Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin (COM(2020)0320 – C9-0214/2020 – 2020/0141(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0320),
– ag féachaint don dara mír d'Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0214/2020),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0102/2021),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;
3. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 1
(1) Ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, dhaingnigh an tAontas Comhaontú Pháras28. Iarrtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin ar pháirtithe a bhfuil sé daingnithe acu treisiú leis an bhfreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide tríd an teorainn a chur le hardú teochta domhanda go mbeidh sé go maith faoi bhun 2 °C.
(1) An 5 Deireadh Fómhair 2016, dhaingnigh an tAontas Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide28, a tháinig i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. Iarrtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin ar pháirtithe a bhfuil sé daingnithe acu treisiú leis an bhfreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide agus an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 céim agus iarrachtaí a shaothrú chun teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1,5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch28a.
__________________
__________________
28Conradh Iltaobhach, Caibidil XXVII An Comhshaol, 7.d Comhaontú Pháras. Arna theacht i bhfeidhm an 4 Samhain 2016.
28IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
28a Airteagal 2(1)(a) de Chomhaontú Pháras.
Leasú 2 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 6
(6) Dá bhrí sin tá sé riachtanach cuspóirí an Chláir Taighde RFCS a ailíniú le comhaontuithe idirnáisiúnta, mar atá Comhaontú Pháras, agus le cuspóirí eolaíocha, teicneolaíocha agus polaitiúla an Aontais maidir le neodracht aeráide faoi 2050.
(6) Dá bhrí sin, is gá cuspóirí Chlár Taighde RFCS a ailíniú le comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail Comhaontú Pháras, leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe na torthaí a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, chomh maith le cuspóirí teicneolaíocha agus polaitiúla an Aontais maidir le neodracht aeráide faoi 2050.
Leasú 3 Togra le haghaidh cinnidh Aithris 6 a (nua)
(6a) Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa Chlár Taighde ar thaighde ar amhábhair a eascraíonn ó dhramhaíl ghuail i bhfianaise na hardacmhainneachta atá acu táirgí an-fhorásacha a fhorbairt i slabhraí luacha straitéiseacha, amhail anóidí ceallra nó snáithíní carbóin, agus sa tionscal ceimice.
‘Soláthrófar leis an gClár Taighde tacaíocht do thaighde comhoibríoch in earnáil an ghuail agus in earnáil na cruach. Soláthrófar tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan leis an gClár Taighde freisin, teicneolaíochtaí a mbeidh tionscadail déanta cruach beagnach saor ó charbón mar thoradh orthu, agus tionscadail taighde le haghaidh bainistiú a dhéanamh ar aistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Chinneadh 2003/76/CE ón gComhairle. Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach le cuspóirí polaitiúla, eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais, agus comhlánófar leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit agus laistigh de chláir taighde an Aontais atá ann cheana, go háirithe an clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (dá ngairfear “an Clár Réime um Thaighde” anseo feasta).
Leis an gClár Taighde, cuirfear tacaíocht ar fáil do na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, le haghaidh taighde comhoibríoch sna hearnálacha guail agus cruach. Soláthrófar tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan leis an gClár Taighde freisin, teicneolaíochtaí a mbeidh tionscadail déanta cruach beagnach saor ó charbón mar thoradh orthu, chomh maith le tionscadail taighde, lena n-áirítear mórthionscadail taighde thionsclaíocha, le haghaidh bainistiú a dhéanamh ar aistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Chinneadh 2003/76/CE ón gComhairle. Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach le cuspóirí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha, aeráide, comhshaoil, eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais, agus comhlánófar leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit agus laistigh de chláir taighde an Aontais atá ann cheana, go háirithe Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (dá ngairfear ‘an Clár Réime um Thaighde’ anseo feasta). Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach go háirithe le Comhaontú Pháras.
Leasú 5 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – pointe 1 Cinneadh 2008/376/CE Airteagal 2 – fomhír 2 a (nua)
Tacóidh an Clár Taighde le gníomhaíochtaí taighde, lena n-áirítear tionscadail taispeántais, lena dtabharfar teicneolaíochtaí níos gaire don mhargadh arb é is aidhm dóibh na cuspóirí a shainítear le haghaidh guail i Roinn 3 agus le haghaidh cruach i Roinn 4 a bhaint amach.
1. Tacóidh tionscadail taighde leis an aistriú chuig geilleagar an Aontais a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, tionscadail lena mbainfidh mar chuspóir breoslaí iontaise a chéimniú amach, gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt ar iarshuíomhanna mianach agus damáiste don chomhshaol a sheachaint nó a athshlánú maidir le mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta, mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus na limistéir máguaird. Is éard ar a ndíreoidh tionscadail go háirithe:
1. Rannchuideoidh tionscadail taighde le spriocanna aeráide an Aontais 2030 a bhaint amach agus tacóidh siad le hearnáil na tionsclaíochta i bpróiseas an aistrithe chuig geilleagar an Aontais a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, tionscadail lena mbainfidh mar chuspóir breoslaí iontaise a chéimniú amach, gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt ar iarshuíomhanna mianach nó gléasraí cumhachtagualbhreoslaithe agus damáiste don chomhshaol a sheachaint nó a athshlánú maidir le mianaigh ghuail atá á ndúnadh, mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus na limistéir máguaird. Gan dochar d’Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, díreoidh tionscadail go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a) forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí gabhála, úsáide agus stórála dé-ocsaíde carbóin;
(a) forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí gabhála, úsáide agus stórála dé-ocsaíd charbóin a bhaineann le húsáid ghuail, lena n-áirítear athchúrsáil carbóin i gcás breoslaí agus ábhar, d’fhonn an geilleagar ciorclach a chur chun cinn;
(b) úsáid fuinnimh geoiteirmigh ar iarshuíomhanna guail;
(b) fuinneamh glan a fhorbairt sna hiarshuíomhanna guail, agus aird ar leith á tabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair, lena n-áirítear saothrú acmhainní geoiteirmeach, stóráil fuinnimh, ríomhbhreoslaí, agus hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite;
Leasú 9 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – pointe 2 Cinneadh 2008/376/CE Airteagal 4 – mír 1 – pointe b a (nua)
(ba) bonneagar téimh agus fuaraithe guail, amhail gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus próisis thionsclaíocha, a thiontú go roghanna malartacha téimh agus fuaraithe inathnuaite amhail fuinneamh geoiteirmeach;
(c) úsáidí neamh-fhuinneamhachais agus táirgeadh amhábhar ó dhramhaíl mianadóireachta agus iarmhair ó mhianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó uathu sin atá á ndúnadh, agus é a mheas go cuí maidir leis an tionchar atá acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus a dtionchar sláinte, go bhfuil sé íoslaghdaithe agus níos ísle ná réitigh mhalartacha;
(c) úsáidí neamh-fhuinneamhachais agus maidir le táirgeadh amhábhar ó dhramhaíl mianadóireachta agus iarmhair a dhíorthaítear ó mhianaigh ghuail a bhí á n-oibriú roimhe seo nó ó mhianaighatá i mbun a ndúnta, agus é a mheas go cuí maidir leis an tionchar atá acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus a dtionchar sláinte, go bhfuil sé íoslaghdaithe agus níos ísle ná réitigh mhalartacha i gcomhréir le cur chuige an gheilleagair chiorclaigh;
(e) forbairt clár éifeachtúil athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn don lucht saothair a mbeidh tionchar orthu ag céimniú amach guail. Áirítear leis sin ar oiliúint agus athoiliúint lucht saothair atá fostaithe nó a bhí fostaithe cheana in earnáil an ghuail.
(e) an tionchar ar an bhfostaíocht agus ar phobail áitiúla a mheas i réigiúin a bheidh thíos le céimniú amach an ghuail agus forbairt coincheap réigiúnach a chur chun cinn ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, cruthú fostaíochta agus cláir éifeachtúla athoiliúna agus uasoiliúna don lucht saothair a bheidh thíos leis sna réigiúin sin. Áirítear leis sin taighde ar oiliúint agus athoiliúint lucht saothair atá fostaithe nó a bhí fostaithe cheana in earnáil an ghuail chun tacú le réigiúin ghuail i mbun aistrithe.
Díreofar le tionscadail taighde ar ghalair a bhaineann le gníomhaíochtaí mianadóireachta agus is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar shláinte na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ghuail atá á n-aistriú. Ina theannta sin áiritheofar le tionscadail taighde go mbíonn bearta cosanta ann agus mianaigh á ndúnadh agus i mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo.
Díreofar le tionscadail taighde ar ghalair a bhaineann le gníomhaíochtaí mianadóireachta, agus béim ar leith á leagan ar ghalair a ionduchtaítear ó thruailliú aeir, agus is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar shláinte na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ghuail atá á n-aistriú. Ina theannta sin áiritheofar le tionscadail taighde go mbíonn bearta cosanta ann agus mianaigh á ndúnadh agus i mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo.
Íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na mianach guail le linn a n-aistrithe
Tionchair chomhshaoil na hearnála guaila chosc agus a íoslaghdú le linn a haistrithe
Leasú 14 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – pointe 4 Cinneadh 2008/376/CE Airteagal 6 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Tabharfar tús áite do thionscadail lena mbeartaítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
2. Tabharfar tús áite do thionscadail atá bunaithe ar theicneolaíochtaí nuálacha nó ar nasc nuálach teicneolaíochtaí lena mbeartaítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(c) dramhaíl mhianadóireachta, luaith cháithníneach agus táirgí díshulfaraithe ó mhianaigh ghuail i bpróiseas a ndúnta agus ó mhianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo a bhainistiú agus a athúsáid, agus foirmeacha eile dramhaíola ina dteannta sin nuair is iomchuí;
(c) bainistiú agus athúsáid ar dhramhaíl mhianadóireachta, luaith cháithníneach agus táirgí díshulfarúcháin ó mhianaigh ghuail agus gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe atá á ndúnadh agus ó mhianaigh ghuail agusgléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo, agus foirmeacha eile dramhaíola ina dteannta sin nuair is iomchuí;
(f) timpeallacht iarshuiteálacha nó suiteálacha i bpróiseas a ndúnta a bhain úsáid as gual a athshlánú, na limistéir máguaird san áireamh, go háirithe uisce, talamh, ithreacha agus an bhithéagsúlacht;
(f) athchóiriú ar thimpeallacht iarshuiteálacha a bhaineann le gual nó suiteálacha a bhaineann le gual atá á ndúnadh, agus na limistéir máguaird, go háirithe uisce, talamh, ithreacha agus an bhithéagsúlacht;
Leasú 17 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – pointe 4 Cinneadh 2008/376/CE Airteagal 6 – mír 2 – pointe g a (nua)
(ga) coincheap réigiúnach a fhorbairt chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éagsúlú don fhorbairt áitiúil agus chun poist ghlasa agus ardcháilíochta a chruthú le claochlú oiriúnaithe ar an struchtúr fostaíochta agus coigeartú scileanna.
Leasú 18 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – pointe 6 Cinneadh 2008/376/CE Airteagal 8 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Díreofar le taighde agus forbairt theicneolaíoch (TFT) ar phróisis táirgthe cruach beagnach saor ó charbón a fhorbairt, a léiriú agus a fheabhsú d’fhonn cáilíocht táirgí a ardú agus táirgiúlacht a mhéadú. Cuid dhílis de na gníomhaíochtaí atá ag teastáil is ea astaíochtaí, ídiú fuinnimh, an lorg carbóin agus tionchair chomhshaoil eile a laghdú go suntasach, chomh maith le hacmhainní a chaomhnú. Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
Díreofar le taighde agus forbairt theicneolaíoch (TFT) ar phróisis táirgthe cruach beagnach saor ó charbón a fhorbairt, a léiriú agus a fheabhsú d’fhonn cáilíocht táirgí a ardú agus táirgiúlacht a mhéadú, i ndlúthshineirgíocht le cuideachtaí atá ag feidhmiú san earnáil. Cuid dhílis de na gníomhaíochtaí atá ag teastáil is ea astaíochtaí, ídiú fuinnimh, an lorg carbóin agus tionchair chomhshaoil eile a laghdú go suntasach trí uirlisí atá infhíoraithe go hoibiachtúil, trí pharaiméadair agus trí shonraí, chomh maith le hacmhainní a chaomhnú. Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
(g) teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha le haghaidh na bpróiseas déanta iarainn agus cruach lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí trasearnála, tionscadail taispeána ina gcomhtháitear táirgeadh fuinnimh saor ó charbón nó a rannchuidíonn le geilleagar hidrigine glaine.
(g) teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha le haghaidh na bpróiseas déanta iarainn agus cruach lena n-éascaítear gníomhaíochtaí trasearnála, sineirgí, braisliú tionsclaíoch agus siombóis, chun breis ciorclaitheachta a chumasú, tionscadal taispeántais ina gcomhtháitear táirgeadh fuinnimh saor ó charbón nó a rannchuidíonn le geilleagar hidrigine glaine.
(b) feabhsú airíonna cruach mar atá airíonna meicniúla agus fisiceacha, oiriúnacht le haghaidh tuilleadh próiseála, oiriúnacht le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus dálaí oibre éagsúla;
(b) feabhsú airíonna cruach mar atá airíonna meicniúla agus fisiceacha, oiriúnacht le haghaidh tuilleadh próiseála, oiriúnacht le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus dálaí oibre éagsúla, agus aird ar leith ar chruach athchúrsáilte;
(c) an saol seirbhíse a fhadú, go háirithe trí chur le friotalaíocht cruach, struchtúir chruach maidir le teas agus creimeadh, tuirse mheicniúil agus theirmeach agus/nó éifeachtaí meathlaithe eile;
(c) an saol seirbhíse a fhadú, dearadh don chiorclaíocht a chumasú, lena n-áirítear modúlacht, agus éifeachtúlacht ábhair, go háirithe trí chur le friotalaíocht cruach, struchtúir chruach maidir le teas agus creimeadh, tuirse mheicniúil agus theirmeach agus/nó éifeachtaí meathlaithe eile;
(a) teicnící chun cruach atá imithe i léig agus fotháirge ó fhoinsí éagsúla a athchúrsáil agus chun cur le caighdeán fuíll cruach;
(a) teicnící chun cruach atá imithe i léig agus fotháirge ó fhoinsí éagsúla a athchúrsáil agus a uaschúrsáil agus chun cur le caighdeán fuíll cruach, agus aird ar leith á tabhairt ar íosghrádú cáilíochta cruach a sheachaint de bharr an éillithe le miotail eile, ar nós copair;
(b) cóireáil dramhaíola agus aisghabháil amhábhar tánaisteach luachmhar, lena n-áirítear slaigeanna, taobh istigh agus taobh amuigh den ghléasra cruach;
(b) cóireáil dramhaíola agus aisghabháil amhábhar tánaisteach luachmhar, lena n-áirítear slaigeanna, taobh istigh agus taobh amuigh den ghléasra cruach, chomh maith le hathúsáid amhábhar tánaisteach, iarmhar agus fotháirgí ó thionscail eile, amhail bithmhais, le haghaidh cruach a dhéanamh agus a chóimhiotalú;
(d) gráid chruach agus struchtúir chóimeáilte a dhearadh chun aisghabháil fhurasta cruach le haghaidh athchúrsála nó athúsáide a éascú;
(d) gráid chruach a dhearadh agus struchtúir chóimeáilte chun dramhiompar agus dramhchóimeáil níos fearr ag deireadh ré a éascú, ionas go bhféadfarcruach agus ábhair eile a aisghabháil, a athúsáid agus a athchúrsáil go héasca;
Leasú 26 Togra le haghaidh cinnidh Airteagal 1 – pointe 9 Cinneadh 2008/376/CE Airteagal 10a – pointe b a (nua)
(ba) feabhas a chur ar bhainistiú lucht saothair le samhlacha tuarthacha maidir le héileamh agus athdháileadh lucht saothair.