Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0227(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0119/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0119/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0152

Téacsanna atá glactha
PDF 114kWORD 44k
Déardaoin, 29 Aibreán 2021 - Brussels
An Clár don Eoraip Dhigiteach ***II
P9_TA(2021)0152A9-0119/2021

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (06789/1/2020 – C9-0109/2021 – 2018/0227(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06789/1/2020 – C9‑0109/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0434),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0119/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 292.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 272.
(3) Téacsanna arna nglacadh an 17.4.2019, P8_TA(2019)0403.

An nuashonrú is déanaí: 26 Iúil 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais