Clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár Pericles IV): leathnú go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha ***
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/... lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár ʻPericles IV’), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (13255/2020 – C9-0017/2021 – 2018/0219(APP))
(An nós imeachta reachtach speisialta – toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtrialachán ón gComhairle (13255/2020),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0017/2021),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0165/2021),
1. ag tabhairt a toilithe don dréachtrialachán ón gComhairle;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.