Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) (N9-0022/2021 – C9-0163/2021 – 2021/0901(NLE))
(Formheas)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do ghearrliosta iarrthóirí cáilithe do phost mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde an 22 Márta 2021 arna tharraingt suas ag a Bhord Maoirseoirí,
– ag féachaint do litir ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 ina moltar go mbeadh Petra Hielkema mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (C9-0163/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc(3),
– ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0162/2021),
A. de bhrí gur tháinig deireadh le téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 28 Feabhra 2021;
B. de bhrí gur mhol an Chomhairle Petra Hielkema a cheapadh mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, an 6 Bealtaine 2021, go ceann téarma oifige 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
C. de bhrí gur reáchtáil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta éisteacht le Petra Hielkema, an 10 Bealtaine 2021, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;
1. ag formheas cheapachán Petra Hielkema mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus chuig rialtais na mBallstát.