Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2177(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0147/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0147/2021

Díospóireachtaí :

PV 17/05/2021 - 20
CRE 17/05/2021 - 20

Vótaí :

PV 18/05/2021 - 13

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0227

Téacsanna atá glactha
PDF 170kWORD 60k
Dé Máirt, 18 Bealtaine 2021 - Brussels
Cuspóirí na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 den Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach
P9_TA(2021)0227A9-0147/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar chuspóirí na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 den Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach (2019/2177(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 maidir leis an Staid mar atá i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh agus an Comhairliúchán faoi Dheiseanna Iascaireachta do 2020 (COM(2019)0274),

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2020 dar teideal Towards more sustainable fishing in the EU: state of play and orientations for 2021 [I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021] (COM(2020)0248),

–   ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla(2),

–  ag féachaint do thuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) lena ndéantar meastóireacht ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír don Mhuir Thuaidh (2016-2017), d’Uiscí an Iarthuaiscirt (2016-2017) agus do ronnach sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iarthuaiscirt (2015-2017),

–  ag féachaint do thuarascálacha de chuid suí iomlánaigh ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) (PLEN 20-01, 19-01, 18-01 agus 17-01), agus dá thuarascálacha dar teidil Evaluation of Member States' Annual Reports on the Landing Obligation (for 2019) [Meastóireacht ar Thuarascálacha Bliantúla na mBallstát maidir leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír (le haghaidh 2019)] (Adhoc-20-02), Monitoring the performance of the Common Fisheries Policy [Faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chomhbheartais Iascaigh] (Adhoc-20-01) agus Evaluation of Joint Recommendations on the Landing Obligation and on the Technical Measures Regulation [Meastóireacht ar Mholtaí Comhpháirteacha i ndáil leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus i ndáil leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla] (STECF-20-04),

–   ag féachaint do Threoir (AE) 2017/159 ón gCoimisiún ag 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Coinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht(3),

–  ag féachaint don alt dar teideal The unintended impact of the European discard ban a foilsíodh in ICES Journal of Marine Science(4),

–   ag féachaint don staidéar dar teideal Implementation of the EU fisheries control system by Member States (2014-19) [Cur chun feidhme chóras rialaithe iascaigh AE ag na Ballstáit (2014-19)], arna iarraidh an Coiste um Iascach,

–  ag féachaint do na staidéir a d’iarr an Coiste um Iascach ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus tachtspeicis in iascaigh ilspeiceas agus mheasctha sa Mhuir Thuaidh(5), in Uiscí an Iarthuaiscirt(6) agus in Uiscí an Iardheiscirt(7), agus do na staidéir ar an toirmeasc ar ábhair mhuirí a aischur, ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) sa Mheánmhuir Thiar(8),(9)

–   ag féachaint don leabhar dar teideal The European Landing Obligation, Reducing discards in complex, multi-species and multi-jurisdictional fisheries(10), a foilsíodh in 2019,

–   ag féachaint don tuarascáil dar teideal A third assessment of global marine fisheries discards, a d’fhoilsigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) in 2019,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0147/2021),

A.  de bhrí, le sprioc 14,4 de Sprioc 14 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go dtathantaítear ar an gcomhphobal idirnáisiúnta saothrú éisc a rialú go héifeachtach, deireadh a chur leis an ró-iascaireacht, leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme faoi 2020, chun stoic éisc a athbhunú a luaithe is féidir, go dtí na leibhéil sin ar a laghad ar féidir UTI a bhaint amach, mar a chinntear de réir a saintréithe bitheolaíocha;

B.  de bhrí go meastar gurb é 9.1 milliún tona méid bliantúil na n-ábhar muirí aischurtha in iascaigh gabhála muirí ar fud an domhain, arb ionann é agus 10,8 % de mheánghabháil bhliantúil 2010-2014; de bhrí go raibh na rátaí is ísle d’ábhair mhuirí aischurtha ag iascaigh a dhíríonn ar speicis tuinnín agus ar speicis pheiligeacha eile, agus ag an am céanna go raibh na rátaí is airde d’ábhair mhuirí aischurtha ag iascaigh a dhíríonn ar chrústaigh; de bhrí gur tháirg iascaigh a dhíríonn ar éisc ghrinnill na méideanna is mó ábhar muirí aischurtha agus gur tháirg iascaigh a dhíríonn ar mhoilisc (seachas ceifileapóid) na méideanna is ísle; de bhrí gur baineadh amach buaic na n-ábhar muirí aischurtha bliantúil domhanda ag thart ar 18,8 milliún tona in 1989 agus gur tháinig laghdú de níos lú ná 10 milliún tona orthu de réir a chéile faoi 2014(11);

C.  de bhrí gur gnáthchleachtas iascaigh é ábhar muirí a aischur, ina gcuirtear gabhálacha de thaisme ar ais san fharraige, bíodh siad marbh nó beo, de bharr éisc a ndearnadh damáiste dóibh, de bharr éisc aonair a bheith róbheag (srianta maidir le híosmhéid), de bharr cúiseanna indíoltachta agus easpa cuótaí nó rialacha maidir le comhdhéanamh gabhála; de bhrí, sular tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, nach raibh sé ceadaithe éisc róbheaga a bheith ar bord ná iad a thabhairt i dtír;

D.  de bhrí gur cur amú suntasach acmhainní nádúrtha lena gcaitheamh ag an duine iad gabhálacha de thaisme agus ábhair mhuirí aischurtha agus go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar shaothrú inbhuanaithe na stoc éisc, ar éiceachórais mhuirí agus ar inmharthanacht airgeadais iascach, rud a tharlaíonn go minic; de bhrí nach féidir leibhéal áirithe foghabhála de thaisme agus aischuir ábhar muirí a sheachaint, go háirithe in iascaigh mheasctha;

E.  de bhrí go raibh leibhéil arda na n-ábhar muirí aischurtha a bhí ann roimhe seo i roinnt iascach AE ina bhfadhb thromchúiseach d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach iascaigh AE, rud a tharraingíonn amhras ar inchreidteacht bheartas iascaigh an Aontais;

F.  de bhrí nach ndearnadh an toirmeasc ar chleachtas maidir le roghnú na scotha (iasc indíolta a aischur), a tugadh isteach in AE in 2010, a chur chun feidhme mar ba cheart;

G.  de bhrí go n-áiritheofar leis an gcomhbheartas iascaigh (CBI), a ndearnadh athchóiriú air in 2013, go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a íoslaghdú, agus gur tugadh isteach na cuspóirí seo a leanas leis: (a) ‘deireadh céimneach a chur le hábhair mhuirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha de speicis tráchtála rialaithe i dtír’ agus (b) ‘nuair is gá, an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme, gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe’;

H.  de bhrí nach bhfuil aon sonraí iontaofa maidir le hábhair mhuirí aischurtha ná aon fhianaise eolaíoch ann a thugann le fios go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar ghabhálacha de thaisme mar thoradh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; de bhrí go bhféadfadh sé go raibh cailliúint infheictheachta gabhálacha i roinnt iascach agus díghrádú ar an gcomhairle eolaíoch agus ar cháilíocht na sonraí mar thoradh ar a cur chun feidhme lag;

I.   de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta ag earnáil an iascaigh i dtreo chuspóir UTI a bhaint amach; de bhrí gur ó iascaigh, a bhí á mbainistiú go hinbhuanaithe, a tháinig 99 % de na gabhálacha ar tugadh i dtír i Muir Bhailt, sa Mhuir Thuaidh agus san Atlantach in 2020, arna mbainistiú ag AE go heisiach, agus a bhfuil measúnuithe eolaíocha ar fáil ina leith; de bhrí go raibh an bhithmhais le haghaidh stoc a ndearnadh measúnú iomlán orthu 48 % níos airde san Atlantach Thoir Thuaidh in 2018 ná mar a bhí in 2003; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann, go háirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, áit a bhfuil róshaothrú á dhéanamh ar thart ar 75 % de stoic a ndéantar measúnú eolaíoch orthu;

J.  de bhrí, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a tugadh isteach de réir a chéile thar cheithre bliana (2015-2019), go bhfuil sé éigeantach gabhálacha uile speiceas a thabhairt i dtír agus a bhaint de na cuótaí is infheidhme, ar gabhálacha speiceas iad atá faoi réir teorainneacha gabhála agus, sa Mheánmhuir, atá faoi réir íosmhéideanna in uiscí AE, nó i gcásanna áirithe gur gabhálacha speiceas ag soithí AE in uiscí idirnáisiúnta iad, agus go gcuirtear toirmeasc ar éisc róbheaga a úsáid lena gcaitheamh go díreach ag an duine;

K.  de bhrí, de réir STECF(12), nár cuireadh aon fhaisnéis ar fáil maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír do na cabhlaigh fhad-achair a oibríonn lasmuigh d’uiscí an Aontais; de bhrí gur thug an Chomhairle Chomhairleach um Chabhlach Fad-Achair (LDAC) chun suntais nach bhfuil feidhm i gcleachtas ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le soithí AE a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh d’uiscí AE;

L.  de bhrí go leantar d’éisc arna dtabhairt i dtír atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a úsáid do mhin éisc, do bhia peataí nó mar bhaoite d’iascaigh phota, ina bhfuil torthaí eacnamaíocha ísle; de bhrí go bhfuil na húsáidí malartacha sin indéanta go heacnamaíoch nuair a bhíonn saoráid táirgthe in aice leis an gcalafort tabhartha i dtír, ach tagann laghdú ar an indéantacht (nó imíonn sí) nuair a bhíonn gá le lóistíocht agus bonneagar le haghaidh iompar fad-achair nó infheistíochtaí i saoráidí nua táirgthe(13);

M.  de bhrí go molann roinnt Ballstát gur cheart reachtaíocht a leasú chun go gceadófaí éisc faoi na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe ábhartha atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a úsáid chun críoch carthanach;

N.  de bhrí nach toirmeasc lán-chuimsitheach ar ábhair mhuirí a aischur í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír toisc nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le speicis rialaithe (gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus iarracht iascach rialáilte ar sainíodh íosmhéid gabhála ina leith) agus go n-áirítear inti díolúintí d’iasc a léiríonn damáiste a rinne creachadóirí agus d’ardmharthanas agus díolúine de minimis suas go dtí 5 % i gcásanna ina bhfuil sé deacair méaduithe ar roghnaíocht a bhaint amach nó ina mbaineann costais dhíréireacha le láimhseáil gabhálacha de thaisme; de bhrí go mbraitheann cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír freisin ar úsáid fhorleathan díolúintí sealadacha a éilíonn athbhreithniú bunaithe ar mheasúnú eolaíoch, lena mbaineann am agus iarracht ó chinnteoirí agus ó earnáil na hiascaireachta;

O.   de bhrí go bhfuil éagsúlachtaí móra idir leibhéil ábhar muirí aischurtha de réir réigiúin agus speiceas, gan ábhair mhuirí aischurtha nó beagán ábhar muirí aischurtha in iascaigh ina bhfuil luach tráchtála ag an gcuid is mó den ghabháil nó an ghabháil ar fad agus ina bhfuiltear ag baint leas as, mar is amhlaidh an cás in iascaigh ar mhionscála nó thraidisiúnta agus in iascaigh a bhfuil a dtáirgeadh ar mhaithe lena chaitheamh go díreach ag an duine;

P.  de bhrí, leis an iascaireacht ar mhionscála, go bhfostaítear níos mó oibreoirí agus go n-úsáidtear trealamh níos roghnaithí, rud is cúis le níos lú damáiste don chomhshaol agus a imríonn ról sóisialta agus eacnamaíoch lárnach, mar a léirigh tuarascáil 2018 ón gCoimisiúin Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) maidir le Staid an Iascaigh sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (SoMFi);

Q.  de bhrí go rannchuidíonn ábhair mhuirí aischurtha de chuid iascach le raon speiceas scroblachóirí a bheathú, ó phobail éan go pobail mhéisipheiligeacha agus bheantacha, a bhfuil tábhacht ag baint leo sa slabhra éiceolaíochta trófaí; de bhrí gurb é tátal na litríochta eolaíche go bhféadfadh laghdú ar ábhair mhuirí aischurtha tríd an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír difear a dhéanamh do phobail de chuid speiceas i roinnt áiteanna, ach ní dócha gurb amhlaidh a bheidh an cás;

R.  de bhrí gur speicis éisc nó stoic éisc iad ‘tachtspeicis’ a bhfuil níos lú deiseanna iascaireachta (cuóta) ag Ballstát, ag cabhlach nó ag soitheach ina leith ná i leith speicis eile; de bhrí go gciallódh comhlíonadh iomlán agus docht na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go háirithe in iascaigh mheasctha, go ndúnfaí an t-iascach ábhartha (tachtadh) a luaithe a bheadh an cuóta (teoranta) don speiceas sin úsáidte chun stop a chur le haon ghabhálacha eile de; de bhrí gur fadhb thromchúiseach fós í an fhéidearthacht tachta in iascaigh mheasctha agus go bhféadfadh sé gur chuir sé le cur chun feidhme íseal na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus le malartuithe cuótaí a chiorrú idir na Ballstáit, agus ar an gcaoi sin tearcúsáid na bhféidearthachtaí iascaireachta a ghéarú;

S.  de bhrí nach réiteoidh roghnaíocht na fadhbanna a bhaineann leis na hiascaigh sin go hiomlán ós rud é go bhféadfadh sé a bheith deacair go teicniúil gabhálacha de stoic thachtspeicis ábhartha a laghdú gan caillteanais mhóra de ghabhálacha indíolta eile a chruthú, rud a chruthódh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha do na cabhlaigh lena mbaineann; de bhrí gur glacadh comhthiomsuithe cuótaí le haghaidh foghabhálacha le déanaí chun cur i gcoinne cásanna tachtspeiceas, a bhfuil measúnú fós le déanamh ar a n-éifeachtacht;

T.  de bhrí gur féidir an méid éisc a ghabhtar de thaisme sa líon agus a tharraingítear ar bord a laghdú go suntasach ar an gcéad dul síos trí bhearta maidir le seachaint spásúla agus ama agus trí bhearta maidir le roghnaíocht theicniúil, rud a laghdódh an t-am láimhseála, ídiú breosla agus riachtanais stórála;

U.  de bhrí go dtugtar chun suntais le STECF go raibh líon measartha beag beart dírithe ar roghnaíocht a mhéadú sna moltaí comhpháirteacha ó ghrúpaí réigiúnacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in 2021; de bhrí go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na dtreoirthionscadal chun trealamh níos roghnaithí nó straitéisí seachanta a thástáil, i gcomhréir le hAirteagal 14 de CBI;

V.  de bhrí go bhfuil roinnt speiceas bainte de liosta TACanna ag an gComhairle le blianta beaga anuas, agus ar an gcaoi sin iad a bhaint ó bheith faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír freisin;

W.  de bhrí gur ionstraim í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír chun sprioc CBI maidir le roghnaíocht a bhaint amach seachas mar sprioc inti féin;

X.  de bhrí gur glacadh comhthiomsuithe cuótaí le haghaidh foghabhálacha le déanaí chun cur i gcoinne cásanna tachtspeiceas;

Y.  de bhrí gur feiniméan atá i ngach iascach ar fud an domhain é gabhálacha de thaisme a aischur agus nach fadhb ar leith é don Eoraip; de bhrí go bhfuil uiscí AE suntasach mar gheall ar a bhflúirse iascach measctha; de bhrí gur bhunaigh roinnt tríú tíortha agus críoch féinrialaitheach toirmisc ar ábhair mhuirí a aischur ar leibhéil éagsúla, lena n-áirítear Ceanada, Oileáin Fharó, an Iorua, an Íoslainn, an tSile agus an Nua-Shéalainn; de bhrí nach bhfuil toirmeasc curtha ag tríú tíortha eile, amhail SAM, ar ábhair mhuirí aischurtha ós rud é go n-úsáideann a reachtaíocht iascaigh cineálacha eile cur chuigí chun gabhálacha de thaisme a laghdú; de bhrí go ndearnadh toirmisc de chuid na hIorua agus na hÍoslainne ar aischuir ábhar muirí a oiriúnú thar 30 bliain mar fhreagairt ar fhadhbanna sonracha; de bhrí nach eol go hiomlán go fóill an tionchar atá ag toirmeasc na Sile ar ábhair mhuirí a aischur toisc nach bhfuil sí ach tosaithe é a chur chun feidhme; de bhrí go bhfuil ábhair mhuirí aischurtha fós ina bhfadhb ollmhór i mbainistiú iascaigh na Nua-Shéalainne;

Z.  de bhrí go leagtar síos le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta, a leagadh amach den chéad uair i mbunrialachán CBI ó 1983 agus arna chur chun feidhme le Rialachán maidir le TACanna agus Cuótaí den bhliain chéanna, eochair dháileacháin de TAC de réir Ballstáit bunaithe ar phrionsabail leithdháilte na ngabhálacha stairiúla (1973-1978), ar spleáchas mar a chumhdaítear i Sainroghanna na Háige de 1976, agus ar chaillteanais dlínse (1973-1976);

AA.  de bhrí gur foilsíodh beagnach 4 000 páipéar eolaíoch ar ábhair mhuirí aischurtha, a bhfuil baint ag níos mó ná 3 700 díobh le hiascaigh thionsclaíocha, agus go bhfuil níos lú ná 200 páipéar dírithe ar iascaigh chósta ar mhionscála;

AB.  de bhrí, ó bhí tuairim is 1950 ann, go bhfuil go leor speiceas muirí trasna grúpaí éagsúla tar éis athruithe i raon geografach agus i ngníomhaíochtaí séasúracha a dhéanamh mar fhreagairt ar théamh aigéin agus ar athruithe bith-gheoiceimiceacha, amhail cailliúint ocsaigine, maidir lena ngnáthóga, a bhfuil athruithe ar chomhdhéanamh speiceas, ar fhlúirse agus ar tháirgeadh bithmhaise na n-éiceachóras, ón meánchiorcal go dtí na poil, mar thoradh orthu; de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú ar dháileadh stoc éisc ar bhainistiú iascach amach anseo agus, dá bhrí sin, ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír freisin;

AC.  de bhrí go ndearna an Coimisiún measúnú tionchair shocheacnamaíoch ar bheartais lena laghdaítear ábhair mhuirí aischurtha sula ndearnadh a thogra le haghaidh bunrialachán nua CBI i mí Iúil 2011, ach gur theip air go dtí seo anailís iomlán a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch agus ar na héifeachtaí ar shábháilteacht ar bord nó freagraí a thabhairt ar na hábhair imní maidir le cur chun feidhme a tharraing na Comhairlí Comhairleacha agus na Ballstáit anuas;

AD.  de bhrí nach eol go fóill an méid a laghdaíodh ábhair mhuirí aischurtha; de bhrí nár thug suas le cúig Bhallstát aon fhreagra ar cheistneoir an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh 2019, agus gur theip ar dhá cheann de na Ballstáit sin é sin a dhéanamh le trí bliana anuas;

AE.  de bhrí gur féidir machaire aimhréidh laistigh de na Ballstáit agus eatarthu a bheith mar thoradh ar éagsúlachtaí i rialú agus i bhforfheidhmiú na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; de bhrí, ina chuid tuarascálacha ina ndearnadh meastóireacht ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, gur mheas EFCA nach leor an cur chun feidhme arna dhéanamh ag na Ballstáit agus thíolaic sé moltaí chun rialú a fheabhsú;

AF.  de bhrí nach mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme CBI, lena n-áirítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, faoin 31 Nollaig 2022;

1.  á athdhearbhú cuspóir foriomlán an Aontais saothrú inbhuanaithe stoc éisc a áirithiú agus éiceachórais mhuirí a chosaint; á thabhairt chun suntais gur tosaíocht beartais phoiblí é ábhair mhuirí aischurtha a laghdú agus gabhálacha de thaisme a íoslaghdú, ar tosaíocht í a múnlaíodh mar fhreagairt ar ábhair imní maidir le cuntasacht, caomhnú agus diomailt acmhainní nádúrtha, chomh maith go bhfuil gá eolaíoch le gach cúis básmhaireachta éisc a chur san áireamh go hiomlán;

2.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil mórán faisnéise sna tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún maidir le staid imeartha CBI maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus nach bhfuil aon fhaisnéis iontu go dtí seo maidir leis an méid a laghdaíodh ábhair mhuirí aischurtha faoin oibleagáid agus nach bhfuil aon anailís déanta ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide ná ar éifeachtaí a cur chun feidhme ar shábháilteacht ar bord soithí iascaireachta;

3.  ag aithint gur aistriú paraidíme é tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is mó i stair bhainistiú iascaigh AE – ó thabhairt i dtír a thaifeadadh, agus fiú amháin ábhair mhuirí aischurtha a dhéanamh éigeantach in amanna, chuig córas lena ndéantar taifead ar an ngabháil iomlán – a raibh, in éineacht le tabhairt isteach bheartas UTI, raon forleathan tionchar éiceolaíoch agus socheacnamaíoch aige sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ar ndóigh; ag cur béim ar an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

4.  ag tabhairt dá haire nach dtugtar le tuiscint le beartas UTI nach ndéantar aon ábhar muirí a aischur, agus má dhéantar ábhair mhuirí a aischur ní chiallaíonn sé sin nach rabhthas in ann UTI a bhaint amach – tá fianaise an dá ráiteas le fáil i roinnt mhaith stoc, lena n-áirítear speicis foghabhála;

5.  ag leagan béim ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar leis na geallsealbhóirí agus maidir leis na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar roghnaíocht; ag tabhairt dá haire, áfach, de réir an Choimisiúin agus STECF, go bhfuil cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír íseal ar an iomlán i gcónaí agus go bhfuil aischur ábhar muirí ag tarlú ag rátaí atá inchomparáide, a bheag nó a mhór, leis na blianta sular tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

6.  ag aithint go bhfuil oibleagáid ann ó 2010 i leith ábhair mhuirí aischurtha a thaifeadadh sa logleabhar faoin Rialachán maidir le Rialú ar Iascach; a chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin gur tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, go bhfuil teorainn fós le sonraí iontaofa agus le heolas maidir le méid na n-ábhar muirí aischurtha, go bhfuil méadú tagtha ar líon TACanna réamhchúraim, i gcodarsnacht leis an laghdú ar chainníochtaí TACanna anailíseacha, agus nach bhfuil feabhas suntasach tagtha ar infhaighteacht na faisnéise eolaíche maidir le stádas na stoc;

7.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír fós ina cúis imní i dtionscal na hiascaireachta agus laistigh de phobal na heolaíochta mar gheall ar bhacainní éagsúla; á thabhairt chun suntais gurb iad cúiseanna imní d’earnáil an iascaigh easpa an bhonneagair leormhaith ag calafoirt, costais oibriúcháin atá ag dul i méid, easpa dreasachtaí le haghaidh comhlíonta atá ar fáil ag na húdaráis, agus deacrachtaí maidir le roghnaíocht níos fearr a bhaint amach i roinnt iascach gan inmharthanacht eacnamaíoch na hiascaireachta a chur i mbaol, go háirithe in iascaigh mheasctha atá neamhchosanta ar mhórbhaol cásanna tachta as a n-eascraíonn tearcúsáid na gcuótaí atá ar fáil, an fhéidearthacht go ndúnfadh na h-iascaigh go luath agus deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha a chruthú do na cabhlaigh lena mbaineann; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh ach dhá chás go dtí seo: sól (an Bheilg) agus tuinnín mórshúileach (an Fhrainc);

8.  á chur in iúl gur oth léi go bhfuil léiriú diúltach ar iascairí agus ar iarrachtaí earnáil an iascaigh mar thoradh ar na deacrachtaí a tháinig chun cinn maidir leis an toirmeasc ar aischur ábhar muirí a chur chun feidhme, in ainneoin an dul chun cinn a rinneadh maidir le cuspóir UTI a bhaint amach;

9.  ag tabhairt na bearta a rinneadh go dtí seo dá haire – malartuithe cuótaí agus comhthiomsuithe cuótaí i gcás speicis foghabhála – cé gur bearta neamhbhuana iad na bearta sin den chuid is mó agus go bhfuil siad faoi réir idirbheartaíochta idir na Ballstáit agus gur gá measúnú críochnúil a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht go fóill; á thabhairt chun suntais gur gá bacainní riaracháin ar chur chun feidhme éifeachtach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhaint agus feabhas a chur ar fhorbairt agus ar ghlacadh trealaimh roghnaithigh nua agus pleananna éifeachtacha um laghdú foghabhála a fhorbairt tuilleadh chun stoic leochaileacha a athbhunú;

10.  ag cur béim ar an acmhainneacht agus ar an ngá atá le húsáid a bhaint as na heisceachtaí (ard-inmharthanacht agus an díolúine de minimis) dá bhforáiltear sa rialachán chun cur chun feidhme a éascú agus chun cur i gcoinne cásanna tachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á mheabhrú gur gá fianaise agus sonraí atá iontaofa agus cruinn a chur ar fáil agus ag moladh gur cheart an próiseas maidir le deonú díolúintí a chuíchóiriú, lena n-áirítear bailiú sonraí eolaíocha níos fearr;

11.  á chur i bhfáth gur aithin STECF go bhfuil feabhas ginearálta tagtha ar cháilíocht na n-aighneachtaí chun tacú leis na díolúintí ó tíolacadh na chéad mholtaí comhpháirteacha in 2014; ag aithint gur féidir leis a bheith dúshlánach sonraí agus faisnéis a chur ar fáil chun tacú leis na díolúintí mar gheall ar an gcineál sonraí atá de dhíth; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, gur tugadh chun suntais le STECF go bhfuil go leor cásanna ann ina dtugtar eolas agus faisnéis nach bhfuil sonrach do speiceas agus/ná d’iascach agus go n-úsáidtear na staidéir agus na toimhdí céanna chun tacú le díolúintí iolracha; á chur i bhfáth, de bharr easpa sonraí agus faisnéise atá sonrach do speiceas agus d’iascach, go bhfuil sé deacair meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar is dócha a bheidh ag díolúine atá beartaithe nó an gcomhlíonann an díolúine na dálaí do dhíolúintí de minimis nó ardmharthanais;

12.  á chur cur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh laghdú céimnitheach ar shocruithe solúbtha áirithe, amhail an díolúine de minimis, a bheith ina chúis leis an éifeacht tachta, nó leis an éifeacht sin a ghéarú, agus go bhféadfadh dúnadh iascach a bheith mar thoradh air; ag cur béim ar an ngá atá ann leanúint de scéimeanna éifeachtacha um laghdú foghabhála a fhorbairt in iascaigh nach bhfuil chomh roghnaitheach sin amhail limistéir pheiligeacha trálaeireachta;

13.  á mheabhrú nach sprioc inti féin atá san oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ach gur uirlis í chun feabhsúcháin in iascaireacht agus in iompraíocht oibríochtúil a bhrú ar aghaidh, chun forbairt agus úsáid trealaimh níos roghnaithí a dhreasú, arb é is aidhm dó gabhálacha de thaisme a íoslaghdú, agus chun feabhas a chur ar dhoiciméadacht i ndáil le gabhálacha ar mhaithe le tuiscint níos fearr ar stoic éisc agus measúnú eolaíoch níos fearr a dhéanamh orthu; ag tabhairt dá haire nach gcomhaontaíonn go leor iascairí leis an nasc idir cuspóirí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus a cur chun feidhme, rud a chuireann bac ar chomhlíonadh; ag aithint, cé go bhfuil am agus eolas leordhóthanach ag teastáil chun an cuspóir foriomlán sin a shaothrú, go bhfuil gá le hiarrachtaí níos fearr chun comhthuiscint air a chur chun cinn agus torthaí na staidéar a rinne na heolaithe agus na hiascairí a chur i gcleachtas chun roghnaíocht a fheabhsú agus chun foghabhálacha de thaisme a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do phleananna chun roghnaíocht a fheabhsú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí dhreasachtaí a úsáid chun trealamh níos roghnaithí a ghlacadh;

14.  ag cur béim ar shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí, go háirithe maidir le soithí, cabhlaigh atá ag dul in aois, agus calafoirt ina bhfuil cumas laghdaithe stórála agus próiseála, rud a d’fhéadfadh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a dhéanamh neamhphraiticiúil;

15.  ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil ábhar muirí aischurtha ó iascaigh agus ó imchuacha farraige thar a bheith éagsúil, as a leanann an dearcadh go bhféadfadh sé nach mbeadh an cur chuige ‘riail amháin a oireann do chách’ an stráitéis is fearr chun iascairí a spreagadh a bheith níos roghnaithí; á iarraidh ar an gCoimisiún na príomheasnaimh a shainaithint agus réitigh oiriúnaithe agus shaincheaptha d’iascaigh shonracha le haghaidh gach imchuach farraige a mholadh, agus aird ar leith á tabhairt ar iascaireacht ar mhionscála, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;

16.  á mheabhrú, sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, go ndéantar foráil do Bhallstáit a bheith ag obair le chéile go gníomhach chun rialacha roghnaitheacha maidir le hiascaireacht a shainiú ar bhealach níos solúbtha agus chun uirlisí maolaithe atá cruthaithe go heolaíoch a imlonnú; á iarraidh ar na Ballstáit a gcomhar a fheabhsú trí chur chuige réigiúnach, lena n-áirítear rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na gComhairlí Comhairleacha, agus leas iomlán a bhaint as na fóirdheontais atá ar fáil dóibh chuige sin; á athdhearbhú gur gá machaire comhréidh a áirithiú i gcur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

17.  á chur in iúl gur geal léi na staidéir eolaíocha a rinneadh le déanaí (e.g. DiscardLess, MINOUW agus LIFE iSEAS) maidir le roghnaíocht trealaimh nuálaigh, stráitéisí seachanta agus modhnuithe ar shoithigh chun dul i ngleic le gabhálacha de thaisme ar bord; á mheas gur gá leanúint leis na hiarrachtaí taighde chun feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh, ar straitéisí seachanta agus ar láimhseáil gabhálacha de thaisme; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tuarascáil dar teideal Mission Starfish 2030: Restore our Ocean and Waters [Misean Crosóige Mara 2030: Ár nAigéin agus ár nUiscí a athbhunú] atá beartaithe agus á mheas go gcuideoidh misean i réimse na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-uiscí cósta agus intíre atá sláintiúil le réitigh a fhorbairt a bhfuil géarghá leo agus a mbeidh tionchar díreach acu ar earnáil na hiascaireachta agus ar úsáid agus bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní aigéin;

18.  á chur i bhfáth gur gá go mbeadh doiciméid um ghabháil agus sonraí eolaíocha atá cruinn agus iontaofa mar thaca ag córais bainistithe éifeachtúla iascaigh, lena n-áirítear a bheith in ann úsáid a bhaint as na heilimintí uile chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun reachtaíocht AE is infheidhme a chur chun feidhme go hiomlán más gá agus gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun doiciméadú iomlán agus bailiú sonraí a áirithiú, ar bhealach atá comhréireach lena gcumas iascaireachta le haghaidh cabhlach cósta ar mhionscála;

19.  á chur in iúl gur cúis imní di an easpa rialaithe chuí ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus an easpa comhlíonta léi, agus á chur i bhfios go láidir an tionchar diúltach a bhíonn ag easnaimh den sórt sin ar inbhuanaitheacht, i ngeall freisin go socraítear TACanna bunaithe ar ghabháil iomlán lena n-áirítear ‘breisithe’, mar a thugtar orthu, chun éisc a aischuireadh roimhe sin a chumhdach;

20.  á thabhairt chun suntais go bhfágann an iliomad rialacha, díolúintí agus maoluithe a glacadh le blianta beaga anuas gur níos casta atá sé an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus gur sé níos casta atá sé do EFCA an mheastóireacht ar chomhlíonadh a dhéanamh, rud a fhágann gur níos deacra atá sé na cuspóirí a bhaint amach maidir le hinbhuanaitheacht iascach a chosaint agus a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfuil sé fíorthábhachtach do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír úsáid a bhaint as na díolúintí dá bhforáiltear in CBI;

21.  á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as teicneolaíochtaí nua agus as réitigh dhigiteacha arna bhforbairt i gcomhar le hearnáil na hiascaireachta agus le húdaráis na mBallstát chun feabhas a chur ar fhaireachán, ar rialú agus ar fhaireachas, agus lánurraim á tabhairt do chearta chun príobháideachais agus do rúndacht ghnó;

22.  ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag iascairí agus ag geallsealbhóirí eile maidir le beartais a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin cultúr comhlíonta a chothú, mar aon le hathruithe inoiriúnaithe agus de réir a chéile sna rialacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le himeacht ama; á thabhairt chun suntais go bhfuil tairbhí breise ag baint le scéimeanna atá deonach agus nasctha le dreasachtaí chun rannpháirtíocht na n-iascairí a fheabhsú;

23.  á chur i bhfáth, cé nach mór leanúint d’ardtosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar an roghnaíocht, go bhfuil gá le cur chuige trasearnálach agus dreasachtaí soiléire a cheapadh, arb é is aidhm dóibh dea-chleachtas maidir le maolú a spreagadh, chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme; ag moladh na mbeart tionlacain agus na n-uirlisí bainistithe seo a leanas:

   a. uirlisí atá bunaithe ar chuótaí a úsáid agus a bharrfheabhsú tuilleadh, i gcomhréir le prionsabail CBI agus ar choinníoll go gcuirfear bearta éifeachtacha rialaithe i bhfeidhm, amhail:
   dáileadh cuótaí i gcomhréir leis an gcomhdhéanamh gabhála a bhfuiltear ag dréim leis;
   coigeartuithe trí mhalartuithe cuótaí le Ballstáit eile agus le tríú tíortha comharsanachta a chomhroinneann an tAontas stoic leo, a dhéantar ar bhealach solúbtha agus éifeachtúil chun tearcúsáid cuótaí a sheachaint trí, mar shampla, dul i dtreo sásraí buana agus ní hamháin sásraí a dhéantar athnuachan orthu gach bliain tar éis TACanna agus cuótaí a shocrú, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;
   dáileadh scaire cuótaí measta d’ábhair mhuirí aiscurtha le haghaidh iascairí, go háirithe iad siúd a oibríonn ar mhionscála, a roghnaíonn trealamh níos roghnaithí a úsáid;
   b. staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé pleanáil spásúil mhuirí agus cur chuige bainistithe atá bunaithe ar limistéar a chur chun feidhme chun ábhair mhuirí aischurtha a sheachaint trí iascairí a threorú chuig limistéir inar lú an dóchúlacht go mbeidh éisc róbheaga iontu, agus á áirithiú ag an am céanna nach mbeidh neamhúsáid speiceas eile de mhéid tráchtála mar thoradh ar bhearta den sórt sin.
   c. níos mó solúbthachta a sholáthar chun lamháil d’iascairí réitigh trealaimh a roghnú, in éineacht le níos mó freagrachta as doiciméadacht a bheith acu (doiciméadú iomlán ar ghabhálacha);
   d. sásraí solúbtha a sholáthar maidir le cineálacha nua trealaimh roghnaithí a fhormheas d’fhonn geallsealbhóirí a dhreasú chun iarratas a dhéanamh ar threoirthionscadail agus iad a dhéanamh;
   e. rochtain eisiach ar shuímh iascaireachta nó tréimhsí iascaireachta a dheonú chun roghnaíocht a spreagadh;
   f. straitéisí a ghlacadh chun an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme chun críoch eile seachas lena gcaitheamh ag an duine gan éileamh ar ghabhálacha róbheaga a chruthú agus ar an gcoinníoll go bhfuil go mbeadh sé indéanta d’iascairí i dtéarmaí eacnamaíocha agus oibríochtúla;
   g. atlas ábhar muirí a fhorbairt mar fhardal ar na gabhálacha de thaisme sna hiascaigh éagsúla agus sna háiteanna éagsula chun pleananna réigiúnacha i ndáil le foghabháil éisc a fhorbairt ar bhealach níos fearr, ina mbeidh na Ballstáit agus tionscal na hiascaireachta rannpháirteach, agus a dhéanfaidh an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe tacaíocht a thabhairt dó;
   h. uirlisí intleachta saorga atá deonach agus nasctha le dreasachtaí a úsáid agus a fhorbairt chun roghnaíocht agus rialú a mhéadú agus chun sainaithint speiceas a fheabhsú, i gcomhar le hearnáil na hiascaireachta agus le húdaráis na mBallstát;
   i. an ceanglas a thabhairt isteach de réir a chéile maidir le comhlíonadh an bheartais aischuir chéanna le haghaidh allmhairí táirgí iascaigh ó thríú tíortha chun deireadh a chur leis an míbhuntáiste comparáideach agus leis an iomaíocht éagórach don chabhlach Eorpach, agus ag an am céanna dul i dtreo cosaint níos fearr d’acmhainní iascaigh domhanda;
   j. athnuachan a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh go bliantúil ar staid imeartha CBI agus ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir lena cur chun feidhme, lena n-áirítear an tionchar socheacnamaíoch agus, i measc gnéithe eile, ídiú breosla, spás stórála, na héifeachtaí ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, an laghdú ar ábhair mhuirí aischurtha agus ar ghabhálacha de thaisme, agus an stádas feabhsaithe ar stoic (UTI);

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú na tuarascála meastóireachta maidir le cur chun feidhme CBI atá le bheith déanta in 2022, an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

   a. measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach an laghdú ar ábhair mhuirí aischurtha faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar rannchuidigh sé le feabhas a chur ar stádas na stoc (UTI) agus leis an tionchar ar an éiceachóras muirí a laghdú;
   b. measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ar an gcóras luacha saothair, ar líon na gcomhaltaí foirne agus ar na dálaí sábháilteachta agus oibre ar bord, i gcomhréir le moltaí FAO agus EIS;
   c. iascaigh a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu i gcás ina dtugann fianaise eolaíoch le fios go bhfuil sé deacair faoi láthair méaduithe sa roghnaíocht a bhaint amach;
   d. measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar infheidhmeacht na gcomhthiomsuithe cuótaí le haghaidh foghabhálacha a glacadh le déanaí mar uirlis éifeachtúil agus infheidhme chun cásanna tachtspeiceas a chomhrac;
   e. measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ar inbhuanaitheacht na speiceas a bhain an Chomhairle den liosta stoc atá faoi réir TACanna le blianta beaga anuas agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena n-athbhunú faoin gcóras TAC a mheas;
   f. deacrachtaí riaracháin a shainaithint agus a bhaint a thagann chun cinn agus treoirthionscadail roghnaíochta á bhfhorbairt agus á gcur chun feidhme, ar tionscadail iad a chuireann bac ar iarrachtaí na n-iascairí a bheith níos roghnaithí;
   g. deiseanna tráchtála agus/nó carthanacha a shainaithint mar iarracht chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na gabhálacha dosheachanta sin arna dtabhairt i dtír atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe agus gabhálacha de thaisme, chun cur amú acmhainní nádúrtha a sheachaint, mar aon le cur i mbaol chuspóirí inbhuanaitheachta CBI a sheachaint;
   h. measúnú a dhéanamh an bhfuil an beartas reatha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír oiriúnach don fheidhm agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a oiriúnú ar bhonn cás ar chás de réir iascaigh agus/nó de réir stoic;
   i. measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun Airteagal 15 de CBI a oiriúnú agus a shimpliú ar shlí níos fearr chun go n-éascófar a chur chun feidhme agus an tuiscint atá ag na geallsealbhóirí go léir air agus, go háirithe, an úsáid a bhaineann na Ballstáit as na huirlisí foriomlána atá ar fáil leis an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm chun roghnaíocht a fheabhsú agus chun gabhálacha de thaisme a laghdú;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh, bunaithe ar an meastóireacht sin agus más iomchuí, chun na cuspóirí a bhaint amach ar bhealach níos fearr maidir le hábhair mhuirí aischurtha a laghdú agus stoic a fheabhsú;

26.  á chur i bhfios go láidir nach mbíonn stoic a chomhroinntear le tríú tíortha faoi réir na bhforálacha céanna maidir le hábhair mhuirí aischurtha i gcónaí; ag cur béim ar an ngá atá le cóineasú céimnitheach maidir le príomhchuspóirí an bhainistithe iascaigh chun na caighdeáin is airde a áirithiú chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach maidir leis an éiceachóras muirí comhroinnte, maidir le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta iascaireachta agus maidir le machaire comhréidh a choinneáil le tríú tíortha, go háirithe leis an Ríocht Aontaithe;

27.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(2) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(3) IO L 25, 31.1.2017, lch. 12.
(4) Borges, L., The unintended impact of the European discard ban, ICES Journal of Marine Science, Imleabhar 78, Eagrán 1, Eanáir-Feabhra 2021, lgh. 134–141, https://doi.org/10.1093/icesjms/fsaa200
(5) An Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus Tachtspeicis in Iascaigh Ilspeiceas agus Mheasctha - An Mhuir Thuaidh.
(6) An Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus Tachtspeicis in Iascaigh Ilspeiceas agus Mheasctha - Uiscí an Iarthuaiscirt.
(7) An Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus Tachtspeicis in Iascaigh Ilspeiceas agus Mheasctha - Uiscí an Iardheiscirt.
(8) Toirmeasc ar ábhair mhuirí a aischur, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus UTI sa Mheánmhuir Thiar - cás na Spáinne.
(9) Toirmeasc ar ábhair mhuirí a aischur, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus UTI sa Mheánmhuir Thiar - cás na hIodáile.
(10) Uhlmann, Sven & Ulrich, Clara & Kennelly, Steven. (2019). The European Landing Obligation Reducing Discards in Complex, Multi-Species and Multi-Jurisdictional Fisheries: Reducing Discards in Complex, Multi-Species and Multi-Jurisdictional Fisheries.
(11) A third assessment of global marine fisheries discards, FAO, 2019.
(12) Evaluation of Member States' Annual Reports on the Landing Obligation (for 2019) [Meastóireacht ar Thuarascálacha Bliantúla na mBallstát maidir leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír (le haghaidh 2019)] (STECF-Adhoc-20-02).
(13) Market outlets for unwanted catches [Asraonta margaidh le haghaidh gabhálacha de thaisme]. EUMOFA. 2020.

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais