Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le scéim dleachtanna duga sna réigiúin is forimeallaí de chuid na Fraince agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 940/2014/AE (COM(2021)0095 – C9-0105/2021 – 2021/0051(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0095),
– ag féachaint d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0105/2021),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0138/2021),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.