Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2021 - Brussels
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhunú ***I
 An Banc Ceannais Eorpach - tuarascáil bhliantúil 2020
 Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach
 Cur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil
 Cur chun feidhme Airteagal 43 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn
 Rochtain phoiblí ar dhoiciméid do na blianta 2016-2018
 Éagothromaíochtaí a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre
 Tionchar COVID-19 ar an óige agus ar an spórt

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhunú ***I
PDF 128kWORD 57k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2020)0408 – C9-0150/2020 – 2020/0104(COD))
P9_TA(2021)0038A9-0214/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0408),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus don tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0150/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Iúil 2020(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta, don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Nollaig 2020 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0214/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

4.  ag tabhairt dá haire na ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

6.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Feabhra 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

P9_TC1-COD(2020)0104


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/241.)

iarscríbhinn a ghabhann leis an rún reachtach

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le ceanglais tuairiscithe a bhunú chun eisiúint bannaí a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil do NextGenerationEU a chumasú

Meabhraíonn an Coimisiún uaillmhian pholaitiúil chomhroinnte an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Laistigh den chreat sin, cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil sé d’aidhm aige 30 % ar a laghad de na cistí atá le fáil ar iasacht sna margaí caipitil a thiomsú le haghaidh riachtanais NextGenerationEU trí bhannaí a eisiúint lena rannchuirtear le cuspóirí comhshaoil.

Comhaontaíonn na trí Institiúid a fhiosrú an bhféadfaí rialacha a thabhairt isteach lena mbunófar oibleagáidí tuairiscithe do na Ballstáit, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar an rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil na gcistí a fhaightear ar iasacht sna margaí caipitil. Chun na críche sin, féachfaidh an Coimisiún le togra reachtach a dhéanamh chuige sin sa chéad ráithe de 2021.

RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LE BAILIÚ SONRAÍ LE hAGHAIDH RIALUITHE AGUS INIÚCHTAÍ ÉIFEACHTACHA

Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún an gá atá le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a áirithiú chun cistiú dúbailte a sheachaint agus chun calaois, éilliú agus coinbhleacht leasanna a chosc, a bhrath agus a cheartú i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Measann an dá institiúid go bhfuil sé bunriachtanach go mbaileodh agus go dtaifeadfadh na Ballstáit sonraí maidir le faighteoirí agus tairbhithe deiridh chistiú an Aontais i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach agus idir-inoibritheach agus go mbainfidís úsáid as uirlis aonair mianadóireachta sonraí atá le soláthar ag an gCoimisiún.

RÁITEAS breise ón gCoimisiún maidir le bailiú sonraí le haghaidh rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha

Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach an dearbhú aontaobhach a rinne sé maidir leis an ábhar seo faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, a bhfuil feidhm aige mutatis mutandis maidir le hAirteagal 22 de Rialachán na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

RÁITEAS ón gCoimisiún maidir leis an modheolaíocht chun an aeráid a rianú

Chun comhsheasmhacht a áirithiú, measann an Coimisiún gur cheart modheolaíocht Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a ionchorprú i Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

(1) IO C 364, 28.10.2020, lch. 132.
(2) IO C 440, 18.12.2020, lch. 160.


An Banc Ceannais Eorpach - tuarascáil bhliantúil 2020
PDF 162kWORD 55k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le tuarascáil bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2020 (2020/2123(INI))
P9_TA(2021)0039A9-0002/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), 2019,

–  ag féachaint don doiciméad ó BCE dar teideal Aiseolas ar an ionchur a sholáthair Parlaimint na hEorpa mar chuid dá rún maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2018,

–  ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus BCE, go háirithe Airteagail 15 agus 21 de,

–  ag féachaint d’Airteagail 123, 127(1), (2) agus (5), 130, 132 agus 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais don limistéar euro agus do na bearta a ghlac Comhairle Rialaithe BCE an 4 Meitheamh 2020,

–   ag féachaint do shuirbhé BCE maidir leis an rochtain a bhí ag fiontair ar mhaoiniú sa limistéar euro idir Deireadh Fómhair 2019 agus Márta 2020, a foilsíodh an 8 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE don limistéar euro a foilsíodh an 10 Meán Fómhair 2020,

–  ag féachaint do na hidirphléití airgeadaíochta le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, an 6 Feabhra agus an 8 Meitheamh 2020, agus an 28 Meán Fómhair 2020,

–  ag féachaint dá seasamh an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú(1),

–   ag féachaint do pháipéar ócáideach Uimh. 247 ó Thascfhórsa Cripteashócmhainní BCE, Meán Fómhair 2020, dar teideal Stablecoins: Implications for monetary policy, financial stability, market infrastructure and payments, and banking supervision in the euro area [Cripteamhonaí cobhsaí: Impleachtaí don bheartas airgeadaíochta, don chobhsaíocht airgeadais, do bhonneagar agus íocaíochtaí an mhargaidh, agus do mhaoirseacht bhaincéireachta sa limistéar euro],

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint don tuarascáil ó BCE, Deireadh Fómhair 2020, ar euro digiteach,

–  ag féachaint don pháipéar ócáideach ó BCE, Uimh. 201, Samhain 2017, dar teideal The use of cash by households in the euro area [Úsáid airgid thirim ag teaghlaigh sa limistéar euro],

–  ag féachaint do nuashonrú 2020 ar Ráiteas Comhshaoil BCE,

–  ag féachaint do Riail 142(1) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0002/2021),

A.  de bhrí go réamh-mheastar sa Réamhaisnéis Eacnamaíoch ón gCoimisiún, Samhradh 2020, ag cur na suaití eacnamaíocha atá ann de bharr phaindéim COVID-19 san áireamh, go dtiocfaidh laghdú 8,7 % ar gheilleagar an limistéir euro in 2020 agus go dtiocfaidh fás 6,1 % air in 2021, agus go dtiocfaidh laghdú 8,3 % ar gheilleagar AE-27 in 2020 agus go dtiocfaidh fás 5,8 % air in 2021;

B.  de bhrí, de réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE, Meitheamh 2020, go mbeidh boilsciú bliantúil an limistéir euro san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) comhionann, ar an meán, le 0,3 % in 2020, le 1,0 % in 2021 agus le 1,3 % in 2022, agus ag an am céanna go léirítear sna réamh-mheastachtáin don bhoilsciú sa limistéar euro ina iomláine go mbeidh an-éagsúlacht sa ráta boilsciúcháin;

C.  de bhrí, de réir Eurostat, gurbh é 7,4 % san Aontas Eorpach agus 8,1 % sa limistéar euro an ráta dífhostaíochta i mí Lúnasa 2020; de bhrí go bhfuiltear ag dréim go dtiocfaidh méadú ar an ráta dífhostaíochta; de bhrí go bhfuil an ráta dífhostaíochta míchothrom ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil neamhionannais urghnácha réigiúnacha fós sa dífhostaíocht, laistigh de na Ballstáit agus ina measc; de bhrí go bhfuil ráta ard dífhostaíochta i measc na hóige fós ina shaincheist thromchúiseach nach mór dul i ngleic léi san Aontas;

D.  de bhrí go léirítear tionchar díbhoilscitheach i sonraí BCE maidir le ICPT do 2020 i ngeall ar ghéarchéim COVID-19 i roinnt Ballstát;

E.  de bhrí gurb éard atá i réamh-mheastacháin BCE, Meán Fómhair, go dtitfidh an fíor-OTI domhanda (gan an limistéar euro a áireamh) 3,7 % in 2020 agus ina dhiaidh sin go mbeidh athphreab 6,2 % ann in 2021 agus athphreab 3,8 % ann in 2022;

F.  de bhrí, d’ainneoin gur iarr Parlaimint na hEorpa go mion minic gearrliosta cothrom ó thaobh inscne de a fháil ar a mbeadh dhá ainm ar a laghad do na róil ar Bhord Feidhmiúcháin BCE, is fir amháin a bhí ar an ngearrliosta chun comhalta nua den Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh in ionad Yves Mersch; de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht mhór ar Chomhairle Rialaithe BCE;

G.  de bhrí gurbh ionann glanbhrabús BCE in 2019 agus EUR 2 366 bhilliún, i gcomparáid le EUR 1 575 bhilliún in 2018; de bhrí gur féidir an méadú sin a chur go príomha i leith an mhéadaithe ar ghlanioncam úis ar phunann dhollar na Stát Aontaithe agus ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (APP);

H.  de bhrí gurbh amhlaidh, ag deireadh 2019, a bhí buaic EUR 4 671 425 mhilliún bainte amach ag clár comhardaithe an Eurochórais, an dara buaic is mó riamh i ndiaidh bhuaic 2018;

I.  de bhrí go dteastaíonn tuilleadh tacaíochta ó FBManna, arb iad cnámh droma gheilleagar agus shochaithe an Aontais iad go fóill, agus feabhas á chur acu ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta;

J.  de bhrí go raibh diantionchar ag géarchéim COVID-19 ar FBManna; de bhrí go raibh drochthionchar ag forbairtí san ionchas eacnamaíoch ginearálta ar a rochtain ar mhaoiniú;

K.  de bhrí go sainítear le CFAE gurb é atá i sainordú BCE praghsanna a choimeád cobhsaí agus tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais;

L.  de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus gurb é misean BCE cabhrú leis an méid sin a bhaint amach; de bhrí nach bhfuil misin BCE teoranta do chobhsaíocht praghsanna ach go n-áirítear leo freisin sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus cobhsaíocht an chórais airgeadais;

M.  de bhrí, de réir shuirbhé Eorabharaiméadair, mí na Samhna 2019, gur 62 % den phobal a thacaigh le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa lena ngabhann airgeadra aonair amháin, an euro, in 2019;

N.  de bhrí gur fhógair BCE an 18 Márta 2020 Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime (PEPP) mar chlár nua sealadach le haghaidh ceannach sócmhainní san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach lena ngabhann imchlúdach EUR 750 billiún, chun dul i ngleic le rioscaí do tharchur an bheartais airgeadaíochta sa limistéar euro arb í paindéim an choróinvíris is cúis leo;

O.  de bhrí gur chinn Comhairle Rialaithe BCE an 4 Meitheamh 2020 imchlúdach PEPP a mhéadú go EUR 1,35 trilliún, chun tréimhse ghlancheannacháin PEPP a fhadú go deireadh mhí an Mheithimh 2021 ar a laghad, agus go ndéanfar íocaíochtaí príomhshuime atá ag aibiú faoi PEPP a ath-infheistiú go deireadh 2022 ar a laghad; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go leanfar leis na glancheannacháin faoi APP de réir ráta míosúil EUR 20 billiún, mar aon leis na ceannacháin faoin imchlúdach sealadach breise EUR 120 billiún go deireadh 2020;

P.  de bhrí go ndearnadh bearta beartais eile chun leachtacht a sholáthar, amhail oibríochtaí spriocdhírithe fadtéarmacha athmhaoiniúcháin (TLTRO III) agus PELTRO, saoráid leachtachta phaindéimshonrach;

Q.  de bhrí gur cuireadh moill mhór ar an Scéim Eorpach Árachais Taiscí, in ainneoin na dtograí ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leis an ngá práinneach atá ann taiscí a chosaint ar leibhéal AE;

Forbhreathnú ginearálta

1.  á chur in iúl gur geal léi ról BCE maidir le cobhsaíocht an euro a choimirciú; á thabhairt chun suntais gur réamhriachtanas é neamhspleáchas reachtúil BCE, mar a leagtar síos sna Conarthaí é, chun gur féidir leis a shainordú a chomhlíonadh, agus chun a dhlisteanacht dhaonlathach a choimirciú; ag tabhairt dá haire gur riachtanas den neamhspleáchas é nár cheart do BCE treoracha a lorg ná a ghlacadh ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile; á chur i bhfáth nár cheart sárú a dhéanamh ar an neamhspleáchas sin, agus á thabhairt chun suntais thairis sin gur cheart leibhéal comhfhreagrach cuntasachta a bheith ag gabháil le neamhspleáchas bainc ceannais i gcónaí; á chur i bhfáth go sonraítear in CFAE gur gá do BCE, anuas ar a shainordú príomhúil cobhsaíocht praghsanna a choimeád slán, tacú freisin leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú, ar choinníoll nach dtagann siad salach ar an bpríomh-shainordú; á chur i bhfios go láidir gur cuspóirí ginearálta de chuid an Aontais, mar a shainítear in Airteagal 3 CFAE iad, an fhorbairt inbhuanaithe, an cóineasú, an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta;

2.  á chur in iúl gur geal leis an lárionad maidir leis an athrú aeráide atá á chur ar bun laistigh de BCE;

3.  á chur i bhfáth nach féidir dul siar ar an airgeadra aonair; ag cur béim ar an bhfíoras gur tionscadal polaitiúil é an euro, anuas ar é a bheith ina thionscadal airgeadaíochta;

4.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ghéarchéim cúraim sláinte, eacnamaíoch agus shóisialta gan fasach atá ann de dheasca phaindéim COVID-19, ina bhfuil laghdú géar tagtha ar gheilleagar an limistéir euro agus ina bhfuil dálaí mhargadh an tsaothair ag dul in olcas go mear, lena n-áirítear an méadú ar an dífhostaíocht; ag tabhairt dá haire go meastar go ndéanfaidh gníomhaíocht an limistéir euro téarnamh, cé go bhfuil luas agus scála an téarnaimh fós thar a bheith neamhchinnte agus neamhchothrom ó Bhallstát go chéile;

5.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, go bhfuil cothromaíocht na rioscaí don ionchas fáis ag dul i dtreo an donais i gcomhthéacs neamhchinnteacht eisceachtúil ina mbeidh méid an chraptha agus an téarnaimh ag brath ar fhad agus ar éifeachtacht na mbeart imshrianta, ar rath na mbeartas fioscach agus airgeadaíochta drochthionchar ar ioncam agus ar fhostaíocht a mhaolú, agus ar a mhéid a dhéantar difear buan don acmhainneacht soláthair, don éileamh intíre agus do shlabhraí soláthair idirnáisiúnta;

6.  á iarraidh go ndéanfar athmheastóireacht phráinneach ar riosca sistéamach san earnáil airgeadais tar éis na paindéime; á chur in iúl gur geal léi, i dtaca leis sin, bunú coiste oibre a bhaineann leis an bpaindéim ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach; á mholadh go n-áireofar measúnú cáilíochtúil ar riosca iarmharach i dtástálacha struis a bheidh ann amach anseo;

7.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BCE an chobhsaíocht praghsanna a choimeád slán; ag tabhairt dá haire nár baineadh amach go sistéamach an sprioc don bhoilsciú agus go bhfuil gá le tuilleadh forairdill; á thabhairt chun suntais gur cláraíodh díbhoilsciú i leith an limistéir euro le roinnt míonna anuas; á thabhairt chun suntais go bhfuil rioscaí móra ann do gheilleagair an limistéir euro de bharr an díbhoilsciúcháin, agus go mb’fhéidir gur ghá do BCE idirghabháil thréan a dhéanamh dá réir;

8.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oiriúnú a chuid tomhas ar an mboilsciú á phlé faoi láthair ag BCE; ag tabhairt dá haire gur coincheap an-chúng den tomhas ar an mboilsciú é ICPT agus go ndéantar an boilsciú sa limistéar euro a mheas faoina luach dá bharr toisc sciar neamhleor de na costais tithíochta a bheith i gciseán ICPT(3); á iarraidh go ndéanfar an ciseán a athchoigeartú ionas go léireofar leis gur ar chaiteachas a bhaineann le tithíocht a chaitheann teaghlaigh na hEorpa 24 % dá gcuid ioncaim; ag spreagadh BCE chun an boilsciú praghsanna sócmhainní a eascraíonn as inter alia rátaí úis ísle a chur san áireamh; á aithint go mbaineann dúshláin leis an mbeartas airgeadaíochta a tharchur;

9.  ag aithint na hiarrata láidre ón Uachtarán Lagarde go ndéanfaí ‘comhfhogasú iomlán ar na beartais fhioscacha agus airgeadaíochta’ chomh maith leis an ngealltanas ‘úsáid a bhaint as na huirlisí uile lena dtabharfar an toradh is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhréirí’ chun tacú le téarnamh eacnamaíoch an limistéir euro; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhlántachtaí láidre idir beartais fhioscacha agus beartais airgeadaíochta; á chur in iúl gur geal léi an Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime de chuid BCE chun tacú le téarnamh eacnamaíoch an limistéir euro;

Beartas airgeadaíochta

10.  á chur in iúl gur geal léi freagairt beartais airgeadaíochta thapa agus shuntasach BCE ar ghéarchéim COVID-19 i gcomhthéacs éigeandála; ag aithint thionchar dearfach na freagartha sin ar staid eacnamaíoch an limistéir euro; ag dréim leis go leanfaidh BCE dá thacaíocht fad a bheidh gá leis; ag tabhairt an ráitis ón gcomhalta ar Bhord Maoirseachta BCE, Yves Mersch, nach leathnófar an tsolúbthacht sin chuig oibríochtaí eile, dá haire;

11.  á chur i bhfáth nach leor beartas airgeadaíochta ann féin chun téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá athchóirithe lena neartaítear an t-iomaíochas agus an comhtháthú sóisialta chun fás eacnamaíoch a athbhunú agus a fheabhsú ar fud an Aontais; á chreidiúint gur acmhainneacht theoranta í acmhainneacht an bheartais airgeadaíochta ann féin amháin chun an téarnamh a éascú agus, ag urramú neamhspleáchas BCE ag an am céanna, á iarraidh ar BCE staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as bearta beartais eile lena bhféadfaí an geilleagar a spreagadh, laistigh de shrianta a shainordaithe; á chur i bhfáth go ngabhann éifeachtaí iarmharta le beartas airgeadaíochta an-réidh, amhail an tionchar ar choigilteoirí nó an riosca go mbeadh boilsciú praghsanna sócmhainní ann; ag cur fainic ar na Ballstáit gan talamh slán a dhéanamh den timpeallacht rátaí úis ísle, mar go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag ardú ar na rátaí úis ar sheirbhísiú an fhiachais phoiblí;

12.  ag tabhairt rabhaidh, áfach, i dtaobh an riosca a ghabhann le luachálacha iomarcacha ar mhargaí bannaí, agus riosca ann gur dheacair iad a láimhseáil má thagann ardú arís ar rátaí úis, go háirithe i gcás tíortha atá ag gabháil do nós imeachta um easnamh iomarcach nó i gcás tíortha a bhfuil leibhéil arda fiachais acu;

13.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht le beartas gníomhach airgeadaíochta chun brú na srianta airgeadais ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a mhaolú; á aithint gur tháinig laghdú ar chéatadán na FBManna atá ag dul i ngleic le srianta airgeadais ó 18 % in 2009-12 go 8 % in 2016-2019; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar láidir ag géarchéim COVID-19 ar FBManna; ag aithint a thábhachtaí atá micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide san Aontas; á chur i bhfios, i ndáil leis an méid sin, gur gá infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí, mar aon le hathchóirithe, a spreagadh agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun maoiniú an fhíorgheilleagair a áirithiú;

14.  á iarraidh ar BCE faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht an éascaithe chainníochtúil ar na rioscaí ina chláir chomhardaithe, ar bhoilsciú praghsanna sócmhainní agus ar mhí-leithdháileadh féideartha acmhainní;

15.  ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag rátaí úis ísle fadtéarmacha; á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, de bharr rátaí úis ísle, a chuirtear, ar thaobh amháin, deiseanna ar fáil do thomhaltóirí, do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, d’oibrithe agus d’iasachtaithe, agus gur féidir leo leas a bhaint as móiminteam eacnamaíoch níos láidre, as dífhostaíocht níos ísle agus as costais iasachtaíochta níos ísle; ag aithint na n-iarmhairtí dibhéirseacha dáileacháin a bhaineann le beartais BCE; á iarraidh ar BCE tionchar a chuid beartas ar an neamhionannas saibhris a scrúdú; ag cur in iúl gur oth léi, ar an taobh eile, an méadú ar líon na ngnólachtaí atá neamh-inmharthana agus a bhfuil fiacha ollmhóra orthu, an laghdú atá tagtha ar an dreasacht atá ann do na rialtais tabhairt faoi athchóirithe lena gcuirtear leis an bhfás agus leis an inbhuanaitheacht, chomh maith le héifeachtaí díobhálacha ar árachóirí agus ar chistí pinsean, agus á chur i bhfáth go gcuirtear ualach airgeadais ar a lán saoránach ar fud an Aontais dá bharr sin;

16.  ag tabhairt dá haire go bhfuil nasc ann idir an beartas airgeadaíochta agus an méadú atá ag teacht ar phraghsanna tithíochta sa limistéar euro; ag cur béim ar an bhfíoras go meastar go dtiocfaidh méadú de bharr na paindéime ar an ráta ró-ualaigh dianseasmhach ard maidir le costas tithíochta, a bhí cothrom le 9,6 % in 2018, agus á iarraidh ar BCE meastóireacht a dhéanamh ar thionchar réigiúnach agus earnálach a chláir éascaithe chainníochtúil ar an gcostas maireachtála ar fud an Aontais agus ar fhéaráilteacht idirghlúine an chláir sin;

17.  ag tuiscint gur chuir déine na géarchéime iallach ar BCE aird a tharraingt óna athbhreithniú ar a straitéis maidir lena chreat beartais airgeadaíochta; ag tabhairt dá haire gur gheall an tUachtarán Lagarde le linn an idirphlé airgeadaíochta a tionóladh an 28 Meán Fómhair 2020 go mbeadh idirghníomhú dlúth ann le Parlaimint na hEorpa agus go ndéanfaí idirphléití rialta a áirithiú;

18.  á chur i bhfáth gur cheart, le haon athbhreithniú ar straitéis creata beartais airgeadaíochta, breithniú grinn a dhéanamh ar chineál gheilleagar na hEorpa, atá ag éirí níos seirbhísdírithe agus níos digitithe, agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuirtear bac dá bharr sin ar tharchur na mbeartas airgeadaíochta isteach san fhíorgheilleagar;

Gníomhaíochtaí in aghaidh an athraithe aeráide

19.  ag tabhairt dá haire, agus neamhspleáchas BCE á urramú, go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar dhinimic an bhoilsciúcháin agus ar na rioscaí tarchurtha sa bheartas airgeadaíochta; ag meabhrú thionchar BCE ar chobhsaíocht praghsanna a choimeád slán; ag meabhrú go bhfuil BCE, mar institiúid Eorpach, faoi cheangal ag Comhaontú Pháras;

20.  ag tabhairt dá haire gur gheall an tUachtarán Lagarde scrúdú a dhéanamh ar athruithe atá neamhdhíobhálach don aeráid ar oibríochtaí BCE agus ‘gach bealach atá ar fáil a fhiosrú chun an t-athrú aeráide a chomhrac’; á iarraidh ar BCE a chreat comhthaobhachta a ailíniú le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus a mhéid atá sé ailínithe le Comhaontú Pháras a nochtadh, agus an t-ailíniú sin in earnáil na baincéireachta a scrúdú freisin;

21.  á iarraidh go mbeidh ann do chur chuige bainistithe riosca a bheidh réamhghníomhach agus cáilíochtúil lena ndéanfar rioscaí córasacha a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú;

22.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht go fóill ar cheannacháin bannaí glasa agus ar an sciar de phunann BCE ar bannaí glasa iad;

23.  ag spreagadh na n-iarrachtaí chun méadú a dhéanamh ar chumais taighde maidir le tionchar an athraithe aeráide ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an limistéar euro;

Gnéithe eile

24.  á iarraidh ar BCE leanúint dá iarrachtaí chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú do gach teagmhas féideartha a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

25.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil dibhéirseacht chomharduithe TARGET2 laistigh de CEBC ag méadú go leanúnach; ag tabhairt dá haire go bhfuil léirmhíniú na ndibhéirseachtaí sin á chonspóid;

26.  ag tabhairt thorthaí na hanailíse ó Thascfhórsa Cripteashócmhainní BCE dá haire; á iarraidh ar BCE aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla eile a bhaineann leis an anaithnideacht a bhíonn ann de bharr cripteashócmhainní; á iarraidh ar BCE cur leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar fhorbairt cripteashócmhainní, lena n-áirítear monaí cobhsaí, agus ar na rioscaí méadaithe don chibearshlándáil;

27.  á chur in iúl gur geal léi anailís agus obair ullmhúcháin BCE i dtreo euro digiteach a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire nach cripteashócmhainn é euro digiteach; á chur i bhfios go láidir go mbeadh ar an euro digiteach réimse ceanglas íosta a chomhlíonadh, lena n-áirítear stóinseacht, sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cosaint príobháideachais; á chur i bhfáth nach ceadmhach do euro digiteach airgead tirim a chur i mbaol mar mhodh íocaíochta; ag tacú leis an moladh ó BCE gur cheart d’eisiúint an euro dhigitigh a bheith inrochtana lasmuigh den limistéar euro, ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí an Eurochórais, chun éileamh ar an euro a spreagadh i measc infheisteoirí coigríche agus ar an gcaoi sin ról níos láidre a chothú don euro go hidirnáisiúnta; á iarraidh ar BCE cothromaíocht leordhóthanach a áirithiú idir nuálaíocht airgeadais rialála i réimse na teicneolaíochta airgeadais a cheadú agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;

28.  ag teacht le BCE san imní atá air maidir le fás tapa na hearnála airgeadais neamhbhainc, dá ngairtear freisin ‘scáthbhaincéireacht’; á chur i bhfáth gur gá rialachán leordhóthanach sa réimse sin; ag cur i bhfáth gur gá do BCE maolú a dhéanamh ar an riosca sistéamach atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an méadú ar líon na n-eintiteas rialáilte nach eintitis bhainc iad agus atá cnuasaithe timpeall ar bhainc chun rochtain a fháil ar a gcóras íocaíochtaí;

29.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha BCE a chumas freagartha agus téarnaimh a neartú tuilleadh i gcás ina ndéanfaí cibirionsaí ar a eagraíocht féin; ag tabhairt dá haire, agus is díol imní di, gur tharla teipeanna teicniúla i gcóras socraíochta TARGET2 le déanaí i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2020; ag cur in iúl gur geal léi an t-imscrúdú a rinne BCE ina dhiaidh sin ar na teipeanna sin agus á iarraidh go nochtfaí na torthaí do Pharlaimint na hEorpa;

30.  ag aithint go bhfuil ag éirí le BCE góchumadh a chomhrac, mar atá léirithe leis an sciar seasmhach íseal de nótaí bainc góchumtha atá i gcúrsaíocht; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig nótaí nuachóirithe 100 euro agus 200 euro isteach in 2019 agus gnéithe feabhsaithe slándála ag gabháil leo; ag cur i bhfios go bhfuil tábhacht le hairgead tirim mar mhodh íocaíochta do shaoránaigh an Aontais; á iarraidh ar BCE gan an méid nótaí éagsúla bainc atá i gcúrsaíocht a laghdú tuilleadh;

31.  á iarraidh ar BCE féachaint ar bhealaí chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú, toisc go gcuirfeadh sé sin le cumas an Aontais a sheasamh beartais a shainiú go neamhspleách i leith cumhachtaí domhanda eile agus toisc go bhfuil sé ina ghné ríthábhachtach de choimirciú cheannasacht eacnamaíoch na hEorpa; ag tabhairt dá haire go gcuirfear tuilleadh leis an úsáid idirnáisiúnta a bhainfear as an euro ach é a bheith níos tarraingtí mar airgeadra cúltaca; á chur i bhfios go láidir gur gá aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú chun ról an euro a neartú; á chur in iúl gur geal léi gur iarr BCE go mion minic an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích go hiomlán; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí comhtháthú airgeadais a éascú trí shócmhainn shábháilte Eorpach dea-dheartha a chruthú agus go bhféadfaí cabhrú leis na fáinní fí idir na fiachais cheannasacha agus na hearnálacha baincéireachta intíre a mhaolú dá bharr;

32.  á chur in iúl gur geal léi iontráil na Bulgáire agus na Cróite in ERM II i mí Iúil 2020; ag tacú le spriocdháta luath le haghaidh ghlacadh an euro sa dá thír; á chur in iúl gur geal léi go ndearna BCE scagadh cuimsitheach ar bhainc na Cróite agus na Bulgáire i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2019; ag tarraingt aird ar an gceanglas, a leagtar síos sna Conarthaí, go gcaithfidh gach Ballstát, seachas an Danmhairg, an t-airgeadra aonair a ghlacadh a luaithe a bheidh critéir Maastricht um chóineasú comhlíonta acu;

33.  á iarraidh ar BCE leanúint dá chomhar tairbheach freisin leis na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro;

Cuntasacht

34.  ag athdhearbhú oscailteacht an Uachtaráin Lagarde roimh idirphlé níos mó agus á chur i bhfáth gur gá socruithe cuntasachta agus trédhearcachta BCE a fheabhsú tuilleadh; ag leagan béim ar an ngá atá le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú ar BCE ag Parlaimint na hEorpa agus trí idirphlé leis na parlaimintí náisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí caibidlíocht maidir le comhaontú foirmiúil idirinstitiúideach chun na cleachtais chuntasachta atá ann cheana maidir le feidhmeanna airgeadaíochta a chur ar bhonn foirmiúil agus chun dul níos faide ná na cleachtais sin;

35.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach mná ach beirt de 25 de na comhaltaí de Chomhairle Rialaithe BCE, in ainneoin é a bheith iarrtha go mion minic ag Parlaimint na hEorpa agus ag daoine sinsearacha in BCE, lena n-áirítear a Uachtarán, Christine Lagarde, chun cothromaíocht inscne a fheabhsú in ainmniúcháin i ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart ainmniúcháin Comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin a ullmhú go cúramach, le trédhearcacht iomlán agus in éineacht le Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis na Conarthaí; á iarraidh ar an gComhairle gearrliosta inscnechothrom i ndáil le haon fholúntais atá le teacht a tharraingt suas agus é sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa, chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann ról comhairleach níos fónta a bheith aici sa phróiseas ceapacháin; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh aon dul chun cinn sásúil go dtí seo; á mheabhrú gur prionsabal bunreachtúil í an chóir chomhionann idir fir agus mná ar cheart cloí go docht leis;

36.  á mheabhrú nach bhfuil ach beirt as seisear Comhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin BCE ar mná iad; á chur i bhfios, in ainneoin na n-iarrataí iomadúla a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gComhairle chun an easpa comhionannas inscne laistigh de Bhord Feidhmiúcháin BCE a leigheas, níor thug an Chomhairle aird ar an iarraidh sin; á mheabhrú ghealltanas Pharlaimint na hEorpa gan liostaí iarrthóirí a chur san áireamh i gcás nach ndearnadh prionsabal na cothromaíochta inscne a urramú; á iarraidh ar na rialtais, ar na Ballstáit, ar an gComhairle Eorpach, ar an gComhairle, ar Eurogroup agus ar an gCoimisiún dul i mbun oibre go gníomhach ionsar chothromaíocht inscne ina dtograí maidir le gearrliostaí agus ceapacháin atá ar na bacáin;

37.  á chur in iúl gur geal léi an t-aiseolas mionsonraithe agus suntasach, arna mhiondealú de réir roinne, a chuir BCE ar fáil faoi rún Pharlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2018; á iarraidh ar BCE leanúint den tiomantas sin don chuntasacht agus d’aiseolas i scríbhinn a fhoilsiú gach bliain faoi rúin Parlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE;

38.  ag tabhairt an chinnidh ó Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Gearmáine an 5 Bealtaine 2020 maidir le BCE, mar aon le ráiteas ó Chomhairle Rialaithe BCE an lá céanna, dá haire; ag aithint go ndéanann BCE measúnú comhréireachta leanúnach ar gach clár; ag tabhairt chinneadh BCE a rinneadh ina dhiaidh sin doiciméid neamhphoiblí a bhaineann le clár ceannaithe sócmhainní na hearnála poiblí (PSPP) a nochtadh do Pharlaimint na hEorpa, do Rialtas Cónaidhme na Gearmáine, don Bundestag agus don Bundesbank dá haire;

39.  ag aithint na n-iarrachtaí leanúnacha feabhas a chur ar an gcumarsáid agus ar an trédhearcacht le Parlaimint na hEorpa, agus ag tréaslú le BCE agus leis an Uachtarán Lagarde maidir leis na hiarrachtaí sin; ag aontú leis an Uachtarán Lagarde, ina theannta sin, go gcaithfidh BCE feabhas a chur ar a chumarsáid leis na saoránaigh maidir le tionchar a chuid beartas; ag moladh, ar an taobh eile, go mbeadh idirphlé rialta ann i seomra iata idir comhaltaí an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ionadaithe ábhartha de chuid BCE tar éis an cuntas is déanaí atá ar fáil ar imeachtaí na Comhairle Rialaithe a fhoilsiú chun measúnú a dhéanamh ar chinntí BCE roimh an idirphlé airgeadaíochta agus i gcomhthráth leis;

40.  á chur in iúl gur geal léi foilsiú thuairimí Choiste Eitice BCE i gcásanna ina dtarlaíonn coinbhleacht leasa agus fostaíocht shochrach iar-shainordúcháin ag comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin, Chomhairle Rialaithe agus Bhord Maoirseachta BCE; á iarraidh ar BCE neamhspleáchas na gcomhaltaí ón gCoiste Iniúchóireachta Inmheánaí a áirithiú, chun a áirithiú nach mbeidh cathaoirleacht an Choiste Eitice ag iar-Uachtarán ná aon iarchomhaltaí eile den Chomhairle Rialaithe, ná ag aon duine ar dócha coinbhleacht leasa a bheith acu, agus chun aithris a dhéanamh ar an trédhearcacht sin maidir le coinbhleachtaí leasa féideartha agus maidir le fostaíocht shochrach iar-shainordúcháin;

41.  ag tabhairt dá haire go bhfuil BCE ag déanamh ‘athmhachnamh’ ar a bheartas maidir le ligean don Phríomheacnamaí glaochanna gutháin príobháideacha a dhéanamh le mór-infheisteoirí i ndiaidh cruinnithe ina ndéantar cinntí beartais, agus á mheas nach mór deireadh a chur leis an gcleachtas sin ar bhonn láithreach i ngeall ar a easpa trédhearcachta;

42.  Ag leagan béim an athuair ar a hiarraidh go nglacfaí beartas sceithireachta feabhsaithe agus go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialacha Foirne BCE, agus iad a ailíniú, ar a laghad, leis na caighdeáin agus na spriocanna a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/1937 maidir le sceithirí a chosaint(4), chun sceithirí a chosaint agus a chumasú trí chabhrú leo ábhair imní a tharraingt anuas go muiníneach gan eagla roimh fhrithbheart, lena n-áirítear trí anaithnideacht a thabhairt dóibh i gcás inar gá;

43.  á iarraidh go ndéanfaí cúrsaí sóisialta agus fostaithe mar aon le gnóthaí rialachais a nochtadh ar bhonn níos mionsonraithe arna spreagadh le Treoir 2014/95/AE maidir le tuairisciú neamhairgeadais(5);

o
o   o

44.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0325.
(2) IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.
(3) cf. Persistent low inflation in the euro area: Mismeasurement rather than a cause for concern? [Boilsciú íseal leanúnach sa limistéar euro: Earráid tomhais seachas ábhar imní?] (https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/IDAN/2018/614214/IPOL_IDA(2018)614214_EN.pdf).
(4) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(5) Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).


Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach
PDF 233kWORD 85k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua le don Gheilleagar Ciorclach (2020/2077(INI))
P9_TA(2021)0040A9-0008/2021

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach: Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098), agus an doiciméad inmheánach oibre 'Ag díriú ar an mbealach chuig geilleagar ciorclach domhanda: staid na himeartha agus ionchas’ (SWD(2020)0100),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), lena n-áirítear SDG 12 ‘Tomhaltas agus táirgeadh freagrach’ agus SDG 15 ‘An Saol ar Thalamh’,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí (COM(2020)0667)(1),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht(2),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip’ (COM(2020)0102),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives’ [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

–  ag féachaint do Thuarascáil IPBES maidir le Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, mí Bealtaine 2019,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal ‘A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment’ [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú] (COM(2018)0673),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018, dar teideal ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy’ [Straitéis Eorpach maidir le Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach] (COM(2018)0028),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de(3),

–  ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(4),

–  ag féachaint don rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir le saolré níos faide do tháirgí: buntáistí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí(5),

–  ag féachaint don rún uaithi an 9 Iúil 2015 maidir le héifeachtúlacht acmhainní: ag bogadh i dtreo geilleagar ciorclach(6),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le cur chun feidhme an phacáiste maidir leis an ngeilleagar ciorclach, roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir reachtaíocht ceimicí, táirgí agus dramhaíola(7),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de(8),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce(9),

–  ag féachaint don togra le haghaidh an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a thíolaic an Coimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020, go háirithe an cuspóir tosaíochta dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a leagtar amach in Airteagal 2(2)(c) den togra,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do thuarascálacha speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an athrú aeráide, fairsingiú fásaigh, díghrádú talún, bainistiú inbhuanaithe talún, slándáil bia, agus floscanna gáis cheaptha teasa in éiceachórais talún, agus maidir leis an Aigéan agus an Criosphere in Aeráid atá ag Athrú, agus tuarascáil speisialta IPCC ‘Téamh Domhanda 1,5 °C’, an cúigiú tuarascáil mheasúnaithe (AR5) uaidh agus an tuarascáil sintéise uaidh i Meán Fómhair 2018,

–  ag féachaint don chéad Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a seoladh in 2015 (teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal ‘An Ciorcal a shlánú - Plean gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach’ (COM(2015)0614)) agus na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin bplean sin,

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le Straitéis Ceimiceán don inbhuanaitheacht(10),

–  ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(11),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le hábhar plaisteach i ngeilleagar ciorclach(12),

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le cur chun feidhme an phacáiste maidir leis an ngeilleagar ciorclach, roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht um cheimiceáin, um tháirgí agus um an dramhaíl(13),

–  ag féachaint don rún uaithi an 31 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme na Treorach faoi Éicidhearthóireacht(14),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol(15) (an ‘Treoir maidir le Plaistigh Aonúsáide’),

–  ag féachaint don athbhreithniú ar reachtaíocht dramhaíola AE, a glacadh in 2018: Treoir (AE) 2018/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl(16) (an ‘Treoir Réime Dramhaíola’); Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht(17) (an ‘Treoir maidir le Dramhaíl ó Phacáistíocht’); Treoir (AE) 2018/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 1999/31/CE maidir le líonadh talún le dramhaíl(18) (an ‘Treoir maidir le Líonadh Talún’); agus Treoir (AE) 2018/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoracha 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, 2006/66/EC, maidir le cadhnraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola, 2012/19/EU, maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach(19),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán(20) (‘Rialachán CLP’),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2017 maidir le ról na dramhaíola go fuinneamh sa gheilleagar ciorclach (COM(2017)0034),

–  ag féachaint don tuarascáil ‘Ionchas Acmhainní Domhanda 2019(21)’, agus don tuarascáil maidir le hÉifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide(22) ón bPainéal Idirnáisiúnta Acmhainní,

–  ag féachaint don Fhoilseachán eolaíochta ‘Evaluating scenarios toward zero plastic pollution’ [Meastóireacht a dhéanamh ar chásanna i dtreo truailliú plaisteach nialasach](23),

–  ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, an Coiste um Iompar agus Turasóireacht agus an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0008/2021),

A.  de bhrí go measann an Painéal Idirnáisiúnta Acmhainní, sa tuarascáil uaidh ‘Ionchas Acmhainní Domhanda 2019’, go dtagann leath d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus breis agus 90 % den chaillteanas bithéagsúlachta agus den strus uisce ó eastóscadh agus próiseáil acmhainní; de bhrí go n-úsáideann an geilleagar domhanda méid acmhainní is coibhéiseach le 1,5 pláinéad d’acmhainní agus go mbeadh gá cheana le 3 phláinéad, dá ndéanfaí gach duine acmhainní a ídiú ar mheánráta ídithe chónaitheorí AE, agus de bhrí gur cheart gurbh é cuspóir uileghabhálach an gheilleagair chiorclaigh laghdú suntasach a dhéanamh ar an úsáid fhoriomlán a bhainimid as acmhainní nádúrtha agus laghdú suntasach a dhéanamh ar ár dtáirgeadh dramhaíola; de bhrí go n-éileofar leis sin fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní, agus an t-idirdhealú idir díchúpláil iomlán agus díchúpláil choibhneasta á chur san áireamh;

B.  de bhrí go léiríonn na figiúirí sin an ról lárnach atá ag úsáid inbhuanaithe acmhainní, go háirithe amhábhair phríomhúla agus an gá atá le dlús a chur le gníomhaíocht ar gach leibhéal agus ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil coincheap an gheilleagair chiorclaigh de chineál cothrománach agus go rannchuideoidh sé go mór le cuspóirí comhshaoil eile a bhaint amach, lena n-áirítear cuspóirí Chomhaontú Pháras;

C.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an aistriú chuig geilleagar ciorclach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) AE a laghdú agus maidir le sprioc aeráide AE do 2030 agus cuspóir na nglanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go n-éilítear leis athrú ó bhonn a dhéanamh ar shlabhraí luacha ar fud an gheilleagair;

D.  de bhrí, má dhéantar aistriú chuig geilleagar ciorclach, go bhféadfadh cleachtais ghnó inbhuanaithe a chur chun cinn agus de bhrí go meastar go mbeidh cuideachtaí agus geilleagair Eorpacha ar thús cadhnaíochta ina measc siúd a mbeidh an rás domhanda i dtreo na ciorclaíochta á chur chun feidhme acu, ach tairbhe á baint acu as freisin, mar gheall ar shamhlacha gnó dea-fhorbartha AE, ar an eolas ciorclach atá againn agus ar an saineolas athchúrsála atá againn;

E.  de bhrí gur cheart gurb iad prionsabail an gheilleagair chiorclaigh croíghné aon bheartas tionsclaíoch Eorpach agus náisiúnta, agus croíghné Phleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát faoi chuimsiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

F.  de bhrí go bhfuil ídiú foriomlán fuinnimh suntasach in AE agus gur cheart go mbeadh éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsiú inbhuanaithe foinsí fuinnimh i gceist freisin le gníomhaíocht an gheilleagair chiorclaigh;

G.  de bhrí go bhfuil an geilleagar ciorclach ábhartha do SDGanna éagsúla lena n-áirítear Sprioc 12 ‘Patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a áirithiú’ chomh maith le Sprioc 13 maidir le ‘Gníomhaíocht ar son na haeráide’;

H.  de bhrí go bhfuil dearadh chun deireadh a chur le diomailt agus truailliú ar cheann de phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh;

I.  de bhrí, de réir staidéir a rinne Cambridge Econometrics le déanaí, go bhfuil an acmhainneacht ag an ngeilleagar ciorclach méadú breise 0,5 % a dhéanamh ar OTI AE agus os cionn 700 000 post nua a chruthú faoi 2030(24), agus go bhfuil sé d’acmhainneacht aige freisin cáilíocht na bpost a fheabhsú; de bhrí gur tháinig méadú 5 % ar líon na bpost a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach san Aontas Eorpach idir 2012 agus 2018, rud a d’fhag gur shroich sé thart ar 4 mhilliún; de bhrí, le beartais tacaíochta agus le hinfheistíocht tionsclaíochta, go bhfuiltear ag dréim leis go bhféadfadh luach bliantúil idir thart ar EUR 70 bn agus EUR 100 bn a bheith ag déantúsaíocht AE faoi 2030, agus fostaíocht d’idir 450 000 agus beagnach 600 000 duine a bheith ag gabháil léi;

J.  de bhrí go bhfuil foinsiú inbhuanaithe agus freagrach amhábhar príomhúil ríthábhachtach chun éifeachtúlacht acmhainní a bhaint amach agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh a chomhlíonadh; agus, dá bhrí sin, nach mór forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin inbhuanaithe foinsithe d’ábhair agus do thráchtearraí tosaíochta;

K.  de bhrí gur le linn chéim an dearaidh a chinntear suas le 80 % den tionchar comhshaoil a bhíonn ag táirgí agus nach dtagann ach 12 % de na hábhair a úsáideann tionscal AE ó athchúrsáil.

L.  de bhrí, mar gheall ar theacht chun cinn gasta na r-thráchtála, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht, amhail plaisteach aon úsáide agus dramhaíl chairtchláir; agus de bhrí go bhfuil loingsiú dramhaíola go tríú tíortha fós ina ábhar imní;

M.  de bhrí go meastar go ngintear 88 milliún tona de dhramhaíl bhia san Aontas gach bliain agus go meastar gur ó theaghlaigh agus ó leibhéal na dtomhaltóirí a thagann breis agus 50 % den dramhaíl bhia; de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag dramhaíl bhia, arb ionann na hastaíochtaí uaithi agus thart ar 6 % d’astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa iomlán AE;

N.  de bhrí go gcruthaíonn plaistigh ábhair imní ó thaobh an chomhshaoil de mura ndéantar bainistiú ceart orthu, ábhair imní amhail bruscar, deacracht athúsáide agus athchúrsála, substaintí ar údar imní iad, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus úsáid acmhainní;

O.  de bhrí go bhfuil tuairim eolaíoch glactha ag ECHA chun srian a chur ar úsáid micreaphlaisteach a chuirtear d’aon ghnó le táirgí ar mhargadh AE/LEE, i dtiúchaintí ar mó iad ná 0,01 % meáchan de réir meáchain;

P.  de bhrí, de réir mheastacháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) gur tháinig méadú 40 % idir 1996 agus 2012 ar líon na n-éadaí a ceannaíodh in aghaidh an duine in AE agus, ag an am céanna, nár úsáideadh níos mó ná 30 % d’éadaí i vardrúis san Eoraip le bliain anuas ar a laghad. Thairis sin, a luaithe a chaitear amach iad, ní dhéantar níos mó ná leath na mball éadaigh a athchúrsáil, ach téann siad i ndramhaíl mheasctha tí agus ina dhiaidh sin seoltar chuig loisceoirí nó chuig líonadh talún iad(25);

Q.  de bhrí go bhfuil os cionn dhá bhliain caite ó d’eisigh IPCC a Thuarascáil Speisialta maidir le Téamh Domhanda 1,5 °C, tuarascáil inar luadh go n-éileofaí athruithe tapa, forleathana agus gan fasach i ngach gné den tsochaí chun bheith in ann an téamh domhanda a theorannú do 1,5 °C;

1.  á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach; á thabhairt chun suntais go bhfuil an geilleagar ciorclach, in éineacht leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh comhshaol saor ó thocsainí, ríthábhachtach chun lorg foriomlán táirgthe agus tomhaltais na hEorpa ar an gcomhshaol a laghdú, chun teorainneacha pláinéadacha a urramú, agus chun sláinte an duine a chosaint, agus geilleagar iomaíoch agus nuálach á áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach rannchuidiú go mór le spriocanna Chomhaontú Pháras, spriocanna an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh uile faoin bPlean Gníomhaíochta a thabhairt ar aghaidh i gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht agus gach togra reachtach a bhunú ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé costais na neamhghníomhaíochta a chur san áireamh freisin;

3.  á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach réitigh a chur ar fáil ar na dúshláin nua atá ann agus atá á léiriú mar thoradh ar ghéarchéim COVID‑19 trí na slabhraí luacha a neartú laistigh den Aontas agus ar fud an domhain agus a leochaileacht a laghdú, agus trí éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa a dhéanamh níos athléimní, níos inbhuanaithe, níos iomaíche agus níos brabúsaí; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar an méid sin, go gcuirfear neamhspleáchas straitéiseach an Aontais chun cinn agus go rannchuideofar le cruthú post; á chur i bhfios go láidir gur léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil gá le timpeallacht chumasúcháin don gheilleagar ciorclach; á iarraidh ar na Ballstáit an geilleagar ciorclach a phríomhshruthú ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta;

4.  á chreidiúint gurb é geilleagar ciorclach an bealach chun go leanfaidh AE agus cuideachtaí Eorpacha de bheith nuálach agus iomaíoch i margadh domhanda, agus a lorg ar an gcomhshaol á laghdú acu ag an am céanna; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, infheistíochtaí a dhíriú chun tionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh a uas-scálú agus chun tacú leis an nuálaíocht; á mheas gur cheart plean téarnaimh eacnamaíoch AE (Next Generation EU) chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir agus Fís Eorpach a úsáid chun tionscnaimh, cleachtais, bonneagar agus teicneolaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn;

5.  á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh chun geilleagar ciorclach a bhaint amach laistigh de AE; á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá sé na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme go cuí agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun margadh aonair inbhuanaithe agus dea-fheidhmiúil a bheith ann; á mheabhrú gurb é AE an dara cumhacht eacnamaíoch is mó ar domhan agus an chumhacht trádála is mó ar domhan; á chur i bhfios gur uirlis chumhachtach é an margadh aonair nach mór a úsáid chun táirgí nó teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus ciorclacha a fhorbairt a bheidh ina gcaighdeáin amach anseo, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach táirgí inacmhainne a cheannach atá sábháilte, sláintiúla agus a ndéantar an pláinéad a urramú leo;

6.  á chur i bhfios go láidir gur gá fás a dhíchúpláil go huile agus go hiomlán ó úsáid acmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha meántéarmacha agus fadtéarmacha AE atá bunaithe ar an eolaíocht a mholadh chun laghdú a dhéanamh ar úsáid amhábhar príomhúil agus ar thionchair chomhshaoil; á iarraidh go leagfar síos spriocanna AE trí chur chuige siarghabhálach chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí beartais ar chonair inchreidte chun geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, saor ó thocsainí agus go hiomlán ciorclach laistigh de theorainneacha pláinéadacha a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha AE a mholadh do 2030 chun laghdú suntasach a dhéanamh ar lorg ábhair agus lorg tomhaltais AE agus iad a thabhairt laistigh de theorainneacha pláinéadacha faoi 2050, agus na táscairí atá le glacadh faoi dheireadh 2021 á n-úsáid mar chuid den chreat faireacháin nuashonraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis na samplaí atá leagtha síos ag na Ballstáit is uaillmhianaí, agus aird chuí á tabhairt ar na difríochtaí idir na pointí tosaigh agus na cumais ó Bhallstát go Ballstát;

8.  ag tathant ar an gCoimisiún táscairí comhchuibhithe, inchomparáide agus aonfhoirmeacha ciorclaíochta a thabhairt isteach faoi 2021, táscairí ina mbeidh táscairí lorg ábhair agus táscairí lorg tomhaltais, chomh maith le roinnt fotháscairí maidir le héifeachtúlacht acmhainní agus seirbhísí éiceachórais; ba cheart go ndéanfaí tomhaltas acmhainní agus táirgiúlacht acmhainní a thomhas leis an táscairí sin, agus ba cheart allmhairí agus onnmhairí a áireamh iontu, ar leibhéal an AE, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an tionscail agus ba cheart go mbeidís comhsheasmhach le measúnú comhchuibhithe saolré agus le modheolaíochtaí cuntasaíochta caipitil nádúrtha; ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar fud bheartais, ionstraimí airgeadais agus thionscnaimh rialála an Aontais;

9.  á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiún an creat faireacháin don gheilleagar ciorclach a nuashonrú agus a athbhreithniú; ag cur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sraith chuimsitheach agus iomlánaíoch táscairí ag gabháil leis an gcreat faireacháin atá ann faoi láthair lenar féidir díchúpláil an fháis eacnamaíoch ó úsáid acmhainní agus tionchar comhshaoil a thomhas; á thabhairt chun suntais gur cheart go gcumhdófaí leis an gcreat faireacháin na táscairí ciorclaíochta thuasluaite agus, sa bhreis air sin, raon iomlán chuspóirí agus ghníomhaíochtaí nithiúla an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach chun ionstraim éifeachtach a sholáthar le haghaidh tomhas a dhéanamh ar chiorclaíocht ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo a chuspóirí a bhaint amach ar bhealach cuimsitheach;

10.  á thabhairt chun suntais freisin gur gá tomhas atá láidir ó thaobh na heolaíochta de a dhéanamh chun sineirgí a ghabháil idir an geilleagar ciorclach agus maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear trí thomhais a dhéanamh ar lorg carbóin;

11.  á thabhairt chun suntais go bhfuil deiseanna ag gabháil le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as táirgí agus seirbhísí, chomh maith le bearta lena gcuirtear síneadh le saolréanna agus le húsáid ábhair; sa chomhthéacs sin, á chur i bhfáth go háirithe go bhfuil deiseanna ann réitigh an gheilleagair chiorclaigh agus an digitiú a chomhcheangal; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a fhorbairt chun tacú le samhlacha gnó nua atá inbhuanaithe agus ciorclach, amhail cur chuige táirge mar sheirbhís (PaaS) lena sábháiltear acmhainní agus lena laghdaítear tionchair chomhshaoil agus, ag an am céanna, á iarraidh ar an gCoimisiún na cuir chuige PaaS sin a éascú sa Tionscnamh nua um Tháirgí Inbhuanaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bacainní míchuí rialála agus fioscacha atá ar na cuir chuige sin a bhaint agus forbairt bonneagar a chur chun cinn lena gcumasófar ciorclaíocht agus geilleagar digiteach inbhuanaithe; á mheabhrú go bhfuil tionchair shuntasacha ag an digitiú freisin ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, tionchair amhail éileamh méadaitheach ar fhuinneamh, eastóscadh amhábhar agus giniúint dramhaíola leictreonaí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na dúshláin sin agus aghaidh a thabhairt orthu trí mhodheolaíocht a bhunú chun faireachán agus cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil a bhíonn ag teicneolaíochtaí digiteacha, ag struchtúir agus ag seirbhísí digiteacha lena n-áirítear lárionaid sonraí, agus trí bhearta a mholadh – lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta reachtacha – chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na réiteach digiteach a áirithiú, ar réitigh iad lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú astaíochtaí GCT agus úsáid acmhainní agus bunú geilleagair chiorclaigh i gcroílár aistriú digiteach inbhuanaithe;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún bearta rialála agus gníomhaíochtaí eile a shainaithint a mbeadh gá leo chun na bacainní riaracháin agus dlíthiúla atá ar gheilleagar ciorclach comhroinnte agus seirbhíse a bhaint agus chun forbairt an gheilleagair sin dhreasú; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, féachaint ar réitigh ar dhúshláin amhail saincheisteanna dliteanais agus cearta úinéireachta a bhaineann leis an ngeilleagar comhroinnte agus seirbhíse, agus á chur san áireamh go bhfuil deimhneacht dhlíthiúil fheabhsaithe do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí araon ríthábhachtach chun na coincheapa sin a chumasú; á mholadh go mbreathnódh an Coimisiún ar straitéis Eorpach don gheilleagar comhroinnte agus seirbhíse a fhorbairt, ar straitéis í lena ndéileálfaí leis na ceisteanna sin, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar shaincheisteanna sóisialta;

13.  ag leagan béim ar an ngá atá le tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar féidir le teicneolaíochtaí na hintleachta saorga tacú le geilleagar ciorclach trína gcur i bhfeidhm a spreagadh i ndearadh, i samhlacha gnó agus i mbonneagar; á chur in iúl a thábhachtaí atá sé caitheamh leis an digitiú mar chumasóir don gheilleagar ciorclach, go háirithe maidir le pasanna táirgí nó faisnéis ábhartha i gcomhthéacs ‘spás sonraí’ uile-Aontais: á chur i bhfáth go mbeidh sé ríthábhachtach inrochtaineacht agus comhroinnt sonraí a fheabhsú, agus comhar gníomhach á áirithiú idir na geallsealbhóirí chun a áirithiú go leanfaidh cineálacha nua cur chuige de bheith cothrom agus cuimsitheach, agus chun príobháideachas agus slándáil sonraí a chosaint.

14.  á chur i bhfios go láidir gur gá dreasachtaí eacnamaíocha agus an timpeallacht rialála cheart a chruthú don nuálaíocht i réitigh, ábhair agus samhlacha gnó ciorclacha agus, ag an am céanna, fóirdheontais a shaobhann an margadh agus fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol a dhíothú, agus á iarraidh go dtacófar leis sin sa straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip agus sa Straitéis FBM; ag leagan béim ar an ról sonrach atá ag ceannródaithe, FBManna (fiontair bheaga agus mheánmhéide) agus ag gnólachtaí nuathionscanta san aistriú chuig geilleagar ciorclach; á chur i bhfios go láidir gur féidir buntáiste iomaíoch domhanda a chur ar fáil do chuideachtaí Eorpacha trí thaighde a dhéanamh ar ábhair, próisis, teicneolaíochtaí agus táirgí inbhuanaithe, chomh maith le huas-scálú tionsclaíoch a dhéanamh orthu; ag leagan béim ar an ngá atá le beartais ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun tacú leo siúd atá chun tosaigh sa gheilleagar ciorclach agus i samhlacha gnó ciorclacha;

15.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tionscal na hEorpa a bheith rannpháirteach mar gheallsealbhóir san aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí; á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag bearta an gheilleagair chiorclaigh maidir le dícharbónú tionsclaíoch a bhaint amach; á iarraidh go mbeidh cur chuige ciorclachta sa tionsclaíocht, ar gach leibhéal de dhearadh táirgí, foinsiú ábhar, athúsáid agus athchúrsáil táirgí, agus bainistiú dramhaíola, agus ag leagan béim ar an ngá atá le spreagadh a thabhairt d’fhorbairt na margaí tosaigh d’ábhair agus táirgí tionsclaíocha inbhuanaithe;

16.  á mholadh do chuideachtaí pleananna aistrithe a ullmhú mar chuid dá dtuairisciú bliantúil ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn acu neodracht aeráide, geilleagar ciorclach agus inbhuanaitheacht a bhaint amach agus cén uair atá sé beartaithe acu é sin a dhéanamh;

17.  á iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do roghanna lena mbaineann ualaí íosta riaracháin agus á iarraidh orthu neartú a dhéanamh ar fhorbairt comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha maidir le Taighde agus Forbairt lena soláthraítear réitigh shistéamacha iomlánaíocha;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialála a bhunú do dheimhniú gach réitigh dhúlra-bhunaithe agus gach réitigh teicneolaíochta bainte carbóin, lena n-áirítear gabháil, stóráil agus úsáid carbóin (CCSU);

19.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbithaithris mar luasaire ciorclaitheachta, maidir le réitigh bhithaithriseacha a chur chun cinn lena n-íoslaghdaítear, trí dhearadh, úsáid ábhar, fuinnimh agus comhdhúile tocsaineacha agus lena gcuirtear réitigh inbhuanaithe, athghiniúnacha agus nuálacha ar fáil atá spreagtha ag an dúlra agus ar réitigh iad is infheidhme maidir leis an iliomad earnálacha,

20.  á iarraidh go mbeidh leibhéil foirne leordhóthanacha agus buiséad leordhóthanach ann do na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil sé de chúram orthu a áirithiú go gcuirfear an Plean Gníomhaíochta chun feidhme go rathúil; á chur i bhfáth nach mór go bhfreagródh leithdháileadh acmhainní do thosaíochtaí polaitiúla reatha agus fadtéarmacha araon agus, dá bhrí sin, i gcomhthéacs Mhargadh Glas na hEorpa, ag dréim leis go ndéanfar acmhainní daonna a atreisiú go suntasach, go háirithe in Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil sa Choimisiún;

Creat beartais táirge inbhuanaithe

21.  ag leagan béim ar an ngá atá leis an ngeilleagar líneach ‘tóg-déan-diúscair’ a iompú ina gheilleagar fíorchiorclach, bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: laghdú ar úsáid acmhainní agus fuinnimh; luach a choinneáil sa gheilleagar; dramhaíl a chosc; dearadh chun deireadh a chur le diomailt agus le substaintí dochracha agus truailliú; táirgí agus ábhair a choinneáil in úsáid agus i lúba dúnta; sláinte an duine a chosaint; tairbhí do thomhaltóirí a chur chun cinn; agus córais nádúrtha a athghiniúint; ba cheart go mbeadh na cuspóirí sin mar threoir don chreat beartais nua maidir le táirgí inbhuanaithe agus don Straitéis Geilleagair Chiorclaigh ina hiomláine, agus mar threoir don Straitéis Thionsclaíoch; á chur i bhfáth gur gá smaointeoireacht an chórais chiorclaigh inbhuanaithe a chomhtháthú go hiomlán i ngach gníomhaíocht, lena n-áirítear beartais, táirgí, próisis táirgthe agus samhlacha gnó;

22.  á chur i bhfios go láidir gur cheart táirgí agus ábhair atá inbhuanaithe, ciorclach, sábháilte agus neamhthocsaineach a bheith ina ngnáthabhair i margadh an Aontais Eorpaigh agus nár cheart nithe eisceachtúla a dhéanamh díobh agus gur cheart féachaint orthu mar an rogha réamhshocraithe, rogha atá tarraingteach, inacmhainne agus inrochtana do na tomhaltóirí uile; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, plean an Choimisiúin tionscnamh reachtach a mholadh maidir le táirgí inbhuanaithe chun prionsabail chothrománacha a leagan síos do bheartas táirgí agus ceanglais cheangailteacha le haghaidh táirgí a chuirtear ar mhargadh AE;

23.  ag tacú go láidir le leathnú raon feidhme na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht(26) chun táirgí nach mbaineann le fuinneamh a áireamh agus prionsabail chothrománacha inbhuanaitheachta agus caighdeáin táirgeshonracha a leagan síos maidir le feidhmíocht, marthanacht, athúsáid, indeisitheacht, neamhthocsaineacht, in-uasghrádaitheacht, in-athchúrsáilteacht, ábhar athchúrsáilte, agus éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh i dtáirgí a chuirtear ar mhargadh AE, agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh ina leith sin in 2021; ag an am céanna, á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún a bheith uaillmhianach maidir le héicidhearthóireacht a chur chun feidhme do na táirgí uile a úsáideann fuinneamh faoi raon feidhme reatha na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht, lena n-áirítear i ndáil le gnéithe den gheilleagar ciorclach;

24.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat reachtach comhleanúnach soiléir AE a choinneáil do tháirgí inbhuanaithe agus ag leagan béim ar an ngá atá ann sineirgí le beartais eile a neartú, lena n-áirítear Éicilipéad an AE; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthráth le híoschaighdeáin dhlíthiúla maidir le dearadh táirgí, go bhfuil sé tábhachtach dreasachtaí margaidh a chur ar fáil do na cuideachtaí is inbhuanaithe agus do tháirgí agus ábhair inbhuanaithe;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha lorg ábhair agus lorg comhshaoil a mholadh do shaolré iomlán an táirge le haghaidh gach catagóire táirgí a chuirtear ar mhargadh AE, lena n-áirítear na leaththáirgí is déine ó thaobh carbóin de; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin spriocanna ceangailteacha táirgeshonracha agus/nó earnáilsonracha a mholadh maidir le hábhar athchúrsáilte, agus feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann á n-áirithiú ag an am céanna, agus á iarraidh go ndéanfar iad a dhearadh le haghaidh athchúrsála; ag tathant ar an gCoimisiún dálaí tacaíochta teicneolaíochta, rialála agus margaidh a bhunú chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus chun na hathruithe tionsclaíocha is gá agus na timthriallta infheistíochta i ngach earnáil a chur san áireamh; ag an am céanna, ag tathant ar an gCoimisiún breathnú ar cheanglais éigeantacha chun inbhuanaitheacht seirbhísí a mhéadú;

26.  ag tacú leis an bplean pasanna táirgí digiteacha a thabhairt isteach chun cabhrú le cuideachtaí, le tomhaltóirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh, chun súil a choinneáil ar na tionchair aeráide, chomhshaoil, shóisialta agus eile a bhíonn ag táirge ar fud an tslabhra luacha agus chun faisnéis, a bheidh iontaofa, trédhearcach agus a mbeifear in ann í a rochtain go héasca, a sholáthar faoi mharthanacht an táirge agus faoi na féidearthachtaí a ghabhann leis maidir le cothabháil, athúsáid, deisiú agus díchóimeáil agus faoi láimhseáil deiridh ré ina leith, chomh maith lena chomhdhéanamh ó thaobh ábhar agus ceimiceán a úsáidtear agus a dtionchar comhshaoil agus eile; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na roghanna do lipéad i ndáil leis sin; á mheas gur cheart pasanna táirgí a thabhairt isteach ar bhealach lena seachnófaí ualach rialála míchuí ar chuideachtaí, go háirithe FBManna; ag creidiúint gur cheart go mbeidís comhoiriúnach le huirlisí digiteacha eile, amhail an Pas Athchóirithe Foirgneamh atá ar na bacáin agus bunachar sonraí SCIP;

27.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach timthriallta ábhair neamhthocsaineacha agus athchóiritheacha a bhaint amach chun go n-éireoidh leis an ngeilleagar ciorclach agus chun margadh aonair inbhuanaithe a chruthú, agus, ar deireadh thiar, chun timpeallacht atá saor ó thocsainí a áirithiú do shaoránaigh na hEorpa; dá bhrí sin, ag athdhearbhú na seasamh a glacadh ina rún maidir le Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht agus a rún maidir leis an gcomhéadan idir an reachtaíocht ceimicí, táirgí agus dramhaíola, agus á áitiú go ndéanfar gníomhaíochtaí go gasta chun an Straitéis Cheimiceach don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí a chur chun feidhme;

28.  ag leagan béim ar an gceart atá ag tomhaltóirí faisnéis níos beaichte, níos comhchuibhithe agus níos cruinne a fháil faoi na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a bhíonn ag táirgí agus seirbhísí feadh a saolré, lena n-áirítear ó thaobh marthanachta agus indeisitheachta de, agus á iarraidh go ndéanfar bearta i gcoinne an ghlas-snasaithe agus i gcoinne na maíomh comhshaoil a bhaineann le táirgí a bhíonn á dtairiscint ar líne agus as líne araon; ag tacú go láidir lena bhfuil ar intinn ag an gCoimisiún maidir le tograí a dhéanamh chun úsáid maíomh glas a rialáil trí mhodhanna ríofa soladacha agus comhchuibhithe a bhunú lena gcumhdófaí an slabhra luacha iomlán, bunaithe ar tháscairí comhchuibhithe agus ar mheasúnuithe saolré amhail loirg chomhshaoil, lena n-áirítear maidir le cosc dramhaíola, úsáid amhábhar, seachaint substaintí díobhálacha, marthanacht agus fad saoil an táirge chomh maith le táirgí a dhearadh chun go mbeidh siad indeisithe agus in-athchúrsáilte; ina theannta sin, á chur i bhfáth gur gá Treoir 2005/29/CE(27), a leasaíodh le déanaí, a fhorfheidhmiú trí bhearta réamhghníomhacha chun dul i ngleic le maímh ghlasa;

29.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le forbairt uirlisí digiteacha le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí chun an tomhaltóir a chumhachtú sa ré dhigiteach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ardáin agus margaí ar líne chun táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn agus ag tabhairt dá haire go bhféadfaí faisnéis níos soiléire agus níos sothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí ar na hardáin agus margaí sin maidir le marthanacht agus indeisitheacht na dtáirgí a bhíonn á dtairiscint orthu;

30.  á thabhairt chun suntais gur gá Éicilipéad AE a atreisiú mar thagarmharc don inbhuanaitheacht chomhshaoil, trí fheasacht agus aitheantas ina leith a mhéadú sa mhargadh agus i measc tomhaltóirí, trí chaighdeáin chuimsitheacha a leagan síos agus tríd an scéim a leathnú tuilleadh chuig táirgí ábhartha agus úsáid na scéime sa soláthar a éascú;

31.  ag tacú leis na tionscnaimh atá beartaithe chun marthanacht agus indeisitheacht táirgí a fheabhsú i gcomhréir le prionsabal an choisc dramhaíola in ord na réiteach dramhaíola, agus cearta tomhaltóirí á neartú i margaí gnólacht le tomhaltóir agus margaí gnólacht le gnólacht araon; dá bhrí sin, á chur in iúl gur díol mór sásaimh di na tionscnaimh atá beartaithe chun ‘ceart chun deisithe’ nua a bhunú, ar cheart go gcuimseofaí leis, ar a laghad, saolré fhadaithe táirgí, rochtain ar pháirteanna spártha agus ar fhaisnéis chuimsitheach agus rochtain ar sheirbhísí deisiúcháin inacmhainne do thomhaltóirí;

32.  á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh bearta ann chun rochtain saor in aisce ar fhaisnéis riachtanach faoi dheisiú agus cothabháil a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis faoi pháirteanna spártha agus faoi nuashonruithe bogearraí, do na rannpháirtithe uile sa mhargadh, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na dianriachtanais maidir le sábháilteacht tomhaltóirí agus gan dochar do Threoir (AE) 2016/943(28), agus chun rochtain gan baic éagóracha ar pháirteanna spártha a áirithiú do ghníomhaithe uile na hearnála deisiúcháin, lena n-áirítear deisitheoirí neamhspleácha, agus tomhaltóirí, chun íostréimhsí éigeantacha a shainiú maidir le páirteanna spártha agus/nó nuashonruithe a bheith ar fáil agus uasteorainneacha ama seachadta a shainiú le haghaidh raon leathnaithe catagóirí táirgí, arbh uasteorainneacha iad lena gcuirfí sonraíochtaí na dtáirgí san áireamh, agus chun measúnú a dhéanamh ar conas is féidir deisiú a spreagadh faoin gcóras ráthaíochta dlíthiúla; á chur i bhfáth gur cheart do dhíoltóirí gach rannpháirtí sa mhargadh a chur ar an eolas maidir le hindeisitheacht a chuid táirgí;

33.  á iarraidh, chun cinnteoireacht tomhaltóirí a éascú, go mbeadh lipéadú comhchuibhithe ann a bheadh soiléir agus éasca a thuiscint, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm innéacs, maidir le marthanacht táirgí (i.e. maidir le saolré mheasta táirge) agus maidir le hindeisitheacht, agus chun scór deisiúcháin aonfhoirmeach a fhorbairt agus méadair úsáide a thabhairt isteach le haghaidh catagóirí áirithe táirgí; á iarraidh go mbeadh íoscheanglais maidir le faisnéis ann de bhun Threoir 2005/29/CE agus Threoir 2011/83/AE(29); á iarraidh ar an gCoimisiún, agus a athbhreithniú ar Threoir (AE) 2019/771(30) á ullmhú aige, breathnú ar na cearta ráthaíochta dlíthiúla agus na rialacha aisiompaithe dualgais cruthúnais a leathnú chuig roinnt catagóirí táirgí a bhfuil saolré níos faide acu, agus dliteanas díreach táirgeora a thabhairt isteach;

34.  á iarraidh go mbeadh bearta reachtacha ann chun stop a chur le cleachtais a mbíonn dífheidhmeacht phleanáilte mar thoradh orthu, trí bhreathnú freisin trí chleachtais den sórt sin a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE;

35.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún reachtaíocht a thabhairt isteach lena gcuirfí toirmeasc ar scriosadh earraí marthanacha nár díoladh mura rud é go bhfuil siad ina mbagairt sábháilteachta nó sláinte; á chur i bhfios go láidir gur cheart athchúrsáil, athúsáid agus athdháileadh earraí neamhbhia a bheith mar ghnáthchleachtas agus gur cheart go bhforfheidhmeofaí iad le reachtaíocht;

36.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le borradh a chur faoin margadh inmheánach do tháirgí inbhuanaithe agus á chreidiúint gur cheart don earnáil phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta; ag tabhairt dá haire gur minic fós nach gcuireann údaráis phoiblí i bhfeidhm ach an critéar praghais is ísle mar chritéar dámhachtana, agus na dtairiscintí is fearr le haghaidh earraí, seirbhísí nó oibreacha á roghnú acu; ag tacú le bunchritéir agus spriocanna éigeantacha a bhunú maidir le soláthar poiblí glas sa reachtaíocht earnála;

37.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an Soláthar Poiblí Glas (SPG) i ndlús a chur leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus inbhuanaithe agus go bhfuil sé tábhachtach SPG a chur chun feidhme le linn théarnamh eacnamaíoch AE;

38.  ag tathant ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí ghlais; á mheas gurb iad táirgí athúsáide, deisithe, athmhonaraithe, athchóirithe agus táirgí eile atá tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus réitigh lena n-íoslaghdaítear tionchair chomhshaoil saolré an rogha réamhshocraithe i ngach soláthar poiblí, i gcomhréir le cuspóirí an Mhargaidh Ghlais don Eoraip, agus mura nglacfar leo mar rogha thosaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal ‘géill nó mínigh’; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún treoirlínte a chur ar fáil chun tacú le soláthar corparáideach inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh oibleagáidí um thuairisciú ar an Coimisiún agus ar na Ballstáit maidir le hinbhuanaitheacht a gcinntí soláthair, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu ag an am céanna.

39.  ag leagan béim ar an ngá atá le hardcháilíocht sreafaí bailithe ábhar, athúsáid agus athchúrsáil ábhar a chur chun cinn, chun na hábhair is airde luach a choimeád agus chun lúba ábhair iata atá glan, neamhthocsaineach agus inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá infhaighteacht agus cáilíocht ábhar athchúrsáilte a mhéadú, ag díriú ar an gcumas atá ag ábhar a airíonna bunúsacha a choinneáil i ndiaidh a athchúrsála, agus ar a chumas amhábhair phríomhúla a ionadú i bhfeidhmeanna amach anseo; sa chomhthéacs sin, ag leagan béim ar an ngá atá le spreagadh a thabhairt d’in-athchúrsáilteacht mhéadaithe i ndearadh táirgí agus do bhearta amhail córais éifeachtacha bailithe ar leithligh agus aisíoca earlaise; á iarraidh go mbeadh tacaíocht ann do chruthú saoráidí agus acmhainní athchúrsála, de réir phrionsabal na gaireachta, i gcás nach ann dóibh sin cheana féin;

40.  ag tathant an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le forbairt bonneagar bailithe, sórtála agus athúsáide ábhair agus athchúrsála ar ardcháilíocht, agus tacú le taighde ar fhorbairt teicneolaíochtaí nuálacha nua a laghdaíonn úsáid acmhainní agus giniúint dramhaíola iarmharaí, a fheabhsaíonn toradh agus cáilíocht ábhar tánaisteach in-athchúrsáilte agus in-athúsáidte, a dhí-éillíonn ábhair athchúrsáilte, agus a laghdaíonn an lorg comhshaoil foriomlán – lena n-áirítear loirg fuinnimh agus aeráide – i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile; á chreidiúint go bhféadfadh athchúrsáil cheimiceach, i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir sin, rannchuidiú leis an lúb ábhair i sruthanna dramhaíola áirithe a dhúnadh;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar measúnú críochnúil ar an leibhéal tionsclaíoch ar na tionchair a bhíonn ag próisis agus aschuir na dteicneolaíochtaí nua athchúrsála agus aisghabhála, ó thaobh na sláinte, an chomhshaol agus na aeráide de, sula ndéanfar iad a dhreasú, agus trédhearcacht a ráthú ar feadh na meastóireachta;

42.  á mheas gur gá an sainmhíniú ar athchúrsáil cheimiceach a chomhlíonadh de bhun na Treorach Réime Dramhaíola chun a áirithiú nach measfar gur athchúrsáil cheimiceach é ábhair a athphróiseáil ina n-ábhair agus ina substaintí lena n-úsáid mar bhreoslaí; ag tathant ar an gCoimisiún deimhniú dlíthiúil a chur ar fáil i ndáil leis sin;

43.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teicneolaíochtaí digiteacha a chumasú, amhail blocshlabhra agus comharthaíocht uisce dhigiteach, agus iad a dhéanamh idir-inoibritheach ionas gur féidir leo tacú le forbairt an gheilleagair chiorclaigh trí úsáid acmhainní agus sreabha táirgí a rianú, a lorg agus a mhapáil i rith gach céime den tsaolré;

44.  ag cur béim ar a thábhachtaí a bheidh sé an rochtain ar chistí le haghaidh taighde agus tionscadail nuálaíochta maidir leis an ngeilleagar ciorclach a fheabhsú; dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach a dhíriú ar thacaíocht don taighde agus don nuálaíocht i gcás na nithe seo a leanas:

   próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála;
   éifeachtúlacht acmhainní na bpróiseas tionsclaíoch;
   ábhair, táirgí, próisis, teicneolaíochtaí agus seirbhísí nuálacha agus inbhuanaithe, agus iad á bhfás ar scála tionsclaíoch;
   an bithgheilleagar, tríd an nuálaíocht bhithbhunaithe, lena gcuimsítear forbairt ábhar agus táirgí bithbhunaithe;
   satailítí Domhanbhreathnóireachta, mar go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith á imirt acu san fhaireachán ar fhorbairt geilleagair chiorclaigh trí mheastóireacht a dhéanamh ar an mbrú ar ogh-amhábhair agus ar leibhéil na n-astaíochtaí;

45.  ag leagan béim ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag ionchuir inbhuanaithe in-athnuaite i bpróisis chiorclacha i dtreo an dícharbónaithe agus ar an gcaoi ina bhféadfar feabhas a chur ar chiorclaíocht shaolré na dtáirgí le húsáid fuinnimh in-athnuaite, agus an t-aistriú fuinnimh á bhrú chun cinn ag an am céanna;

46.  á chur i bhfáth gur cheart córas cuntasaíochta carbóin agus comhshaoil atá láidir agus trédhearcach agus a ghníomhaíonn mar chatalaíoch d’infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí agus i bpróisis an gheilleagair chiorclaigh a bheith mar bhonn taca faoi reachtaíocht maidir le “creat beartais táirge inbhuanaithe”;

47.  á chur i bhfáth gur gá saolré iomlán táirge, ó chliabhán go huaigh, agus tionchar an fhoinsithe, táirgí leathchríochnaithe, páirteanna spártha agus seachtháirgí ar fud an tslabhra luacha a chur i gcuntas agus caighdeáin táirgí á leagan síos do thionchair aeráide agus chomhshaoil; á mheas go gcaithfear iad seo a bhunú trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus eolaíocht-bhunaithe, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha; ag spreagadh, sa chomhthéacs sin, modheolaíochtaí coiteanna maidir le measúnú saolré agus bailiú feabhsaithe sonraí a bhunú;

48.  á chur i bhfáth go bhfuil caighdeánú ríthábhachtach maidir le beartas táirgí inbhuanaithe a chur chun feidhme trí shainmhínithe, méadracht agus tástálacha iontaofa a sholáthar le haghaidh saintréithe amhail marthanacht agus indeisitheacht;

49.  á áitiú go bhforbrófar caighdeáin AE go tráthúil agus i gcomhréir le dálaí fíorúsáide, agus ag an am céanna go seachnófar baic riaracháin, ina mbíonn moill ar chaighdeáin a fhoilsiú mar thoradh orthu, do gheallsealbhóirí lena mbaineann;

50.  á mheabhrú teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2016 dar teideal European Standards for the 21st century [Caighdeáin Eorpacha don 21ú aois] agus an obair a rinneadh ar an Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Caighdeánú (JIS); á iarraidh ar an gCoimisiún JIS a neartú tuilleadh agus gníomhaíochtaí agus tionscadail nua a ghlacadh chun feabhas a chur ar fheidhmiú na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht AE a bhaineann le sábháilteacht táirgí agus ceanglais inbhuanaitheachta ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar an margadh rialacha den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020(31); á chur in iúl, thairis sin, nach gcomhlíonann líon an-mhór táirgí a cheannaítear ar líne agus a allmhairítear isteach in AE íoscheanglais sábháilteachta AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go bhfuil táirgí comhlíontach, lena n-áirítear táirgí a dhíoltar ar líne, agus go dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le táirgí góchumtha do shábháilteacht tomhaltóirí trí fhaireachas margaidh feabhsaithe agus trí chaighdeáin choibhéiseacha rialuithe custaim, agus trí chomhar neartaithe sa réimse sin agus trí bhuiséid agus acmhainní daonna méadaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh maoirseacht AE níos éifeachtaí ann, trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an líon íosta seiceálacha agus maidir lena minicíocht, agus tríd an gCoimisiún a chumhachtú chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta faireachais margaidh;

52.  á chur i bhfios go láidir gur léiríodh go bhfuil comhaontuithe deonacha neamhéifeachtach maidir le réiteach luchtaithe coiteann agus inbhuanaithe a bhaint amach do threalamh raidió soghluaiste; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún forálacha Threoir 2014/53/AE(32) maidir le trealamh raidió a chur chun feidhme mar ábhar práinne, agus go háirithe, luchtaire coiteann a thabhairt isteach le haghaidh fóin chliste agus gach gléas beag agus meánmhéide leictreonach chun caighdeánú, comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcumas luchtaithe a áirithiú ar an mbealach is fearr, lena n-áirítear luchtú gan sreang, mar chuid de straitéis dhomhanda chun dramhaíl leictreonach a laghdú á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis díchúplála a ullmhú go tráthúil lena n-áiritheofar nach mbeidh sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí luchtairí nua a cheannach agus gléasanna nua á gceannach acu chun lamháil do thairbhí comhshaoil, coigiltis ar chostais agus áisiúlacht níos fearr do thomhaltóirí; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé do thomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ábhartha a fháil, trí lipéadú comhchuibhithe i bhformáid atá éasca le léamh, faoi ghnéithe ábhartha luchtairí amhail idir-inoibritheacht agus feidhmíocht luchtaithe, lena n-áirítear comhlíonadh USB 3.1 nó níos airde, chun iad a chur ar a gcumas na roghanna is áisiúla, is costéifeachtaí agus is inbhuanaithe a dhéanamh;

53.  á chur i bhfáth gur gá le comhleanúnachas beartais ar fud na mbeart atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta agus chun cinnteacht eacnamaíoch agus infheistíochta a chur ar fáil do theicneolaíochtaí, do tháirgí agus do sheirbhísí ciorclacha, rud a chothóidh iomaíochas agus nuálaíocht AE freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireachtaí nó bacainní rialála nó éiginnteachtaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a chuireann isteach ar úsáid iomlán geilleagair chiorclaigh; á iarraidh go ndéanfar dreasachtaí eacnamaíocha amhail praghsáil CO2, freagracht leathnaithe táirgeora maidir le héiceamhodhnú táillí agus dreasachtaí cánach, chomh maith le dreasachtaí airgeadais eile lena gcuirtear roghanna inbhuanaithe tomhaltóirí chun cinn; á chreidiúint gur cheart go mbeadh na bearta sin, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh geilleagar ciorclach a shainítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chuspóirí an Gheilleagair Chiorclaigh i reachtaíocht náisiúnta ábhartha uile agus a áirithiú go bhfuil sé ailínithe go hiomlán le cuspóirí agus bearta Straitéis an Gheilleagair Chiorclaigh de chuid AE; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún díriú ar chur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach chun machaire comhréidh a áirithiú do phróisis táirgthe chiorclacha agus do shamhlacha gnó ciorclacha;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: leictreonaic agus TFC

54.  ag tacú le Tionscnamh um Leictreonaic Chiorclach, lenar cheart aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh maidir le marthanacht, dearadh ciorclach, láithreacht substaintí guaiseacha agus díobhálacha, ábhar athchúrsáilte, indeisitheacht, rochtain ar pháirteanna spártha, in-uasghrádaitheacht, cosc ar dhramhaíl leictreonach, bailiú, athúsáid agus athchúrsáil; á iarraidh freisin go gcomhtháthófar saincheisteanna a bhaineann le dífheidhmeacht luath lena n-áirítear dífheidhmeacht táirgí de bharr athruithe bogearraí; á iarraidh go ndéanfar an bonneagar athchúrsála do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach in AE a chomhchuibhiú agus a fheabhsú;

55.  á chreidiúint nach mór bailiú dramhaíola leictreonaí a dhéanamh i bhfad níos éasca do thomhaltóirí; á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Choimisiúin féachaint ar na roghanna atá ann do scéim um thógáil ar ais ar fud AE le haghaidh táirgí TFC agus á chreidiúint gur cheart go gcumhdófaí le scéim den sórt sin an réimse táirgí is leithne agus is féidir; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé scéim um thógáil ar ais den sórt sin, agus aon samhail bhailiúcháin eile, a dhearadh ar bhealach a dhéantar in-athúsáidteacht táirgí TFC a choimirciú agus rochtain ar earraí in-athúsáidte a chur ar fáil d’oibreoirí athúsáide;

56.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht ag baint le bearta éicidhearthóireachta agus á mheabhrú gur cuireadh beagnach leath den sprioc coigilte éifeachtúlachta fuinnimh a leag AE do 2020 ar fáil leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht agus leis an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh(33) le chéile; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go gcuirfear bailchríoch ghasta ar an obair éicidhearthóireachta atá ann cheana maidir le leictreonaic agus TFC, go háirithe d’fhóin chliste, táibléid, ríomhairí, printéirí (lena n-áirítear cartúis), stáisiúin agus fochórais líonra mhóibíligh agus trealamh líonraithe, chun bearta a mholadh tráth nach déanaí ná 2021;

57.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé patrúin tomhaltais agus táirgthe níos inbhuanaithe a chur chun cinn do threalamh leictreonach agus do TFC, agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin difear idir nuashonruithe ceartaitheacha agus atá dírithe ar an úsáideoir agus tionchar carbóin an tomhaltais sonraí;

58.  á iarraidh go mbunófar scéim deimhniúcháin éigeantach d’athchúrsálaithe dramhaíola leictreonaice chun aisghabháil éifeachtúil ábhair agus cosaint an chomhshaoil a ráthú;

59.  á iarraidh ar an gCoimisiún, chomh maith leis an tionscnamh um leictreonaic chiorclach, tionscnamh maidir leis an digitiú ciorclach agus inbhuanaithe, TFC agus plean IS a cheapadh;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: ceallraí agus feithiclí

60.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige straitéiseach, eiticiúil agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de sna creataí reachtacha nua do cheallraí agus d’fheithiclí i gcomhthéacs an aistrithe chuig soghluaisteacht nialasach agus chuig eangacha leictreachais atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite agus gur gá foinsiú inbhuanaithe agus eiticiúil amhábhar, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla, a áirithiú; á iarraidh go gcruthófar slabhraí luacha iomaíocha agus athléimneacha le haghaidh táirgeadh, athúsáid agus athchúrsáil ceallraí in AE;

61.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le ceallraí agus ceallraí caite, agus á mheas gur cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas ar a laghad i gcreat rialála nua AE le haghaidh ceallraí: foinsiú inbhuanaithe, eiticiúil agus sábháilte, éicidhearthóireacht lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt ar ábhar athchúrsáilte, malartú substaintí guaiseacha agus díobhálacha nuair is féidir, bailiú ar leithligh feabhsaithe, athúsáid, athchóiriú, athdhéantúsaíocht, athrú cuspóra agus athchúrsáil - lena n-áirítear spriocanna athchúrsála níos airde, aisghabháil ábhar luachmhar, freagracht leathnaithe táirgeora, agus faisnéis do thomhaltóirí; ba cheart don chreat dul i ngleic leis na tionchair chomhshaoil ar shaolré iomlán, agus forálacha tiomnaithe a bheith ann maidir le ceallraí a bhaineann le soghluaisteacht agus stóráil fuinnimh;

62.  á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil AE ag brath go mór ar allmhairiú amhábhar le haghaidh ceallraí a tháirgeadh; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhféadfadh cuid shuntasach den amhábhar is gá le haghaidh ceallraí a tháirgeadh laistigh de AE a bheith ann mar thoradh ar scéimeanna athchúrsála feabhsaithe do cheallraí;

63.  á chur in iúl gur cúis imní di tionchar socheacnamaíoch thionscal na mianraí, go háirithe laistigh de thionscal an chóbailt; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna do chreat reachtach inmharthana chun foinsiú eiticiúil ábhar a áirithiú agus reachtaíocht éigeantach maidir le dícheall cuí a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine laistigh de chomhthéacs idirnáisiúnta;

64.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite(34); á iarraidh ar an gCoimisiún an treoir sin a thabhairt cothrom le dáta chun prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a léiriú agus a urramú go hiomlán, lena n-áirítear dearadh chun deireadh a chur le diomailt agus truailliú, in-uasghrádaitheacht, módúlacht, indeisitheacht, in-athúsáideacht, agus in-athchúrsáilteacht na n-ábhar sa leibhéal is airde luacha, agus an chéad tosaíocht a thabhairt d’athúsáid: á iarraidh ar an gCoimisiún obair a dhéanamh chun slabhraí éifeachtacha athúsáide a áirithiú, le monaróirí gluaisteán agus le scéimeanna dliteanais leathnaithe táirgeora; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an tuairisciú a dhéantar ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, trí bhunachar sonraí Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú, neartú agus maoirsiú a dhéanamh ar an prionsabal nach mór díchóimeáil gluaisteáin agus athúsáid na bpáirteanna a dhéanamh i gcónaí sula ndéanfar gluaisteán a bhriseadh agus a stialladh;

65.  á chur i bhfios go láidir gur gá tuilleadh taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn maidir le próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála faoi Fhís Eorpach chun acmhainneacht gheilleagar ciorclach na gceallraí a mhéadú; ag aithint ról FBManna sna hearnálacha bailithe agus athchúrsála;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: pacáistíocht

66.  ag athdhearbhú an chuspóra go ndéanfar gach pacáistíocht in-athúsáide nó in-athchúrsáilte ar bhealach inmharthana go heacnamaíoch faoi 2030 agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh gan mhoill, lena n-áirítear bearta agus spriocanna um laghdú dramhaíola agus ceanglais bhunriachtanacha uaillmhianacha sa Treoir maidir leDramhaíl ó Phacáistíocht chun pacáistíocht iomarcach a laghdú, lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach, in-athchúrsáilteacht a fheabhsú agus castacht na pacáistíochta a íoslaghdú, ábhar athchúrsáilte a mhéadú, substaintí guaiseacha agus díobhálacha a chéimniú amach, agus athúsáid a chur chun cinn; á chur i bhfáth nár cheart caighdeáin sábháilteachta bia ná sláinteachais a chur i mbaol; á iarraidh go ndíreoidh na bearta sin ar na torthaí foriomlána is fearr ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus ar lorg ísealcharbóin;

67.  á iarraidh ar an tionscal, agus béim á leagan aici ar ról bunriachtanach na pacáistíochta do shábháilteacht táirgí, go háirithe sábháilteacht bia, agus sláinteachas, chomh maith le dramhaíl bia a laghdú, bearta rialála a chomhlánú le gníomhaíochtaí deonacha breise chun pacáistíocht neamhriachtanach a sheachaint tuilleadh agus méid na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh a laghdú go suntasach, chun réitigh phacáistíochta atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, níos ciorclaí agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid a fhorbairt amhail formáidí pacáistíochta comhchuibhithe agus pacáistíocht a fhéadfar a athúsáid agus athlíonadh, agus chun úsáid pacáistíochta iompair in-athúsáidte a éascú; ag spreagadh tionscnamh amhail Comhghuaillíocht na bPlaisteach Ciorclach agus an Comhshocrú Eorpach maidir le Plaistigh;

68.  á athdhearbhú go gcruthaíonn athchúrsáil ardcháilíochta éileamh margaidh iarbhír ar ábhar athchúrsáilte agus go bhfuil sí ar cheann de phríomhthosca an fheachtais chun méid iomlán na pacáistíochta atá á bailiú, á sórtáil agus á hathchúrsáil a mhéadú, á iarraidh go mbainfear úsáid as trealamh sórtála agus teicneolaíochtaí um scaradh atá nua-aimseartha agus éifeachtúil in éineacht le héicidhearthóireacht pacáistíochta níos fearr, lena n-áirítear an gá atá le réitigh phacáistíochta a athdhearadh bunaithe ar chritéir fheabhsaithe maidir le measúnú saolré;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar chineálacha éagsúla pacáistíochta a úsáidtear sa tráchtáil leictreonach chun na dea-chleachtais a chinneadh maidir le pacáistíocht a bharrfheabhsú chun an róphacáistiú a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hathúsáid na n-ábhar pacáistíochta chun roinnt míreanna a thabhairt mar rogha mhalartach ar ábhair pacáistíochta aon úsáide;

70.  á chur i bhfáth go bhféadfadh ról ollmhór a bheith ag bulcdhíolacháin ó thaobh úsáid phacáistíochta a laghdú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an cineál birt sin a spreagadh agus sábháilteacht bia agus sláinteachas á n-áirithiú ag an am céanna;

71.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunriachtanach ag cistí agus cláir nuálaíochta i gcás nuálaíochtaí maidir le hábhair a laghdú agus nuálaíochtaí athchúrsála;

72.  ag aithint an fháis atá tagtha ar dhíolacháin ar líne, le méadú ar sheachadtaí beartán; ag tathant ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun cinntiú go bhfuil díoltóirí uile ar líne, gan beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe, ag comhlíonadh na gceanglas bunriachtanach agus go bhfuil siad freagrach do na córais freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR), agus ag rannchuidiú leo ó thaobh airgeadais de, i mBallstáit AE ina gcuirtear na táirgí ar an margadh;

73.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le bailiú agus sórtáil ar leithligh na dramhaíola ó phacáistíocht mar a chumhdaítear i dTreoir (AE) 2018/852 agus a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit í a thrasuí go tráthúil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras sainaitheantais d’ábhair phacáistíochta (Cinneadh 97/129/CE(35)) chun bailiú ar leithligh a éascú do shaoránaigh de réir in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta;

74.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le scéimeanna náisiúnta comhoiriúnacha aisíoca éarlaise agus féachaint an bhféadfaí an ráta bailithe is gá de 90 % de choimeádáin dí phlaisteacha a bhaint amach agus é mar chéim i dtreo margadh aonair a bhunú le haghaidh pacáistíochta, go háirithe do na Ballstáit chomharsanachta; D’fhéadfaí scéimeanna comhoiriúnacha a bhaint amach trí shrathú agus trí lipéadú códaithe agus aontaithe. Mura bhfuil scéim i bhfeidhm ag Ballstát, nó mura bhfuil sé beartaithe ag Ballstát a scéim a athdhearadh, ba cheart iad a spreagadh chun scéim a roghnú, trí bhíthin dea-chleachtas agus fianaise eolaíoch ábhartha, atá comhchosúil nó comhoiriúnach le scéim Ballstát eile;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: plaistigh

75.  ag tathant ar an gCoimisiún leanúint den Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach a chur chun feidhme, go háirithe ó thaobh dearadh, samhlacha gnó ciorclacha agus táirgí nuálacha níos fearr agus cur chuige táirge mar sheirbhís lena soláthraítear patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe a chur chun cinn;

76.  á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic le plaistigh, lena n-áirítear micreaphlaistigh, ar bhealach cuimsitheach; ag tathant ar an gCoimisiún micreaphlaistigh a chuirtear d’aon ghnó le táirgí a chéimniú amach go coitianta agus scaoileadh neamhbheartaithe na micreaphlaisteach uile ag an bhfoinse a laghdú, trí bhearta rialála éigeantacha nua, lena n-áirítear, mar shampla, ó bhoinn, ó theicstílí, ó mhóin shaorga agus ó tháirgeadh millíní plaisteacha; á chur i bhfáth gur gá na bearnaí san eolas eolaíoch maidir le micreaphlaistigh agus nanaphlaistigh a dhúnadh agus forbairt roghanna malartacha níos sábháilte agus margaí iomaíocha ina bhfuil táirgí saor ó mhicreaphlaistigh a chothú; á áitiú, ag an am céanna, go bhfuil práinn le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur díghrádú macraphlaisteach sa chomhshaol is cúis leis an sciar is mó den truailliú micreaphlaisteach agus ag treisiú gur cheart bearta sonracha a dhíriú ar tháirgí plaisteacha amhail ceanglais éicidhearthóireachta le linn chéim an táirgthe chun cosc a chur ar scaoileadh micreaphlaisteach tánaisteach sa chomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar fhoinsí, dáileadh, cinniúint agus éifeachtaí macraphlaisteach agus micreaphlaisteach araon i gcomhthéacs na cóireála fuíolluisce agus an bhainistithe uisce báistí; á mheabhrú go dtagann 80 % den bhruscar muirí ón talamh agus ag tathant ar na Ballstáit gníomhú maidir le teophointí bruscair mhuirí in aibhneacha agus in inbhir;

77.  á thabhairt chun suntais, i gcás táirgí aonúsáide a bheith ina n-ualach suntasach ar an gcomhshaol agus ar acmhainní, gur cheart táirgí in-athúsáidte a chur in ionad táirgí aonúsáide i gcás ina bhfuil roghanna malartacha in-athúsáidte agus/nó marthanacha ann, ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, gan sláinteachas bia ná sábháilteacht bia a chur i mbaol; i ndáil leis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhearta reachtacha a dhéanamh, lena n-áirítear an Treoir maidir le Plaistigh Aonúsáide a leathnú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir sin; á iarraidh ar an gCoimisiún obair a dhéanamh chun caighdeáin a fhorbairt maidir le pacáistíocht in-athúsáidte agus ionadaigh le haghaidh pacáistíocht, gréithe agus sceanra aonúsáide;

78.  ag aithint go bhféadfadh ról a bheith ag plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe sa gheilleagar ciorclach, ach ag tabhairt rabhaidh nach mbeidh plaistigh bhithbhunaithe agus/nó in-bhithdhíghrádaithe amháin ina réiteach ar na hábhair imní comhshaoil a bhaineann le plaistigh, á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé feasacht a mhúscailt maidir le húsáid chuí plaisteach bithbhunaithe agus in-bhithdhíghrádaithe;

79.  ag spreagadh go ndéanfaí caighdeáin dhomhanda shoiléire d’ábhair, do tháirgí, do dhearadh, d’athchúrsáil a mholadh;

80.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat comhsheasmhach trédhearcachta agus oibleagáidí tuairiscithe a chruthú do gach gníomhaí sa slabhra luacha maidir le táirgeadh, trádáil, úsáid agus bainistiú deireadh ré plaisteach;

81.  ag tathant ar an gCoimisiún scéimeanna EPR a fhorbairt ina mbeidh táirgeoirí freagrach as deireadh ré táirgí plaisteacha;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: teicstílí

82.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá straitéis chuimsitheach nua AE do theicstílí chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht, mar aon le hinrianaitheacht agus trédhearcacht in earnáil teicstíle agus éadaigh AE, a chur chun cinn agus nádúr domhanda na slabhraí luacha agus an ghné a bhaineann le ‘mearfhaisean’ á gcur san áireamh; á iarraidh go ndéanfaidh an straitéis tacar comhleanúnach d’ionstraimí beartais a thíolacadh agus tacaíocht a thabhairt do shamhlacha nua gnó chun aghaidh a thabhairt ar raon iomlán na dtionchar comhshaoil agus sóisialta ar fud an tslabhra luacha agus chun feabhas a chur ar dhearadh teicstílí chun marthanacht, in-athúsáidteacht agus in-athchúrsáilteacht mheicniúil agus úsáid snáithíní ardcháilíochta a mhéadú, go háirithe trí theaglaim ceanglas maidir le cineál éicidhearthóireachta, scéimeanna freagrachta táirgeora, agus scéimeanna lipéadaithe;

83.  á chur in iúl gur díol sásaimh di cur i bhfeidhm an chreata nua beartais táirgí maidir le teicstílí, agus á chur i bhfáth nach mór dó tosaíocht a thabhairt do chosc dramhaíola agus do mharthanacht, d’in-athúsáidteacht agus d’indeisitheacht chomh maith le dul i ngleic le ceimiceáin ghuaiseacha agus dhíobhálacha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola; á iarraidh go ndéanfar bearta do chéim an deartha agus an táirgthe i gcoinne caillteanas micrea-shnáithín shintéisigh, agus bearta eile amhail réamhníochán tionsclaíoch rialaithe coisctheach agus neamhthruaillithe agus caighdeáin le haghaidh meaisíní nua níocháin a fheistiú le scagairí micrea-shnáithín a fhorbairt; á iarraidh go mbeidh critéir shonracha deiridh dramhaíola ar fud AE maidir le teicstílí;

84.  á iarraidh go mbeidh cur i bhfeidhm an chreata nua beartais táirgí maidir le teicstílí comhleanúnach le hionstraimí beartais eile, eadhon an togra atá ar na bacáin le haghaidh reachtaíocht AE maidir le Cearta an Duine agus Dícheall Cuí Comhshaoil, chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cearta oibrithe, cearta an duine agus comhionannas inscne ag gach céim den slabhra luacha teicstíle.

Slabhraí luacha príomhtháirgí: foirgníocht agus foirgnimh

85.  á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh an ‘Rabharta Athchóirithe’ a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, agus éagsúlacht na hearnála á cur san áireamh ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais chothrománacha agus táirgeshonracha a leagan síos; ag cur béim ar an acmhainneacht atá ann do ghás ceaptha teasa a laghdú agus do shochair chomhshaoil trí shíneadh a chur le saolré foirgneamh seachas iad a scartáil; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar spriocanna laghdaithe a leagan síos do lorg carbóin agus lorg ábhair fhoirgnimh AE agus an creat Leibhéil/Leibhéal maidir le foirgnimh inbhuanaithe a chur i bhfeidhm mar chreat ceangailteach le haghaidh feidhmíocht tógála; á chreidiúint gur gá íoscheanglais dhlíthiúla maidir le feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a áireamh chun éifeachtúlacht acmhainní agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú;

86.  á mheabhrú an oibleagáid atá ar an gCoimisiún faoin Treoir Réime Dramhaíola breathnú ar athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna aisghabhála ábhair a leagtar amach i reachtaíocht AE maidir le dramhaíl foirgníochta agus scartála agus a codáin ábhar-shonracha agus á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí leis sin sprioc aisghabhála ábhair le haghaidh ithreacha tochailte; ag moladh go n-áireofaí spriocanna athúsáide agus athchúrsála agus úsáid amhábhar tánaisteach i bhfeidhmeanna foirgníochta agus iad a dhéanamh inrianaithe ar bhealach níos éasca ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta a athbhreithniú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra maidir le Straitéis le haghaidh Timpeallacht Thógtha Inbhuanaithe in 2021; á chreidiúint go lamhálfaí d’feidhmíocht fuinnimh foirgneamh níos fearr agus do chiorclaíocht níos fearr in earnáil na foirgníochta trí réitigh dhigiteacha a ghlacadh sa timpeallacht thógtha, amhail dramhaíl a rianú;

87.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé beartais a chur ar bun maidir le pleanáil tógála ardcháilíochta lena ndírítear ar athchóiriú, ar athoiriúnú agus ar úsáid leanúnach foirgneamh, i gcás inar féidir sin a dhéanamh, seachas ar fhoirgnimh nua;

88.  á thabhairt chun suntais, ós rud é go bhfuil 90 % de thimpeallacht thógtha 2050 ann cheana, gur cheart ceanglais speisialta a leagan síos don earnáil athchóirithe chun go mbeidh foirgnimh go hiomlán modúlach, inoiriúnaithe d’úsáidí éagsúla agus dearfach ó thaobh fuinnimh de faoi 2050; lena n-áirítear athchóirithe doimhne, táirgeadh ar an láthair, agus in-athúsáidteacht;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: bia, uisce agus cothaithigh

89.  ag tathant ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh chun an sprioc maidir le cur amú bia a laghdú faoina leath faoi 2030 a chur chun feidhme i gcomhréir leis na gealltanais faoin Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus a bheith bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir Réime Dramhaíola; á iarraidh ar an gCoimisiún an cosc ar chaillteanas bia agus ar chur amú bia feadh an tslabhra luacha bia ina iomláine a chomhtháthú i mbeartais ábhartha AE, mar a leagtar amach sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus á mheabhrú gur cheart na bearta sin a bheith i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola; á iarraidh ar na Ballstáit bearta cuimsitheacha a dhéanamh chun srian suntasach a chur le cur amú bia agus chun deonú bia a spreagadh;

90.  á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun lúb na gcothaitheach talmhaíochta a iamh, spleáchas na hEorpa ar allmhairiú próitéiní glasraí le haghaidh beatha ainmhithe a laghdú agus cur leis an úsáid a bhaintear as aoileach ainmhithe athchúrsáilte agus as cothaithigh orgánacha eile, amhail múirín agus díleáiteán, in ionad leasachán sintéiseach agus ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol agus d’éiceachórais á áirithiú ag an am céanna;

91.  á iarraidh go mbeidh geilleagar ciorclach bunaithe ar chreat rialála atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de chun éifeachtaí diúltacha tocsaineacha a d’fhéadfadh a bheith ar éiceachórais uisceacha a sheachaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Rialachán a glacadh le déanaí maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce agus an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le hUisce Óil(36) agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad; á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir uisce agus fuinneamh a chomhtháthú go hiomlán i mbeartais Eorpacha agus á mheabhrú go mbraitheann cáilíocht na n-acmhainní uisce agus an rochtain atá orthu ar chur chun feidhme maith de rialú ag an bhfoinse agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; ag tacú le cur chuige ciorclach i gcóireáil agus i mbainistiú fuíolluisce d’fhonn aisghabháil fuíolluisce uirbigh a chothú; á thabhairt chun suntais gur féidir acmhainní a aisghabháil ó fhuíolluisce, ó cheallalós trí bhíthin bithphlaisteach go cothaithigh, go fuinneamh agus go uisce, agus trí leanúint d’anailís a dhéanamh ar roghanna athúsáide a d’fhéadfadh a bheith ann agus tomhaltas fuinnimh agus uisce a laghdú ag an am céanna; ag tacú leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh(37); á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta reachtacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtúlacht uisce i bhfoirgnimh;

92.  á chur i bhfáth gur féidir le méadú ar an rochtain atá ag gach duine laistigh den Aontas Eorpach ar uisce feabhas suntasach a chur ar chiorclaíocht agus spleáchas ar uisce pacáistithe a laghdú; á iarraidh go ndéanfar na forálacha i ndáil le rochtain ar uisce atá sa Treoir maidir le hUisce Óil a chur chun feidhme go hiomlán;

93.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ról na dtáirgí bithbhunaithe inbhuanaithe, go háirithe bithdhramhaíl a aisghabháil ar bhealach níos fearr agus úsáid na n-iarmhar agus na seachtháirgí, san aistriú chuig geilleagar atá ciorclach agus neodrach ó thaobh na haeráide de;

94.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé mar aidhm le bailiú ar leithligh bithdhramhaíola, mar a tugadh isteach leis an Treoir Réime Dramhaíola, múirín ardcháilíochta a tháirgeadh chun tacú le feabhas a chur ar ithir, le ceimiceáin neamhghuaiseacha, le táirgí eile agus le fuinneamh inathnuaite, i gcás inarb indéanta agus chun tairbhe an chomhshaoil;

95.  ag cur béim ar an acmhainneacht a bhaineann le bithgheilleagar inbhuanaithe agus le hearnáil foraoisbhunaithe inbhuanaithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Straitéisí Bithgheilleagair agus Bithéagsúlachta AE a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar chiorclaíocht trí ábhair bhithbhunaithe inathnuaite a chur in ionad ábhair iontaise, i gcás ina mbeidh sé sin chun tairbhe don chomhshaol agus inbhuanaithe, lena n-áirítear don bhithéagsúlacht, agus éileamh méadaitheach bithábhar iontaise á chur san áireamh;

Níos lú dramhaíola, níos mó luacha

96.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tosaíocht a thabhairt do chosc dramhaíola ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola atá ag AE, i mbeartas táirgí agus i mbeartas dramhaíola araon; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha a mholadh le haghaidh laghdú foriomlán dramhaíola agus le haghaidh laghdú dramhaíola i sruthanna sonracha dramhaíola agus i ngrúpaí táirgí, chomh maith le spriocanna chun srian a chur le giniúint dramhaíola iarmharaí, san athbhreithniú ar an Treoir Réime Dramhaíola agus ar an Treoir maidir le Líonadh Talún atá beartaithe do 2024; á mheas gur cheart spriocanna maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála a bheith scartha chun tosaíocht in ord na réiteach dramhaíola a thabhairt d’ullmhú le haghaidh athúsáide;

97.  á chur in iúl gur cúis imní di cur chun feidhme neamhionann spriocanna dramhaíola AE sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit go léir na spriocanna dramhaíola atá ann faoi láthair agus spriocanna dramhaíola de phacáiste 2018 maidir le Dramhaíl a chur chun feidhme go héifeachtach agus ina n-iomláine, agus ag tathant ar na Ballstáit go léir reachtaíocht 2018 a thrasuí go hiomlán gan tuilleadh moille;

98.  á chreidiúint go bhfuil praghsanna neamhiomaíocha, easpa amhábhar tánaisteach ardcháilíochta agus na margaí lena mbaineann i measc na bpríomhbhacainní ar gheilleagar ciorclach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhearta chun amhábhair thánaisteacha a dhéanamh níos iomaíche agus go rannchuideoidh siad le comhshaol saor ó thocsainí ag an am céanna;

99.  á mheas gur comhpháirtí láidir í an earnáil phríobháideach chun an t-éileamh agus spéis tomhaltóirí i réitigh agus i dtáirgí ciorclacha a mhéadú, agus ag tathant ar na Ballstáit tacú le cuideachtaí a bhfuil samhlacha gnó, seirbhísí nó táirgí acu lena laghdaítear úsáid dramhaíola agus úsáid acmhainní, agus úsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí;

100.  ag tacú go láidir leis an uaillmhian margadh dea-fheidhmiúil AE a bhunú le haghaidh amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta neamhthocsaineacha – gan dochar d’fhorálacha na Treorach Réime Dramhaíola agus an Rialacháin maidir le Loingsiú Dramhaíola – agus á chur i bhfios go láidir go mbeidh comhchaighdeáin cháilíochta ag teastáil chuige sin; á mheabhrú go bhfuil an fhéidearthacht ag na Ballstáit seachtháirgí náisiúnta agus critéir deiridh dramhaíola a shainiú agus á iarraidh ar an gCoimisiún critéir chomhchuibhithe Eorpacha deiridh dramhaíola a mholadh le haghaidh príomhshruthanna dramhaíola i gcomhréir leis an Treoir Réime Dramhaíola, chun deireadh a chur le bacainní margaidh agus aisghabháil ábhair ardcháilíochta a áirithiú; ag cáineadh nár shainigh an Coimisiún critéir shonracha AE maidir le páipéar, boinn agus teicstílí, mar a ceanglaíodh leis an Treoir Réime Dramhaíola;

101.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar na rialacha maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola d’aisghabháil idir Ballstáit AE agus machnamh a dhéanamh ar na rialacha a oiriúnú chun a soiléire agus a shothuigtheacht a mhéadú, bacainní riaracháin a bhaint agus ag an am céanna éifeachtacht na reachtaíochta maidir le cosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil a choinneáil, agus a gcur chun feidhme ar fud Bhallstáit AE a chomhchuibhiú, lena n-áirítear trí chóras leictreonach aonair de chuid AE a bhunú chun loingsithe dramhaíola a thaifeadadh;

102.  ag tacú leis an obair leanúnach atá á déanamh ag an gCoimisiún chun cóireáil iomchuí ar dhramh-olaí a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar a shainítear i dTreoir 2008/98 EC(38), togra reachtach a thíolacadh faoi 2022 ina mbeidh bearta breise chun athghiniúint dramh-olaí a chur chun cinn, lena n-áirítear spriocanna cainníochtúla a thabhairt isteach;

103.  á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit uile a áirithiú, faoin 31 Nollaig 2023, go ndéanfar bithdhramhaíl a scaradh nó a athchúrsáil ag an bhfoinse, nó go mbaileofar í ar leithligh agus nach meascfar í le cineálacha eile dramhaíola; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí a dhíriú chun bailiú agus múiríniú dramhaíola orgánaí a mhéadú;

104.  á mheabhrú na spriocanna dramhaíola AE atá ann agus á chur i bhfios go láidir nach mór do AE agus do na Ballstáit cosc agus ullmhúchán le haghaidh athúsáide a neartú, athchúrsáil ardcháilíochta a mhéadú agus imeacht ó dhramhaíl líonadh talún, agus loscadh á íoslaghdú ag an am céanna, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige coiteann uile-Aontais a shainiú chun dramhaíl chathrach iarmharach nach féidir athchúrsáil a dhéanamh uirthi a bhainistiú chun a cóireáil bharrmhaith a áirithiú agus chun ró-acmhainn loiscthe dramhaíola a sheachaint ar leibhéal AE, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héifeachtaí glasála agus bac a chur ar fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh; á mheas, i gcás ina mbaintear úsáid as loscadh, gur cheart é sin a dhéanamh sna saoráidí aisghabhála fuinnimh is mó dul chun cinn a bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh ard agus astaíochtaí ísle laistigh de AE acu;

105.  á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas é dramhaíl a bhailiú ar leithligh chun athchúrsáil ardcháilíochta a dhéanamh agus chun ábhair agus táirgí luachmhara a choinneáil sa lúb athchúrsála; ag tacú leis na pleananna atá ag an gCoimisiún bearta a mholadh chun na córais bailithe ar leithligh atá ann cheana a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, lenar cheart na dea-chleachtais sna Ballstáit a mheas agus dálaí réigiúnacha agus áitiúla éagsúla á gcur san áireamh, agus níor cheart go mbeadh tionchar díobhálach acu ar na córais dhea-fheidhmiúla atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme cuí na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir Réime Dramhaíola a áirithiú;

106.  á chur i bhfáth gur gá straitéisí agus beartais dramhaíola maidir le sonraí agus modheolaíochtaí láidre eolaíocha a fhorbairt, lena gcuirtear feabhas ar iontaofacht agus inchomparáideacht staidreamh AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, staidreamh dramhaíola a chomhchuibhiú tuilleadh, agus na sonraí maidir le hábhair agus dramhaíl athchúrsáilte a bhailiú ó thaobh an trí ní seo a leanas: bailiú, pointe iontrála go dtí an tsaoráid athchúrsála, agus méid athúsáide éifeachtaí d’ábhair athchúrsáilte;

107.  á chur in iúl gurb oth léi easpa fócais na Treorach maidir le Líonadh Talún i ndáil le cosc agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfar í a ailíniú le prionsabail uileghabhálacha CEAP agus go ndéanfar an sprioc um líonadh talún de 10 % a leagan síos maidir le bliain bhonnlíne agus cileagram dramhaíola in aghaidh an duine in aghaidh na bliana chun atreorú ó líonadh talún go loscadh dramhaíola a chosc.

108.  á mheabhrú gur príomhghné í an tsiombóis thionsclaíoch chun an geilleagar ciorclach a bhaint amach trí líonraí idirnasctha a chur chun cinn ina mbeidh dramhaíl tionscail ina hamhábhar de dhramhaíl tionscail eile agus go bhféadfaidh fuinneamh agus ábhar dul timpeall i dtimthriall ar bhonn leanúnach, agus acmhainní á gcoinneáil in úsáid tháirgiúil chomh fada agus is féidir; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar níos mó iarrachtaí chun siombóis thionsclaíoch a mhéadú ar leibhéal AE agus chun an slabhra luacha tionsclaíoch a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche;

109.  á thabhairt chun suntais, chun siombóis thionsclaíoch a fhorbairt, go mbeadh gá le críocha tuiscint níos fearr a bheith acu ar a sreabhadh áitiúil acmhainní agus é a bhainistiú níos fearr chun go mbeidh siad in ann straitéisí nua don phleanáil spásúlachta a chur chun feidhme i gcomhar le tionscail, geallsealbhóirí, riarachán áitiúil agus saoránaigh, ag tathant ar na Ballstáit a chur de cheangal ar rialtais áitiúla agus réigiúnacha deiseanna chun siombóis thionsclaíocha a shainaithint trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhapáil go críochnúil agus anailís éigeantach a dhéanamh ar shreabhadh acmhainní,

110.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé airteagal 8a(1) de Threoir Réime Dramhaíola, ina sonraítear go soiléir go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit freagrachtaí agus róil a shainiú go beacht d’Eagraíochtaí um Fhreagracht Táirgeoirí, a chur chun feidhme;

111.  á mholadh go dtacaítear le forbairt slabhraí luacha áitiúla atá bunaithe ar bhithdhramhaíl a athchúrsáil chun fuinneamh inathnuaite a ghiniúint, amhail bithmheatán, chun naisc níos dlúithe a chruthú idir pobail tuaithe agus uirbeacha agus ord na réiteach dramhaíola á chur chun feidhme go hiomlán ag an am céanna;

112.  á thabhairt chun suntais gur gá ciorclaíocht táirgí agus déine acmhainní a chur a áireamh i sásraí coigeartaithe trasteorann;

An geilleagar ciorclach a thabhairt i gcrích do dhaoine aonair, do chathracha agus do réigiúin

113.  ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla, pobail áitiúla agus FBManna sa gheilleagar ciorclach, i mbainistiú dramhaíola agus i gcur chun feidhme na mbeart a áirítear sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach á iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le moil chiorclaíochta a bhunú agus le comhar na mol ciorclaíochta i réigiúin Eorpacha uile, i mbraislí tionsclaíocha agus i bpobail áitiúla de mheon ‘Bauhaus Nua Eorpach’ atá beartaithe, lena gcuirtear tacaíocht ar fáil d’fhorbairt samhlacha ciorclacha maidir le dearadh, soláthar agus bainistiú dramhaíola;

114.  ag tacú leis an smaoineamh an Clár Oibre Scileanna don gheilleagar ciorclach a thabhairt cothrom le dáta agus á iarraidh ar an gCoimisiún an Clár Oibre sin a chur in oiriúint do riachtanais shonracha fostaíochta, lena n-áirítear riachtanais oideachais agus oiliúna chomh maith le poist nua a bhfuil gá leo san aistriú chuig geilleagar ciorclach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach nasctha le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gceart sóisialta agus na straitéise maidir le comhionannas inscne agus aistriú cóir a áirithiú; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na comhpháirtithe sóisialta i ngnéithe sóisialta agus a bhaineann le hobair den aistriú chuig geilleagar ciorclach;

115.  ag cur béim ar an bpríomhról atá ag tomhaltóirí i ndáil le dramhaíl a chosc agus a bhainistiú agus ar an ngá atá le rannpháirtíocht na saoránach a éascú i mbailiú dramhaíola ar leithligh; a athdhearbhú a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla feasacht a mhúscailt i measc an phobail maidir le tomhaltas inbhuanaithe, lena n-áirítear samhlacha tomhaltais atá bunaithe ar athúsáid, ar chíos nó ar chomhroinnt, agus maidir le dramhaíl a chosc agus dramhaíl a shórtáil agus a dhiúscairt ar bhealach éifeachtúil;

116.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh prionsabail an gheilleagair chiorclaigh leabaithe i ngach cleachtas, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt i ndáil le hiarrachtaí éagsúla maidir le geilleagar ciorclach ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil in AE;

117.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar idir rialtais, údaráis áitiúla, an saol acadúil agus gnólachtaí, lena n-áirítear táirgeoirí agus ceannaitheoirí araon, chun gníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh agus a mhéadú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an comhar sin a leathnú chuig geallsealbhóirí eile, amhail fiontair shóisialta, gnólachtaí nuathionscanta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha;

118.  ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag earnáil na seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála deiseanna fostaíochta a chruthú, agus nach mór tacú lena forbairt agus í a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh deisiúcháin áitiúla agus phobail, comharchumainn agus fiontair shóisialta;

119.  á chur i bhfios go láidir an ról a fhéadfaidh a bheith ag Gabháil, Stóráil agus Úsáid Carbóin (CCS/U) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, ; ag tacú le comhthéacs beartais comhtháite chun spreagadh a thabhairt d’úsáid feidhmeanna CCS/U atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, lena ndéanfaí glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun go mbeidh an tionscal trom aeráidneodrach i gcás nach mbeidh aon roghanna díreacha maidir le laghdú astaíochtaí ar fáil(39); á áthdhearbhú, mar sin féin, gur cheart, le straitéis an Aontais chun neodracht a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí, tús áite a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha agus do ghníomhaíochtaí lena ndéanfaí linnte agus taiscumair nádúrtha an Aontais a chothabháil agus a fheabhsú(40);

Iarrachtaí ceannródaíocha ar an leibhéal domhanda

120.  ag tacú le huaillmhian an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola chun trédhearcacht agus inrianaitheacht na trádála dramhaíola laistigh de AE a áirithiú, stop a chur le dramhaíl a onnmhairiú chuig tríú tíortha a dhéanann dochar don chomhshaol nó do shláinte an duine agus dul i ngleic le hiompraíocht neamhdhleathach ar bhealach níos éifeachtaí d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an dramhaíl uile a chóireáil i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh; ag tacú, thairis sin, leis an gCoimisiún na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Choinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl phlaisteach a chur chun feidhme agus gníomhú le lánurraim d’oibleagáidí AE faoin gCoinbhinsiún seo; á iarraidh ar an gCoimisiún díriú freisin ar na nithe seo a leanas:

   dreasachtaí airgeadais chun fíormhargadh aonair agus machaire comhréidh a bhunú d’amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta;
   nósanna imeachta a éascú chun inniúlachtaí athchúrsála agus bonneagair chun dramhaíl a chóireáil a chur chun cinn laistigh de AE;
   córas um Malartú Leictreonach Sonraí (EDI) a chur chun feidhme chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar shreafaí dramhaíola
   an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola(41) agus ar an Treoir Réime Dramhaíola a chur chun feidhme;

121.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an Chomhghuaillíocht Dhomhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní chun dlús a chur leis an aistriú domhanda chuig geilleagar ciorclach a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de agus tíosach ar acmhainní, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na hiarrachtaí a stiúradh i dtaca le comhaontú idirnáisiúnta ar bhainistiú acmhainní nádúrtha ionas go bhfanfar laistigh de ‘theorainneacha pláinéadacha’ d’úsáid acmhainní nádúrtha;

122.  ag tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin ar an leibhéal idirnáisiúnta chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le plaistigh, agus glacadh domhanda le cur chuige gheilleagar ciorclach AE maidir le plaistigh a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go bhféadfar na gealltanais éagsúla arna dtabhairt ar leibhéil AE agus ar leibhéil dhomhanda a rianú ar bhealach comhtháite agus trédhearcach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceannaireacht ghníomhach a léiriú agus leanúint de bheith ag obair ar fhreagairtí idirnáisiúnta chun bruscar plaisteach muirí agus micreaphlaistigh a chomhrac;

123.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a chur de cheangal go gcomhlíonfaidh amhábhair phríomha agus thánaisteacha a allmhairítear chuig AE caighdeáin maidir le cearta an duine, sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil atá coibhéiseach le caighdeáin AE, lena n-áirítear tríd an togra reachtach ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, agus chun machaire comhréidh a áirithiú i bpríomhshlabhraí soláthair AE; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas a áirithiú idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, lena n-áirítear i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus i gcomhaontuithe trádála eachtraí

124.  á iarraidh ar tháirgeoirí Eorpacha freagracht a ghlacadh agus iad ag díol táirgí i dtríú tíortha agus ag moladh go ngeallfadh geallsealbhóirí tionsclaíocha go ndéanfaidh siad a bhfreagracht táirgeora a leathnú chun bailiú ar leithligh a gcuid táirgí a eagrú nó a mhaoiniú nuair is dramhaíl a bheadh iontu i dtríú tíortha; á iarraidh ar tháirgeoirí freisin aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí i ndáil le cáilíocht táirgí onnmhairithe agus táirgí a dhíoltar i margadh AE;

125.  ag tacú leis an gCoimisiún plé iltaobhach maidir le leibhéil inbhuanaithe úsáidte acmhainní agus teorainneacha pláinéadacha a chur chun cinn, lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar spriocanna eolaíochtbhunaithe le haghaidh úsáid acmhainní;

126.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú agus cosaint idirnáisiúnta i gcoinne na ndochar sláinte agus comhshaoil arb iad ceimiceáin is cúis leo; á chur i bhfáth go láidir a thábhachtaí atá an próiseas faoin gCur Chuige Straitéiseach maidir le Bainistiú Idirnáisiúnta Ceimiceán (SAICM) chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh creat láidir le haghaidh bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola tar éis 2020 ag ICCM 5 in Bonn i mí Iúil 2021;

127.  ag tathant ar an gCoimisiún chun úsáid táscairí maidir le héifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn trí choinbhinsiúin idirnáisiúnta chun inchomparáideacht a cheadú idir tionscail agus geilleagair agus cothrom na Féinne a áirithiú, agus chun tacú le hidirphlé agus le comhar le tríú tíortha;

128.  á mheas, agus an bhuntuiscint maidir le hacmhainní teoranta na cruinne á cur san áireamh, gur cheart Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Neamhdhóthanacht Acmhainní a bhunú chun plé a chur ar bun maidir le rochtain ar acmhainní agus na himpleachtaí a bhaineann lena n-úsáid agus béim ar an inbhuanaitheacht agus ar an gcothromas;

129.  á mheabhrú, chomh maith le bearta a ghlacadh chun cuspóir AE maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, gur gá aghaidh a thabhairt ar an lorg carbóin a bhaineann le héileamh AE ar tháirgí allmhairithe; á iarraidh ar an gCoimisiún bacainní ar fhás glas agus ar an éiceanuálaíocht a shainaithint agus a dhíothú mar aon leis na bacainní sin lena gcuirtear cosc nó srian ar rochtain ar an margadh do tháirgí agus do sheirbhísí ciorclacha ó lasmuigh de AE; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na tairbhí a bhaineann le bacainní taraifí agus neamhtharaifí ar tháirgí agus ar sheirbhísí áirithe a laghdú chun forbairt an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) de chuid AE; ag spreagadh an Choimisiúin, i ndáil leis an méid sin, chun gné an gheilleagair chiorclaigh a chur le raon feidhme na caibidlíochta i dtaca leis an gComhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil, ar cheart dlús a chur léi; á iarraidh ar an gCoimisiún riachtanais speisialta fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) AE a chur san áireamh, chun cabhrú le FBManna an geilleagar ciorclach a chomhtháthú ina samhail gnó, lena n-áirítear trí dhreasachtaí, agus chun tacú leo i gcur chun feidhme straitéisí gnó chun táirgí ciorclacha a onnmhairiú, go háirithe trí uirlis measúnaithe riosca a sheoladh le haghaidh rialacha tionscnaimh, arb uirlis í atá á meas ag an gCoimisiún faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta in EDT chun aghaidh a thabhairt ar tháirgí bunaithe ar a n-inneachar carbóin mar bhealach chun cothrom na Féinne a bheith ann i gcúrsaí rialála;

130.  á mheas go bhfuil gá le forálacha atá fónta ó thaobh an dlí de i gcomhaontuithe trádála chun reachtaíocht ábhartha AE maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chosaint ó choincheap na bacainne trádála;

131.  á chur i bhfáth gur uirlis bhunriachtanach é beartas trádála straitéiseach chun an t-aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach agus Clár Oibre an Aontais agus na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain faoi 2030, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh comhaontuithe trádála agus infheistíochta ailínithe le beartais an gheilleagair chiorclaigh;

132.  ag spreagadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh in idirphlé agus i gcomhar oscailte agus trédhearcach le comhpháirtithe trádála AE chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta (UNCTAD, EDT, G20, G7) chun clár oibre AE maidir leis an ngeilleagar ciorclach a shaothrú agus chun cothrom na Féinne le comhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú tríd an bhféidearthacht a bheith ann coincheap na bpasanna digiteacha a fhiosrú chun infhaighteacht sonraí maidir le hinneachar, lorg carbóin agus in-athchúrsáilteacht táirgí a chothú, chun ciorclaíocht níos fearr a chumasú agus chun freagracht leathnaithe táirgeora (EPR) agus roghanna inbhuanaithe do thomhaltóirí a chur chun cinn; ag moladh freisin, i ndáil leis an méid sin, go rachadh an Coimisiún ag obair leis na heagraíochtaí iltaobhacha ábhartha chun teacht ar chomhaontú maidir le lipéad idirnáisiúnta a bheadh éasca le tuiscint do thomhaltóirí agus lena léireofaí an féidir táirge a athchúrsáil; á chur i bhfáth, ina theannta sin, nach mór aird ar leith a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil tíortha comhpháirtíochta beagfhorbartha rannpháirteach sa gheilleagar ciorclach agus ar an gcaoi ar féidir leo tairbhe a bhaint as; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú ina straitéis dar teideal ‘Towards a comprehensive Strategy with Africa’ [I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic] go háirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as Cúnamh don Trádáil agus GSP+ chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a ghlacadh, lena n-áirítear caighdeáin táirgí;

o
o   o

133.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún

(1) https://ec.europa.eu/environment/pdf/chemicals/2020/10/Strategy.pdf
(2) Téacsanna arna nglacadh P9_TA(2020)0201
(3) IO C 23, 21.1.2021, lch. 116).
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(5) IO C 334, 19.9.2018, lch. 60.
(6) IO C 265, 11.8.2017, lch. 65.
(7) IO C 433, 23.12.2019, lch. 146.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0198.
(9) IO L 177, 5.6.2020, lch. 32
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0201.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(12) IO C 433, 23.12.2019, lch. 136.
(13) IO C 433, 23.12.2019, lch. 146.
(14) IO C 76, 9.3.2020, lch. 192.
(15) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(16) IO L 150, 14.6.2018, lch. 109.
(17) IO L 150, 14.6.2018, lch. 141.
(18) IO L 150, 14.6.2018, lch. 100.
(19) IO L 150, 14.6.2018, lch. 93.
(20) IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.
(21) https://www.resourcepanel.org/reports/global-resources-outlook
(22) https://resourcepanel.org/reports/resource-efficiency-and-climate-change
(23) https://science.sciencemag.org/content/369/6510/1455
(24) https://www.ellenmacarthurfoundation.org/assets/downloads/publications/EllenMacArthurFoundation_Growth-Within_July15.pdf
(25) Tuarascáil ar Tháscaire Comhshaoil 2014: Tionchair Chomhshaoil na gCóras Táirgeachta-Tomhaltais san Eoraip. an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil 2014.
(26) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
(27) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagothroma) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(28) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó gan nochtadh (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(29) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(30) Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
(31) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(32) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(33) Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir lena chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis caighdeánach táirge i ndáil leis an méid fuinnimh agus an méid acmhainní eile a ídíonn táirgí a bhaineann le fuinneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 1).
(34) Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).
(35) Cinneadh 97/129/CE ón gCoimisiún an 28 Eanáir 1997 lena mbunaítear an córas sainaitheantais d’ábhair phacáistíochta de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 50, 20.2.1997, lch. 28).
(36) Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
(37) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(38) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(39) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, mír 33.
(40) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 maidir leis an athrú aeráide – fís Eorpach straitéiseach fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, mír 13.
(41) Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).


Cur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil
PDF 219kWORD 72k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (2020/2029(INI))
P9_TA(2021)0041A9-0011/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3), an dara fomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagail 8, 79 agus 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 3, 5 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR),

–  ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (‘an Treoir maidir le Frithgháinneáil’)(1),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine agus do mholtaí Chomhairle na hEorpa sa réimse seo,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Coireacht Eagraithe Trasnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Palermo’) agus do na Prótacail a ghabhann leis, agus, go háirithe, don Phrótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith (‘Prótacal na Náisiún Aontaithe maidir le Gáinneáil’) agus don Phrótacal in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh maidir le díol leanaí, striapachas leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2019 maidir le cearta leanaí tráth chomóradh 30 bliain Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh(2),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach,

–  ag féachaint d’obair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le gáinneáil ar dhaoine, mná agus leanaí go háirithe,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (CEDAW), go háirithe Airteagal 6 de, lena bhféachtar le dul i ngleic le gach cineál gáinneála ar mhná agus le dúshaothrú striapachas na mban,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gháinneáil ar Dhaoine agus chun Dúshaothrú Striapachas Daoine eile a Dhíchur,

–  ag féachaint do Dhearbhú Bhéising agus don Chlár Oibre Gníomhaíochta a ghlac an Ceathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná an 15 Meán Fómhair 1995 agus do na doiciméid toraidh ina dhiaidh sin a glacadh ag seisiúin speisialta Bhéising na Náisiún Aontaithe + 5 (2000), Bhéising + 10 (2005) agus Bhéising + 15 (2010), agus ag comhdháil athbhreithnithe Bhéising + 20,

–  ag féachaint do Thráchtaireacht Chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe maidir le Treoir AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospartaigh a chosaint, lena n-iarrtar go ndéanfaí cosaint idirnáisiúnta a chur ar fáil d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar bhealach inscne-íogair,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29), do Phrótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930, don Choinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105) agus don Mholadh maidir le hObair Éigeantais (Bearta Forlíontacha), 2014 (Uimh. 203), don Choinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182) agus don Choinbhinsiún maidir le hOibrithe Tí, 2011 (Uimh. 189),

–  ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine,

–  ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 33 an 23 Iúil 2015 maidir le rochtain na mban ar cheartas ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),

–  ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe, dar teideal Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] a ghlac an Comhthionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015, go háirithe a Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 5.2 maidir le deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh ban agus cailíní sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach, lena n-áirítear gáinneáil agus teacht i dtír gnéasach agus cineálacha eile dúshaothraithe,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’),

–  ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle(3) (‘an Treoir maidir le Cearta Íospartach’),

–  ag féachaint do Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle(4) (‘an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus pornagrafaíocht leanaí’),

–  ag féachaint do Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta in aghaidh fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach(5),

–  ag féachaint do Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais(6),

–  ag féachaint do Threoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine iad nó a bhí faoi réir gníomhaíocht chun inimirce neamhdhleathach a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla(7) (‘an Treoir maidir le Cead Cónaithe’),

–  ag féachaint do Threoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe(8), agus do Chinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe(9),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 maidir le Straitéis de chuid an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025) (COM(2020)0258),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2012 dar teideal The EU Strategy towards the Eradication of Trafficking in Human Beings 2012-2016 [Straitéis AE chun Gáinneáil ar Dhaoine a Dhíothú, 2012-2016] (COM(2012)0286),

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 17 Deireadh Fómhair 2014 dar teideal Mid-term report on the implementation of the EU strategy towards the eradication of trafficking in human beings [Tuarascáil mheántéarma maidir le cur chun feidhme straitéis AE chun gáinneáil ar dhaoine a dhíothú] (SWD(2014)0318) agus don chéad (COM(2016)0267), don dara (COM(2018)0777) agus don tríú tuarascáil (COM(2020)0661) ar dhul chun cinn ina leith,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ina ndéantar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir leis na híospartaigh atá thíos léi a chosaint a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1) (COM(2016)0722),

–  ag féachaint dá rún an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE(10),

–  ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(11),

–  ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine i gcaidreamh seachtrach an Aontais(12),

–  ag féachaint dá rún an 12 Bealtaine 2016 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospartaigh na gáinneála sin a chosaint ó thaobh dearcadh inscne de(13),

–  ag féachaint dá rún an 26 Feabhra 2014 maidir le teacht i dtír gnéasach agus striapachas agus a thionchar ar chomhionannas inscne(14),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2017 dar teideal Reporting on the follow-up to the EU Strategy towards the Eradication of trafficking in human beings and identifying further concrete actions [Tuairisciú ar an obair iardain ar Straitéis an Aontais Eorpaigh i dtreo gáinneáil ar dhaoine a dhíothú agus gníomhaíochtaí nithiúla eile a shainaithint] (COM(2017)0728),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne, 2020-2025] (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do Staidéar 2020 ón gCoimisiún maidir le costas eacnamaíoch, sóisialta agus daonna na gáinneála ar dhaoine laistigh de AE, do Staidéar 2020 uaidh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Shásraí Atreoraithe Náisiúnta agus Trasnáisiúnta na mBallstát, do Staidéar 2020 uaidh maidir le Sonraí a bhailiú faoi gháinneáil ar dhaoine san Aontas agus do Staidéar 2016 uaidh ar ghné na hinscne den gháinneáil ar dhaoine,

–  ag féachaint do Ráiteas Comhpháirteach 2018 maidir leis an ngealltanas oibriú le chéile i gcoinne gáinneáil ar dhaoine arna shíniú ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), Gníomhaireacht an Aontais i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar sa Cheartas Coiriúil (Eurojust), an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA), Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA), Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE),

–  ag féachaint don Tuarascáil Staide ó Europol dar teideal Trafficking in human beings in the EU [Gáinneáil ar Dhaoine san Aontas Eorpach] an 18 Feabhra 2016,

–  ag féachaint don Tuarascáil ó Europol dar teideal The challenges of countering human trafficking in the digital era [Na dúshláin a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac sa ré dhigiteach] an 18 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint do Mheasúnú Europol 2017 ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA).

–  ag féachaint don 4ú tuarascáil bhliantúil ó Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach de chuid Europol an 15 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal Severe labour exploitation: workers moving within or into the European Union [Dúshaothrú tromchúiseach ar lucht saothair: oibrithe ag gluaiseacht laistigh den Aontas nó isteach ann] an 29 Bealtaine 2015,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Eurostat dar teideal Trafficking in human beings [Gáinneáil ar dhaoine] an 17 Deireadh Fómhair 2014,

–  ag féachaint do rún 9/1 ó Chomhdháil na bPáirtithe i g Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (UNTOC) maidir leis an Sásra a Bhunú le haghaidh an Athbhreithnithe ar Chur Chun Feidhme UNTOC agus na Prótacail a ghabhann leis,

–  ag féachaint do threoirlínte UNHCR an 7 Aibreán 2006 maidir le cosaint idirnáisiúnta dar teideal The application of Article 1A(2) of the 1951 Convention and/or 1967 Protocol relating to the Status of Refugees to victims of trafficking and persons at risk of being trafficked [Cur i bhfeidhm Airteagal 1A(2) de Choinbhinsiún 1951 agus/nó Phrótacal 1967 a bhaineann le Stádas Dídeanaithe d’íospartaigh gháinneála agus daoine atá i mbaol gáinneáil a dhéanamh orthu],

–  ag féachaint do Thuarascáil Dhomhanda 2018 ó Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) maidir le Gáinneáil ar Dhaoine,

–  ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 38 an 6 Samhain 2020 maidir leis an ngáinneáil ar mhná agus ar chailíní i gcomhthéacs na himirce domhanda ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),

–  ag féachaint don Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach maidir le Treoir 2011/36/AE: Saincheisteanna imirce agus inscne, arna fhoilsiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 15 Meán Fómhair 2020)(15),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0011/2021),

A.  de bhrí gur sárú ar dhínit an duine, ar iomláine fhisiciúil agus shíceolaíoch an duine í an gháinneáil ar dhaoine, atá mórthimpeall orainn gach lá, agus gur sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha í, mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

B.  de bhrí gur feiniméan an-inscneach í an gháinneáil agus gur mhná agus cailíní iad beagnach trí cheathrú(16) de na híospartaigh uile a tuairiscíodh in 2017 agus in 2018 san Aontas, a ndearnadh gáinneáil orthu den chuid is mó le haghaidh teacht i dtír gnéasach; de bhrí gurb é teacht i dtír gnéasach an chúis is mó a tuairiscíodh leis an ngáinneáil san Aontas ó 2008 i leith;

C.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-íospartach gáinneála a cláraíodh le linn na tréimhse staidéir deiridh de chuid an Choimisiúin (2017 agus 2018) i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, agus go leanann sé de bheith ag méadú(17); de bhrí gur dócha go bhfuil líon iarbhír na n-íospartach i bhfad níos airde ná mar atá sna sonraí tuairiscithe, toisc go bhfuil go leor íospartach fós gan bhrath;

D.  de bhrí gur leanaí iad líon suntasach d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine; de bhrí gur cailíní iad 78 % de na leanaí go léir a ndéantar gáinneáil orthu agus gur mná iad 68 % de dhaoine fásta a ndéantar gáinneáil orthu(18);

E.  de bhrí gurb iad an neamhionannas inscne, an bhochtaineacht, an t-easáitiú éigeantach, an dífhostaíocht, an easpa deiseanna socheacnamaíocha, easpa rochtana ar an oideachas, an foréigean inscne, an t-idirdhealú agus an t-imeallú, agus an t-éilliú cuid de na fachtóirí a fhágann go mbíonn daoine, go háirithe mná agus leanaí, i mbaol gáinneála; de bhrí nár tugadh aghaidh ar na bunchúiseanna atá leis an ngáinneáil ar dhaoine go leordhóthanach fós;

F.  de bhrí gur minic a bhíonn íospartaigh na gáinneála ar dhaoine faoi réir cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe agus foréigin, lena n-áirítear ar fhorais inscne, aoise, míchumais, eitneachta agus reiligiúin, chomh maith le forais a bhaineann le tionscnamh eitneach nó sóisialta nó stádais eile, agus de bhrí go bhféadfadh sé go spreagfadh na cineálacha idirdhealaithe sin an gháinneáil ar dhaoine(19);

G.  de bhrí gurb iomaí cineál gáinneála atá ann, ach go bhfuil siad uile bunaithe ar mhí-úsáid leochaileacht bhunúsach na n-íospartach agus go bhfuil sé mar aidhm leo dúshaothrú a dhéanamh ar dhaoine, agus de bhrí go mbíonn íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ag gabháil do ghníomhaíochtaí dleathacha agus neamhdhleathacha éagsúla, lena n-áirítear an earnáil talmhaíochta, próiseáil bia, an tionscal gnéis, obair tí, monaraíocht, cúram, glantachán, tionscail eile (go háirithe na tionscail seirbhíse), déircíneacht, coiriúlacht, pósadh éigeantais, dúshaothrú gnéasach ar líne agus as líne, uchtuithe neamhdhleathacha agus an trádáil in orgáin dhaonna, ach gan a bheith teoranta dóibh; de bhrí go bhfuil cineálacha eile gáinneála ann atá fós tearcthaifeadta agus tearcthuairiscthe, lena n-áirítear roinnt cineálacha atá thar a bheith inscneach, amhail pósadh éigeantais agus daoirse tí;

H.  de bhrí go bhfuil sé léirithe le blianta beaga anuas go bhfuil imircigh agus iarrthóirí tearmainn go mór i mbaol na gáinneála; de bhrí, i measc na ndaoine sin, gur spriocghrúpa speisialta do líonraí gáinneála iad mionaoisigh neamhthionlactha agus mná;

I.  de bhrí go bhfuil rabhadh tugtha ag Europol go bhféadfadh méadú breise teacht ar líon na n-íospartach agus go bhféadfadh laghdú teacht ar an dochúlacht go ndéanfar gáinneálaithe a bhrath trí fhorfheidhmiú an dlí mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19(20), agus go bhféadfadh cúlú eacnamaíoch tar éis ghéarchéim COVID-19 a bheith ina gcúis le hiarmhairtí dainseáracha i réimse na gáinneála ar dhaoine(21); de bhrí go bhfuil staid na n-íospartach gáinneáilte imithe in olcas ó thús na géarchéime agus go raibh deacrachtaí ag seirbhísí tacaíochta maidir le cúnamh a thabhairt d’íospartaigh;

J.  de bhrí, de réir Europol(22), le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha, gur cuireadh le cumais na gcoirpeach gáinneáil a dhéanamh ar dhaoine chun críche cineálacha éagsúla dúthshaothraithe; de bhrí go saothraíonn gáinneálaithe teicneolaíochtaí nua le linn gach céim den dúshaothrú gnéasach, ó earcú na n-íospartach agus fógraíocht maidir leo, go dtí dúmhál agus rialú a dhéanamh ar a ngluaiseachtaí; de bhrí go gcuireann na huirlisí nua sin anaithnideacht mhéadaithe ar fáil do gháinneálaithe agus go bhfuil deacrachtaí ann iad a bhrath i bhforfheidhmiú an dlí dá mbarr; de bhrí go gcruthaítear rioscaí agus deiseanna araon do choirpigh, íospartaigh agus forfheidhmiú an dlí le hidirghníomhú ar líne;

K.  de bhrí go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine fós ina choir chasta agus fhorleathan a bhfuil tionchar aici ar an bhféidearthacht gach SDG a bhaint amach, go háirithe SDGanna 5 (cothromaíocht inscne), 8 (obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch), 16 (an tsíocháin, an ceartas, agus institiúidí láidre) agus 17 (comhpháirtíochtaí do na spriocanna);

L.  de bhrí go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine ina choir thromchúiseach i gcoinne daoine aonair thar aon ní eile, agus go ngintear costais don tsochaí leis freisin amhail úsáid bhreise seirbhísí poiblí, lena n-áirítear forfheidhmiú an dlí, seirbhísí speisialaithe, seirbhísí sláinte agus cosaint shóisialta, aschur eacnamaíoch a chailleadh, an luach a bhaineann le cáilíocht saoil a chailleadh, agus comhordú na hoibre coiscthí i gcoinne gáinneáil ar dhaoine; de bhrí go meastar an costas sin a bheith cothrom le EUR 3 700 524 433 do AE-28(23);

M.  de bhrí gur feiniméan casta trasteorann é an gháinneáil ar dhaoine nach féidir dul i ngleic leis go héifeachtach ach amháin má oibríonn institiúidí an Aontais, na Ballstáit, tríú tíortha agus institiúidí AE agus idirnáisiúnta le chéile ar bhealach comhordaithe; de bhrí go bhfuil comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun gáinneáil a dhíothú trí shineirgíocht na mbeartas inmheánach agus seachtrach éagsúil atá ann cheana, amhail an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, chomh maith le trí fheachtais faisnéise ábhartha sna tíortha atá rannpháirteach; de bhrí gur cheart gáinneáil ar dhaoine a chur san áireamh san obair reachtach maidir le Plean Gníomhaíochta III;

N.  de bhrí gur dúshlán fós é íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a bhrath go héifeachtach i bhformhór na mBallstát mar gheall ar chúiseanna éagsúla, amhail easpa eolais ar theanga agus drogall i leith tuairisciú do na póilíní nó acmhainneachtaí teoranta forfheidhmithe dlí; de bhrí go bhfuil dúshláin níos mó ag baint le híospartaigh ar leanaí iad a shainaithint toisc nach dtuigeann siad gur íospartaigh iad; de bhrí go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit dícheall cuí a fheidhmiú chun gáinneáil ar dhaoine a chosc, cásanna gáinneála a fhiosrú agus pionós a chur ar dhéantóirí na coire, tacú le híospartaigh agus iad a chumhachtú agus a ndínit a urramú, agus foráil a dhéanamh dá gcosaint agus dá rochtain ar leigheasanna, agus de bhrí, mura ndéanfar é sin, go sárófar agus go laghdófar nó go neamhnófar teachtadh chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ag íospartaigh;

O.  de bhrí, leis an Treoir Frithgháinneála, go leagtar amach caighdeáin íosta atá le cur i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint, agus go soláthraítear leis an sainmhíniú ar céard is gáinneáil ar dhaoine ann; de bhrí nach amháin go bhfuil sé éigeantach an Treoir maidir le Frithgháinneáil a thrasuí go hiomlán agus go cuí, agus ina dhiaidh sin í a chur chun feidhme go hiomlán, ach go bhfuil sé riachtanach freisin chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le haghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine;

P.  de bhrí go léirítear i ngach tuarascáil faireacháin, beagnach deich mbliana tar éis ghlacadh na Treorach maidir le Frithgháinneáil, go bhfuil dúshláin fós ann í a chur chun feidhme go hiomlán ar leibhéal na mBallstát, agus go bhfuil formhór na n-íospartach fós neamhbhraite agus go bhfuil rátaí ionchúisimh agus ciontaithe dhéantóirí na coire fós íseal; de bhrí gur féidir le grúpaí coireachta eagraithe leas a bhaint go gníomhach as bearnaí suntasacha i gcumhdach agus cur chun feidhme dlíthe agus beartas náisiúnta maidir le gáinneáil ar dhaoine agus go bhféadfaí grúpaí móra daoine a bheith níos leochailí i leith an dúshaothraithe dá bhrí sin;

Q.  de bhrí nach raibh cur chun feidhme na Treorach maidir le Cearta Íospartach sásúil, go háirithe mar gheall ar thrasuí neamhiomlán agus/nó mícheart;

R.  de bhrí gur cineál brabúsach den choireacht eagraithe é an gháinneáil ar dhaoine agus go bhfuil sé spreagtha ag éileamh agus brabús dá bhrí sin; de bhrí nach mór éileamh a laghdú a bheith mar fhócas sa chomhrac i gcoinne na gáinneála, freisin maidir le dúshaothrú gnéasach ar mhná agus cailíní; de bhrí gur buneilimintí de gháinneáil le haghaidh dúshaothrú gnéasach agus fhoréigean i gcoinne na mban iad foréigean fisiciúil, síceolaíoch agus gnéasach;

S.  de bhrí go bhféadfadh daingniú AE ar Choinbhinsiún Iostanbúl a bheith ina chomhlánú ar iarrachtaí AE agus na mBallstát sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar daoine;

T.  de bhrí go dtarlaíonn dúshaothrú saothair tromchúiseach i roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha in AE agus go bhfuil tionchar aige ar ghrúpaí éagsúla oibrithe trasteorann, lena n-áirítear saoránaigh AE agus daoine nach saoránaigh den Aontas iad; de bhrí, mar a mhol FRA(24), gur cheart aghaidh a thabhairt ar chleachtais den sórt sin, i measc bealaí eile, trí chóras cuimsitheach de chigearachtaí spriocdhírithe ar dhálaí oibre;

1.  á chur i bhfios go bhfuil gá le creat comhordaithe, comhchuibhithe agus comhleanúnach ar leibhéal AE, atá bunaithe ar mheasúnú níos éifeachtúla agus sásraí leantacha, lena ráthaítear go neartófar an cosc ar gháinneáil ar dhaoine, in éineacht le tacaíocht, cúnamh agus cosaint na n-íospartach atá thíos léi, agus a bhfuil sé mar aidhm leis an gháinneáil a dhíothú go hiomlán, lena n-áirítear trí chur chun feidhme comhardaithe leis na cearta a thugtar leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach, an Treoir maidir le Cead Cónaithe, an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus pornagrafaíocht leanaí agus an Treoir maidir le Cúiteamh(25), ós rud é gur coir í an gháinneáil a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi agus dá bhrí sin nach féidir dul i ngleic léi ar an leibhéal náisiúnta amháin;

2.  molann sí an dea-obair atá déanta ag an gCoimisiún maidir le freagairt an Aontais ar gháinneáil ar dhaoine a chomhordú agus forbairt a dhéanamh ar eolas agus torthaí i dtaca leis na gnéithe éagsúla na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear taighde ar an ngné inscne agus ar an leochaileacht faoi leith a bhaineann le leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúnachas na hoibre atá á déanamh a áirithiú trí Chomhordaitheoir Frithgháinneála lánaimseartha AE a cheapadh ag a bhfuil an taithí ábhartha agus sainordú soiléir, a oibreoidh le líonra ionadaithe náisiúnta ó na Ballstáit agus ón tsochaí shibhialta chun comhordú comhsheasmhach a áirithiú;

3.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cistiú a thabhairt don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), do Chlár Daphne, do chláir Chiste Sóisialta na hEorpa+ agus an Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) chun go leanfar de bheith á n-úsáid i ndáil le tionscadail lena dtugtar aghaidh ar gháinneáil ar dhaoine, agus ionstraimí eile atá ar fáil a úsáid, lena n-áirítear cláir AE amhail an clár um shaoránaigh, comhionannas, cearta agus luachanna, ionstraimí airgeadais amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic, agus tionscnaimh amhail EMPACT, Tionscnamh Spotsolais AE-NA agus Tionscnaimh Glo.ACT; á mheabhrú go bhfuil gá le tionscnaimh agus tionscadail a bhaineann le gné inscneach na gáinneála, agus á iarraidh go ndéanfar athbreithniú cuimsitheach ar bheartas na dtionscadal arna maoiniú ag an Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit cistiú cobhsaí agus foireann leordhóthanach a áirithiú chun íospartaigh a shainaithint agus a chosaint agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa cistithe leormhaithe atá ann d’eagraíochtaí íospartach, go háirithe eagraíochtaí a chuireann tacaíocht ar fáil do mhná, ar eagraíochtaí iad atá ag streachailt chun leanúint de sheirbhísí a chur ar fáil d’íospartaigh de bharr ciorruithe tromchúiseacha i maoiniú;

4.  á thabhairt chun suntais go leanann an easpa sonraí comhsheasmhacha, inchomparáide agus mionsonraithe de chur isteach ar mheasúnú leordhóthanach agus fianaise-bhunaithe ar scála na gáinneála ar dhaoine agus ar na treochtaí a bhaineann léi; á iarraidh ar na Ballstáit méadú a dhéanamh ar a n-iarrachtaí agus ar an maoiniú do thaighde, d’anailís agus do bhailiú sonraí maidir le gach cineál gáinneála ar dhaoine, agus feabhas a chur ar chomhordú i measc foinsí sonraí ar leibhéal náisiúnta agus AE, agus sonraí atá níos cothroime le dáta, láraithe agus cuimsitheacha a bhailiú, atá imdhealaithe de réir cineál gáinneála, aoise agus inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, agus lena n-áirítear daoine a ndéantar gáinneáil orthu go hinmheánach, trí fhaisnéis staidrimh a thiomsú agus urraim chuí á tabhairt don cheart chun príobháideachais agus do chosaint sonraí pearsanta, i gcomhar leis na gníomhaithe institiúideacha atá rainnpháirteach, an tsochaí shibhialta, EIGE agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha uile; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a thiomsú agus a fhoilsiú go rialta do AE;

5.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit difreáil a áirithiú idir gáinneáil agus smuigleáil, ar nithe iad a bhfuil anailís níos doimhne agus freagairtí éagsúla ó thaobh dlí agus beartais de ag teastáil ina leith; á thabhairt chun suntais gur minic nach ndéantar íospartaigh a shainaithint i gceart, mar gheall ar an mearbhall eatarthu, agus nach n-áirithítear go bhfuil rochtain acu ar bhearta cosanta ná gur féidir leo íospairt thánaisteach a sheachaint;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, na meán sóisialta agus seirbhísí idirlín mar na príomhuirlisí a úsáidtear chun íospartaigh na gáinneála a earcú, agus go ndéanfaidh siad údaráis forfheidhmithe dlí agus eagraíochtaí na sochaí shibhialta a chumhachtú sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar dhaoine tríd an eolas teicniúil is gá agus na hacmhainní tiomnaithe a sholáthar dóibh chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis na teicneolaíochtaí nua; á iarraidh orthu, thairis sin, rialacha dliteanais tríú páirtí a ghlacadh le haghaidh cuideachtaí teicneolaíochta a óstálann ábhar dúshaothraithe, feabhas a chur ar na huirlisí reachtacha a úsáidtear in imeachtaí breithiúnacha agus i ngáinneálaithe a ionchúiseamh, malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis ábhartha, na soláthraithe seirbhíse idirlín agus cuideachtaí meán sóisialta a chur chun cinn, feachtais faisnéise don phobal maidir le gáinneáil ar fud an Aontais a chur chun cinn agus cearta na n-íospartach chun príobháideachais agus chun sábháilteachta á n-urramú acu, agus freisin a gcearta bunúsacha agus cosaint sonraí a áirithiú, agus méadú a dhéanamh ar thacaíocht chun saineolas trasnáisiúnta agus réitigh atá bunaithe ar theicneolaíocht a fhorbairt, mar shampla chun stop a chur le hearcú íospartach;

7.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tosaíocht a dhéanamh den chibirfheasacht i bhfeachtais atá dírithe ar scoileanna, ollscoileanna, cuideachtaí agus comhlachtaí taighde, agus cur leis an saineolas atá ann cheana amhail an tairseach maidir le hIdirlíon níos fearr do Leanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil múscailt feasachta maidir le gáinneáil ar dhaoine ar na meáin shóisialta ar líne riachtanach chun íospartaigh nua a bheith ag teacht isteach i líonraí gáinneála a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith i dteagmháil go gníomhach le hardáin maidir le treoirlínte comhchoiteanna agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt lena ndéantar gáinneáil ar líne a chosc agus a chomhrac;

Íospartaigh a shainaithint, a chosaint agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh

8.  á thabhairt chun suntais go bhfuil sainaithint luath na n-íospartach fós ar cheann de na príomhdhúshláin atá le sárú maidir le cur chun feidhme, agus go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is ríthábhachtaí ó thaobh íospartaigh a chumasú a gcearta a fheidhmiú; á iarraidh ar na Ballstáit iad a chosaint, freagracht agus deiseanna múscailte feasachta a thabhairt do níos mó gníomhaithe chun íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint ag gach céim den phróiseas, lena n-áirítear ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oifigigh forfheidhmithe dlí, oifigigh inimirce agus thearmainn, cigirí saothair agus oibrithe sóisialta nó baill foirne cúraim sláinte, mar aon le gairmithe agus gníomhaithe eile ábhartha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige atá bunaithe ar na ceithre phríomhstraitéis maidir le cosc, ionchúiseamh, cosaint íospartach agus comhpháirtíocht il-leibhéil; á iarraidh ar na Ballstáit cistí leordhóthanacha a chur i leataobh i ndáil le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a chosaint agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh ag gach céim; á thabhairt chun suntais gur cheart go gcuirfí san áireamh le sainaithint luath sainiúlachtaí na n-earnálacha ardriosca agus na ngrúpaí amhail íospartaigh ar mná agus cailíní iad;

9.  á iarraidh ar na Ballstáit uile cearta na n-íospartach a ráthú go héifeachtach trí chúnamh dlíthiúil ag an gcéim is luaithe is féidir, lena n-áirítear faisnéis inrochtana maidir lena gcearta dlíthiúla, cosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh trí chur chuige atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de agus comhlántacht leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach á háirithiú ag an am céanna; á mheabhrú, leis an Treoir, go gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla i dteideal gan íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a ionchúiseamh nó pionóis a fhorchur orthu as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coiriúla ar cuireadh iallach orthu a dhéanamh;

10.  á chur in iúl gurb oth léi an easpa clár cosanta spriocdhírithe d’íospartaigh leochaileacha i roinnt mhaith Ballstát; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta a sholáthar do riachtanais speisialta na n-íospartach i staideanna leochaileacha agus treoir shonrach a sholáthar d’íospartaigh na gáinneála le haghaidh dúshaothrú gnéasach; á thabhairt chun suntais gur gá cosaint, cúnamh agus tacaíocht neamhchoinníollach agus shaincheaptha d’íospartaigh a áirithiú, agus a gcleithiúnaithe díreacha á gcur san áireamh, lena n-áirítear i gcomhthéacs imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla nó sibhialta nó gníomhaíochtaí eile i gcoinne gáinneálaithe nó daoine a dhéanann dúshaothrú; á iarraidh go ndéanfar an Treoir maidir le Cearta Íospartach agus aon reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme go héifeachtach i ngach Ballstát, agus go mbeidh cur chuige ann atá bunaithe ar inscne agus íospartaigh; á mheabhrú nár cheart coiriúlú a dhéanamh ar dhaoine atá ag obair chun cosaint agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, as a gcuid oibre a bhaineann leis sin;

11.  á thabhairt dá haire go dteastaíonn seirbhísí speisialaithe ó íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, lena n-áirítear rochtain ar choiríocht shabháilte ghearrthéarmach agus fhadtéarmach, scéimeanna cosanta finnéithe, cúram sláinte agus comhairleoireacht, seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, sásamh dlíthiúil, cúiteamh, rochtain ar oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear teagasc na teanga ina dtír chónaithe, rochtain ar mhargadh an tsaothair agus socrú poist, (ath)imeascadh, cúnamh athlonnaithe agus seirbhísí saincheaptha, a bhfuil gné inscneach sonrach ag baint leo; ag tathant ar na Ballstáit soláthar seirbhísí inscne-shonracha, iomchuí agus spriocdhírithe a áirithiú d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine;

12.  á chur in iúl gurb oth léi gur minic a dhéantar dearmad ar riachtanais shonracha na n-íospartach i staideanna leochaileacha amhail mná, leanaí, daoine LADTI, daoine faoi mhíchumas agus daoine ó ghrúpaí ciníocha, agus ag tathant ar na Ballstáit seirbhísí inscne-shonracha agus tacaíocht a áirithiú d’íospartaigh, atá iomchuí dá gcuid riachtanas; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go háirithe ar riachtanais daoine LADTI, toisc go bhfuil siad an-leochaileach do gháinneáil ar dhaoine mar gheall ar éifeacht charnach na gcineálacha éagsúla idirdhealaithe ar fhorais gnéaschlaonta agus féiniúlachta inscne;

13.  á chur i bhfios go bhfuil na pobail Romacha thar a bheith leochaileach do chineálacha uile na gáinneála agus an dúshaothraithe, go háirithe mná agus leanaí, de réir trí thuarascáil de chuid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta sonracha a cheapadh chun an gháinneáil a chomhrac trí straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach le haghaidh 2020-2030; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí staidrimh a thiomsú maidir le híospartaigh na gáinneala bunaithe ar a gcúlra eitneach;

14.  á chur in iúl gur cúis imní di gur minic nach gcuirtear íospartaigh na gáinneála ar dhaoine ar an eolas ar bhealach leormhaith faoina gcearta nó faoin gcúnamh agus na bearta tacaíochta atá ar fáil dóibh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh faisnéis shoiléir agus chomhsheasmhach ann do na híospartaigh agus d’fhoireann tús líne a d’fhéadfadh teacht i dteagmháil le híospartaigh;

15.  á thabhairt chun suntais, cé nach bhfuil tionchar iomlán phaindéim COVID-19 intomhaiste go fóill, gur léir mar sin féin go bhfuil tionchar díréireach ag an ngéarchéim ar na híospartaigh is leochailí den gháinneáil ar dhaoine, go háirithe mná, leanaí agus daoine i staideanna leochaileacha, agus gur fhág sé go raibh ar go leor ionaid dídine dúnadh nó a seirbhísí a chur ar fionraí mar thoradh ar ionfhabhtuithe tuairiscithe, rud a d’fhág go raibh íospartaigh na gáinneála gan tithíocht, cúram sláinte ná cúnamh dlíthiúil; sa chomhthéacs sin, á chur i bhfáth gur cheart rochtain ar chúram agus ar sheirbhísí sóisialta a ráthú gan idirdhealú; á mheabhrú go bhfuil na bunchúiseanna le gáinneáil ar dhaoine géaraithe mar gheall ar an bpaindéim, rud a fhágann go mbíonn pobail leochaileacha neamhchosanta ar rioscaí gáinneála níos airde, go bhfuil méadú tagtha ar líon na bhfógraí ar líne ina bhfuil íospartaigh na gáinneála, ar líon na gcreachadóirí gnéasacha atá ag díriú ar leanaí, ar líon na gcásanna dúthshaothraithe gnéasaigh ar líne, agus ar an éileamh ar phornagrafaíocht leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh le tacaíocht ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaireachtaí AE amhail Europol, a d’eisigh tuarascáil dar teideal Pandemic profiteering: how criminals exploit the COVID-19 crisis [Brabúsaíocht paindéimí: conas atá coirpigh ag baint leas as géarchéim COVID-19] i mí Mhárta 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís níos doimhne a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, agus ar struchtúr agus ar fheidhmiú na gáinneála ar dhaoine go ginearálta, chun bearta sonracha a chruthú chun an gháinneáil ar dhaoine a dhíothu;

16.  á chur i bhfios go bhfuil gá le Sásraí Náisiúnta Atreoraithe (NRM) lánfheidhmiúla comhleanúnacha atá comhordaithe le sásraí trasnáisiúnta atreoraithe agus a mhaoinítear trí leithdháiltí airgeadais tiomnaithe sonracha, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le gníomhaithe éagsúla a chomhordú agus ar na heasnaimh as a leanann muinín teoranta i measc íospartach, ar easnaimh iad a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar atreoruithe éifeachtacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart comhar maith idir na póilíní agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) a bheith ina comhlánú ar NRM lánfheidhme lena saineofar róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile(26) chun cearta bunúsacha na n-íospartach a chosaint agus a chur chun cinn; á mholadh do na Ballstáit ionaid náisiúnta a bhunú atá speisialaithe maidir le tacú agus glacadh le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus comhar trasteorann díreach agus éifeachtach idir na hionaid sin a éascú, agus freisin idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh ar staid an chúitimh d’íospartaigh sna Ballstáit agus thar theorainneacha i dtaca le rochtain, forfheidhmiú agus íocaíochtaí iarbhír, agus bearta sonracha a chur ar aghaidh chun cúnamh dlíthiúil níos fearr, níos gasta agus saor in aisce agus rochtain ar chúiteamh a áirithiú i ngach Ballstát gan dochar do chineálacha eile cúitimh;

18.  á chur in iúl gur geal léi bunú an tSásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus na Prótacail a ghabhann leis in 2018 agus seoladh a phróisis athbhreithnithe in 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ina eiseamláir sa phróiseas athbhreithnithe sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé méadú a dhéanamh ar an tuiscint ar gháinneáil ar dhaoine mar choir chasta atá ag síorathrú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE a áirithiú go mbeidh cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine fós ag croílár na hanailíse agus na bhfreagairtí ar an ngáinneáil ar dhaoine, agus á mheabhrú gur gá teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag Parlaimint na hEorpa agus ag parlaimintí náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i bhfeachtas na Náisiún Aontaithe i gcoinne na gáinneála ar dhaoine; ag tathant ar na Ballstáit na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha uile maidir le gáinneáil ar dhaoine a dhaingniú, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine;

Gáinneáil ar dhaoine mar choir inscne agus aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil le haghaidh dúshaothrú gnéasach

19.  á thabhairt chun suntais gurb é dúshaothrú gnéasach fós an cineál gáinneála is forleithne agus is mó a thuairiscítear san Aontas ó 2008 i leith, ós rud é gur le haghaidh dúshaothrú gnéasach a dhéantar gáinneáil ar 60 % de na híospartaigh; á thabhairt da haire gur mná agus cailíní iad 92 % de na híospartaigh sin, agus gur fir iad 70 % de na gáinneálaithe(27), rud a léiríonn go bhfuil an gháinneáil le haghaidh dúthshaothrú gnéasach fréamhaithe i neamhionannais inscne;

20.  ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe, foréigean i gcoinne na mban agus na mionaoiseach, glacadh sóisialta an fhoréigin agus chultúr na saoirse ó phionós, agus neamhionannais inscne struchtúrtha agus steiréitíopaí mar na bunchúiseanna le gáinneáil, go háirithe trí oideachas, faisnéis agus feachtais múscailte feasachta agus iad comhlánaithe le malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear cláir agus cúrsaí oiliúna chun teagmháil a dhéanamh le fir agus buachaillí; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún an ghné inscne a neartú agus a fhorbairt i bhfaireachán ar chur chun feidhme reachtaíocht frithgháinneála AE agus ag tathant ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh air sin ina mheasúnú ar chomhlíonadh agus ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil ag na Ballstáit;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dhéantar gáinneáil a spreagadh tríd an éileamh ar sheirbhísí gnéis, toisc gur thuairiscigh Europol go bhfuil ‘Ballstáit ann ina bhfuil an striapachas dleathach, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos éasca do gháinneálaithe timpeallacht dhlíthiúil a úsáid chun a n-íospartaigh a dhúshaothrú’(28); ag meabhrú thoradh Europol go raibh daoine faoi dhrochamhras in ann dúshaothrú a dhéanamh ar leanaí in éineacht le híospartaigh fhásta i roinnt Ballstát AE ina bhfuil an striapachas dleathach(29); á chur i bhfios go láidir go spreagtar an gháinneáil ar dhaoine trí na brabúis arda do gháinneálaithe agus tríd an éileamh a spreagann gach cineál dúshaothraithe; á chur i bhfáth go bhfuil úsáid gnólachtaí dlíthiúla mar bhealach chun gníomhaíochtaí dúshaothraithe a cheilt sách coitianta i measc gáinneálaithe ar dhaoine; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit gach cineál dúshaothraithe a dhíspreagadh agus an t-éileamh air a laghdú, ar cheart a bheith mar phríomhsprioc i ndáil le hiarrachtaí coiscthe agus ionchúisimh;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do chosc a chur le coir na gáinneála le haghaidh dúshaothrú gnéasach, lena n-áirítear trí fhaisnéis, feachtais múscailte feasachta agus oideachais, bearta agus cláir a ghlacadh chun éileamh a dhíspreagadh agus a laghdú, agus reachtaíocht tiomnaithe a bheidh ann amach anseo a ghlacadh b’fhéidir, agus á iarraidh ar na Ballstáit úsáid fheasach sheirbhísí íospartaigh na gáinneála a áireamh mar chion coiriúil ina reachtanna náisiúnta, mar a mholtar in Airteagal 18 den Treoir maidir le Frithgháinneáil agus mar a d’athdhearbhaigh an Coimisiún in 2018(30), agus foráil a dhéanamh do phionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a oibríonn le daoine a ndearnadh gáinneáil orthu;

23.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún díriú ar phatrúin na gáinneála ar dhaoine, ar patrúin athfhillteacha iad atá ag teacht chun cinn, amhail an dúshaothrú méadaitheach ar leanaí agus ar mhná, lena n-áirítear trí mhealltóireacht agus dúmhál gnéasach, agus i measc nithe eile, úsáid mhodh an ‘mháistir striapaigh,’ arb é an modh is minice chun íospartaigh a earcú agus iad a dhéanamh géilliúil le teicneolaíochtaí ar líne a úsáid, trí scileanna digiteacha a fhorbairt, lena n-áirítear sabháilteacht ar líne, i gcomhar leis na gníomhaithe ábhartha uile; á thabhairt dá haire, de bharr úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta ag líonraí coiriúla a bhíonn ag gabháil don gháinneáil ar dhaoine, go ndearnadh a modus operandi traidisiúnta a chlaochlú go suntasach, go háirithe le linn roinnt céimeanna den phróiseas gáinneála;

24.  á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá cláir oiliúna atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de, agus á iarraidh go mbeidh níos mó díobh ann do gach oifigeach, breitheamh, geallsealbhóir agus gníomhaí a bhíonn ag déileáil le cásanna gáinneála, imscrúduithe, agus íospartaigh ionchasacha chun feabhas a chur ar shainaithint luath na ndaoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh den gháinneáil le haghaidh dúshaothrú gnéasach agus ag spreagadh na mBallstát bearta a ghlacadh chun tacú le híospartaigh, amhail cláir scoir, bearta tacaíochta síceolaí, deiseanna cuibhiúla maidir le hathimeascadh sóisialta agus gairmiúil, oideachas agus rochtain ar sheirbhísí cuimsitheacha sláinte gnéis agus atáirgthe, rochtain ar cheartas agus ar chearta gaolmhara, agus ról á thabhairt don tsochaí shibhialta, do chomhpháirtithe sóisialta agus don earnáil phríobháideach ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir thairis sin, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá feachtais múscailte feasachta don phobal i gcoitinne chun íospartaigh ionchasacha a shainaithint agus a chosaint; á thabhairt chun suntais gur gá cistí leordhóthanacha a chur i leataobh chun críche oiliúna agus á iarraidh dá bhrí sin ar na Ballstáit acmhainní leormhaithe a chur ar fáil;

25.  ag tathant ar na Ballstáit gnéasoideachas cuimsitheach atá oiriúnach ó thaobh aoise agus forbartha de a ghlacadh mar bhealach lárnach chun gach cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní a chosc, lena n-áirítear gáinneáil agus dúshaothrú gnéasach, agus oideachas maidir le toiliú agus caidrimh a áireamh, lena ndéanfar dearcthaí sláintiúla i leith meas agus comhionannas i ngach idirghníomhaíocht a chur chun cinn;

Gáinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair

26.  á chur in iúl gurb oth léi go mór gur thuairiscigh roinnt mhaith Ballstát agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta go bhfuil méadú tagtha ar gháinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair(31); á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil méadú leanúnach tagtha freisin ar a mhéid atá leanaí ina n-íospartaigh den gháinneáil le haghaidh dúshaothrú saothair agus á iarraidh go ndéanfaidh cigireachtaí saothair náisiúnta sna Ballstáit gníomhaíocht phráinneach chun na cleachtais sin a bhrath agus deireadh a chur leo; á iarraidh, thairis sin, ar an Údarás Eorpach Saothair aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist i ndáil le dúshaothrú tromchúiseach ar lucht saothair mar ábhar tosaíochta agus tacú leis na Ballstáit i ndáil le fothú acmhainneachta maidir leis an ábhar sin d’fhonn cleachtais dúshaothraithe tromchúisigh ar lucht saothair a shainaithint agus smachtbhannaí a ghearradh ina leith ar bhealach níos fearr trí chigireachtaí spriocdhírithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé breithniú a dhéanamh ar dhúshaothrú saothair a áireamh ar na cláir oiliúna d’oifigigh a thugann cúnamh d’íospartaigh chun feabhas a chur ar shainaithint luath na ndaoine atá ina n-íospartaigh den gháinneáil le haghaidh saothar éignithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dhéantar dúshaothrú saothair a spreagadh tríd an éileamh ar sheirbhísí saora saothair; ag tathant ar údaráis na mBallstát dlús a chur lena n-iarrachtaí gach cineál oibre neamhfhoirmiúla agus neamhrialáilte a dhíothú, rud a áiritheoidh go mbeidh cearta saothair ag gach oibrí; á thabhairt chun suntais go bhfágann stádas oibre forbhásach na n-oibrithe go mbíonn siad spleách ar a bhfostóirí, agus gur féidir le creachadóirí na gáinneála ar dhaoine dúshaothrú a dhéanamh ar a n-íospartaigh;

Cineálacha eile dúshaothraithe

27.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún díriú ar na patrúin de gach cineál gáinneála ar dhaoine, ar pátrúin athfhillteacha iad atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear le haghaidh dúshaothrú saothair, déircíneacht éigeantais, pósadh bréagach agus éigeantais, agus coiriúlacht éigeantais, i measc cuspóirí eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine spreagtha ag brabúis arda do gháinneálaithe agus ag an éileamh lena gcothaítear gach cineál dúshaothraithe; á thabhairt dá haire, agus é mar ábhar imní di, nach bhfuil reachtaíocht leormhaith ag roinnt mhaith Ballstát san Aontas le haghaidh íospartaigh atá thíos le gach cineál dúshaothraithe; á iarraidh ar na Ballstáit gach cineál gáinneála a chur san áireamh agus cosaint, cúnamh agus tacaíocht á dtabhairt acu d’íospartaigh; á thabhairt dá haire, in ainneoin na dtuarascálacha a seoladh le déanaí maidir le líonraí coiriúla a bheith ag déanamh gáinneáil ar dhaoine ar fud AE chun críche saothair agus cineálacha eile dúthshaothraithe, go bhfuil sonraí leormhaithe, reachtaíocht agus rochtain ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh na gcineálacha dúshaothraithe sin in easnamh mar sin féin;

28.  á thabhairt dá haire go raibh 18 % de na híospartaigh thíos ag gáinneáil le haghaidh cineálacha eile dúshaothraithe(32), lenar bhain gníomhaíochtaí i réimse na déircíneachta éigeantais, an choiriúlacht éigeantais, naíonáin a dhíol, cruinniú orgán, uchtú neamhdhleathach, saothrú airgeadais trí chalaois agus gáinneáil ar dhaoine trí mháthairionadaíocht; á chur i bhfios gur minic a thagann íospartaigh na déircíneachta éigeantais agus na coiriúlachta éigeantais ó phobail Romacha imeallaithe agus gur minic gur leanaí iad;

29.  ag cur béim ar an bhfíoras go ndéantar na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a chomhcheangal i gcreat dlíthiúil agus beartais AE maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine, agus á aithint gur cuspóir soiléir de chuid ghníomhaíocht sheachtrach AE is ea gníomhaíocht chun gáinneáil a chomhrac, ar coir thromchúiseach agus sárú ar chearta an duine é; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chomhar leis na triú tíortha chun gach cineál gáinneála ar dhaoine a chomhrac agus neartú a dhéanamh ar na deiseanna i ndáil le himscrúduithe comhpháirteacha agus ionchúisimh speisialaithe;

Gáinneáil ar dhaoine i gcomhthéacs tearmainn agus imirce

30.  ag cur béim ar an bhfíoras, cé gur náisiúnaigh AE iad tromlach na n-íospartach, go bhfuil eagraíochtaí coiriúla ag baint mí-úsáid as bealaí imirce chun íospartaigh na gáinneála a thabhairt isteach san Aontas, agus go bhfuil imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn níos neamhchosanta ar gháinneálaithe mar gheall ar ghéarchéimeanna daonnúla; á chur i bhfios go bhfuil méadú mór tagtha le blianta beaga anuas ar líon na mban agus na gcailíní a ndearnadh gáinneáil orthu trí bhealach na Meánmhara Láir le haghaidh dúshaothrú gnéasach san Aontas(33); á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Aontas na mná agus na cailíní sin a shainaithint agus cásanna den sórt céanna sa todhchaí a chosc trí úsáid a bhaint as cur chuige comhleanúnach agus comhordaithe atá bunaithe ar chearta agus atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air; á mheabhrú gur minic a bhíonn mná agus leanaí ina n-íospartaigh de mhí-úsáid ghnéasach ar an tslí imirce, mar mhalairt ar chosaint agus cothú bunúsach; á chur i bhfios go láidir, maidir leis na critéir chun stádas oifigiúil mar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a bhaint amach, gur minic a bhíonn na critéir sin ródhocht do mhná agus cailíní a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin, nach féidir leo an cúnamh is gá a fháil chun aghaidh a thabhairt ar an dochar a rinneadh dóibh;

31.  á athdhearbhú go bhfuil iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe agus imircigh, agus go háirithe, mionaoisigh neamhthionlactha agus scartha, an-leochaileach i leith na gáinneála agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngáinneáil ar mhná, ar leanaí agus ar ghrúpaí leochaileacha eile; á thabhairt chun suntais go mbíonn leochaileachtaí agus rioscaí ag céimeanna éagsúla sa phróiseas imirce roimh an imirce féin, ar an mbealach chuig an Aontas, ag an gceann scríbe agus do na daoine a d’fhéadfadh go mbeadh orthu filleadh; á thabhairt dá haire, le heolas teoranta ar theanga áitiúil agus/nó tuiscint theoranta ar a gcearta, le rochtain theoranta ar dheiseanna maireachtála inmharthana nó ar oideachas d’ardchaighdeán, agus le srianta ar a saoirse gluaiseachta, go gcuirtear leis an riosca freisin go mbeidh siad ina n-íospartaigh den gháinneáil;

32.  á thabhairt chun suntais go bhfuil líon íospartaigh na gáinneála ar dhaoine atá cláraithe i nósanna imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta an-íseal; á iarraidh ar na Ballstáit cur leis an soláthar faisnéise do dhaoine aonair atá ag teacht isteach, lena n-áirítear le cabhair ó aistriúchán agus ó ateangaireacht, maidir lena gcearta agus maidir leis na nósanna imeachta is infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear maidir leis na féidearthachtaí atá ann tacaíocht a fháil trí dhlíodóirí agus trí idirghabhálaithe cultúir a oibríonn chun gáinneáil ar dhaoine agus dúshaothrú a chosc;

33.  á chur i bhfios i roinnt Ballstát, go mb’fhéidir gur chinn iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a shainaithnítear mar íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine, nó gur cuireadh iallach orthu, nósanna imeachta a athrú agus cead cónaithe a éileamh faoin Treoir maidir le Cead Cónaithe(34); á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta frithgháinneála agus na nósanna imeachta tearmainn idirnasctha agus go gcomhlánaíonn siad a chéile;

34.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na forálacha a leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III, sa Treoir maidir le Frithgháinneáil agus sa Treoir um Chead Cónaithe a chur i bhfeidhm go comhleanúnach chun cosc a chur leis an gcleachtas a úsáidtear i roinnt Ballstát íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine a aistriú chuig an tír ina ndearnadh dúshaothrú orthu nuair a tháinig siad ar dtús, rud a fhágann gur mó an baol go ndéanfaí athgháinneáil orthu agus go bhfágfaí tráma orthu an athuair;

35.  á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí íospartaigh phoitéinsiúla a shainaithint go luath, go háirithe laistigh de shreafaí imirce agus de theophointí, agus chun bearta cosanta agus coisc a ghlacadh; á thabhairt chun suntais gur cheart cosaint a thabhairt d’íospartaigh phoitéinsiúla a shainaithníodh agus rochtain ar áit shábháilte a thabhairt dóibh ar féidir faisnéis agus cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar cheartas ag gach íospartach, lena n-áirítear íospartaigh imirceacha, gan beann ar a stádas cónaithe.

36.  á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní leormhaithe agus saoráidí speisialaithe a chur ar fáil d’íospartaigh iarbhír agus thoimhdithe na gáinneála, lena n-áirítear mná, agus mionlaigh neamhthionlactha agus scartha, agus chun spásanna leordhóthanacha in ionaid dídine a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh foireann a bhfuil oiliúint inscne orthu i láthair i saoráidí glactha agus go gcuirfear tacaíocht agus cistiú leormhaith ar fáil d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a oibríonn leo;

37.  á iarraidh ar na Ballstáit an ceart chun saol teaghlaigh ag íospartaigh na gáinneála a áirithiú agus measúnú a dhéanamh ar leathadh ionchasach na cosanta idirnáisiúnta a thugtar d’íospartaigh a thabhairt do dhaoine dá dteaghlaigh; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh do dhaoine de theaghlaigh na n-íospartach atá i mbaol sa tír thionscnaimh;

38.  á chur i bhfios gur gá sásraí náisiúnta a chur ar bun maidir le bailiú sonraí i ndáil le íospartaigh gháinneála i nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta ionas gur féidir obair leantach i gcásanna sainaitheanta a áirithiú;

39.  á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil an tréimhse théarnaimh agus mhachnaimh nasctha le comhar ón íospartach le linn an imscrúdaithe agus gurb iad gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí a thugann í sin; á chur in iúl gur saoth léi go dtarlaíonn sé i roinnt Ballstát(35) nach dtugtar an tréimhse d’íospartaigh gháinneála ar náisiúnaigh AE agus/nó LEE iad ná d’iarrthóirí tearmainn; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na réiteach dlíthiúil atá ar fáil ar leibhéal an Bhallstáit, go háirithe maidir le tréimhse théarnaimh agus mhachnaimh a thabhairt;

40.  á chur i bhfios, de réir Europol, gurb iad na heagraíochtaí coiriúla céanna(36) in amanna a dhéanamh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus go léirítear in imscrúduithe go ndíríonn gáinneálaithe níos minice ar imircigh agus iarrthóirí tearmainn san Aontas don dúshaothrú(37); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an cosc agus an comhrac i gcoinne gáinneála nuair a dhéantar comhoibriú le tríú tíortha i gcoinne smuigleála, bíodh siad tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais, i dteannta le híospartaigh a chosaint, tacaíocht chuimsitheach, ath-lánpháirtiú agus athshlánú a áirithiú;

41.  á mheabhrú do na Ballstáit leis an easpa bealaí sábháilte agus dleathacha imirce atá ann d’iarrthóirí tearmainn go méadaítear a leochaileacht don gháinneáil toisc go bhféadfaí dúshaothrú a bheith déanta orthu le linn an idirthurais agus ar theacht dóibh araon; á iarraidh ar na Ballstáit níos mó conairí sábháilte agus dleathacha don imirce a sholáthar amhail víosaí daonnúla chun dúshaothrú daoine leochaileacha a chosc;

42.  ag tabhairt dá haire, do dhaoine gan doiciméid, nó ag a bhfuil stádas cleithiúnach, go méadaítear dóchúlacht na híospartha agus go laghdaítear an dóchúlacht go rachaidh íospartaigh ag lorg cabhrach nó chun mí-úsáid a thuairisciú mar gheall ar eagla a bheith orthu roimh iarmhairtí inimirce, rud a chuireann i mbaol dúshaothraithe agus mí-úsáide iad; ag tabhairt dá haire, leis na bearnaí suntasacha atá ann i raon agus cur chun feidhme dlíthe agus bearta náisiúnta maidir le gáinneáil ar dhaoine, go dtugtar giaráil bhreise do dhéantóirí na coire íospartaigh a bhfuil stádas neamhrialta acu a dhúshaothrú, rud a fhágann grúpaí móra dhaoine níos leochailí i leith dúshaothraithe; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíochtaí forfheidhmithe imirce a dhíchúpláil ó ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí; á chur i bhfáth gur cheart tuairisciú sábhailte agus sásraí éifeachtacha um ghearáin a bhunú do dhaoine leochaileacha;

Gáinneáil ar leanaí

43.  ag tabhairt dá haire gur leanaí an ceathrú cuid, nach mór, d’íospartaigh uile an Aontais, agus gur cailíní (78 %) tromlach mór na n-íospartach ar leanaí iad san Aontas; á chur i bhfios gur saoránaigh de chuid an Aontais beagnach 75 % de na híospartaigh ar leanaí iad san Aontas; á chur in iúl gur chúis bhuartha ar leith di an foréigean, mí-úsáid agus dúshaothrú atá roimh íospartaigh ar leanaí iad san Aontas, go háirithe leanaí a dhéantar gáinneáil orthu le haghaidh dúshaothrú gnéasach(38);

44.  á mheabhrú oibleagáidí na mBallstát aird ar leith a thabhairt d’íospartaigh gháinneála ar leanaí iad agus ríthábhacht shárleasanna an linbh a chur san áireamh i ngach gníomhaíocht; ag cur béim ar an dochar fisiciúil agus síceolaíoch a tharla do leanaí gáinneáilte agus a leochaileacht mhéadaithe i leith dúshaothraithe; á iarraidh ar na Ballstáit go n-áiritheofar bearta láidre cosanta do leanaí, toimhde na hóige agus mheasúnacht aoise an linbh, cosaint roimh agus le linn imeachtaí coiriúla, rochtain ar chúnaimh gan choinníoll, cúiteamh, neamhphionósú, agus cúnamh agus tacaíocht do daoine de theaghlaigh an íospartaigh linbh, mar aon le cosc;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit díriú ar íospartaigh ar leanaí iad a shainaithint agus cabhrú leo leas a bhaint as a gcearta; ag cur béim ar an ngá atá le caomhnóirí dea-oilte agus a bhfuil tacaíocht chuí acu, lena n-áirítear caomhnóirí sealadacha mar bheart éigeandála, a cheapadh láithreach d’íospartaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear íospartaigh ar leanaí neamhthionlactha iad, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ceartas agus sainseirbhísí a thacaíonn le leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit thairis sin bearta a ghlacadh chun oiliúint leormhaith agus iomchuí a áirithiú, go háirithe oiliúint dhlíthiúil agus shíceolaíoch, dóibh siúd a oibríonn le híospartaigh gháinneála ar leanaí iad, agus chun líon na gcaomhnóirí a mhéadú trí fheachtais feasachta a eagrú;

46.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtugann foireann chonsalachta an-aird ar fhíorú ceart chéannacht na mionaoiseach agus an nasc leis an duine nó leis na daoine a bhfuil údarás tuismitheora nó caomhnóireacht dhlíthiúil á bhfeidhmiú acu nuair a ghlactar sonraí bithmhéadracha an mhionaoisigh sa nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar le Europol agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ar na Ballstáit oideachas agus oiliúint spriocdhírithe agus éifeachtach a chur ar fáil, mar aon le faisnéis ar na modhanna a úsáideann gáinneálaithe a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha chun gáinneáil ar leanaí a chosc;

47.  á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus pornagrafaíocht leanaí a chur chun feidhme go hiomlán, agus an comhar póilíneachta agus breithiúnach a atreisiú chun dúshaothrú gnéasach a chosc agus a chomhrac ar leibhéal an Aontais; ag tathant ar na Ballstát comhoibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe le Europol agus Eurojust, chun dlús a chur le malartuithe faisnéise agus chun tacú le himscrúduithe trasteorann;

48.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór buartha di, leitheadúlacht mí-úsáide gnéasaí leanaí, agus an patrún agus normalú na gáinneála agus an dúshaothraithe ghnéasaigh leanaí, agus á iarraidh go mbeadh freagairt leormhaith ó ardáin ar líne chun nach mbeidh fáil ar ábhar mí-úsáideach a bhaineann le leanaí;

49.  ag tabhairt dá haire go n-úsáidtear modhanna amhail an t-idirlíon agus na meáin shóisialta chun íospartaigh phoitéinsiúla a earcú agus a mhealladh; á iarraidh go dtabharfaidh na hardáin idirlín aird ar leith ar uirlisí leormhaithe a fhorbairt; á iarraidh go rachfar i ngleic leis na modhanna cibearfhoréigin sin leis an nGníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha; á iarraidh ar na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar shamhail sainaitheantais, tacaíocht agus cúnamh luath do leanaí ar íospartaigh dúshaothraithe agus mí-úsáide gnéasaí ar líne iad, mar aon le cláir ardú feasachta agus sásraí tuairiscithe a thacaíonn le leanaí; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh i gcomhrac na gcoireanna ar líne sin agus bearta coisctheacha a threisiú; á athdhearbhú dá bhrí sin gur gá feabhas a chur ar comhar trasteorann agus malartú trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis um chosaint leanaí, mar aon le mear-rianú teaghlaigh agus socruithe malartacha cúraim do mhionaoisigh neamhthionlactha;

50.  á chur i bhfios go dteastaíonn tacaíocht shainiúil ó íospartaigh ar leanaí iad, agus aird á tabhairt ar na sárleasanna agus na leochaileachtaí sonracha atá acu; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go mbeidh oiliúint leordhóthanach ar gairmithe a bhfuil teagmháil acu le híospartaigh ar leanaí iad, amhail foireann forfheidhmithe dlí, gardaí teorann, státseirbhísigh, na breithiúna, agus oibrithe sóisialta agus sláinte, lena n-áirítear daoine a oibríonn i saoráidí cúraim leanaí, ar oiliúint leordhóthanach í chun íospartaigh gháinneála ar leanaí iad a shainaithint, chun tacú leo agus atreorú a dhéanamh ina leith; ag tabhairt dá haire nach mbíonn rannpháirtíocht leanúnach ag foirne sainiúla forfheidhmithe dlí, atá oilte chun taifead closamhairc a dhéanamh ar theistiméireachtaí ó leanaí, i gceistiú gach leanbh ar íospartach gáinneála é nó í; ag tathant ar na Ballstát gnáthchleachtas a dhéanamh den mhéid sin agus oiliúint a chur ar fhoireann forfheidhmithe an dlí sa chineál seo ceistithe a thacaíonn le leanaí; ag moladh do na Ballstát ‘cur chuige slabhra’ láidir a fhorbairt, le dlúthnaisc idir tacaíocht shonrach maidir le gáinneáil, amhail sainionaid chun glacadh le híospartaigh gháinneála agus tacú leo, agus aonaid phríomhshrutha cúraim don óige, agus freagairt do na sainriachtanais atá ag gach leanbh ar íospartach gáinneála é nó í;

51.  ag tabhairt dá haire gur mó atá leanaí Romacha i mbaol an dúshaothraithe agus na gáinneála agus go bhfuil baol mór ann go mbeadh orthu dúshaothrú gnéasach, dúshaothrú saothair agus déircíneacht éigeantais a fhulaingt;

52.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin go gcuirfear san áireamh i straitéis de chuid an Aontais an 24 Iúil 2020 maidir le comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí‑úsáid ghnéasach leanaí go bhféadfaí Lárionad Eorpach a chruthú chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi an 26 Samhain 2019 maidir le cearta leanaí, agus go mbeadh sé mar bhunchloch i gcur chuige comhordaithe agus il-gheallsealbhóra Eorpach chun mí-úsáid leanaí a chosc agus a chomhrac, agus chun cuidiú le híospartaigh;

53.  ag tabhairt dá haire go bhfuil baol níos airde foréigin, gáinneála agus dúshaothraithe fós ann feadh na gconairí imirce ar an aistear chuig an Aontas agus laistigh den Aontas i gcás leanaí atá i mbun imirce, agus, go háirithe, leanaí arb imircigh neamhthionlactha agus scartha iad; ag tabhairt dá haire go bhfuil cailíní i mbaol dúshaothrú gnéasach agus foréigean inscne-bhunaithe feadh na gconairí imirce; á iarraidh ar na Ballstáit go gcuirfidh siad cúnamh, tacaíocht agus bearta cosanta ar fáil d’íospartaigh gháinneála ar leanaí neamhthionlactha iad a chomhlíonfaidh a sainriachtanais, go sannfar caomhnóir dóibh ar theacht dóibh, agus go gcuirfear dálaí cuí agus oiriúnaithe maireachtála ar fáil dóibh; á mheabhrú gur cheart go gcuirfí san áireamh i mbearta den sórt sin sárleasanna an linbh neamhthionlactha ó dhearcadh gearrthéarmach agus fadtéarmach de; á chur in iúl gur saoth léi go raibh coinneáil in úsáid ag roinnt Ballstát mar bhealach chun mionaoisigh neamhthionlactha a ‘chosaint’, lena n-áirítear i gcillíní póilíneachta; á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar roghanna malartacha seachas coinneáil go háirithe i gcás leanaí; á mheabhrú nach sárleas an linbh í coinneáil agus gur cheart do na Ballstáit lóistín neamhchoinneála a thacaíonn le leanaí a chur ar fáil;

54.  ag tabhairt dá haire gur minic a úsáideanna gáinneálaithe ionaid ghlactha chun íospartaigh phoitéinsiúla a shainaithint agus socrú a dhéanamh chun iad a iompar go háiteanna dúshaothraithe, agus nach mór do na húdaráis phoiblí ábhartha agus gníomhaithe inniúla eile sna Ballstáit a bheith an-airdeallach agus faireachán agus coimirciú a dhéanamh ar na hionaid sin, agus aird ar leith á tabhairt ar na daoine is leochailí, amhail leanaí, agus a gcosaint a threisiú ag an am céanna trí faisnéis a thabhairt dóibh agus iad a chumasú trí ardú feasachta i scoileanna, ionaid óige agus gluaiseachtaí óige; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe Eorpach chun leanaí imirceacha neamhthionlactha a aimsiú agus a chosaint nuair a théann siad ar iarraidh;

Éifeachtúlacht na gcóras ceartais coiriúil agus úsáid sheirbhísí na n-íospartach a choiriúlú

55.  ag tabhairt dá haire líon íseal na n-ionchúiseamh agus na gciontuithe i gcoir na gáinneála; ag tathant ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun imscrúdú ar chásanna gáinneála a fheabhsú agus dlús a chur leo trí iarrachtaí treisithe póilíneachta go náisiúnta agus go trasnáisiúnta, agus chun smachtbhannaí coiriúla láidre a chur i bhfeidhm i leith choir na gáinneála ar dhaoine; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil difríochtaí móra idir Ballstáit maidir leis na smachtbhannaí náisiúnta atá ann cheana agus na bealaí cur i bhfeidhm atá acu; ag tabhairt chun suntais gur cheart aird ar leith a thabhairt ar réimsí tearc-tuairiscithe agus tearc-imscrúdaithe, go háirithe fostaíocht shéasúrach agus shealadach in earnálacha a bhfuil beagán oiliúna agus pá íseal ag baint leo, amhail dúshaothrú saothair in earnáil na talmhaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit cur i gcoinne saoirse ó phionós trí chur chuige comhordaithe idir gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit, le hinstitiúidí an Aontais, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhpháirtithe eile, rud a fheabhsóidh éifeachtacht na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh, lena n-áirítear trí úsáid éifeachtach na n-ardán atá ann cheana agus á reáchtáil ag gníomhaireachtaí amhail Europol agus Eurojust; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis inniúla atá freagrach as coireanna tromchúiseacha, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, go n-úsáidfidh siad córais mhórscála TF, lena n-áirítear Córas Faisnéise Schengen (SIS II), i gcomhréir leis na forálacha atá cumhdaithe sa reachtaíocht ábhartha chun tacú leo;

56.  á chur i bhfios nár thug na Ballstáit uile isteach reachtaíocht atá ábhartha d’Airteagal 18 den Treoir maidir le Frithgháinneáil(39); ag tabhairt dá haire, de bharr na dtírdhreach dlíthiúil éagsúil atá ann ó thaobh coiriúlú a dhéanamh ar úsáid seirbhísí a bhaintear as íospartaigh, go gcuirtear bac ar na hiarrachtaí an t-éileamh a laghdú; á chur in iúl gurb oth léi gur rátaí ísle iad na rátaí ionchúisimh agus ciontaithe san Aontas le haghaidh seirbhísí d’íospartaigh a úsáid go feasach agus le haghaidh dúshaothrú gnéasach; á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go práinneach ar na Ballstáit an gníomh úsáid fheasach a bhaint as seirbhísí ó íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine a bhunú mar chion coiriúil;

57.  á chur i bhfios á ríthábhachtaí atá sé do phobal forfheidhmithe dlí an Aontais cumais anailíseacha leathnaithe agus éifeachtúla a fhorbairt mar fhreagairt ar phatrúin choiriúla maidir le gáinneáil ar dhaoine atá á héascú ar líne agus ag síormhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí an Aontais amhail Europol agus trí chistí tiomnaithe earnálacha an Aontais amhail an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) do Bhallstáit chun na caighdeáin anailíseacha is airde agus uirlisí leormhaithe a dhaingniú chun próiseáil a dhéanamh ar méideanna faisnéise atá ag éirí níos casta de réir a chéile;

58.  ag tabhairt dá haire go ndéantar coiriúlú ar mhná go díréireach de bharr an staid shocheacnamaíoch nó stádas imirce atá acu agus go bhfuil a bhac orthu rochtain chomhionann ar cheartas a bheith acu mar thoradh ar steiréitíopáil inscne, dlíthe idirdhealaitheacha, idirdhealú trasnach nó níos measa, agus riachtanais agus cleachtais maidir le nós imeachta agus fianaise; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstát a áirithiú go gcuirfear rochtain ar cheartas ar fáil go fisiciúil, go heacnamúil, go sóisialta agus go cultúrtha do mhná uile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go dtabharfar aghaidh ar na bacainní ar rochtain na mban ar an gceartas;

59.  á chur in iúl gurb oth léi gur minic go bhfuil na coinníollacha chun go bhfaighidh íospartach stádas oifigiúil mar íospartach gáinneála ródhocht le comhlíonadh, go háirithe do mhionaoisigh agus íospartaigh leochaileacha eile atá spleách ar a ngáinneálaithe ó thaobh airgeadais agus mothúcháin de; á chur in iúl gur saoth léi go mbíonn íospartaigh fós faoi réir cúisimh choiriúla agus ciontuithe do chionta ar cuireadh iallach orthu a dhéanamh, go minic maidir le teacht isteach neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit, arb é an bunús atá le gáinneáil; á iarraidh ar na Ballstáit forálacha soiléire a ghlacadh maidir le neamh-ionchúiseamh nó neamhphionósú íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus maidir le cosaint na n-íospartach a dhíchúpláil ón gcomhar le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, ar rud é faoi láthair a chuireann an dualgas cruthúnais go hiomlán ar an íospartach; á iarraidh go chomhlíonfaidh na Ballstáit riachtanais na n-íospartach maidir le tacaíocht shíceolaíoch; á iarraidh ar na Ballstáit thairis sin na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú nach ndéanfar an cúnamh agus tacaíocht a thugann siad d’íospartach coinníollach ar thoilteanas an íospartaigh comhoibriú in imscrúdú coiriúil, in ionchúiseamh nó i dtriail i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir maidir le Frithgháinneáil;

60.  á chur in iúl gur saoth léi go mbíonn sonraí faoi chéannacht íospartach gáinneála le feiceáil i dtuairiscí póilíneachta agus le linn imeachtaí, rud a dhéanann deacair é d’íospartaigh labhairt amach nó iad a chosaint ó dhíoltas; ag moladh do na Ballstáit ainmneacha agus sonraí céannachta eile na n-íospartach i gcomhaid ar leith a bhfuil rochtain ag na póilíní agus na cúisitheoirí orthu, ach nach nochtfar do gháinneálaithe amhrasta nó dá ndlíodóirí, agus urraim á tabhairt don cheart chun triail chóir a fháil;

61.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá imscrúdú airgeadais agus ‘an t-airgead a leanúint’ mar phríomhstraitéis chun na gréasáin coireachta eagraithe a thairbhíonn den gháinneáil ar dhaoine a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúduithe airgeadais a sheoladh agus oibriú le speisialtóirí sciúrtha airgid nuair a thosófar imscrúdú gáinneála nua; á iarraidh ar na Ballstáit comhar a neartú maidir le sócmhainní daoine a bhfuil baint acu le gáinneáil a reo agus a choigistiú agus maidir le cúiteamh a chur ar fáil d’íospartaigh, lena n-áirítear trí na fáltais a coigistíodh a úsáid chun tacú le cúnamh agus cosaint d’íospartaigh, mar a mholtar in Aithris 13 den Treoir maidir le Frithgháinneáil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar úsáid an chomhair bhreithiúnaigh agus póilíneachta atá ann cheana, agus na huirlisí atá ar fáil, agus iad a chur chun cinn, amhail aitheantas frithpháirteach breithiúnas cúirte, foirne comhpháirteacha um imscrúdú agus an t-ordú imscrúdaithe Eorpach; chuige sin, a iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch feabhsaithe ann a fhéachfaidh le smaointeoireacht chomhcheangailte a mhéadú thar na hearnálacha go léir, amhail imirce, fostaíocht, sláinte agus sábháilte san ionad oibre, agus go leor earnálacha eile;

Comhar idir na Ballstáit agus le Gníomhaireachtaí an Aontais

62.  á mheabhrú an ról atá ag gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh maidir le híospartaigh a shainaithint go luath agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine; á iarraidh go gcuirfear tuilleadh acmhainní ar fáil do na Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile chun gur féidir lena bhfoirne a bheith oilte agus chun gur féidir uirlisí fothaithe acmhainneachta a fhorbairt i réimse bhrath na n-íospartach, lena n-áirítear foireann a cheapadh a bhfuil oiliúint leormhaith orthu maidir le cuir chuige atá leochaileacht don leanbh agus ó thaobh inscne de, go háirithe sna Ballstáit atá ag tabhairt aghaidh ar shreafaí imirce measctha atá ag dul i méid; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlíne a fhorbairt chun saineolas inscne agus chearta an duine a phríomhshruthú i ngníomhaíochtaí na n-údaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí cláir mharthanacha a fhorbairt maidir leis an gcothromaíocht inscne sna próisis chinnteoireachta a fheabhsú agus i soláthar foirne ghníomhaireachtaí CGB, go háirithe gníomhaireachtaí atá ábhartha do gháinneáil ar dhaoine;

63.  á chur in iúl gur geal léi an conclúid ó ghníomhaireachtaí CGB faoin Ráiteas Comhpháirteach maidir leis an ngealltanas oibriú le chéile i gcoinne gáinneáil ar dhaoine; á iarraidh, chuige sin, go méadóidh na Ballstáit comhar trasteorann agus chomhroinnt eolais le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais amhail , Eurojust, Europol, FRA, Frontex, CEPOL, EIGE agus EASO sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine;

64.  ag cur i bhfios an ról tábhachtach atá ag Eurojust maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh chasta a chomhoibriú agus a chomhordú i measc údaráis bhreithiúnacha sna Ballstáit, lena n-airítear tríd an Barántas Gabhála Eorpach agus an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach, mar aon le trí Fhoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú a úsáid; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar atreorú ar chásanna gáinneála ar dhaoine chuig Eurojust ar bhonn níos mó agus níos tráthúla go bhfeabhsófar comhar na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh breithiúnach idir Ballstáit agus le tríú tíortha; ag spreagadh úsáid mhéadaithe na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú le tacaíocht ó Eurojust agus Europol, mar go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an uirlís sin um chomhar breithiúnach an-éifeachtach sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine;

65.  ag spreagadh na mBallstát an malartú sonraí agus faisnéise a mhéadú chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac trí úsáid a bhaint as acmhainní agus bunachar sonraí ábhartha Europol;

66.  á iarraidh ar CEPOL oiliúint a sholáthar do na húdaráis inniúil forfheidhmithe dlí chun cuir chuige chaighdeánacha i leith imscrúduithe agus cosaint íospartach a áirithiú;

Moltaí

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Frithgháinneáil tar éis dó measúnú tionchar cuimsitheach a dhéanamh chun feabhas a chur ar na bearta chun gach cineál gáinneála a chosc, a chomhrac agus a ionchúiseamh, go háirithe i gcás dúshaothrú gnéasach arb é an réimse is mó gáinneála ar dhaoine atá ann; aghaidh a thabhairt ar úsáid na dteicneolaíochtaí ar líne i leathadh agus i gcosc na gáinneála ar dhaoine; feabhas a chur ar bhearta maidir le híospartaigh a chosc agus a shainaithint go luath agus maidir le rochtain éasca neamhchoinníollach ar chúnamh agus ar chosaint, agus peirspictíocht chothrománach atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de i ngach cineál gáinneála á neartú;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Frithgháinneáil a leasú d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit an úsáid a bhaintear go feasach as na seirbhísí uile a chuireann íospartaigh gháinneála ar fáil a bhfuil dúshaothrú i gceist leo a choiriúlú go sainráite, mar a mholtar le hAirteagal 18 den Treoir maidir le Frithgháinneáil, i bhfianaise nádúr tromchúiseach agus fairsinge na coire sin ar fud an Aontais agus an líon íseal ionchúiseamh; á chur in iúl gurb oth léi an fíoras gur ábhar deacair é do na húdaráis ionchúisimh eolas a chruthú maidir le húsáid seirbhísí íospartaigh gháinneála ar dhaoine; á chur i bhfáth nach gá gur argóint dhochloíte í an deacracht a bhaineann le fianaise a fháil maidir le gan déileáil le cineál áirithe iompair mar chion coiriúil; á thabhairt dá haire go gcruthaítear tairseach an-ard chun ionchúisimh a bhaint amach má dhéantar dliteanas coiriúil a theorannú don chás ina bhfuil eolas bunaidh ag an úsáideoir go bhfuil an duine ina íospartach de gháinneáil ar dhaoine; á mheas gur cheart mionscrúdú a dhéanamh ar an leibhéal eolais ba cheart a bheith riachtanach don chion sin; á mheas gur cheart don úsáideoir a léiriú go ndearnadh gach beart réasúnta chun úsáid seirbhísí a chuireann íospartach ar fáil a sheachaint; á chur in iúl gur chúis bhuartha di nach bhfuil eolas leordhóthanach ag údaráis forfheidhmithe dlí maidir leis an úsáid a bhaintear go feasach as na seirbhísí uile a chuireann íospartaigh gháinneála ar fáil, go bhfuil easpa cleachtais bhreithiúnaigh ann maidir leis an soláthar ábhartha agus na hacmhainní daonna neamhleora agus easnamhacha atá á n-imscaradh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go neartóidh na Ballstáit iarrachtaí chun líon na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a mhéadú, agus go laghdóidh siad an t-ualach a chuirtear ar íospartaigh agus ar a gcuid fianaise le linn imeachtaí chun fianaise a bhailiú; á iarraidh go gcuirfí oiliúint rialta agus shaincheaptha ar imscrúdaitheoirí, ar ionchúisitheoirí agus ar bhreithiúna, agus go mbainfí úsáid chórasach as imscrúduithe airgeadais agus as uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha eile atá faisnéisbhunaithe, lena bhféadfar cineálacha éagsúla fianaise a chur ar fáil a bheidh le húsáid sa bhreis ar chuntais na n-íospartach; á iarraidh ar na Ballstáit dóthain acmhainní daonna agus airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt mar is ceart ar an gcoireacht sin;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis AE i dtreo gáinneáil ar dhaoine a dhíothú gan tuilleadh moille, a bheith sonrach agus tiomnaithe, chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar dhaoine san Aontas mar réimse tosaíochta, agus trí chreat dlíthiúil agus beartais a bheidh cuimsitheach, sonrach ó thaobh inscne agus leanaí de, agus íospartachláraithe;

70.  á mheabhrú gur gá don Treoir maidir le Frithgháinneáil a bheith curtha chun feidhme go hiomlán agus go leanúnach agus curtha i bhfeidhm go díograiseach ag na gníomhaithe go léir sa réimse, lena n-áirítear reachtóirí, breithiúna, ionchúisitheoirí, póilíní agus riaracháin phoiblí; á chur i bhfáth go bhfuil oiriúint chuí na ngníomhaithe sin go léir bunriachtanach, mar atá feachtais ardaithe feasachta maidir le cosc, agus comhar idir riaracháin phoiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí sa treo sin;

71.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil ag na Ballstáit agus tuarascáil a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1), ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir sin agus tionchar an dlí náisiúnta atá ann cheana a chomhlíonadh, agus nósanna imeachta um shárú a thabhairt isteach go práinneach i gcás ina raibh easpa cur chun feidhme éifeachtach, tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus tograí a chur ar aghaidh chun í a athbhreithniú;

72.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar athbhreithniú na Treorach maidir le Cead Cónaithe arna eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha ar íospartaigh de chuid na gáinneála ar dhaoine iad d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear íospartaigh ar ais ar dhul in éag na tréimhse machnaimh agus nach ndéanfar ceadanna cónaithe do dhaoine a ndearnadh gáinneáil orthu coinníollach ar rannpháirtíocht nó ar thoilteanas rannpháirtíochta an duine ar a ndearnadh gáinneáil in imscrúdú nó imeachtaí coiriúla an cháis; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an rochtain gan choinníoll ar chúnamh agus tacaíocht a bhfuil sainordú ina leith sa Treoir maidir le Frithgháinneáil réitithe leis an Treoir maidir le Cead Cónaithe agus a cur i bhfeidhm;

73.  á iarraidh ar na mBallstáit agus ar an gCoimisiún cistí leormhaithe a shainmhíniú, a leithdháileadh agus a chur i leataobh sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal Eorpach, amhail an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), CSI agus sraith Daphne den chlár um shaoránaigh, um chomhionannas, um chearta agus um luachanna sa chreat airgeadais ilbhliantúil nua;

74.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise a eagrú lena ndéanfar teagmháil le híospartaigh phoitéinsiúla agus iad a chur ar an eolas faoi chúnamh, faoi chosaint agus faoina gcearta ar fud thíortha uile an Aontais;

75.  á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi thaighde fianaise-bhunaithe ar na fachtóirí riosca d’íospartaigh phoitéinsiúla agus ar conas a dhéanann réimsí éagsúla beartais trasnú le gáinneáil ar dhaoine in earnálacha riosca;

76.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun feidhme maidir leis an ngáinneáil a chosc agus béim á leagan ar chearta na n-íospartach, oibriú leis an tsochaí shibhialta chun na seirbhísí agus an cúnamh is gá a chur ar fáil d’íospartaigh, agus chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar cheartas, cúiteamh agus sásamh acu;

77.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur chuige comhleanúnach a bheith ann chun feabhas a chur ar shainaithint íospartach poitéinsiúil i gcomhthéacs sreafaí imirce agus sna teophointí, ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus a gcomhlántacht leis na nósanna imeachta a bhaineann leis an ngáinneáil a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Frithgháinneáil agus tograí a chur ar aghaidh chun í a athbhreithniú;

78.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta práinneacha a dhéanamh i gcoinne grúpaí coiriúla atá gníomhach i smuigleáil imirceach agus i ngáinneáil ar dhaoine, i bhfianaise a dhóchúla atá sé daoine a ndearnadh smuigleáil orthu a bheith ina n-íospartaigh gáinneála, agus measúnú a dhéanamh ar an riosca atá ann d’imircigh agus do na daoine is leochailí, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, leanaí scartha agus mná; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le tuilleadh conairí dleathacha agus sábháilte le haghaidh imirce chun dúshaothrú daoine leochaileacha a bhfuil stádas neamhrialta acu a chosc;

79.  á iarraidh ar na Ballstáit, mar fhreagairt ar COVID-19, plean teagmhais a ullmhú chun feidhmiú íosta córas frithgháinneála a áirithiú i ndálaí éigeandála; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áiritheofar sa phlean teagmhais pacáiste íosta seirbhísí a bheadh ar fáil do na híospartaigh chun a riachtanais láithreacha a chomhlíonadh le linn tréimhse ina bhfuil níos lú deiseanna atreoraithe, cosanta, imscrúdaithe ag an gcás agus ag imeachtaí cúirte;

80.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúnachas obair Chomhordaitheoir Frithgháinneála AE a áirithiú trí Chomhordaitheoir Frithgháinneála AE a cheapadh ar bhonn lánaimseartha agus é sin a áireamh sa straitéis nua maidir le gáinneáil ar dhaoine;

o
o   o

81.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0066.
(3) IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.
(4) IO L 18, 21.1.2012, lch. 7.
(5) IO L 168, 30.6.2009, lch. 24.
(6) IO L 348, 24.12.2008, lch. 9.
(7) IO L 261, 6.8.2004, lch. 19.
(8) IO L 328, 5.12.2002, lch. 17.
(9) IO L 328, 5.12.2002, lch. 1.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0286.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0080.
(12) IO C 101, 16.3.2018, lch. 47.
(13) IO C 76, 28.2.2018, lch. 61.
(14) IO C 285, 29.8.2017, lch. 78.
(15) Measúnú Eorpach ar chur chun feidhme – Implementation of Directive 2011/36/EU: Migration and gender issues [Cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE: Saincheisteanna imirce agus inscne], an Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde Parlaiminteach, an tAonad Meastóireachta Ex-Post, 15 Meán Fómhair 2020.
(16) An Tríú Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (2020) mar a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac (COM(2020)0661).
(17) COM(2020)0661.
(18) Data Collection on Trafficking in Human Beings in the EU [Bailiú Sonraí maidir le Gáinneáil ar Dhaoine san Aontas Eorpach] (2020).
(19) COM(2020)0661, lch. 1.
(20) COM(2020)0661, lch. 1.
(21) https://www.europol.europa.eu/publications-documents/challenges-of-countering-human-trafficking-in-digital-era
(22) https://www.europol.europa.eu/publications-documents/challenges-of-countering-human-trafficking-in-digital-era
(23) Staidéar maidir leis na costais eacnamaíocha, shóisialta, agus dhaonna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine laistigh de AE (2020).
(24) Dúshaothrú saothair tromchúiseach: oibrithe a ghluaiseann laistigh den Aontas Eorpach nó isteach ann http://fra.europa.eu/en/publication/2015/severe-labour-exploitation-workers-moving-within-or-european-union
(25) Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 261, 6.8.2004, lch. 15).
(26) Sna moltaí ó Ghrúpa Saineolaithe Chomhairle na hEorpa um Ghníomhaíocht i gCoinne na Gáinneála ar Dhaoine (GRETA) áirítear ráthaíocht go gcuirfear NRM i bhfeidhm maidir le hiarrthóirí tearmainn agus daoine atá faoi choinneáil inimirce.
(27) Data Collection on Trafficking in Human Beings in the EU [Bailiú Sonraí maidir le Gáinneáil ar Dhaoine san Aontas Eorpach], 2020.
(28) Europol, Tuarascáil Staide, Trafficking in Human Beings in the EU [Gáinneáil ar Dhaoine in AE], 18 Feabhra 2016.
(29) COM(2018)0777, lch. 6.
(30) COM(2018)0777, lch. 6.
(31) Tríú tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (2020) mar a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac (COM(2020)0661).
(32) COM(2020)0661.
(33) An dara tuarascáil ar dhul chun cinn, COM(2018)0777, lch. 3.
(34) Measúnú Eorpach ar chur chun feidhme – Implementation of Directive 2011/36/EU: Migration and gender issues [Cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE: Saincheisteanna imirce agus inscne], an Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde Parlaiminteach, an tAonad Meastóireachta Ex-Post, 15 Meán Fómhair 2020, lch. 49.
(35) An Naoú Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí GRETA, lch. 57
(36) An Ceathrú Tuarascáil Bhliantúil ó Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach de chuid Europol (2020).
(37) Measúnú Europol ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA).
(38) Europol, an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, an Ceathrú Tuarascáil Bhliantúil, 2020.
(39) An dara tuarascáil ar dhul chun cinn, COM(2018)0777, lch. 29.


Cur chun feidhme Airteagal 43 den Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn
PDF 172kWORD 53k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 ar chur chun feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (2020/2047(INI))
P9_TA(2021)0042A9-0005/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (NA) in 1948, agus don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus do Phrótacal 1967 a ghabhann leis, agus go háirithe don cheart chun non-refoulement,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’)agus go háirithe Airteagail 1, 3, 4, 6, 7, 18, 19, 20 agus 47 di,

–  ag féachaint don Chomhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, a ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe é a ghlacadh an 19 Nollaig 2018,

–  ag féachaint d’Airteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar(1) (Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn – APD),

–  ag féachaint do chásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),

–  ag féachaint do Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (RCD)(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 14 Meitheamh 2018 maidir leis an athmhúnlú ar RCD,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (Baile Átha Cliath III)(4),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 dar teideal ‘COVID-19: Treoir maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha de chuid an Aontais i réimse na nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh agus maidir le hathlonnú’ (C(2020)2516),

–  ag féachaint don Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) ó mhí na Samhna 2020 maidir le Nósanna imeachta tearmainn ag an teorainn(5),

–  ag féachaint don staidéar ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) ó mhí Mheán Fómhair 2020 dar teideal Border Procedures for Asylum Applications in EU+ Countries [Nósanna Imeachta Teorann maidir le hIarratais Tearmainn i dtíortha AE+] agus d’fhoilseachán EASO ó mhí Mheán Fómhair 2019 dar teideal Guidance on asylum procedure: operational standards and indicators [Treoir maidir le nós imeachta tearmainn: caighdeáin agus táscairí oibríochtúla],

–  ag féachaint do Thuarascáil um Chearta Bunúsacha 2020 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA),

–  ag féachaint do Thuairim 3/2019 ó FRA an 4 Márta 2019 dar teideal Update of the 2016 Opinion of the European Union Agency for Fundamental Rights on fundamental rights in the ‘hotspots’ set up in Greece and Italy [Nuashonrú ar Thuairim 2016 Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le cearta bunúsacha sna ‘teophointí’ a bunaíodh sa Ghréig agus san Iodáil’],

–  ag féachaint do thuarascáil FRA an 8 Nollaig 2020 dar teideal Migration: Fundamental Rights Challenges at Land Borders [Imirce: Dúshláin do Chearta Bunúsacha ag Teorainneacha Talún],

–  ag féachaint do Phrionsabail Mholta agus Treoirlínte Molta Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le Cearta an Duine ag Teorainneacha Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach,

–  ag féachaint do rún uaithi an 30 Bealtaine 2018 maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(6),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 22 Bealtaine 2018 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0005/2021),

A.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an rún seo faisnéis fhianaise-bhunaithe a chur ar fáil do na comhreachtóirí maidir le cur i bhfeidhm reatha nósanna imeachta teorann trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi ina ndéanann na Ballstáit Airteagal 43 APD agus na forálacha gaolmhara a chur chun feidhme; de bhrí nach bhfuil sé beartaithe leis an tuarascáil seo go ngabhfadh sé ionad na tuarascála cur chun feidhme lánfheidhme ar APD ón gCoimisiún atá sé thar am ag an gCoimisiún a dhéanamh, ná na gcaibidlíochtaí reachtacha ar an Togra leasaithe nua maidir le APR;

B.  de bhrí gur minic nach mbailítear sonraí imdhealaithe agus inchomparáide maidir le cur chun feidhme Airteagal 43 APD nó nach gcuirtear ar fáil go poiblí iad; de bhrí nach bhfuil fáil ar chostais airgeadais na nósanna imeachta teorann; de bhrí gur féidir le costais dhaonna shuntasacha do dhaoine aonair eascairt as cailleadh saoirse, go háirithe mura bhfuil saoráidí coinneála teorann leordhóthanach nó mura gcuirtear coimircí nós imeachta i bhfeidhm nó mura gcuirtear i bhfeidhm go leormhaith iad;

C.  de bhrí nach dtugtar sainmhíniú soiléir ar nósanna imeachta teorann ná nach sonraítear na cuspóirí atá acu in APD; de bhrí go gceadaítear do na Ballstáit an rogha a dhéanamh nósanna imeachta teorann a úsáid le hAirteagal 43(1) APD; de bhrí go bhfuil nós imeachta teorann ag 14 Bhallstát agus, ina measc siúd, tá trí cinn de na Ballstáit arna gcumhdach le Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS tar éis forais a úsáid a théann níos faide ná APD; de bhrí gur féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta inghlacthachta agus/nó nósanna imeachta scrúdúcháin substainteacha ag an teorainn nó i gcrios idirthurais i gcúinsí dea-shainithe; de bhrí go ndéanann formhór na mBallstát measúnú freisin ar infheidhmeacht nós imeachta Bhaile Átha Cliath ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais; de bhrí nach bhfuil sna nósanna imeachta teorann ach céatadán beag de chás-ualach iomlán na n-údarás cinntitheach, cé is moite den Ghréig ina bpróiseáiltear níos mó ná 50 % de na hiarratais faoi nós imeachta mear arna bhunú tar éis ráiteas AE-na Tuirce;

D.  de bhrí nach sonraítear go sainráite in Airteagal 43 APD cé acu teorainn ag ar féidir leis na Ballstáit nósanna imeachta teorann a úsáid; de bhrí go gcinntear i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS gur cheart a thuiscint go gciallaíonn an téarma ‘teorainn’ san airteagal thuasluaite teorainneacha seachtracha AE; de bhrí go gcuireann dhá Bhallstát nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ag teorainneacha inmheánacha, agus go gcoinníonn siad iarrthóirí i saoráidí póilíneachta;

E.  de bhrí go gcoinníonn Ballstáit áirithe iarrthóirí tearmainn i nósanna imeachta teorann gan bunús dlí sa dlí náisiúnta; de bhrí, sa bhreis ar na coimircí neamhleora d’iarrthóirí, go bhféadfadh sé go ndiúltófaí an ceart atá ag Teachtaí Parlaiminte cuairt a thabhairt orthu;

F.  de bhrí go bhfuil coinneáil i nósanna imeachta teorann faoi réir na rialacha céanna a bhaineann le coinneáil iarrthóirí in áiteanna eile ar chríoch Bhallstáit; de bhrí go sonraítear in RCD nach féidir iarrthóirí a choinneáil ach amháin mar rogha dheireanach tar éis scrúdú cuí a dhéanamh ar na bearta malartacha neamhchoimeádta uile ar choinneáil, agus nach mór an choinneáil a bheith bunaithe ar phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta; de bhrí, i gcás in n-ordaíonn údaráis riaracháin an choinneáil, go gcaithfidh na Ballstáit foráil a dhéanamh d’athbhreithniú breithiúnach mear ar dhlíthiúlacht na coinneála agus go mbeidh an t-athbhreithniú breithiúnach sin le seoladh ex officio agus/nó arna iarraidh sin ag an iarrthóir; de bhrí, i gcás mionaoiseach, go gcaithfidh na Ballstáit, faoin gcreat dlíthiúil reatha, gach iarracht a dhéanamh freisin iad a scaoileadh ón gcoinneáil agus iad a chur i gcóiríocht atá oiriúnach do mhionaoisigh;

G.  de bhrí, in ainneoin an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar sháruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha ag teorainneacha seachtracha AE, nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit sásra faireacháin neamhspleách a bhunú lena n-áirithítear cosaint na gceart bunúsach ag teorainneacha seachtracha;

H.  de bhrí gur cheart faisnéis shoiléir agus cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát i nósanna imeachta teorann, lena n-áirítear cúnamh dlíthiúil agus socruithe ateangaireachta, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh;

I.  de bhrí gur cinneadh i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS nach bhfuil ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear in APD, go háirithe an ceart chun faisnéise, cúnaimh dlí agus ateangaireachta, á gcur i bhfeidhm, nó go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go sriantach amháin, go hiarbhír ag na Ballstáit a scrúdaíodh sa mheasúnú;

J.  de bhrí gur léirítear roinnt cásanna de neamhchomhlíonadh APD i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS; de bhrí nach bhfuil imeachtaí um shárú seolta ag an gCoimisiún ach amháin i gcoinne dhá Bhallstát;

Barúlacha ginearálta

1.  á thabhairt dá haire go bhfuil comhairliúcháin le geallsealbhóirí seolta ag an gCoimisiún mar aon le malartuithe le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit mar ullmhúchán don Chomhshocrú Nua um Thearmann agus um Imirce; á thabhairt chun suntais, áfach, d’ainneoin a oibleagáide maidir le tuairisciú dlíthiúil agus na gceanglas a eascraíonn as an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, nár thíolaic an Coimisiún tuarascáil cur chun feidhme riamh maidir le APD, agus gur thíolaic sé tograí le haghaidh Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn in 2016 agus 2020 gan foráil a dhéanamh d’aon mheasúnú tionchair; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin, atá thar am ó 2017 a thíolacadh;

2.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá cur chuige fianaise-bhunaithe chun ceapadh beartas comhleanúnach a threorú;

3.  á thabhairt dá haire go bhfuil sonraí faireacháin agus staidrimh riachtanach chun comhlíonadh dhlí AE a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit staidreamh a bhailiú maidir leis na nithe seo a leanas: (i) líon na n-iarratas a bhreithnítear i nósanna imeachta teorann agus catagóir na n-iarrthóirí lena mbaineann; (ii) na cineálacha foras a chuirtear i bhfeidhm chun an nós imeachta teorann a úsáid agus a minicíocht; (iii) torthaí na nósanna imeachta teorann, ag an gcéad chéim agus ag an achomharc araon, agus (iv) líon agus catagóirí na ndaoine nach gcuirtear chuig an nós imeachta teorann;

Raon feidhme

4.  á thabhairt chun suntais gurb ionann nósanna imeachta teorann faoi láthair agus eisceachtaí ón riail arna sainiú go dlíthiúil go bhfuil sé de cheart ag iarrthóirí ar thearmann dul isteach ar chríoch Bhallstáit; á thabhairt dá haire go ndéantar mórán iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais de Bhallstát roimh chinneadh maidir le dul isteach an iarrthóra; á thabhairt dá haire, sna cásanna sin, nach bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta teorann ach amháin sna cásanna a leagtar amach go hiomlán in Airteagail 31(8) agus 33 APD agus i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II APD; á thabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht ann idir na Ballstáit maidir le nósanna imeachta teorann faoi APD a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, rud a fhágann easpa aonfhoirmeachta ar fud AE; á thabhairt dá haire nach gcuireann an chuid is mó de na Ballstáit nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ach i líon beag cásanna, agus gur gnách go staonann roinnt Ballstát ó nósanna imeachta teorann a úsáid; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil nósanna imeachta teorann a théann níos faide ná na forais dá bhforáiltear in Airteagal 43 APD á gcur i bhfeidhm ag trí cinn as na seacht mBallstát a scrúdaíodh i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS, agus á iarraidh orthu staonadh ón méid sin a dhéanamh; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit staonadh ó nósanna imeachta teorann a chur i bhfeidhm ag teorainneacha inmheánacha;

5.  á thabhairt dá haire go bhfuil leas ag gach duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu ina n-iarrataí a bheith á láimhseáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, ar choinníoll go bhfuil gach iarratas faoi réir measúnú aonair agus go bhfuil feidhm ag na coimircí nós imeachta agus na cearta a dheonaítear d’iarrthóirí faoi dhlí an Aontais agus gur féidir iad a fheidhmiú go héifeachtach;

Ficsean dlíthiúl na neamhiontrála agus na coinneála

6.  á mheabhrú go mbaineann scrúdú ar iarratas ar thearmann ag an teorainn nó i gcrios idirthurais leis na nósanna imeachta teorann sula ndéantar cinneadh maidir le dul isteach ar chríoch Bhallstáit; á athdhearbhú nach mór diúltú cead isteach faoi Chód Teorainneacha Schengen a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha speisialta maidir leis an gceart chun tearmainn agus maidir le cosaint idirnáisiúnta; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit a mheas cibé a bhfuil nó nach bhfuil cosaint de dhíth ar iarrthóir ar thearmann;

7.  á thabhairt dá haire, thairis sin, nach mór, faoi Airteagal 9(1) APD, cead a thabhairt d’iarrthóirí fanacht i gcríoch na mBallstát, lena n-áirítear ag an teorainn nó sna criosanna idirthurais ina ndearnadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

8.  á chur i bhfios gur ficsean dlíthiúil é iarrthóir a bheith ann nár tháinig isteach go dleathach i gcríoch an Bhallstáit le linn dó nó di fanacht ar an gcríoch sin; á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar ag an bhficsean dlíthiúil sin ar an gceart dul isteach agus fanachta amháin, ach nach gciallaíonn sé sin nach bhfuil an t-iarrthóir faoi dhlínse an Bhallstáit lena mbaineann;

9.  á thabhairt chun suntais gur dócha go gcuirfear iarrthóirí atá faoi réir nósanna imeachta teorann faoi choinneáil le linn scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratas ar thearmann; á chur i bhfios, thairis sin, go ndéanann na Ballstáit uile a ndearnadh scrúdú orthu sa Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach a rinne EPRS iarrthóirí tearmainn a choinneáil faoi chuimsiú nósanna imeachta teorann;

10.  á athdhearbhú, amhail dá sonraítear in RCD, nach ceadmhach do na Ballstáit duine a choimeád faoi choinneáil ar an gcúis gur iarrthóir é nó í, agus ar an gcúis sin amháin, agus nach féidir iarrthóirí a choinneáil ach amháin faoi imthosca eisceachtúla atá sainithe ar chaoi an-soiléir; ag meabhrú a comhaontaithe chomhpháirtigh shealadaigh leis an gComhairle maidir le hathmhúnlú RCD ina sonraítear nach gcoinneoidh na Ballstáit iarrthóir ar bhonn a náisiúntachta; á chur i bhfáth go leagtar síos in RCD nach mór coinneáil a bheith ina rogha dheireanach, ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir, agus ar feadh na tréimhse sin amháin, chomh fada agus atá na forais a leagtar amach in Airteagal 8(3) de RCD infheidhme, agus go gcaithfear deis a thabhairt do dhaoine atá á gcoinneáil achomharc a dhéanamh i gcoinne chailleadh saoirse na ndaoine sin; á athdhearbhú go bhfuil feidhm freisin ag an gceart chun saoirse mar a leagtar síos in Airteagal 6 den Chairt agus in Airteagal 5 ECHR ag teorainneacha AE; á chur in iúl gurb oth léi gur ar éigean go ndearnadh aon roghanna eile ar choinneáil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i nósanna imeachta teorann, agus ag spreagadh na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil roghanna eile seachas coinneáil ar fáil;

11.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ndéanann Ballstáit áirithe iarrthóirí tearmainn a choinneáil i nósanna imeachta teorann gan bunús dlí ábhartha le haghaidh coinneála faoi nósanna imeachta teorann sa dlí náisiúnta, mar go bhféadfadh coimircí neamhleora a bheith mar thoradh air sin; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit bunús dlí a sholáthar dó sa dlí náisiúnta má roghnaíonn na Ballstáit dul i muinín coinneála;

12.  á mheabhrú go ndearna CBAE a rialú, i gCásanna Uamtha C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, fiú más féidir le hiarrthóir crios idirthurais a fhágáil i dtreo tríú tír, gur féidir leis an staid sin a bheith incháilithe mar choinneáil;

13.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuairiscí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus coinníollacha coinneála náireacha i gcriosanna idirthurais nó in ionaid choinneála i limistéir teorann; á iarraidh ar na Ballstáit dálaí glactha díniteacha a áirithiú i saoráidí teorann i gcomhréir le caighdeáin RCD; á mheabhrú i ndáil leis sin gur cheart caitheamh le hiarrthóirí atá faoi choinneáil agus dínit an duine á hurramú go hiomlán;

14.  á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do shárleasanna an linbh agus APD á chur i bhfeidhm acu, i gcomhréir leis an gCairt agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989; á thabhairt dá haire gur shoiléirigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh nár cheart leanaí a choinneáil riamh ar chúiseanna inimirce; ag athdhearbhú a seasaimh maidir le APR nár cheart mionaoisigh a choinneáil riamh mar chuid de nósanna imeachta teorann, agus nach bhféadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcás mionaoiseach ach amháin i gcás ina mbeidh rogha eile ar fáil lena gcoinneáil; á iarraidh ar na Ballstáit a bhfuil an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm acu faoi láthair ar mhionaoisigh roghanna malartacha ar choinneáil a chur i ngníomh i gcomhréir le sárleasanna an linbh; á iarraidh ar na Ballstáit gan nósanna imeachta teorann a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil na roghanna neamhchoinneála sin i bhfeidhm;

Diúltú iontrála agus faireachán

15.  ag tabhairt na dtorthaí le déanaí ó FRA chun suntais, go háirithe go bhfuil méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar líon na dteagmhas líomhnaithe de sháruithe ar chearta bunúsacha a tuairiscíodh ag teorainneacha seachtracha; á thabhairt dá haire go n-áirítear leis sin mórán cásanna ina ndiúltaítear cead isteach do dhaoine gan a n-éilimh ar thearmann a chlárú, lena n-áirítear i gcomhthéacs nósanna imeachta teorann; á athdhearbhú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc, agus á mheabhrú go bhfuil an oibleagáid sin gan dochar do chearta daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta; ag aontú le tuairim FRA gur ábhar mór imní maidir le cearta bunúsacha iad rialtacht agus tromchúis na dteagmhas líomhnaithe sin; á athdhearbhú go bhfuil diúltú iontrála uathoibríoch, refoulement agus díbirt chomhchoiteann toirmiscthe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit, faoi Airteagal 8 APD, daoine a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar thearmann má tá tásca ann gurb ann do riachtanais chosanta, agus nach mór a áirithiú go mbeidh rochtain ar leigheas éifeachtach ag daoine atá faoi réir diúltú cead isteach i gcomhréir le dlí AE agus le ECHR; á chur in iúl gur saoth léi na cásanna ina dteipeann ar Bhallstáit a n-oibleagáidí a urramú i ndáil leis sin, agus á iarraidh orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí sin go héifeachtach, lena n-áirítear trí íocaíochtaí AE a chur ar fionraí i gcás easnaimh thromchúiseacha;

16.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach sásra faireacháin neamhspleách a bhunú agus á iarraidh ar na Ballstáit rochtain gan srian a thabhairt do chomhlachtaí faireacháin ar shaoráidí teorann chun cosaint éifeachtach ceart bunúsach agus tuairisciú córasach ar sháruithe a áirithiú, i gcomhréir le moltaí FRA ina thuarascáil maidir le Saincheisteanna maidir le Cearta Bunúsacha ag Teorainneacha Talún; á chreidiúint gur cheart go bhfíoródh faireachán neamhspleách cáilíocht an phróisis cinnteoireachta agus an toradh a bhí air, chomh maith le coinníollacha coinneála agus comhlíonadh na gcoimircí nós imeachta; á mheas gur cheart go mbeadh institiúidí náisiúnta neamhspleácha agus inniúla um chearta an duine agus ENRanna, gníomhaireachtaí AE amhail FRA, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail UNHCR, mar chuid de na comhlachtaí faireacháin;

Mionaoisigh neamhthionlactha agus iarrthóirí leochaileacha a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu sa nós imeachta teorann

17.  á thabhairt dá haire go sonraítear in Airteagal 24 APD go ndéanfaidh na Ballstáit a mheas, laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, an t-iarrthóir é an t-iarrthóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air, agus nach ceadmhach dóibh an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm mura féidir na ráthaíochtaí sin a sholáthar laistigh dá chreat;

18.  á chur i bhfáth, cé go bhfuil sásraí bunaithe ag na Ballstáit chun iarrthóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint, gur minic nach mbíonn siad éifeachtach chun riachtanais den sórt sin a bhrath agus, nuair a shainaithnítear riachtanais, gur minic nach ndéanann siad ach measúnú ar riachtanais infheicthe; á thabhairt dá haire gur dúshlán i gcónaí é iarrthóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint go héifeachtach agus go pras; á thabhairt chun suntais go bhfuil daoine leochaileacha i dteideal go ndéanfaí measúnú ar a gcuid riachtanas maidir le sainráthaíochtaí nós imeachta, agus, má chuirtear nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ina leith, go bhfuil siad i dteideal tacaíocht leordhóthanach a fháil dá bhforáiltear faoi dhlí AE; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gach iarrthóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint go héifeachtach agus go dtabharfar rochtain iomlán dóibh ar na ráthaíochtaí agus ar an tacaíocht speisialta sin, mar a shonraítear in RCD; á chur i bhfáth, i gcás nach féidir tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil faoi chuimsiú an nós imeachta teorann, nó i gcás ina measann an t-údarás cinntitheach go bhfuil gá ag an iarrthóir le ráthaíochtaí sonracha nós imeachta agus aird ar leith á tabhairt ar íospartaigh an chéasta, an éignithe nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisiciúil, ghnéasaigh nó inscnebhunaithe, nár cheart don údarás cinntitheach na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm ar an iarrthóir, nó scor de na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm;

19.  á mheabhrú go bhforordaítear le hAirteagal 25(6)(b) APD sraith imthosca teoranta lena gceadaítear do na Ballstáit iarratais ar mhionaoisigh neamhthionlactha a phróiseáil i nós imeachta teorann; á thabhairt chun suntais nach bhfuil modhanna measúnaithe aoise leormhaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a scrúdaíodh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar sárleasanna an linbh, agus go gcosnófar leanaí, lena n-áirítear íospartaigh na gáinneála; á thabhairt chun suntais go dtugtar an rogha do na Ballstáit le APD mionaoisigh neamhthionlactha a dhíolmhú ón nós imeachta teorann, agus a n-iarratais a phróiseáil dá réir sin faoin ngnáthnós imeachta tearmainn; á iarraidh ar na Ballstáit mionaoisigh neamhthionlactha a dhíolmhú ó nósanna imeachta teorann;

Coimircí nós imeachta

20.  á thabhairt dá haire gur nósanna imeachta meara iad nósanna imeachta teorann agus á mheabhrú go bhfuil na cearta agus na ráthaíochtaí céanna ag iarrthóirí i nósanna imeachta teorann faoi Airteagal 43 APD agus atá ag iarrthóirí i ngnáthnósanna imeachta;

21.  á tabhairt chun suntais gur tuairiscíodh fadhbanna suntasacha maidir le rochtain ar chúnamh dlí agus cáilíocht an chúnaimh dlí sin sna Ballstáit go léir a scrúdaíodh; á chur i bhfáth go bhfuil cúnamh dlíthiúil ríthábhachtach chun nósanna imeachta tearmainn cothroma a áirithiú; á mholadh gur cheart cúnamh dlí saor in aisce a ráthú cheana féin ag an gcéad chéim, a luaithe a chlárófar an t-iarratas ar thearmann; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain éifeachtach ar chúnamh dlí a chur ar fáil go hiarbhír, agus a áirithiú go mbeidh fáil ar chomhairleoirí dlí atá leordhóthanach agus cáilithe;

22.  á thabhairt dá haire go dtugann APD an rogha do na Ballstáit rochtain a thabhairt do ENRanna ar an nós imeachta teorann chun cúnamh a chur ar fáil d’iarrthóirí; á chur in iúl gur oth léi, faoi chuimsiú na nósanna imeachta teorann, nach rialaíonn a lán Ballstát an rochtain sin d’eagraíochtaí speisialaithe neamhrialtasacha ag saoráidí teorann, pointí trasnaithe agus criosanna idirthurais, a d’fhéadfadh príomhról a bheith acu maidir le cearta dlíthiúla agus nós imeachta an iarrthóra a dhaingniú, agus cáilíocht na gcinntí céadchéime a fheabhsú;

23.  á chur i bhfáth go bhfuil teaglaim de theorainneacha ama gearra nós imeachta agus coinneáil ina saintréith de nósanna imeachta teorann; á mheas go bhfuil gá le teorainneacha ama nós imeachta éifeachtúla d’fhonn cailleadh sealadach na saorghluaiseachta a íoslaghdú má bhíonn daoine faoi choinneáil; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit teorainneacha ama níos giorra, ach réasúnta a thabhairt isteach, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus iomlán a bheith á dhéanamh ná do rochtain éifeachtach an iarrthóra ar bhunráthaíochtaí agus ar bhunphrionsabail dá bhforáiltear in APD; á thabhairt dá haire go mbíonn éagsúlacht i gceist leis an teorainn ama do chinneadh i nós imeachta teorann idir dhá lá agus 28 lá, agus chun achomharc a thaisceadh idir dhá lá agus seacht lá; á chur i bhfios gur féidir le teorainneacha ama gearra a bheith dúshlánach chun an t-agallamh nó achomharc a ullmhú go críochnúil agus dá bhrí sin le haghaidh an nós imeachta a chur i bhfeidhm go cóir, go cinnte mura gcuirtear na coimircí nós imeachta a chumhdaítear in APD i bhfeidhm go héifeachtach;

24.  ag athdhearbhú oibleagáidí na mBallstát maidir le rochtain a thabhairt d’iarrthóirí ar chúnamh, ionadaíocht agus faisnéis nós imeachta, mar a shonraítear faoi APD; á chur i bhfáth gur gá d’iarrthóirí rochtain thráthúil a bheith acu ar fhaisnéis leordhóthanach agus intuigthe maidir le nósanna imeachta teorann agus a gcearta agus a n-oibleagáidí; á chur i bhfios gur cheart ateangaireacht a sholáthar go pearsanta agus ag gach céim den nós imeachta teorann; á mheabhrú gurb ionann agallaimh phearsanta agus comhthoradh ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit deis éifeachtach a thabhairt d’iarrthóirí na forais dá n-iarratais agus na príomhghnéithe don nós imeachta scrúdúcháin a chur i láthair, agus nach mór do phearsanra atá oilte go leordhóthanach iad a dhéanamh; á chur i bhfáth gur cheart dóthain ama a chur ar fáil d’iarrthóirí an t-agallamh a ullmhú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, nach gcomhlíonann na Ballstáit a ndearnadh scrúdú orthu i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS a gcuid oibleagáidí faoi APD a bhaineann le coimircí nós imeachta i gcomhthéacs nósanna imeachta teorann, agus á chur i bhfáth go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag na deacrachtaí atá ag iarrthóirí rochtain a fháil ar choimircí nós imeachta ar a gcearta a ráthaítear sa Chairt ; á iarraidh ar na Ballstáit na coimircí atá cumhdaithe in APD a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina n-iomláine;

25.  á aithint go bhfágann APD go bhfuil sé faoi rogha na mBallstát a chinneadh an bhfuil éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag achomhairc; á mheabhrú, áfach, go bhfuil sé aitheanta ag CBAE nach mór éifeacht fionraíochta a bheith ag achomharc i gcoinne cinneadh um fhilleadh, a bhféadfadh a fhorfheidhmiú an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a nochtadh ar riosca tromchúiseach refoulement;

Nósanna imeachta teorann agus líon mór daoine ag teacht isteach

26.  á thabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) APD, i gcás ina dtagann líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát isteach atá ag taisceadh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais, féadfar na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm freisin i gcás ina ndéantar, agus fad is a dhéantar, na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát sin a chur i gcóiríocht de ghnáth ag láithreacha i ngaireacht don teorainn nó don chrios idirthurais;

27.  á mheabhrú go bhfuil feidhm freisin ag na coimircí a leagtar síos i gCaibidil II APD i gcás líon mór daoine a bheith ag teacht isteach; á mheas go bhfuil dóthain foirne agus acmhainní fíor-riachtanach i ndáil leis sin; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, i gcásanna mar sin, gur féidir le cur i bhfeidhm cuí nósanna imeachta teorann a bheith dúshlánach, go bhféadfaí riosca de sháruithe ar chearta bunúsach a chruthú leis agus go bhféadfadh cúiseanna imní maidir le héifeachtúlacht eascairt as;

28.  á chur in iúl go bhfuil na hábhair imní chéanna aici a rinne FRA, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe a chur in iúl maidir le cearta daonna imirceach i ndáil le hurraim do ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha i nósanna imeachta meara teorann a úsáideadh i dteophointí na Gréige; á chur in iúl gur oth léi na bearnaí tromchúiseacha maidir le cearta bunúsacha atá sna teophointí Eorpacha sin arna sainaithint ag FRA;

29.  á thabhairt dá haire gur féidir le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais tacú leis na Ballstáit i gcás ina mbeidh líon mór iarrthóirí tearmainn ag pointí iontrála teorann chun nós imeachta tapa agus cothrom a áirithiú do gach iarrthóir; á thabhairt dá haire, go háirithe gur féidir le EASO tacaíocht oibríochtúil a thabhairt ag céimeanna éagsúla den nós imeachta tearmainn, agus gur féidir le Frontex cabhrú le scagadh, sainaithint agus méarlorgaireacht; á thabhairt dá haire nár chuir EASO cúnamh ar fáil go dtí seo ach sa Ghréig faoi chuimsiú an nós imeachta mhear teorann, mar a thugtar air, d’oileáin; á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil feabhsuithe déanta, ach go bhfuil easnaimh thromchúiseacha fós ann, amhail meánfhad roinnt míonna do nósanna imeachta teorann; á chur in iúl gur súil léi go rannchuideoidh Gníomhaireacht Tearmainn AE atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin;

Cur i bhfeidhm nósanna imeachta teorann

30.  á mheabhrú go mbeidh cur i bhfeidhm nósanna imeachta teorann fós de rogha na mBallstát; á athdhearbhú, má chuireann na Ballstáit nósanna imeachta teorann i bhfeidhm, gur cheart dóibh foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha lena n-áiritheofar nós imeachta cothrom agus leordhóthanach chomh maith le soiléireacht ghasta maidir leis an toradh a bheidh air d’iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta; á thabhairt dá haire, go háirithe i gcásanna níos casta, go bhféadfaí an bonn a bhaint ó éifeachtacht ráthaíochtaí nós imeachta, amhail an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil; á chur i bhfáth nach mór nósanna imeachta agus coimircí nós imeachta éifeachtúla a bheith fite fuaite lena chéile; á thabhairt chun suntais, i gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí, go mbeidh an t-iarratas le próiseáil i gcomhréir le forálacha eile APD; á iarraidh ar na Ballstáit cloí go hiomlán faoin dlí agus i gcleachtadh leis na coimircí nós imeachta a leagtar síos in APD;

31.  á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú go leanúnach maidir le cur i bhfeidhm ceart na nósanna imeachta teorann atá ann faoi láthair agus iad a roinnt leis an gCoimisiún freisin;

32.  á iarraidh ar na Ballstáit measúnú criticiúil a dhéanamh ar cibé an leor nó nach leor an acmhainneacht oibríochtúil atá acu faoi láthair chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a gcuid oibleagáidí i nósanna imeachta teorann; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil agus ar an gcúnamh oibríochtúil i gcás inar gá;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 43 agus ar fhorálacha gaolmhara APD agus gníomhú i gcás neamhchomhlíonta, lena n-áirítear trí imeachtaí sáraithe a sheoladh i gcás inarb iomchuí;

o
o   o

34.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 180, 29.6.2013, lch. 60.
(2) IO L 180, 29.6.2013, lch. 96.
(3) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(4) IO L 180, 29.6.2013, lch. 31.
(5) W. van Ballegooij, K. Eisele, Asylum procedures at the border, European Implementation Assessment [Nósanna imeachta tearmainn ag an teorainn, Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach], Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, 2020.
(6) IO C 76, 9.3.2020, lch. 86.


Rochtain phoiblí ar dhoiciméid do na blianta 2016-2018
PDF 162kWORD 57k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 122(7)) – tuarascáil bhliantúil do na blianta 2016-2018 (2019/2198(INI))
P9_TA(2021)0043A9-0004/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 1, 9, 10, 11 agus 16 CAE agus Airteagal 15 CFAE,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘An Chairt’), agus go háirithe Airteagail 41 agus 42 di,

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2014 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 104(7)) do na blianta 2011-2013(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2016 ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 116(7)) do na blianta 2014-2015(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 ar thrédhearcacht, cuntasachta agus sláine sna hinstitiúidí Eorpacha(4),

–  ag féachaint do Thuarascálacha Bliantúla an Ombudsman Eorpaigh agus dá Tuarascáil Speisialta i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017 maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2019 ar iniúchadh straitéiseach OI/2/2017 an Ombudsman ar thrédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh(5),

–  ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),

–  ag féachaint do thuarascálacha ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa ó 2016, 2017 agus 2018 ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001,

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Samhain 2017 maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ón Ombudsman Eorpach in 2016(7),

–  ag féachaint do Threoirlínte Polaitiúla ó Uachtarán Ursula von der Leyen don Choimisiún, 2019-2024,

–  ag féachaint do Riail 54 agus do Riail 122(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0004/2021),

A.  de bhrí, faoi na Conarthaí, go ‘n-urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach agus gheobhaidh na saoránaigh cóir chomhionann óna chuid institiúidí’ (Airteagal 9 CAE); de bhrí go ‘mbeidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais’, agus de bhrí go ‘nglacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach’ (Airteagal 10(3) CAE, á léamh i bhfianaise an tríú aithris déag dá bhrollach agus Airteagail 1(2) agus 9 de);

B.  de bhrí go luaitear in Airteagal 15 CFAE ‘d’fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir’ agus go ‘mbeidh ag gach saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe reachtach aige i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais’;

C.  de bhrí go gcuirtear béim bhreise ar an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, agus ar a stádas mar cheart bunúsach, le hAirteagal 42 den Chairt , a bhfuil ‘an stádas dlí céanna leis na Conarthaí’ aici anois (Airteagal 6(1) CAE); de bhrí go gcuirtear, leis an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, ar chumas na saoránach a gceart scrúdú a dhéanamh ar obair agus gníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an próiseas reachtach, a fheidhmiú go héifeachtach;

D.  de bhrí gur cheart d’fheidhmiú institiúidí an Aontais a bheith i gcomhréir le prionsabal an smachta reachta; de bhrí nach mór d’institiúidí an Aontais féachaint leis na caighdeáin is airde trédhearcachta, chuntasachta agus sláine a bhaint amach; de bhrí gur príomhghnéithe iad na treoirphrionsabail sin chun an dea-rialachas a chur chun cinn laistigh d’institiúidí an Aontais agus chun oscailteacht níos fearr a áirithiú i bhfeidhmiú an Aontais agus ina phróiseas cinnteoireachta; de bhrí go bhfuil muinín na saoránach in institiúidí an Aontais bunriachtanach don daonlathas, don dea-rialachas agus do cheapadh beartais éifeachtach; de bhrí gur cheart trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid a ráthú freisin i ndáil leis an gcaoi a gcuirtear beartais an Aontais chun feidhme ar gach leibhéal agus a n-úsáidtear cistí an Aontais; de bhrí go bhfuil oscailteacht agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta fíor-riachtanach chun dea-rialachas a chur chun cinn in institiúidí an Aontais; de bhrí, i gcomhréir le bunphrionsabail an daonlathais, go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh eolas a bheith acu ar an bpróiseas cinnteoireachta agus é a leanúint; de bhrí go n-oibríonn Parlaimint na hEorpa le hardleibhéal trédhearcachta ina cuid nós imeachta reachtach, lena n-áirítear ag céim an choiste, ionas gur féidir le saoránaigh, na meáin agus geallsealbhóirí an chaoi agus an fáth a ndéantar cinntí a fheiceáil agus seasaimh éagsúla laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus bunús tograí ar leith a shainaithint go soiléir, agus gur féidir leo glacadh na gcinntí críochnaitheacha a leanúint freisin;

E.  de bhrí, de réir Airteagal 16(8) CAE, nach mór don Chomhairle teacht le chéile go poiblí nuair a dhéanann sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanann sí vótáil ina leith; de bhrí, de réir an Ombudsman, gurb ionann an cleachtas reatha an marc ‘LIMITE’ a chur ar fhormhór na ndoiciméad ullmhúcháin i nósanna imeachta reachtúla leanúnacha agus srian díréireach ar cheart na saoránach ar an rochtain is leithne is féidir ar dhoiciméid reachtacha(8); de bhrí go léirítear, in éagmais gealltanas ón gComhairle an trédhearcacht a áirithiú, easpa cuntasachta ina ról mar chomhreachtóir an Aontais;

F.  de bhrí gurbh iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid (24,6 %), cultúr seirbhíse (19,8 %) agus úsáid chuí lánrogha (16,1 %) na príomhchúiseanna imní sna fiosrúcháin a thug an tOmbudsman chun críche in 2018; de bhrí gur áiríodh ar na hábhair imní eile urraim do chearta nós imeachta amhail an ceart chun éisteacht a fháil, urraim do chearta bunúsacha, saincheisteanna eitice, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht an Aontais, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú, bainistíocht fhónta airgeadais thairiscintí, dheontais agus chonarthaí an Aontais, agus saincheisteanna a bhaineann le hearcaíocht agus dea-bhainistiú pearsanra an Aontais;

G.  de bhrí gur sheol an tOmbudsman in 2018 suíomh gréasáin nua ina bhfuil comhéadan athbhreithnithe soláimhsithe do ghearánaigh ionchasacha; de bhrí, maidir le nós imeachta ‘mear’ an Ombudsman chun déileáil le gearáin faoi rochtain phoiblí ar dhoiciméid, go léirítear leis tiomantas an Ombudsman cúnamh a chur ar fáil agus cinntí a ghlacadh go tapa dóibh siúd atá ag lorg cúnaimh;

H.  de bhrí gur cinneadh i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE ón Ombudsman gurb ionann agus drochriarachán easpa trédhearcachta na Comhairle maidir le rochtain phoiblí ar a doiciméid reachtaíochta agus a cleachtais reatha ina próiseas cinnteoireachta, go háirithe le linn na céime ullmhúcháin i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, lena n-áirítear a coistí, a meithleacha agus Coiste na mBuanionadaithe (Coreper); de bhrí, tar éis drogall ón gComhairle a cuid moltaí a chur chun feidhme, gur chuir an tOmbudsman Tuarascáil Speisialta OI/2/2017/TE ar thrédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 16 Bealtaine 2018; de bhrí gur fhormhuinigh Parlaimint na hEorpa moltaí an Ombudsman ina rún an 17 Eanáir 2019 maidir le hiniúchadh straitéiseach an Ombudsman;

I.  de bhrí, i gcás 1302/2017/MH maidir leis an láimhseáil a rinne an Coimisiún ar iarraidh ar rochtain phoiblí ar thuairimí a Sheirbhíse Dlí maidir leis an gClár Trédhearcachta, gur chinn an tOmbudsman gurbh ionann agus drochriarachán diúltú leanúnach an Choimisiúin rochtain níos leithne a thabhairt ar na doiciméid toisc gur mhainnigh an Coimisiún a bheith chomh hoscailte agus chomh fírinneach agus ab fhéidir maidir leis an mbeart sin a bhí dírithe ar chur chun cinn na trédhearcachta mar mhodh chun dlisteanacht agus cuntasacht níos fearr ar pháirt an Aontais a bhaint amach;

An trédhearcacht ó dhearcadh níos leithne

1.  tiomanta go diongbháilte ina hiarracht na saoránaigh a thabhairt níos gaire don phróiseas cinnteoireachta; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht ríthábhachtach chun muinín na saoránach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais a choinneáil; á chur i bhfáth go n-aithnítear in Airteagal 10(3) CAE go bhfuil an daonlathas rannpháirteach ar cheann de phríomhphrionsabail dhaonlathacha an Aontais, agus go dtugtar chun suntais dá réir sin nach mór cinntí a dhéanamh chomh gar agus is féidir do na saoránaigh; á mheabhrú go bhfuil cinnteoireacht atá lándaonlathach agus an-trédhearcach fíor-riachtanach chun muinín na saoránach as institiúidí an Aontais a mhéadú; ag cur béim ar a riachtanaí atá sé go rachadh institiúidí uile an Aontais ar aghaidh le leibhéal trédhearcachta den sórt céanna;

2.  ag tabhairt dá haire le sásamh ainmniúchán Coimisinéara a bheidh freagrach as an trédhearcacht agus é ina aidhm aige nó aici breis trédhearcachta a thabhairt isteach sa phróiseas reachtach sna hinstitiúidí Eorpacha;

3.  á mheabhrú di go ndéanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna na saoránach Eorpach ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus é mar aidhm leis sin iad a choinneáil ar an eolas go hiomlán, mar atá deimhnithe ag an Ombudsman, agus ag tabhairt dá haire an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún chun a chaighdeáin trédhearcachta a fheabhsú; ag cur in iúl gur cúis mhór imní di nach bhfuil caighdeáin inchomparáide curtha chun feidhme fós ag an gComhairle in ainneoin é sin a bheith iarrtha agus molta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an Ombudsman agus nach bhfuil próiseas cinnteoireachta na Comhairle trédhearcach ná baol air; á iarraidh ar an gComhairle rialuithe ábhartha CBAE a chur chun feidhme sa chleachtas agus gan dul timpeall orthu; ag cur in iúl gur mór aici na dea-chleachtais atá ag Uachtaránachtaí áirithe ar an gComhairle agus ag roinnt Ballstát maidir le doiciméid de chuid na Comhairle, lena n-áirítear tograí ó Uachtaránacht na Comhairle, a fhoilsiú;

4.  á chur in iúl gur díol sásaimh di cinneadh Chomhairle AE, tar éis don Ombudsman cás 1011/2015/TN a oscailt, Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm maidir le doiciméid atá i seilbh a hArdrúnaíochta maidir le cúraimí tacaíochta do chomhlachtaí agus d’eintitis idir-rialtasacha éagsúla, amhail tuairimí an phainéil i dtrácht maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí dualgais mar Bhreitheamh agus mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus de Chúirt Ghinearálta AE; á mholadh tuairim an Ombudsman go bhfuil sé i bhfabhar oscailteacht níos mó maidir leis an tsaincheist faoi conas an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá le sonraí pearsanta daoine atá á measúnú d’ardoifig phoiblí a chosaint agus an gá atá ann an trédhearcacht is mó is féidir a áirithiú maidir leis an bpróiseas chun ceapacháin a dhéanamh chuig ardoifig phoiblí;

5.  á chur in iúl gur oth léi cleachtas athfhillteach an Choimisiúin gan ach méid an-teoranta faisnéise a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa go minic maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais; á iarraidh ar na hinstitiúidí prionsabal an chomhair dhílis a urramú agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú go réamhghníomhach; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún staidreamh a fhoilsiú lena léirítear éifeachtacht bheartais an Aontais, agus bac á chur dá réir ar aon ghrinnscrúdú poiblí ar bheartais a bhfuil tionchar suntasach acu ar chearta bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh an staidreamh sin a fhoilsiú d’fhonn a chruthú go bhfuil beartais riachtanach agus comhréireach chun a gcuspóir a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith trédhearcach maidir le conarthaí le tríú páirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú faoi na próisis tairisceana i gcomparáid lena chleachtais reatha;

6.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta arna nglacadh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na gcinntí a dhéantar i nósanna imeachta um shárú; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí na doiciméid a chuireann an Coimisiún chuig na Ballstáit i dtaca leis na nósanna imeachta sin, agus na freagraí gaolmhara, a chur ar fáil don phobal;

7.  á chur i bhfáth go bhfuil comhaontuithe idirnáisiúnta ceangailteach ó thaobh dlí de agus go mbíonn tionchar acu ar reachtaíocht an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh an chaibidlíocht trédhearcach le linn an phróisis ar fad; á mheabhrú nach mór, de réir Airteagal 218 CFAE, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go hiomlán agus láithreach ag gach céim le linn na caibidlíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí agus comhlíonadh iomlán Airteagal 218 CFAE a áirithiú;

8.  á chur in iúl gur oth léi go n-éilíonn an Coimisiún agus an Chomhairle cruinnithe a thionól i seomra iata gan bonn cirt cuí; a mheas gur cheart meastóireacht cheart a dhéanamh ar iarrataí ar chruinnithe i seomra iata; á iarraidh go mbeadh critéir shoiléire agus rialacha soiléire ann lena rialaítear iarrataí ar sheisiúin i seomra iata in institiúidí an Aontais;

9.  á chur i bhfios go bhfuil an trédhearcacht sa reachtóireacht buntábhachtach do shaoránaigh agus gur bealach tábhachtach é chun a rannpháirtíocht ghníomhach sa phróiseas reachtóireachta a áirithiú; ag cur in iúl gur geal léir Comhaontú Idirinstitiúideach 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IIA), agus an gealltanas ann ó na trí institiúid chun trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha a áirithiú ar bhonn reachtaíocht agus cásdlí ábhartha, lena n-áirítear caibidlíochtaí tríthaobhacha a láimhseáil go hiomchuí;

10.  ag tathant ar na hinstitiúidí leanúint den phlé maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo bunachar sonraí comhpháirteach tiomnaithe soláimhsithe a bhunú maidir le staid reatha na gcomhad reachtach (Bunachar Comhpháirteach Sonraí Reachtaíochta) mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú;

11.  á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a seoladh cheana féin lena dtugtar aghaidh ar éilimh phoiblí ar bhreis trédhearcachta, amhail Clár Idirinstitiúideach na nGníomhartha Tarmligthe a seoladh i mí na Nollag 2017 mar uirlis chomhpháirteach de chuid Pharlaimint na hEorpa, an Choimisiúin agus na Comhairle lena dtugtar rochtain ar shaolré iomlán na ngníomhartha tarmligthe;

12.  á chur i bhfios gur cheart trédhearcacht na nósanna imeachta coiste agus inrochtaineacht chlár na coisteolaíochta a mhéadú tuilleadh agus gur cheart athruithe a chur ar a inneachar d’fhonn tuilleadh trédhearcachta maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur cheart gur chuid riachtanach den phróiseas sin feabhas a chur ar fheidhmeanna cuardaigh an chláir ionas gur féidir cuardaigh a dhéanamh de réir réimse beartais;

13.  á chur in iúl gur geal léi an Cód Iompair nua do chomhaltaí an Choimisiún a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2018, agus lena méadaítear an trédhearcacht go háirithe i dtaca leis na cruinnithe a reáchtáiltear idir na Coimisinéirí agus ionadaithe leasa, mar aon leis na costais a bhaineann le taisteal gnó Coimisinéirí aonair; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cód iompair fós glactha ag an gComhairle dá comhaltaí agus ag tathant ar an gComhairle cód den sórt sin a ghlacadh gan a thuilleadh moille; á áitiú go gcaithfidh an Chomhairle a bheith chomh cuntasach agus chomh trédhearcach leis na hinstitiúidí eile;

14.  á mheabhrú di a Rialacha Nós Imeachta athbhreithnithe, ar iarradh ar na Feisirí dá réir, an cleachtas córasach a ghlacadh nach mbuailfidh siad ach le hionadaithe leasa atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta; á mheabhrú di freisin gur iarradh ar Fheisirí na cruinnithe uile atá sceidealaithe le hionadaithe leasa a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne, agus go bhfuil rapóirtéirí, scáth-rapóirtéirí agus cathaoirligh coistí faoi oibleagáid, do gach tuarascáil, na cruinnithe uile atá sceidealaithe le hionadaithe leasa a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne; á chur i bhfios sa chomhthéacs sin, áfach, go bhfuil sé de shaoirse ag ionadaithe tofa bualadh le haon duine a mheasann siad a bheith ábhartha agus tábhachtach dá gcuid oibre polaitiúla, gan srianta;

15.  á mheas nach bealach soláimhsithe an bealach atá ann faoi láthair chun faisnéis a fháil faoi phatrúin vótála Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, trí chomhaid PDF lena gcumhdaítear na céadta vótaí ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa, agus nach gcuirtear le trédhearcacht an Aontais leis; á iarraidh go mbeadh córas soláimhsithe ag baint le gach glao rolla lena bhféadfar an téacs a vótáiltear air agus torthaí na vótála a scagadh de réir grúpa agus de réir Feisire, agus dá bhrí sin gur féidir é sin a fheiceáil an tráth céanna;

16.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an chaibidlíocht ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach ar Chlár Trédhearcachta éigeantach (COM(2016)0627) tugtha i gcrích faoi dheireadh, agus ag tathant ar na trí institiúid é a chur i bhfeidhm go mear; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil leis na cruinnithe a eagraítear laistigh de na hinstitiúidí, chun ardleibhéal muiníne a choinneáil sna hinstitiúidí Eorpacha i measc na saoránach;

17.  ag spreagadh freisin chomhaltaí na rialtas náisiúnta agus na bparlaimintí náisiúnta a bheith níos trédhearcaí maidir lena gcruinnithe le hionadaithe leasmhara ós rud é, agus cinntí á ndéanamh acu maidir le gnóthaí an Aontais, gur cuid de reachtas an Aontais iad sa chiall is leithne;

Rochtain ar dhoiciméid

18.  á mheabhrú gur ceart bunúsach atá cumhdaithe sna Conarthaí agus sa Chairt é an ceart rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid de chuid na n-institiúidí agus go bhfuil dlúthbhaint aige le cineál daonlathach na n-institiúidí; á chur i bhfáth go bhfuil feidhmiú is leithne an chirt sin ag an gcéim is luaithe fíor-riachtanach, mar go n-áirithítear leis grinnscrúdú daonlathach ar obair agus ar ghníomhaíochtaí institiúidí an Aontais; á mheabhrú gur gné bhunúsach bhunaidh de dhaonlathais ionadaíocha í muinín na saoránach as na hinstitiúidí polaitiúla;

19.  á mheabhrú di na hiarrataí a rinne sí i rúin uaithi roimhe seo maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Coimisiún ná an Chomhairle aon obair iardain chuí i dtaobh roinnt tograí a rinne Parlaimint na hEorpa;

20.  á chur i bhfios nach mór don trédhearcacht agus don lánrochtain ar dhoiciméid atá i seilbh na n-institiúidí a bheith i réim mar riail, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, agus gurb amhlaidh, mar a foráladh cheana sna fasaigh atá leagtha síos go leanúnach ag CBAE, nach mór eisceachtaí ar an riail sin a léirmhíniú go docht, agus an leas sáraitheach poiblí i ndáil le nochtadh á chur san áireamh;

21.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé gan ró-aicmiú a dhéanamh ar dhoiciméid a d’fhéadfadh a bheith chun aimhleas an ghrinnscrúdaithe phoiblí; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn na doiciméid oifigiúla ró-aicmithe go minic; á athdhearbhú gurb é a seasamh gur cheart rialacha soiléire aonfhoirmeacha a bhunú maidir le haicmiú agus dí-aicmiú doiciméad;

22.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an líon is airde d’iarratais tosaigh a ghabhann le doiciméid shonracha os chomhair an Choimisiúin (6 912 in 2018), an Chomhairle ina dhiaidh sin (2 474 in 2018) agus ansin Parlaimint na hEorpa (498 in 2018); ag aithint ráta foriomlán na bhfreagraí deimhneacha (80 % don Choimisiún, 72 % don Chomhairle agus 96 % do Pharlaimint na hEorpa in 2018 ab iad na figiúirí in 2018);

23.  ag tabhairt dá haire, agus is díol spéise di, go mbíonn na príomhfhorais le diúltú bunaithe ar an riachtanas atá ann próiseas cinnteoireachta na n-institiúidí, príobháideachas agus sláine daoine aonair, agus leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dlíthiúil aonair a chosaint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás Pharlaimint na hEorpa, go raibh cosaint comhairle dlí ina foras ábhartha freisin i gcásanna go háirithe inar iarradh doiciméid ón mBiúró, agus ag an am céanna, i gcás an Choimisiúin, gur forais ábhartha iad cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí a rith, mar aon le slándáil phoiblí, maidir le rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú;

24.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, i gcás C-213/15 P (an Coimisiún v Patrick Breyer), inar sheas an Chúirt le breithiúnas na Cúirte Ginearálta, á chinneadh nach féidir leis an gCoimisiún diúltú do rochtain ar aon aighneacht i scríbhinn ó Bhallstát atá ina sheilbh aige, gan d’fhoras leis ach gur doiciméad é a bhaineann le himeachtaí cúirte; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt nach mór aon chinneadh maidir le hiarratas den sórt sin ar rochtain a dhéanamh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus nach bhfuil na doiciméid a bhaineann le gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte Breithiúnais, mar phrionsabal, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin, i gcás ina bhfuil na doiciméid sin i seilbh institiúidí an Aontais Eorpaigh a liostaítear sa Rialachán, amhail an Coimisiún sa chás sonrach seo;

25.  ag tacú leis an nglao a rinne an tsochaí shibhialta(9) go ndéanfaí éisteachtaí poiblí na Cúirte Breithiúnais a bheoshruthú, mar a dhéantar cheana i gcás roinnt cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, amhail Conseil Constitutionnel sa Fhrainc agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine;

26.  á mheabhrú a hiarrataí ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle ina rún an 28 Aibreán 2016 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid do na blianta 2014-2015;

27.  á mheabhrú go bhfuil bac ar athbhreithniú Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó 2012 i leith, agus ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra sin a aistarraingt; ag tathant ar na páirtithe rannpháirteacha uile tabhairt faoi bpróiseas an athuair agus leanúint den obair ar an athbhreithniú chun forálacha an Rialacháin a chur in oiriúint do Chonradh Liospóin agus chun a áirithiú go sínfear an raon feidhme chuig institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, agus é mar aidhm, thar aon ní eile, rochtain níos leithne agus rochtain níos fearr ar dhoiciméid an Aontais a thabhairt do shaoránaigh an Aontais;

28.  á chur i bhfios, mar thoradh ar theacht i bhfeidhm CAE agus CFAE, go mbaineann an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, mar a luaitear in Airteagal 15(3) CFAE; á chreidiúint gur cheart Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a leasú agus a nuachóiriú chun é a chur i gcomhréir leis na Conarthaí agus chun freagairt do na forbairtí atá tagtha chun cinn sa réimse sin agus i bhfianaise chásdlí ábhartha CBAE agus ECtHR; ag tathant, dá bhrí sin, ar na trí institiúid obair chuiditheach a dhéanamh d’fhonn Rialachán athbhreithnithe a ghlacadh;

29.  á chur i bhfáth gur ceanglas dlíthiúil faoi na Conarthaí é a áirithiú go bhfuil sé ar chumas saoránach dul chun cinn reachtaíochta a thuiscint, a leanúint go mion agus páirt a ghlacadh ann agus gur bunriachtanas é don ghrinnscrúdú daonlathach agus don daonlathas ina iomláine; á mheas, i gcás ina gcruthaítear doiciméid faoi chuimsiú na gcruinnithe tríthaobhacha, amhail cláir oibre, achoimrí ar thorthaí, miontuairiscí agus modhanna ginearálta cur chuige sa Chomhairle, i gcás ina bhfuil siad ar fáil agus san fhormáid ina bhfuil siad ar fáil, go mbaineann na doiciméid sin le nósanna imeachta reachtacha agus nach féidir, i bprionsabal, caitheamh leo ar bhealach atá éagsúil le doiciméid reachtacha eile;

30.  ag cur béim ar thábhacht na trédhearcacht agus na rochtana poiblí ar dhoiciméid; á chur i bhfáth go bhfuil ardleibhéal trédhearcachta sa phróiseas cinnteoireachta riachtanach i dtaobh saoránaigh, na meáin, an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí eile a chumasú chun na hoifigigh agus na rialtais atá tofa acu a thabhairt chun cuntais; ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag an Ombudsman i dtaobh idirchaidreamh a dhéanamh agus gníomhú mar idirghabhálaí idir institiúidí agus saoránaigh an Aontais Eorpaigh, agus á thabhairt chun suntais obair an Ombudsman maidir le próiseas reachtach AE a dheanamh níos cuntasaí don phobal;

31.  á mheabhrú gur chóir, dar leis an Ombudsman, do na srianta ar rochtain ar dhoiciméid, ar dhoiciméid reachtúla go háirithe, a bheith eisceachtúil agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach; á chur in iúl gur geal léi nós imeachta mear an Ombudsman maidir le rochtain ar dhoiciméid, ach gur oth léi nach bhfuil a cuid moltaí ceangailteach ó thaobh dlí;

32.  á chur i bhfios nach mór d’aon chinneadh lena ndiúltaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bheith bunaithe ar dhíolúintí dlíthiúla atá sainithe go soiléir agus go docht, agus údar réasúnaithe agus sonrach ag gabháil leis, lena gcuirtear ar chumas na saoránach diúltú rochtana a thuiscint agus úsáid éifeachtach a bhaint as na réitigh dhlíthiúla atá ar fáil; ag tabhairt dá haire le teann imní nach bhfuil aon bhealach dlíthiúil ann faoi láthair chun agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú iarrata ar rochtain ar dhoiciméid ach caingean dlí a thionscnamh in CBAE, lena mbaineann próisis fhada, an baol go mbeidh costais arda agus toradh neamhchinnte ann, agus lena gcuirtear ualach míréasúnta ar shaoránaigh a dhéanann agóid i gcoinne cinntí, agus déanamh agóidí acu á dhíspreagadh dá réir;

33.  á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais nósanna imeachta a ghlacadh a bheidh níos gasta, nach mbeidh chomh hanásta agus a bheidh níos inrochtana chun gearáin a láimhseáil i gcoinne diúltuithe rochtain a thabhairt; á mheas go gcabhródh cur chuige níos réamhghníomhaí le trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, chomh maith le cosc a chur ar dhíospóidí dlíthiúla nach bhfuil gá leo a bhféadfadh costais agus ualaí gan ghá a bheith mar thoradh orthu do na saoránaigh agus do na hinstitiúidí araon; á mheas nár cheart cosc a chur ar shaoránaigh agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí de cheal acmhainne; á mheabhrú go bhféadfaí iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil mar a chumhdaítear sa Chairt; á iarraidh ar institiúidí an Aontais staonadh ó iarraidh ar an bpáirtí freasúrach costais na gcásanna cúirte a sheasamh;

34.  á mheabhrú di, sa chomhthéacs seo, cinntí an Ombudsman dar dáta an 19 Nollaig 2017, i gcás 682/2014/JF gurb ionann agus drochriarachán ceanglas an Choimisiúin go gcaithfidh na daoine uile a iarrann rochtain phoiblí ar dhoiciméid a seoladh poist a chur ar fáil le haghaidh a chuid socruithe chun ábhar páipéir a sheoladh sa phost, agus é á thabhairt chun suntais gurb ionann agus dímheas ar chearta bunúsacha na saoránach go n-éilítear iarrataí agus foirmiúlachtaí nós imeachta athnuaite, agus gan gá ná cuspóir úsáideach follasach ar bith leo;

35.  á chur in iúl gur oth go mór léi nach ndéanann an Chomhairle formhór na ndoiciméad a bhaineann le comhaid reachtacha a fhoilsiú go réamhghníomhach, agus cosc á chur dá réir ar shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi na doiciméid atá ann iarbhír agus, dá bhrí sin, bac á chur ar a gceart rochtain ar dhoiciméid a iarraidh; á chur in iúl gur oth léi gur i gclár atá neamhiomlán agus nach bhfuil soláimhsithe a dhéanann an Chomhairle an fhaisnéis atá ar fáil maidir le doiciméid reachtacha a chur i láthair; á iarraidh ar an gComhairle na doiciméid a bhaineann le comhaid reachtacha a liostú i gclár poiblí soláimhsithe, agus ar an gcaoi sin léiriú iomlán a thabhairt ar leas an phobail sa trédhearcacht agus iniúchadh dlisteanach ní hamháin ag na saoránaigh ach ag na parlaimintí náisiúnta freisin a thabhairt san áireamh;

36.  ag tathant ar an gComhairle a modhanna oibre a ailíniú le caighdeáin an daonlathais pharlaimintigh agus rannpháirtíochta mar a cheanglaítear faoi na Conarthaí, agus á athdhearbhú nach mór don Chomhairle a bheith chomh cuntasach agus chomh trédhearcach leis na hinstitiúidí eile;

37.  ag formhuiniú go hiomlán na moltaí a chuir an tOmbudsman Eorpach faoi bhráid na Comhairle tar éis an fhiosrúcháin straitéisigh, eadhon: (a) taifead sistéamach a dhéanamh ar na seasaimh a chuir na Ballstáit in iúl i bpléití le comhlachtaí ullmhúcháin, (b) critéir shoiléire a bheadh ar fáil go poiblí a fhorbairt maidir leis an gcaoi a n-ainmníonn sí doiciméid mar dhoiciméid ‘LIMITE’, agus (c) athbhreithniú sistéamach a dhéanamh ar stádas ‘LIMITE’ doiciméad sula nglactar píosa áirithe reachtaíochta go críochnaitheach agus gur cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh roimh an gcaibidlíocht neamhfhoirmiúil sna cruinnithe tríthaobhacha, tráth a bhíonn an Chomhairle tagtha ar sheasamh tosaigh cheana féin; ag tathant ar an gComhairle na bearta go léir is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir chun trédhearcacht na bpléití reachtacha ina cuid comhlachtaí ullmhúcháin a áirithiú;

38.  á mheas, maidir leis an gcleachtas forleathan treallach atá ag an gComhairle faoi láthair an marc ‘LIMITE’ a chur ar fhormhór na ndoiciméad ullmhúcháin i nósanna imeachta reachtacha leanúnacha, gurb ionann an cleachtas sin agus srian ar cheart na saoránach ar an rochtain is leithne is féidir ar dhoiciméid reachtacha;

39.  ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach ar líon na n-iarratas ar rochtain phoiblí ar na doiciméid ilcholúin arna bplé sna cruinnithe tríthaobhacha tar éis breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gcás De Capitani(10), agus ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, ón mbreithiúnas sin, gur nocht Parlaimint na hEorpa na doiciméid ilcholúin ar fad a raibh rochtain iarrtha orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001; á chur in iúl gur geal léi é sin toisc go dtugtar breis dlisteanachta do na hinstitiúidí i súile shaoránaigh an Aontais de thoradh oscailteacht an phróisis reachtaigh; ag leagan béim ar an bhfíoras gurb é an ceanglas ginearálta maidir le rochtain a thabhairt ar dhoiciméid an uirlis is oiriúnaí d’institiúidí uile an Aontais chun gur féidir leo freagra a thabhairt ar an méadú ollmhór ar iarrataí ar dhoiciméid;

40.  á chur i bhfios go láidir go luaitear sa rialú ón gCúirt i gcás De Capitani i mí an Mhárta 2018, nár tháinig dearcaí na n-institiúidí a léirítear sna doiciméid ‘ceithre cholún’ faoi thoimde ghinearálta neamhnochta; ag tabhairt dá haire nach mbreithnítear gur foras leordhóthanach é nádúr íogair an ábhair fhéin a léirítear sna doiciméid thríthaobhacha chun rochtain don phobal a dhiúltú;

41.  á mheabhrú go mbaineann conclúidí na Cúirte Ginearálta le hinstitiúidí uile an Aontais agus gur chinn an Chúirt go soiléir gurb amhlaidh, i gcás ina bhfuil doiciméad a thionscnaítear in institiúid de chuid an Aontais á chumhdach le heisceacht ar cheart na rochtana poiblí, nach mór don institiúid measúnú agus míniú soiléir a thabhairt ar an bhfáth a bhféadfadh rochtain ar an doiciméad sin an bonn a bhaint go sonrach agus go héifeachtach den leas atá á chosaint ag an eisceacht, go háirithe an fáth go ndéanfadh lánrochtain ar na doiciméid atá i dtrácht an bonn a bhaint, go sonrach agus go hiarbhír, den phróiseas cinnteoireachta, agus dá bhrí sin gur gá gur riosca réasúnta intuartha é agus nach riosca hipitéiseach amháin é; ag cur i bhfios go láidir nach mór bonn cirt iomlán, i ngach cás sonrach, a bheith faoi aon diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid;

42.  á chur in iúl gur geal léi go soiléiríonn cás ClientEarth v an Coimisiún raon feidhme an choincheapa ‘doiciméid reachtacha’ agus gur chinn CBAE gur cheart a mheas gurb ionann doiciméid arna dtarraingt suas i gcomhthéacs measúnú tionchair agus doiciméid reachtacha agus dá bhrí sin nach féidir iad a chosaint faoi thoimhde ghinearálta i gcoinne nochtadh poiblí;

43.  á chur in iúl gur oth léi go bhfuil teorainn leis an rochtain ar chomhairle ó Sheirbhísí Dlí na Comhairle, an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa faoi seach, agus gur minic nach mbíonn comhairle ó Sheirbhís Dlí Pharlaimint na hEorpa ar fáil do chomhaltaí coistí eile fiú; á iarraidh ar na hinstitiúidí an trédhearcacht a áirithiú;

44.  ag tabhairt dá haire na himscrúduithe a sheol an tOmbudsman Eorpach in 2020 ar mhíchleachtais ghníomhaireacht FRONTEX a mhéid a bhaineann lena hoibleagáidí faoi rialacháin AE maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; ag tathant ar an ngníomhaireacht obair leantach a dhéanamh ar thorthaí an Ombudsman Eorpaigh agus a moltaí a chur chun feidhme maidir le clár na ndoiciméad a nuashonrú agus maidir le líon na ndoiciméad íogair atá ina seilbh aici a fhoilsiú nach bhfuil san áireamh ina clár doiciméad(11);

45.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na sceithirí ó thaobh cásanna drochriaracháin a nochtadh, agus ag tacú le bearta chun cosaint sceithirí ar fhrithbheart a fheabhsú; á iarraidh ar na hinstitiúidí meastóireacht a dhéanamh ar a socruithe inmheánacha maidir le héagóir a thuairisciú agus, i gcás inar gá sin, athbhreithniú a dhéanamh orthu;

46.  ag tathant ar an gCoimisiún rochtain phoiblí a áirithiú ar gach comhaontú réamhcheannaigh, ina bhfoirm iomlán, idir AE agus cuideachtaí príobháideacha i réimse na sláinte, go háirithe agus vacsaíní á n-ordú;

Conclúidí

47.  á chur i bhfáth gur cheart don ghá atá le trédhearcacht a bheith chothromaithe go cúramach leis an ngá atá le cosaint sonraí pearsanta agus a bheith in ann cinntí a dhéanamh le rúndacht áirithe nuair is gá;

48.  ag cur béim láidir ar an bhfíoras gur gá anailís a dhéanamh ar aon eisceacht ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid AE nó ar fhaisnéis phoiblí de réir an cháis, agus é á chur san áireamh gurb iondúil go dtugtar rochtain ar na doiciméid sin, cé go ndéantar léirmhíniú docht ar eisceachtaí ón nós sin;

49.  á iarraidh ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí uile cur chuige comhchoiteann a fhorbairt maidir le rochtain ar dhoiciméid, lena n-áirítear an nós imeachta maidir le hábhair do na cruinnithe tríthaobhacha, agus modhanna agus bearta nua a fhiosrú agus a fhorbairt i gcónaí chun an trédhearcacht is fearr a bhaint amach;

50.  á iarraidh ar na hinstitiúidí trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha a áirithiú ar bhonn na reachtaíochta ábhartha agus an chásdlí ábhartha agus ar bhonn mholtaí an Ombudsman;

51.  á iarraidh ar na hinstitiúidí uile feabhas a chur ar an gcumarsáid ó thús deireadh an timthrialla reachtaigh agus níos mó dá ndoiciméid a bhaineann leis an nós imeachta reachtach a scaipeadh go réamhghníomhach ar an mbealach is simplí, is soláimhsithe agus is inrochtana is féidir, trína suíomhanna gréasáin poiblí agus gach modh cumarsáide eile; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil leis an gcinnteoireacht laistigh de na nósanna imeachta um shárú; á iarraidh ar na hinstitiúidí dlús a chur lena n-iarrachtaí bunachar sonraí comhpháirteach tiomnaithe soláimhsithe a bhunú maidir le staid reatha na gcomhad reachtach a bhfuil obair fós ar siúl ina leith, mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, lena n-éascófar trédhearcacht sna céimeanna éagsúla den phróiseas reachtach agus lena gcuirfear tuiscint níos soiléire ar fáil do na saoránaigh ar nósanna imeachta reachtacha an Aontais;

52.  á mheabhrú nach mór éagsúlacht shaibhir teanga an Aontais a urramú, i gcomhréir le hAirteagal 3 CAE agus leis an gCairt; á iarraidh go ndéanfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh gach iarracht rochtain a thabhairt ar dhoiciméid i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh;

53.  ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann sochaithe oscailte daonlathacha ar chumas na saoránach rochtain a fháil ar raon foinsí faisnéise infhíoraithe ionas gur féidir leo dearcadh a bheith acu ar shaincheisteanna éagsúla; á chur i bhfios go gcuirtear feabhas ar an gcuntasacht sa chinnteoireacht de thoradh rochtain a bheith ar fhaisnéis agus go bhfuil sí bunriachtanach le haghaidh fheidhmiú na sochaithe daonlathacha;

o
o   o

54.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an Ombudsman, chuig comhlachtaí, oifigí, Gníomhaireachtaí eile an Aontais agus de chuid Comhairle na hEorpa.

(1) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
(2) IO C 378, 9.11.2017, lch. 27.
(3) IO C 66, 21.2.2018, lch. 23.
(4) IO C 337, 20.9.2018, lch. 120.
(5) IO C 411, 27.11.2020, lch. 149.
(6) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.
(7) IO C 356, 4.10.2018, lch. 77.
(8) https://www.ombudsman.europa.eu/ga/recommendation/en/89518
(9) https://thegoodlobby.eu/campaigns/openletter-to-the-president-of-the-court-ofjustice-of-the-european-union-asking-foreu-courts-to-live-stream-their-publichearings
(10) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 22 Márta 2018, Emilio De Capitani v Parlaimint na hEorpa, T-540/15, ECLI:EU:T:2018:167.
(11) https://www.ombudsman.europa.eu/en/solution/en/137293


Éagothromaíochtaí a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre
PDF 252kWORD 81k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre (2019/2188(INI))
P9_TA(2021)0044A9-0006/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint do chuspóir an chomhtháthaithe a bhunaítear faoi Airteagal 3 CAE, go háirithe an coinsiasú sóisialta aníos,

–  ag féachaint don clásal sóisialta cothrománach atá in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint don bheartas sóisialta de bhun Airteagal 151 et seq CFAE,

–  ag féachaint do Chairt athbhreithnithe Shóisialta na hEorpa,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint dá dtagraítear in Airteagal 6 CAE,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, go háirithe, prionsabail 5 agus 6,

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint do choinbhinsiúin agus moltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumais (UNCRPD), agus dá theacht i bhfeidhm san Aontas Eorpach an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích UNCRPD ag an gComhphobal Eorpach(1),

–  ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha(2),

–  ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach(3),

–  ag féachaint do threoirlínte polaitiúla ó Ursula von der Leyen,

–  ag féachaint do chlár oibre coigeartaithe an Choimisiúin do 2020,

–  ag féachaint don sprioc um bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a leagtar amach i straitéis Eoraip 2020,

–  ag féachaint do Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach,

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht leanaí, in AE(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le ról an ioncaim íosta sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus sochaí chuimsitheach a chur chun cinn san Eoraip(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2015 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le haird ar leith ar an mbochtaineacht i measc leanaí(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Eanáir 2014 maidir le cigireachtaí saothair éifeachtacha mar straitéis chun dálaí oibre san Eoraip a fheabhsú(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Bealtaine 2016 dar teideal ‘Bochtaineacht: gné na hinscne’(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumais(10),

–  ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartais ioncaim íosta a úsáid mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir le dálaí oibre agus fostaíocht fhorbhásach(13),

–  ag féachaint d’Innéacs na gCeart Domhanda ó Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann (ITUC)(14),

–  ag féachaint do thuarascálacha ón Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht, agus do thuarascálacha ábhartha ón bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas agus ó Líonra Eorpach Eagraíochtaí Poiblí na Romach (ERGO),

–  ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip maidir le aistriú cóir agus cothrom a bhaint amach trí rochtain a thabhairt ar chláir athscilithe agus ar dheiseanna fostaíochta in earnálacha eacnamaíocha nua,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘Eoraip Shóisialta Láidir d’Aistrithe Córa’ (COM(2020)0014),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0006/2021),

Méadú ar an éagothromaíocht agus ar an mbochtaineacht

A.  de bhrí go n-áirítear a múnla sóisialta ar cheann de láidreachtaí AE; de bhrí go n-éilítear le forbairtí teicneolaíocha agus leis an treocht dhomhanda i dtaca leis an méadú ar éagothromaíochtaí go ndéanfar athmheasúnú ar an múnla sóisialta sin agus é a chur in oiriúint dár dtimpeallacht dhomhanda nua-aoiseach, ghasta, chasta agus dhothuartha;

B.  de bhrí, de réir shainmhíniú Eurostat, go bhfuil daoine i mbaol bochtaineachta lucht oibre nuair is lú a n-ioncam indiúscartha coibhéisithe ná 60 % de leibhéal náisiúnta an ioncaim airmheáin teaghlaigh (tar éis aistrithe sóisialta) agus os cionn leath na bliana caite i mbun oibre acu; de bhrí go léirítear leis na figiúirí is déanaí ó Eurostat go raibh 9,4 % d’oibrithe na hEorpa i mbaol bochtaineachta in 2018(15);

C.  de bhrí gur ann d’éagothromaíocht laistigh agus idir na Ballstáit agus go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha i gceist leis; de bhrí go bhfuil an bhearna i nglanmhaoin atá idir na peircintílí is saibhre agus gach duine eile ag dul i méid; de bhrí, cé gur tháinig laghdú ar an nglanmhaoin in aghaidh an teaghlaigh i dtíortha an Ghrúpa Euro don 20 % íochtair in 2017, ach fós gur mhéadaigh sé go mór don 20 %(16) uachtair agus go raibh fiacha de EUR 4 500 ar an meán ag an 20 % íochtair de theaghlaigh cé go raibh glanmhaoin de EUR 1 189 700(17) ag an 10 % uachtair;

D.  de bhrí go bhfuil na tosca lena rannchuidítear leis an mbochtaineacht agus leis an méadú ar éagothromaíocht ghlanmhaoine casta agus idirnasctha agus go n-áirítear leo go príomha neamhionannas pá, neamhionannas inscne, an easpa tithíocht inacmhainne, idirdhealú, leibhéil ísle oideachais, athruithe teicneolaíocha i saol na hoibre agus athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair; de bhrí, freisin, go bhfuil an méadú ar tháirgeadh gan méadú comhfhreagrach ar phá ag cur leis na héagothromaíochtaí eacnamaíocha laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit;

E.  de bhrí, nach é amháin go bhfuil tionchar ar leith ag an riosca a bhaineann leis an ngéarú ar fheiniméan an eisiaimh ioncaim ar oibrithe ar bheagán oiliúna, ach go bhfuil tionchar aige freisin ar chéimithe (lena n-áirítear céimithe ollscoile) atá ag dul isteach i margadh an tsaothair; de bhrí go bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh méadú ar an mbearna ioncaim atá ann idir na saothraithe is mó agus is lú a thuilleann;

F.  de bhrí go dtuilleann oibrí amháin as gach seisear oibrithe in AE pá íseal, eadhon pá arb ísle é ná dhá thrian den phá airmheáin náisiúnta, agus go bhfuil an sciar sin ag méadú ar bhonn leanúnach; de bhrí nár lean an pá íseal de bheith bord ar bhord leis na rátaí pá eile in go leor de na Ballstáit, lena dtéann, dá bhrí sin, neamhionannais ioncaim agus bochtaineacht lucht oibre in olcas tuilleadh agus lena laghdaítear acmhainneacht na saothraithe pá íosta dul i ngleic le deacrachtaí eacnamaíocha;

G.  de bhrí go raibh an sleabhcadh i margadh an tsaothair le linn na géarchéime deiridh ina shiocair leis an méadú as cuimse a tháinig ar líon na n-oibrithe páirtaimseartha ainneonacha, gurb iad is dóchúla a bheidh i mbun oibre i ngairmeacha seirbhíse agus in earnálacha bunúsacha nó atá ar leibhéal níos ísle agus gurb iad atá i mbaol atá thar a bheith ard ó bhochtaineacht lucht oibre;

H.  de bhrí gur luachanna fothaithe de chuid an Aontais Eorpaigh iad an comhionannas idir mná agus fir agus an neamh-idirdhealú, de réir mar a chumhdaítear iad in CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

I.  de bhrí go dtuilleann na mná in AE-27 15 % níos lú ná na fir ar an meán(18), 9,38 % nuair a dhéantar é a choigeartú le haghaidh cúiseanna éagsúla(19); de bhrí go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní atá ann leis an deicheanna de bhlianta ina siocair le bearna idir na hinscní in ioncam pinsin arb ionann í agus 37%, staid lena gcruthaítear leibhéal éagothrom neamhspleáchais eacnamaíoch idir mná agus fir scothaosta;

J.  de bhrí go bhfuil an dáileadh neamhchothrom ar fhreagrachtaí cúraim in AE, agus an t-ualach díréireach atá ar na mná mar phríomhchúramóirí i dteaghlaigh, mar aon le rochtain theoranta ar shaoráidí cúraim leanaí agus ar shaoráidí cúraim do dhaoine scothaosta i roinnt Ballstát, ina siocair le tréimhsí neamhláithreachta ó mhargadh an tsaothair agus, dá bhrí sin, le bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a bheith ann; de bhrí gur tosca uile sa bhochtaineacht i measc na mban gurb ea an dáileadh neamhchothrom seo ar fhreagrachtaí cúraim, mar aon le pá neamhionann as obair ar gnách leis na mná a bheith ina bun agus an tionchar atá ag sosanna gairme ar ardú céime agus ar chur chun cinn pinsean;

K.  de bhrí in 2017, gurbh ionann agus 23,3 % baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta i gcás na mban, arb airde é ná (21,6 %) i gcás na bhfear(20);

L.  de bhrí go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní níos ísle i gcoitinne i gcás iontrálaithe nua mhargadh an tsaothair(21); de bhrí gur cheart leanúint de chomhdheiseanna a chur chun cinn ar mhaithe leis na héagothromaíochtaí atá ann idir mná agus fir a laghdú tuilleadh;

M.  de bhrí go bhfuil fostaíocht na mban i bhfad níos airde in earnáil na seirbhísí ná mar atá amhlaidh san earnáil thionsclaíoch, agus gurb iad na mná is mó atá fostaithe sna hearnálacha sláinte agus sóisialta agus i ngníomhaíochtaí miondíola, monaraíochta, oideachais agus gnó, le líon na mban atá i mbun oibre go páirtaimseartha agus i bpoist ócáideacha ag dul i méid;

N.   de bhrí gur uirlis thábhachtach é príomhshruthú inscne chun comhionannas inscne a chomhtháthú i mbeartais, bearta agus gníomhaíochtaí uile AE, lena n-áirítear margadh an tsaothair agus beartais shóisialta chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus chun gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban a chomhrac;

O.   de bhrí go n-áirítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) moltaí maidir le comhionannas inscne, le comhdheiseanna agus le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht;

P.  de bhrí go leagtar síos i bprionsabal 6 EPSR nach foláir bochtaineacht lucht oibre a chosc agus nach foláir pá íosta leormhaith a áirithiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais na n-oibrithe agus a dteaghlach a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus cosaint á dhéanamh ag an am céanna ar an rochtain ar fhostaíocht agus ar dhreasachtaí maidir le fostaíocht a lorg; de bhrí, faoi EPSR, i gcás ina dtagraítear le prionsabal d’oibrithe, go mbaineann sé le gach duine i bhfostaíocht, gan beann ar a stádas fostaíochta, módúlacht nó fad tréimhse;

Q.  de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag daoine óga poist ardcháilíochta agus sheasmhacha le conarthaí buana a fháil agus gur minic leo dul i ngleic le tréimhsí dífhostaíochta fadtéarmaí; de bhrí go gceadaítear d’fhostóirí in go leor Ballstát tuarastal níos ísle a íoc le fostaithe atá níos óige, lena ndéantar idirdhealú in aghaidh oibrithe níos óige; de bhrí gur minic le daoine óga tabhairt faoi intéirneachtaí neamhíoctha gan aon deiseanna fostaíochta;

R.  de bhrí go bhfuil grúpaí ann ar mó go mór an difear a dhéanann fostaíocht fhorbhásach dóibh ná mar a dhéanann do ghrúpaí eile, le roinnt pobal, amhail na Romaigh, a bhí ró-ionadaithe i bhfostaíocht neamhthipiciúil, éagobhsaí agus ar phá íseal; de bhrí go maireann 80 % de na Romaigh agus a leanaí ar ioncam atá faoi bhun na tairsí náisiúnta baoil bochtaineachta faoi seach(22), bíodh siad rannpháirteach i bhfostaíocht nó ná bíodh; de bhrí go raibh na Romaigh buailte go dona ag an bpaindéim agus ag na bearta imshrianta(23);

S.  de bhrí go bhfuil 95 milliún duine (21,7 %) in AE i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, rud a chiallaíonn go bhfuil marthanacht eacnamaíoch, rannpháirtíocht shóisialta agus cáilíocht saoil(24) duine as gach cúigear sa tríú limistéar eacnamaíoch is mó ar domhan i mbaol; de bhrí go bhfuil 85,3 milliún duine (16,9 %) in AE a ndéanann bochtaineacht nó eisiamh sóisialta tar éis aistrithe sóisialta difear dóibh;

T.  de bhrí, le staidrimh ó AE maidir leis an mbochtaineacht go léirítear difríochtaí móra idir na Ballstáit i dtaobh chomh maith agus a éiríonn leo an sprioc a bhaint amach maidir leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta a laghdú;

U.  de bhrí go bhfuil 8,2 milliún duine ann nach bhfuil áirithe a thuilleadh sna catagóirí baoil bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta i gcomparáid le bonnlíne 2008, a bhuíochas cuid mhór do dhálaí feabhsaithe mhargadh an tsaothair, agus do na laghduithe ar ghéardhíth ábhartha(25) agus ar sciar na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh ina bhfuil déine oibre(26) thar a bheith íseal i roinnt de na Ballstáit;

V.  De bhrí, in ainneoin feabhas substaintiúil a bheith tagtha ar an staid i roinnt Ballstát, níor éirigh le AE a sprioc a bhaint amach, ar sprioc í a bhí leagtha síos ag Straitéis Eoraip 2020 i leith laghdú de 20 milliún a dhéanamh ar líon absalóideach na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta faoi 2020 i gcomparáid le 2008;

W.  de bhrí go bhfuil roinnt catagóirí oibrithe ann amhail oibrithe séasúracha nó roinnt oibrithe trasteorann atá go háirithe i mbaol ard na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus gur minic leo a bheith fostaithe ar chonarthaí oibre gearrthéarmacha lena ngabhann beagán nó gan aon slándáil poist, cearta saothair nó cosaint shóisialta;

X.  de bhrí go bhfuil cúinsí éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta ann a bhaineann le dálaí forbhásacha maireachtála agus oibre agus le bochtaineacht lucht oibre, lena n-áirítear leibhéil níos ísle dea-bhaile meabhraí suibiachtúla, fadhbanna a bhaineann le cóiríocht agus le timpeallacht maireachtála an duine, droch-chaidrimh agus braistintí eisiaimh ar bhonn sóisialta(27);

Y.  de bhrí gur minic le hoibrithe atá buailte ag bochtaineacht lucht oibre a bheith i mbun oibre i bpoist ina bhfuil dálaí oibre atá do-ghlactha, amhail a bheith i mbun oibre gan comhaontú cómhargála, ina ndéantar sáruithe ar uaireanta oibre(28) agus inar ann do rioscaí sláinte agus sábháilteachta;

Z.  de bhrí, tráth géarchéime eacnamaíche, gur laige fós seasamh na n-oibrithe sin ar mhargadh an tsaothair;

AA.  de bhrí, ar an iomlán, gur mó atá oibrithe páirtaimseartha agus go háirithe oibrithe páirtaimseartha ainneonacha i mbaol na bochtaineachta nuair a dhéantar tosca riosca éagsúla a chur le chéile, lena n-áirítear pá íseal, poist éagobhsaí, iad a bheith ina saothraithe aonair agus baill spleácha teaghlaigh a bheith faoin gcúram(29);

AB.  de bhrí go raibh 5,8 % de dhaonra AE-27 ina gcónaí i ngéardhíth ábhartha in 2019 agus de bhrí gur ann don fhíorbhochtaineacht i réigiúin agus i bpobail iomadúla; de bhrí gur dóchúil go dtiocfaidh méadú mór ar an sciar sin i bhfianaise phaindéim COVID-19, rud a dhéanann an fhadhb seo níos práinní fós;

AC.  de bhrí gur fadhb í an bhochtaineacht fuinnimh atá go háirithe forleathan ar fud na hEorpa, le hidir 50 agus 125 milliún duine nach bhfuil in acmhainn íoc as compord teirmeach cuí ina gcuid tithe(30); de bhrí go bhfuil 11 % de theaghlaigh in AE nach bhfuil rochtain acu ar an idirlíon(31);

AD.  de bhrí go bhfuil bochtaineacht(32)teaghlaigh ag laghdú(33) go mall: go bhfuil gach ceathrú leanbh atá faoi bhun 18 mbliana d’aois i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta agus iad sáinnithe, dá bhrí sin, i dtimthriall inar ann d’atarlú an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin(34); de bhrí gur tuismitheoirí aonair (34,2 %) agus teaghlaigh a bhfuil muirín mhór orthu is mó a ndéantar difear dóibh(35); de bhrí gurb airde baol na bochtaineachta i gcás teaghlaigh a bhfuil leanbh nó gaolta eile faoi mhíchumais faoina gcúram;

AE.  de bhrí go bhfuil ardú ag teacht go leanúnach ar chíos i bhformhór na mBallstát; de bhrí gurb ionann an ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta(36) in AE agus 9,6 %, lena gciallaítear go gcaitheann na daoine atá ina gcónaí sna teaghlaigh sin 40 % nó níos mó dá n-ioncam indiúscartha coibhéisithe ar thithíocht(37); de bhrí, i roinnt Ballstát, go bhfuil an ráta ró-ualaigh maidir le costas tithíochta chomh hard le 50-90 %(38); de bhrí go bhfuil ar theaghlaigh thionónta ar ioncam íseal in AE dul i ngleic le costais airmheáin tithíochta atá idir 20 agus 45 % dá n-ioncaim indiúscartha;

AF.  de bhrí go bhfuil na hathruithe ar phraghsanna tithíochta ar cheann de na príomhchúiseanna atá leis an éagothromaíocht ghlanmhaoine; de bhrí go bhfuil an ganntanas tithíochta inacmhainne atá ag dul i méid ar an tiománaí éagothromaíochtaí is mó in go leor Ballstát;

AG.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar easpa dídine ar fud na hEorpa, agus meastar go raibh thart ar 700 000 duine gan dídean in 2019(39); 70 % níos mó ná mar a bhí deich mbliana ó shin(40);

AH.  de bhrí, in 2017, meastar gurbh ionann agus 11 % agus chomh hard le 28,2 % sa Rómáin, an céatadán daoine óga a bhí idir 18 agus 24 bliana d’aois, cé go raibh siad rannpháirteach san fhostaíocht, a bhí i mbaol na bochtaineachta san Aontas Eorpach(41);

AI.  de bhrí go bhfuil méadú leanúnach ag teacht ar bhochtaineacht i measc daoine scothaosta: go raibh ráta riosca na bochtaineachta i measc daoine os cionn 65 bliana d’aois, ar an meán, ag 16,1 % (AE-27); de bhrí go méadóidh an uimhir sin tuilleadh i ngeall ar dhálaí oibre forbhásacha agus neamhghnácha go príomha, rud atá go háirithe forleathan i measc daoine scothaosta(42);

AJ.  de bhrí, le bochtaineacht lucht oibre, go ndéantar leis bunchuspóir na fostaíochta a bhaint, arb é sin saol cuibhiúil a thabhairt d’fhostaithe agus dá dteaghlaigh, trí chosc a chur orthu neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach;

AK.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 4 de Chairt Shóisialta na hEorpa ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil an ceart chun luach saothair cóir ag gach oibrí a bheidh leordhóthanach do chaighdeán cuibhiúil maireachtála dóibh féin agus dá dteaghlaigh;

Meathlú ar chumhdach cómhargála

AL.  de bhrí go bhfuil meathlú tagtha ar chumhdach cómhargála i dtíortha ECFE le deich mbliana fichead anuas ó 46 % go dtí 32 % ar an meán; de bhrí, in ar a laghad 14 Bhallstát AE go bhfuil 50 % d’fhostaithe i mbun oibre d’uireasa comhaontaithe cómhargála; de bhrí nach bhfuil ach seacht gcinn de na Ballstáit a bhfuil ráta cumhdaigh cómhargála acu ar mó é ná 80 %(43); de bhrí gur i dtíortha ina ndearnadh athchóirithe struchtúracha lenar díríodh ar chómhargáil ba ghasta a tharla an meathlú(44);

AM.  de bhrí, le córais cómhargála dhea-chomhordaithe ag a bhfuil cumhdach forleathan cothaítear dea-fheidhmíocht i margadh an tsaothair agus de bhrí gurb iondúil le hoibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála dálaí oibre níos fearr agus timpeallacht oibre ar cháilíocht níos fearr a theachtadh ná na hoibrithe sin nach bhfuil;

AN.  de bhrí go bhfuil méadú ó 92 in 2018 go dtí 107 in 2019 tagtha ar an líon tíortha ar fud an domhain ina n-eisiatar oibrithe ón gceart ceardchumann a bhunú nó a bheith rannpháirteach i gceardchumann; de bhrí gur san Eoraip is airde a tharla an méadú sin; de bhrí go bhfuil 40 % de thíortha na hEorpa nach gceadaítear d’oibrithe a bheith rannpháirteach i gceardchumainn, go ndearna 68 % díobh sárú ar an gceart dul ar stailc agus 50 % díobh a rinne an ceart chun cómhargála a shárú(45);

AO.  de bhrí, i gcás oibrithe i gceantair thuaithe gur deacra go mór ionadaíocht ceardchumainn a fháil agus comhaontuithe cómhargála áitiúla agus earnála a chaibidliú, rud a bhraitheann freisin ar an earnáil;

AP.  de bhrí go raibh an fás ar phá don limistéar euro idir 2000 agus 2016 faoi bhun fhás na táirgiúlachta(46); de bhrí nach bhfuil an méadú ar phá bord ar bhord leis an méadú ar an mbreisluach, lena ndearnadh an éagothromaíocht atá cheana ann a dhaingniú;

AQ.  de bhrí nach é amháin go ndéantar rialú ar na leibhéil phá le comhaontuithe cómhargála agus le comhaontuithe comhchoiteanna earnála ach go ndéantar rialú leo freisin ar dhálaí oibre, amhail uaireanta oibre, saoire le pá, saoire ón obair agus deiseanna uas-scilithe;

AR.  de bhrí gur féidir le comhpháirtithe sóisialta láidre agus cómhargáil tionchar dearfach a imirt ar na leibhéil fhoriomlána phá san Eoraip, lena n-áirítear an pá íosta agus an pá airmheáin araon; de bhrí go n-áirithítear le cómhargáil go dtabharfar éisteacht agus urraim d’oibrithe; de bhrí go bhfuil fianaise ann go bhfuil comhghaol dearfach idir rannpháirtíocht na n-oibrithe san ionad oibre agus feidhmíocht agus ioncam cuideachta(47);

Méadú ar fhostaíocht neamhghnách agus fhorbhásach

AS.  de bhrí go raibh an ráta fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumais (50,6 %) níos ísle go mór ná an ráta fostaíochta iomlán (74,8 %) in 2017(48);

AT.  de bhrí, mar thoradh air sin, gur mó go mór an baol bochtaineachta lucht oibre atá ann do dhaoine faoi mhíchumais (11 % in aghaidh mheán 9,1 % AE)(49);

AU.  de bhrí nach bhfuil ach 20,7 % de mhná faoi mhíchumais agus 28,6 % d’fhir faoi mhíchumais atá rannpháirteach i bhfostaíocht lánaimseartha(50);

AV.  de bhrí, i roinnt Ballstát, gur minic le daoine faoi mhíchumais a dteidlíochtaí míchumais a chailleadh tar éis dóibh dul i mbun fostaíochta, lena méadaítear ar an mbaol atá ann dóibh i leith bochtaineacht lucht oibre;

AW.  de bhrí, i roinnt Ballstát, nach gá go mbeadh stádas fostaí, cearta saothair nó íosphá ráthaithe ag daoine faoi mhíchumais atá fostaithe i gceardlanna dídeanacha(51);

AX.  de bhrí gur léir gur deacra fós tar éis na géarchéime airgeadais daoine faoi mhíchumais a áireamh i margadh an tsaothair(52);

AY.  de bhrí go bhfuil an sciar d’oibrithe a bhfuil cónaí orthu i dteaghlach atá i mbaol na bochtaineachta méadaithe ó 8 % go dtí 9,4 % laistigh de dheich mbliana – agus gurb ionann é an sciar sin agus 20,5 milliún duine(53);

AZ.  de bhrí go bhfuil comhghaol ann idir an méadú atá tagtha ar na cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta agus an sciar méadaithe de mhuintir na hEorpa atá i mbaol na bochtaineachta lucht oibre(54); de bhrí gur mó atá 16,2 % díobh siúd atá i mbun oibre go páirtaimseartha i mbaol na bochtaineachta lucht oibre, i gcomparáid le 6,1 % díobh siúd atá ar chonradh buan;

BA.  de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag an leibhéal oideachais ar bhaol na bochtaineachta lucht oibre; de bhrí gur mó go mór baol na bochtaineachta lucht oibre d’oibrithe ar bheagán oiliúna; de bhrí, i roinnt Ballstát, gur ann do bhaol na bochtaineachta lucht oibre fiú i gcás oibrithe ardoilte(55);

BB.  de bhrí go bhfuil cleachtais éagsúla socraithe pá ann ar fud AE;

BC.  de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ó thaobh réimse agus clúdaigh de sna – córais um pá íosta – i gcás gur ann dóibh, ar fud na mBallstát(56); de bhrí go bhfuil éagsúlacht freisin sna córais um pá íosta ó thaobh a leibhéal absalóideach agus coibhneasta de agus de bhrí gur ann do bhearnaí suntasacha ó thaobh cumhdaigh agus leormhaitheasa de ar mhaithe le saol cuibhiúil a áirithiú; de bhrí, fiú más rud é go bhfuil na difríochtaí sin níos cúinge nuair a chuirtear difríochtaí praghais san áireamh, go bhfuil éagothromaíochtaí maidir le cumhacht cheannaigh fós suntasach(57); de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór freisin idir na Ballstáit ó thaobh céatadán na ndaoine de a fhaigheann pá íosta;

BD.  de bhrí gur i dtrí Bhallstát, agus iontusan amháin, atá an pá íosta go leanúnach os cionn thairseach na bochtaineachta, mar a shainmhínítear é, (i.e. 60 % den oll-airmheán) agus ngach dtugann an pá íosta cosaint in aghaidh na bochtaineachta i mBallstáit eile; de bhrí nach ndéantar earnálacha áirithe, grúpaí áirithe d’fhostaithe agus cineálacha áirithe oibre a áireamh ná a chlúdach amanna le socruithe pá íosta nó le comhaontuithe cómhargála;

BE.  de bhrí gur minic le hoibrithe a thuilleann pá íosta deacrachtaí a bheith acu snáithe a choinneáil faoin bhfiacail; de bhrí go sonrach, go bhfuil ar a laghad ‘roinnt’ deacrachtaí ag seachtar as deichniúr oibrithe a thuilleann pá íosta snáithe a choinneáil faoin bhfiacail, i gcomparáid le cúigear as deichniúr oibrithe eile le difríochtaí substaintiúla idir na Ballstáit(58);

BF.  de bhrí go raibh crapadh na fostaíochta le linn ghéarchéim airgeadais 2008 ina shiocair leis an méadú as cuimse a tháinig ar líon na ndaoine i bhfostaíocht neamhghnách, i bhfostaíocht ghearrthéarmach agus i bhfostaíocht pháirtaimseartha, lena n-áirítear fostaíocht pháirtaimseartha ainneonach(59); de bhrí gurb iad na hoibrithe páirtaimseartha ainneonacha is dóchúla a bheidh i mbun oibre i ngairmeacha seirbhíse agus in earnálacha bunúsacha nó atá ar leibhéal níos ísle ag a bhfuil na leibhéil is airde ó thaobh bhaol na bochtaineachta lucht oibre de; de bhrí go bhfuil os cionn an trian d’oibrithe páirtaimseartha i mbun obair pháirtaimseartha go hainneonach agus go bhfuil duine as gach beirt i mbun obair ghearrthéarmach(60);

BG.  de bhrí gurb ionann conarthaí neamhiata atá caighdeánach agus lánaimseartha agus 59 % den fhostaíocht iomlán in AE, agus go bhfuil fostaíocht neamhghnách, ar minic léi a bheith forbhásach, ach nach amhlaidh a bhíonn i gcónaí, ag méadú go leanúnach(61);

BH.  de bhrí nach gcuidíonn fostaíocht ghearrthéarmach le forbairt, oiliúint agus oiriúnú scileanna na bhfostaithe i gcomhréir le saol athraitheach na hoibre;

BI.  de bhrí gur ann do luaineachtaí móra i líon na n-oibrithe atá i mbun obair fhorbhásach in AE, i dtrádáil mhórdhíola agus mhiondíola, san iompar, i dtionscal na n-óstán, sa lónadóireacht(62) agus sna hearnálacha bainistíochta cultúir agus imeachtaí;

BJ.  de bhrí gur féidir le bochtaineacht lucht oibre difear a dhéanamh do ghairmithe óga a bhfuil ardleibhéal oideachais acu, go háirithe i mBallstát le leibhéil arda dífhostaíochta i measc na hóige; de bhrí, cé go bhfuil an céatadán daoine óga atá i mbochtaineacht lucht oibre níos ísle i gcás na ndaoine sin a bhfuil céim ollscoile acu ná na daoine sin le leibhéil níos ísle oideachais, tá an céatadán, mar sin féin, fós suntasach i roinnt Ballstát; de bhrí gur minic a bhíonn ar dhaoine óga dul i ngleic le pá íseal, dálaí oibre éagóracha, féinfhostaíocht bhréagach, conarthaí oibre neamhghnácha agus fiú obair neamhdhearbhaithe(63);

BK.  de bhrí gur cosúil gurb iad na príomhchúiseanna atá ann le tabhairt faoi obair ardáin ná ioncam breise, tuilleadh solúbthachta, taithí a fháil, cliaint a mhealladh agus an easpa deiseanna atá ann i margadh traidisiúnta an tsaothair; de bhrí go bhfuil obair ardáin dearfach i gcoitinne le haghaidh comhtháthú i margadh an tsaothair(64); de bhrí go bhfuil obair ardáin ilchineálach agus, mar thoradh air sin, go ndéanfaí an bonn a bhaint ó chineálacha tábhachtacha oibre atá ag teacht chun cinn le réiteach a oireann do chách(65);

BL.  de bhrí gur bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) i mí Iúil 2019 chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm agus i bhforfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus le comhordú na slándála sóisialta; de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis go mbainfidh ELA a lánacmhainneacht oibríochtúil amach faoi 2024;

BM.  de bhrí, cé gur fhógair an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige togra maidir le hUimhir Slándála Sóisialta Eorpach a chur ar aghaidh, ní dhearnadh aon togra nithiúil a chur ar aghaidh go dtí seo;

BN.  de bhrí gurbh ionann ráta na foghlama aosaí in AE agus 11,1 % in 2018, agus gurbh ionann agus 15 % sprioc 2020(66); de bhrí go bhfuil acmhainneacht mhór ag an teicneolaíocht agus ag an nuálaíocht i dtaca le deiseanna a scaoileadh, ina dhiaidh sin féin, go bhfuil níos mó ná 40 % de dhaoine fásta in AE nach bhfuil scileanna bunúsacha digiteach acu;

Iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19

BO.  de bhrí, le linn ghéarchéim airgeadais 2008, gur tháinig méadú mór ar dhífhostaíocht, ar fhostaíocht fhorbhásach agus ar fhostaíocht neamhghnách agus go bhfuil an fócas anois freisin, le linn ghéarchéim COVID-19, ar shaincheisteanna sóisialta lena mbaineann caillteanas post, obair ghearrthéarmach agus bagairt ar mhodh maireachtála e.g. d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), do cheardtionscail bheaga, do thrádálaithe beaga agus d’oibrithe trasteorann; de bhrí go bhfuil an meánaicme ag laghdú, go bhfuil an bhearna idir daoine saibhre agus daoine bochta go seasta ag méadú agus go bhfuil géarchéim COVID-19 ag cur leis na héagothromaíochtaí móra sna Ballstáit agus idir na Ballstáit;

BP.  de bhrí, in Aibreán 2020, le linn phaindéim COVID-19, gur tháinig laghdú ar uaireanta oibre 50 % d’oibrithe in AE, agus gur thug níos mó ná trian (34 %) díobh sin le fios gur laghdú ‘mór’ a bhí ann agus gur thug 16 % díobh le fios gur laghdú ‘beag’ a bhí ann(67);

BQ.  de bhrí go measann 75 % de shaoránaigh AE go bhfuil a staid airgeadais reatha níos measa ná mar a bhí roimh phaindéim COVID-19, agus go dtugann 68 % díobh le fios go bhfuil deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail agus go bhfuil 68 % díobh ann nach bhfuil in ann a gcaighdeán maireachtála a choimeád ar feadh níos mó ná trí mhí gan ioncam; de bhrí go gcreideann 16 % d’oibrithe in AE gur dócha go gcaillfidh siad a bpoist go luath amach anseo(68);

BR.  de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha fadtéarmacha a bheith ag an ngéarchéim eacnamaíoch, a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19, do mhargadh an tsaothair, go háirithe do dhaoine óga nó d’oibrithe leochaileacha, mar go bhféadfadh sí iallach a chur orthu glacadh le poist fhorbhásacha agus neamhthipiciúla, rud a dhéanfaidh dálaí oibre níos measa agus a mhéadóidh na héagothromaíochtaí atá ann cheana;

BS.  de bhrí gurb é is dóichí, dá bhrí sin, go mbeidh tionchar díreach ag paindéim COVID-19 ó thaobh bochtaineacht agus bochtaineacht lucht oibre a mhéadú(69), go háirithe i measc na ngrúpaí is leochailí sa tsochaí;

BT.  de bhrí gur léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil gá le cosaint shóisialta níos cuimsithí lena gcumhdaítear gach cineál oibrithe, go háirithe oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe ardáin;

BU.  de bhrí go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar líon na bpost lena ngabhann pá íseal agus ardphá, ach go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na ngairmeacha lena ngabhann meánphá; de bhrí nach ionann poist lena ngabhann pá íseal agus poist lena ngabhann cáilíochtaí ísle, go háirithe i gcás oibrithe ardáin; de bhrí go bhfuil ag méadú ar an éileamh atá ar oibrithe ardoilte, fiú i bpoist lena ngabhann pá íseal;

1.  á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mbeidh dálaí oibre ag na hoibrithe uile lena n-urramófar a sláinte, a sábháilteacht agus a ndínit agus á iarraidh go dtabharfar aird ar an bhfíoras gur measa an neamhionannas agus an leithscaradh mar gheall ar an mbochtaineacht agus ar eisiamh ó mhargadh an tsaothair agus ón tsochaí; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, agus a mbeartais á gcur chun feidhme acu, múnla sóisialta AE a neartú tuilleadh agus ceanglais a bhaineann le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le caighdeán cuibhiúil maireachtála agus cosaint shóisialta leormhaith do chách a ráthú, agus leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a chur san áireamh;

2.  á chur i bhfáth go leagtar amach in CAE go bhfuil sé d’oibleagáid bhunúsach ar an Aontas oibriú ionsar fhorbairt inbhuanaithe na hEorpa, ar bhonn, inter alia, geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus a bhfuil sé mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta agus ardleibhéal cosanta a bhaint amach; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus gur cheart dó ceartas sóisialta agus cosaint shóisialta, comhionannas idir mná agus fir, dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus cosaint chearta an linbh a chur chun cinn;

3.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil an neamhionannas ioncaim in AE mar réigiún domhanda níos ísle ná mar atá sé i roinnt mórgheilleagair ardfhorbartha eile, ach gur ábhar imní fós é; á chur i bhfáth gur cúis le himní faoin gcothroime é neamhionannas ard, mar go bhféadfadh neamhionannas buanseasmhach a bheith ina shiocair le neamhionannas deiseanna agus le fás féideartha a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh nasc a bheith ann idir éagothromaíocht réasúnta ard agus ráta riosca bochtaineachta níos airde agus eisiamh sóisialta níos suntasaí agus ráta anáis airgeadais níos airde agus, dá réir sin, go bhféadfadh sí an comhtháthú sóisialta a laghdú(70);

4.  ag tabhairt dá haire, in ainneoin go bhfuil éagsúlacht nach beag ann idir na rátaí bochtaineachta i measc na mban ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, go bhfuil baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta sna grúpaí riosca lena mbaineann mná scothaosta, mná singile, mná ag a bhfuil leanaí agus máithreacha aonair, dídeanaithe mná agus mná imirceacha, mná de chine daite, mná ó mhionlaigh eitneacha, mná homaighnéasacha, déghnéasacha agus trasinscneacha, go bhfuil an baol sin ard, agus gurb í an mhéantreocht atá ann ná go bhfuil mná níos mó i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta ná fir (22,8 % in 2018 in AE); ag tabhairt dá haire go bhfágann tosca riosca trasnacha eile, amhail neamhghníomhaíocht, easpa seirbhísí cúraim do leanaí agus do dhaoine cleithiúnacha den teaghlach, catagóirí sonracha ban a bheith níos leochailí i leith rioscaí bochtaineachta ná cinn eile;

5.   á chur i bhfáth go bhfuil duine as beirt de chúlra imirceach neamh-AE i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta, go bhfuil leibhéil na hoibre forbhásaí an-ard i measc mná imirceacha agus dídeanaithe mná, agus go bhfuil na mná sin ag a bhfuil stádas cleithiúnach nó mírialta i mbaol rátaí bochtaineachta atá an-ard go deo; á chur i bhfáth go bhfuil ag ceathrar comhaltaí as cúigear den phobal Romach ioncam atá faoi bhun thairseach na bochtaineachta agus go bhfuil níos lú ná duine as cúigear de mhná Romacha (atá 16 bliana d’aois agus os a chionn) i bhfostaíocht; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh atá mar gheall ar idirdhealú sa rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhostaíocht, agus mar gheall ar cháilíocht an oideachais, na hoiliúna agus na fostaíochta; á iarraidh go n-oibreoidh AE leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin fostaíochta AE agus náisiúnta a chur chun feidhme ina n-iomláine gan idirdhealú d’aon chineál, lena n-áirítear trí shásraí faireacháin, gearáin agus sásaimh atá éifeachtach, neamhspleách agus inrochtana ag gach oibrí;

6.  á chur i bhfios go bhfuil, de réir Eurostat, 64,6 milliún bean agus 57,6 milliún fear faoi láthair ann atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht sna Ballstáit, lena léirítear nach ionann an tionchar atá ag an mbochtaineacht ar mhná le hais mar atá aici ar fhir; ag tabhairt dá haire go léiríonn na figiúirí sin an líon iarbhír ban dá ndéantar difear, agus nach mór iad a scrúdú i dteannta táscairí eile, amhail aois, ionchas saoil, neamhionannais ioncaim, an bhearna phá idir na hinscní, an cineál teaghlaigh agus aistrithe sóisialta, chun a suntas iomlán a thuiscint; á chur i bhfáth gur dócha neamhshuim a bheith á déanamh de leochaileacht na mban i leith na bochtaineachta, agus á iarraidh ar na Ballstáit sonraí maidir leis an mbochtaineacht a bhailiú ar shlí lena léirítear teaghlach agus cás aonair duine, maille le sonraí comhionannais ábhartha, agus anailísí inscne a dhéanamh ar staidreamh agus beartais i leith na bochtaineachta, óir ní féidir glacadh leis go ndéantar acmhainní a roinnt go cothrom idir fir agus mná laistigh de theaghlaigh;

Bearta i gcoinne an neamhionannais

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an sprioc maidir le dálaí maireachtála inchomparáide a bheith ann a chur chun feidhme trí chóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos, chun cur in aghaidh an neamhionannais atá ag dul i méid sna Ballstáit agus eatarthu agus chun an dlúthpháirtíocht a mhéadú; ag spreagadh na mBallstát chun córais chómhargála a neartú agus íoschosaintí sóisialta agus córas slándála sóisialta a áirithiú do gach aoisghrúpa; á chur i bhfáth gur féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí na hionstraimí seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, amhail ioncam íosta, íosphá agus pinsin íosta faoin gcéad cholún(71), i gcomhréir le hinniúlachtaí agus le dlíthe gach Ballstáit, agus prionsabail uile an Aontais Eorpaigh á n-urramú, lena n-áirítear cearta bunúsacha, comhréireacht, deimhneacht dhlíthiúil, comhionannas roimh an dlí agus coimhdeacht;

8.  á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit nach mór go mbeadh sé mar chuid den sprioc fhoriomlán chun an bhochtaineacht san Aontas Eorpach a dhíothú an bhochtaineacht lucht oibre a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi;

9.  á chreidiúint go bhfuil infhaighteacht seirbhísí inacmhainne agus inrochtana (go háirithe seirbhísí poiblí) d’ardchaighdeán riachtanach chun éagothromaíochtaí agus leibhéil na bochtaineachta a laghdú; á mheas gur riachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit bearta chun rochtain ar sheirbhísí d’ardcháilíocht a ráthú agus, mar thoradh air sin, rochtain uilíoch ar chúram sláinte, ar oideachas, ar thithíocht inacmhainne, ar sholáthar fuinnimh agus ar chosaintí sóisialta a ráthú;

10.  á chur in iúl gur deimhin léi nach bhfuil feidhm a thuilleadh sa lá atá inniu ann ag an bprionsabal ‘gurb í an obair an réiteach is fearr ar an mbochtaineacht’ i bhfianaise earnálacha lena ngabhann pá íseal agus dálaí oibre forbhásacha (lena n-áirítear cineálacha áirithe fostaíochta neamhghnáiche), rud atá ag déanamh difear d’inbhuanaitheacht agus do leordhóthanacht na gcóras slándála sóisialta; á chreidiúint, ina theannta sin, gur ionstraimí tábhachtacha iad comhaontuithe comhchoiteanna éifeachtacha agus córais éifeachtacha phá íosta reachtúil, i gcás inarb infheidhme, chun an bhochtaineacht a chomhrac;

11.  á chur i bhfios go bhfuil an fás ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an bhforbhásacht agus leis an mbochtaineacht; á chur in iúl gur deimhin léi gur gá an fhiontraíocht a chothú, lena n-áirítear i measc ban agus daoine óga; á chur i bhfios nach mór tacú le FBManna a chruthaíonn poist agus rachmas agus arb iad cnámh droma gheilleagar na hEorpa iad; á chur i bhfios go gcuireann siad beocht i gcríocha agus go gcuireann siad leis an nuálaíocht agus le margadh saothair iomaíoch, éagsúlaithe agus inbhuanaithe a thógáil; á chur i bhfáth nach mór do reachtaíocht AE dul chun tairbhe gnólachtaí, go háirithe FBManna;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ar bhonn a n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiúin EIS agus faoi Chairt Shóisialta athbhreithnithe na hEorpa agus ar bhonn na ngealltanas a thug siad maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na SDGanna, an chómhargáil a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit a reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú i gcás ina gcuireann sí bac ar an gcómhargáil agus ar an gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a aontú, caibidlíocht a dhéanamh orthu agus iad a thabhairt i gcrích, agus an ceart chun tuarastal iosta cóir a urramú agus a fhorfheidhmiú, i gcás inarb infheidhme;

13.  á chur i bhfáth gurb ann do chomhchruinniú níos airde de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus de phoist ardoilte i limistéir uirbeacha mar thoradh ar fhorbairtí teicneolaíochta agus ar athruithe i struchtúr an gheilleagair, rud lena méadaítear éagothromaíochtaí sóisialta agus geografacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí sa teicneolaíocht dhigiteach i gceantair thuaithe a neartú chun cur le seirbhísí poiblí, feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-éifeachtúlacht agus modhanna nua seachadta seirbhíse a chruthú do réigiúin iargúlta agus réigiúin nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus deiseanna fostaíochta níos fearr a chruthú;

14.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre scileanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil leibhéil ísle oideachais ar cheann de na bunchúiseanna atá leis an mbochtaineacht lucht oibre agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu;

15.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann ar oideachas agus oiliúint chuimsitheach a ráthú do chách agus cur lena n-iarrachtaí chun luathfhágáil na scoile a laghdú;

16.  á chur i bhfios go láidir gur riachtanach iad oideachas ar ardchaighdeán ó aois óg, gairmoideachas agus gairmoiliúint, athoiliúint agus uasoiliúint chun neamhionannais a laghdú, feabhas a chur ar chumas oibrithe iad féin a chur in oiriúint do shaol athraitheach na hoibre agus a n-aistriú rathúil chuig an bhfostaíocht a éascú;

17.  á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, oibriú i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun córais oideachais agus oiliúna a neartú agus a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-ábharthacht do mhargadh an tsaothair agus don fhéinfhorbairt, lena n-áirítear d’fhonn cur ar chumas daoine rochtain a bheith acu ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil;

18.  á chur i bhfáth go bhfágann an claochlú digiteach agus líon méadaitheach na ngairmeacha ardcháilithe agus ardoilte go bhfuil gá le hinfheistíocht spriocdhírithe san fhoghlaim ar feadh an tsaoil ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun tacaíocht chomhleanúnach agus chuimsitheach a chur ar fáil ar mhaithe leis na scileanna digiteacha a bhfuil gá leo a fhorbairt, lena n-áirítear d’oibrithe scothaosta; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar infheistíocht spriocdhírithe san athoiliúint agus uas-sciliú digiteach chun go mbeidh ar chumas oibrithe oiriúnú don athrú agus pá níos airde a bhaint amach;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leibhéal leordhóthanach oideachais agus oiliúna a chur ar fáil do dhaoine óga lena gcuirfear ar a gcumas acu freastal ar riachtanais agus dúshláin mhargadh an tsaothair agus lena gcuirfear eolas orthu maidir lena gcearta saothair agus sóisialta ionas nach bhfaighfear i bhfostaíocht neamhthipiciúil agus fhorbhásach iad;

20.  á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcás coinbhleachtaí idir saoirsí bunúsacha eacnamaíocha agus cearta bunúsacha sóisialta agus saothair, go gcaithfear le cearta bunúsacha sóisialta agus saothair ar an leibhéal céanna le saoirsí eacnamaíocha an mhargaidh aonair;

21.  á iarraidh go mbunófar straitéis uileghabhálach Eorpach i gcoinne na bochtaineachta, ina mbeidh spriocanna uaillmhianacha chun an bhochtaineacht a laghdú agus deireadh a chur leis an bhfíorbhochtaineacht san Eoraip faoi 2030, i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na SDGanna á gcur san áireamh;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas a bhaint as ionstraimí airgeadais amhail an Ráthaíocht don Aos Óg agus cláir AE chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, borradh a chur faoi infhostaitheacht daoine óga agus iad a spreagadh chun poist chobhsaí agus neamhfhorbhásacha a ghlacadh;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta iarbhír a ghlacadh chun seachaint cánach agus calaois chánach a chomhrac mar bhealach tábhachtach chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha a laghdú agus feabhas a chur ar bhailiú ioncaim ó cháin sna Ballstáit;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chreat le haghaidh bunú agus forbairt comharchumann agus fhiontair an gheilleagair shóisialta a thabhairt cothrom le dáta, lena gcuirtear béim níos mó de réir a gcineáil ar dhálaí córa oibre agus ar chumhachtú oibrithe;

25.   á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh a thabhairt isteach chun cumhachtú na mban a chur chun cinn trí oideachas, trí ghairmoiliúint agus trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, mar aon le rochtain ar mhaoiniú, fiontraíocht na mban agus ionadaíocht na mban in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí d’fhonn rochtain ar fhostaíocht ardcháilíochta a áirithiú; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfar ábhair ETIM, an t-oideachas digiteach, an intleacht shaorga agus an inniúlacht airgeadais a chur chun cinn tuilleadh chun steiréitíopaí atá ann faoi láthair a chomhrac agus chun a áirithiú go rachaidh tuilleadh ban isteach sna hearnálacha sin chun rannchuidiú lena bhforbairt;

26.   ag leagan béim ar an idirphlé rialta idir mná atá i ngreim ag an mbochtaineacht agus cinnteoirí trí fhóraim ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal AE chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht beartas/seirbhísí reatha agus chun réitigh a mholadh;

27.   á chur i bhfios go láidir gur gá maoiniú leormhaith a áirithiú do ENRanna agus béim a leagan ar an ngá go ndéanfaidís cistí AE a rochtain chun seirbhísí nuálacha agus éifeachtacha a sholáthar chun comhrac i gcoinne na bochtaineachta;

28.  á chur in iúl gur geal léi an plean ón gCoimisiún ráthaíocht i dtaobh leanaí(72) a thíolacadh gan mhoill;

29.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar thithíocht chuibhiúil, inacmhainne, inrochtana, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus shláintiúil a áirithiú do chách agus tuilleadh a dhéanamh chun tithíocht shóisialta a chur chun cinn, lena n-áirítear tithíocht phoiblí; ag spreagadh na mBallstát chun malartú dea-chleachtas maidir le beartais éifeachtacha tithíochta sóisialta a neartú;

30.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla beartais leordhóthanacha tithíochta a ghlacadh, dálaí agus tacaíocht a chruthú d’infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne, agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat straitéiseach AE a mholadh do straitéisí náisiúnta um easpa dídine i bhfianaise na nasc atá idir an bhochtaineacht lucht oibre agus an easpa dídine; á iarraidh ar na Ballstáit bearta práinneacha a ghlacadh chun an easpa dídine a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi agus chun díshealbhú éigeantach a chosc;

32.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé maoiniú a mhéadú faoi Chiste nua Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) do na daoine is díothaí mar phríomhghné de dhlúthpháirtíocht na hEorpa agus mar bhealach chun cuidiú le dul i ngleic leis na cineálacha bochtaineachta is measa in AE, amhail díothacht bia agus bochtaineacht leanaí;

Coimirciú íosta dálaí maireachtála agus oibre

33.  á mheas go bhfuil gá le creat reachtach d’fhonn dálaí teilea-oibre a rialáil ar fud AE chun dálaí maithe oibre agus fostaíochta a áirithiú sa gheilleagar digiteach, lena mbeifí, ar an gcaoi sin, ag rannchuidiú le héagothromaíochtaí a laghdú agus le haghaidh a thabhairt ar cheist na bochtaineachta lucht oibre;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat AE maidir le hioncam íosta a thíolacadh;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistiú i mbeartais ghníomhacha saothair chun oibrithe agus geilleagair na hEorpa a dhéanamh níos athléimní agus chun go mbeidh scileanna luachmhara ag oibrithe;

36.  ag aithint an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó AE chun a áirithiú go gcosnófar oibrithe in AE le híosphá leordhóthanach lena bhféadfar maireachtáil go cuibhiúil;

37.  á chur i bhfáth gur cheart, leis an treoir, go gcuirfear coimircí soiléire ar fáil sna Ballstáit ina ndéantar, mar riail ghinearálta, pá a chómhargáil ag comhpháirtithe sóisialta;

38.  ag meabhrú na mbeart arna moladh i dtreoirlínte polaitiúla an Choimisiúin do 2019-2024(73), arb é is aidhm leo a áirithiú go mbeidh pá íosta cóir ag oibrithe san Aontas lenar cheart go bhféadfaidís maireachtáil go cuibhiúil cibé áit a n-oibríonn siad;

39.  á mheabhrú, i gcomhréir le prionsabal an neamh-chúlchéimnithe agus le forálacha níos fabhraí, go bhforáiltear le treoracha maidir le cearta saothair d’íoschaighdeáin agus go bhfuil saoirse ag na Ballstáit aonair leibhéil níos airde de chosaint agus de chaighdeáin a chur ar fáil;

40.  á mheas gur cheart go n-áiritheofar leis an treoir sin, trí chomhaontuithe comhchoiteanna agus pá íosta reachtúil, nach mbeidh aon oibrithe ná a dteaghlaigh i mbaol na bochtaineachta agus go mbeidh gach duine in ann maireachtáil óna chuid oibre agus páirt a ghlacadh sa tsochaí;

41.  á chur i bhfios go láidir gur cheart a áirithiú leis an treoir chríochnaitheach go socrófar pá íosta reachtúil – i gcás inarb infheidhme – os cionn thairseach na bochtaineachta i gcónaí;

42.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá íosta i bhfeidhm, ag teacht le cleachtais náisiúnta agus a dtionchar ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar an mbochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh;

43.  á chur i bhfáth nach mór bearta a ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh fostóirí páirteach i gcleachtais lena mbaintear den phá íosta na costais atá riachtanach chun an obair a dhéanamh, amhail cóiríocht, an t-éadach riachtanach, uirlisí, cosaint phearsanta agus trealamh eile;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an creat reachtach maidir le dálaí oibre íosta do gach oibrí a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás na n-oibrithe sin atá fostaithe faoi dhálaí oibre forbhásacha, a mbíonn tionchar acu go minic freisin ar oibrithe neamhthipiciúla nó neamhchaighdeánacha sa gheilleagar poistíneachta, agus feabhas a chur ar an gcreat sin trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa reachtaíocht agus na treoracha atá ann cheana a fheabhsú(74) nó trí ghníomhartha nua dlí i gcás inarb ábhartha;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe a chomhlánú agus tacú leo;

46.  á thabhairt chun suntais go bhfuil soghluaisteacht an lucht saothair ríthábhachtach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as buanna agus uaillmhianta na nEorpach, feidhmíocht eacnamaíoch agus rathúnas cuideachtaí agus daoine aonair a uasmhéadú agus raon leathan deiseanna a chur ar fáil do dhaoine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur leis na bacainní atá ann cheana ar shoghluaisteacht san Aontas Eorpach;

47.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre(75);

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí lena gcuirtear leis an mbochtaineacht lucht oibre a chomhrac, amhail ragobair neamhdhearbhaithe, pleanáil neamhiontaofa nó dhothuartha an ama oibre ag fostóirí, conarthaí gan íosmhéid uaireanta, gníomhaíocht eacnamaíoch neamhdhearbhaithe agus an geilleagar liath; á mheabhrú gurb iad na fostóirí atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre agus nach mór oiliúint a bhaineann leis an obair a dhéanamh le linn uaireanta oibre;

49.  ag tabhairt dá haire go ndearnadh Cruinniú Mullaigh Eorpach an Choimisiúin maidir le hObair Ardáin, a raibh mar aidhm leis feabhas a chur ar dhálaí saothair oibrithe ardáin, a chur ar athló mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; ag tathant ar an gCoimisiún an cruinniú mullaigh sin a reáchtáil a luaithe is féidir;

50.  ag tabhairt dá haire go mbaineann iarmhairtí sochaíocha le hobair ardáin, eadhon oibrithe nach mbíonn cearta saothair ná cosaintí sóisialta acu agus a chailleann amach ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus ar chánacha;

51.  ag aithint an phlean ón gCoimisiún togra reachtach(76) a ghlacadh maidir le hoibrithe ardáin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an caidreamh saothair idir ardáin agus oibrithe a chur in oiriúint do na réaltachtaí nua a bhaineann le sochaí agus geilleagar digitithe agus go ndéanfar soiléiriú orthu trí bhíthin na hoibrithe sin a chumhdach trí dhlíthe saothair agus forálacha slándála sóisialta atá ann cheana, chun dálaí oibre, scileanna agus oideachas oibrithe ardáin a fheabhsú, agus chun uaireanta oibre intuartha a áirithiú d’oibrithe ardáin;

52.  á chur i bhfáth gur cheart go n-áiritheofar le togra reachtach AE gur féidir le hoibrithe ardáin ionadaíochtaí oibrithe a bhunú agus teacht le chéile in aontais chun comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích;

53.  á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí go pras agus a chur chun feidhme go hiomlán(77);

54.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram leanaí atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán a áirithiú go ginearálta agus go háirithe do thuismitheoirí aonair, do thuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas agus do thuismitheoirí teaghlach mór; á mheabhrú go bhfuil rochtain ar chúram leanaí thar a bheith tábhachtach do chuardaitheoirí poist agus d’oibrithe atá i staid fostaíochta éagobhsaí, gan beann ar chineál an chonartha, mar aon le rochtain ar shaoráidí cúraim do dhaoine faoi mhíchumas nó do ghaolta cleithiúnacha, chun cosc a chur ar na hoibrithe sin a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a bheith sáinnithe in obair fhorbhásach, as a n-eascraíonn bochtaineacht lucht oibre;

55.  á chur i bhfáth go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag roghanna níos fearr maidir le saoire roinnte do thuismitheoirí ar chúrsaí fostaíochta do mhná; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar tairbhithe na híocaíochta nó na liúntas a ghabhann le saoire do thuismitheoirí ó thitim faoi bhun líne na bochtaineachta;

56.  á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le comhionannas, dul i ngleic le gach cineál idirdhealaithe, go háirithe maidir le pá agus dálaí oibre, comhdheiseanna a chur ar fáil agus bearnaí sa reachtaíocht a dhéanann difear do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste a dhúnadh; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfar an Treoir chothrománach maidir leis an bhFrith-Idirdhealú a dhíbhlocáil;

57.  á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht chomhionann agus deiseanna comhionanna a chur chun cinn d’fhir agus do mhná i margadh an tsaothair agus tionscnaimh a thabhairt isteach chun rochtain na mban ar mhaoiniú, fiontraíocht na mban agus neamhspleáchas airgeadais na mban a chur chun cinn;

58.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní agus leis an mbearna phinsin a eascraíonn as sin chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht i measc na mban san obair; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé tacaíocht iomchuí airgeadais a chur ar fáil do chúram leanaí le linn saoire mháithreachais agus saoire do thuismitheoirí;

59.  á iarraidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar fhreagrachtaí tógála leanaí a chur san áireamh i scéimeanna pinsin nuair nach féidir le mná obair a dhéanamh agus ar ranníocaíochtaí oiriúnacha a dhéanamh le linn na dtréimhsí sin;

60.  á chur i bhfáth gur cheart go ndíreofar le bearta trédhearcachta pá ar phá comhionann a bhaint amach agus gur cheart go gceadófar do chomhpháirtithe sóisialta leo comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích chun an sprioc sin a bhaint amach;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis um Míchumas a thíolacadh i ndiaidh 2020 chun a áirithiú go ndéanfar daoine faoi mhíchumas a chuimsiú go hiomlán sa mhargadh saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na scileanna is gá chun fostaíocht a bhaint amach sa mhargadh saothair oscailte a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus go gcumhdófar le dlí an tsaothair, le cosaintí sóisialta agus le pá íosta iad;

62.  á iarraidh ar na Ballstáit gan a dteidlíochtaí míchumais a cheilt ar dhaoine faoi mhíchumas, lena gcumhdófaí na costais bhreise a bhaineann lena míchumas agus iad ag dul isteach sa mhargadh saothair nó agus tairseach ioncaim áirithe á sárú acu, toisc go gcuireann an cleachtas sin leis an mbochtaineacht lucht oibre; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú chun tacú le daoine faoi mhíchumas bacainní a shárú;

63.  á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann a gcearta saothair agus ceardchumainn a fheidhmiú ar bhonn cothrom le daoine eile;

64.  ag athdhearbhú a hiarrata(78) ar an gCoimisiún bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a thíolacadh gan mhoill i gcomhréir lena ghealltanas sa Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025(79); á mheas gur cheart, leis na bearta sin, neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta a urramú go hiomlán;

65.  á áitiú gur cheart d’fhostóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon trédhearcacht pá a ráthú, agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí FBManna, agus ag an am céanna, cosc a chur ar aon chleachtais lena mbaintear an bonn ó bhaint amach an phrionsabail ‘pá comhionann as obair chomhionann’;

66.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an mbochtaineacht lucht oibre a dhéanann difear do dhaoine óga; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an bhféinfhostaíocht bhréagach agus ar shaothrú oibrithe óga trí phá íseal agus dálaí oibre doiléire nó éagóracha, a bhféadfadh bochtaineacht lucht oibre eascairt astu; á dhearbhú go bhfuil géarghá leis an gCreat Eorpach Cáilíochta do Chúrsaí Oiliúna a athbhreithniú agus a neartú chun an prionsabal maidir le luach saothair tréimhsí oiliúna agus intéirneachtaí a áireamh mar chuid de na critéir cháilíochta, agus freisin chun rochtain leordhóthanach ar scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú; á athdhearbhú nár cheart go bhféachfaí ar fhostaíocht don aos óg mar obair shaor agus gur cheart dálaí oibre cothroma agus pá cothrom a thabhairt do dhaoine óga, mar aon le conarthaí oibre rialta, de réir a dtaithí agus a gcáilíochtaí freisin;

67.  á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh méadú teacht ar obair neamhchaighdeánach agus fhorbhásach mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí leis an íosphá reachtúil gach oibrí, lena n-áirítear na catagóirí oibrithe atá eisiata faoi láthair amhail oibrithe neamhchaighdeánacha;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit staidreamh níos mionsonraithe a bhailiú faoin méadú atá ag teacht ar fhostaíocht fhorbhásach agus ar chineálacha áirithe fostaíochta neamhthipiciúla sna margaí saothair agus bearta freagrúla a dhéanamh trí na dlíthe saothair atá ann cheana a oiriúnú agus a nuachóiriú;

69.  á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh na mBallstát lena ndírítear ar fhostaíocht fhorbhásach a laghdú agus deireadh a chur le cleachtais chalaoiseacha atá beartaithe chun pá a fhoghearradh agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a sheachaint(80) agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh, laistigh de theorainneacha a inniúlachtaí, mar atá sainithe sna Conarthaí;

70.  á mheabhrú do na Ballstáit gur cheart go leanfadh seirbhísí poiblí fostaíochta a oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil d’fostaíocht ardcháilíochta;

71.  ag tathant ar na Ballstáit úsáid conarthaí gan íosmhéid uaireanta a chéimniú amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le hobair pháirtaimseartha ainneonach agus iarrachtaí láidre a dhéanamh chun fostaíocht neamhiata a chur chun cinn agus chun srian a chur ar úsáid conarthaí sealadacha arna n-athnuachan go leanúnach;

72.  á chreidiúint go daingean go bhfuil freagracht iomlán ar fhostóirí an trealamh, na héadaí agus an t-árachas is gá a chur ar fáil d’fhostaithe chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh gan aon chostas ar na hoibrithe iad féin; á chur i bhfáth go bhfuil fostóirí freagrach go hiomlán as na speansais nó as an oiliúint is gá d’fhostaithe chun a ról a chomhlíonadh;

73.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar dlí AE maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú go cuí agus, go háirithe, a áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas faoina gcearta, faoina n-oibleagáidí agus faoina gcoimircí nós imeachta i dteanga a thuigeann siad sula síneoidh siad a gconarthaí(81); á iarraidh ar ELA agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta saothair agus sóisialta is infheidhme; á iarraidh ar na Ballstáit cigireachtaí saothair a chur ar bun agus ELA a rannpháirtiú i gcásanna trasteorann;

74.  á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh cigireachtaí saothair náisiúnta rialuithe agus cigireachtaí éifeachtacha agus leormhaithe, go gcuirfidh siad sásraí oiriúnacha um ghearáin ar fáil, agus go seasfaidh siad le cearta gach oibrí, go háirithe iad siúd atá i bhfostaíocht fhorbhásach agus i gcineálacha áirithe fostaíochta neamhthipiciúla, agus go n-áiritheofar cistiú leormhaith dóibh;

75.  á iarraidh ar na Ballstáit go bhforfheidhmeofar an Treoir athbhreithnithe maidir le hOibrithe a Phostú chun fíorchosaint d’oibrithe sa chatagóir sin a áirithiú;

76.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le faireachán agus rialú i gcásanna náisiúnach tríú tír atá ag obair laistigh den Aontas chun cosaint na náisiúnach sin a áirithiú agus chun mí-úsáidí a sheachaint; á iarraidh ar na Ballstáit dianchomhar le ELA a shaothrú i ndáil leis sin;

77.  á iarraidh go mbeadh fíorchumhachtaí cigireachta ag ELA chun cleachtais neamhdhleathacha agus an dúshaothrú agus mí-úsáid oibrithe a chomhrac go héifeachtach;

78.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na treoirlínte ón gCoimisiún an 16 Iúil 2020 maidir le hoibrithe séasúracha a chosaint agus na conclúidí ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hoibrithe séasúracha;

79.  ag tabhairt dá haire go bhfuair an Coiste um Achainíocha líon ard achainíocha, ina dtarraingítear a haird ar úsáid éagórach conarthaí ar théarma seasta san earnáil phoiblí(82) agus san earnáil phríobháideach(83) araon agus ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gurb í an éiginnteacht fostaíochta is minice a luaitear a bheith ina cúis le strus oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na hachainíocha sin agus freagairt níos fearr a thabhairt ina leith, i gcomhréir lena inniúlachtaí agus le hinniúlachtaí na mBallstát chun dul i ngleic go héifeachtach le bochtaineacht lucht oibre, le heisiamh sóisialta agus le hobair fhorbhásach;

80.   á mheas gur cineál tromchúiseach d’fhoréigean iad striapachas agus dúshaothrú a dhéanann difear do mhná agus leanaí go príomha; á iarraidh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun na cúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha atá leis an striapachas a chomhrac agus tacú le bearta do dhaoine a bhí ina striapaigh chun a n-athimeascadh sóisialta agus gairmiúil a éascú;

81.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart níos mó béime a leagan ar luachanna agus beartais lena gcuirtear chun cinn an obair agus a nasc le feabhas a chur ar cháilíocht saoil daoine, agus gur cheart go ndéanfadh na luachanna agus na beartais sin rannchuidiú fónta le feabhas a chur ar a dtimpeallacht shóisialta agus fhisiciúil;

82.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an Pacáiste Soghluaisteachta; á chreidiúint gur uirlis láidir é an Pacáiste Soghluaisteachta chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta agus le bochtaineacht lucht oibre in earnáil an iompair; á iarraidh go ndéanfaí Rialachán (AE) 2020/1054(84) maidir le tréimhsí tiomána, tréimhsí scíthe agus tacagraif a chur chun feidhme go tapa agus go hiomlán ar mhaithe le tiománaithe trucailí ar fud na hEorpa; á chur i bhfáth nach mór tionscnaimh bhreise agus chomhchosúla a dhéanamh chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta agus bochtaineacht lucht oibre do thionscail eile a bhfuil tionchar ag dumpáil shóisialta agus drochdhálaí oibre orthu, amhail aeriompar agus tionscal na loingseoireachta;

83.  á chreidiúint gur cheart do chuideachtaí intéirneachtaí a mheas mar infheistíocht seachas mar obair shaor; á mheabhrú gur minic nach mbíonn aon fhoinsí eile ioncaim ag daoine óga agus iad ag obair mar intéirnigh; á mheas go bhfuil rannchuidiú na n-intéirneach luachmhar agus ríthábhachtach agus gur cheart iad a íoc; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le cleachtas na n-intéirneachtaí neamhíoctha agus intéirneachtaí ardchaighdeáin le pá cuibhiúil a ráthú;

84.  á chreidiúint gur cheart oibrithe fásta óga a íoc ar bhonn an leibhéil taithí atá acu agus níor cheart idirdhealú a dhéanamh orthu i bhfoirm pá i bhfad níos ísle bunaithe go heisiach ar a n-aois; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, deireadh a chur le cleachtas an phá fho-íosta reachtúil d’oibrithe fásta óga;

Comhaontuithe cómhargála

85.  ag tabhairt dá haire gur sócmhainn luachmhar é neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus á chur i bhfáth gur gá é a áirithiú i ngach Ballstát agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an neamhspleáchais sin ar leibhéal AE; ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún(85) maidir le córais chómhargála ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe ar an leibhéal earnála, a chosaint agus a neartú;

86.  á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid CSE+ a chur chun cinn chun acmhainneacht a fhothú i measc comhpháirtithe sóisialta agus é mar aidhm cómhargáil san Eoraip a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit na hinstitiúidí agus sásraí is gá a bhunú chun tacú le cómhargáil, agus béim ar leith á cur ar chómhargáil earnála; á iarraidh ar na Ballstáit dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus iad a rannpháirtiú sa reachtóireacht nuair is ábhartha;

87.  ag aithint an togra ón gCoimisiún go ndéanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta lena gcumasaítear dálaí le haghaidh cómhargála i gcás inar lú an cumhdach ná 70 %(86) d’oibrithe; á chur i bhfáth nach mór do na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta chun aon ghníomhaíocht den sórt sin a thionscnamh; á chreidiúint nár cheart go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht a dhéantar i ndáil leis sin isteach ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta;

88.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an gceart atá ag gach oibrí comhaontuithe cómhargála a eagrú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, agus á iarraidh ar na Ballstáit an ceart sin a áirithiú, agus gníomhaíocht a dhéanamh láithreach i gcás ina sárófar an ceart sin;

89.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag ceardchumainn ar an áit oibre, lena n-áirítear cianobair, chun críoch eagrúcháin, comhroinnte faisnéise agus comhairliúcháin;

90.  ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí(87) ar mhaithe leis an iomaíocht a rachadh chun dochar do phá a chosc, ionas gurb iad na daoine sin nach ndéanann sárú ar na comhaontuithe cómhargála atá ann cheana, agus na daoine sin amháin, a bheidh in ann tairiscint a dhéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit comhlíonadh, faireachán agus forfheidhmiú a áirithiú;

91.  ag aithint go bhfuil méadú suntasach tagtha ar fhéinfhostaíocht agus ar chineálacha oibre neamhthipiciúla mar thoradh ar an digitiú agus ar an domhandú; á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Choimisiúin do measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá bearta a ghlacadh ar leibhéal AE lena lamháiltear do dhaoine aonair féinfhostaithe comhaontuithe cómhargála a thabhairt le chéile agus a thabhairt i gcrích, chomh maith lena thiomantas d’athruithe rialála a mholadh nuair is gá agus an comhairliúchán poiblí a rinneadh le déanaí i ndáil leis sin; ag fanacht leis an measúnú tionchair a fhoilseofar ar na roghanna tosaigh maidir le gníomhaíochtaí amach anseo; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh sé sin moill ar aon tionscnamh eile ón gCoimisiún chun dul i ngleic le féinfhostaíocht bhréagach agus chun cearta a áirithiú d’oibrithe neamhchaighdeánacha;

92.  á chreidiúint nach mór do gach oibrí rochtain a bheith aige ar fhorléargas iomlán ar cé hé a fhostóir, ar a thuarastal agus ar a chearta oibre, i gcomhréir leis an gcomhaontú cómhargála earnála ná leis an reachtaíocht náisiúnta; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil do chigireachtaí saothair; á chreidiúint go bhféadfadh sé sin a bheith i bhfoirm cárta aitheantais speisialta d’oibrithe trasteorann, rud a bhfuil a éifeachtacht léirithe cheana i roinnt Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, Uimhir dhigiteach Slándála Sóisialta Eorpach a thabhairt isteach go pras; á chreidiúint go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag Uimhir Slándála Sóisialta Eorpach feidhmiú mar shásra rialaithe do dhaoine aonair agus d’údaráis ábhartha araon chun a ráthú go n-íocfar an tslándáil shóisialta i gcomhréir leis na rialacha agus chun an chalaois shóisialta a chomhrac;

Tionchar sóisialta phaindéim COVID-19

93.   á iarraidh ar an gCoimisiún freagairt ar leibhéal AE a leagan amach chun tacaíocht a thabhairt do FBManna atá faoi stiúir ban le linn na géarchéime agus ina diaidh;

94.  á chur i bhfios go raibh tionchar suntasach ag géarchéim COVID-19 ar oibrithe agus ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste; á chur i bhfios go láidir nach mór na freagairtí beartais ar an bpaindéim a bheith dírithe ar an duine agus bunaithe ar an dlúthpháirtíocht dhomhanda; ag áitiú go bhfuil gá ar leith le bearta chun an bhochtaineacht agus an bhochtaineacht lucht oibre a chomhrac agus gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leo téarnamh tapa, cóir agus glas a thabhairt i gcrích; á iarraidh ar na Ballstáit cosaint leormhaith a áirithiú do gach oibrí leochaileach le linn na paindéime agus oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun réitigh éifeachtacha, praiticiúla agus chothroma a fhorbairt ar na dúshláin a bhaineann leis an bpaindéim; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur cheart cion leordhóthanach d’acmhainní breise faoi REACT-EU a úsáid chun infhaighteacht an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a mhéadú chun cabhrú leis na daoine is díothaí; á chur i bhfios go láidir chomh maith céanna a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar CSE+ sa chreat airgeadais ilbhliantúil;

95.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch na scéimeanna oibre gearr-ama, ar dhaoine a leagadh as foirne go buan nó go sealadach, agus ar an tionchar sóisialta ar dhaoine atá ag maireachtáil gan chinnteacht; á mheabhrú, i ndáil leis sin, nach bhfuil scéimeanna oibre gearr-ama comhionann ar fud na mBallstát go léir agus go bhfuil éagsúlachtaí móra ann maidir le liúntais, agus go bhfuil fostaithe ar liúntais ísle go háirithe faoi bhagairt na bochtaineachta lucht oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, chuige sin, oibrithe a chosaint chun cabhrú leo a bpoist a choinneáil, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil, amhail trí scéimeanna gearr-ama agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá i bhfostaíocht fhorbhásach agus i gcineálacha áirithe oibre neamhthipiciúla, agus machnamh a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais a thabhairt do dhaoine aonair féinfhostaithe a chaill a mbonn airgeadais de dheasca na géarchéime; á iarraidh ar na Ballstáit, ina theannta sin, na daoine atá ag maireachtáil gan chinnteacht a chosaint;

96.  á iarraidh ar na Ballstáit íoschaighdeáin a chur ar aghaidh maidir lena scéimeanna náisiúnta um árachas dífhostaíochta agus maidir lena scéimeanna slándála íosta i bhfoirm creataí dlíthiúla chun feabhas a chur ar shlándáil shóisialta d’oibrithe agus do chónaitheoirí san Eoraip;

97.  á iarraidh go ndéanfar bearta chun méadú athnuaite san fhostaíocht pháirtaimseartha ainneonach mar thoradh ar COVID-19 a sheachaint;

98.  á mheabhrú na tuarascálacha ar údar imní iad a tháinig chun solais le linn na géarchéime maidir le sáruithe ar chearta oibrithe trasteorann agus séasúracha ó thaobh a ndálaí oibre agus maireachtála; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le cleachtais éagóracha agus cearta na n-oibrithe séasúracha agus trasteorann a fhostaítear feadh an tslabhra fochonraitheoireachta agus soláthair a choimirciú; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar na Ballstáit saoráidí tithíochta cuí agus inacmhainne a áirithiú d’oibrithe, gan na costais a bhaineann leo sin a bhaint de thuarastail na n-oibrithe;

99.  á chur i bhfáth gur léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá fostaíocht i ngairmeacha a shainaithnítear a bheith tábhachtach go sistéamach dár ngeilleagar agus dár sochaí; á mheabhrú go bhfuil go leor de na hoibrithe túslíne sin i bpoist ar phá íseal i roinnt Ballstát, go gcaitear leo faoi bhun a luacha go minic nó nach n-íoctar go cóir iad go minic, agus go mbíonn orthu dálaí oibre éiginnte a sheasamh go minic, i ngeall, i bpáirt, ar easpa cosaintí sláinte agus sóisialta; á chur i bhfáth gur mná is mó a dhéanann na poist sin; á chur i bhfios gur gá cóineasú aníos maidir le soláthar cúraim;

100.  á chur i bhfáth, chun déileáil le suaití ollmhóra, gur cheart do na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a ghlacadh chun fostaíocht agus cáilíochtaí oibrithe a chaomhnú agus chun an brú ar airgeadas poiblí náisiúnta a mhaolú;

101.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis cúraim AE a ghlacadh, a d’fhreagródh do na tionchair shóisialta orthu siúd a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, ar mná iad líon díréireach acu; á chur i bhfáth gur cheart go n-éileodh an straitéis sin go ndéanfaí infheistíocht shuntasach sa gheilleagar cúraim, go neartófaí beartais chun cothromaíocht a aimsiú idir freagrachtaí oibre agus cúraim i rith saol duine agus go líonfaí ganntanais saothair, go háirithe trí oiliúint, trí aitheantas scileanna agus trí dhálaí oibre níos fearr sna hearnálacha sin;

102.  ag fanacht leis an togra atá le teacht gan mhoill ón gCoimisiún maidir le scéim fhadtéarmach Eorpach athárachais um shochar dífhostaíochta, agus á chur san áireamh gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leagan as post; á iarraidh go gcumhdófar leis an togra seo tíortha san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), agus go bhféadfadh tíortha nach bhfuil in AEA a bheith páirteach ann freisin;

103.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hiarmhairtí is measa de COVID-19 a mhaolú trí thacaíocht spriocdhírithe AE agus náisiúnta agus trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, gur cruthaíodh an ionstraim shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus á iarraidh ar na Ballstáit an ionstraim sin a chur chun feidhme go pras; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear cúnamh airgeadais ar fáil ach do ghnóthais nach bhfuil cláraithe sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I de na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe AE de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh tairbhithe na luachanna bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, agus go ndéanfaidh cuideachtaí a fhaigheann tacaíocht airgeadais phoiblí oibrithe a chosaint, dálaí oibre cuibhiúla a ráthú, ceardchumainn agus comhaontuithe cómhargála is infheidhme a urramú, a gcion cánacha a íoc, agus staonadh ó aischeannach scaireanna nó ó bhónais a íoc le bainistíocht nó díbhinní le scairshealbhóirí;

104.  ag spreagadh na mBallstát chun infheistíocht a dhéanamh chun rochtain ar an idirlíon leathanbhanda, ar an oideachas cianda agus ar an bhfoghlaim chianda a mhéadú i gceantair thuaithe i mbaol an dídhaonraithe agus na bochtaineachta glúine;

105.  ag moladh go ndéanfar bearta réamhghníomhacha chun cur i gcoinne na dífhostaíochta airde a d’fhéadfadh a bheith ann trí bheartais AE agus náisiúnta agus trí chláir náisiúnta fostaíochta agus chun na haistrithe glasa, digiteacha, sóisialta, inbhuanaithe agus córa a chothú nach bhfágfaidh aon duine ar lár trí infheistíocht a dhéanamh i bpoist nua, inbhuanaithe agus inrochtana ar ardchaighdeán, i gcláir athscilithe, i mbonneagar atá dírithe ar an todhchaí, san nuálaíocht agus san athrú digiteach; ag creidiúint gur cheart aird ar leith a thabhairt ar fhostaíocht daoine óga a chothú;

106.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na géarchéime agus an t-aistriú a éascú trí shainiúlachtaí réigiúnacha a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, a ráthú go ndéanfar an cistiú atá ar fáil a leithdháileadh go pras, amhail trí oiliúint i bpoist atá dírithe ar an todhchaí, uas-sciliú agus athsciliú, agus trí CSE+ a fhorbairt ó thaobh airgeadais de chuige sin;

107.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh, go háirithe, ar earnálacha arb iad is príomhthréithe iontu leibhéal ard éiginnteachta poist, chun cosc a chur ar mhí-úsáid oibrithe amhail iad siúd atá poist shealadacha in earnáil na talmhaíochta, ina mbíonn ar oibrithe séasúracha aghaidh a thabhairt ar dhálaí éagóracha fostaíochta a sháraíonn, i roinnt gcásanna, ní hamháin cearta saothair, ach cearta bunúsacha oibrithe freisin;

108.  á chur i bhfáth go bhfuil riosca níos airde ann go bhfuil oibrithe ar ioncam íseal nocht do COVID-19 ós rud é go n-oibríonn siad in earnálacha ina mbíonn i bhfad níos mó teagmhála daonna, amhail earnálacha an chúraim agus an iompair, nó go nglacann siad le hobair trí ardáin ar líne gan aon deis a bheith acu teilea-obair a dhéanamh; ag cáineadh go láidir an tréimhse fhada cur chun feidhme le haghaidh aicmiú COVID-19 atá sa Treoir maidir le Gníomhairí Bitheolaíocha(88); á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar an Treoir maidir le Gníomhairí Bitheolaíocha d’fhonn í a oiriúnú do phaindéimí domhanda agus do chúinsí urghnácha eile chun cosaint iomlán na n-oibrithe a áirithiú i gcoinne na rioscaí a bhaineann le nochtadh a luaithe is féidir;

109.  á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn oibrithe ar ioncam íseal ag obair in earnálacha ina bhfuil rioscaí móra meatha fhisicigh, agus go bhféadfadh tionchar fadtéarmach a bheith aige ar a bhfolláine fhisiciúil agus intinne agus go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a gcumas ioncam a thuilleamh sa todhchaí; á chreidiúint nach bhfuil an reachtaíocht maidir le sláinte agus sábháilteachta atá ann faoi láthair dírithe go leordhóthanach ar ghortuithe ceirde a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún creat straitéiseach nua a mholadh a luaithe is féidir don tsláinte agus don tsábháilteacht ag an obair tar éis 2020 agus á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, na dúshláin atá ann a shainaithint agus ionstraimí maidir le hoibrithe in earnálacha ísealioncaim a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin; á chur i bhfáth nach mór don straitéis béim ar oibrithe ardáin agus ar oibrithe i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre a áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún Treoir 2004/37/CE(89) a leasú chun raon feidhme na dteorainnluachanna um nochtadh ceirde le haghaidh líon substaintí is cúis le hailse nó le sóchán a athbhreithniú agus a leathnú;

110.  ag tabhairt chun suntais go mbíonn strus a bhaineann leis an obair le brath go forleathan in earnálacha ísealioncaim; á chreidiúint nach mór do strus a bhaineann leis an obair a bheith ina phríomhthosaíocht de reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, treoir a mholadh maidir le strus a bhaineann leis an obair lena leagfar síos treoirlínte cuideachta chun dul i ngleic le tosca struis a bhaineann leis an obair agus lena gcuirfear de cheangal ar chuideachtaí uile beartas cuideachta a cheapadh maidir le strus a bhaineann leis an obair;

111.  á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach a áirithiú go bhfuil sé mar aidhm le cur chun feidhme an phlean téarnaimh don Eoraip deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus le neamhionannais shocheacnamaíocha agus go bhfuil sé bunaithe ar shásra éifeachtach lena ngabhann spriocanna agus tagarmharcanna lena bhféadfar an dul chun cinn arna bhaint amach a thomhas go cruinn; á thabhairt chun suntais nach mór do Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach go hiomlán sa ghrinnscrúdú ex ante agus ex post araon ar an bplean téarnaimh agus nach mór ról foirmiúil a thabhairt dá Feisirí tofa chun próiseas meastóireachta agus cur chun feidhme atá go hiomlán daonlathach agus trédhearcach a áirithiú;

o
o   o

112.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.
(2) IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.
(3) IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.
(4) IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 11.
(5) IO C 70 E, 8.3.2012, lch. 8.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0176.
(7) IO C 366, 27.10.2017, lch. 19.
(8) IO C 482, 23.12.2016, lch. 31.
(9) IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.
(10) IO C 363, 28.10.2020, lch. 164.
(11) IO C 346, 27.9.2018, lch. 156.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(13) IO C 334, 19.9.2018, lch. 88.
(14) https://www.ituc-csi.org/ituc-global-rights-index-2019
(15) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_01_41/default/table?lang=ga
(16) An Líonra Maoine agus Tomhaltais Teaghlaigh, ‘An Suirbhé ar Mhaoin agus Tomhaltas Teaghlaigh: Torthaí ó bhabhta 2017’, Páipéar Staidrimh an Bhainc Ceannais Eorpaigh Uimh. 36, Márta 2020, lch. 25. https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/scpsps/ecb.sps36~0245ed80c7.ga.pdf?bd73411fbeb0a33928ce4c5ef2c5e872
(17) An Líonra Maoine agus Tomhaltais Teaghlaigh, ‘An Suirbhé ar Mhaoin agus Tomhaltas Teaghlaigh: Babhta 2017 – Táblaí staidrimh’, Meitheamh 2020, lch. 5. https://www.ecb.europa.eu/home/pdf/research/hfcn/HFCS_Statistical_Tables_Wave_2017.pdf?656f4e10de45c91c3c882840e9174eac
(18) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/society/20200227STO73519/gender-pay-gap-in-europe-facts-and-figures-infographic
(19) Modh staidrimh is ea coigeartú lenar féidir comparáid a dhéanamh idir daonraí trí na difríochtaí i ndáileadh na dtosca éagsúla (an earnáil gníomhaíochta, aoise, gairme etc.) idir na daonraí sin a chur san áireamh. Déantar an bhearna phá gan choigeartú idir na hinscní a ríomh mar an difríocht choibhneasta idir meánthuilleamh na mban agus na bhfear de réir na huaire. Soláthraítear leis táscaire simplí ar neamhionannais phá, rud a mhíníonn an úsáid fhorleathan a bhaineann lucht déanta beartais as. Mar sin féin, áirítear freisin leis an mbearna phá gan choigeartú an t-idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann idir mná agus fir ó thaobh ‘pá neamhionann as obair chomhionann’ de agus an tionchar atá ag na difríochtaí i meánsaintréithe na bhfear agus na mban i margadh an tsaothair araon. https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/aid_development_cooperation_fundamental_rights/report-gender-pay-gap-eu-countries_october2018_ga_0.pdf.
(20) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/EDN-20181017-1?inheritRedirect=true
(21) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Gender_pay_gap_statistics#Gender_pay_gap_much_lower_for_young_employees
(22) https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2016-eu-minorities-survey-roma-selected-findings_ga.pdf
(23) http://ergonetwork.org/2020/04/eu-recovery-plan-the-case-of-roma/
(24) Coincheap leas an duine (dea-bhail) is ea cáilíocht saoil a thomhaistear trí tháscairí sóisialta seachas trí bhearta cainníochtúla ioncaim agus táirgthe (foinse: Eurostat).
(25) Tagraítear le díth ábhartha do staid ina bhfuil brú eacnamaíoch, a shainmhínítear mar an t-éagumas éigeantach (seachas an rogha gan é a dhéanamh) chun costais nach bhfuiltear ag dréim leo a íoc nó chun bheith in acmhainn íoc as aon seachtain amháin saoire in aghaidh na bliana as baile, as béile a bhfuil feoil, sicín nó iasc i gceist leis gach uile dara lá, as téamh leormhaith teaghaise nó as buanearraí amhail meaisín níocháin nó teilifís dhaite. Ag an am céanna, tagraítear le géardhíth ábhartha don éagumas chun bheith in acmhainn ceithre cinn ar a laghad den 11 chatagóir seo a leanas a íoc: morgáiste nó íocaíochtaí cíosa, billí fóntais, tráthchodanna fruilcheannaigh nó íocaíochtaí iasachta eile, aon seachtain amháin saoire in aghaidh na bliana, béile feola, iasc nó próitéin choibhéiseach gach uile dara lá, costais airgeadais nach bhfuiltear ag dréim leo, guthán (lena n-áirítear fón póca), teilifís dhaite, meaisín níocháin, carr nó téamh teaghaise (https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Quality_of_life_indicators_-_material_living_conditions#General_overview).
(26) Sainmhínítear an táscaire ‘daoine atá ina gcónaí i dteaghlaigh ina bhfuil ísealdéine oibre’ mar an líon daoine atá ina gcónaí i dteaghlach i gcás inar lú ná 20 % dá n-acmhainneacht iomlán é an méid oibre a rinne na baill teaghlaigh atá in aois oibre i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin. Is éard is déine oibre teaghlaigh ann ná an cóimheas idir líon iomlán na míonna a raibh na baill teaghlaigh uile atá in aois oibre i mbun oibre le linn na bliana tagartha ioncaim agus líon iomlán na míonna a d’fhéadfadh na baill teaghlaigh chéanna a bheith i mbun oibre go teoiriciúil i gcaitheamh na tréimhse céanna. Is éard is duine atá in aois oibre ann ná duine atá idir 18 agus 59 mbliana d’aois, gan mic léinn atá idir 18 agus 24 bliana d’aois a áireamh. Déantar teaghlaigh nach bhfuil ina gcónaí iontu ach leanaí, mic léinn arb óige iad ná 25 bliana d’aois agus/nó daoine atá 60 bliain d’aois nó ar sine iad ná sin a eisiamh go hiomlán ón táscaire ríofa.
(27) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017.
(28) De réir mar a shainmhínítear é sa Treoir maidir le heagrú Ama Oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(29) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017.
(30) https://ec.europa.eu/energy/content/introduction-5_ga
(31) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Digital_economy_and_society_statistics_-_households_and_individuals
(32) Sainmhínítear teaghlach, i gcomhthéacs na suirbhéanna ar dhálaí sóisialta, mar aonad fódóireachta nó, go hoibríochtúil, mar aonad sóisialta: ag a bhfuil socruithe coiteanna; ina ndéantar costais teaghlaigh nó riachtanais laethúla a chomhroinnt; in áit chónaithe choiteann chomhroinnte. Áirítear le teaghlach, duine amháin atá ina chónaí ina aonair nó grúpa daoine, nach gá go mbeadh gaol eatarthu, atá ina gcónaí ag an seoladh céanna le fódóireacht choiteann, i.e. ina ndéantar ar a laghad aon bhéile amháin in aghaidh an lae nó seomra maireachtála nó seomra suite a chomhroinnt.
(33) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/2995521/10163468/3-16102019-CP-GA.pdf/edc3178f-ae3e-9973-f147-b839ee522578
(34) Eurostat, ‘Staidreamh AE ar ioncam agus ar mhodheolaíocht dálaí maireachtála – 2011 tarchur míbhuntáistí o ghlúin go glúin’( https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/EU_statistics_on_income_and_living_conditions_(EU-SILC)_methodology_-_2011_intergenerational_transmission_of_disadvantages).
(35) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Quality_of_life_indicators_-_material_living_conditions#General_overview
(36) Céatadán den daonra atá ina gcónaí i dteaghlach arb ionann na costais tithíochta iomlána (gan liúntais tithíochta san áireamh) agus 40 % d’ioncam iomlán indiúscartha an teaghlaigh (gan liúntais tithíochta san áireamh).
(37) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Housing_statistics#Housing_affordability
(38) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tessi163/default/table?lang=ga
(39) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/agenda/briefing/2020-01-13/11/housing-urgent-action-needed- to-address-homelessness-in-europe
(40) https://www.feantsa.org/public/user/Resources/magazine/2019/Spring/Homeless_in_Europe_magazine_-_Spring_2019.pdf; https://www.feantsa.org/en/news/2020/07/23/fifth-overview-of-housing-exclusion-in-europe-2020
(41) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20190122-1?inheritRedirect=true
(42) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tessi012/default/table?lang=ga
(43) ECFE, Visser (2016) Bunachar sonraí ICTWSS. https://www.etuc.org/en/document/etuc-reply-first-phase-consultation-social-partners-under-article-154-tfeu-possible-action, lch. 6, nó 15.
(44) Eurofound, ‘Caidreamh tionsclaíoch: Forbairtí 2015-2019’ 11 Nollaig 2020.
(45) https://www.ituc-csi.org/IMG/pdf/2019-06-ituc-global-rights-index-2019-report-en-2.pdf
(46) ECFE, ‘Ag Caibidliú ár mBealach Aníos: Cómhargáil i nDomhan Athraitheach na hOibre’, 18 Samhain 2019, Fíor 3.10, lch. 125.
(47) Van den Berg, A., Grift, Y., van Witteloostuijn, A., ‘The effect of employee workplace representation on firm performance: a cross-country comparison within Europe’, Páipéar Taighde 2013-008, ACED 2013-016, Ollscoil Antuairp, Aibreán 2013.
(48) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/society/20200604STO80506/parliament-calls-for-a-new-ambitious-eu-disability-strategy
(49) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/pdfscache/34425.pdf
(50) Innéacs Comhionannais Inscne 2019.
(51) https://www.europarl.europa.eu/meetdocs/2014_2019/documents/empl/dv/empl20141120-wss-people-disabilities-/empl20141120-wss-people-disabilities-en.pdf
(52) Staidreamh Eurostat Mínithe, ‘táscairí Eoraip 2020 – bochtaineacht agus eisiamh sóisialta’, 11 Meitheamh 2020 (https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Archive:Europe_2020_indicators_-_poverty_and_social_exclusion&oldid=394836).
(53) https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=89&furtherNews=yes&langId=en&newsId=9378
(54) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017.
(55) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_peps04/default/table?lang=ga
(56) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Minimum_wage_statistics
(57) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Minimum_wage_statistics#Minimum_wages_expressed_in_purchasing_power_standards
(58) Eurofound, ‘Pá íosta in 2020: Athbhreithniú bliantúil’, 4 Meitheamh 2020.
(59) ETUI, Tagarmharcáil na hEorpa i mbun Oibre 2019, ‘Margadh an tSaothair agus forbairtí sóisialta’ caibidil, 2019. https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=89&furtherNews=yes&langId=ga&newsId=9378
(60) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2016/587285/IPOL_STU%282016%29587285_‌EN.pdf
(61) Eurofound, ‘Bochtaineacht lucht oibre in AE’, 5 Meán Fómhair 2017 (https://www.eurofound.europa.eu/publications/report/2017/in-work-poverty-in-the-eu).
(62) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20200511-1
(63) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20200511-1
(64) https://www.eurofound.europa.eu/sites/default/files/ef_publication/field_ef_document/ef18001en.pdf
(65) https://www.eurofound.europa.eu/sites/default/files/ef_publication/field_ef_document/ef18001en.pdf
(66) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/DDN-20190517-1
(67) Eurofound, tacar sonraí ‘Living, Working and COVID-19’ [Maireachtáil, Obair agus COVID-19], 28 Meán Fómhair 2020 (http://eurofound.link/covid19data).
(68) Eurofound, tacar sonraí ‘Living, Working and COVID-19’ [Maireachtáil, Obair agus COVID-19], 28 Meán Fómhair 2020 (http://eurofound.link/covid19data).
(69) https://www.worldbank.org/en/topic/poverty/brief/projected-poverty-impacts-of-COVID-19
(70) ‘Employment and Social Developments in Europe 2019’ [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2019] (https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8219)
(71) Is éard atá sa ‘chéad cholún’ de ghnáthchur chuige trí cholún i leith pinsean ná pinsin reachtúla phoiblí a riarann an stát agus a mhaoinítear de ghnáth ó ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus/nó ioncam cánach ginearálta ar bhonn ÍMAT; Foinse: Faisnéisiú EPRS, ‘European Union pension systems: adequate and sustainable?’ [Córais phinsin an Aontais Eorpaigh: leormhaith agus inbhuanaithe?], Samhain 2015.
(72) De réir a rún an 24 Samhain 2015 maidir le neamhionannais a laghdú agus béim ar leith ar bhochtaineacht leanaí (IO C 366, 27.10.2017, lch. 19) agus na dTreoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024: ‘Chun tacú le gach leanbh atá i ngátar, cruthóidh mé an Ráthaíocht Eorpach don Leanbh, ag cur leis an smaoineamh a mhol Parlaimint na hEorpa’.
(73) ‘Aontas níos uaillmhianaí: An clár oibre agamsa don Eoraip’, Treoirlínte polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024.
(74) Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(75) Is oibleagáid é cóiríocht réasúnta a chur ar fáil faoi Threoir AE maidir le Comhionannas Fostaíochta (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16) agus faoi Airteagal 5 de CRPD na Náisiún Aontaithe.
(76) Iarscríbhinní a ghabhann le Clár Oibre an Choimisiúin 2021 (COM(2020)0690), cuspóir beartais Uimh. 9 faoin roinn dar teideal ‘Eoraip atá Oiriúnach don Aois Dhigiteach’.
(77) Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(78) Rún an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní, mír 2 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0025).
(79) De réir na straitéise, ba cheart go mbeadh bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a bheith curtha síos ag an gCoimisiún faoi dheireadh 2020;
(80) Amhail fóirdheontais (nó cuideachtaí caocha) agus/nó gníomhaireachtaí oibre sealadaí a bhunú i mBallstáit ina bhfuil an pá níos ísle chun oibrithe ar postú a úsáid seachas oibrithe áitiúla a earcú, agus chun na críche sin amháin.
(81) De réir mar a fhoráiltear le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(82) Áirítear orthu sin achainíocha 0240/18, 0328/18, 0365/18, 0374/18, 0396/18, 0419/18, 0829/2018, 0897/2018, 1161/2018, 0290/19, 0310/2019, 0335/2019, 0579/19, 0624/19, 0652/19, 0683/2019, 0737/2019, 1017/19, 1045/2019, 1241/2019, 1318/2019 agus 0036/2020.
(83) Áirítear orthu sin achainíocha 1378/2013, 0019/2016, 0020/2016, 0021/2016, 0099/2017, 1162/2017, 0110/2018 agus 0335/2019.
(84) Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1).
(85) Togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (COM(2020)0682).
(86) Togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (COM(2020)0682).
(87) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1); Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65); Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(88) Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le risíocht le hoibreáin bhitheolaíocha ar an láthair oibre (IO L 262, 17.10.2000, lch. 21).
(89) Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).


Tionchar COVID-19 ar an óige agus ar an spórt
PDF 142kWORD 54k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt (2020/2864(RSP))
P9_TA(2021)0045B9-0115/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do Phrótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

–  ag féachaint d’Airteagal 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumais intleachta le linn ghéarchéim COVID-19(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le tearnamh cultúrtha na hEorpa(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19(5),

–  ag féachaint don cheist ar an gCoimisiún maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt (O-000074/2020 – B9‑0005/2021),

–  ag féachaint do Riail 136(5) agus Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

A.  de bhrí, de réir EIS,(6) go bhfuil tionchar díréireach á imirt ar dhaoine óga le paindéim leanúnach COVID-19 agus gur dóchúil gurb iad a fhulaingeoidh éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha agus fadtréimhseacha ar bhonn eacnamaíoch, sláinte agus dea-bhaile, lena n-áirítear na deiseanna atá caillte acu ó thaobh an oideachais, na saorálaíochta agus na hoiliúna de ag staid ríthábhachtach dá bhforbairt saoil;

B.  de bhrí go bhfuil géarú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí leis an tionchar atá ag paindéim COVID-19 ar fheidhmiú chláir AE um an óige agus um oideachas maidir le hobair agus saorálaíocht na hóige, ar na córais oideachais náisiúnta, ar fhostaíocht agus ioncam agus ar shaoirsí sibhialta, de réir mar a léirítear iad sna staidrimh ó ECFE, de bhrí nach bhfuil ach beagnach leath de na daltaí scoile ar féidir leo rochtain a fháil ar an gcuid is mó den churaclam nó ar an gcuraclam iomlán, in ainneoin réitigh foghlama a bheith á soláthar ag tíortha ar líne, nach i gcónaí a bhíonn an méadú ar iarmhairtí na bearna digití agus an bhacainn ar an bhforbairt ar scileanna digiteacha riachtanacha agus ar an rochtain ar churaclaim scoile ag teacht leis an bhfoghlaim do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí acu;

C.  de bhrí gurbh iad na daoine óga a bhí ag croílár na ngníomhaíochtaí a bhí spreagtha ag an dlúthpháirtíocht, ar ghníomhaíochtaí iad a d’fhreagair do na riachtanais a bhí ina bpobail de dheasca phaindéim COVID-19, ó fheachtais feasachta a stiúradh go saothrú a dhéanamh ar an líne thosaigh mar chuid den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus de thionscnaimh eile mar shaorálaithe;

D.  de bhrí go bhfuil éifeachtaí diúltacha na paindéime chomh forleathan sin gur rannchuidigh siad tuilleadh leis an laghdú ar an spás sibhialta sna Ballstáit ar fud na hEorpa, agus go bhféadfadh sé go mbeadh ar go leor d’eagraíochtaí obair agus spórt na hóige dúnadh síos, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar struchtúir sheanbhunaithe an chomhair Eorpaigh agus idirnáisiúnta agus a chuirfeadh srian substaintiúil ar an rannpháirtíocht shibhialta;

E.  de bhrí go ndéantar difear do mheabhairshláinte daoine óga agus dá gcumas cuideachtúlachta le héifeachtaí síceasóisialta COVID-19 i ngeall ar thosca atá ann faoi láthair agus ar thosca níos fadtéarmaí araon; de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag gníomhaíochtaí fóillíochta agus ag srianta sóisialta ar leanaí agus ar dhaoine óga faoi mhíchumais;

F.  de bhrí go raibh tionchar tubaisteach ag paindéim COVID-19 ar spóirt agus ar na hearnálacha agus tionscail ghaolmhara; de bhrí gur imríodh tionchar ollmhór ar na spóirt phroifisiúnta ó thaobh na heacnamaíochta de ós rud é gur laghdaíodh go mór a n-ioncam i ngeall ar imeachtaí iomadúla ar na leibhéil uile a bheith á gcur ar ceal nó gurbh éigean iad a reáchtáil d’uireasa lucht féachana;

G.  de bhrí go bhfuil tionchar tubaisteach ag an bpaindéim leanúnach ar spóirt agus ar áineas leathghairmiúla agus pobail ós rud é gur bagairt eisiach atá sa mhéid sin do go leor clubanna spóirt i ngeall ar gur eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad de réir a nádúir, a fheidhmíonn de chuid is mó ar bhonn deonach agus a oibríonn, dá bhrí sin, gan aon chúlchistí airgeadais;

H.  de bhrí, leis na srianta a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an easpa deiseanna leordhóthanacha atá ann le haghaidh traenála agus cleachtadh rialta sna spóirt lena mbaineann teagmháil fhisiciúil go ndéantar dochar tubaisteach d’fhorbairt agus d’éabhlóid lúthchleasaithe;

I.  de bhrí gur earnáil eacnamaíoch thábhachtach gurb ea an spóirt arb ionann í agus 2,12 % d’OTI ina hiomláine agus 2,72 % den fhostaíocht iomlán in AE, arb ionann an méid sin agus 5,67 milliún post;

J.  de bhrí, leis an spórt, go ndéantar feidhmeanna sochaíocha tábhachtacha a chomhlíonadh, inter alia, trí chuimsiú sóisialta, lánpháirtiú, comhtháthú agus luachanna amhail urraim fhrithpháirteach agus tuiscint, dlúthpháirtíocht, éagsúlacht agus comhionannas lena n-áirítear comhionannas inscne a chur chun cinn; de bhrí gur féidir feabhas a chur ar an tsláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte agus ar an infhostaitheacht i measc daoine óga go háirithe le gníomhaíochtaí spóirt agus leis na gníomhaíochtaí deonacha gaolmhara, mar aon le rannchuidiú leis an óige a rannpháirtíocht san fhoréigean a thréigean, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe, coiriúlacht agus úsáid drugaí;

An Óige

1.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i ngeall ar ardíogaireacht mhargadh saothair na hóige i leith timthriallta eacnamaíocha agus i ngeall ar ghéarchéim eacnamaíoch, gur measa atá fostaíocht le haghaidh daoine óga buailte mar thoradh ar an bpaindéim atá ann faoi láthair, lena méadaítear ar na treochtaí diúltacha atá ann d’earnáil inar ann do phoist éagobhsaí pháirtaimseartha ar phá íseal den chuid is mó agus a bhfuil cosaint dhlíthiúil níos ísle agus caighdeáin slándála sóisialta níos ísle ag gabháil leo;

2.  á chur i bhfios go láidir an tionchar a bhí ag an bpaindéim atá ann faoi láthair go háirithe ar NEETanna óga agus an gá atá ann le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhfuil ar dhaoine óga ó ghrúpaí leochaileacha aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfáth an gá atá leis na héagothromaíochtaí suntasacha atá idir na hinscní a chur san áireamh i ndáil leis an sciar NEETanna;

3.  á chur i bhfios go láidir go ndearnadh difear mór do na hearnálacha dlúthshaothair ar minic le pá íseal a bheith ina shaintréith iontu, amhail na hearnálacha mórdhíola agus miondíola, turasóireachta agus seirbhísí bia, arb iondúil leo oibrithe óga ar bheagán scileanna agus mic léinn a bhíonn i mbun oibre a fhostú; ag tabhairt dá haire gur tháinig ardú leanúnach ar an dífhostaíocht agus ar an mbochtaineacht i measc na hóige ó thús ráig na paindéime; á chreidiúint gur dóchúil go n-ardóidh dífhostaíocht i measc na hóige tuilleadh sa ghearrthéarma agus go bhféadfadh sé fanacht os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim san fhadtéarma;

4.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun na héifeachtaí tromchúiseacha ar an bhfostaíocht le haghaidh daoine óga a chomhrac, lena n-áirítear trí bheartais mhaicreacnamaíocha (fioscach agus airgeadaíochta) lena dtreoraítear caiteachas poiblí ionsar fhóirdheontais fhruilithe nó ráthaíochtaí don aos óg a chur ar fáil chun tacú le scéimeanna atá saincheaptha le haghaidh poist a choinneáil agus a chruthú agus le haghaidh scéimeanna uas-scilithe agus athscilithe atá saincheaptha don óige, mar aon le hinfheistíocht a dhéanamh in earnálacha eacnamaíocha a bhfuil sé d’acmhainneacht acu cuardaitheoirí poist óga a ionsú agus a bhfuil poist ardcháilíochta mhaithe agus dálaí oibre agus luacha saothair maithe á dtairiscint acu;

5.  ag meabhrú ról na saorálaíochta i dtaca le scileanna saoil agus oibre a fhorbairt do dhaoine óga; á mheas go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an saorálaíocht a fhaigheann tacaíocht airgeadais cabhrú leis an óige atá dífhostaithe an suaitheadh eacnamaíoch a eascraíonn as géarchéim COVID a sheasamh agus rannchuidiú á dhéanamh leis an tsochaí agus taithí luachmhar á fáil ag an am céanna lena n-éascaítear an t-aistriú chuig fostaíocht fhadtéarmach rialta; á mheas gur féidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach cabhair a thabhairt d’Eorpaigh óga a ndeiseanna a leathnú thar mar atá amhlaidh ina saol áitiúil; ag tathant, ina leith sin, ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire agus aonfhoirmeacha a chur ar fáil chun an clár a chur chun feidhme i gcás géarchéimeanna agus bacainní ar rannpháirtíocht a bhaint de bharr, inter alia: easpa solúbthachta sa chistiú; an laghdú ar chistiú, an méadú ar shrianta maidir le víosaí a dheonú do shaorálaithe ó thíortha comhpháirtíochta, agus gan stádas dlíthiúil mar shaorálaithe a áirithiú do dhaoine óga;

6.  á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá an fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil, na healaíona, spórt, gníomhaíochtaí saorálaíochta agus sóisialta chun spreagadh a thabhairt do rannpháirtíocht na n-óg agus do chomhtháthú sóisialta mar uirlisí lenar féidir tionchar ollmhór a imirt ar phobail áitiúla agus lenar féidir aghaidh a thabhairt ar go leor de na dúshláin shochaíocha;

7.  á thabhairt chun suntais, i dtaca le comhaontú an 21 Iúil 2020, gur cheart don Chomhairle Eorpach a bheith ní b’uaillmhianaí ina cuid tacaíochta don ghlúin óg – todhchaí na hEorpa – go háirithe trí thacaíocht ní ba láidre do dhaoine óga a áireamh ina pleananna téarnaimh trí 10 % a leithdháileadh ar an oideachas agus 20 % ar an ranníocaíocht leis an Straitéis Eorpach Dhigiteach agus le gnóthú an Mhargaidh Aonair Digitigh; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, maidir le cláir earnála ina ndírítear go díreach ar an óige, amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Ráthaíocht don Aos Óg agus an Ráthaíocht don Leanbh nó cláir a bhfuil an acmhainneacht acu tacú leis an aistriú ionsar Eoraip a bheidh níos cothroime agus níos inbhuanaithe ar bhonn sóisialta agus comhshaoil de, nach foláir iad a shlógadh ar bhealach lean ndéanfar a lánacmhainneacht a bhaint amach, ós rud é go bhfuil an baol ann nach n-éireoidh leis na cláir sin a spriocanna uaillmhianacha a ghnóthú, rud a bheidh ina údar mór díomá do na daoine óga agus do na glúine atá le teacht;

8.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarú déanta ag an bpaindéim atá ann faoi láthair ar an mbearna dhigiteach in AE agus á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, an géarghá atá leis an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn do chách agus spreagadh a thabhairt d’úsáid, aitheantas agus bailíochtú forleathan roghanna eile, lena n-áirítear deiseanna foghlama neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla, amhail foghlaim agus oiliúint ar líne agus digiteach; á iarraidh go háirithe go ndíreofar agus go dtacófar go láidir le foghlaimeoirí óga a d’fhulaing caillteanas ioncaim i gcúrsaí teicniúla, dé-oideachais agus Gairmoideachais agus Gairmoiliúna, agus go ndéanfar uirlisí digiteach, ábhair agus inneachar teagaisc agus foghlama ardcháilíochta a fhorbairt agus a úsáid go forleathan, chun luathfhágáil an oideachais a sheachaint do dhaoine óga agus chun aistriú rianúil, éifeachtach ón scoil go dtí an obair a sholáthar; á chur i bhfáth, mar sin féin, fiú i gcomhthéacs inar ann do COVID-19, á thábhachtaí atá an fhoghlaim duine le duine lena n-áirithítear nach bhfágfar aon duine chun deiridh, go háirithe i gcás leanaí óga, grúpaí leochaileacha agus daoine óga ó chúlraí socheacnamaíocha deacra nach bhfuil modhanna nó scileanna teicneolaíocha acu;

9.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit chun méadú a dhéanamh ar an infheistíocht i réitigh dhigiteacha agus i litearthacht dhigiteach d’fhorbairt scileanna praiticiúla, d’inniúlachtaí agus do cháilíochtaí agus an rochtain ar litearthacht dhigiteach a ghinearálú do chách agus an fhorbairt ar uirlisi foghlama ar líne a bheidh neamhspleách, ilteangach, cuimsitheach agus saor in aisce a chur chun cinn ar mhaithe le leibhéal foriomlán na scileanna agus na n-inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú i gcomhthéacs chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027); á chur i bhfáth an gá atá le hinniúlachtaí a fhorbairt i measc teagascóirí, oiliúnóirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus bainisteoirí chun feabhas a chur ar sheachadadh na foghlama ar líne, na cianfhoghlama agus na foghlama cumaisc le haird ar leith ar chláir forbartha scileanna;

10.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil méadú ar imní agus ar eagla i measc daoine óga mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar a saol agus ar an aistriú ón scoil go dtí an obair; á iarraidh go mbainfear úsáid fhorleathan as seirbhísí saincheaptha meabhairshláinte, as tacaíocht shíceasóisialta agus as gníomhaíochtaí spóirt, ag feidhmiú mar bhearta neamhspleácha nó modúlacha, agus go dtabharfar tacaíocht uas-scálaithe do dhea-bhail mheabhrach laistigh d’institiúidí oiliúna agus oideachais chun éifeachtaí fadtréimhseacha síceolaíocha na paindéime a sheachaint; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar dhaoine óga faoi mhíchumas agus ar dhaoine óga atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar riachtanais an ghrúpa sin trí na bearta agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil a oiriúnú;

11.  á iarraidh go mbeidh cur chuige sna beartais éagsúla a bheidh bunaithe ar chearta agus fréamhaithe i bprionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais, chun dul i ngleic leis na cineálacha iomadúla idirdhealaithe a rinneadh i gcoinne daoine óga le linn ghéarchéim COVID-19, agus á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit go bhfuil gá le cur chuige speisialta chun tacaíocht agus cosaint a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine óga faoi mhíchumas, daoine óga ar as cúlra faoi mhíbhuntáiste iad agus atá i mbaol foréigin baile, imircigh óga agus dídeanaithe, agus daoine óga LGBTIQ+; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá saor-rochtain ar fhaisnéis ardcháilíochta, curtha in oiriúint do riachtanais daoine óga, maidir le COVID-19 agus an phaindéim dhomhanda;

12.  á thabhairt le fios go bhfuil tairiscintí spóirt agus oibre don óige i mbaol ar fud na hEorpa, ó thaobh éagsúlacht a gcineálacha thar aon ní eile, rud is cúis le laghdú ar spás na sochaí sibhialta, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun struchtúir a chaomhnú agus chun éagsúlacht an tsoláthair a áirithiú i réimsí na hóige agus an spóirt; á mheabhrú go bhfuil gá le rannpháirtíocht láidir na n-údarás áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme réiteach atá deartha chun tacú le daoine óga agus le heagraíochtaí óige agus spóirt; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhtháthú sóisialta eagraíochtaí spórt eagraithe agus eagraíochtaí óige;

Spórt

13.  á chur in iúl gur chúis mhór bhuartha di go bhféadfaí damáiste marthanach a dhéanamh d’earnáil an spóirt, ní hamháin ó thaobh an gheilleagair agus na fostaíochta de, ach freisin don tsochaí ina hiomláine;

14.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ar leith ag gabháil le spórt agus aclaíocht choirp sna cúinsí arb í an phaindéim is cúis leo, ós rud é go neartaítear athléimneacht choirp agus mheabhrach leo; á chur in iúl gur geal léi, de réir na sonraí, go raibh na dianghlasálacha ina gcúis le daoine áirithe ag tabhairt faoi spóirt aonair áirithe níos minice agus ar bhealach níos gníomhaí; ar an taobh eile, á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa gníomhaíochta coirp atá á déanamh i measc roinnt mhaith daoine óga le linn na dianghlasála agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an méid sin ar an tsláinte phoiblí;

15.  á chur i bhfáth gur gá samhail spóirt na hEorpa a chaomhnú agus a chur chun cinn, toisc go mbeidh tábhacht níos mó ná riamh ag baint le dlúthpháirtíocht, cothroime agus cur chuige luach-bhunaithe chun go mbeidh téarnamh in earnáil an spóirt agus chun go mairfidh spórt an phobail;

16.  á mheabhrú go ndéantar luachanna amhail an meas agus an tuiscint fhrithpháirteach, an dlúthpháirtíocht, an éagsúlacht, an chothroime, an comhar agus an rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn agus a theagasc leis an spórt agus go gcothaítear comhtháthú agus lánpháirtiú imirceach agus dídeanaithe leis; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil aon teorainneacha ag an spórt agus go n-aontaítear leis daoine ó chúlraí socheacnamaíocha agus eitneacha éagsúla; á mheas go bhfuil ról ríthábhachtach ag spórt an phobail go háirithe maidir le cuimsiú sóisialta daoine ar lú na deiseanna atá acu nó a bhaineann le grúpaí leochaileacha agus daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, cuimsiú a neartú tríd an spórt agus féachaint ar bhealaí nua chun raon a thionchar a uasmhéadú; á iarraidh go dtabharfar tacaíocht mhéadaithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, chun a chur ar chumas a gcuid leanaí páirt a ghlacadh i spórt agus i ngníomhaíochtaí eile fóillíochta;

17.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin shuntasacha airgeadais agus eagrúcháin roimh dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar an spórt i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an phobail agus ar an leibhéal gairmiúil araon, rud a rinneadh níos measa le linn phaindéim COVID-19 agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go sonrach ar an bhfadhb sin sa straitéis um míchumas a bheidh aige amach anseo;

18.  á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí tubaisteacha ag paindéim COVID-19 don earnáil spóirt ar fad ar gach leibhéal, go háirithe maidir le heagraíochtaí agus clubanna spóirt, sraitheanna, ionaid aclaíochta, lúthchleasaithe, cóitseálaithe, baill foirne spóirt, agus gnó a bhaineann leis an spórt, lena n-áirítear lucht eagraithe imeachtaí spóirt agus na meáin spóirt; á mheas go mbeidh an bealach chun téarnaimh dúshlánach agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bearta faoisimh spriocdhírithe;

19.  á mheas gur gá go gcuideoidh ionstraimí ginearálta téarnaimh a ghlac AE mar fhreagairt ar an ngéarchéim le tacú le hearnáil an spóirt sa ghearrthéarma agus ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go rachaidh na cistí tacaíochta náisiúnta, na cistí struchtúracha, agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta chun tairbhe na hearnála spóirt in ainneoin a saintréithe sonracha agus a struchtúr eagraíochtúil sonrach;

20.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá aon phacáistí tarrthála a spriocdhíríonn ar gach spórt; á thabhairt chun suntais, cé gur minic spóirt mhórlucht féachana ba throime a bualadh ó thaobh airgeadais de, níor cheart gurbh iad na spóirt sin amháin a bheadh incháilithe do chabhair airgeadais ná níor cheart tosaíocht a thabhairt dóibh;

21.  á chreidiúint go bhféadfadh sé nach leor an tacaíocht airgeadais atá ann faoi láthair agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na bealaí ar fad a bhféadfaí tacaíocht spriocdhírithe bhreise a thabhairt don spórt, idir amaitéarach agus ghairmiúil, agus é mar aidhm leis sin inmharthanacht na hearnála ina hiomláine a mhéadú;

22.  á iarraidh an gCoimisiún agus ar na Ballstáit téarnamh agus athléimneacht géarchéime earnáil an spóirt i gcoitinne a neartú, agus spórt an phobail go háirithe, trí chláir AE atá ar fáil agus a bhfuil an earnáil incháilithe dóibh, lena n-áirítear clár Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus rochtain iomlán a áirithiú don spórt ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chistí an Bheartais Comhtháthaithe, ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ar EU4Health; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí spórt a ionchorprú sna rialacháin faoi seach agus go gcuirfí deireadh leis na constaicí uile sa phróiseas iarratais ar an leibhéal náisiúnta;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 ar an spórt ar fud na mBallstát agus, ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe sin, cur chuige Eorpach a fhorbairt chun déileáil leis na dúshláin agus chun na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú;

24.  á iarraidh go dtabharfar faoi mhalartú struchtúrtha córasach dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le déileáil le héifeachtaí na géarchéime ar an spórt agus go ndéanfar anailís chórasach ar shonraí agus ar fhaisnéis maidir le rannpháirtíocht sa spórt agus ar thionchar COVID-19; á mheas go bhfuil sé úsáideach féachaint ar bhealaí nua a fhorbairt chun spórt a chleachtadh i gcásanna ina n-éilítear scaradh sóisialta;

25.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil géarghá le comhar leathan trasearnála chun na dúshláin a tháinig chun cinn in earnáil an spóirt mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a shárú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur cheart comhar ar gach leibhéal, lena n-áirítear leis an ngluaiseacht spóirt, leis an earnáil ghnó a bhaineann leis an spórt agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, a spreagadh tuilleadh;

26.  ag tabhairt dá haire go bhfuil úsáid mhéadaitheach á baint le linn na géarchéime as réitigh dhigiteacha amhail aipeanna spóirt; á mheas, má dhéantar earnáil an spóirt a dhigitiú tuilleadh, go méadófar a hathléimneacht i ngéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á iarraidh go ndéanfar uirlisí digiteacha a fhorbairt lena mbeifear in ann gníomhaíochtaí spóirt a mhaoiniú le linn na paindéime;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 ar an spórt a chomhordú i bplean gníomhaíochta tiomnaithe de chuid AE;

28.  ag tathant ar an gComhairle tosaíocht a thabhairt i bPlean Oibre AE don Spórt atá ar na bacáin do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar chuidiú leis an earnáil deileáil le hiarmhairtí na paindéime sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma;

29.  á mheas, fad a bheidh an paindéim ag éabhlóidiú, gur gá idirphlé comhordaithe a thionscnamh le cónaidhmeanna spóirt Eorpacha agus idirnáisiúnta agus leis na Ballstáit chun plé a dhéanamh ar na deiseanna atá ann chun leanúint go sábháilte le mórimeachtaí agus mórchomórtais idirnáisiúnta spóirt; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a bheith ar a ndícheall cur chuige comhordaithe a bhaint amach maidir le freastal ar staideanna, srianta taistil agus tástáil COVID-19 chun gur féidir comórtais spóirt uile-Eorpacha a phleanáil go héifeachtach agus a eagrú go freagrach;

30.  á iarraidh go ndéanfar bearta chun cosc dópála a neartú le linn dhianghlasáil COVID-19 agus ina diaidh chun sláinte na lúthchleasaithe agus cothrom na Féinne a chur chun cinn i spóirt Eorpacha;

31.  á mheas go bhfuil méideanna éagsúla difir déanta do spóirt éagsúla agus, laistigh de spóirt áirithe, gurbh iad na clubanna beaga agus na comórtais sna ranna ísle, chomh maith le spórt an phobail, is troime a bhí buailte go háirithe mar gheall ar a spleáchas airgeadais ar urraitheoirí beaga nó ar chuótaí na lúthchleasaithe féin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an spórt amaitéarach mar bhonn don leibhéal gairmiúil, ós rud é go rannchuidíonn na clubanna beaga spóirt ar leibhéal an phobail go mór le forbairt lúthchleasaithe óga agus go mbíonn siad ag obair ar bhonn deonach den chuid is mó; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an dlúthpháirtíocht laistigh de phobal spóirt na hEorpa, trasna spóirt éagsúla agus laistigh díobh, agus á iarraidh go dtabharfar tacaíocht mhéadaithe do spóirt mhionlaigh agus do spóirt an phobail i bhfianaise na ndeacrachtaí eacnamaíocha a atá acu maidir lena a gcuid gníomhaíochtaí a choinneáil ar siúl;

32.  á thabhairt chun suntais go ndearnadh dochar d’fhorbairt agus d’éabhlóid lúthchleasaithe mar gheall ar na srianta a bhí ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus mar gheall ar an easpa deiseanna leordhóthanacha a bhí ann chun traenáil agus cleachtadh rialta spóirt lena dteastaíonn teagmháil fhisiciúil a dhéanamh; á mheas gur cheart eagraithe imeachtaí, traenálaithe agus na lúthchleasaithe féin a chur ar an eolas maidir leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh teacht as an easpa mharthanach diantraenála; á iarraidh go mbeidh comhar ann i measc institiúidí agus eagraíochtaí spóirt chun tacú le tionscadail agus le coincheapa lena ndírítear ar acmhainní caillte a fháil ar ais;

33.  á mheas go bhfuil airéiní agus staideanna i gcroílár chreatlach shóisialta na n-éiceachóras spóirt agus cultúrtha inár sochaithe; á aithint go bhfuil sé bunriachtanach a chur ar chumas ionad oscailt arís ar mhaithe le sláinte agus folláine ár saoránach agus ar mhaithe leis an téarnamh eacnamaíoch, anois agus amach anseo.

o
o   o

34.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0183.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0239.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0267.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0282.
(6) Tuarascáil dhomhanda ‘An Óige & COVID-19: Tionchair ar phoist, ar an oideachas, ar chearta agus ar an dea-bhail mheabhrach’ 11 Lúnasa 2020; https://www.ilo.org/global/topics/youth-employment/publications/WCMS_753026/lang--ga/index.htm

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais