Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc (2020/2017(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’),
– ag féachaint d’Airteagail 165, 166 agus 167 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Chonclúidí an 9 Meitheamh 2020 ón gComhairle maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018 maidir leis an mbearna inscne san earnáil digiteach(2),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2018 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027 (COM(2018)0434),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Plean Gníomhaíochta 2021-2027 don Oideachas Digiteach: An t-oideachas agus an oiliúint a athshocrú don ré dhigiteach (COM(2020)0624),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020)0625),
– ag féachaint do thuarascáil an 19 Feabhra 2020 ón gCoimisiún maidir le himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais na hintleachta saorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an róbataic (COM(2020)0064),
– ag féachaint do pháipéar bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal Artificial Intelligence – A European approach to excellence and trust [An Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] (COM(2020)0065),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le Straitéis Eorpach um shonraí (COM(2020)0066),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2018 dar teideal Artificial Intelligence for Europe [Intleacht Shaorga don Eoraip] (COM(2018)0237),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (COM(2018)0022),
– ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga de chuid an Choimisiúin an 8 Aibreán 2019 dar teideal Ethics Guidelines for Trustworthy AI [Treoirlínte Eitice le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa],
– ag féachaint dá rún an 12 Feabhra 2019 maidir le beartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach i dtaca leis an intleacht shaorga agus an róbataic(3),
– ag féachaint dá rún an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le comhionannas teanga sa ré dhigiteach(4),
– ag féachaint dá rún an 12 Meitheamh 2018 maidir le nuachóiriú an oideachais in AE(5),
– ag féachaint dá rún an 16 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le Rialacha an Dlí Shibhialta i leith na Róbataice(6),
– ag féachaint dá rún an 1 Meitheamh 2017 maidir le tionsclaíocht na hEorpa a dhigitiú(7),
– ag féachaint don fhaisnéisiú óna Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe ó mhí na Bealtaine 2020 maidir le húsáid na hintleachta saorga in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta,
– ag féachaint don mhionanailís óna Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe ó mhí na Bealtaine 2020 ar úsáid na hintleachta saorga in earnáil an chlosamhairc,
– ag féachaint don staidéar óna Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Aibreán 2020, maidir le hoideachas agus fostaíocht na mban san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa gheilleagar digiteach, lena n-áirítear an intleacht shaorga agus a tionchar ar chomhionannas inscne,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus Oideachas (A9-0127/2021),
A. de bhrí go bhfuil teicneolaíochtaí na hintleachta saorga (IS), a bhféadfadh tionchar díreach a bheith acu ar ár sochaithe, á bhforbairt go mear, agus á n-úsáid níos minice anois i mbeagnach gach réimse dár saol, lena n-áirítear san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc; de bhrí gur dócha go gcuideoidh IS eiticiúil le táirgiúlacht saothair a fheabhsú agus le dlús a chur leis an bhfás eacnamaíoch;
B. de bhrí gur cheart forbairt, imlonnú agus úsáid na hintleachta saorga, lena n-áirítear na bogearraí, na halgartaim agus na sonraí a úsáideann agus a tháirgeann sí, a bheith bunaithe ar phrionsabail eiticiúla na trédhearcachta, an inmhínitheachta, na cothroime, na cuntasachta agus na freagrachta;
C. de bhrí go bhfuil infheistíocht phoiblí in IS san Aontas ag titim chun deiridh go mór ar mhórgheilleagair eile; de bhrí gur dócha go mbeidh tionchar ag tearcinfheistíocht in IS ar iomaíochas an Aontais ar fud na n-earnálacha uile;
D. de bhrí go bhfuil cur chuige comhtháite maidir le IS agus infhaighteacht, bailiú agus léirmhíniú sonraí inmhuiníne, cothroma, trédhearcacha, iontaofa, slána agus comhoiriúnacha bunriachtanach chun IS eiticiúil a fhorbairt;
E. de bhrí go dtoirmisctear le hAirteagal 21 den Chairt idirdhealú ar raon leathan foras; de bhrí nár cheart iliomad cineálacha idirdhealaithe a mhacasamhlú i bhforbairt, imlonnú agus úsáid córas IS;
F. de bhrí go bhfuil an comhionannas inscne ina chroíphrionsabal de chuid an Aontais agus go gcumhdaítear é sna Chonarthaí, agus gur cheart go mbeadh sé léirithe i ngach beartas AE, lena n-áirítear san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc, agus freisin i bhforbairt teicneolaíochtaí amhail IS;
G. de bhrí gur léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, go háirithe i réimsí teicniúla, go bhfuil forbairtí agus nuálaíochtaí bunaithe go minic ar shonraí fireanna agus nach bhfuil riachtanais na mban á léiriú go hiomlán; de bhrí go bhfuil gá le breis forairdill, réitigh theicniúla agus ceanglais shoiléire maidir le cothroime, cuntasacht agus trédhearcacht a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na claontachtaí sin;
H. de bhrí go bhféadfadh tacair sonraí atá neamhiomlán agus míchruinn, easpa sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de agus algartaim mhíchearta, próiseáil córais intleachta saorga a shaobhadh agus go bhféadfaí baint amach an chomhionannais inscne sa tsochaí a chur i mbaol; de bhrí gur minic go mbíonn sonraí maidir le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus cineálacha idirdhealaithe trasnacha ina sonraí neamhiomlána nó in easnamh fiú;
I. de bhrí gur féidir neamh-chomhionannas inscne, steiréitíopaí agus idirdhealú a chruthú agus a mhacasamhlú tríd an teanga agus trí na híomhánna arna scaipeadh ag na meáin agus trí fheidhmchláir atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga; de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag an oideachas, ag cláir chultúrtha agus ag ábhar closamhairc ar chreidimh agus luachanna daoine a mhúnlú agus gur uirlis bhunúsach iad chun steiréitíopaí inscne a chomhrac, chun an bhearna inscne dhigiteach a laghdú, agus chun eiseamláirí láidre a bhunú; de bhrí nach mór creat eiticiúil agus rialála a bheith ar bun sula ndéanfar réitigh uathmheaitsithe a chur chun feidhme do na príomhréimsí sin sa tsochaí;
J. de bhrí gur féidir leis an eolaíocht agus leis an nuálaíocht sochair a chur ar fáil lena n-athrófar an saol, go háirithe dóibh siúd is faide chun deiridh, amhail mná agus cailíní a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta; de bhrí go bhfuil an t-oideachas eolaíochta tábhachtach chun scileanna, obair chuibhiúil agus poist san am atá le teacht a fháil, agus chun deireadh a chur le steiréitíopaí inscne a bhaineann leo mar réimsí atá firinscneach go steiréitipiciúil; de bhrí go bhfuil an eolaíocht agus an smaointeoireacht eolaíoch ríthábhachtach don chultúr daonlathach, rud atá bunriachtanach chun comhionannas inscne a chur chun cinn;
K. de bhrí go bhfuil bean amháin as gach deichniúr san Aontas buailte cheana féin ag cibearfhoréigean ó 15 bliana d’aois agus de bhrí gur cúis imní i gcónaí an cibearchiapadh i bhforbairt na hintleachta saorga, lena n-áirítear san oideachas; de bhrí gur minic a dhírítear cibearfhoréigean ar mhná sa saol poiblí, amhail gníomhaithe, polaiteoirí ban agus daoine poiblí eile; de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn chun cibearfhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc agus chun oideachas a chur ar dhaoine;
L. de bhrí go bhfuil freagracht ar leith ar an Aontas agus ar na Ballstáit leas a bhaint as breisluach na dteicneolaíochtaí intleachta saorga, é a chur chun cinn agus é a fheabhsú, agus a áirithiú go mbeidh na teicneolaíochtaí sin sábháilte agus go bhfónann siad do leas ginearálta mhuintir na hEorpa; de bhrí gur féidir leis na teicneolaíochtaí sin rannchuidiú go mór leis an sprioc choiteann atá againn a bhaint amach, is é sin, feabhas a chur ar shaol ár saoránach agus rathúnas a chothú san Aontas trí chuidiú le straitéisí agus nuálaíocht níos fearr a fhorbairt i roinnt réimsí, eadhon san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc;
M. de bhrí go bhfuil an chuid is mó de IS bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte, rud a chiallaíonn gur féidir cóid foinse a iniúchadh, a mhodhnú agus a fheabhsú;
N. de bhrí go bhféadfadh sé gur gá coigeartuithe áirithe a dhéanamh ar ionstraimí reachtacha sonracha AE atá ann cheana chun an claochlú digiteach a léiriú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a eascraíonn as úsáid teicneolaíochtaí IS san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc, amhail sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint, idirdhealú a chomhrac, comhionannas inscne a chur chun cinn, agus cearta maoine intleachtúla, cosaint an chomhshaoil agus cearta tomhaltóirí a urramú;
O. de bhrí go bhfuil sé tábhachtach rochtain a thabhairt don earnáil chlosamhairc ar shonraí ó na hardáin dhomhanda agus ó ghníomhaithe móra chun machaire comhréidh a áirithiú;
P. de bhrí gur féidir le IS agus feidhmchláir agus aireagán a dhéanfar amach anseo le cabhair ó IS dhá chineál a bheith acu, cosúil le haon teicneolaíocht eile; de bhrí go bhfuil go leor ábhar imní ag baint le IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara maidir le heitic agus trédhearcacht a bhforbartha, a n-imlonnaithe agus a n-úsáide, go háirithe maidir le sonraí a bhailiú, a úsáid agus a scaipeadh; de bhrí nach mór tairbhí agus rioscaí na dteicneolaíochtaí intleachta saorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc a mheasúnú go cúramach agus a n-éifeachtaí ar gach gné den tsochaí a anailísiú go críochnúil agus go leanúnach, gan an bonn a bhaint dá n-acmhainneacht;
Q. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an oideachas acmhainneacht dhaonna, cruthaitheacht agus athrú sóisialta barántúil a bhaint amach, agus ag an am céanna go bhféadfaí bac a chur ar fhorbairt dhaonna agus shóisialta trí úsáid mhícheart a bhaint as córais intleachta saorga sonraíbhunaithe;
R. de bhrí gur ceart bunúsach iad oideachas agus deiseanna oideachais; de bhrí gur cheart forbairt, imlonnú agus úsáid teicneolaíochtaí IS san earnáil oideachais a aicmiú mar ardriosca agus a bheith faoi réir ceanglas níos déine maidir le sábháilteacht, trédhearcacht, cothroime agus cuntasacht;
S. de bhrí go bhfuil nascacht fhorleatach thapa shlán ardcháilíochta, leathanbhanda, líonraí ardtoillte, saineolas TF, scileanna digiteacha, trealamh digiteach agus bonneagar digiteach, mar aon le glacadh sochaíoch agus creat beartais spriocdhírithe agus solúbtha, ar cheann de na réamhchoinníollacha le haghaidh imlonnú leathan rathúil na hintleachta saorga san Aontas; de bhrí go bhfuil sé riachtanach an bonneagar agus an trealamh sin a úsáid go cothrom ar fud an Aontais chun dul i ngleic leis an mbearna dhigiteach leanúnach idir a réigiúin agus a shaoránaigh;
T. de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar an mbearna inscne san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM) chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhionann agus chothrom ar an tsochaí ina hiomláine agus teicneolaíochtaí intleachta saorga á bhforbairt, á n-imlonnú agus á n-úsáid, lena n-áirítear na bogearraí, na halgartaim agus na sonraí a úsáideann agus a tháirgeann siad;
U. de bhrí go bhfuil sé riachtanach a áirithiú go bhfoghlaimíonn gach duine san Aontas na scileanna is gá ó aois óg chun tuiscint níos fearr a fháil ar chumais agus ar theorainneacha IS, chun iad féin a ullmhú do mhéadú IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara i ngnéithe uile de ghníomhaíocht an duine, agus chun go mbeidh siad in ann lántairbhe a bhaint as na deiseanna a chuireann siad ar fáil; de bhrí gur réamhchoinníoll é sealbhú forleathan scileanna digiteacha i ngach cuid den tsochaí san Aontas chun claochlú digiteach cothrom a rachaidh chun tairbhe gach duine a bhaint amach;
V. de bhrí nach mór do na Ballstáit, chun na críche sin, infheistíocht a dhéanamh san oideachas digiteach agus san oiliúint sna meáin, an bonneagar ceart agus na gléasanna deiridh riachtanacha a thabhairt do na scoileanna, agus béim níos mó a chur ar theagasc scileanna digiteacha agus cumas digiteach mar chuid de churaclaim scoile;
W. de bhrí gur féidir IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara a úsáid chun modhanna foghlama agus teagaisc a fheabhsú, go háirithe trí chuidiú le córais oideachais sonraí cothrom a úsáid chun cothromas agus caighdeán oideachais a fheabhsú, agus ag an am céanna curaclaim shaincheaptha agus rochtain níos fearr ar oideachas a chur chun cinn agus cúraimí riaracháin áirithe a fheabhsú agus a uathoibriú; de bhrí go bhfuil gá le rochtain chomhionann agus chothrom ar theicneolaíochtaí digiteacha agus ar nascacht ardluais chun go rachaidh úsáid IS chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil an t-oideachas digiteach inrochtana do gach duine, lena n-áirítear daoine de chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus daoine faoi mhíchumas; de bhrí nach mbraitheann torthaí foghlama ar an teicneolaíocht per se, ach ar an gcaoi ar féidir le múinteoirí an teicneolaíocht a úsáid ar bhealaí oideolaíocha fónta;
X. de bhrí go bhfuil acmhainneacht ar leith ag IS chun réitigh a chur ar fáil do dhúshláin laethúla na hearnála oideachais, amhail an fhoghlaim a phearsanú, faireachán a dhéanamh ar dheacrachtaí foghlama, inneachar/eolas ábharshonrach a uathoibriú, oiliúint ghairmiúil níos fearr a sholáthar agus tacú leis an aistriú chuig sochaí dhigiteach;
Y. de bhrí go bhféadfadh feidhm phraiticiúil a bheith ag IS ó thaobh obair riaracháin oideoirí agus institiúidí oideachais a laghdú, am a chruthú dá bpríomhghníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama;
Z. de bhrí go bhfuil dul chun cinn i ndisciplíní éagsúla, amhail foghlaim teanga agus matamaitic, á éascú ag feidhmchláir IS-bhunaithe nua san oideachas;
AA. de bhrí gur féidir le heispéiris foghlama pearsantaithe atá cumasaithe ag IS cuidiú ní hamháin le hinspreagadh daltaí a mhéadú agus lena chur ar a gcumas a lánacmhainneacht a bhaint amach, ach leis na rátaí luathfhágála a laghdú freisin;
AB. de bhrí gur féidir le IS a bheith ina gcuidiú níos mó le múinteoirí a dhéanamh níos éifeachtaí trí thuiscint níos fearr a thabhairt dóibh ar mhodhanna agus ar stíleanna foghlama daltaí agus trí chabhrú leo chun deacrachtaí foghlama a shainaithint agus dul chun cinn aonair a mheas ar bhealach níos fearr;
AC. de bhrí gur ann do ghanntanas de bheagnach leathmhilliún saineolaí sna heolaíochtaí mórshonraí agus san anailís ar shonraí i margadh saothair digiteach an Aontais, saineolaithe ar gné bhunúsach iad d’fhorbairt agus d’úsáid intleacht shaorga ardcháilíochta agus iontaofa;
AD. de bhrí gur cúis bhuartha di úsáid IS san oideachas maidir le húsáid eiticiúil sonraí, cearta foghlaimeoirí, rochtain ar shonraí pearsanta agus cosaint sonraí pearsanta, agus dá bhrí sin go ngabhann rioscaí leis an úsáid sin do chearta bunúsacha amhail samhlacha steiréitíopacha de phróifílí agus d’iompar foghlaimeoirí a chruthú a bhféadfadh idirdhealú nó dochar a bheith mar thoradh orthu trí dhrochchleachtais oideolaíocha a mhéadú;
AE. de bhrí go n-imríonn an cultúr ról tábhachtach i dteicneolaíochtaí IS a úsáid ar scála agus go bhfuil sí ag teacht chun cinn mar dhisciplín tábhachtach d’oidhreacht chultúrtha a bhuí le teicneolaíochtaí agus uirlisí nuálacha a fhorbairt agus lena gcur i bhfeidhm éifeachtach chun freagairt ar riachtanais na hearnála;
AF. de bhrí gur féidir teicneolaíochtaí IS a úsáid chun an oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear trí uirlisí digiteacha a úsáid chun láithreáin stairiúla a chaomhnú agus bealaí nuálacha a aimsiú chun na tacair sonraí de dhéantáin chultúrtha atá ag institiúidí cultúrtha ar fud an Aontais a dhéanamh níos forleithne agus níos inrochtana, agus ag an am céanna ag lamháil d’úsáideoirí nascleanúint a dhéanamh ar an méid ollmhór inneachair chruthaithigh agus chultúrtha; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach caighdeáin agus creataí idir-inoibritheachta a chur chun cinn i ndáil leis sin;
AG. de bhrí go n-ardaítear saincheisteanna maidir le cosaint sonraí, idirdhealú agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga le húsáid teicneolaíochtaí IS d’inneachar cultúrtha agus cruthaitheach, go háirithe inneachar meán agus moltaí saincheaptha maidir le hinneachar, agus go bhféadfadh sé aschur idirdhealaitheach bunaithe ar shonraí claonta a chruthú, agus go bhféadfadh sé srian a chur le héagsúlacht tuairimí agus iolrachas na meán;
AH. de bhrí gur féidir le moltaí d’inneachar pearsantaithe atá bunaithe ar IS díriú ar riachtanais shonracha daoine aonair, lena n-áirítear sainroghanna cultúrtha agus teanga, ar bhealach níos fearr go minic; de bhrí gur féidir le IS cabhrú le cur chun cinn na héagsúlachta teanga san Aontas agus rannchuidiú le scaipeadh níos leithne saothar closamhairc Eorpach, go háirithe trí inneachar closamhairc a fhotheidealú agus a dhubáil go huathoibríoch i dteangacha eile; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, inneachar meán a tháirgeadh i dteangacha éagsúla chun tacú leis an éagsúlacht chultúrtha agus teanga;
AI. de bhrí go spreagann IS nuálaíocht i seomraí nuachta trí roinnt gnáththascanna a uathoibriú, sonraí a léirmhíniú agus fiú nuacht a tháirgeadh amhail réamhaisnéisí aimsire agus torthaí spóirt;
AJ. de bhrí, mar thoradh ar éagsúlacht teanga na hEorpa, go gcuireann cur chun cinn na ríomhtheangeolaíochta do IS atá bunaithe ar chearta acmhainneacht shonrach do nuálaíocht ar fáil, acmhainneacht a d’fhéadfaí a úsáid chun malartuithe domhanda cultúrtha agus faisnéise a dhéanamh daonlathach agus neamh-idirdhealaitheach sa ré dhigiteach;
AK. de bhrí go bhféadfadh teicneolaíochtaí IS dul chun tairbhe d’oideachas riachtanas speisialta, mar aon le hinrochtaineacht ar inneachar cultúrtha agus cruthaitheach do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí gur féidir réitigh amhail aithint cainte, cúntóirí fíorúla agus léirithe digiteacha ar réada fisiciúla a chur ar fáil le IS; de bhrí go bhfuil baint ag cruthúcháin dhigiteacha cheana féin le hinneachar den sórt sin a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas;
AL. de bhrí go bhfuil feidhmchláir IS ar fáil san earnáil chlosamhairc go forleathan, go háirithe ar ardáin inneachair chlosamhairc;
AM. de bhrí go gcuireann teicneolaíochtaí IS le táirgí meán closamhairc a chruthú, a phleanáil, a bhainistiú, a tháirgeadh, a dháileadh, a logánú agus a thomhailt;
AN. de bhrí, cé gur féidir IS a úsáid chun inneachar bréagach a chruthú, amhail ‘domhainbhrionnuithe’, atá ag méadú as cuimse agus atá ina géarbhagairt ar an daonlathas, gur féidir IS a úsáid freisin mar uirlis luachmhar chun an ghníomhaíocht mhailíseach sin a shainaithint agus a chomhrac láithreach, mar shampla trí sheiceáil fhíor-ama nó lipéadú inneachair; de bhrí go bhfuil sé éasca an chuid is mó d’inneachar domhainbhrionnúcháin a aimsiú; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil uirlisí braite atá cumhachtaithe ag IS éifeachtach go ginearálta maidir leis an inneachar sin a thuairisciú agus a scagadh; de bhrí go bhfuil easpa creata dhlíthiúil maidir leis an tsaincheist sin;
Barúlacha ginearálta
1. á chur i bhfios go láidir go mbaineann tábhacht straitéiseach le IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara don Aontas; á chur i bhfáth nach mór an cur chuige maidir le IS agus a teicneolaíochtaí gaolmhara a bheith duine-lárnaithe agus bunaithe ar chearta an duine agus ar eitic, ionas go mbeidh IS ina hionstraim a fhreastalaíonn ar dhaoine, ar an leas coiteann agus ar leas ginearálta na saoránach;
2. á chur i bhfios go láidir nach mór, le forbairt, imlonnú agus úsáid IS san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc, go n-urramófaí go hiomlán cearta bunúsacha, saoirsí agus luachanna, lena n-áirítear dínit an duine, príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, neamh-idirdhealú agus saoirse cainte agus faisnéise, mar aon le héagsúlacht chultúrtha agus CMI, mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus sa Chairt;
3. á dhearbhú gur réimsí íogaire iad an t-oideachas, an cultúr agus an earnáil chlosamhairc maidir le húsáid na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara ós rud é go bhfuil sé de chumas acu tionchar a imirt ar bhunchlocha chearta bunúsacha agus luachanna bunúsacha ár sochaí; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart prionsabail eiticiúla a urramú agus IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara á bhforbairt, á n-imlonnú agus á n-úsáid sna hearnálacha sin, lena n-áirítear na bogearraí, na halgartaim agus na sonraí a úsáideann agus a tháirgeann siad;
4. á mheabhrú gur cheart go mbeadh algartaim agus an intleacht shaorga ‘eiticiúil ina ndearadh’, gan aon chlaontacht ionsuite, ar bhealach a ráthaíonn an uaschosaint do chearta bunúsacha;
5. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé intleacht shaorga ardcháilíochta, comhoiriúnach agus cuimsitheach a fhorbairt mar aon le teicneolaíochtaí gaolmhara le haghaidh úsáid sa domhainfhoghlaim lena n-urramófar agus lena gcosnófar luachanna an Aontais, go háirithe comhionannas inscne, an t-ilteangachas agus na dálaí atá riachtanach don idirphlé idirchultúrtha, toisc go bhféadfadh tuartha laga agus, ina dhiaidh sin, idirdhealú agus claonadh a bheith mar thoradh ar úsáid sonraí atá as dáta, neamhiomlána, míchearta nó ar chaighdeán íseal; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé bunriachtanach cumais a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí, ar shábháilteacht, ar chórasú agus ar inaistritheacht, gan dochar a dhéanamh don phríobháideachas; ag tabhairt dá haire an togra ón gCoimisiún maidir le spás sonraí Eorpach amháin a chruthú;
6. á mheabhrú go bhféadfadh claontacht a bheith mar thoradh ar IS agus dá bhrí sin cineálacha éagsúla idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach; á mheabhrú, ina leith sin, nach mór cearta gach duine a áirithiú agus nach ceadmhach IS ná teicneolaíochtaí gaolmhara a bheith idirdhealaitheach in aon fhoirm;
7. ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an gclaonadh agus leis an idirdhealú sin eascairt as tacair sonraí atá claonta cheana féin lena léirítear an t-idirdhealú atá sa tsochaí faoi láthair; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, ionas nach ndéanfaí claontachtaí inscne, sóisialta agus cultúrtha a chur san áireamh go neamhaireach in algartaim, córais agus feidhmchláir IS; á chur i bhfáth gur gá oibriú ar an mbealach is éifeachtúla chun claontacht i gcórais IS a laghdú, i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla agus neamh-idirdhealaithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh na tacair sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an intleacht shaorga chomh leathan agus is féidir chun ionadaíocht a dhéanamh ar an tsochaí ar an mbealach is fearr agus is ábhartha, gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na haschuir chun gach cineál steiréitíopaí, idirdhealaithe agus claontachta a sheachaint agus, i gcás inarb iomchuí, gur cheart IS a úsáid chun claontachtaí daonna a shainaithint agus a cheartú más ann dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún comhroinnt straitéisí um dhíchlaonadh le haghaidh sonraí a éascú agus a spreagadh;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gnéithe eiticiúla, lena n-áirítear ó thaobh na hinscne de, a chur san áireamh nuair a bheidh beartas agus reachtaíocht na hintleachta saorga á bhforbairt, agus, más gá, an reachtaíocht reatha a oiriúnú, lena n-áirítear cláir an Aontais agus treoirlínte eiticiúla maidir le húsáid na hintleachta saorga;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta beartais a cheapadh a chuimsíonn go hiomlán an ghné inscne, amhail feachtais ardaithe feasachta, oiliúint agus curaclaim, a chuireann faisnéis ar fáil do shaoránaigh maidir le conas a fheidhmíonn algartaim, agus a dtionchar ar shaol laethúil na saoránach; á iarraidh orthu, thairis sin, dearcthaí agus dálaí oibre atá comhionann ó thaobh inscne de a chothú as a n-eascraíonn táirgí teicneolaíochta agus timpeallachtaí oibre níos cuimsithí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar scileanna digiteacha agus oiliúint intleachta saorga a áireamh i gcuraclaim scoile agus iad a chur ar fáil do chách, chun an deighilt dhigiteach inscne a dhúnadh;
10. á chur i bhfáth go bhfuil gá le hoiliúint a chur ar oibrithe agus ar oideoirí a bhíonn ag déileáil leis an intleacht shaorga chun an cumas a chur chun cinn cleachtais idirdhealaitheacha inscne a shainaithint agus a cheartú san ionad oibre agus san oideachas, agus ar oibrithe a fhorbraíonn córais agus feidhmchláir intleachta saorga chun idirdhealú bunaithe ar inscne a shainaithint agus a leigheas sna córais agus sna feidhmchláir intleachta saorga a fhorbraíonn siad; á iarraidh go mbunófaí freagrachtaí soiléire i gcuideachtaí agus in institiúidí oideachais chun a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú bunaithe ar inscne san ionad oibre ná i gcomhthéacs an oideachais; á thabhairt chun suntais gur cheart íomhánna gan inscne den intleacht shaorga agus róbait a úsáid chun críocha oideachais agus cultúrtha, ach amháin más príomhthoisc í an inscne ar chúis éigin;
11. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá forbairt agus imlonnú fheidhmchláir IS san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc i mbailiú sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de agus sonraí comhionannais eile, agus teicnící nua-aimseartha meaisínfhoghlama a chur i bhfeidhm, más gá, chun claontacht steiréitíopa inscne a cheartú, a bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aige;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún oideachas a áireamh sa chreat rialála d’fheidhmchláir intleachta saorga ardriosca, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh an t-oideachas de bheith ag cur le leas an phobail, chomh maith le híogaireacht sonraí maidir le daltaí, le mic léinn agus le foghlaimeoirí eile; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh oideoirí, foghlaimeoirí agus an tsochaí i gcoitinne páirteach san imscaradh sin agus gur cheart riachtanais gach duine agus na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo a chur san áireamh chun a áirithiú go n-úsáidfear an intleacht shaorga ar bhealach oibiachtúil agus eiticiúil;
13. á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid clár de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach agus Erasmus+ chun taighde ildisciplíneach, treoirthionscadal, turgnaimh agus forbairt uirlisí a chur chun cinn lena n-áirítear oiliúint, lena n-áirítear oiliúint, chun claontacht inscne san intleacht shaorga a shainaithint, mar aon le feachtais ardaithe feasachta don phobal i gcoitinne;
14. á chur i bhfáth go bhfuil gá le foirne ilghnéitheacha d’fhorbróirí agus d’innealtóirí ag obair taobh leis na príomhghníomhaithe san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc chun go gcuirfí cosc ar chlaontacht inscne nó shóisialta a bheith á gcur san áireamh in algartaim, córais agus feidhmchláir IS; á chur i bhfáth go bhfuil gá le machnamh a dhéanamh ar na teoiricí éagsúla trínar forbraíodh an intleacht shaorga go dtí seo agus trína bhféadfaí í a fhorbairt tuilleadh amach anseo;
15. á chur i bhfios nár cheart go gcuirfí stop leis an dul chun cinn teicneolaíoch má dhéantar cúram cuí chun deireadh a chur le claontacht agus le hidirdhealú i gcoinne grúpaí ar leith, lena n-áirítear steiréitíopaí inscne;
16. á athdhearbhú a thábhachtaí atá cearta bunúsacha agus ardcheannas uileghabhálach na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí agus príobháideachais, rud atá ríthábhachtach nuair atáthar ag déileáil le teicneolaíochtaí den sórt sin; á mheabhrú gur féidir le IS difear a dhéanamh go háirithe do chosaint sonraí agus don phríobháideachas, go háirithe sonraí leanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na prionsabail arna mbunú sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)(8) ina gceangal ar imlonnú IS ina leith sin; á mheabhrú, ina theannta sin, nach mór d’fheidhmchláir uile IS dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a urramú go hiomlán, eadhon RGCS agus an Treoir maidir le r-Phríobháideachas(9); á chur i bhfáth gur ann don cheart chun idirghabháil ó dhuine a fháil nuair atá IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara á n-úsáid;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibleagáid trédhearcachta agus mhíniúcháin a chur chun feidhme ar chinntí aonair uathoibrithe bunaithe ar IS a dhéantar faoi chuimsiú shainchumais na cumhachta poiblí, agus pionóis a chur chun feidhme chun é sin a fhorfheidhmiú; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na córais a úsáideann fíorú agus idirghabháil dhaonna de réir réamhshocrú, agus le haghaidh próiseas cuí, lena n-áirítear an ceart chun achomhairc agus sásaimh chomh maith le rochtain ar leigheasanna;
18. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag fógraíocht phearsantaithe, go háirithe fógraíocht mhici-spriocdhírithe agus iompraíochta, agus measúnú daoine aonair, go háirithe mionaoisigh, gan a dtoiliú, trí chur isteach ar shaol príobháideach daoine aonair, ceisteanna a chur maidir le bailiú agus úsáid an sonraí a úsáidtear chun fógraíocht a phearsanú, agus táirgí nó seirbhísí a thairiscint nó praghsanna a shocrú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, srianta diana a thabhairt isteach maidir le fógraíocht spriocdhírithe atá bunaithe ar bhailiú sonraí pearsanta, ag tosú le toirmeasc ar fhógraíocht iompraíochta trasardáin, gan dochar a dhéanamh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); á mheabhrú nach lamhálann an Treoir maidir le r-phríobháideachas faoi láthair ach fógraíocht spriocdhírithe faoi réir toiliú um rogha a bheith páirteach, rud a fhágann, ar shlí eile, go bhfuil sí neamhdhleathach; á iarraidh ar an gCoimisiún toirmeasc a chur ar chleachtais idirdhealaitheacha a úsáid chun seirbhísí nó táirgí a sholáthar;
19. á chur i bhfáth gur gá go gcuirfí eagraíochtaí meán ar an eolas faoi phríomhpharaiméadair na gcóras intleachta saorga atá bunaithe ar algartam lena gcinntear rangú agus torthaí cuardaigh ar ardáin tríú páirtí, agus go gcuirfí úsáideoirí ar an eolas faoin úsáid a bhaintear as intleacht shaorga i seirbhísí cinnteoireachta agus go bhfuil sé de chumhacht acu a bparaiméadair phríobháideachais a shocrú trí bhearta trédhearcacha intuigthe;
20. á chur i bhfáth gur féidir leis an intleacht shaorga tacú le cruthú inneachair , taobh le taobh le hardáin oideachais agus faisnéise, lena n-áirítear líostaí de chineálacha éagsúla réad cultúrtha agus an iliomad foinsí sonraí; ag tabhairt dá haire go bhfuil baol ann go sárófar CMI nuair a bhítear ag cumasc IS agus teicneolaíochtaí éagsúla le foinsí éagsúla (doiciméid, grianghraif, scannáin) chun feabhas a chur ar an gcaoi ina ndéantar na sonraí sin a thaispeáint, ina ndéantar taighde orthu agus ina ndéantar iad a amharcléiriú; á iarraidh go n-úsáidfí IS chun ardleibhéal cosanta CMI a áirithiú laistigh den chreat reachtach atá ann faoi láthair, amhail trí dhaoine aonair agus gnólachtaí a chur ar an eolas má tá baol ann go sáróidh siad na rialacha de thaisme nó trí chúnamh a thabhairt do shealbhóirí cirt CMI má sháraítear na rialacha go hiarbhír; ag cur béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá sé creat dlíthiúil iomchuí a bheith ann ag leibhéal an Aontais chun cearta maoine intleachtúla a chosaint i ndáil le húsáid IS;
21. á chur i bhfáth gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, forbairt córas IS agus a n-úsáid san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc agus, ar an taobh eile, bearta chun iomaíocht agus iomaíochas margaidh a chosaint do chuideachtaí IS sna hearnálacha sin; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis sin, gur gá cuideachtaí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i nuálaíocht i gcórais IS a úsáidtear sna hearnálacha sin, agus a áirithiú freisin nach bhfaighidh na daoine sin a chuireann na feidhmchláir sin ar fáil monaplacht mhargaidh; ag cur béim ar an ngá atá ann IS a chur ar fáil go forleathan d’earnálacha agus do thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta (CCSI) ar fud na hEorpa chun machaire comhréidh agus iomaíocht chóir a choinneáil do na geallsealbhóirí agus do na gníomhaithe uile san Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus cinntí á ndéanamh acu maidir le beartas iomaíochta, lena n-áirítear cumaisc, aird níos mó a thabhairt ar an ról atá ag sonraí agus ag algartaim i gcomhchruinniú chumhacht an mhargaidh;
22. á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt go córasach ar na saincheisteanna sóisialta, eiticiúla agus dlíthiúla a eascraíonn as forbairt, imlonnú agus úsáid IS, amhail trédhearcacht agus cuntasacht algartaim, neamh-idirdhealú, comhdheiseanna, saoirse agus éagsúlacht tuairimí, iolrachas na meán agus úinéireacht, bailiú, úsáid agus scaipeadh sonraí agus inneachair; á mholadh go gceapfaí treoirlínte agus caighdeáin chomhchoiteanna Eorpacha chun príobháideachas a chosaint agus úsáid éifeachtach a bhaint as na sonraí atá ar fáil ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht ann maidir le forbairt algartam agus cuntasacht ann maidir le húsáid algartam;
23. á iarraidh ar an gCoimisiún sraith chuimsitheach forálacha a chur ar aghaidh a bheadh ceaptha chun feidhmchláir IS a rialú ar bhonn cothrománach agus chun iad a fhorlíonadh le rialacha earnáilsonracha, mar shampla le haghaidh seirbhísí meán closamhairc;
24. á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht maidir le forbairt, imlonnú agus úsáid IS agus a fheidhmchlár san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá infheistíocht phoiblí sna seirbhísí sin agus an breisluach comhlántach a chuireann comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí ar fáil chun an cuspóir sin a bhaint amach agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na hintleachta saorga sna hearnálacha sin, go háirithe san oideachas, i bhfianaise mhéid suntasach na hinfheistíochta príobháidí a rinneadh le blianta beaga anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú breise a fháil chun taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn maidir le feidhmchláir IS sna hearnálacha sin;
25. á chur i bhfios go láidir gur féidir le córais algartamacha laghdú ar an deighilt dhigiteach ar bhealach brostaithe a éascú, ach go bhfuil an baol ann go gcruthófar deighiltí nua nó go gcuirfear dlús le doimhniú na cinn atá ann cheana mura n-úsáidtear go cothrom iad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhforbraítear eolas agus bonneagar ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, rud a chuireann teorainn le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí a bhraitheann ar IS, go háirithe i limistéir inar tearc an daonra agus i limistéir atá leochaileach ó thaobh na socheacnamaíocha de; á iarraidh ar an gCoimisiún comhtháthú a áirithiú i gcomhroinnt tairbhí na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais a bhunú maidir le soláthar agus úsáid na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara ag comhlachtaí earnála poiblí an Aontais, chun comhlíonadh dhlí an Aontais agus cearta bunúsacha a áirithiú; á thabhairt chun suntais go mbaineann breisluach le húsáid a bhaint as ionstraimí amhail comhairliúcháin phoiblí agus measúnuithe tionchair sula ndéanfar córais IS a sholáthar nó a úsáid, mar a mholtar i dtuarascáil an Rapóirtéara Speisialta do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an intleacht shaorga agus a tionchar ar shaoirse tuairimíochta agus cainte(10); á mholadh do na húdaráis phoiblí forbairt agus úsáid IS a dhreasú trí chistiú poiblí agus trí sholáthar poiblí; á chur i bhfáth gur gá an margadh a neartú trí dheis a thabhairt do FBManna páirt a ghlacadh i soláthar feidhmchlár IS chun a áirithiú go mbeidh cuideachtaí teicneolaíochta de gach méid rannpháirteach agus, ar an gcaoi sin, athléimneacht agus iomaíocht a ráthú;
27. á iarraidh go ndéanfar iniúchtaí neamhspleácha go rialta chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil feidhmchláir IS á n-úsáid agus go bhfuil na seiceálacha agus na hiarmhéideanna gaolmhara i gcomhréir le critéir shonraithe, agus go ndéanfaidh údaráis mhaoirseachta neamhspleácha leordhóthanacha maoirseacht ar na hiniúchtaí sin; á iarraidh go mbeidh tástálacha struis ar leith ann chun cuidiú le comhlíonadh agus é a fhorfheidhmiú;
28. ag tabhairt dá haire go mbaineann tairbhí agus rioscaí le IS ó thaobh na cibearshlándála de agus go bhfuil an acmhainneacht ag IS chun an chibearchoireacht a chomhrac, agus ag cur béim ar an ngá go mbeadh aon réitigh IS ina réitigh athléimneacha i gcoinne cibirionsaithe, agus urraim á tabhairt do chearta bunúsacha AE, go háirithe cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar úsáid shábháilte IS agus an gá atá le dlúthchomhar idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun cur i gcoinne leochaileachtaí úsáideoirí agus na contúirtí a thagann chun cinn maidir leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le cosc níos fearr ó thaobh na cibearshlándála agus bearta maolaithe de;
29. á thabhairt chun suntais gur féidir géarchéim phaindéim COVID-19 a mheas mar thréimhse phromhaidh le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga a fhorbairt, a imlonnú agus a úsáid san oideachas agus sa chultúr, mar a léirítear leis an iliomad ardán scolaíochta ar líne agus uirlisí ar líne le haghaidh cur chun cinn cultúrtha a úsáidtear ar fud na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na samplaí sin a mheas agus cur chuige coiteann AE á mheas aige maidir le níos mó úsáide a bhaint as na réitigh theicneolaíocha sin;
Oideachas
30. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé scileanna digiteacha a neartú agus litearthacht sna meáin, litearthacht dhigiteach agus litearthacht faisnéise ar ardchaighdeán a bhaint amach ar leibhéal an Aontais mar réamhriachtanas chun IS a úsáid san oideachas; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur gá litearthacht dhigiteach agus litearthacht intleachta saorga a áirithiú ar fud an Aontais, go háirithe trí dheiseanna oiliúna a fhorbairt do mhúinteoirí; á áitiú gur cheart go gcuideodh úsáid theicneolaíochtaí na hintleachta saorga i scoileanna leis an mbearna dhigiteach shóisialta agus réigiúnach a chúngú; á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta nuashonraithe an Choimisiúin don Oideachas Digiteach, ina dtugtar aghaidh ar úsáid IS san oideachas; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, cumais dhigiteacha, litearthacht agus oiliúint sna meáin agus scileanna a bhaineann le IS a bheith mar thosaíochtaí sa phlean seo, agus ag an am céanna feasacht a ardú faoi chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le mí-úsáid agus mífheidhmiú IS; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, béim ar leith a leagan ar leanaí agus ar dhaoine óga i staideanna éiginnte toisc go bhfuil tacaíocht ar leith de dhíth orthu i réimse an oideachais dhigitigh; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go cuí ar thionscnaimh IS agus róbataic san oideachas sna tograí reachtacha IS atá ar na bacáin aige; ag tathant ar na Ballstáit infheistiú i dtrealamh digiteach i scoileanna, agus cistí an Aontais a úsáid chuige sin;
31. á thabhairt chun suntais go bhfuil réimse leathan féidearthachtaí, deiseanna agus uirlisí i gceist le húsáid IS sna córais oideachais chun iad a dhéanamh níos nuálaí, níos cuimsithí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí trí mhodhanna nua foghlama ardcháilíochta atá tapa, pearsantaithe agus dírithe ar an dálta a thabhairt isteach; á chur i bhfáth, áfach, nach mór a áirithiú, os rud é go ndéanfar difear don oideachas agus don chuimsiú sóisialta, go mbeidh na huirlisí sin ar fáil do gach grúpa sóisialta trí rochtain chomhionann ar oideachas agus ar fhoghlaim a bhunú agus trína áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, go háirithe daoine faoi mhíchumas;
32. á chur i bhfios go láidir gur gá, ar a laghad, tuiscint bhunúsach ar an teicneolaíocht sin a bheith ag saoránaigh chun IS a úsáid ar bhealach criticiúil agus éifeachtach araon; á iarraidh ar na Ballstáit feachtais ardaithe feasachta maidir le IS a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí maidir le litearthacht dhigiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna agus fóraim maidir le litearthacht dhigiteach a chur chun cinn le go mbeidh saoránaigh, tuismitheoirí agus daltaí rannpháirteach in idirphlé daonlathach le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí maidir le teicneolaíochtaí IS a fhorbairt, a imlonnú agus a úsáid i gcórais oideachais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na huirlisí cearta agus an saineolas ceart a chur ar fáil d’oideoirí, d’oiliúnóirí agus do dhaoine eile maidir leis an intleacht shaorga agus maidir leis na teicneolaíochtaí gaolmhara ó thaobh cad atá i gceist, cén chaoi a n-úsáidtear iad agus conas iad a úsáid i gceart agus i gcomhréir leis an dlí, chun sáruithe ar CMI a sheachaint; á thabhairt chun suntais go háirithe a thábhachtaí atá litearthacht dhigiteach do dhaoine atá ag obair in earnálacha an oideachais agus na hoiliúna, chomh maith le feabhas a chur ar an oiliúint dhigiteach do dhaoine scothaosta, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhfuil bunchoincheap na dteicneolaíochtaí sin ag na glúnta óga cheana féin, tar éis fás suas leo;
33. á chur i bhfáth gur cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag IS sna córais oideachais an t-oideachas a dhéanamh chomh pearsantaithe agus is féidir, lena dtabharfaí do dhaltaí conairí acadúla pearsantaithe a bheadh i gcomhréir lena láidreachtaí agus lena laigí agus ábhar teagascach a bheadh saincheaptha dá saintréithe, agus cáilíocht an oideachais agus prionsabal chomhtháthú ár gcóras oideachais á gcoimeád ag an am céanna;
34. á mheabhrú go bhfuil ról bunúsach agus ilghnéitheach ag múinteoirí san oideachas agus maidir leis an oideachas a dhéanamh cuimsitheach, go háirithe sa luath-óige, nuair a shealbhaítear scileanna a chuirfidh ar chumas daltaí dul chun cinn a dhéanamh ar feadh a saoil, amhail i gcaidreamh pearsanta, scileanna staidéir, ionbhá agus obair chomhoibritheach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach féidir úsáid teicneolaíochtaí IS dochar ná díobháil a dhéanamh don oideachas duine le duine, ós rud é nach féidir teicneolaíochtaí IS ná teicneolaíochtaí a bhaineann le IS a chur in ionad múinteoirí;
35. á chur i bhfáth nach mbraithfidh na tairbhí foghlama a bhaineann le IS a úsáid san oideachas ar IS é féin amháin, ach ar an mbealach a bhainfidh múinteoirí úsáid as IS i dtimpeallacht na foghlama digití chun freastal ar riachtanais daltaí, mac léinn agus múinteoirí araon; á chur i bhfios, dá bhrí sin, gur gá do ríomhchláraitheoirí IS páirt a thabhairt do phobail mhúinteoireachta i bhforbairt, imlonnú agus úsáid teicneolaíochtaí IS nuair is féidir, rud a chruthódh timpeallacht líonra chun naisc agus comhar a bhunú idir ríomhchláraitheoirí IS, forbróirí, cuideachtaí, scoileanna, múinteoirí agus geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha eile d’fhonn teicneolaíochtaí IS a chruthú a bheidh oiriúnach do thimpeallachtaí oideachais fíorshaoil, a chuirfidh aois agus ullmhacht forbartha gach foghlaimeora san áireamh agus a chomhlíonfaidh na caighdeáin eiticiúla is airde; á thabhairt chun suntais nár cheart d’institiúidí oideachais ach teicneolaíochtaí iontaofa eiticiúla duine-lárnaithe a úsáid, ar teicneolaíochtaí iad ar féidir le húdaráis phoiblí agus leis an tsochaí shibhialta iniúchadh a dhéanamh orthu ag gach céim dá saolré; ag cur béim ar na buntáistí a bhaineann le réitigh shaora agus foinse oscailte i ndáil leis sin; á iarraidh go gcuirfí ar fáil do scoileanna agus d’fhorais oideachais eile an tacaíocht airgeadais agus lóistíochta chomh maith leis an saineolas is gá chun réitigh a sholáthar don fhoghlaim a bheidh ann amach anseo;
36. á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá oiliúint a chur ar mhúinteoirí go leanúnach ionas gur féidir leo oiriúnú do réadúlachtaí oideachais atá cumhachtaithe ag IS agus an t-eolas agus na scileanna is gá a fháil chun teicneolaíochtaí IS a úsáid ar bhealach oideolaíoch agus fónta, rud a chuirfidh ar a gcumas glacadh go hiomlán leis na féidearthachtaí a chuireann IS ar fáil agus na teorainneacha a bhaineann le IS a thuiscint; á iarraidh go mbeadh an teagasc digiteach mar chuid d’oiliúint gach múinteora amach anseo agus á iarraidh go dtabharfaí an deis do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag obair san oideachas agus san oiliúint leanúint dá n-oiliúint sa teagasc digiteach ar feadh a saoil; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhforbrófaí cláir oiliúna in IS do mhúinteoirí i ngach réimse agus ar fud na hEorpa; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí athchóiriú ar chláir mhúinteoireachta do ghlúnta nua múinteoirí a chuirfidh ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint do réadúlachtaí oideachais atá cumhachtaithe ag IS, agus freisin a thábhachtaí atá lámhleabhair agus treoirlínte do mhúinteoirí maidir le IS a tharraingt suas agus a nuashonrú;
37. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa clár ardoideachais sonrach do IS agus an easpa maoinithe phoiblí do IS ar fud na mBallstát; á chreidiúint go bhfuil uaillmhianta digiteacha na hEorpa amach anseo á gcur i mbaol mar thoradh air sin;
38. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil ach líon beag taighdeoirí IS ag tabhairt faoi ghairm acadúil toisc gur féidir le gnólachtaí teicneolaíochta pá níos fearr agus níos lú maorlathais don taighde a thairiscint; á chreidiúint go mbeadh níos mó airgid phoiblí a dhíriú ar thaighde IS in ollscoileanna mar chuid den réiteach;
39. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé scileanna digiteacha ginearálta a thabhairt do dhaoine ón óige ar aghaidh chun an bhearna cáilíochtaí a dhúnadh agus chun grúpaí áirithe den daonra a chomhtháthú níos fearr sa mhargadh digiteach saothair agus sa tsochaí dhigiteach; á chur i bhfios go mbeidh sé níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí oiliúint a chur ar ghairmithe ardoilte ó gach cúlra i réimse IS, aitheantas frithpháirteach na gcáilíochtaí sin a áirithiú ar fud an Aontais, agus an lucht saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a uas-sciliú chun cur ar a chumas déileáil le réaltachtaí an mhargaidh saothair amach anseo; ag spreagadh na Ballstáit, dá bhrí sin, chun a dtairiscint oideachais a mheas agus a uasghrádú le scileanna a bhaineann le IS, i gcás inar gá, agus curaclaim shonracha a chur i bhfeidhm d’fhorbróirí IS, agus IS a chur san áireamh i gcuraclaim thraidisiúnta ag an am céanna; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go dtabharfar aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla i scileanna IS ar fud an Aontais, toisc go bhfuil a dtairiscint oideachais á n-uasghrádú ag roinnt Ballstát le scileanna a bhaineann leis an intleacht shaorga agus curaclaim shonracha a chur i bhfeidhm d’fhorbróirí intleachta saorga; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin scileanna digiteacha a chur san áireamh mar cheann de na ceanglais cháilíochta do ghairmeacha áirithe a chomhchuibhítear ar leibhéal an Aontais faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla(11); á chur i bhfáth gur gá iad sin a bheith i gcomhréir le liosta measúnaithe na dtreoirlínte eiticiúla le haghaidh IS iontaofa, agus á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún an liosta sin a athrú ina churaclam táscach d’fhorbróirí IS; ag meabhrú na riachtanas speisialta a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) maidir le IS agus á iarraidh go mbeadh cur chuige comhoibríoch ann ar fud na hEorpa chun feabhas a chur ar an acmhainneacht a chuireann an intleacht shaorga ar fáil in VET; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oiliúint a chur ar ghairmithe ardoilte sa réimse sin, lena n-áirítear gnéithe eiticiúla a bheith i gcuraclaim, agus a thábhachtaí atá sé tacú le grúpaí tearcionadaithe sa réimse sin, chomh maith le dreasachtaí a chruthú do na gairmithe sin obair a lorg laistigh den Aontas; á mheabhrú go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht in IS agus go bhféadfadh sé sin éagothromaíochtaí inscne suntasacha a chruthú i margadh an tsaothair amach anseo;
40. á chur i bhfáth gur gá do rialtais agus d’institiúidí oideachais athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuraclam oideachais, iad a athoibriú agus a chur in oiriúint do riachtanais an 21ú haois trí chláir oideachais a cheapadh lena gcuirfear béim níos mó ar ábhair STEAM d’fhonn foghlaimeoirí agus tomhaltóirí a ullmhú do IS, atá ag éirí níos coitianta i gcónaí, agus chun sealbhú scileanna cognaíocha a éascú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé an earnáil seo a éagsúlú agus mic léinn, go háirithe mná agus cailíní, a spreagadh chun clárú i gcúrsaí STEAM, go háirithe sa róbataic agus in ábhair a bhaineann le IS; á iarraidh go mbeidh níos mó acmhainní airgeadais agus eolaíochta ann chun daoine oilte a spreagadh chun fanacht san Aontas agus daoine le scileanna ó thríú tíortha a mhealladh ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil líon mór gnólachtaí nuathionscanta ag obair le IS agus ag forbairt teicneolaíochtaí IS; á chur i bhfáth go mbeidh tacaíocht bhreise agus oiliúint a bhaineann le IS ag teastáil ó FBManna chun rialáil dhigiteach agus rialáil a bhaineann le IS a chomhlíonadh;
41. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh uathoibriú agus forbairt IS fostaíocht a athrú go mór agus go buan; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tosaíocht a thabhairt do scileanna a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh fostaíochta a bheidh ann amach anseo, go háirithe san oideachas agus in earnálacha agus tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha (CCSIanna); á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur gá an lucht saothair a bheidh ann amach anseo a uas-sciliú; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé IS a imlonnú chun athoiliúint agus uasoiliúint a chur ar mhargadh saothair na hEorpa in CCSI, go háirithe san earnáil chlosamhairc, a raibh tionchar mór ag géarchéim COVID-19 uirthi cheana féin;
42. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar leibhéal an riosca a bhaineann le himlonnú IS in earnáil an oideachais d’fhonn a fháil amach ar cheart feidhmchláir IS san oideachas a chur san áireamh sa chreat rialála le haghaidh ardriosca agus a bheith faoi réir ceanglas níos déine maidir le sábháilteacht, trédhearcacht, cothroime agus cuntasacht, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh an t-oideachas de rannchuidiú le leas an phobail agus i bhfianaise ghéaríogaireacht sonraí maidir le daltaí, mic léinn agus foghlaimeoirí eile; á chur i bhfios go láidir gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na tacair sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar IS chun go seachnófar treisiú steiréitíopaí áirithe agus cineálacha eile claontachta;
43. á iarraidh ar an gCoimisiún creat dlíthiúil le haghaidh IS a sheasfaidh an aimsir a mholadh chun bearta agus caighdeáin eiticiúla a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí a chur ar fáil chun cearta agus saoirsí bunúsacha a áirithiú agus chun feidhmchláir IS a bheidh iontaofa, eiticiúil agus láidir go teicniúil a fhorbairt, lena n-áirítear uirlisí digiteacha comhtháite, seirbhísí agus táirgí amhail an róbataic agus an mheaisínfhoghlaim, go háirithe i dtaca leis an oideachas; á iarraidh go mbeadh na sonraí a úsáideann agus a tháirgeann feidhmchláir IS san oideachas inrochtana, idir-inoibritheach agus ar ardcháilíocht, agus go gcomhroinnfear iad leis na húdaráis phoiblí ábhartha ar bhealach inrochtana agus i gcomhréir le reachtaíocht maidir le cóipcheart agus rúin trádála; á mheabhrú gur grúpa leochaileach iad leanaí ar fiú aird agus cosaint ar leith a thabhairt dóibh; á chur i bhfáth, cé gur féidir leis an intleacht shaorga dul chun tairbhe an oideachais, gur gá a gnéithe teicneolaíocha, rialála agus sóisialta a chur san áireamh, le coimircí leormhaithe agus cur chuige duine-lárnaithe lena n-áiritheofar i ndeireadh na dála go mbeidh daoine daonna in ann cinntí an chórais a rialú agus a cheartú i gcónaí; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, nach mór do mhúinteoirí aon imlonnú nó úsáid teicneolaíochtaí IS i scoileanna agus in ollscoileanna a rialú agus a mhaoirsiú agus iad ag idirghníomhú le daltaí agus le mic léinn; á mheabhrú nach ceadmhach go ndéanfadh córais IS aon chinneadh críochnaitheach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dheiseanna oideachais, amhail meastóireacht deiridh na mac léinn, gan formhaoirseacht dhaonna iomlán; á mheabhrú gur gá cinntí uathoibrithe faoi dhaoine nádúrtha atá bunaithe ar phróifíliú, i gcás ina bhfuil éifeachtaí dlíthiúla nó comhchosúla acu, a bheith teoranta go docht agus go n-éilíonn siad an ceart chun idirghabháil ó dhuine a fháil agus an ceart chun míniú a fháil i gcónaí faoi RGCS; á chur i bhfios go láidir gur cheart cloí go docht leis sin, go háirithe sna córais oideachais, i gcás ina ndéantar cinntí faoi sheansanna agus deiseanna a bheidh ann amach anseo;
44. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di é go bhfuil scoileanna agus soláthraithe oideachais eile ag brath níos mó agus níos mó ar sheirbhísí teicneolaíochta oideachais, lena n-áirítear feidhmchláir intleachta saorga, arna gcur ar fáil ag roinnt cuideachtaí príobháideacha a bhfuil ceannasacht acu sa mhargadh; á chreidiúint gur cheart grinnscrúdú a dhéanamh air sin trí rialacha iomaíochta an Aontais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, i ndáil leis sin, tacú le glacadh IS ag FBManna san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc trí bhíthin na ndreasachtaí iomchuí lena gcruthófar machaire comhréidh; á iarraidh sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí infheistíocht i gcuideachtaí Eorpacha TF chun na teicneolaíochtaí riachtanacha a fhorbairt laistigh den Aontas, ós rud é go bhfuil na cuideachtaí móra a chuireann intleacht shaorga ar fáil faoi láthair bunaithe lasmuigh den Aontas; á mheabhrú go láidir go ndéanann RGCS dianchosaint ar shonraí mionaoiseach, agus nach féidir iad a phróiseáil ach amháin má tá siad go hiomlán anaithnid nó má tá toiliú tugtha nó údaraithe ag sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta, i gcomhréir docht le prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus an teorannaithe de réir cuspóra,; á iarraidh go ndéanfaí cosaint agus coimircí níos láidre in earnáil an oideachais ina bhfuil sonraí leanaí i gceist agus á iarraidh ar an gCoimisiún céimeanna níos éifeachtaí a ghlacadh chuige sin; á iarraidh go gcuirfí faisnéis shoiléir ar fáil do leanaí agus dá dtuismitheoirí maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sonraí leanaí agus maidir leis an bpróiseáil a d’fhéadfaí a dhéanamh orthu, lena n-áirítear trí fheachtais múscailte feasachta agus faisnéise;
45. á chur i bhfios go láidir go bhfuil rioscaí sonracha ann maidir le feidhmchláir aitheantais uathoibrithe IS a úsáid, ar feidhmchláir iad atá á bhforbairt go tapa; á mheabhrú gur grúpa an-íogair iad leanaí; á mholadh go gcuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit cosc ar shainaithint bhithmhéadrach uathoibrithe, amhail aitheantas aghaidhe chun críocha oideachais agus cultúrtha, ar áitribh oideachais agus chultúrtha, mura gceadaítear a úsáid leis an dlí;
46. á chur i bhfáth gur gá rogha custaiméirí a mhéadú chun iomaíocht a spreagadh agus chun an raon seirbhísí a chuireann teicneolaíochtaí IS ar fáil chun críocha oideachais a leathnú; ag spreagadh údarás poiblí, i ndáil leis sin, forbairt agus imlonnú teicneolaíochtaí IS a dhreasú trí chistiú poiblí agus trí sholáthar poiblí; á mheas gur cheart na teicneolaíochtaí a úsáideann soláthraithe oideachais phoiblí nó a cheannaítear le maoiniú poiblí a bheith bunaithe ar theicneolaíochtaí foinse oscailte;
47. ag tabhairt dá haire go bhfuil sé thar am an t-oideachas a nuáil, mar a léiríodh le paindéim COVID-19 agus an t-athrú ina dhiaidh sin go foghlaim ar líne agus cianfhoghlaim; á chur i bhfáth gur féidir feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtacht na foghlama ar líne le huirlisí oideachais IS-tiomáinte amhail na huirlisí sin chun deacrachtaí foghlama a mheasúnú agus a shainaithint;
48. á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le bonneagar digiteach na chéad ghlúine eile agus clúdach idirlín chun oideachas atá cumhachtaithe ag IS a sholáthar do shaoránaigh na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise ghéarchéim COVID-19, straitéis a mhionsaothrú le haghaidh 5G Eorpach a áirithíonn athléimneacht straitéiseach na hEorpa agus nach bhfuil ag brath ar theicneolaíochtaí ó stáit nach roinneann ár luachanna;
49. á iarraidh go gcruthófaí líonra ollscoile agus taighde uile-Eorpach a bheadh dírithe ar IS san oideachas, lenar cheart institiúidí agus saineolaithe ó na réimsí uile a thabhairt le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar na hintleachta saorga ar fhoghlaim agus chun réitigh a shainaithint chun feabhas a chur ar a cumas;
Oidhreacht chultúrtha
50. á athdhearbhú a thábhachtaí atá rochtain ar an gcultúr do gach saoránach ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit, saoráidí oideachais agus institiúidí cultúrtha agus geallsealbhóirí comhchosúla; á mheas, thairis sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun rochtain ar chultúr a fheabhsú tuilleadh; á chur i bhfáth go bhfuil an iliomad roghanna ann chun rochtain a fháil ar chultúr agus gur cheart iniúchadh a dhéanamh ar gach cineál chun an rogha is iomchuí a chinneadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an chomhsheasmhacht le Conradh Marrakech;
51. á chur i bhfáth gur féidir le teicneolaíochtaí IS ról tábhachtach a imirt in oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a chaomhnú, a athchóiriú, a dhoiciméadú, a anailísiú, a chur chun cinn agus a bhainistiú, lena n-áirítear trí fhaireachán agus anailís a dhéanamh ar athruithe ar láithreáin oidhreachta cultúrtha arb iad bagairtí, amhail athrú aeráide, tubaistí nádúrtha agus coinbhleachtaí armtha, ba chúis leo;
52. á chur i bhfáth gur féidir le teicneolaíochtaí IS infheictheacht éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a mhéadú; á chur i bhfios go gcuireann na teicneolaíochtaí seo deiseanna nua ar fáil d’institiúidí cultúrtha, amhail músaeim, chun uirlisí nuálacha a tháirgeadh chun déantáin a chatalógú chomh maith le láithreáin oidhreachta cultúrtha a dhoiciméadú agus a dhéanamh níos inrochtana, lena n-áirítear trí shamhaltú 3T agus réaltacht fhíorúil bhreisithe; á chur i bhfáth go gcuirfidh IS ar chumas músaeim agus gailearaithe ealaíne freisin seirbhísí idirghníomhacha agus pearsantaithe a thabhairt isteach do chuairteoirí trí liosta de mhíreanna molta a chur ar fáil dóibh bunaithe ar a gcuid spéiseanna, arna léiriú i bpearsa agus ar líne;
53. á chur i bhfáth go gcruthóidh úsáid IS cur chuige, uirlisí agus modheolaíochtaí nuálacha nua lena gcuirfear ar chumas oibrithe agus taighdeoirí cultúrtha bunachair sonraí aonfhoirmeacha a chruthú le scéimeanna aicmithe oiriúnacha chomh maith le meiteashonraí ilmheán, rud a chuirfidh ar a gcumas naisc a dhéanamh idir réada oidhreachta cultúrtha éagsúla agus, ar an gcaoi sin, eolas a mhéadú agus tuiscint níos fearr ar an oidhreacht chultúrtha a chur ar fáil;
54. á chur i bhfáth gur cheart dea-chleachtais i dteicneolaíochtaí IS maidir le cosaint agus inrochtaineacht na hoidhreachta cultúrtha, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, a shainaithint agus a chomhroinnt idir líonraí cultúrtha ar fud an Aontais, agus taighde á spreagadh maidir le húsáidí éagsúla IS chun luach, inrochtaineacht agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na deiseanna a chuirtear ar fáil le húsáid IS in CCSI a chur chun cinn;
55. á chur i bhfáth gur féidir teicneolaíochtaí IS a úsáid freisin chun faireachán a dhéanamh ar an ngáinneáil aindleathach ar earraí cultúir agus ar an scrios ar mhaoin chultúrtha, agus tacaíocht á tabhairt do bhailiú sonraí le haghaidh iarrachtaí aisghabhála agus atógála maidir leis an oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe; á thabhairt dá haire, go háirithe, go bhféadfadh forbairt, imlonnú agus úsáid IS i nósanna imeachta um scagadh custaim tacú leis na hiarrachtaí chun an gháinneáil aindleathach ar oidhreacht chultúrtha a chosc, go háirithe chun forlíonadh a dhéanamh ar chórais lena gceadaítear d’údaráis chustaim a n-iarrachtaí agus a n-acmhainní a dhíriú ar earraí a mbaineann an riosca is mó leo;
56. á thabhairt dá haire go bhféadfadh IS a bheith chun tairbhe na hearnála taighde, mar shampla tríd an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an anailísíocht thuarthach ó thaobh anailís sonraí a mhionchoigeartú, mar shampla maidir le hearraí cultúir a fháil agus a bhogadh; á chur i bhfáth nach mór don Aontas dlús a chur leis an infheistíocht agus comhpháirtíochtaí idir an earnáil tionsclaíochta agus an saol acadúil a chothú chun barr feabhais taighde ar an leibhéal Eorpach a fheabhsú;
57. á mheabhrú go bhféadfadh IS a bheith ina uirlis ceannródaíoch chun turasóireacht chultúrtha a chur chun cinn agus ag cur béim ar an acmhainneacht atá aige maidir le sreafaí turasóireachta a thuar, rud a d’fhéadfadh cabhrú le cathracha atá ag streachailt leis an róthurasóireacht;
Earnálacha agus tionscail chultúrtha agus cruthaitheacha (CCSI)
58. á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an cultúr ar cheann de na tosaíochtaí a leagtar amach i roghanna agus moltaí beartais maidir le IS ar leibhéal an Aontais, go háirithe i bPáipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le IS; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar na moltaí sin chun tosaíocht beartais IS ar leibhéal an Aontais a dhéanamh den chultúr; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairt, imlonnú agus úsáid theicneolaíochtaí IS ar CCSI agus lántairbhe a bhaint as an bplean téarnaimh Next Generation EU chun na hearnálacha sin a dhigiteáil chun freagra a thabhairt ar na foirmeacha nua tomhaltais san 21ú haois;
59. á thabhairt dá haire go bhfuil IS in úsáid in CCSI anois, mar atá léirithe le táirgeadh uathoibríoch téacsanna, físeán agus píosaí ceoil; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór na scileanna agus an oiliúint dhigiteach atá ag teastáil chun IS agus teicneolaíochtaí digiteacha eile a úsáid a bheith ag ealaíontóirí cruthaitheacha agus oibrithe cultúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na deiseanna a chuirtear ar fáil le húsáid IS in CCSI a chur chun cinn, trí chistiú breise ó bhuiséid eolaíocha agus taighde a chur ar fáil, agus ionaid cruthaitheachta digití a bhunú ina ndéanann ealaíontóirí cruthaitheacha agus oibrithe cultúrtha forbairt ar fheidhmchláir IS, ina bhfoghlaimíonn siad conas iad sin agus teicneolaíochtaí eile a úsáid agus ina ndéanann siad iad a thriail;
60. á aithint go bhfuil an acmhainneacht ann le teicneolaíochtaí IS borradh a chur faoi líon méadaitheach post in CCSI arna n-éascú trí rochtain níos fearr ar na teicneolaíochtaí sin; ag cur béim, dá bhrí sin, ar a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoi litearthacht dhigiteach in CCSI chun na teicneolaíochtaí sin a dhéanamh níos cuimsithí, níos inúsáidte, níos infhoghlamtha agus níos idirghníomhaí do na hearnálacha sin;
61. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an idirghníomhaíocht idir IS agus CCSI casta agus nach mór measúnú domhain a dhéanamh uirthi; á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí na Samhna 2020 dar teideal Trends and Developments in Artificial Intelligence – Challenges to the IPRS Framework [Treochtaí agus Forbairtí na hIntleachta Saorga - na Dúshláin atá roimh Chreat na gCeart Maoine Intleachtúil (CMI)] agus an staidéar ar chóipcheart agus ar theicneolaíochtaí nua: bainistiú sonraí cóipchirt agus an intleacht shaorga; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha a bhaineann le hinneachar atá faoi chosaint cóipchirt a úsáid mar ionchur sonraí (íomhánna, ceol, scannáin, bunachair sonraí, etc.) agus i dtáirgeadh aschur cultúrtha agus closamhairc, bídís á gcruthú ag daoine le cúnamh ó IS nó á nginiúint go huathrialaitheach ag teicneolaíochtaí IS; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar thionchar IS ar thionscail chruthaitheacha Eorpacha; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sonraí Eorpacha agus á chur in iúl gur geal léi na ráitis ón gCoimisiún i ndáil leis an méid sin, chomh maith leis an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí gaolmhara a bheith mar thosaíocht ar an gclár oibre;
62. á chur i bhfáth go bhfuil gá le fís chomhleanúnach i leith teicneolaíochtaí IS a chur ar bun in CSSI ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit an fócas ar chultúr a neartú ina straitéisí náisiúnta IS chun a áirithiú go ndéanfaidh CCSI nuálaíocht a chuimsiú agus leanúint de bheith iomaíoch agus go ndéanfar éagsúlacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais sa chomhthéacs digiteach nua;
63. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé timpeallacht ilchineálach ar fud an Aontais a chruthú do theicneolaíochtaí IS chun éagsúlacht chultúrtha a spreagadh agus chun tacú le mionlaigh agus le héagsúlacht teanga, agus CCSI á neartú san am céanna trí ardáin ar líne, rud a chumasaíonn do shaoránaigh an Aontais a bheith san áireamh agus rannpháirteach;
64. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le díospóireacht dhaonlathach maidir le teicneolaíochta IS agus fóram plé rialta leis an tsochaí shibhialta, taighdeoirí, an saol acadúil agus geallsealbhóirí a chur ar fáil chun feasacht a ardú maidir leis na tairbhí agus na dúshláin a ghabhann lena úsáid in CCSI; ag cur béim, i ndáil leis sin, ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag ealaín agus cultúr ó thaobh daoine a chur ar an eolas ar IS agus díospóireacht phoiblí ina leith a chothú, toisc gur féidir leo samplaí beoga, nithiúla ar an meaisínfhoghlaim a chur ar fáil, mar shampla i réimse an cheoil;
65. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le hinneachar a ghintear le IS agus na dúshláin a ghabhann leis ó thaobh údarthachta agus sárú ar chóipcheart; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, measúnú a dhéanamh ar thionchar IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara ar an earnáil closamhairc agus ar CCSI, d’fhonn éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn, agus cearta údar agus taibheoirí á n-urramú;
66. á chur i bhfáth gur cheart ról ceannasach a bheith ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), go háirithe an Pobal Eolais agus Nuálaíochta (PEN) a bheidh aige amach anseo a bheidh tiomnaithe ar thionscail chultúir agus chruthaitheachta (CCI), maidir le straitéis Eorpach i dtaca le IS san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc a fhorbairt agus gur féidir leis cabhrú chun dlús a chur le feidhmchláir IS sna hearnálacha sin agus leas a bhaint astu;
67. á thabhairt dá haire go bhfuil IS tagtha isteach cheana féin sa slabhra luacha cruthaitheach ar leibhéal na cruthaitheachta, an táirgthe, an scaipthe agus an tomhaltais agus dá bhrí sin go bhfuil tionchar suntasach aige ar CCSI, lena n-áirítear ceol, tionscal na scannánaíochta, ealaín agus litríocht, trí uirlisí nua, bogearraí agus táirgeadh le cúnamh ó IS ar mhaithe le táirgeacht níos éasca, agus spreagadh á thabhairt agus an pobal i gcoitinne á chumasú inneachar a chruthú;
68. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéir a dhéanamh agus breithniú a dhéanamh ar roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar an drochthionchar atá ag rialú bunaithe ar IS ar sheirbhísí sruthaithe ar líne atá ceaptha chun éagsúlacht a theorannú agus/nó brabús a uasmhéadú trí inneachar áirithe a áireamh sa tairiscint don tomhaltóir nó trí thús áite a thabhairt dó, chomh maith leis an gcaoi a mbíonn tionchar aige sin ar éagsúlacht chultúrtha agus ar thuilleamh na gcruthaitheoirí;
69. á chreidiúint go bhfuil IS ag éirí níos úsáidí do CCSI i ngníomhaíochtaí cruthaithe agus táirgthe;
70. ag cur béim ar ról phearsantacht an údair maidir le roghanna saora cruthaitheacha a léiriú arb ionann iad agus úrnuacht saothar(12); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá teorainneacha agus eisceachtaí ó chóipcheart agus inneachar á úsáid mar ionchur sonraí, go háirithe san oideachas, sa saol acadúil agus sa taighde, agus i dtáirgeadh aschuir chultúrtha agus chruthaithigh, amhail aschur closamhairc agus inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí;
71. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart breithniú a dhéanamh ar shaothair theicniúla agus ealaíonta arna nginiúint ag IS a chosaint, chun cruthaitheacht den chineál sin a spreagadh;
72. á chur i bhfáth gur féidir bainistiú níos fearr ar shonraí cóipchirt a bhaint amach i gcomhthéacs an gheilleagair sonraí, ar mhaithe le luach saothair níos fearr a thabhairt d’údair agus taibheoirí, go háirithe chun údar agus úinéireacht cheart an inneachair a shainaithint go tapa, rud a rannchuideoidh le hísliú líon na saothar dílleachta; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cheart réitigh theicneolaíocha IS a úsáid chun feabhas a chur ar an mbonneagar sonraí cóipchirt agus ar idirnascadh meiteashonraí i saothair, ach freisin chun éascú a dhéanamh ar an oibleagáid trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Threoir (AE) 2019/790 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach(13) ar mhaithe le faisnéis atá cothrom le dáta, ábhartha agus cuimsitheach maidir le saothair agus taibhithe údar agus taibheoirí a shaothrú, go háirithe i gcomhthéacs iolracht sealbhóirí cirt agus scéimeanna casta ceadúnúcháin;
73. á iarraidh go dtarlóidh an plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil a d’fhógair an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar cheist IS agus ar a tionchar ar earnálacha na cruthaitheachta, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir CMI a chosaint agus cruthaitheacht a spreagadh i réimsí an oideachais, an chultúir agus an taighde; á mheas go bhféadfadh AE a bheith ina cheannaire maidir le teicneolaíochtaí IS a chruthú má ghlacann sé creat rialála oibríochtúil agus má chuireann sé beartais phoiblí réamhghníomhacha chun feidhme, go háirithe maidir le cláir oiliúna agus tacaíocht airgeadais don taighde; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar CMI ar thaighde agus forbairt IS agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, chomh maith le ar CCSI, lena n-áirítear earnáil an chlosamhairc, go háirithe maidir le húinéireacht, luach saothair cothrom d’údair agus ceisteanna gaolmhara;
74. á iarraidh ar an gCoimisiún gnéithe dlíthiúla an aschuir arna tháirgeadh ag úsáid na dteicneolaíochtaí IS a mheas, chomh maith le hinneachar cultúrtha a ghintear le húsáid IS agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara; á mheas go bhfuil sé tábhachtach tacú le táirgeadh inneachair chultúrtha; á athdhearbhú, áfach, a thábhachtaí atá sé creat uathúil CMI an Aontais a choimirciú agus gur cheart aon athruithe a dhéanamh leis an gcúram cuí is gá, ionas nach gcuirfear isteach ar an gcothromaíocht íogair; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a ullmhú maidir leis an bpearsantacht dhlítheanach a d’fhéadfadh a bheith ag inneachar a tháirgtear le IS, chomh maith le CMI a chur i bhfeidhm ar inneachar a ghintear le IS agus ar inneachar a chruthaítear le húsáid uirlisí IS;
75. á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, machnamh a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, ar shásraí nó córais fíoraithe a fhorbairt d’fhoilsitheoirí, d’údair agus do chruthaitheoirí chun cuidiú leo an t-inneachar a d’fhéadfaidís a úsáid a fhíorú agus a chinneadh ar bhealach níos éasca cad atá faoi chosaint reachtaíocht CMI;
76. á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha a leagan síos atá ceaptha chun idir-inoibritheacht éifeachtach sonraí a ráthú, chun go mbeidh an t-inneachar a cheannaítear ar ardán inrochtana trí aon uirlis dhigiteach, gan beann ar an mbranda;
Earnáil an chlosamhairc
77. á thabhairt dá haire go n-úsáidtear IS go minic chun algartaim chinnteoireachta uathoibrithe a chumasú chun an t-inneachar cultúrtha agus cruthaitheach a thaispeántar d’úsáideoirí a scaipeadh agus a chur in ord; á chur i bhfáth go bhfuil na halgartaim sin ina ‘mbosca dubh’ d’úsáideoirí; á chur i bhfáth gur cheart na halgartaim arna n-úsáid ag soláthraithe seirbhísí meán, ardáin comhroinnte físeán (VSPanna) agus seirbhísí sruthaithe ceoil a dhearadh ar bhealach a fhágfaidh nach dtabharfaidh siad buntáiste do shaothair ar leith trína moltaí ‘pearsantaithe’ a theorannú do na saothair is mó a bhfuil tóir orthu, ar mhaithe le fógraíocht spriocdhírithe, chun críocha tráchtála nó chun brabús a uasmhéadú; á iarraidh go mbeidh algartaim mholta agus margaíocht phearsantaithe inmhínithe agus trédhearcach nuair is féidir, chun léargas cruinn agus cuimsitheach ar na próisis agus ar an inneachar sin a thabhairt do thomhaltóirí agus chun a áirithiú nach mbeidh seirbhísí pearsantaithe idirdhealaitheach agus go mbeidh siad i gcomhréir leis an Rialachán a glacadh le déanaí maidir le hArdáin le haghaidh Gnó(14) agus leis an Treoir Omnibus maidir leis an Margadh Nua do Thomhaltóirí(15); á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic leis na bealaí ina ndéantar algartaim modhnóireachta ábhair a bharrfheabhsú chun go mbeidh úsáideoirí rannpháirteach iontu agus moltaí a thabhairt chun méadú a dhéanamh ar rialú na n-úsáideoirí ar an inneachar a fheiceann siad, trí cheart na n-úsáideoirí diúltú do sheirbhísí molta agus pearsantaithe a ráthú agus a chur chun feidhme go cuí; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach mór tomhaltóirí a chur ar an eolas agus iad ag idirghníomhú le próiseas uathoibrithe cinnteoireachta agus nár cheart a roghanna nó a bhfeidhmíocht a bheith teoranta; á chur i bhfáth nach mór úsáid shásraí IS i dtaca le faireachas tráchtála ar thomhaltóirí a chomhrac, fiú má bhaineann sí le ‘seirbhísí saor in aisce’ trína áirithiú go bhfuil sí i gcomhréir go docht le cearta bunúsacha agus le RGCS; á chur i bhfáth nach mór go ndéanfaí an tionchar ar thomhaltóirí leochaileacha a chur san áireamh le gach athrú rialála;
78. á chur i bhfios go láidir go mbeidh an méid atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne; ag tabhairt dá haire go bhfuil an acmhainneacht ann le huirlisí IS comhrac in aghaidh ábhar neamhdhleathach ar líne, agus go mbaintear úsáid astu cheana féin chun amhlaidh a dhéanamh, ach á mheabhrú go láidir, sula mbeidh feidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha atá ar na bacáin, go gcaithfidh na huirlisí sin i gcónaí na cearta bunúsacha a urramú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus nár cheart go n-eascródh oibleagáid faireacháin ghinearálta ar an idirlíon astu, nó chun ábhar dlíthiúil a scaiptear chun críocha iriseoireachta, ealaíne nó taighde a bhaint; á chur i bhfáth nár cheart algartaim a úsáid ach mar shásra fógartha i modhnóireacht ábhair, faoi réir idirghabháil dhaonna, toisc nach bhfuil IS in ann idirdhealú a dhéanamh go hiontaofa idir ábhar dlíthiúil, neamhdhleathach agus díobhálach; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh treoirlínte pobail chomh maith le nós imeachta achomhairc i gcónaí ar áireamh i dtéarmaí agus coinníollacha;
79. á mheabhrú, thairis sin, nár cheart go mbeadh aon fhaireachán ginearálta ann, faoi mar a shonraítear in Airteagal 15 den Treoir maidir le Tráchtáil Leictreonach(16), agus gur cheart go mbeadh an faireachán sonrach ar inneachar le haghaidh sheirbhísí na meán closamhairc i gcomhréir leis na heisceachtaí a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais; á mheabhrú nach mór d’fheidhmchláir IS cloí le prótacail sábháilteachta inmheánacha agus seachtracha, ar cheart a bheith cruinn go teicniúil agus láidir; á mheas gur cheart go mbeadh feidhm aige sin maidir le hoibríocht i ngnáthchásanna, cásanna nach eol agus cásanna neamh-intuartha;
80. á chur i bhfáth, thairis sin, go bhféadfadh úsáid IS i moltaí inneachair algartam-bhunaithe ar sholáthraithe seirbhíse meán, amhail seirbhísí físeán ar éileamh agus VSPanna, tionchar tromchúiseach a bheith acu ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga, go háirithe maidir leis an oibleagáid chun suntasacht na saothar Eorpach a áirithiú faoi Airteagal 13 de Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (Treoir (AE) 2018/1808(17)); á thabhairt dá haire go bhfuil na húdair imní chéanna chomh hábhartha céanna do sheirbhísí sruthaithe ceoil agus á iarraidh go ndéanfar táscairí a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar éagsúlacht chultúrtha agus ar chur chun cinn saothar Eorpach ar na seirbhísí sin;
81. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena dtacaíocht airgeadais d’fhorbairt, imscaradh agus úsáid IS i réimse fhotheidealú agus dhubáil uathoibríoch na saothar closamhairc Eorpach, chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga san Aontas a chothú agus chun feabhas a chur ar scaipeadh ábhar closamhairc Eorpach agus ar an rochtain air;
82. á iarraidh ar an gCoimisiún creat eiticiúil soiléir a bhunú le haghaidh úsáid theicneolaíochtaí IS sna meáin chun gach cineál idirdhealaithe a chosc agus chun rochtain ar inneachar atá éagsúil ó thaobh cultúir agus teanga de ar leibhéal an Aontais a áirithiú, bunaithe ar algartaim chuntasacha, thrédhearcacha agus chuimsitheacha, agus roghanna agus sainroghanna daoine aonair a urramú ag an am céanna;
83. á chur i bhfios gur féidir le IS ról mór a imirt i scaipeadh tapa na bréagaisnéise; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur cheart don chreat aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid IS chun bréagnuacht agus mífhaisnéis agus bréagaisnéis ar líne a scaipeadh, agus cinsireacht á seachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le IS a bheith ag cuidiú le scaipeadh na mífhaisnéise sa timpeallacht dhigiteach agus ar réitigh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí IS a úsáid chun cabhrú le cur i gcoinne bréagaisnéise;
84. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta rialála a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na soláthraithe seirbhíse meán ar na sonraí arna nginiúint le soláthar agus scaipeadh a n-ábhar ar ardáin soláthraithe eile; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil aistriú sonraí iomlán ó oibreoirí ardán chuig soláthraithe seirbhíse meán ríthábhachtach chun go mbeidh na soláthraithe seirbhíse meán in ann tuiscint níos fearr a bheith acu ar a lucht féachana agus dá réir sin na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a fheabhsú i gcomhréir le mianta daoine;
85. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé maoiniú a mhéadú don Eoraip Dhigiteach, d’Eoraip na Cruthaitheachta agus d’Fhís Eorpach chun tacaíocht d’earnáil chlosamhairc na hEorpa a threisiú, eadhon trí thionscadail taighde chomhoibríocha agus treoirthionscnaimh thurgnamhacha maidir le forbairt, imscaradh agus úsáid theicneolaíochtaí IS;
86. á iarraidh go mbeidh dlúthchomhar ann idir na Ballstáit i bhforbairt clár oiliúna arb é is aidhm dóibh oibrithe a athsciliú nó a uas-sciliú chun go mbeidh siad níos ullmhaithe don aistriú digiteach a bheidh i gceist le húsaid theicneolaíochtaí IS san earnáil chlosamhairc;
87. á mheas go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag IS chun cabhrú leis an nuálaíocht a spreagadh in earnáil na meán nuachta; á chreidiúint go bhfuil comhtháthú forleathan IS, amhail chun inneachar a ghiniúint agus a dháileadh, faireachán a dhéanamh ar na ranna barúlacha, anailísíocht sonraí a úsáid agus pictiúir agus físeáin ar baineadh dóibh a shainaithint, ríthábhachtach chun costais i seomraí nuachta a laghdú i bhfianaise ioncaim fógraíochta atá ag laghdú agus chun níos mó acmhainní a chur ar leataobh le haghaidh tuairisciú ar an láthair agus ar an gcaoi sin cáilíocht agus éagsúlacht an inneachair a mhéadú;
Bréagaisnéis ar líne: domhainbhrionnuithe
88. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iolrachas sna meáin a áirithiú ar líne agus as líne chun cáilíocht, éagsúlacht agus iontaofacht na faisnéise atá ar fáil a áirithiú;
89. á mheabhrú go bhfuil cruinneas, neamhspleáchas, cothroime, rúndacht, daonnacht, cuntasacht agus trédhearcacht, mar nithe a spreagann prionsabail na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus na rochtana ar fhaisnéis sna meáin ar líne agus as líne, cinntitheach sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise;
90. ag tabhairt dá haire an ról tábhachtach atá ag na meáin neamhspleácha sa chultúr agus i saol laethúil na saoránach; á chur i bhfáth gur fadhb bhunúsach í an bhréagaisnéis, toisc go bhfuil sárú á dhéanamh de shíor ar chóipcheart agus ar CMI; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, leanúint dá chuid oibre maidir le feasacht ar an bhfadhb sin a ardú, trí thionchair na bréagaisnéise a chomhrac chomh maith leis na fadhbanna foinseacha; á mheas go bhfuil sé tábhachtach, thairis sin, straitéisí oideachais a fhorbairt chun litearthacht dhigiteach a fheabhsú go sonrach i ndáil leis an méid sin;
91. á mheabhrú, le teicnící nua atá ag teacht chun cinn go tapa, go bhféadfadh sé éirí níos dúshlánaí inneachar bréagach agus cúbláilte amhail domhainbhrionnuithe a bhrath toisc gur féidir le táirgeoirí mailíseacha algartaim sofaisticiúla a ghiniúint ar féidir iad a oiliúint go rathúil chun brath a sheachaint, rud a bhaineann an bonn go mór dár mbunluachanna daonlathacha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar IS i gcruthú domhainbhrionnuithe, creataí dlíthiúla iomchuí a bhunú chun a gcrúthú, a dtáirgeadh nó a ndáileadh chun críoch mailíseach a rialú, agus moltaí a dhéanamh, i measc tionscnamh eile, do ghníomhaíocht i gcoinne aon bhagairtí do shaorthoghcháin chóra agus don daonlathas, ar bagairtí iad atá cumhachtaithe ag IS;
92. á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh agus na tionscadail a bhí ann le déanaí chun uirlisí níos éifeachtúla a chruthú chun domhainbhrionnuithe a bhrath, chomh maith le ceanglais trédhearcachta; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá féachaint ar mhodhanna chun dul i ngleic le domhainbhrionnuithe mar chéim ríthábhachtach chun mífhaisnéis agus ábhar díobhálach a chomhrac, agus infheistiú sna modhanna sin; á mheas go bhféadfadh réitigh atá cumasaithe ag IS a bheith ina gcuidiú i ndáil leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, oibleagáid a fhorchur ar gach ábhar domhainbhrionnaithe nó ar aon fhíseáin shintéiseacha eile atá déanta ar bhealach réalaíoch, a lua nach bunábhar é an t-ábhar agus teorainn dhocht a fhorchur nuair a úsáidtear chun críocha toghcháin iad;
93. á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil tionchar méadaitheach ag IS ar an gcaoi a n-aimsítear agus a n-úsáidtear faisnéis ar líne; á chur i bhfios go bhfuil bolgáin scagtha, mar a thugtar orthu, agus bothanna macallaí ag cur srian le héagsúlacht tuairimí agus ag baint an bonn de dhíospóireacht oscailte sa tsochaí; ag tathant, dá bhrí sin, go gcaithfidh an bealach ina mbaineann oibreoirí ardáin úsáid as algartaim chun faisnéis a phróiseáil a bheith trédhearcach agus nach mór níos mó saoirse a thabhairt d’úsáideoirí chun cinneadh i dhéanamh i leith cibé agus cén fhaisnéis ar mhaith leo a fháil;
94. á chur i bhfios go bhfuil teicneolaíochtaí IS á n-úsáid cheana féin san iriseoireacht, mar shampla chun téacsanna a tháirgeadh nó, i gcomhthéacs taighde iniúchach, chun anailís a dhéanamh ar thacair sonraí ollmhóra; ag cur béim ar an bhfíoras, i gcomhthéacs faisnéis a tháirgeadh, ar faisnéis í a bhfuil tábhacht don tsochaí ina hiomláine ag baint léi, go bhfuil sé tábhachtach gur cheart go mbainfeadh iriseoireacht uathoibrithe leas as sonraí cruinne cuimsitheacha, chun scaipeadh bréagnuachta a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór feidhm a bheith ag bunphrionsabail na hiriseoireachta ardchaighdeáin, amhail maoirseacht eagarthóireachta, maidir le hábhar iriseoireachta arna tháirgeadh le teicneolaíochtaí IS; á iarraidh go ndéanfar téacsanna arna nginiúint ag IS a shainaithint go soiléir mar théacsanna den sórt sin, chun go ndéanfar muinín san iriseoireacht a choimirciú;
95. á thabhairt chun suntais go bhfuil an acmhainneacht ann le IS ilteangachas a éascú agus a spreagadh trí theicneolaíochtaí a bhaineann le cúrsaí teanga a fhorbairt agus trína chumasú d’inneachar Eorpach ar líne a bheith aimsithe;
o o o
96. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.07.2002, lch. 37).
Tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun tuairimí agus tuairimí a nochtadh a chur chun cinn agus a chosaint, an 29 Lúnasa 2018.
Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla, (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).
Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).
Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7).
Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69)