Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0190(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0161/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0161/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0239

Téacsanna atá glactha
PDF 121kWORD 45k
Dé Céadaoin, 19 Bealtaine 2021 - Brussels
Clár Eoraip na Cruthaitheachta ***II
P9_TA(2021)0239A9-0161/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (14146/1/2020 – C9-0134/2021 – 2018/0190(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14146/1/2020 – C9‑0134/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0366),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0161/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire na ráitis ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;

3.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

4.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 87.
(2) IO C 168, 16.5.2019, lch. 37.
(3) IO C 108, 26.3.2021, lch. 934.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráitis ón gCoimisiún

I gcomhthéacs aithris 23 agus Iarscríbhinn I, Airteagal 1, gníomhaíochtaí speisialta e) chomh maith le hAirteagal 7(5) den Rialachán thuasluaite, mar a chomhaontaigh na comhreachtóirí an 14 Nollaig 2020, dearbhaíonn an Coimisiún Eorpach an rún atá aige glaonna ar thograí a sheoladh lena n-iarrtar iarratais ar dheontais oibriúcháin ilbhliantúla, ar deontais iad a bhféadfadh Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh agus eintitis eile iarratas a chur isteach ina leith agus lena soláthrófaí an chobhsaíocht is gá le haghaidh fheidhmiú riachtanas na n-eintiteas sin. Beidh na glaonna sin faoi réir ghlacadh clár oibre, ina leagfar amach na coinníollacha beachta, amhail uainiú na nglaonna nó fad na gcomhaontuithe deontais atá beartaithe. Anuas air sin, dearbhaíonn an Coimisiún an rún atá aige an chéad cheann de na glaonna sin a sheoladh i gclár oibre bliantúil 2021. Tá an rún sin faoi réir ghlacadh an rialacháin thuasluaite agus an chomhaontaithe deiridh maidir le buiséad an Aontais le haghaidh 2021.

***

Is oth leis an gCoimisiún gur chinn na comhreachtóirí an lógó MEDIA a choinneáil. Tá sé sin ag teacht salach ar an gcur chuige cothrománach gan lógónna clár-shonracha a bheith ann faoi bhuiséad fadtéarmach na todhchaí. Is é atá ar intinn ag an gCoimisiún deimhin a dhéanamh de go gcothófar caidreamh idir muintir na hEorpa agus an tAontas ina iomláine de thairbhe cláir éagsúla na hEorpa a bheith ag baint úsáid as an suaitheantas aonair Eorpach. Is coiteann an suaitheantas sin d’Institiúidí uile an Aontais, agus beidh sé ina chuid thábhachtach de na riachtanais shimplí chomhleanúnacha cheangailteacha maidir le cumarsáid agus infheictheacht ar fud na gclár. Chun teacht ar chomhaontú foriomlán i dtaca leis an gclár, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis lógó na MEÁN a choinneáil ar an gcoinníoll nach mbainfidh sé ach le fad na clárthréimhse atá i gceist.

Níl aon amhras ar an gCoimisiún go mbíonn níos mó éifeachta le gníomhartha an Aontais a chur in iúl agus a dhéanamh follasach don phobal go forleathan gan úsáid a bhaint as aon lógó clár-shonrach. Beidh an Coimisiún ar fáil do na comhreachtóirí go fóill chun an méid sin a léiriú achar maith roimh chaibidlíocht na tréimhse cláraithe ina dhiaidh sin.

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais