Comhaontú AE/An Iorua: modhnú lamháltas ar na cuótaí rátaí taraife go léir atá san áireamh i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ***
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 maidir le modhnú lamháltas ar na cuótaí rátaí taraife go léir atá san áireamh i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (10643/20 – C9-0424/2020 – 2020/0230(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10643/20),
– ag féachaint don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le modhnú lamháltas ar na cuótaí rátaí taraife uile atá ar áireamh i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (10644/20),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (C9-0424/2020),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0035/2021),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na hIorua.