Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d'Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí (COM(2021)0201 – C9-0117/2021 – 2021/0077(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0201 – C9‑0117/2021),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3), agus go háirithe Airteagal 9 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), go háirithe pointe 10 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0157/2021),
1. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar chomhartha coincréiteach, follasach agus feiceálach de dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh agus réigiúin an Aontais a buaileadh le tubaistí nádúrtha agus leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi in 2020;
2. ag moladh go ndearnadh leathnú ar raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ó Mhárta 2020 chun mór-éigeandálaí sláinte poiblí a chuimsiú ann, amhail paindéim COVID-19 a leanann go fóill.
3. ag léiriú a comhbhá agus dlúthpháirtíochta le híospartaigh uile tubaistí nádúrtha uafásacha mar aon le híospartaigh uile phaindéim COVID-19;
4. á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach le cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an ‘Ciste’) agus a thábhachtaí atá sé a áirithiú go rachaidh sé chomh fada leis na réigiúin agus na tairbhithe sna tíortha atá buailte;
5. á chur in iúl gur oth léi an méid ama a glacadh chun na hiarratais ar chúnamh airgeadais de bharr phaindéim COVID-19 in 2020 a mheasúnú agus a cuireadh isteach faoin spriocdháta oifigiúil deiridh an 24 Meitheamh 2020, arb é a bhí mar thoradh air nár thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh an Ciste a shlógadh ach ag deireadh Mhárta 2021; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfar an Ciste a shlógadh go mear sa todhchaí chun fóirithint a bheadh ag teastáil go géar a chur ar fáil i ndiaidh mórthubaistí nádúrtha nó mór-éigeandálaí sláinte poiblí;
6. á chur i bhfios go mbeidh tubaistí nádúrtha ag éirí níos fíochmhaire agus ag tarlú níos minicí de bharr an athraithe aeráide; á chur i bhfáth go bhfuil réigiúin áirithe, amhail oileáin agus réigiúin chósta, go mór i mbaol ó thubaistí nádúrtha; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil sa Chiste ach ionstraim íceach agus go n-éilíonn an t-athrú aeráide beartas coisctheach thar aon rud eile chun iarmhairtí an athraithe aeráide sa todhchaí a sheachaint i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus an Comhaontú Glas don Eoraip; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i maolú ar an athrú aeráide agus in oiriúnú don athrú sin do réigiúin atá an-leochaileach go háirithe agus chun sineirgí éifeachtacha a áirithiú idir an Ciste agus cláir chistiúcháin ábhartha an Aontais;
7. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
8. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
9. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d'Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/885.)