Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2272(ACI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0123/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0123/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 27/04/2021 - 2
PV 27/04/2021 - 14

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0130

Téacsanna atá glactha
PDF 231kWORD 79k
Dé Máirt, 27 Aibreán 2021 - Brussels
Comhaontú idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach
P9_TA(2021)0130A9-0123/2021
Cinneadh
 Iarscríbhinn
 Iarscríbhinn

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 ar chomhaontú idirinstitiúideach a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (2020/2272(ACI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 9 Nollaig 2020, lenar formhuiníodh an dréacht-chomhaontú idirinstitiúideach lena mbunaítear clár trédhearcachta sainordaitheach,

–  ag féachaint don dréacht-chomhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta),

–  ag féachaint d’Airteagail 11(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint don dréachtráiteas polaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach tráth a glacadh an comhaontú idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (‘an ráiteas polaitiúil’),

–  ag féachaint do chomhaontú idirinstitiúideach an 16 Aibreán 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gclár trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartais AE (‘Comhaontú 2014’)(1),

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2016 le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta Sainordaitheach (COM(2016)0627),

–  ag féachaint don sainordú caibidlíochta ó Pharlaimint na hEorpa maidir le togra ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2016 le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta Sainordaitheach, a ghlac Comhdháil na nUachtarán an 15 Meitheamh 2017,

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus sláine in institiúidí AE(2),

–  ag féachaint don phacáiste nua uirlisí trédhearcachta do na Feisirí, a d’fhormhuinigh Comhdháil na nUachtarán an 27 Iúil 2018,

–  ag féachaint do chinneadh uaithi an 31 Eanáir 2019 maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a dhéanann difear do Chaibidlí 1 agus 4 de Theideal I; do Chaibidil 3 de Theideal V; do Chaibidlí 4 agus 5 de Theideal VII; do Chaibidil 1 de Theideal VIII; do Theideal XII; do Theideal XIV agus d’Iarscríbhinn II(3), go háirithe Rialacha 11 agus 35,

–  ag féachaint do Riail 148(1) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0123/2021),

A.  de bhrí go luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 11(2) CAE: “Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.”;

B.  de bhrí gur tháinig cineálacha nua idirghníomhaíochta chun cinn idir ionadaithe leasmhara agus cinnteoirí de bharr na géarchéime sláintíochta mar thoradh ar phaindéim COVID;

C.  de bhrí go n-eisíocfaidh an tAontas méideanna éagsúla de thacaíocht airgeadais do na Ballstáit, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, chun iarmhairtí na paindéime a chomhrac, agus nach mór gach cinneadh a bhaineann leis sin a dhéanamh le trédhearcacht iomlán, agus cuntasacht iomlán á háirithiú ó thaobh chinnteoirí an Aontais;

D.  de bhrí gur cheart an mhuinín is mó is féidir a bheith ag saoránaigh as institiúidí an Aontais; de bhrí gur gá, le go mbeidh ann di, go mbeidh an muinín mar bhonn faoin tuiscint go bhfuil ionadaíocht leasa faoi cheangal ag caighdeáin arda eiticiúla agus go bhfuil a n-ionadaithe tofa ar leibhéal an Aontais, na Coimisinéirí agus oifigigh an Aontais neamhspleách, trédhearcach agus cuntasach; de bhrí go bhféadfadh comhlacht neamhspleách is coiteann d’institiúidí an Aontais rannchuidiú amach anseo le comhchreat eiticiúil a bhunú d’oifigigh de chuid an Aontais lena rialófar a n-idirghníomhaíochtaí le hionadaithe leasmhara; de bhrí gur cheart, i gcás inarb iomchuí, a chur san áireamh go gcloíonn iarratasóirí agus cláraithe le luachanna an Aontais agus le caighdeáin eiticiúla ghinearálta i gcomhthéacs fheidhmiú an chláir trédhearcachta;

E.  de bhrí go ndéanann an Pharlaimint na bearta institiúideacha aonair lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme ar leibhéil éagsúla agus go n-áirítear orthu sin rialacha cur chun feidhme a bheith glactha ag an mBiúró go leasú na Rialacha Nós Imeachta;

F.  de bhrí, sa Chomhaontú, go gcomhaontaíonn gach ceann de na trí institiúid is sínitheoir cinntí aonair a ghlacadh lena gcumhachtaítear bord bainistíochta an chláir (‘an Bord Bainistíochta’) agus rúnaíocht an chláir (‘an Rúnaíocht’) cinntí a dhéanamh thar a cheann i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 15(2) den Chomhaontú;

Cuspóir agus raon feidhme

1.  á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú mar chéim eile lena bhfeabhsaítear caighdeáin na hionadaíochta leasa eiticiúil; á mheabhrú, mar sin féin, faoi Airteagal 295 CFAE, nach féidir leis na hinstitiúidí socruithe a dhéanamh ach amháin le haghaidh a gcomhair, agus, dá bhrí sin, nach mór dóibh brath ar a gcumhachtaí féineagrúcháin chun oibleagáidí de facto a chruthú lena gceanglaítear ar thríú páirtithe clárú leis an gClár; á athdhearbhú gurb é a rogha le fada an lá go mbunófaí an Clár Trédhearcachta trí ghníomh reachtach, an t-aon bhealach atá ann ceangal a chur ar thríú páirtithe de réir dlí;

2.  á áitiú, i gcomhréir leis an ráiteas polaitiúil, go ngeallfadh na hinstitiúidí go nglacfaidh siad cur chuige comhordaithe maidir leis an gcultúr coiteann trédhearcachta a threisiú d’fhonn an ionadaíocht leasa eiticiúil a fheabhsú agus a neartú tuilleadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil oibleagáid orthu faoin gComhaontú, agus i gcomhréir le hAirteagal 13(2) CAE, comhar dílis a chleachtadh eatarthu féin agus an scéim á forbairt agus gur cheart do na hinstitiúidí, dá bhrí sin, díriú ar an leibhéal is airde gealltanas a bhaint amach; á chur i bhfios gurb ionann na bearta dá dtagraítear sa Chomhaontú agus íosmhéid agus go bhféadfaí iad a leathnú tuilleadh faoi réir tacaíocht pholaitiúil agus na teorainneacha bunreachtúla agus dlíthiúla atá ag comhaontú idirinstitiúideach á gcur san áireamh;

3.  á athdheabhrú gur gá leanúint leis an idirphlé idirinstitiúideach d’fhonn clár trédhearcachta a bhunú ar bhonn gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí de chuid reachtaíocht thánaisteach an Aontais;

4.  á mholadh gur cheart don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa plé a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht atá ann bunús dlí uathrialach a bhunú lena gcumasófaí do na comhreachtóirí gníomhartha reachtacha an Aontais a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach d’fhonn rialacha ceangailteacha eiticiúla a fhorchur ar ionadaithe leasmhara ina n-idirghníomhaíochtaí le hinstitiúidí an Aontais;

5.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil athrú tagtha ar stádas Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó stádas breathnóra go stádas páirtí fhoirmiúil sa Chomhaontú; á mheas, mar sin féin, go bhfuil an rannpháirt atá aici teoranta do chruinnithe leis na hoifigigh is sinsearaí, agus, faoi scéimeanna deonacha amháin, do chruinnithe na mBuanionadaithe agus na Leas-Bhuanionadaithe le linn a n-uachtaránachta agus sé mhí roimpi; á áitiú, ar mhaithe le hinchreidteacht an chreata chomhpháirtigh, gur cheart do na Buanionadaithe uile páirt ghníomhach a ghlacadh ann trína scéimeanna deonacha, agus gur cheart dóibh leanúint de bheith á gcur i bhfeidhm tar éis dá n-uachtaránacht teacht chun críche agus iad a shíneadh, a mhéid is féidir, chuig oifigigh eile;

6.  á chur i bhfios nach bhfuil aon ghealltanais shubstainteacha bhreise i leith an chreata chomhpháirtigh déanta ag an gCoimisiún sa phróiseas caibidlíochta; á chur in iúl gur oth léi go háirithe, maidir leis an raon feidhme pearsanta, nach gcumhdaítear leis ach an fhoireann is sinsearaí sna hinstitiúidí; á éileamh gur cheart go n-áireofaí in aon athbhreithniú ar na socruithe coinníollachta maidir leis na trí institiúid cruinnithe le daoine eile d’fhoireann na n-institiúidí, ar leibhéal na gCeann Aonaid agus os a chionn;

7.  á chur in iúl gur geal léi na gealltanais a thug an Pharlaimint sa phróiseas caibidlíochta maidir le coinníollacht agus bearta comhlántacha trédhearcachta; á mheas go bhfuil an modhnú ar Rialacha 11 agus 35 dá Rialacha Nós Imeachta tar éis tiomantas mór a thabhairt i ndáil leis sin; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar ceart bunreachtúil na bhFeisirí a sainordú a fheidhmiú go neamhshrianta a chaomhnú sa Chomhaontú;

8.  á chur in iúl gur geal léi go bhféadfadh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach; á chreidiúint gur cheart do na hinstitiúidí is sínitheoirí an rannpháirtíocht sin a spreagadh, i gcomhréir leis an oibleagáid atá orthu úsáid an Chláir a chur chun cinn agus úsáid iomlán a bhaint as an gClár; á áitiú go gcuirfidh an rannpháirtíocht sin de cheangal ar na hinstitiúidí is sínitheoirí tuilleadh acmhainní a chur ar fáil don Chlár;

Gníomhaíochtaí cumhdaithe

9.  á thabhairt chun suntais go bhfuil an Comhaontú ag brath ar chur chuige atá bunaithe ar ghníomhaíocht lena n-áirítear gníomhaíochtaí brústocaireachta indíreacha; á áitiú go bhfuil sé tábhachtach na gníomhaíochtaí sin a chumhdach, go háirithe i gcomhthéacs na gcineálacha nua idirghníomhaíochtaí atá ag ionadaithe leasa le cinnteoirí AE de bharr na paindéime;

10.  á chur in iúl gur geal léi na soiléirithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear agus nach gcumhdaítear, lena n-áirítear teagmhálacha gan choinne a bheith á gcur as an áireamh agus idirghabhálaithe tríú tíortha nach bhfuil stádas taidhleoireachta acu a bheith á gcumhdach;

11.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach go sainmhíneofaí na cruinnithe le hionadaithe leasmhara ar cheart a fhoilsiú mar chruinnithe atá sceidealaithe roimh ré; á chur in iúl gur geal léi cleachtas an Choimisiúin go bhfoilseofaí freisin na cruinnithe sin a bheidh ar siúl i bhformáid nach ionann í agus na cruinnithe a bhíonn ar siúl ar an láthair, amhail físchomhdháil; á áitiú gur cheart glaoch teileafóin sceidealta a mheas mar chruinniú freisin;

Coinníollacht, tuarascáil bhliantúil agus athbhreithniú

12.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur bealach é cur chun feidhme na mbeart coinníollachta agus na mbeart comhlántacha eile trédhearcachta trí chinntí aonair chun cumhachtaí eagrúcháin inmheánacha na dtrí institiúid is sínitheoir faoi seach a urramú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil leathnú déanta ar an tuarascáil bhliantúil chun cur chun feidhme na mbeart sin arna nglacadh ag na hinstitiúidí is sínitheoirí a chumhdach;

13.  á mholadh go n-áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis faoi chláraithe a imscrúdaíodh agus a baineadh den chlár ar deireadh mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chóid iompair;

14.  á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú tráthúil agus rialta ar na bearta cur chun feidhme a rinneadh de bhun Airteagal 5 den Chomhaontú, d’fhonn moltaí a dhéanamh maidir leis na bearta sin a fheabhsú agus a threisiú;

15.  á iarraidh ar na hinstitiúidí is sínitheoirí anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag rialacha nua trédhearcachta ar nósanna imeachta cinnteoireachta, lena n-áirítear coinníollacht agus bearta comhlántacha trédhearcachta arna nglacadh ag na hinstitiúidí laistigh den chreat comhpháirteach, agus an tionchar atá ag na rialacha sin ar thuiscint na saoránach i leith institiúidí an Aontais roimh an gcéad athbhreithniú eile ar an gclár;

16.  á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar an choinníollacht agus na bearta comhlántacha trédhearcachta a fhoilsiú go soiléir agus go tráthúil chun trédhearcacht a áirithiú d’ionadaithe leasa agus do na saoránaigh, rud atá mar bhonn faoin muinín atá acu as dea-fheidhmiú an chreata chomhpháirtigh;

Ról Pharlaimint na hEorpa

17.  á chur in iúl gur geal léi na gealltanais a thug an Pharlaimint le linn na caibidlíochta, go háirithe maidir leis an togra dar teideal Closing the loopholes – Parliament’s proposals on conditionality [Na lúba ar lár a chur ina gceart – moltaí na Parlaiminte maidir leis an gcoinníollacht] agus á áitiú gur gá iad a chur chun feidhme ina n-iomláine agus iad a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Chomhaontú gan mhoill mhíchuí;

18.  á áitiú gur gá a áirithiú, laistigh den Pharlaimint, go bhfuil ardleibhéal úinéireachta polaitiúla ann maidir leis an bpróiseas cur chun feidhme agus athbhreithnithe; ag moladh gur cheart bonn eolais a chur faoin bpróiseas athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Chomhaontú agus é a mhúnlú i ndlúthchomhar leis an Leas-Uachtarán de chuid PE atá freagrach as an gclár trédhearcachta;

19.  á iarraidh go sonrach go gcuirfidh an Biúró agus comhlachtaí ábhartha eile na bearta seo a leanas chun feidhme go pras;

   (a) nasc díreach a bhunú idir foilsiú na gcruinnithe faoi Riail 11(3) agus an clár trédhearcachta agus feabhsuithe substainteacha a thabhairt isteach d’fhonn an uirlis foilseacháin seo a dhéanamh go hiomlán soláimhsithe agus inchuardaithe;
   (b) nasc díreach a bhunú idir an lorg reachtach dá bhforáiltear in Airteagal 4(6) den Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa, atá in Iarscríbhinn I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta agus sa Chlár Trédhearcachta;
   (c) riail a thabhairt isteach le haghaidh oifigigh na Parlaiminte ó leibhéal an Chinn Aonaid go dtí an tArd-Rúnaí, chun bualadh le hionadaithe leasmhara cláraithe amháin;
   (d) moladh a thabhairt d’fhoireann na Parlaiminte gan bualadh le daoine aonair nó eagraíochtaí maidir le raon feidhme an chláir trédhearcachta ach amháin sa chás go bhfuil siad cláraithe agus chun an méid sin a fhíorú go córasach roimh a gcruinnithe;
   (e) cur chuige cuimsitheach a fhorbairt chun go mbeidh rannpháirtíocht mar chainteoir ag gach imeacht arna eagrú ag coistí nó ag idirghrúpaí, amhail ceardlanna agus seimineáir chomh maith le cruinnithe toscaireachta, ag brath ar chlárú d’aon duine a thagann faoi raon feidhme an chláir trédhearcachta;
   (f) cur chuige cuimsitheach agus comhleanúnach a fhorbairt maidir le himeachtaí a chomh-óstáil ar áitribh na Parlaiminte agus é a dhéanamh coinníollach, i gcás inarb iomchuí, ar chlárú d’aon duine a thagann faoi raon feidhme an chláir trédhearcachta;

20.  á iarraidh go sonrach ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí

   (a) treoirlínte a ghlacadh chun tacú le rapóirtéirí, scáth-rapóirtéirí agus Cathaoirligh coiste a gcuid oibleagáidí faoi Riail 11(3) a chomhlíonadh;
   (b) treoirlínte a ghlacadh le haghaidh rúnaíochtaí coistí chun tacú le Feisirí tríd an deis a mheabhrú dóibh go córasach, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa, atá in Iarscríbhinn I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, liosta na n-ionadaithe leasanna a ndeachthas i gcomhairle leo maidir le nithe a bhaineann le hábhar na tuarascála a fhoilsiú;

21.  á iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, le linn an athbhreithnithe ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, tuilleadh bearta trédhearcachta a mheas ar cheart iad a thabhairt isteach chun gealltanas na Parlaiminte i leith na scéime comhpháirtí a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na ceanglais fhoirmiúla a bhfuil feidhm acu maidir le haon athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta;

Incháilitheacht, cód iompair, faisnéis atá le soláthar ag na cláraithe

22.  ag tabhairt dá haire gur cuid de na critéir incháilitheachta é comhlíonadh an chóid iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú, agus nach mór do na cláraithe na ceanglais rúndachta agus na rialacha is infheidhme maidir le hiarchomhaltaí agus iarfhoireann na n-institiúidí a bhfuil feidhm acu ina leith a chur san áireamh tar éis dóibh éirí as oifig;

23.  á chur in iúl gur geal léi an soiléiriú nach scaoilfear na cláraithe ón oibleagáid chun a áirithiú go n-urramófar na caighdeáin eiticiúla chéanna agus iad ag eisfhoinsiú cuid dá ngníomhaíochtaí do dhaoine eile;

24.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oibleagáid ar chláraithe faisnéis airgeadais a fhoilsiú faoi chliaint agus idirghabhálaithe araon agus go n-éilítear faisnéis airgeadais freisin ar chláraithe nach bhfuil ag gabháil do leasanna tráchtála; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oibleagáid ar chláraithe ní hamháin faisnéis airgeadais a fhoilsiú uair sa bhliain ach an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta freisin, go háirithe i gcás ina dtarlaíonn athrú suntasach ar na mionsonraí atá faoi réir cinntí cur chun feidhme;

25.  á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’oibleagáid ar na cláraithe anois faisnéis a sholáthar faoi thograí reachtacha, beartais nó tionscnaimh a bhfuil siad ag díriú orthu; á mheas go gcuirfidh sé sin le trédhearcacht bhreise na leasanna a bhfuil siad ag gabháil dóibh;

An Rúnaíocht agus an Bord Bainistíochta

26.  á chur in iúl gur geal léi an gealltanas go méadófar na hacmhainní le haghaidh an clár a chothabháil, a fhorbairt agus a chur chun cinn, mar aon le ranníocaíocht fhoirmiúil na Comhairle leis an Rúnaíocht; á chreidiúint gur cheart go gcuirfeadh na gealltanais sin i leith na scéime comhpháirtí feabhas ar chumas na Rúnaíochta treoir thráthúil a sholáthar do na cláraithe agus tacú leo maidir leis na sonraí arna n-iarraidh a chlárú agus a thabhairt cothrom le dáta; á chur i bhfios go háirithe go bhfuil na hacmhainní daonna an-teoranta i gcomhréir le líon na gcláraithe i gcomparáid le scéimeanna náisiúnta comhchosúla agus go gcuireann an teorannú sin bac ar a éifeachtúla atá oibriú an chláir; á iarraidh ar na hinstitiúidí a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní agus an fhoireann is gá ar fáil d’fhonn feidhmiú cuí na Rúnaíochta agus an Bhoird Bainistíochta a ráthú;

27.  á mheas, ós rud é go bhfuil na trí institiúid ar comhchéim ó thaobh oibriú na Rúnaíochta agus an Bhoird Bainistíochta de, gur cheart go n-áiritheofaí go mbeidh comhthoil ann, go ndéanfaí forbairt ar chomhúinéireacht na scéime agus go gcothófaí cultúr coiteann trédhearcachta;

28.  á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh an Bord Bainistíochta agus an cúram atá air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme riaracháin foriomlán an Chomhaontaithe agus gníomhú mar chomhlacht athbhreithnithe le haghaidh na mbeart arna ndéanamh ag an Rúnaíocht; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil nós imeachta láidir riaracháin sa Chomhaontú lena gcosnaítear cearta nós imeachta na gcláraithe;

Forálacha nós imeachta

29.  ag formheas thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe atá in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCinneadh seo;

30.  ag formheas an ráitis pholaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach atá in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilseofar i sraith L de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an gComhaontú;

31.  á chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 15(2) den Chomhaontú, go dtabharfar de chumhacht don Bhord Bainistíochta agus don Rúnaíocht, ón uair a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm, cinntí aonair maidir le hiarratasóirí agus cláraithe a ghlacadh thar ceann Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach(4);

32.  á threorú dá hUachtarán an Comhaontú a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

33.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, a chur ar aghaidh mar eolas chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 277, 19.9.2014, lch. 11.
(2) IO C 337, 20.9.2018, lch. 120.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0046.
(4) IO L 207, 11.6.2021, lch. 1


IARSCRÍBHINN A:

COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH IDIR PARLAIMINT NA hEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH MAIDIR LE CLÁR TRÉDHEARCACHTA SAINORDAITHEACH

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an chomhaontú idirinstitiúideach mar a foilsíodh in IO L 207, 11.6.2021, lch. 1..)


IARSCRÍBHINN B:

RÁITEAS POLAITIÚIL Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS ÓN gCOIMISIÚN EORPACH AGUS AN COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH MAIDIR LE CLÁR TRÉDHEARCACHTA SAINORDAITHEACH Á GHLACADH

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach a thábhachtaí atá prionsabal na coinníollachta mar bhunchloch don chur chuige comhordaithe atá glactha ag na trí institiúid agus é mar aidhm acu cultúr coiteann trédhearcachta a threisiú agus ardchaighdeáin á leagan síos ag an am céanna maidir le hionadaíocht leasa thrédhearcach eiticiúil ar leibhéal an Aontais.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach go bhfuil na coinníollachtaí seo a leanas agus na bearta comhlántacha trédhearcachta atá i bhfeidhm comhsheasmhach leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta Sainordaitheach, go dtreisítear leo cuspóir an chur chuige chomhordaithe agus gur bonn daingean iad ar a bhféadfar leanúint den chur chuige sin a fhorbairt agus a fheabhsú agus ionadaíocht leasa eiticiúil ar leibhéal an Aontais a neartú tuilleadh:

—  cruinnithe idir cinnteoirí agus ionadaithe leasa cláraithe, i gcás inarb infheidhme(1);

—  cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú, i gcás inarb infheidhme(2);

—  cruinnithe foirne, go háirithe ar leibhéal sinsearach, le hionadaithe leasa cláraithe(3);

—  labhairt ag éisteachtaí poiblí sa Pharlaimint(4);

—  ballraíocht i ngrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus rannpháirtíocht in imeachtaí, fóraim nó seisiúin faisnéise áirithe(5);

—  rochtain ar áitribh na n-institiúidí(6);

—  pátrúnacht le haghaidh imeachtaí le haghaidh ionadaithe leasa cláraithe, i gcás inarb ábhartha;

—  an dearbhú polaitiúil ó na Ballstáit go gcuirfidh siad i bhfeidhm go deonach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hinniúlachtaí náisiúnta, prionsabal na coinníollachta maidir le cruinnithe a mBuanionadaí agus a Leas-Bhuanionadaí le hionadaithe leasa le linn a nUachtaránachta ar an gComhairle agus sna sé mhí roimhe sin, agus aon bheart deonach breise de chuid na mBallstát aonair i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hinniúlachtaí lasmuigh de sin, a dtugtar faoi deara go cothrom iad araon.

(1) Riail 11(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 7 de Chinneadh ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 maidir le Cód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (C(2018)0700) (IO C 65, 21.2.2018, lch. 7); pointe V de Mhodhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.
(2) Riail 11(3) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Cinneadh 2014/838/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú ar chruinnithe arna dtionól idir Ard-Stiúrthóirí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IO L 343, 28.11.2014, lch. 19); Cinneadh 2014/839/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú ar chruinnithe arna dtionól idir Ard-Stiúrthóirí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IO L 343, 28.11.2014, lch. 22);
(3) Airteagal 3 den Chinneadh ón gComhairle maidir le hidirghníomhaíochtaí a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa; pointe V de Mhodhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.
(4) Airteagal 7 den Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2003 maidir le rialacha i dtaca le héisteachtaí poiblí.
(5) Riail 35(3) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 8 den Chinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus feidhmiú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin (C(2016)3301); Airteagail 4 agus 5 den Chinneadh ón gComhairle maidir le hidirghníomhaíochtaí a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa.
(6) Riail 123 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa arna léamh i gcomhar leis an gCinneadh ón Ardrúnaí an 13 Nollaig 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear pasanna agus údaruithe lena dtugtar rochtain ar áitribh na Parlaiminte; Airteagal 6 den Chinneadh ón gComhairle maidir le hidirghníomhaíochtaí a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa.

An nuashonrú is déanaí: 25 Lúnasa 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais