Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2241(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0062/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0062/2021

Díospóireachtaí :

PV 17/05/2021 - 14
CRE 17/05/2021 - 14

Vótaí :

PV 18/05/2021 - 13
PV 19/05/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0240

Téacsanna atá glactha
PDF 187kWORD 61k
Dé Céadaoin, 19 Bealtaine 2021 - Brussels
Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh
P9_TA(2021)0240A9-0062/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 ar Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh (2020/2241(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide an 12 Nollaig 2015,

–  ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 7 na Náisiún Aontaithe maidir le rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a áirithiú do chách,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2016 dar teideal An EU Strategy on Heating and Cooling [Straitéis de chuid AE maidir le Téamh agus Fuarú] (COM(2016)0051),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal A Clean Planet for all – A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy [Pláinéad Glan do Chách – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach le haghaidh geilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de] (COM(2018)0773),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European Data Strategy [Straitéis Eorpach maidir le Sonraí] (COM(2020)0066),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh] (COM(2020)0299),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Ag cur le huaillmhian 2030 na hEorpa don aeráid – Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár bpobail] (COM(2020)0562),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta athchóirithe don Eoraip: Glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020)0662),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal An EU strategy to reduce methane emissions [Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Laghdú Astaíochtaí Meatáin] (COM(2020)0663),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 ar Staid an Aontais Fuinnimh (COM(2020)0950),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 ar a bhfuil bainte amach a mhéid a bhaineann leis an Iomaíochas san Fhuinneamh Glan (COM(2020)0953),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 ar a bhfuil bainte amach a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh (COM(2020)0954),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 ar a bhfuil bainte amach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite (COM(2020)0952),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Energy prices and costs in Europe [Praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip] (COM(2020)0951),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 dar teideal An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future [Straitéis AE maidir le leas a bhaint as an bhfuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta le haghaidh todhchaí atá aeráidneodrach](COM(2020)0741),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le todhchaí na gcóras fuinnimh san Aontas Fuinnimh d’fhonn an t-aistriú fuinnimh a áirithiú agus d’fhonn cuspóirí fuinnimh agus aeráide as seo go 2030 agus dá éis a bhaint amach,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 11 Nollaig 2020 maidir le sprioc aeráide nua de chuid AE le haghaidh 2030,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,

–  ag féachaint don Tionscnamh Hidrigine a sheol Uachtaránacht na hOstaire ar an gComhairle in Linz an 17 agus 18 Meán Fómhair 2018,

–  ag féachaint don Tionscnamh um Bonneagar Gáis Inbhuanaithe agus Cliste don Eoraip a sheol Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle i mBúcairist an 1 agus 2 Aibreán 2019,

–  ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas(1),

–  ag féachaint do Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009(3)(‘Rialachán GTE-F’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010(4), (an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa) a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,

–  ag féachaint do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn(7) (An Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh(8) (an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE(9),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas(10),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir leis an athrú aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil 2019 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, i Maidrid, an Spáinn (COP 25)(14),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(15),

–  ag féachaint do rún uaithi an 2 Iúil 2020 ar chur chuige cuimsitheach Eorpach maidir le stóráil fuinnimh(16),

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an athbhreithniú ar na treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh(17),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0062/2021),

A.  de bhrí gur thacaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leis an sprioc go mbeadh geilleagar aeráidneodrach ann faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus ar bhonn an chothromais agus na heolaíochta is fearr atá ar fáil d’fhonn teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú ar an teocht dhomhanda;

B.  de bhrí go bhfuil cuspóir coiteann molta ag an gCoimisiún go ndéanfaí laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) faoi 2030, agus gur thacaigh an Pharlaimint leis an sprioc go ndéanfaí laghdú 60 % ar astaíochtaí GCT faoi 2030;

C.  de bhrí gur léiríodh i dtuarascáil 2020 ar Staid an Aontais Fuinnimh go bhfuil an t-éileamh ar fhuinneamh in AE ag dul i laghad ar an iomlán ach go bhfuil sé ag dul i méid in earnálacha áirithe, amhail earnálacha an iompair agus na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC);

D.  de bhrí gurb iad foirgnimh is cúis le tuairim is 40 % de thomhaltas iomlán fuinnimh an Aontais, agus le 36 % d’astaíochtaí GCT ó fhuinneamh, agus gurb í earnáil TFC is cúis le 5 % go 9 % de thomhaltas leictreachais an domhain;

E.  de bhrí gur ó bhreoslaí iontaise (ola, gás nádúrtha agus gual) a tháinig 70 % den fhuinneamh príomhúil a úsáideadh in AE in 2017(18);

F.  de bhrí go measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go dtagann thart ar aon trian d’astaíochtaí meatáin an domhain ó earnáil an fhuinnimh;

G.  de bhrí, chun aeráidneodracht a bhaint amach, gur gá imeacht ó chóras atá bunaithe den chuid is mó ar bhreoslaí iontaise, agus dul i dtreo córas atá thar a bheith fuinneamhéifeachtúil agus aeráidneodrach agus atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite;

H.  de bhrí gurb é atá i gceist le comhtháthú an chórais fuinnimh ná pleanáil agus feidhmiú comhordaithe an chórais fuinnimh ina iomláine, agus iompróirí éagsúla fuinnimh, an bonneagar nasctha agus na tomhaltóirí deiridh ar fad á gcur san áireamh;

I.  de bhrí go bhféadfadh comhtháthú na gcóras fuinnimh a bheith ina fhreagra ar chuid mhór de na dúshláin a eascraíonn ón aistriú fuinnimh, go háirithe an dúshlán a bhaineann le dícharbónú, optamú agus cothromú na ngréasán fuinnimh, agus, ar an gcaoi sin, go ndéanfaí slándáil an tsoláthair a ráthú agus neamhspleáchas straitéiseach AE a chothú;

J.  de bhrí, ar mhaithe le haistriú glas agus digiteach na ngréasán fuinnimh, go mbeidh gá le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i nuachóiriú an bhonneagair agus in imlonnú bonneagair nua nuair is gá, ar infheistíochtaí iad nach bhfacthas riamh cheana, mar aon le hinfheistíochtaí in athchóiriú foirgneamh, agus sa taighde agus san fhorbairt;

K.  de bhrí gur féidir le comhtháthú na gcóras fuinnimh dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach, agus é mar aidhm leis, san am céanna, na costais a bheidh le híoc ag saoránaigh, údaráis agus gnólachtaí na hEorpa a choinneáil laistigh de theorainneacha réalaíocha, fad a neartaítear an tslándáil fuinnimh, a chosnaítear an tsláinte agus an comhshaol, agus a chuirtear an fás, an nuálaíocht agus an cheannaireacht thionsclaíoch dhomhanda chun cinn; de bhrí nach mór comhtháthú cost-éifeachtúil na hearnála fuinnimh a chur chun feidhme;

L.  de bhrí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, gur cheart bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme go héifeachtach in aon phleanáil i leith an tsoláthair agus an éilimh fuinnimh agus i gcinntí beartais agus infheistíochta, rud a chiallaíonn gur cheart aon chinneadh a mheasúnú go córasach de réir bearta malartacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh atá cost-éifeachtúil agus fónta ó thaobh na teicneolaíochta, an gheilleagair agus an chomhshaoil de;

M.  de bhrí go bhfuil sé léirithe ag géarchéim COVID-19 go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeifí in ann brath ar chóras fuinnimh atá sábháilte agus solúbtha; de bhrí go bhfuil níos mó brú ar theaghlaigh de dheasca na gcostas breise leictreachais agus téimh;

1.  ag tacú leis an treoir atá leagtha amach ag an gCoimisiún ina theachtaireacht maidir le straitéis le haghaidh chomhtháthú na gcóras fuinnimh, is é sin go mbeadh tosaíocht céim ar chéim ann i dtaca leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus coigiltí fuinnimh, go ndéanfaí úsáidí deiridh a dhícharbónú tríd an leictriú díreach, agus go n-úsáidfí breoslaí ísealcharbóin agus breoslaí atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite i gcás nach bhfuil aon rogha eile ann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cur chuige comhleanúnach fadtéarmach chun feidhme de mheon na dlúthpháirtíochta agus an chomhair agus go ndéanfar creat rialála cobhsaí a cheapadh do na tionscail lena mbaineann agus don tsochaí ina hiomláine; á chur i bhfios go láidir go mbeidh ról lárnach ag an earnáil phríobháideach, in éineacht leis an earnáil phoiblí, maidir le rath agus cur chun feidhme éifeachtach na straitéise sin agus go dtacóidh sí le córas fuinnimh a thógáil a bheidh ina chuidiú ag AE le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

2.  á chreidiúint gur féidir lena leithéid de straitéis a bheith ina cuidiú ag an Aontas an bealach a réiteach chun a chuid spriocanna aeráide a bhaint amach agus, san am céanna, inrochtaineacht agus inacmhainneacht an fhuinnimh agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a chaomhnú trí chóras ciorclach, comhtháite, idirnasctha, athléimneach, cliste, ilmhódach, cóir agus dícharbónaithe atá thar a bheith fuinneamhéifeachtúil a fhorbairt; á thabhairt chun suntais gur cheart go leagfaí amach leis an straitéis sin, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19, fís lena dtacaítear le geilleagar atá aeráidneodrach, agus slándáil agus iomaíochas fuinnimh á neartú, borradh á chur faoi phoist agus faoi fhiontair bheaga agus mheánmhéide, an tsláinte agus an comhshaol á gcosaint, agus an fás inbhuanaithe agus an nuálaíocht á gcur chun cinn ag an am céanna;

3.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé éagsúlacht na ndúshlán agus na gcóras náisiúnta fuinnimh a chur san áireamh; ag moladh don Choimisiún féachaint ar bhealaí éagsúla an dícharbónaithe a d’fhéadfadh cabhrú le gach Ballstát na réitigh dhícharbónaithe is éifeachtúla a úsáid de réir a riachtanas agus a n-acmhainní féin;

Optamú agus dícharbónú córas fuinnimh

4.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, rud a chiallaíonn nach mór tús áite a thabhairt do choigiltí fuinnimh agus do mhéaduithe éifeachtúlachta; á mheabhrú gur bealach tábhachtach i dtreo an dícharbónaithe iad an chiorclaíocht agus an leictriú díreach, nuair is féidir; á thabhairt chun suntais gur gá córas fuinnimh athléimneach agus aeráidneodrach a fhorbairt agus prionsabal na cost-éifeachtúlachta á chur san áireamh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le punann réiteach atá neamhdhíobhálach don aeráid, ar réitigh iad lena gcuirfear borradh faoi na teicneolaíochtaí is fuinneamhéifeachtúla agus is costéifeachtaí sa mhargadh, a bheidh ina gcuidiú leis an lorg carbóin a laghdú agus a rannchuideoidh le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a chothú;

5.  á chur i bhfios go láidir gur mó buntáiste a bhaineann le méadú a dhéanamh ar na hiarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh amhail laghdú ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh, billí tomhaltais níos ísle, méadú ar an iomaíochas tionsclaíoch, agus buntáistí ginearálta don aeráid agus don chomhshaol;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an deis a bhaineann le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm sna hathbhreithnithe atá le déanamh ar reachtaíocht agus modheolaíochtaí an Aontais agus i dtionscnaimh nua, go háirithe maidir leis an bpleanáil le haghaidh cásanna féideartha agus bonneagair agus an measúnú costais is tairbhe, agus trí mholtaí do na Ballstáit maidir lena reachtaíocht náisiúnta;

7.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tomhaltas ard fuinnimh ann in earnáil an uisce; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta fuinneamhéifeachtúla le haghaidh earnáil uisce AE agus ar an deis atá ann fuíolluisce cóireáilte a úsáid mar fhoinse fuinnimh in-athnuaite ar an láthair i gcomhtháthú na gcóras fuinnimh;

8.  ag tabhairt dá haire nach leor an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit, agus ag an Aontas ina iomláine, maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú foirgneamh, mar a léiríodh i dtuarascáil 2020 ar an dul chun cinn maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar amach sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, chun iad a ailíniú níos mó leis na spriocanna aeráide tar éis measúnú tionchair críochnúil, agus aird a thabhairt ar a cuid moltaí mar chuid de phróiseas rialachais an Aontais Fuinnimh agus den Phlean maidir le Sprioc Aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta atá ann cheana agus beartais níos spriocdhírithe a ghlacadh, go háirithe sna hearnálacha sin, amhail earnáil an iompair, nach leor an dul chun cinn atá déanta iontu; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, straitéis an rabharta athchóirithe agus an t-athbhreithniú atá le déanamh ar Threoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh(19); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar thionchar na spriocanna athbhreithnithe ar ghnólachtaí, go háirithe ar FBManna;

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a leathnú chun an slabhra luacha ina iomláine agus an uile úsáid deiridh a chuimsiú leis, mar bhealach cost-éifeachtúil chun astaíochtaí a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh nithiúla a mholadh chun caillteanais fuinnimh a laghdú feadh na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin, trí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán GTE-F agus Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010(20);

10.  á chur in iúl gur geal léi an Straitéis Mheatáin nua de chuid AE; á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach córais faireacháin astaíochtaí meatáin a imlonnú go mear, ar córais iad a bhíonn ag brath ar theicneolaíochtaí breathnóireachta satailíte amhail na cinn a forbraíodh trí chlár Copernicus; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun astaíochtaí meatáin a laghdú tuilleadh in earnáil an fhuinnimh; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun an tomhas, an tuairisciú agus an fíorú, mar aon le brath agus deisiú sceite, a dhéanamh éigeantach;

11.  á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag gabháil le hathúsáid dramhaíola, go háirithe athúsáid fuinnimh agus fuíollteasa ó phróisis thionsclaíocha, ó bhithdhramhaíl, ó fhoirgnimh agus ó lárionaid sonraí; ag cur béim ar tháirgeadh inbhuanaithe fuinnimh a eascraíonn as an talmhaíocht, as caitheamh bia agus as an bhforaoiseacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dreasachtaí agus samhlacha gnó éifeachtacha a fhorbairt chun fuíollteas tionsclaíoch agus fuíollteas dosheachanta a athshlánú i ngréasáin teasa nó a stóráil, nuair a bheidh athbhreithniú breise á dhéanamh ar an Treoir Réime Dramhaíola(21);

12.  ag tarraingt aird ar an dúshlán a bhaineann le an téamh agus an fuarú a dhícharbónú; á iarraidh go ndéanfaí an straitéis téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme tuilleadh, lena n-áirítear nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus go gcruthófaí creat cumasúcháin nuair a bheidh athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh(22); á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag gabháil le gréasáin téimh ceantair ísealteochta ardéifeachtúlachta den cheathrú agus den chúigiú glúin; ag tabhairt dá haire gur féidir leo ról suntasach a imirt sa dícharbónú teasa cost-éifeachtúil i gceantair uirbeacha agus thionsclaíocha; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair incháilithe do chistiú faoin Rialachán athbhreithnithe maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus á iarraidh go gcuirfí san áireamh iad mar thionscadail fhéideartha leasa choitinn faoi Rialachán GTE-F; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, bonneagar teasa agus teirmeastóráil a chur san áireamh agus na pleananna forbartha líonra deich mbliana don Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus don Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) á bhforbairt aige; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ráta íseal athsholáthair na seanchóras téimh agus na gcóras téimh neamhéifeachtúil; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar an reachtaíocht thánaisteach maidir le lipéadú fuinnimh agus éicidhearthóireacht na dtéitheoirí agus na bhfuarthóirí spáis agus uisce; ag cur béim ar acmhainneacht na n-uirlisí digiteacha a mhéid a bhaineann le bainistiú cliste fuinnimh ina ndéantar an chibearshlándáil agus cosaint sonraí a áirithiú;

13.  á mheabhrú gurb amhlaidh, chun an t-aistriú fuinnimh a thabhairt i gcrích, go mbeidh gá le hinfheistíochtaí bonneagair is ionann agus méid idir EUR 520 billiún agus EUR 575 bhilliún in aghaidh na bliana agus gur gá an fuinneamh in-athnuaite a imlonnú go cuí agus go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún pleanáil chuimsitheach, chomhtháite agus réadúil a cheapadh le haghaidh cásanna féideartha, a ndéanfar an éifeachtúlacht fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chur san áireamh inti freisin, i gcomhréir leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire gur gá cloí leis na critéir infheistíochta inbhuanaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú(23) mar aon le huirlisí airgeadais atá go hiomlán i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh le haghaidh 2030 agus an sprioc go mbainfí aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí chun a áirithiú nach mbeidh sócmhainní tréigthe ann mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir go bhfuil príomhról ag cláir agus ionstraimí maoinithe éagsúla Eorpacha ó thaobh an t-aistriú fuinnimh a chothú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach mbeidh foinsí fuinnimh amhail gás nádúrtha á n-úsáid ach ar bhonn idirthréimhseach, i bhfianaise an chuspóra go mbainfí aeráidneodracht amach; ag cur béim ar an bhfíoras, agus córais á gcomhtháthú, gur cheart an úsáid is mó is féidir a bhaint as an mbonneagar fuinnimh atá ann cheana, sa chaoi go mbeifear in ann aistriú costéifeachtach a bhaint amach ar fud mórán earnálacha;

14.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé measúnú ex ante a dhéanamh ar an ngá atá le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, comhtháthú córas nó bonneagar nua táirgthe, idirnasctha, tarchurtha, dáilte, stórála agus tiontaithe fuinnimh, agus an gá sin a thuar, chun úsáid an bhonneagair fuinnimh atá ann cheana a optamú i ngeilleagar aeráidneodrach agus a inmharthanacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta agus a chost-éifeachtúlacht a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, éifeachtaí glasála agus sócmhainní tréigthe araon a sheachaint; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé prionsabal neodracht na teicneolaíochta a chomhlíonadh i measc na dteicneolaíochtaí sin atá riachtanach chun aeráidneodracht a bhaint amach, ós rud é go bhfuil gá fós le hinfheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt i gcás roinnt de na teicneolaíochtaí a bheidh ag teastáil amach anseo; ag éileamh gur cheart a áireamh i ngach tionscadal bonneagair cás malartach atá bunaithe ar laghdú éilimh agus/nó ar chomhtháthú earnála roimh chéim na tógála;

15.  á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh an Straitéis nua de chuid AE maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta; á chur i bhfáth go bhfuil forbairt mhear na n-oileán fuinnimh amach ón gcósta ríthábhachtach chun an cuspóir maidir le hacmhainn an fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach faoi 2030; á chreidiúint gur deis í an straitéis sin chun cur leis an nginiúint cumhachta in-athnuaite, chun úsáid dhíreach an leictreachais a mhéadú agus chun tacú leis an leictriú indíreach, mar shampla trí hidrigin agus breoslaí sintéiseacha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar reachtaíocht AE maidir leis an mbonneagar fuinnimh agus go ndéanfaí athbhreithniú spriocdhírithe ar na treoirlínte ábhartha maidir le Státchabhair chun imlonnú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite ar fad a chur chun cinn; ag tabhairt le fios go bhféadfadh na saoránaigh, an tionscal agus an earnáil phoiblí leas níos mó a bhaint as an ngrianfhuinneamh ar leibhéal an dáileacháin; á iarraidh ar na Ballstáit na nósanna imeachta ceada a shimpliú agus deireadh a chur le bacainní riaracháin ar an táirgeadh in-athnuaite;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an athbhreithniú ar Rialachán GTE-F mar dheis chun é a chur i gcomhréir iomlán le sprioc na haeráidneodrachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart prionsabail na laghduithe astaíochtaí, an digitithe agus chomhtháthú an chórais fuinnimh a chumhdach i gcuspóirí an rialacháin agus sa phleanáil 10 mbliana maidir le forbairt gréasán, mar aon le hamchlár pleanála níos faide a bheadh i gcomhréir le sprioc na haeráidneodrachta chun, inter alia, costais thréigthe a sheachaint; á chur i bhfáth gur féidir le hinfheistíochtaí ar mhaithe le digitiú a dhéanamh ar an mbonneagar atá ann cheana feabhas suntasach a chur ar bhainistiú an bhonneagair sin trí chúplaí digiteacha, trí algartaim nó tríd an intleacht shaorga a úsáid; ag tacú le raon feidhme an rialacháin a leathnú chun bonneagar fuinnimh amhail stóráil agus hidrigin a áireamh ann; á iarraidh go mbeadh plean gréasáin comhtháite comhordaithe ann a mbeidh feidhm aige maidir leis na hiompróirí fuinnimh agus an bonneagar go léir de réir a chéile; á chur i bhfáth gur cheart bonneagar an chórais fuinnimh a chomhtháthú leis na córais dhigiteacha agus iompair;

17.  ag moladh don Choimisiún bearta agus spriocanna níos uaillmhianaí a mholadh san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite i ngach earnáil a mhéadú ar bhonn measúnú tionchair críochnúil; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh a bheidh bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar leictriú níos tapa na n-earnálacha úsáide deiridh, i gcás inar féidir, agus na costais agus an éifeachtúlacht fuinnimh á gcur san áireamh;

18.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Straitéis an Rabharta Athchóirithe don Eoraip lena gcuirfear dlús le glacadh na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus acmhainní agus lena gcuirfear níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh ar fáil i bhfoirgnimh ar fud AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sineirgí atá idir earnáil an fhuinnimh agus earnáil na tógála a chur san áireamh chun aeráidneodracht a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirfidh athchóiriú an stoic foirgneamh atá ann cheana le dícharbónú an táirgthe fuinnimh;

19.  ag aithint an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ó thaobh margaí fuinnimh AE a chomhtháthú le margaí fuinnimh Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an comhar maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá sásraí comhair trasteorann a neartú san athbhreithniú atá le déanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

20.  á chur in iúl gur geal léi an Straitéis Eorpach maidir le Hidrigin; á chur i bhfáth gur cheart tosaíocht a thabhairt do shlabhra soláthair hidrigine in-athnuaite a thógáil san Eoraip chun buntáistí an cheannródaí, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a chothú; deimhin de gur féidir le hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin a bheith ina cuidiú le hastaíochtaí seasmhacha a laghdú, amhail na hastaíochtaí sin ó phróisis thionsclaíocha agus ón iompar trom, i gcás ina bhféadfadh an leictriú díreach a bheith teoranta mar gheall ar chost-éifeachtúlacht íseal nó ar chúiseanna teicniúla, sóisialta agus comhshaoil; á mheabhrú gur gá an táirgeadh hidrigine atá ann cheana a dhícharbónú; ag tacú le seoladh na dtionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne maidir le hidrigin; á iarraidh ar an gCoimisiún creat cuimsitheach aicmiúcháin agus deimhniúcháin d’iompróirí gásacha a fhorbairt ar bhonn na gcoigiltí astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn saolré iomlán agus critéir inbhuanaitheachta, i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil an t-aicmiú sin ríthábhachtach do ghníomhaithe an mhargaidh, do na húdaráis agus do na tomhaltóirí; á chur i bhfios go láidir gur gá creat láidir agus bonnlíne iomchuí a fhorbairt chun a áirithiú go mbainfear feidhm as acmhainn bhreise leordhóthanach ghiniúna an fhuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis an ngá atá le hidrigin in-athnuaite; á iarraidh ar an gCoimisiún an éagsúlacht riachtanas sin a chur san áireamh sna tograí reachtacha uaidh atá ar na bacáin; á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíocht chóir agus éifeachtúil a ráthú idir an hidrigin a allmhairítear ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus an hidrigin a tháirgtear in AE;

21.  ag cur béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil, stóráil agus úsáid carbóin (CCUS) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; ag tacú le comhthéacs beartais chomhtháite chun spreagadh a thabhairt d’úsáid feidhmeanna CCUS atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, lena ndéanfaí glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun go mbeidh an tionscal trom aeráidneodrach i gcás nach mbeidh aon roghanna díreacha maidir le laghdú astaíochtaí ar fáil; ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún maidir le Fóram Eorpach bliantúil um CCUS a thionól mar chuid den Fhóram Tionsclaíoch um Fhuinneamh Glan chun tuilleadh staidéir a dhéanamh ar na roghanna chun tionscadail den sórt sin a chothú; á mheabhrú gur gá tús áite a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha agus do ghníomhaíochtaí lena ndéantar linnte agus taiscumair nádúrtha an Aontais a chaomhnú agus a fheabhsú, mar shampla trí bhainistiú inbhuanaithe foraoisí;

22.  á thabhairt chun suntais gur féidir leis an iompar a bheith ina éascaitheoir suntasach maidir le fuinneamh in-athnuaite a imlonnú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit creat beartais fabhrach agus spriocanna uaillmhianacha a mholadh bunaithe ar phrionsabal neodracht na teicneolaíochta i measc na dteicneolaíochtaí sin atá riachtanach chun aeráidneodracht a bhaint amach, ar mhaithe le haistriú cóir, inacmhainne agus cothrom i dtreo dhícharbónú na modhanna iompair uile, i gcás iompar paisinéirí agus lastais araon, lena n-áirítear flíteanna agus gréasáin phoiblí, an t-iompar ar bóthar, an t-iompar muirí, an t-iompar d’uisce intíre, an t-iompar d’iarnród agus an t-aeriompar, tríd an leictriú go príomha, agus i gcás nach féidir sin, trí bhreoslaí a tháirgtear go hinbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi fógra an Choimisiúin maidir le haon mhilliún pointe luchtaithe a bheith á n-imlonnú le haghaidh feithiclí leictreacha san athbhreithniú ar Threoir 2014/94/AE; á iarraidh ar an gCoimisiún dreasachtaí a thabhairt do mhonaróirí gluaisteán luchtú ó fheithicil go heangach a chur ar fáil; á chur i bhfáth gur gá na gréasáin leictrithe agus an bonneagar i gcomhair breoslaí malartacha a oiriúnú do fhlít feithiclí na hEorpa agus tacú le réitigh eile is féidir a imlonnú go héasca, go háirithe sna moil iompair; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh comhar inmheánach a bheith ann i dtaca le dícharbónú an iompair thar theorainneacha; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gComhphobal Iompair agus ag an gCoimisiún ó thaobh sineirgí a chruthú le tíortha comharsanachta agus dlús a chur le haistriú chaighdeáin AE maidir le hastaíochtaí iompair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-iompar poiblí ó thaobh an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus gur gá an t-iompar poiblí dícharbónaithe a fhorbairt agus a mhéadú i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon;

23.  á chur i bhfáth go bhfuil earnálacha ann atá ag cur lena dtomhaltas fuinnimh, amhail earnáil an iompair, earnáil na turasóireachta agus earnáil TFC; ag tacú leis an gCoimisiún agus é ag féachaint ar na sineirgí atá ann idir gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus foinsí fuíollteasa dhosheachanta; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas atá san áireamh i Straitéis Dhigiteach AE ionaid sonraí a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a mholadh maidir le rannpháirtíocht earnáil na turasóireachta i bpróiseas comhtháthaithe na gcóras fuinnimh, ina bhféachfaí, inter alia, ar chur chun cinn na turasóireachta iarnróid, na soghluaisteachta boige agus na soghluaisteachta leictreonaí agus ar chruthú comhphobal fuinnimh ciorclaigh sa turasóireacht inbhuanaithe;

Cothromú córas fuinnimh

24.  ag tabhairt dá haire gur casta fós a bheidh sé, i ngeall ar mheascán giniúna atá ag éirí níos díláraithe agus níos in-athnuaite i gcónaí, cothromaíocht idir na gréasáin leictreachais a choinneáil agus pointí buaicéilimh agus buaictháirgthe a bhainistiú agus, i ndáil leis sin, ag cur béim ar ról na freagartha ar thaobh an éilimh de, na stórála agus an bhainistithe chliste fuinnimh; á thabhairt chun suntais gur iomaí buntáiste a bhaineann le dul i dtreo táirgeadh díláraithe fuinnimh: is féidir leis úsáid foinsí áitiúla fuinnimh a chothú, rud a fhágann go dtiocfaidh méadú ar shlándáil áitiúil an tsoláthair fuinnimh agus go gcothófar an fhorbairt agus an comhtháthú pobail trí fhoinsí nua ioncaim a chur ar fáil agus trí phoist nua a chruthú; á mheabhrú go bhfuil sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit a meascán fuinnimh a chinneadh, agus go bhfuil éagsúlacht sa mheascán fuinnimh bunriachtanach chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú;

25.  á chur i bhfáth go bhfuil idirnaisc níos tábhachtaí ná riamh chun iompar an fhuinnimh in-athnuaite chuig na réigiúin ina mbeidh an t-éileamh is airde a áirithiú agus chun an córas fuinnimh ina iomláine a chothromú; á chur i bhfáth gur gá an trádáil leictreachais a uasmhéadú agus an oibleagáid a chur chun feidhme go n-úsáidfí 70 % ar a laghad den acmhainn idirnaisc atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) 2019/943; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit lena mbaineann bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm lena dtabharfar aghaidh ar an easpa nascóirí amach ón gcósta ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar ról an fhuinnimh amach ón gcósta i gcóras comhtháite fuinnimh;

26.  á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an sprioc 10 % maidir le hidirnascadh leictreachais faoi 2020 bainte amach ag roinnt Ballstát go fóill; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun sprioc 2030 maidir le hidirnascadh leictreachais a ardú go 15 %, ar choinníoll go dtacóidh sé níos fearr le hinfheistíochtaí náisiúnta trí liosta na dtionscadal leasa choitinn; ag moladh don Choimisiún obair an ghrúpa saineolaithe maidir le spriocanna idirnasctha a athsheoladh;

27.  ag tabhairt dá haire gur cheart an bonneagar eangaí cumhachta a fheabhsú tuilleadh tríd an digitiú agus an t-uathoibriú chun solúbthacht a chur ar fáil don chóras agus chun leas a bhaint as sineirgí le veicteoirí fuinnimh eile; á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún faoin bPlean Gníomhaíochta um Dhigitiú Earnáil an Fhuinnimh chun margadh iomaíoch a fhorbairt le haghaidh seirbhísí digiteacha fuinnimh lena n-áiritheofar príobháideachas agus ceannasacht sonraí agus lena dtacófar le hinfheistíocht sa bhonneagar digiteach fuinnimh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfágfaidh na heangacha cliste go mbeifear in ann fuinneamh in-athnuaite atá díláraithe agus solúbtha a chur ar fáil ar bhonn níos leithne, mar aon le córas leictreachais atá an-idirnasctha;

28.  á athdhearbhú gur foinse bhunriachtanach solúbthachta agus slándála soláthair í acmhainn stórála fuinnimh na hEorpa; á thabhairt chun suntais gur gá laghdú a dhéanamh ar na bacainní rialála ar shuiteáil trealaimh stórála; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir costais na gcánacha agus na dtobhach a ghearrtar ar an gclaochlú fuinnimh agus ar an stóráil fuinnimh a laghdú, agus deireadh a chur leis an gcáin dhúbailte a d’fhéadfaí a ghearradh ar thionscadail stórála san athbhreithniú atá le déanamh aige ar Threoir 2003/96/CE; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idir-inoibritheacht iomlán na gcóras éagsúil iompair agus stórála a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil tábhacht trasteorann leo agus atá nasctha le tríú tíortha; ag tathant ar an gCoimisiún an treoir sin a athbhreithniú agus saobhadh míchuí ar an margadh a sheachaint, saobhadh a d’fhágfadh go mbeadh foinsí eile fuinnimh thíos leis agus a mbeadh drochthionchar aige ar thomhaltóirí;

29.  á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain atá ag gach tionscadal stórála fuinnimh ar chaipiteal, agus béim á leagan ar nuachóiriú an bhonneagair atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún an gá atá le himlonnú bonneagair stórála a chur san áireamh sa chéad liosta eile de thionscadail leasa choitinn agus san athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh;

30.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil AE ag brath go mór ar allmhairiú ceallraí ian litiam; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an cur chuige a sainaithníodh sa Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir le Ceallraí(24), go háirithe go ndéanfaí foinsí na n-amhábhar a éagsúlú, go dtiocfaí ar roghanna eile seachas tearc-chré, go mbainfí leas iomlán as beartas trádála AE chun soláthar inbhuanaithe agus slán a áirithiú, go gcuirfí dreasachtaí ciorclaíochta ar fáil agus go mbunófaí Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais;

31.  á mheabhrú go bhféadfadh ról comhlántach a bheith ag teicneolaíochtaí ‘Cumhacht go X’ ó thaobh eangacha a chothromú chun scrogaill bhonneagair a shárú, fuinneamh a iompar agus solúbthacht agus stóráil shéasúrach teasa agus leictreachais a sholáthar mar go bhfuil sé éasca iad a chomhtháthú sa bhonneagar atá ann cheana; deimhin de go mbeidh na teicneolaíochtaí sin ina gcuidiú leis an sciar méadaitheach den táirgeadh leictreachais in-athnuaite a chomhtháthú; ag tabhairt dá haire gur gá an acmhainn stórála hidrigine a fhorbairt;

32.  á mheabhrú a thábhachtaí atá idirnaisc agus comhar idir oibreoirí gréasán; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh lárionaid réigiúnacha comhordaithe faoi Rialachán (AE) 2019/943; á chreidiúint gur cheart d’oibreoirí córais tarchurtha cur chuige comhtháite agus trasearnála a chur i bhfeidhm maidir le pleanáil na ngréasán amach anseo, mar aon le comhsheasmhacht leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh agus leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide;

33.  ag cur béim ar na buntáistí a bhaineann le córas ‘ilthreoch’ ina mbíonn ról gníomhach ag tomhaltóirí sa soláthar fuinnimh; á mheabhrú nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé de cheart ag na saoránaigh uile a bhfuinneamh féin a tháirgeadh, a thomhailt agus a stóráil ar bhonn aonair nó mar phobal agus, i ndáil leis sin, á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag na roghanna solúbthachta san aistriú ó chóras fuinnimh atá bunaithe ar an soláthar go córas fuinnimh atá bunaithe ar an éileamh, rud a fhágann gur féidir le tomhaltóirí gníomhacha a bheith rannpháirteach sa fhreagairt ar an éileamh trí réitigh dhigiteacha atá i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(25); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint ar bhealaí chun forbairt margaidh Eorpaigh le haghaidh solúbthacht ar thaobh an éilimh de a spreagadh tuilleadh, inter alia, trí chaighdeáin choiteanna le haghaidh solúbthacht úsáide deiridh agus trí mheasúnú ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar an tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar chostais an chórais fuinnimh; á chur in iúl gur geal léi córais chomhtháite sholúbtha fuinnimh a bhfuil sé mar aidhm leo earnáil an téimh agus an fhuaraithe ceantair a optamú mar aon leis an úsáid a bhaintear as comhghiniúint ardéifeachtúil agus sholúbtha a rannchuidíonn le cothromú na heangaí leictreachais, le húsáid chostéifeachtach a bhaint as foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le comhtháthú an fhuíollteasa ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach; á iarraidh go ndéanfaí Treoir (AE) 2019/944 agus na forálacha atá inti maidir leis an bhfreagairt ar thaobh an éilimh de a chur chun feidhme go pras;

34.  á chur i bhfáth go bhféadfadh an tsoghluaisteacht leictreach ról a imirt maidir le comhtháthú cliste na n-earnálacha cumhachta agus iompair tríd an acmhainn solúbthachta a scaoileadh; á chur i bhfáth go bhféadfadh leictriú na hearnála iompair cur le neamhspleáchas straitéiseach fuinnimh an Aontais tríd an ngá atá le breoslaí iontaise allmhairithe a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht stórála agus solúbthachta ag baint le himlonnú na dteicneolaíochtaí ‘ó fheithicil go heangach’ agus ag tabhairt dá haire go mbeidh idir-inoibritheacht na gcóras fuinnimh agus na bhfeithiclí leictreacha ag teastáil chuige sin;

35.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na rioscaí cibearshlándála in earnáil an fhuinnimh chun athléimneacht na gcóras fuinnimh a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an méadú atá ag teacht ar líon na dtáirgí nasctha, amhail fearais téimh, feithiclí leictreacha agus méadair chliste, cur leis an mbaol go ndéanfaí ionsaithe cibearshlándála ar an gcóras leictreachais; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go pras ar na rioscaí cibearshlándála trí ardleibhéal cosanta cibearshlándála a leagan síos le haghaidh táirgí nasctha i gcomhthéacs chód an ghréasáin leictreachais maidir leis an gcibearshlándáil;

36.  á chur i bhfáth, chun go mbeidh córas fuinnimh ann atá níos in-athnuaite, níos díláraithe agus níos comhtháite, gur gá an t-éileamh ar fhuinneamh a thuar ar bhealach níos fearr agus an soláthar agus an stóráil a dhéanann iompróirí éagsúla fuinnimh a chomhoiriúnú ar bhealach níos fearr i bhfíor-am; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an digitiú ó thaobh sonraí staidrimh agus meitéareolaíocha a phróiseáil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit margadh inmheánach a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha fuinnimh, agus príobháideachas agus sonraí pearsanta tomhaltóirí á gcosaint san am céanna; ag moladh do na Ballstáit an Táscaire Ullmhachta Cliste a forbraíodh mar chuid de Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh(26) a ghlacadh chun leas a bhaint as an acmhainneacht atá ag baint leis an tsolúbthacht ar thaobh an éilimh de ar leibhéal na tógála; á chur i bhfáth, chuige sin, go mbeidh gá le níos mó caighdeáin choiteanna le haghaidh malartú sonraí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún plean gníomhaíochta a ghlacadh maidir le digitiú an fhuinnimh chun ceannaireacht theicneolaíoch AE a chothú agus chun córas fuinnimh níos comhtháite a chruthú ina gcuirtear réitigh chliste ar fáil in earnálacha sonracha (amhail eangacha cliste, iompar níos éifeachtúla agus níos sábháilte agus coigiltí fuinnimh i bhfoirgnimh) agus lena ngabhann cistiú feabhsaithe don tréimhse 2021-2027;

37.  á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an nGníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh i gcomhtháthú na gcóras fuinnimh agus i gcur chun feidhme reachtaíocht fuinnimh AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chinntiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil don ghníomhaireacht chun a cuid misean a chur i gcrích;

Inrochtaineacht agus inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do gach saoránach agus gnólacht

38.  á mheabhrú gurb é is príomhchuspóir le gníomhaíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú i ndáil leis an ngá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun dea-fheidhmiú na margaí fuinnimh a chosaint, chun a áirithiú go gcuirfear acquis an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear an pacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, chun cearta na dtomhaltóirí in earnálacha an gháis agus an téimh ceantair a ailíniú le cearta na dtomhaltóirí leictreachais, agus chun cabhrú leo rannchuidiú le dícharbónú an gheilleagair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé custaiméirí a threorú i dtreo na rogha dícharbónaithe is fuinneamhéifeachtúla agus is costéifeachtaí, ar bhonn praghsanna lena léirítear go cuí costais uile an iompróra fuinnimh atá in úsáid; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2003/96/CE agus chun ionstraim a dhéanamh di lena ndéantar na beartais chánach a ailíniú leis na spriocanna fuinnimh agus aeráide le haghaidh 2030 agus 2050; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na cuspóirí aeráide a chomhtháthú sa treoir sin; á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar a raon feidhme agus idirdhealú a dhéanamh idir gáis iontaise, gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite chun forbairt roghanna inbhuanaithe a spreagadh; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le cánacha agus tobhaigh mhíchuí chun cánachas comhchuibhithe a áirithiú, chun teicneolaíochtaí glana nuálacha a chur chun cinn, agus chun costais fuinnimh iomaíocha a áirithiú san Eoraip; á iarraidh ar na Ballstáit oibriú ar dheireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha le haghaidh breoslaí iontaise;

39.  ag aontú leis an anailís ón gCoimisiún ar an ngá atá ann tuilleadh oibre a dhéanamh chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise, ar an ngá atá ann comharthaí praghais níos comhsheasmhaí a sholáthar ar fud na n-earnálacha fuinnimh agus na mBallstát, ar an easpa comhsheasmhachta maidir le muirir agus tobhaigh arda nach mbaineann leis an bhfuinneamh agus a bhíonn le híoc ag custaiméirí leictreachais agus ar an bhfíoras nach ndéantar costais sheachtracha a inmheánú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na fadhbanna a bhfuiltear ar an eolas fúthu a réiteach trí bhearta rialála éifeachtacha;

40.  á chreidiúint gur gá tomhaltóirí fuinnimh a spreagadh le bheith níos gníomhaí; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm na bhforálacha nua a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/944, forálacha lenar féidir le tomhaltóirí gníomhacha a bheith rannpháirteach go hiomlán sa mhargadh agus tairbhe a bhaint as a gcuid gníomhaíochtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na bacainní atá fós ann chun forbairt an fhéintomhaltais in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite, go háirithe do theaghlaigh ísealioncaim nó leochaileacha agus do thomhaltóirí tionsclaíocha, a éascú; á iarraidh go mbeadh faisnéis thrédhearcach ann faoin tionchar a bhíonn ag cinntí fuinnimh ar an aeráid mar chuid den fheachtas faisnéise do thomhaltóirí atá beartaithe;

41.  ag cur béim ar an acmhainneacht a bhaineann le cumasú tomhaltóirí sna córais chomhtháite fuinnimh in-athnuaite ó thaobh fuinneamh a ghiniúint, a thomhailt, a stóráil agus a dhíol; á mheas go gcuirtear deiseanna ar fáil leis freisin do phobail fuinnimh in-athnuaite ó thaobh an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar leibhéal an teaghlaigh agus cabhrú leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta fuinnimh;

42.  á athdhearbhú go bhfuil sé d’acmhainneacht ag pobail fuinnimh agus ag micreangacha rochtain ar fhuinneamh níos inbhuanaithe a fhorbairt, go háirithe i gcás ceantair iargúlta, oileán agus na réigiún is forimeallaí; á chur i bhfáth gur gá comhtháthú na gceantar sin leis na Gréasáin thras-Eorpacha Fuinnimh a áirithiú agus tionscadail a fhorbairt chun go mbeidh oileáin nó grúpaí oileán neamhthuilleamaíoch ó thaobh fuinnimh de bharr foinsí in-athnuaite fuinnimh, mar a léirítear leis an tionscadal ‘Tilos’ de chuid Fís 2020;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha a mholadh lenar féidir le pobail fuinnimh na saoránach, anuas ar an táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, a bheith níos rannpháirtí i gcomhtháthú na gcóras fuinnimh, mar shampla tríd an nasc le gréasáin teasa, an luchtú leictrea-shoghluaisteachta, gairis stórála nó gairis freagartha ar an éileamh;

Ceannaireacht na hEorpa i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh inbhuanaithe agus in-athnuaite a áirithiú

44.  á mheabhrú go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí an Aontais Fuinnimh ár spleáchas ar allmhairí a laghdú agus slándáil an tsoláthair agus an neamhspleáchas teicneolaíochta a áirithiú; á iarraidh ar AE foghlaim ón ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair agus oibriú i dtreo níos mó neamhspleáchais i slabhraí luacha straitéiseacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir cuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí shineirgí a chruthú;

45.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iomaíochas na dteicneolaíochtaí Eorpacha a leathnú chun neamhspleáchas an Aontais in earnáil straitéiseach an fhuinnimh a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le taighde agus nuálaíocht trí na cistí struchtúracha agus earnálacha éagsúla; á mheabhrú go bhfuil an tAontas ina cheannaire domhanda i dteicneolaíochtaí tomhais satailíte astaíochtaí agus go háirithe i Seirbhís Copernicus um Fhaireachán ar an Atmaisféar; á mheabhrú go bhfuil saineolas ag an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin ó thaobh an aimsir a thuar agus, dá bhrí sin, ó thaobh luaineachtaí san éileamh ar fhuinneamh a thuar; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhreis tacaíochta a thabhairt do theicneolaíochtaí a rannchuideoidh le córas cómhtháite fuinnimh atá aeráid-díonach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ceannas domhanda agus slabhraí luacha intíre ag an Eoraip;

46.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go léirítear i gconclúidí Thuarascáil 2020 ar Staid an Aontais Fuinnimh go bhfuil laghdú ag teacht ar na hinfheistíochtaí a dhéantar sa taighde agus sa nuálaíocht i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tacaíocht a thugann AE don taighde agus don nuálaíocht, go háirithe don nuálaíocht shuaiteach; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú tagtha ar an mbuiséad taighde sa chlár Fís Eorpach agus gur bunaíodh an Limistéar Eorpach Taighde;

47.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le haistriú cóir agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar athruithe struchtúracha in earnáil an fhuinnimh i ngach togra reachtach ábhartha chun cabhrú leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta a éascú; ag athdhearbhú an ghealltanais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas nua nár cheart aon duine a fhágáil ar gcúl; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, go bhfuil sé ríthábhachtach athrú ó bhonn a dhéanamh ar scileanna na bhfostaithe in earnálacha ina bhfuil an baol ann go n-imeoidh siad as mar gheall ar an aistriú glas; á thabhairt chun suntais go bhfuil luach ag baint leis an saineolas Eorpach seanbhunaithe ar chomhtháthú na gcóras fuinnimh, agus á iarraidh ar na Ballstáit meas a léiriú ar an saineolas sin agus cabhrú lena aistriú ó earnáil an fhuinnimh iontaise chuig córas comhtháite fuinnimh atá aeráidneodrach;

48.  ag cur béim ar na nuálaíochtaí agus na teicneolaíochtaí ceannródaíocha seo a leanas nach mór tuilleadh feabhais a chur orthu ó thaobh an gheilleagair chiorclaigh agus straitéis éifeachtach um chomhtháthú na hearnála de:

   (a) táirgeadh ardéifeachtúil agus inbhuanaithe cruach atá bunaithe ar hidrigin, lena gcomhcheanglaítear athchúrsáil cruach agus buanmhúnlú iarainn,
   (b) téamh ceantair trí fharasbarr teasa an iompair faoi thalamh,
   (c) luchtú cliste agus aistriú córa iompair in earnáil an iompair,
   (d) athsholáthar inbhuanaithe táirgí peitriceimiceacha agus agraiceimiceacha agus a bpróisis ghaolmhara,
   (e) glúin nua táirgthe agus athchúrsála ceallraí,
   (f) agus teicneolaíochtaí tumtha leachta le haghaidh ionaid sonraí lena laghdaítear go mór na riachtanais fuinnimh agus an farasbarr teasa;

49.  á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh le haghaidh slabhraí luacha straitéiseacha; á iarraidh go n-aithneofaí teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite mar shlabhra luacha straitéiseach agus go mbunófaí comhghuaillíocht chun tacú leis na hiarrachtaí ó thaobh na teicneolaíochtaí sin a mhéadú, mar aon le tionscnamh maidir le feabhas a chur ar phróisis agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar rialú trédhearcach ar gach comhghuaillíocht, lena n-áirítear rannpháirtíocht FBManna, na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saineolaithe neamhspleácha, agus an éagsúlacht gheografach á ráthú san am céanna;

o
o   o

50.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
(2) IO L 266, 26.9.2006, lch. 1.
(3) IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.
(4) IO L 348, 20.12.2013, lch. 129.
(5) IO L 307, 28.10.2014, lch. 1.
(6) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(7) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.
(8) IO L 328, 21.12.2018, lch. 210.
(9) IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.
(10) IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.
(11) IO L 169, 7.6.2014, lch. 108.
(12) IO C 23, 21.1.2021, lch. 11.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0079.
(15) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(16) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0198.
(17) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0199.
(18) Tuarascáil 2019 ó Eurostat ar staitisticí fuinnimh, iompair agus comhshaoil: https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3217494/10165279/KS-DK-19-001-EN-N.pdf/76651a29-b817-eed4-f9f2-92bf692e1ed9
(19) IO L 156, 19.6.2018, lch. 75.
(20) IO L 280, 28.10.2017, lch. 1.
(21) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena leasaítear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(22) Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh.
(23) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.
(24) Iarscríbhinn II a ghabhann le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal Europe on the move: Sustainable Mobility for Europe: safe, connected and clean [An Eoraip ag Gluaiseacht – Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha agus glan] (COM(2018)0293).
(25) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(26) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais