Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0076(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0158/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0158/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 18/05/2021 - 13

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0229

Téacsanna atá glactha
PDF 133kWORD 50k
Dé Máirt, 18 Bealtaine 2021 - Brussels
Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/002 EE/Turasóireacht - an Eastóin
P9_TA(2021)0229A9-0158/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ó fuarthas iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism (COM(2021)0151 – C9-0127/2021 – 2021/0076(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0151 – C9‑0127/2021),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (‘Rialachán CED’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3) (‘IIA de 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0158/2021),

A.  de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;

B.  de bhrí gur chuir an Eastóin iarratas EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 10 080 iomarcaíocht(4) sna hearnálacha eacnamaíocha atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 45 (Trádáil agus deisiú mórdhíola agus miondíola mótarfheithiclí agus gluaisrothar), Rannán 49 (Iompar talún agus iompar trí phíblínte), Rannán 50 (Iompar uisce), Rannán 51 (Aeriompar), Rannán 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair), Rannán 55 (Cóiríocht), Rannán 56 (Gníomhaíochtaí na seirbhíse bia agus dí), Rannán 74 (Gníomhaíochtaí eile gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla), Rannán 77 (Gníomhaíochtaí cíosa agus léasaithe), Rannán 79 (Gníomhaíochtaí gníomhaireachta taistil, tionscnóra turas agus seirbhísí eile áirithinte, agus gníomhaíochtaí gaolmhara), Rannán 90 (Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta), Rannán 91 (Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile), Rannán 92 (Gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta), Rannán 93 (Gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí siamsaíochta agus áineasa) i réigiún leibhéal 2 NUTS Eesti (EE00) san Eastóin(5), laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 13 Márta 2020 go dtí an 11 Samhain 2020;

C.  de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 715 duine féinfhostaithe ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht agus 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht i dtionscal na turasóireachta san Eastóin;

D.  de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar chritéir idirghabhála Airteagal 4(2) de Rialachán CED, a lamhálann, in imthosca eisceachtúla, go háirithe maidir le comhiarratais a bhaineann le FBManna, go bhféadfar a mheas go bhfuil iarratais inghlactha fiú mura ndéantar na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh ina n-iomláine, nuair a bhíonn mórthionchar ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

E.  de bhrí gur tharla na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus an scor de ghníomhaíocht gan choinne go luath in 2020 i ngeall ar leathadh domhanda phaindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch ghaolmhar a bhuail tionscal na turasóireachta go háirithe, agus go bhfuil srianta tobanna ar ghluaiseacht ar siúl go hidirnáisiúnta, atá ina siocair le laghdú géar gan choinne ar thaisteal agus ar thurasóireacht idirnáisiúnta;

F.  de bhrí gur thug paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíochta dhomhanda a lean í suaitheadh mór do gheilleagar na hEastóine, go háirithe tionscal na turasóireachta, áit ar gineadh 90 % de chaiteachas na turasóireachta san Eastóin leis an turasóireacht idirnáisiúnta roimh an ngéarchéim fad a bhí an meán do thíortha ECFE thart ar 25 %;

G.  de bhrí gur shroich tuilleamh turasóireachta na hEastóine in 2019 curiarracht nua 2,1 billiún agus gur measadh go raibh an turasóireacht ina hearnáil shuntasach d’iomaíochas na hEastóine agus go ndearnadh infheistíochtaí suntasacha chun í a fhorbairt tuilleadh;

H.  de bhrí go bhfuil FBManna faoi smacht ag earnáil na turasóireachta a bhfuil athléimneacht géarchéime níos laige acu i gcomparáid le cuideachtaí móra agus FBManna arb ionann iad agus 79,2 % den fhórsa saothair iomlán san Eastóin;

I.  de bhrí gur féidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, tríd an tacaíocht a chuirfidh sé ar fáil d’oibrithe, cabhrú leis an aistriú chuig turasóireacht níos inbhuanaithe agus an Eoraip a chumasú, dá bhrí sin, a hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha agus a hacmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn agus deiseanna nua á gcur ar fáil aige ag an am céanna le haghaidh poist agus gnólachtaí nuálacha a chruthú;

J.  de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar ghéarchéim sláinte COVID-19, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED a bheidh le húsáid mar uirlis éigeandála(6) chun cabhrú le daoine a chaill a bpost mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda;

K.  de bhrí gur baineadh úsáid as tacaíocht náisiúnta agus tacaíocht Eorpach araon san Eastóin chun fostaíocht a choinneáil trí scéimeanna oibre gearr-ama agus trí ionstraim SURE chun tionchar phaindéim COVID-19 agus na géarchéime gaolmhaire ar mhargadh an tsaothair a mhaolú;

L.  de bhrí gurb é seo an chéad slógadh de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis é a bheith luaite i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(7) go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Eastóin i dteideal ranníocaíocht airgeadais de EUR 4 474 480 faoin Rialachán sin a fháil, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán EUR 7 457 468, a chuimsíonn EUR 7 452 468 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 5 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.  ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na hEastóine an t-iarratas isteach an 12 Samhain 2020, agus, i ndiaidh don Eastóin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 31 Márta 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.  ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas ar an iomlán le 10 080 oibrí, 1 715 duine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht agus 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in earnáil turasóireachta na hEastóine; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Eastóin ag dréim leis nach nglacfaidh ach 5 060 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe);

4.  á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag na hiomarcaíochtaí ar na hoibrithe in earnáil na turasóireachta ós rud é go gcuimsítear leo sciar mór d’oibrithe ar bheagán scileanna, oibrithe gan aon cháilíochtaí gairmiúla, daoine óga agus oibrithe séasúracha agus páirtaimseartha;

5.  á chur i bhfios gur mná iad níos mó ná 60 % de na daoine incháilithe leis an aoisghrúpa is mó atá buailte idir 30 agus 64 bliana d’aois;

6.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Eastóin ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Eanáir 2021 agus, dá bhrí sin, gur ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Eanáir 2023 a bheidh an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, cé is moite de chúrsaí oideachais fhoirmiúla nó oiliúna, lena n-áirítear gairmoiliúint, a mhaireann 2 bhliain nó níos mó, ar cúrsaí iad a bheidh incháilithe go dtí an 1 Iúil 2023;

7.  á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: oiliúint sa mhargadh saothair, fóirdheontas nuathionscanta gnó agus tacaíocht leantach, printíseachtaí, tacaíocht do staidéir fhoirmiúla agus do liúntais oiliúna, lena n-áirítear liúntais ghairmoiliúna;

8.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Eastóin ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Eanáir 2021 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2023;

9.  ag tabhairt dá haire gurb í an Fhondúireacht um sheirbhísí agus tairbhí an mhargaidh saothair an fhoinse náisiúnta réamh-mhaoinithe nó chómhaoinithe agus gur leis an bhfoinse sin a chuireann Ciste na hEastóine um Árachas Dífhostaíochta (EUIF), ina cháil mar an tseirbhís fostaíochta phoiblí, bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair ar fáil san Eastóin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Fhondúireacht bunaithe ar shócmhainní ón gciste iontaobhais sochair um árachas dífhostaíochta - an ciste iontaobhais le haghaidh sochair a chuirtear ar fáil i gcás iomarcaíochtaí agus dócmhainneacht fostóirí - agus go bhfuil sé bunaithe freisin ar na cistí a leithdháiltear ó bhuiséad an stáit tríd an Aireacht Gnóthaí Sóisialta;

10.  á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Eastóin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus ionadaithe comhlachais agus go bpléifear an dul chun cinn i mBord Maoirseachta EUIF, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta – beirt chomhaltaí ó Chónaidhm Fhostóirí na hEastóine, duine ó Chónaidhm Cheardchumainn na hEastóine, agus duine ó Chónaidhm Chumainn Fostaithe na hEastóine; á chur in iúl gur geal léi comhairliúcháin bhreise le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta a thabharfar chun críche tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe dífhostaithe;

11.  ag tabhairt dá haire go ndéanfar comhairliúcháin bhreise le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe dífhostaithe agus go sainaithneofar an cineál tacaíochta is oiriúnaí, agus aird á tabhairt ar struchtúr aoise, próifíl oideachais agus tréithe eile na dtairbhithe; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé beartaithe go bhféadfadh Comhlachas Óstán agus Bialanna na hEastóine a bheith rannpháirteach i ndearadh cuid de na bearta oiliúna a bhaineann leis an tionscal;

12.  á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na hEastóine nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais;

13.  á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún go n-íoslaghdófar an t-am is gá chun measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh CED agus chun CED a shlógadh, chun an brú ar na córais náisiúnta slándála sóisialta a laghdú i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19;

15.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

16.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

17.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.
(5) Níl Poblacht na hEastóine roinnte i réigiúin leibhéal 2 NUTS.
(6) COM(2020)0442.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0141.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/886.)

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais