a leag sé an post coincréite agus nach raibh sé in ann stopadh mar gheall ar an slua a bhí tagtha le chéile ar an tsráid;

C.  de bhrí go dtagann an cion líomhnaithe faoi Airteagal 33 de Dhlí na Beilge maidir le póilíneacht tráchta ar bhóithre an 16 Márta 1968 agus go bhfuil an cion seo inphionóis le tréimhse phríosúnachta idir cúig lá dhéag agus sé mhí agus go bhfuil sé inphionóis le fíneáil idir EUR 200 agus EUR 2 000;

D.  de bhrí, ar thaobh amháin, nach féidir Parlaimint na hEorpa a asamhlú le cúirt agus, ar an taobh eile, maidir le parlaiminteoir, i gcomhthéacs nós imeachta maidir le tarscaoileadh díolúine, nach féidir é nó í a mheas mar ‘dhuine cúisithe’(2);

E.  de bhrí, faoi Airteagal 9, an chéad fhomhír, de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a Stáit féin, agus i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla;

F.  de bhrí go bhforáiltear sa chéad mhír d’Airteagal 59 de Bhunreacht Ríocht na Beilge: ‘[a]ch amháin i gcás flagrante delicto, ní fhéadfar, le linn an tseisiúin, aon chomhalta de cheachtar Dlísheomra a tharchur chuig cúirt nó binse ná a thoghairm go díreach os comhair cúirte nó binse le linn an tseisiúin, ná ní fhéadfar é nó í a ghabháil, ach amháin má fhaightear údarú ón Dlísheomra a bhfuil sé nó sí mar chomhalta de’;

G.  de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach le linn di a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine nó a díolúine a tharscaoileadh(3);

H.  de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe go díreach ná go soiléir leis an ngníomh, a rinne Filip De Man, agus lena dhualgais mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, ná nach ionann é agus tuairim nó vóta arna tabhairt nó arna chaitheamh i gcomhlíonadh a fheidhmeanna mar Fheisire i bParlaimint na hEorpa, de réir Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

I.  de bhrí, sa chás seo, nach raibh Parlaimint na hEorpa in ann a shuí arbh ann do fumus persecutionis, i.e. amhras tromchúiseach agus beacht go leor gur tionscnaíodh an nós imeachta lena mbaineann agus é ar intinn leis damáiste polaitiúil a dhéanamh don Fheisire;

1.  á chinneadh díolúine Filip De Man a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Ríocht na Beilge agus chuig Filip De Man.

(1) breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra/De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch/Parlement, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch/Parlement, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois/Parlement, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.
(3) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote/Parlement, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440, pointe 28.

An nuashonrú is déanaí: 26 Iúil 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais