Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 maidir le hathbhreithniú Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (2020/2087(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagail 174, 175, 212(2) agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1) (‘Rialachán CDAE’) agus do na leasuithe ina dhiaidh sin air an 15 Bealtaine 2014 agus an 20 Márta 2020,
– ag féachaint do na tuarascálacha go léir a d’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, agus go háirithe tuarascáil uaidh an 31 Márta 2014 dar teideal ‘Athrú Aeráide 2014: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht’,
– ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a síníodh an 22 Aibreán 2016,
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2013 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 1 Nollaig 2016 dar teideal ‘Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh: measúnú’(3),
– ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 15 Bealtaine 2019 maidir le hathbhreithniú Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 2002-2017 (SWD(2019)0186),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí(4),
– ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(5),
– ag féachaint do sheasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Márta 2020 ar an togra le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí (COM(2020)0114),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0052/2021),
A. de bhrí go soláthraíonn Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a bunaíodh le Rialachán CDAE tar éis na mórthuilte a bhuail lár na hEorpa in 2002 cúnamh airgeadais do Bhallstáit agus do thíortha aontachais ar bhuail mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste réigiúnach nó móréigeandálaí sláinte poiblí iad; de bhrí gur fíor-bhreisluach AE é CDAE agus go bhfuil toil ann chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis na daoine atá ina gcónaí i réigiúin AE atá buailte ag tubaistí den sórt sin;
B. de bhrí gur chuir an Parlaimint na hEorpa i bhfios, i rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit ina rogha, ach go deimhin ina hoibleagáid a eascraíonn as inter alia Airteagail 2 agus 21 de Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus gur colún í de na luachanna atá i bpáirt againn le AE mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE iad; de bhrí, sa rún céanna, go n-iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gach comhpháirt dá shásraí bainistithe géarchéime agus dá shásraí freagartha ar thubaistí a neartú;
C. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go gcreideann dhá thrian de shaoránaigh an Aontais, de réir suirbhé a rinneadh le déanaí, gur cheart níos mó inniúlachtaí a bheith ag an Aontas Eorpach chun déileáil le géarchéimeanna gan choinne amhail COVID-19, agus go gcreideann níos mó ná leath acu gur cheart níos mó acmhainní airgeadais a bheith ag an Aontas chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna sin(6); de bhrí go bhfuil gné dhaonna an-suntasach ag an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair agus gur cheart do AE agus do na Ballstáit gníomhú dá réir sin de mheon na dlúthpháirtíochta;
D. de bhrí, go dtí seo, go bhfuil idirghabhálacha ó CDAE á ndíriú ar thart ar chéad tubaiste nádúrtha atá ag tarlú i 23 Bhallstát agus i dtír aontachais amháin, arb ionann a luach iomlán agus tuairim is EUR 6.6 billiún(7);
E. de bhrí gurbh ionann in 2017 agus in 2018 tubaistí tuilte agus dhá thrian d’iarratais CDAE, in ainneoin gurbh ann do stoirmeacha móra, dóiteáin foraoise agus creathanna talún sa tréimhse tuairiscithe;
F. ag tabhairt dá haire a úsáidí atá CDAE, mar a léiríodh sa mheastóireacht ón gCoimisiún, go háirithe maidir leis an ualach ar gach údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a laghdú i ndáil le tacú leis an iarracht téarnaimh i ndiaidh mórthubaistí nádúrtha náisiúnta nó réigiúnacha nó móréigeandálaí sláinte poiblí, mar a shainmhínítear i Rialachán CFAE (arna leasú);
G. de bhrí go ndearnadh athbhreithniú ar chreat rialála CFAE in 2014 trí Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 661/2014(8), go háirithe d’fhonn na nósanna imeachta a shimpliú, an t-am chun freagra a thabhairt tar éis iarrataí a dhéanamh a ghiorrú, na critéir incháilithe maidir le hiarrataí ar chúnamh i gcás tubaistí réigiúnacha a shoiléiriú, cur leis an tréimhse cur chun feidhme agus íocaíochtaí ionchasacha a thabhairt isteach, mar a d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile; de bhrí go ndearnadh tuilleadh dul chun cinn trí leasú mhí an Mhárta 2020 ar an rialachán, go háirithe maidir leis an méadú ar leibhéal na réamhíocaíochtaí agus maidir le próiseas leithdháilte CDAE a shimpliú;
H. de bhrí gurb é 100 % an ráta formheasa do na hiarrataí ar chúnamh i gcás mórthubaistí, cé gur tháinig méadú ó 32 % go 85 % ar líon na n-iarrataí i gcás tubaistí réigiúnacha, an chatagóir is coitianta, tar éis athbhreithniú ar Rialachán CDAE in 2014;
I. de bhrí gur chuidigh an t-athchóiriú ar an rialachán in 2014 le síneadh a chur leis an tréimhse ama chun iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE a ullmhú agus a chur isteach ó 10 go 12 seachtaine, tá gá fós le nuashonrú ar chion suntasach de na cásanna, rud a fhágann go mbíonn moill ann maidir le rochtain a fháil ar na deontais; de bhrí gur cheart don Choimisiún, ar an gcúis sin, treoir shimplithe a thabhairt maidir leis na ceanglais iarratais agus, á dhéanamh sin dó, an t-ualach riaracháin a laghdú;
J. de bhrí go bhféadfaí an t-am a thógann sé an deontas iomlán atá le húsáid a laghdú tuilleadh chun an géarghá atá le dlúthpháirtíocht AE a chomhlíonadh;
K. de bhrí nach gcumhdaíonn cúnamh CFAE ach athbhunú an riocht ina raibh bonneagar roimhe sin i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, agus nach gcumhdaítear na costais bhreise chun bonneagar atá níos seasmhaí ó thaobh tubaistí de agus níos athléimní ó thaobh na haeráide de a thógáil, mar a iarradh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a chaithfidh an stát is tairbhí a mhaoiniú as acmhainní dílse agus as cistí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe;
L. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go bhfuil gá, mar a léiríodh le géarchéim COVID-19, le leibhéal níos airde sineirgí idir ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe agus CDAE; ag aithint gur cruthaíodh CDAE chun freagairt do thubaistí nádúrtha sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus ag an am céanna go bhfuil an beartas comhtháthaithe (CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe) dírithe ar phleanáil níos fadtéarmaí don chosaint shibhialta agus don infheistíocht sa chosaint shibhialta, sa bhonneagar coisctheach, sa bhonneagar bainistithe riosca agus sna bearta athléimneachta, ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;
M. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun raon feidhme CDAE a leathnú ionas go n-áireofar air móréigeandálaí sláinte poiblí, agus teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/461 ina dhiaidh sin;
N. de bhrí gur dócha go ngéaróidh tubaistí nádúrtha de dheasca an athraithe aeráide; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a úsáidí atá an sásra buiséadach maidir le leithdháileadh gníomhach a cuireadh i bhfeidhm in 2014, rud a chuir ar chumas CFAE, i measc nithe eile, EUR 1.2 billiún, an ranníocaíocht mó riamh ó CFAE, a chur ar fáil mar thacaíocht le linn na gcreathanna talún san Iodáil in 2016 agus in 2017;
O. de bhrí gur cheart, mar a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán CDAE, go mbeadh oibríochtaí arna maoiniú ag an gciste comhoiriúnach le forálacha CFAE agus leis na hionstraimí arna nglacadh faoi, agus le beartais agus bearta AE, go háirithe i réimsí chosaint an chomhshaoil, cosc agus bainistiú rioscaí tubaiste nádúrtha, agus oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais;
P. de bhrí go ndéantar foráil sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua d’imchlúdach buiséadach ar a dtugtar ‘an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála’(SEAR) a thugann le chéile CDAE agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála (EAR) agus atá beartaithe freagairt do chásanna éigeandála de dheasca mórthubaistí i mBallstáit nó i dtíortha aontacha ar thaobh amháin (CDAE), agus do riachtanais phráinneacha shonracha in AE nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i gcás géarchéimeanna daonnúla, ar an taobh eile (an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála);
Q. de bhrí, mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, go bhfuil an staid dheacair aeráide ar cheann de na tosca dianseasmhacha a chuireann isteach go mór ar fhorbairt na réigiún is forimeallaí (ORanna); de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, bearta sonracha a ghlacadh ina leagfar síos coinníollacha chun na conarthaí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear comhbheartais;
R. de bhrí nach mór aird ar leith a thabhairt ar ORanna, do na hoileáin, agus do réigiúin shléibhtiúla, do réigiúin inar tearc an daonra, agus do na críocha go léir atá go mór i mbaol tubaistí nádúrtha;
S. á chur in iúl gur oth léi nach gceadaítear faoi láthair le Rialachán CDAE iarratais ar chabhair a chur isteach ar bhonn trasteorann, cé go dtéann limistéir áirithe atá an-leochaileach i leith tubaistí nádúrtha, amhail réigiúin shléibhtiúla, thar theorainneacha go minic;
1. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach dtiocfaidh ach méadú agus géarú ar theagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha leis an athrú aeráide; á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i gcosc agus i maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun infheistíocht a dhéanamh i mbearta laghdaithe a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu, agus é á chur san áireamh go bhfuil go leor tubaistí nádúrtha ina n-iarmhairt dhíreach ar ghníomhaíochtaí an duine agus gur féidir le tuilte, creathanna talún, dóiteáin foraoise, triomaigh agus tubaistí nádúrtha eile dul ó smacht, lena n-iarrtar go nglacfaí bearta leormhaithe;
2. ag tabhairt dá haire go bhfuil CDAE ar cheann de na léirithe is nithiúla de dhlúthpháirtíocht AE, agus go bhfuil gach saoránach AE ag súil go dtaispeánfaí é nuair a tharlaíonn tubaistí nó éigeandálaí tromchúiseacha sláinte poiblí;
3. ag cur béim gur cúis imní di go raibh ar dhaoine in AE aghaidh a thabhairt ar iliomad tubaistí le blianta beaga anuas a scrios saol daoine, maoin, an comhshaol agus oidhreacht chultúrtha;
4. ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus móréigeandálaí sláinte poiblí ag tarlú ar bhonn rialta anois, le samplaí le déanaí lena n-áirítear paindéim COVID-19 – a bhfuil tionchar an-mhór aige ar shaol na nEorpach agus gheilleagar na hEorpa – dóiteáin foraoise ar fud na mór-roinne, lena n-áirítear in áiteanna neamhghnácha amhail an tArtach, agus sraith mórchreathanna talún san Eoraip, go háirithe san Iodáil in 2016 agus 2017, arbh é ba chúis leis na céadta básanna agus thart ar EUR 22 billiún damáiste, agus sa Chróit i mí an Mhárta agus i mí na Nollag 2020; á mheabhrú chomh maith gur scrios stoirmeacha, báisteach fhoircneach agus tuilte go leor cathracha agus gleannta, agus go ndéanann hairicíní atá ag éirí níos measa i gcónaí léirscrios sna ORanna, amhail Hairicín Irma in Saint-Martin in 2017 agus Hairicín Lorenzo san Asóir in 2019, a raibh ollscrios ag baint leo; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gurb iad críocha leochaileacha, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla, na réigiúin is lú daonra agus na réigiúin is forimeallaí is mó atá thíos le tionchar an athraithe aeráide;
5. á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach cabhair agus cistí a sheoladh chomh tapa, chomh héasca agus chomh solúbtha agus is féidir chuig na réigiúin atá buailte agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sineirgí idir CDAE agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, comhpháirt maidir le hoiriúnú don athrú aeráide CFRE agus na cláir maidir le comhar críochach bunriachtanach chun pacáiste cuimsitheach freagartha agus athléimneachta a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre ar threoir d’úsáid shimplithe CDAE chun gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a éascú; á áitiú gur cheart sineirgí idir CDAE agus ionstraimí cistiúcháin AE réamhluaite, i measc ionstraimí eile, a úsáid ar bhealach solúbtha agus a mhéid is féidir; á mheabhrú gur cheart mionsonraí a thabhairt sa tuarascáil cur chun feidhme ó gach tír is tairbhí ar na bearta coisctheacha – lena n-áirítear cistí struchtúracha AE a úsáid – a dhéantar nó atá beartaithe chun damáiste sa todhchaí a theorannú agus chun atarlú tubaistí nádúrtha comhchosúla a sheachaint, a mhéid is féidir;
6. á chur i bhfios, de réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go raibh 7 348 mórthubaiste nádúrtha ann le 20 bliain anuas (2000-2019), ina bhfuair 1,23 milliún duine bás, ina ndearnadh difear do 4,2 billiún duine agus arbh é USD 2,97 trilliún a bhí mar thoradh orthu i gcaillteanais eacnamaíocha ar fud an domhain;
7. á chur i bhfios de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), go raibh teagmhais adhaimsire a bhain leis an aeráid ina gcúis le caillteanais EUR 446 billiún san iomlán i mballtíortha LEE idir 1980 agus 2019;
8. den tuairim go bhfuil tionchar eacnamaíoch agus sóisialta níos doimhne ag tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ag móréigeandálaí sláinte poiblí sna críocha is lú forbairt agus is leochailí, amhail oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin faoi líon beag daoine, agus gur cheart, dá bhrí sin, bearta níos leordhóthanaí a dhéanamh faoi CDAE;
Bainistiú tubaiste, measúnú ar dhamáiste agus simpliú nósanna imeachta
9. ag tabhairt dá haire go bhfuil cineálacha éagsúla rioscaí os comhair AE agus á chur i bhfios go láidir nach leis an athrú aeráide amháin a chinntear déine roinnt tubaistí nádúrtha, ach i gcásanna áirithe go mbíonn tionchar ag tosca a de dhéantús an duine orthu, lena n-áirítear pleanáil spásúlachta neamhaireach; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach infheistiú i gcosc agus i mbainistiú rioscaí i gcás tubaistí in AE trí bhonneagar coisctheach a thógáil; á mholadh do na Ballstáit i ndáil leis sin, pleananna coiscthe agus bainistithe tubaistí a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis an gCoimisiún, ionas gur féidir meastóireacht chruinn agus mhear a dhéanamh ar an damáiste; á chur i bhfáth go bhfuil sé i gceist le CDAE a bheith ina ionstraim shimplí a fhéadfaidh AE a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs athchóiriú a dhéanfar amach anseo ar CDAE, leanúint dá chuid oibre chun an nós imeachta iarratais do na Ballstáit a shimpliú agus a bhrostú, mar shampla trí aird ar leith a thabhairt ar iarratais a shimpliú maidir le CDAE a ghníomhachtú i roinnt réigiún i gcomhthéacs tubaistí trasteorann, chun a áirithiú go dtabharfar freagairt níos tapa ar dhlús a chur le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí;
11. á mheas go bhfuil réigiúin agus críocha ag éirí níos leochailí de bharr an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha de bheith ag méadú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, féachaint ar CDAE a athbhreithniú chun tubaistí réigiúnacha a chur san áireamh ar bhealach níos fearr; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról ag cláir CFRE, i sineirgíocht le cláir forbartha tuaithe, maidir le rioscaí a chosc agus a mhaolú, amhail rioscaí teicstíleacha agus hidrigeolaíocha; ag aithint, ina theannta sin, gur áiríodh triomaigh i raon feidhme Rialachán CDAE le linn athbhreithniú 2014, ach ag tabhairt dá haire gur gné athfhillteach d’fhorbairtí aeráide AE iad agus go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar a dtionchar eacnamaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchair shonracha na dtriomach agus aghaidh a thabhairt orthu mar is iomchuí i gcomhthéacs athchóiriú ar CDAE amach anseo;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an taighde agus an t-oideachas a neartú d’fhonn córas a chur ar bun chun ullmhacht níos fearr a áirithiú chun tubaistí a chosc agus a bhainistiú agus chun tionchar géarchéimeanna den sórt sin a íoslaghdú;
13. á iarraidh comhordú agus comhar méadaithe a bheith ann idir institiúidí taighde agus forbartha na mBallstát, go háirithe iad siúd a bhfuil rioscaí comhchosúla ag bagairt orthu; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chórais luathrabhaidh sna Ballstáit agus go gcruthófaí agus go neartófaí na naisc idir na córais éagsúla luathrabhaidh;
14. á mholadh do na Ballstáit infheistíochtaí, tionscadail agus uirlisí a shainaithint ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun damáiste ó thubaistí nádúrtha agus ó thubaistí sláinte a chosc agus a theorannú;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún scaipeadh dea-chleachtas maidir le rialachas agus struchtúir chomhordúcháin institiúideacha a úsáid i gcás tubaistí;
16. ag tarraingt aird ar na deacrachtaí a bhíonn ag tíortha is tairbhí maidir le méideanna beachta damáiste a chinneadh laistigh de thréimhsí an-ghearr ama agus á mholadh don Choimisiún treoir ar mhodhanna simplithe atá le húsáid a ullmhú chun méid na cabhrach a chuirtear ar fáil trí CDAE a chinneadh, agus freisin chun an fhéidearthacht earráidí agus moilleanna breise a íoslaghdú;
17. á thabhairt chun suntais gur chothaigh úsáid CDAE próiseas foghlama i measc na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, a thug orthu measúnú a dhéanamh ar a mbeartais níos leithne maidir le bainistiú rioscaí tubaistí; ag cur béim ar an ngá atá ann an t-ualach maorlathach a laghdú agus méadú a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní trí thacaíocht theicniúil agus riaracháin do thíortha tairbhíocha, chun cabhrú leo straitéisí bainistithe agus fadtéarmacha a fhorbairt lena ndírítear ar laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ag móréigeandálaí sláinte poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcumarsáid leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna céimeanna comhleanúnacha den mheastóireacht, den ullmhúchán d’iarratais agus de chur chun feidhme na dtionscadal, d’fhonn dlús a chur leis na nósanna imeachta riaracháin;
18. á iarraidh ar an gCoimisiún díriú, a mhéid is féidir, agus athbhreithniú amach anseo á dhéanamh ar CDAE , ar na réigiúin is mó atá i mbaol tubaistí móra nádúrtha nó réigiúnacha nó mór-éigeandálaí sláinte poiblí, go háirithe na ORanna, na hoileáin, na réigiúin sléibhtiúla, agus na réigiúin a bhfuil claonadh iontu dianghníomhaíocht seismeach nó bolcánach nó géarchéimeanna sláinte poiblí a bheith acu sa todhchaí;
19. á chreidiúint gur cheart ceachtanna a fhoghlaim ó hairicíní a bhí ann cheana a bhuail tíortha agus críocha thar lear (OCTanna); den tuairim gur cheart ionstraimí EAR agus ionstraimí eile um chabhair sheachtrach a úsáid ina n-iomláine chun an damáiste a tabhaíodh a mhaolú; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de thairis sin gur gá acmhainní leormhaithe airgeadais a leithdháileadh ar na hionstraimí cabhrach seachtraí sin chun cabhrú le tíortha agus críocha thar lear;
Acmhainní cistithe agus leithdháileadh tapa leithreasaí
20. á chur i bhfios go ndearna an Coimisiún foráil, i dtogra athbhreithnithe uaidh an 27 Bealtaine 2020 maidir le CAI 2021-2027, do bhuiséad uasta bliantúil EUR 1 bhilliún (i bpraghsanna 2018) do CDAE agus ag tabhairt dá haire, de réir an chomhaontaithe maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, go ndearnadh CDAE a chumasc le EAR i bpacáiste nua SEAR, le leithdháileadh foriomlán bliantúil buiséid EUR 1.2 billiún;
21. á mheas go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt solúbthachta ag baint le cruthú SEAR; á chur i bhfios, mar sin féin, go bhfuil leithdháileadh CDAE fós neamhchinnte, mar atá sé faoi láthair, ós rud é go bhfuil sé ag brath ar na méideanna arna leithdháileadh faoi EAR; á mheas gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bhainistiú SEAR chun féachaint an gcomhlíonann méid agus scála leithdháileadh na gcistí dá bhforáiltear san ionstraim airgeadais nua sin riachtanais CDAE, i bhfianaise leathnú a raon feidhme agus méid agus iomadú na n-éigeandálaí a eascraíonn go háirithe ó thubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ó mhóréigeandálaí sláinte poiblí;
22. á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh an t-athbhreithniú ar CDAE arna ghlacadh i mí an Mhárta 2020 luach na n-íocaíochtaí a bhí beartaithe ó10 % go 25 % den ranníocaíocht lena bhfuiltear ag súil agus an uasteorainn ó EUR 30 milliún go EUR 100 milliún; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá réamhíocaíochtaí chun éifeachtacht na gclár cúnaimh a mhéadú, go háirithe i réigiúin agus i bpobail áitiúla a bhfuil foinsí cistithe malartacha teoranta acu; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí breise chun an rogha sin a chur chun cinn agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe chun go laghdófaí an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus a áirithiú ag an am céanna go gcosnófar buiséad AE;
23. á chur i bhfios gur foirgnimh phoiblí iad formhór na bhfoirgneamh atá suite sna ORanna (amhail calafoirt, aerfoirt agus ospidéil), agus in ainneoin go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú na gcríoch beag sin, go bhfuil siad thíos go mór le tubaistí comhshaoil; á chreidiúint, dá bhrí sin, í gur cheart go mbeadh tacaíocht airgeadais ó CDAE do na ORanna níos airde ná 2,5 % den mhéid a fuarthas chun tubaistí a tharla san am a chuaigh thart a leigheas, ionas go mbeidh siad in ann filleadh ar an riocht ina raibh siad roimhe sin agus feabhas a chur air go gasta;
24. á aithint gurb ionann an tréimhse atá de dhíth chun íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo a íoc agus cúig mhí ar a laghad agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh níos frithghníomhaí;
25. ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtógann sé bliain ar an meán do mhéid iomlán deontais CDAE chun an tairbhí a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun leithdháileadh an chiste a shimpliú agus a dhéanamh chomh solúbtha agus is féidir i gcomhthéacs athchóiriú amach anseo, chun gníomhaíocht ghasta agus faoiseamh pras a áirithiú do na réigiúin agus/nó do na tíortha sin atá buailte ag tubaiste;
26. á chreidiúint, agus aird á tabhairt ar an méid thuas agus leathnú raon feidhme an chiste, go bhféadfadh gá a bheith le measúnú ar bhuiséad CDAE amach anseo, agus go bhféadfaí é a leanúint, más gá, trí choigeartú comhfhreagrach ar an gcistiú, chun an méid is gá a sholáthar d’fhíoruirlis do dhlúthpháirtíocht AE agus chun a ráthú go mbeidh buiséad mór go leor ann chun déileáil go héifeachtach le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí, ní hamháin chun damáiste a dheisiú ach chun athléimneacht i leith an athraithe aeráide a fhorbairt freisin;
27. á chur i bhfáth gur cheart bronnadh, bainistiú agus cur chun feidhme dheontais CDAE a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, agus gur gá na deontais a úsáid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;
Rioscaí a chosc agus cáilíocht atógála
28. á iarraidh, maidir leis a critéir chun tionscadail a chinneadh atá ‘incháilithe’ chun cúnamh a fháil ón gciste, go dtabharfaí aird níos mó ar na prionsabail is déanaí maidir le rioscaí a chosc agus á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal ‘Atógáil Ar Bhealach Níos Fearr’ a chomhtháthú go hiomlán in Airteagal 3 de Rialachán CDAE in athbhreithniú amach anseo, d’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht an bhonneagair sna réigiúin sin le linn na hatógála agus chun iad a ullmhú níos fearr chun tubaistí amach anseo a sheachaint trí bhonneagar coisctheach a thógáil;
29. den tuairim go bhféadfaí na hionstraimí amhail ‘iasachtaí creata’, arna gcur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Infheistíochta a úsáid freisin chun maoiniú a dhéanamh bhonneagar níos athléimní, níos sábháilte agus níos glaise a atógáil;
30. á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí idir CDAE agus cistí an bheartais chomhtháthaithe a neartú agus a shimpliú, mar aon leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, d’fhonn rioscaí a bhainistiú go héifeachtúil agus go struchtúrtha do thionscadail atógála sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus ní hamháin trí bhonneagar atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a thógáil, ach freisin trí bhearta coisctheacha a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin solúbthacht a léiriú maidir le clársceidealú agus maidir le leasú a dhéanamh ar chláir náisiúnta nó réigiúnacha a mhéid a bhaineann le déileáil le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí; á athdhearbhú, ina leith sin, gur cheart, le cúnamh airgeadais CDAE, díriú ar athléimneacht níos láidre agus ar inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí sna réimsí lena mbaineann;
Éigeandálaí sláinte
31. á chur in iúl gur geal léi, tar éis an athbhreithnithe ar rialachán CDAE a mhol an Coimisiún an 13 Márta 2020, go bhfuil na hoibríochtaí atá incháilithe faoin gciste á leathnú anois chuig cásanna ina bhfuil móréigeandálaí sláinte poiblí ann, lena gcumhdaítear ní hamháin cúnamh leighis ach bearta chun scaipeadh galar a chosc nó a rialú, agus faireachán a dhéanamh orthu;
32. á thabhairt chun suntais gur léir ó leathnú raon feidhme an chiste chun tionchar phaindéim COVID-19 a chomhrac go bhfuil sé d’acmhainn ag CDAE a bheith níos solúbtha, ina raon feidhme agus ina incháilitheacht araon, agus go bhfuil sé in ann cúnamh a chur ar fáil ní hamháin le linn mórthubaistí nádúrtha, ach freisin cúnamh mear a thabhairt le linn cineálacha eile mórthubaistí, amhail paindéimí;
33. á mheas, leis an leathnú sin ar raon feidhme CDAE, gur gá buiséad níos mó;
34. á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit a gcomhar a neartú le seirbhísí ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte atá dírithe ar ullmhacht do chásanna éigeandála, chun pleananna mearfhreagartha d’éigeandálaí sláinte a fhorbairt;
Infheictheacht cúnaimh airgeadais an chiste
35. ag athdhearbhú a thábhachtaí atá na sochair nithiúla a eascraíonn as CDAE a chur in iúl don phobal, chun muinín na saoránach as uirlisí agus cláir AE a mhéadú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheictheacht chúnamh an chiste a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide ad hoc, spriocdhírithe, i gcomhthreo le tosaíocht a thabhairt do mhearfhreagairt agus do soláthar cabhrach, go sonrach chun breisluach AE a thabhairt chun suntais i gcás tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus mór-éigeandálaí sláinte poiblí, ar léiriú nithiúil é ar dhlúthpháirtíocht AE agus ar chumas an Aontais fíorchúnamh frithpháirteach a chur i bhfeidhm trí acmhainní buiséadacha suntasacha a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin, mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar ar an rialachán amach anseo, iallach a chur ar thíortha tairbhíocha a gcuid saoránach a chur ar an eolas faoi thacaíocht airgeadais AE do na hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme;
o o o
36. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.
Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 143)