Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (11645/2020 – C9-0392/2020 – 2019/0126(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11645/2020),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (10584/19),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fhomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0392/2020),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0125/2021),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hÍoslainne, agus Ríocht na hIorua.