Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2242(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0116/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0116/2021

Díospóireachtaí :

PV 17/05/2021 - 14
CRE 17/05/2021 - 14

Vótaí :

PV 18/05/2021 - 13
PV 19/05/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0241

Téacsanna atá glactha
PDF 212kWORD 70k
Dé Céadaoin, 19 Bealtaine 2021 - Brussels
Straitéis Eorpach i ndáil le Hidrigin
P9_TA(2021)0241A9-0116/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 ar Straitéis Eorpach maidir le Hidrigin (2020/2242(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 194 de,

–  ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

–  ag féachaint do thuarascálacha speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide an 8 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal ‘Téamh Domhanda 1,5 °C’ agus an 25 Meán Fómhair 2019 dar teideal ‘An tAigéan agus an Criosphear i Aeráid atá ag Athrú’,

–  ag féachaint do Thuarascálacha Bearna Astaíochtaí 2019 agus 2020 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint do Dhearbhú ECFE an 23 Feabhra 2018 maidir le FBManna agus fiontraíocht a neartú don táirgiúlacht agus don fhás cuimsitheach,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 maidir le straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach (COM(2020)0301),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘I dtreo Treochlár don Hidrigin Ghlan – an méid a chuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha le hEoraip atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de’(1),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis Eorpach um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh] (COM(2020)0299),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 maidir le straitéis de chuid AE chun leas a bhaint as an acmhainneacht atá ann d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta do thodhchaí aeráidneodrach (COM(2020)0741),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí méatáin a laghdú (COM(2020)0663),

–  ag féachaint do thuarascáil an Choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘2020 report on the State of the Energy Union pursuant to Regulation (EU) 2018/1999 on Governance of the Energy Union and Climate Action’ (COM(2020)0950) (Tuarascáil 2020 ar Staid an Aontais Fuinnimh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Ag cur le huaillmhian 2030 na hEorpa don aeráid – Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár bpobail] (COM(2020)0562),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn(2) (an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),

—  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE, Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3),

–  ag féachaint do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid(4) (an Treoir maidir le Cadhnraí agus an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 713/2009, (CE) Uimh. 714/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009(6) (Rialachán GTE-F),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010(7) a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,

–  ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle(8) (an Treoir maidir le ETS),

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an athbhreithniú ar na treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh(10),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 dar teideal ‘an Athrú Aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras’(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ‘hImscaradh bonneagar i gcomhair breoslaí malartacha san Aontas Eorpach: tá sé in am gníomhú!’(14),

–  ag féachaint do rún uaithi an 6 Feabhra 2018 maidir le dlús a chur le nuálaíocht an fhuinnimh ghlain(15),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0116/2021),

A.  de bhrí gur fhormhuinigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras, an Comhaontú Glas don Eoraip agus an sprioc chun aistriú costéifeachtach chothrom i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

B.  de bhrí go bhfuil sé molta ag an gCoimisiún, i dtaca le sprioc AE maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, go méadófaí í go 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 agus de bhrí go bhfuil a tacaíocht tugtha ag an Pharlaimint don sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 60 % faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2030;

C.  de bhrí gurb iad breoslaí iontaise, den chuid ia mó, is cúis leis an téamh domhanda agus go bhfuil sé mar aidhm ag Comhaontú Pháras an t-ardú ar an teocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú ag 1.5 °C;

D.  de bhrí go n-éilítear leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh gáis cheaptha teasa de go ndéanfaí aistriú gasta agus cóir, arna threorú go poiblí, chuig córas fuinnimh atá bunaithe go príomha ar acmhainní in-athnuaite agus atá an-éifeachtúil ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de, lena n-áiritheofaí inbhuanaitheacht agus sláinte, rannpháirtíocht na saoránach, laghdú ar bhochtaineacht fuinnimh ar fud AE, slándáil an tsoláthair, inrochtaineacht agus inacmhainneacht fuinnimh, agus iomaíochas praghsanna fuinnimh;

E.  de bhrí gur gá breoslaí malartacha glana a úsáid agus a bhfeidhmeanna a fhorbairt chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise a luaithe is féidir agus chun iomaíochas thionscal AE a áirithiú; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainneacht neamhshaothraithe ag an hidrigin in-athnuaite go bhféadfadh sí a bheith ina rogha mhalartach den sórt sin;

F.  de bhrí gur féidir hidrigin a úsáid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh i bpróisis thionsclaíocha agus cheimiceacha, in aeriompar, in iompar muirí agus in iompar tromshaothair de bhóthar, agus i bhfeidhmeanna téimh, chun earnálacha a dhícharbónú, arb earnálacha iad nach mbeadh sé indéanta, ó thaobh na teicneolaíochta de, ná iomaíoch, leictriú díreach a dhéanamh orthu, agus le haghaidh stóráil fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, i gcás inar gá, rud a d’fhágfadh go mbeadh ról suntasach ag an hidrigin i gcomhtháthú córas fuinnimh;

G.  de bhrí go bhfuil thart ar 2 % de mheascán fuinnimh AE comhdhéanta de hidrigin sa lá atá inniu ann, agus 95 % den méid sin á tháirgeadh trí bhreoslaí iontaise a úsáid, rud a scaoileann 70-100 milliún tona CO2 in aghaidh na bliana, agus, ar an leibhéal domhanda, arb ionann é agus 2.5 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus níos lú ná 1 % den hidrigin a tháirgtear faoi láthair á húsáid mar iompróir fuinnimh; de bhrí go léirítear i roinnt taighde go bhféadfadh sé gurb ionann fuinneamh in-athnuaite agus suas le 100 % de mheascán fuinnimh AE in 2050, agus go bhfhéadfadh sé gur hidrigin atá i suas le 20 % de ar an iomlán, idir 20 % agus 50 % den fhuinneamh a úsáidtear don iompar agus idir 5 % agus 20 % den fhuinneamh a úsáidtear sa tionsclaíocht;

H.  de bhrí, maidir leis an hidrigin – a dtáirgtear 120 Mt di in aghaidh na bliana ar fud an domhain – go dtairgtear í mar sheachtháirge ó thionscail an scagtha agus na gceimiceán (70 Mt) agus ag saoráidí táirgthe tiomnaithe (50 Mt); de bhrí go dtáirgtear an chuid is mó den hidrigin trí bhreoslaí iontaise a úsáid – úsáidtear 6 % den ghás nádúrtha agus 2 % den ghual ar fud an domhain le haghaidh táirgeadh hidrigine – agus níos lú ná 0.1 % den hidrigin á táirgeadh trí leictrealú uisce a úsáid;

I.  de bhrí gur measadh gurbh é 11,5 Mt in aghaidh na bliana iomlán na hacmhainneachta táirgthe hidrigine sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ag deireadh 2018 agus de bhrí go bhfuil acmhainneacht iomlán suiteáilte na leictrealóirí in LEE thart ar 1 GW, méid arb ionann é agus idir 1 agus 4 % d’iomlán na hacmhainneachta táirgthe hidrigine; de bhrí gurb ionann an sciar iomlán de tháirgeadh hidrigine in LEE a dhéantar ó bhreoslaí iontaise agus a bhfuil ghabháil agus stóráilcarbóin i gceist leis (hidrigin ísealcharbóin) agus thart ar 0,7 % (gan fotháirgí a áireamh);

J.  de bhrí go n-úsáidtear 43 % den hidrigin a tháirgtear ar fud an domhain chun amóinia a tháirgeadh – a úsáidtear í féin den chuid is mó chun leasacháin talmhaíochta de bhunús amóinia a tháirgeadh – úsáidtear 52 % di chun hidreacarbóin a scagadh agus a dhíshulfarú, agus 5 % di le haghaidh sintéis meatánóil agus chun críocha eile;

K.  de bhrí gurb é EUR 2,5 go 5,5 in aghaidh an kg costas reatha na hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus gurb é EUR 1,5 in aghaidh an kg an costas a bhaineann le hidrigin de bhunús breosla iontaise a tháirgeadh; de bhrí, leis an meascán leictreachais reatha atá sa chuid is mó de na Ballstáit, go gcruthódh hidrigin de bhunús leictreachais lena ngabhfadh astaíochtaí níos airde ná a chruthófaí le hidrigin de bhunús iontaise;

L.  de bhrí gur féidir le hidrigin cainníochtaí móra fuinnimh a stóráil thar thréimhse fhada, agus gur féidir léi, dá bhrí sin, luaineachtaí éilimh shéasúracha a comhlíonadh; de bhrí gur féidir hidrigin a iompar le leoraí, le long nó le píblíne agus gur féidir, dá bhrí sin, fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh san áit inarb éifeachtaí é agus gur féidir gabháil d’iompar cianaistir gan brú a chur ar an eangach leictreachais;

M.  de bhrí go mbeidh gá le sciar níos airde d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite chun dícharbónú a dhéanamh ar gach earnáil den gheilleagar, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le luaineacht níos mó san eangach leictreachais, agus go mbeidh gá ag an am céanna le méadú ollmhór ar an éileamh ar stóráil fuinnimh chun an soláthar fuinnimh a dhaingniú;

N.  de bhrí gurb ionann táirgeadh cruach agus thart ar 10 % d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa díreacha agus indíreacha ar fud an domhain, agus gur ón iompar muirí a thagann thart ar 2,5 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus de bhrí go bhféadfadh forbairt hidrigine in-athnuaite cuidiú le hastaíochtaí sna hearnálacha sin a laghdú;

O.  de bhrí gurb an t-iompar is cúis le thart ar 27 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána AE; de bhrí agus go bhfuil iliomad feidhmeanna ag an hidrigin ar fud earnálacha an tionscail, an leictreachais agus na tógála, agus go bhfuil an-acmhainneacht ag baint léi mar bhreosla malartach d’earnáil an iompair, ach go bhfuil na féidearthachtaí hidrigine atá curtha chun úsáide sa mhargadh do na modhanna éagsúla iompair fós teoranta;

P.  de bhrí go bhfuil sé d’acmhainneacht ag gluaisteáin leictreacha ceallraí an lámh in uachtar a fháil ar chuid shuntasach den mhargadh d’fheithiclí príobháideacha; de bhrí gur earnáil é an t-iompar trom ar deacair dícharbónú a dhéanamh uirthi, agus go bhfuil na féidearthachtaí le haghaidh leictriú díreach teoranta mar gheall ar éifeachtúlacht costais íseal agus ar chúiseanna teicniúla; de bhrí go mbaineann fadhbanna praiticiúla le ceallraí i bhfeithiclí tromshaothair, traenacha ar línte neamhleictreoraithe, longa lastais agus eitleáin agus de bhrí go gcruthófar leis sin deiseanna d’iompróirí fuinnimh eile amhail hidrigin, cionn is gur féidir méideanna móra di a stóráil ar bord feithicle nó soithigh, gur féidir athbhreoslú tapa a dhéanamh léi más gá, agus nach dtáirgtear ach uisce léi mar aschur sceite;

Q.  de bhrí gur deis do AE atá i ngeilleagar inbhuanaithe agus iomaíoch hidrigine chun a gheilleagar a neartú, go háirithe tar éis an tsleabhctha eacnamaíoch a tharla mar gheall ar COVID-19, cionn is go bhféadfadh sé suas le milliún post díreach ardcháilíochta a chruthú faoi 2030 agus 5.4 milliún faoi 2050, agus de bhrí go bhféadfadh sé sin a bheith ina dheis do réigiúin atá ag brath go mór faoi láthair ar fhoinsí traidisiúnta fuinnimh agus a bheidh i mbaol bochtaineachta nuair a chuirfear deireadh de réir a chéile le breoslaí iontaise; de bhrí go meastar gurb ionann an acmhainneacht chun poist a chruthú in earnáil na hidrigine in-athnuaite agus 10 300 post in aghaidh an bhilliúin EUR, figiúr a d’fhéadfaí a chomhlánú le poist a ghinfí in earnáil an leictreachais in-athnuaite;

R.  de bhrí, chun margadh hidrigine inbhuanaithe agus iomaíoch a thógáil a rannchuideoidh ar bhealach tráthúil agus costéifeachtúil le cuspóir an Aontais aeráidneodrach a bheith ann faoi 2050, go bhfuil gá le bonneagar tarchurtha agus dáileacháin dea-fhorbartha chun hidrigin a iompar go héifeachtúil ó láithreáin táirgthe go dtí limistéir tomhaltais in AE ;

S.  de bhrí go bhféadfadh na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhealaí éagsúla ar fhorbairt córas hidrigine, agus na difríochtaí i struchtúr an bhonneagair gáis atá ann cheana, acmhainneacht gach tíre chun teicneolaíochtaí táirgthe hidrigine éagsúla a fhorbairt, an acmhainneacht le haghaidh nuálaíochta agus an t-éileamh athraitheach ar hidrigin ó thionscail éagsúla i ngach Ballstát á gcur san áireamh;

T.  de bhrí go bhfuil pleananna le haghaidh na hidrigine curtha san áireamh ag beagnach gach Ballstát ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus go bhfuil an Tionscnamh Hidrigine sínithe ag 26 Bhallstát;

U.  de bhrí gur cheart córas fuinnimh AE a bheith inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de, agus de bhrí gur cheart aon treoir theicneolaíoch a shaothrófar a bheith bunaithe ar mheastacháin chruthaithe agus fhónta a dtiocfadh cásanna gnó inmharthana astu laistigh de thréimhsí ama intuartha, chun a áirithiú nach gcuirfidh a gcostais iomaíochas thionscail AE ná leas na saoránach i mbaol;

V.  de bhrí gur cheart caillteanais shuntasacha fuinnimh le linn tháirgeadh, iompar, stóráil agus phróiseáil na hidrigine a chur san áireamh;

W.  de bhrí, a bhuí leis an gcreat reachtach reatha lena rialaítear gás nádúrtha, go bhfuil slándáil an tsoláthair agus inacmhainneacht fuinnimh ann do thomhaltóirí AE le roinnt blianta anuas agus go bhféadfaí an creat sin a úsáid mar threoirphlean chun forbairt margaidh uile-AE hidrigine a chothú amach anseo;

1.  á chur i bhfáth gur gá ceannas teicneolaíoch na hEorpa maidir le hidrigin ghlan(16) a choinneáil agus a fhorbairt tuilleadh trí gheilleagar hidrigine iomaíoch agus inbhuanaithe ina mbeidh margadh comhtháite hidrigine; ag leagan béim ar an ngá atá le straitéis hidrigine AE lena gcumhdaítear slabhra luacha iomlán na hidrigine, lena n-áirítear earnáil an éilimh agus earnáil an tsoláthair, agus go ndéanfaí í a ailíniú leis na hiarrachtaí náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar bonneagar leordhóthanach forlíontach le haghaidh giniúint leictreachais in-athnuaite a thógáil chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh agus chun na costais a bhaineann le hidrigin in-athnuaite a laghdú; ag tabhairt dá haire, go háirithe, an breisluach a bhaineann le táirgeadh intíre AE de hidrigin in-athnuaite ó thaobh teicneolaíochtaí nuálacha leictrealaithe a fhorbairt agus a mharagú; ag leagan béim ar an bhfíoras nach mór don gheilleagar hidrigine a bheith comhoiriúnach le Comhaontú Pháras, le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus 2050, leis an ngeilleagar ciorclach, leis an bplean gníomhaíochta d’amhábhair chriticiúla agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

2.  á chur in iúl gur geal léi an straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach a mhol an Coimisiún, lena n-áirítear an t-athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, mar aon le líon méadaitheach na straitéisí agus na bpleananna infheistíochta atá ag na Ballstáit maidir leis an hidrigin; á chur i bhfios go láidir gur gá na straitéisí sin a ailíniú le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras agus go huaillmhianach iad; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún na straitéisí sin a chur san áireamh i dtograí reachtacha a bheidh ann amach anseo; ag tathant ar an gCoimisiún a chur chuige maidir leis an hidrigin a ailíniú le straitéis thionsclaíoch nua AE agus cuid de bheartas tionsclaíoch comhleanúnach a dhéanamh de, agus á chur san áireamh nach sprioc inti féin atá sa straitéis hidrigine, ach gur cheart féachaint uirthi i gcomhthéacs na n-iarrachtaí foriomlána a dhéanann AE astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus poist ardcháilíochta fhadtéarmacha á n-áirithiú agus rannchuidiú á dhéanamh le hiomaíochas thionscal AE ag an am céanna;

3.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh córas fuinnimh ann a bheadh athléimneach agus neodrach ó thaobh na haeráide de agus bunaithe ar phrionsabail na héifeachtúlachta fuinnimh, na héifeachtúlachta costais, na hinacmhainneachta agus shlándáil an tsoláthair; á chur i bhfáth gur cheart forlámhas a bheith ag an gcaomhnú fuinnimh agus ag ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, gan cosc a chur ar threoirthionscadail agus tionscadail taispeántais nuálacha a fhorbairt; ag tabhairt dá haire go bhfuil leictriú díreach ó fhoinsí in-athnuaite níos éifeachtaí ó thaobh costais, ar acmhainní agus fuinneamh de ná mar atá an hidrigin, ach ag tabhairt dá haire freisin gur cheart tosca amhail slándáil an tsoláthair, féidearthacht theicniúil agus saincheisteanna maidir le córais fuinnimh a chur san áireamh, agus cinneadh á dhéanamh faoin gcaoi ar cheart earnáil a dhícharbónú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de chun Aontas aeráidneodrach a bhaint amach;

4.  á chur in iúl gur deimhin léi go bhfuil hidrigin a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite ríthábhachtach d’aistriú fuinnimh AE, ós rud gur le hidrigin in-athnuaite amháin is féidir rannchuidiú go hinbhuanaithe le haeráidneodracht a bhaint amach san fhadtéarma agus le héifeachtaí glasála agus sócmhainní tréigthe a sheachaint; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil an hidrigin in-athnuaite iomaíoch go fóill; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, slabhra luacha agus glacadh na hidrigine in-athnuaite sa mhargadh a dhreasú, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go dtiocfadh feabhas de réir a chéile ar an ngaol idir praghas agus táirgeacht i bhfianaise forbairt modhanna tionsclaíocha agus slabhraí luacha;

5.  ag aithint na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag gleannta hidrigine i réigiúin éagsúla ar fud AE chun slabhraí luacha hidrigine comhtháite agus trasearnála a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach acu maidir táirgeadh agus cur i bhfeidhm hidrigine in-athnuaite a thionscnamh d’fhonn geilleagar hidrigine AE a fhorbairt; ag tathant ar an gCoimisiún tógáil ar na tionscnaimh sin, tacú lena bhforbairt agus cabhrú leo siúd atá rannpháirteach iontu chun a bhfios gnó agus a n-infheistíochtaí a chomhthiomsú;

6.  á thabhairt chun suntais, maidir le táirgí arna ndíorthú ó hidrigin, amhail breoslaí sintéiseacha a tháirgtear le fuinneamh in-athnuaite, gurb ionann iad agus rogha mhalartach, atá neodrach ó thaobh carbóin de, ar bhreoslaí iontaise agus gur féidir leo, dá bhrí sin, in éineacht réitigh eile laghdaithe astaíochtaí amhail leictriúchán bunaithe ar leictreachas in-athnuaite, rannchuidiú go mór le dícharbónú raon leathan earnálacha éagsúla; á chur i bhfáth go bhfuil cur i bhfeidhm trasearnála buntábhachtach chun praghas na n-iompróirí fuinnimh sin a laghdú go suntasach trí bharainneachtaí scála agus chun méid margaidh leordhóthanach a áirithiú;

Aicmiú hidrigine agus caighdeáin hidrigine

7.  á chreidiúint go mbeidh sé fíor-riachtanach aicmiú dlíthiúil comhchoiteann a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla hidrigine; á chur in iúl gur geal léi, mar chéad chéim, an t-aicmiú atá á mholadh ag an gCoimisiún; ag cur in iúl gur gá teacht ar chomhaontú go tapa maidir le téarmaíocht uile-AE atá cuimsitheach, beacht, bunaithe ar an eolaíocht agus aonfhoirmeach chun sainmhínithe dlíthiúla náisiúnta a oiriúnú agus chun aicmiú soiléir a bhunú d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid oibre maidir le bunú na téarmaíochta sin a thabhairt chun críche chomh tapa agus is féidir, i gcomhthéacs na reachtaíochta ábhartha uile;

8.  á chreidiúint gur cheart aicmiú na bhfoirmeacha éagsúla hidrigine a chinneadh de réir measúnú atá neamhspleách agus bunaithe ar an eolaíocht, ag imeacht ón gcur chuige dath-bhunaithe a úsáidtear go coitianta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh an t-aicmiú sin bunaithe ar shaolré na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud phróiseas iomlán táirgthe agus iompair na hidrigine, ach gur cheart go gcuirfí san áireamh leis freisin critéir inbhuanaitheachta trédhearcacha agus láidre i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus go mbeadh sé bunaithe ar mheáin agus ar luachanna caighdeánacha in aghaidh na catagóire, amhail na cuspóirí maidir le húsáid inbhuanaithe agus cosaint acmhainní, láimhseáil dramhaíola agus úsáid mhéadaithe amhábhar agus ábhar tánaisteach, cosc agus rialú truaillithe agus, ar deireadh, cosaint agus athbhunú bithéagsúlachta agus éiceachóras;

9.  ag tabhairt dá haire go bhfuil neamhréir idir sainmhínithe éagsúla ar hidrigin ghlan a úsáideann gníomhaithe éagsúla, amhail an Coimisiún agus an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan, rud a chruthaíonn mearbhall agus ba cheart a sheachaint; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, nach mór an t-idirdhealú idir hidrigin in-athnuaite agus hidrigin ísealcharbóin a shoiléiriú go huile agus go hiomlán(17); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, dá seachnófaí úsáid dhá ainm don chatagóir chéanna hidrigine, eadhon ʻin-athnuaiteʼ agus ʻglanʼ, mar a mhol an Coimisiún, go dtabharfaí tuilleadh soiléirithe, agus á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gurb é an téarma ‘hidrigin in-athnuaite’ an rogha is oibiachtúla agus is mó is bunaithe ar an eolaíocht le haghaidh na catagóire sin hidrigine;

10.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá práinneach le caighdeán agus deimhniú AE agus idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cheart ráthaíochtaí maidir le tionscnamh atá ailínithe le clárlanna náisiúnta a bhreathnú chun a áirithiú gur féidir cur le hidrigin inathnuaite go tráthúil agus gur féidir le tomhaltóirí réitigh inbhuanaithe a roghnú go comhfhiosach agus an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí tréigthe a íoslaghdú;

11.  á chur i bhfáth gur gá go mbeadh córas an chaighdeánaithe bunaithe ar chur chuige iomlánaíoch agus nach mór dó a bheith infheidhme maidir le hidrigin allmhairithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, creat rialála a thabhairt isteach chun hidrigin in AE a dheimhniú agus a rianú, agus a lorg gás ceaptha teasa feadh an tslabhra luacha, lena n-áirítear iompar, á chur san áireamh, chun infheistíocht a spreagadh freisin i nginiúint fhorlíontach leordhóthanach leictreachais inathnuaite; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin, a luaithe is féidir in 2021, creat rialála le haghaidh hidrigine a chur ar fáil lena n-áiritheofar caighdeánú, deimhniú, ráthaíochtaí tionscnaimh, lipéadú agus cumas trádála ó Bhallstát go chéile, agus leas a bhaint freisin as an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar Chóras Trádála Astaíochtaí AE (ETS) chun scrúdú a dhéanamh ar na hathruithe is gá chun tairbhe iomlán a bhaint as acmhainneacht na hidrigine chun rannchuidiú le spriocanna aeráide AE, agus na rioscaí maidir le sceitheadh carbóin á gcur san áireamh;

12.  á chur i bhfios go láidir go bhfónfadh aicmiú na gcineálacha éagsúla hidrigine inter alia chun faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí agus nach bhfuil sé mar aidhm leis moill a chur ar leathnú hidrigine i gcoitinne; ag tabhairt dá haire, go dtí seo, nach bhfuil infheistíocht leordhóthanach in acmhainneacht bhreise spreagtha leis an gcóras reatha de ráthaíochtaí tionscnaimh le haghaidh leictreachas inathnuaite; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtachaí atá sé treoirlínte a fhorbairt tuilleadh maidir le coinníollacha agus critéir, comhaireamh dúbailte acmhainneachtaí inathnuaite a sheachaint;

13.  á chreidiúint go daingean go bhfuil glacadh an phobail leis ríthábhachtach chun cruthú geilleagair hidrigine a bheith rathúil; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá rannpháirtíocht an phobail agus na ngeallsealbhóirí, caighdeáin sábháilteachta agus theicniúla AE i ndáil le hidrigin, agus réitigh ardchaighdeáin maidir leis an hidrigin lena n-urramaítear na caighdeáin sin; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá prótacail sábháilteachta in earnálacha éilimh a nuashonrú ar bhonn leanúnach maidir le húsáid hidrigine; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí samplaí den dea-chleachtas agus de chultúr na sábháilteachta hidrigine chun cinn ar fud AE;

Ag cur le táirgeadh hidrigine

14.  á thabhairt chun suntais, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach hidrigine go maith agus go hintuartha, nach mór bacainní rialála a shárú agus gur cheart don Choimisiún creat rialála atá comhleanúnach, comhtháite agus cuimsitheach a mholadh go pras, ar creat rialála é ba cheart a ailíniú le reachtaíocht ábhartha eile, agus ar cheart prionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus na rialála níos fearr, lena n-áirítear an tástáil FBM, a urramú go hiomlán leis; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil gá le margadh solúbtha hidrigine ionas go mbeidh na chéad ghníomhaithe nuálacha in ann leas iomlán a bhaint as na sochair agus na costais a bhaineann le táirgeadh hidrigine a laghdú, á chur san áireamh nach bhfuil an margadh hidrigine aibí fós agus nach mór é a uas-scálú;

15.  á chreidiúint go bhféadfadh dearadh mhargadh gáis AE agus Pacáiste an Fhuinnimh Ghlain a bheith mar bhunús agus mar eiseamláir do rialáil an mhargaidh hidrigine; á thabhairt chun suntais, chun táirgeadh feidhmiúil hidrigine a fhorbairt go tapa agus go hintuartha, go n-éilítear pleanáil phoiblí dhaonlathach, lena ndéantar táirgeoirí, oibrithe agus a gceardchumainn, eolaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) a chomhcheangal; á mholadh freisin don Choimisiún agus do na Ballstáit réitigh shonracha a cheapadh chun cur le táirgeadh hidrigine i réigiúin nach bhfuil chomh nasctha nó chomh scoite amach céanna, amhail oileáin, agus forbairt bonneagair ghaolmhair á háirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear trína oiriúnú le haghaidh feidhm eile;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais dhlíthiúla atá riachtanach do gheilleagar hidrigine inbhuanaithe AE a áireamh agus a mheasúnú ina mheasúnuithe tionchair maidir le hathbhreithniú ar an reachtaíocht ábhartha, chun uaillmhian mhéadaithe aeráide AE a bhaint amach agus chun hidrigin in-athnuaite a dhéanamh níos tarraingtí go heacnamaíoch; ag tathant ar an gCoimisiún féachaint, go háirithe, ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh(18) agus ar Threoir ETS, chun machaire comhréidh agus creat rialála don hidrigin a áirithiú a sheasfaidh an aimsir;

17.  á chur in iúl gur geal léi spriocanna uaillmhianacha an Choimisiúin faoina gcuirfear le hacmhainn leictrealóirí agus le táirgeadh na hidrigine inathnuaite; á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár a fhorbairt chun leictrealóirí a chur chun úsáide agus a uas-scálú agus chun comhpháirtíochtaí a chothú ar leibhéal an Aontais chun a n-éifeachtúlacht a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le hualaí riaracháin atá ann cheana agus dreasú a thabhairt do mhéadú an tslabhra luacha agus do ghlacadh na hidrigine in-athnuaite sa mhargadh chun í a aibiú ó thaobh na teicneolaíochta de agus í a dhéanamh iomaíoch trí spreagadh airgeadais agus scéimeanna tiomnaithe cistiúcháin a chur ar fáil, lena n-áirítear réitigh nuálacha amhail préimheanna dreasachta do hidrigine in-athnuaite a chuirtear isteach san eangach hidrigine, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an státchabhair agus trí athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar córais praghsála fuinnimh agus cánachais d’fhonn costais sheachtracha a inmheánú; á chur i bhfáth go bhféadfadh hidrigin in-athnuaite teacht chun bheith iomaíoch roimh 2030, ar choinníoll go mbeidh na hinfheistíochtaí riachtanacha agus creat rialála leordhóthanach i bhfeidhm agus go mbeadh an fuinneamh in-athnuaite iomaíoch;

18.  ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfágfadh geilleagar inbhuanaithe hidrigine go bhféadfaí dlús a chur le hacmhainneachtaí laistigh de mhargadh fuinnimh comhtháite san Aontas; á aithint go mbeidh cineálacha éagsúla hidrigine ar an margadh, amhail hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíocht chun táirgeadh in-athnuaite a uas-scálú tapa go leor chun spriocanna aeráide AE agus spriocanna comhshaoil do 2030 agus 2050 a bhaint amach, agus hidrigin ísealcharbóin á haithint mar theicneolaíocht idirlinne sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid hidrigine ísealcharbóin, a bheag nó a mhór, a bheidh ag teastáil chun críocha dícharbónaithe go dtí gur féidir an ról sin a chomhlionadh le hidrigin inathnuaite amháin, cad iad na cásanna inar féidir déanamh amhlaidh, agus ar feadh cén méid ama; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar bhacainní rialála agus eacnamaíocha chun glacadh gasta hidrigine a chothú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur gá saothrú neamh-inbhuanaithe ar acmhainní, astaíochtaí meatáin leanúnacha, gaibhniú carbóin agus sócmhainní tréigthe a sheachaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart go rannchuideodh úsáid na hidrigine le spriocanna aeráide AE a bhaint amach agus le hidrigine in-athnuaite a fhorbairt a chur chun úsáide go gasta;

19.  á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt láithreán táirgthe hidrigine de bhunús iontaise lonnaithe i gcríocha an aistrithe chóir agus á thabhairt chun suntais gur cheart bearta éifeachtacha tacaíochta a dhíriú ar dhícharbónú tháirgeadh na hidrigine de bhunús iontaise; ag tathant, mar gheall ar bhearta arb é is aidhm dóibh geilleagar hidrigine na hEorpa a fhorbairt, nár cheart na láithreáin táirgthe sin a dhúnadh, ach gur cheart iad a nuachóiriú agus a fhorbairt tuilleadh, rud a rachadh chun tairbhe do na réigiúin trí iompróir fuinnimh inbhuanaithe a tháirgtear go háitiúil a áirithiú, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a éascu, agus rannchuidiú le hathsciliú agus infhostaitheacht bhreise an luchta saothair áitiúil;

20.  á chur i bhfios go láidir gur féidir ról a bheith ag gabháil, stóráil agus úsáid carbóin (CCS/U) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; ag tacú le comhthéacs beartais chomhtháite chun spreagadh a thabhairt d’úsáid feidhmeanna CCS/U atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, lena ndéanfaí glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ionas go mbeidh an tionscal trom aeráidneodrach i gcás nach mbeidh aon roghanna díreacha maidir le laghdú astaíochtaí ar fáil; á áthdhearbhú, mar sin féin, gur cheart, le straitéis an Aontais chun neodracht a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí, tús áite a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha agus do ghníomhaíochtaí lena ndéanfaí linnte agus taiscumair nádúrtha an Aontais a chothabháil agus a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil gá le taighde agus forbairt i dteicneolaíochtaí CCS/U;

21.  á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn geilleagar hidrigine méideanna suntasacha breise fuinnimh in-athnuaite inacmhainne agus an bonneagar comhfhreagrach chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus a iompar chuig láithreáin táirgthe hidrigine agus chun an hidrigin a tháirgtear a iompar chuig na húsáideoirí deiridh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús a chur le hacmhainneacht leordhóthanach fhorlíontach fuinnimh inathnuaite a leathadh amach chun an próiseas leictrithe agus táirgeadh hidrigine in-athnuaite a sholáthar, trí, inter alia, nósanna imeachta ceada a shimpliú, agus chun comhpháirtíochtaí trasteorann a fhorbairt, bunaithe ar na deiseanna atá ag réigiúin éagsúla chun fuinneamh inathnuaite agus hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh;

22.  á mheas, má dhéantar acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite iomchuí a chur chun úsáide i gcomhréir leis an ngá atá le hidrigin in-athnuaite, gur féidir cuidiú le coinbhleacht a sheachaint idir an acmhainneacht is gá le haghaidh leictrithe, leictrilíteoirí agus críocha eile is gá chun spriocanna aeráide AE a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, pleananna an Choimisiúin méadú a dhéanamh ar sprioc an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite agus an straitéis atá molta aige maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta;

23.  á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh; á iarraidh ar na Ballstáit breithniú ar chánacha agus tobhaigh ar fhuinneamh in-athnuaite a laghdú ar fud AE, de réir mar is iomchuí, chun deireadh a chur le muirir dhúbailte cánacha agus táillí ar leictreachas a ghintear ó shaoráidí hidrigine, rudaí atá ina mbacainn ar an hidrigine a chur chun úsáide tuilleadh, agus chun dreasachtaí airgeadais a neartú chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, agus tuilleadh oibre a dhéanamh ag an am céanna i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, le díolúintí cánach agus le díolúintí tobhaigh;

24.  á chur i bhfios go láidir gur féidir hidrigin inathnuaite a tháirgeadh ó roinnt foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail an ghaoth, an ghrian agus an hidreachumhacht (lena n-áirítear taisce pumpála); ag leagan béim ar an bhféidearthacht a bhaineann le láithreáin athfhorbraíochta chun spás a chur ar fáil do tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite; ar an gCoimisiún, i bhfianaise na straitéise maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a foilsíodh le déanaí, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh foinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta an bealach a réiteach d’fhorbairt agus do ghlacadh níos leithne na hidrigine in-athnuaite;

25.  ag leagan béim ar an bhféidearthacht atá ann roinnt láithreán tionsclaíoch atá ann cheana a thiontú ina saoráidí táirgthe hidrigine in-athnuaite; á chur i bhfios go láidir gur gá na láithreáin thionsclaíocha sin a phleanáil go poiblí leis na hoibrithe agus lena gceardchumainn agus, ar an gcaoi sin, an deis a thabhairt, lena n-áirítear d’oibrithe, láithreáin thréigthe a athoscailt go comhpháirteach agus ar bhealach ordúil agus dlíthiúil, mar shampla chun hidrigin a tháirgeadh;

26.  ag tabhairt dá haire gur cheart an t-aistriú chuig córas fuinnimh aeráidneodrach a phleanáil go cúramach, agus túsphointí agus bonneagar an lae inniu, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile, á gcur san áireamh; ag leagan béim ar an bhfíoras gur cheart do na Ballstáit a bheith solúbtha agus bearta tacaíochta á gceapadh acu, lena n-áirítear bearta Státchabhrach, le haghaidh forbairt a ngeilleagar náisiúnta hidrigine; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir le difreáil atá pleanáilte agus maidir le solúbthacht beart tacaíochta;

27.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le méid suntasach acmhainní nádúrtha, amhail uisce, ag teastáil le haghaidh táirgeadh hidrigine agus go bhféadfadh fadhbanna a bheith mar thoradh air sin do réigiúin san AE ina bhfuil an t-uisce gann; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú, an tionchar ar sholáthairtí réigiúnacha uisce a íoslaghdú, bainistiú cúramach acmhainní agus úsáid chúramach talún le haghaidh táirgeadh hidrigine a áirithiú agus aon éilliú uisce, aeir nó ithreach, aon dífhoraoisiú nó aon chaillteanas bithéagsúlachta a sheachaint, mar thoradh ar an slabhra táirgthe a bhaineann le hidrigin;

Rannpháirtíocht na saoránach

28.  á chur i bhfios go láidir go mbeidh ról tábhachtach ag rannpháirtíocht na saoránach i gcur chun feidhme aistrithe fuinnimh atá cothrom, rathúil, rannpháirteach agus cuimsitheach; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh na costais agus na tairbhí a bhaineann le córas comhtháite á gcomhroinnt idir na geallsealbhóirí uile;

29.  á chur i bhfios go láidir gur féidir le comhphobail fuinnimh inathnuaite a bheith rannpháirteach i dtáirgeadh na hidrigine; ag meabhrú na hoibleagáide creat cumasúcháin a chur ar fáil dóibh i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/944(19) agus á iarraidh go mbainfidh siad tairbhe as na buntáistí céanna a mbaineann geallsealbhóirí eile astu;

30.  á chur i bhfáth, chun margadh hidrigine AE a fheidhmíonn go cuí a bheith ann, go bhfuil gá le daoine a bhfuil scileanna speisialaithe acu, go háirithe maidir leis an tsábháilteacht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le córas láidir gairmoiliúna poiblí agus saor in aisce; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a ghlacadh lena ndíreofar ar threoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le cláir thiomnaithe oiliúna a fhorbairt agus a choinneáil ar siúl d’oibrithe, innealtóirí, teicneoirí, agus don phobal i gcoitinne, agus cláir ildisciplíneacha teagaisc a chruthú d’eacnamaithe, d’eolaithe agus do mhic léinn; á chur i bhfáth nach mór níos mó a dhéanamh chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn in earnáil na hidrigine, agus á iarraidh go seolfar tionscnamh AE a bheidh dírithe ar fhostaíocht, ar oiliúint agus ar fhorbairt do mhná, d’fhonn constaicí a bhaint agus líonraí agus samhlacha a fhorbairt;

31.  á chur in iúl gur oth léi nach raibh ról go dtí seo i straitéis hidrigine AE ag straitéisí oiliúna, uas-scilithe agus athoiliúna agus aistriú cóir i dtreo lucht saothair atá ullmhuithe don hidrigin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainneacht na n-oibrithe a bhfuil na scileanna teicniúla acu a úsáidtear sna tionscail atá ann cheana a chaomhnú agus leas a bhaint astu, agus ag meabhrú cheart na n-oibrithe chun oiliúint agus uas-sciliú a fháil le linn uaireanta oibre, agus a bpá á ráthú;

32.  á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil maidir leis na tionchair, na deiseanna agus na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag baint le claochlú na tionsclaíochta agus claochlú earnálacha an iompair agus an fhuinnimh i ndáil le huas-scálú na hidrigine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí earnálacha claochlaithe a fhorbairt i ndáil leis sin, i gcomhar le lucht an tionscail agus le ceardchumainn; á mholadh go ndéanfaí comhpháirtíocht scileanna de chuid AE maidir leis an hidrigin a sheoladh faoin gComhshocrú do Scileanna;

Bonneagar hidrigine

33.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le bonneagar a fhorbairt do tháirgeadh, stóráil agus iompar hidrigine, chun fothú acmhainneachta leordhóthanach a dhreasú, agus chun éileamh agus soláthar a fhorbairt go comhuaineach; á thabhairt chun suntais freisin a thábhachtaí atá sé líonraí hidrigine a fhorbairt a mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach orthu; ag tabhairt dá haire go bhfuil buntáistí a bhaineann le sineirge ag gabháil le táirgeadh agus bonneagar hidrigine a chomhcheangal le gnéithe eile de chórais sholúbtha, ilfhuinnimh amhail aisghabháil teasa dramhaíola ó leictrealú le haghaidh téamh ceantair; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán GTE-F a leasú; á chur in iúl gur mór aici go n-áirítear hidrigin mar chatagóir tiomnaithe bonneagair fuinnimh agus ag tabhairt dá haire gur féidir na sócmhainní hidrigine sin a thógáil as an nua nó a thiontú ó ghás nádúrtha, nó teaglaim den dá cheann a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil córas rialachais nua beartaithe le haghaidh bonneagar a phleanáil a mbeidh baint ag oibreoirí hidrigine leis;

34.  ag tabhairt dá haire, go comhuaineach leis an bhfócas ar bhraislí tionsclaíocha sa chéad chéim, maidir le pleanáil, rialáil agus forbairt an bhonneagair le haghaidh hidrigin a tharchur thar achair níos faide agus le haghaidh stórála, chomh maith le tacaíocht airgeadais leordhóthanach don bhonneagar sin, gur cheart go mbeadh an phleanáil sin á déanamh cheana chun a áirithiú go gcuirfear hidrigin chun úsáide thar roinnt mhaith earnálacha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go gcuirfear bonneagar hidrigine san áireamh amach anseo i bpleananna AE, amhail na Pleananna Forbartha Líonra Deich mBliana;

35.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bonneagar trédhearcach, cuimsitheach agus bunaithe ar an eolaíocht a bheith ann amach anseo, agus pleanáil chomhtháite líonra lena mbainfear leas as treoir ó chomhlachtaí poiblí amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus na gcomhlachtaí eolaíocha; á mholadh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí ríomhanna costais is tairbhe maidir le suíomh an bhonneagair táirgthe, iompair agus stórála hidrigine in-athnuaite agus go scrúdófaí an gá atá le cinn nua a thógáil, chun sócmhainní tréigthe a sheachaint, tionchar dearfach a imirt ar shlite beatha agus ar éiceachórais agus costais do thomhaltóirí a íoslaghdú, agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil tairbhí airgeadais ag baint le saoráidí táirgthe hidrigine a chur gar do láithreáin táirgthe fuinnimh in-athnuaite nó ar an láithreán céanna ar a bhfuil saoráidí éilimh, go háirithe do thomhaltóirí ar mhionscála agus do bhraislí tionsclaíocha, agus go bhfuil tairbhí airgeadais ag baint le hearnálacha éagsúla éilimh a nascadh; á thabhairt chun suntais freisin a thábhachtaí atá comhar trasteorann idir réigiúin agus na Ballstáit chun tacú le tionscadail a chuirfeadh feabhas ar shlándáil an tsoláthair trí chnámh droma hidrigine AE a thógáil, rud ar cheart go ndéanfaí idirnascadh agus idir-inoibritheacht thar na Ballstát a áirithiú leis;

36.  á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit measúnú bunaithe ar an eolaíocht a dhéanamh ar an bhféidearthacht píblínte gáis atá ann cheana féin a oiriúnú le haghaidh iompar hidrigine íne agus le haghaidh stóráil hidrigine faoi thalamh, agus tosca éagsúla á gcur san áireamh, amhail anailís costais is tairbhe, ó thaobh saincheisteanna teicnea-eacnamaíocha agus rialála araon, comhtháthú foriomlán córas agus éifeachtúlacht costais fhadtéarmach; ag tabhairt dá haire, dá ndéanfaí bonneagar gáis atá suite go hiomchuí agus atá ann cheana, nó atá á fhorbairt, a oiriúnú le haghaidh feidhm eile, go bhféadfaí éifeachtúlacht costais a uasmhéadú, úsáid talún agus acmhainní agus costais infheistíochta a íoslaghdú agus an tionchar sóisialta a íoslaghdú; á chur i bhfios go láidir, gur féidir le oiriúnú bonneagair gáis le haghaidh feidhm eile a bheith ábhartha maidir le húsáid hidrigine in earnálacha tosaíochta na dtionscal atá dian ar astaíochtaí, lena n-áirítear naisc idir láithreáin thionsclaíocha agus ionaid iompair ilmhódúla, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le hidrigin a iompar trí na modhanna is éifeachtúla; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh aon bhonneagar gáis a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo comhoiriúnach leis an hidrigin íon; á iarraidh an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar cé hiad na áiteanna ina mbíonn cumasc hidrigine á úsáid faoi láthair agus measúnú eolaíoch a dhéanamh ar an éileamh atá air chun freastal ar riachtanais léirithe hidrigine thionsclaíocha, chomh maith leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis, d’fhonn riachtanais bonneagair a shainaithint, agus sócmhainní sáinnithe á seachaint ag an am céanna;

37.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bonneagar hidrigine a rialáil, go háirithe maidir lena oibriú agus lena cheangal leis an líonra fuinnimh, agus a riachtanaí atá sé seasamh leis an díchuachadh mar phrionsabal treorach le haghaidh dearadh margaí hidrigine, agus á chur san áireamh go bhfuil gá fós leis an margadh hidrigine a fhorbairt; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an díchuachadh chun a áirithiú go gcuirfear táirgí nua nuálacha ar an margadh fuinnimh ar an mbealach is costéifeachtaí; ag tabhairt dá haire, dá ndéanfaí aon mhaolú ar an bprionsabal rialála sin sa mheántéarma, go gcuirfí costas níos airde ná mar is gá ar thomhaltóirí deiridh mar thoradh air sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treoirlínte soiléire a bhunú maidir le húinéireacht píblínte nua agus píblínte atá oiriúnaithe le haghaidh feidhm eile, chun slándáil pleanála a sholáthar;

38.  á chur i bhfáth go bhfuil ról bunriachtanach ó thaobh straitéise de ag calafoirt ilmhódacha mhuirí agus intíre mar chomhthiomsuithe agus moil nuálaíochta chun hidrigin a allmhairiú, a tháirgeadh, a stóráil, a sholáthar agus a úsáid; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le spás do bhonneagar calafoirt agus le hinfheistíocht ann chun úsáid teicneolaíochtaí nua astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur chun cinn ar chóstaí náisiúnta agus ag calafoirt, agus chun slabhra luacha tionsclaíoch a chruthú don hidrigin feadh conairí iompair ilmhódacha;

Éileamh ar hidrigin

39.  ag aithint gur cheart go mbeadh an t-éileamh ar hidrigin dírithe ar earnálacha ina bhfuil úsáid hidrigine gar do bheith iomaíoch nó nach féidir a dhícharbónú faoi láthair ag baint úsáid as réitigh theicneolaíocha eile; ag aontú leis an gCoimisiún gurb iad an tionscal, an t-iompar aeir, an t-iompar muirí agus an t-iompar tromshaothair na príomh-mhargaí don éileamh ar hidrigin; ag creidiúint, maidir leis na hearnálacha sin, gur cheart treochláir d’fhorbairt éilimh, d’infheistíocht agus do riachtanais taighde a bhunú ar leibhéal AE, bunaithe ar staidéir eolaíocha neamhspleácha, agus i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta, agus imthosca aonair na mBallstát agus difríochtaí réigiúnacha maidir le húsáid hidrigine, ullmhacht teicneolaíochta agus bonneagar á gcur san áireamh;

40.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an machnamh a rinne an Coimisiún ar roghanna éagsúla maidir le dreasachtaí ar thaobh an éilimh; ag aontú leis an gCoimisiún go bhféadfaí beartais atá dírithe ar éileamh agus dreasachtaí soiléire do chur i bhfeidhm agus d’úsáid hidrigine in earnálacha an tomhaltóra deiridh chun an t-éileamh ar hidrigin a spreagadh – amhail cuótaí d’úsáid hidrigine inathnuaite i líon teoranta earnálacha sonracha, ráthaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta chun riosca tosaigh na gcomhinfheistíochtaí a laghdú go dtí go mbeidh siad iomaíoch ó thaobh costais de, agus uirlisí airgeadais, lena n-áirítear Conarthaí Difríochta le haghaidh Carbóin (CCfD) do thionscadail ina n-úsáidtear hidrigin inathnuaite nó ísealcharbóin – a mheas ar feadh idirthréimhse chun dícharbónú a chur chun cinn trí hidrigin i gcás ina bhfuil sé sin ríthábhachtach chun iomaíochas na n-úsáideoirí deiridh a chaomhnú ag tabhairt dá haire gur gá a áirithiú go leanfaidh an cúiteamh de bheith comhréireach agus go seachnófar dúbailt na bhfóirdheontas maidir le táirgeadh agus úsáid araon, cruthú riachtanas saorga agus saobhadh margaidh míchuí; á iarraidh go ndéanfar scéim phíolótach maidir le CCfD a fhorbairt go pras, go háirithe do chruach ghlan; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh soláthar poiblí réiteach inbhuanaithe, amhail cruach ghlas le haghaidh tógála nó athchóirithe, rannchuidiú freisin le héileamh inláimhsithe agus intuartha; á chur i bhfáth gur cheart beartais atá dírithe ar éileamh a bheith comhsheasmhach le bearta beartais eile agus a bheith faoi réir measúnú tionchair críochnúil chun éifeachtaí diúltacha ar thionscail dianfhuinnimh a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar iomaíocht idirnáisiúnta a sheachaint;

41.  ag tabhairt dá haire go bhfuil bacainní i gcuid de na creataí rialála atá ann faoi láthair maidir le húsáid hidrigine; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát na creataí rialála sin a oiriúnú chun éileamh ar hidrigin a spreagadh agus chun dídhreasachtaí amhail éiginnteachtaí dlíthiúla a dhíothú;

42.  ag tathant ar an gCoimisiún príomh-mhargaí le haghaidh teicneolaíochtaí hidrigine inathnuaite agus a n-úsáid le haghaidh táirgeadh aeráidneodrach – go háirithe i dtionscail na cruach, na stroighne agus na gceimiceán – mar chuid de nuashonrú agus de chur chun feidhme na Straitéise Tionsclaíche don Eoraip a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an rogha maidir le cruach arna táirgeadh le hidrigin inathnuaite a aithint mar rannchuidiú dearfach chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 le haghaidh flít uile a bhaint amach; ag tathant, sa bhreis air sin, ar an gCoimisiún straitéis AE maidir le cruach ghlan a chur ar aghaidh go luath, ar cheart go ndíreofar go hiomchuí ar úsáid hidrigine inathnuaite;

43.  á mheabhrú go bhfuil earnáil an iompair freagrach as aon cheathrú d’astaíochtaí CO2 in AE agus gurb í an t-aon earnáil nár laghdaíodh astaíochtaí inti i gcomparáid le bonnlíne 1990; á chur i bhfios go láidir acmhainneacht na hidrigine mar cheann de na hionstraimí a úsáidtear chun astaíochtaí CO2 i modhanna iompair a laghdú, go háirithe i gcás ina bhfuil leictriú iomlán níos deacra a bhaint amach nó nach bhfuil sé indéanta go fóill; á chur i bhfáth go bhfuil gá le bonneagar athbhreoslaithe a úsáid chun borradh a chur faoi úsáid hidrigine in earnáil an iompair; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán TEN-T (gréasán tras-Eorpach iompair)(20) agus ar an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha chun a áirithiú infhaighteacht stáisiún athbhreoslaithe hidrigine a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu a áirithiú ar fud AE trí chuspóirí nithiúla a áireamh chun bonneagar hidrigine a chomhtháthú i gcórais iompair; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún bonneagar athbhreoslaithe hidrigine a fhorbairt faoin Straitéis maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha; á chur i bhfios go láidir, sa bhreis air sin, go bhfuil gá le sineirgí a chruthú idir TEN-T, GTE-F agus straitéisí maidir le breoslaí malartacha, rud a fhágfaidh go gcuirfear stáisiúin líonta hidrigine in úsáid de réir a chéile i dteannta na gceanglas teicniúil bunriachtanach agus na gcaighdeán comhchuibhithe bunaithe ar mheasúnú riosca;

44.  á chur i bhfios, de bharr na saintréithe atá aige, go mbeadh sé oiriúnach hidrigin a chur in ionad breoslaí iontaise agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa do chineálacha áirithe iompair a laghdú; á chur i bhfáth gur gné lárnach í hidrigin a úsáid ina foirm íon nó í a úsáid mar bhreosla sintéiseach nó mar bhithcheirisín in ionad ceirisín iontaise le haghaidh na heitlíochta; á chur i bhfios go láidir, sa bhreis air sin, go n-úsáidtear hidrigin cheana féin, go pointe teoranta, in earnáil an iompair, go háirithe in iompar de bhóthar, in iompar poiblí agus i gcodanna sonracha den earnáil iarnróid, go háirithe nuair nach bhfuil leictriú na líne indéanta go heacnamaíoch; á chur i bhfáth go bhfuil gá le reachtaíocht níos láidre chun úsáid breoslaí atá saor ó astaíochtaí, chomh maith le teicneolaíochtaí glana eile, lena n-áirítear hidrigin inathnuaite, a dhreasú agus, a luaithe a bheidh siad ar fáil go hiomlán, b’fhéidir tús a chur lena n-úsáid i bhfeithiclí tromshaothair agus le haghaidh na heitlíochta agus le haghaidh an iompair mhuirí;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún taighde agus infheistíocht a mhéadú faoi chuimsiú na Straitéise maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus a mheas an bhfuil an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite chun machaire comhréidh a áirithiú do na réitigh fuinnimh inathnuaite uile san iompar;

Taighde, forbairt, nuálaíocht agus maoiniú

46.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá taighde, forbairt agus nuálaíocht feadh an tslabhra luacha iomláin agus a thábhachtaí atá sé tabhairt faoi thionscadail taispeántais ar scála tionsclaíoch, lena n-áirítear treoirthionscadail, agus a nglacadh sa mhargadh, maidir le hidrigin inathnuaite a dhéanamh iomaíoch agus inacmhainne agus maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh a thabhairt chun críche, agus cothromaíocht gheografach á háirithiú agus béim ar leith á cur ar réigiúin ar mór a lorg carbóin ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí taighde agus nuálaíochta a spreagadh a bhaineann le tionscadail ardtionchair ar scála mór a chur chun feidhme chun aistriú teicneolaíochta a dhaingniú ar fud an tslabhra luacha hidrigine; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur díol sásaimh di seoladh saotharlanna soghluaisteachta i gcathracha in AE chun turgnaimh inbhuanaithe iompair phoiblí a chur chun cinn atá bunaithe ar úsáid breoslaí malartacha, agus á mholadh go ndéanfar hidrigin a áireamh mar cheann de na breoslaí a úsáidfear chun na turgnaimh sin a dhéanamh;

47.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le méideanna suntasacha airgid a infheistiú chun an cumas táirgthe hidrigine inathnuaite a fhorbairt agus a mhéadú, chun í a dhéanamh iomaíoch agus chun réitigh hidrigine a chothú a bhíonn go minic fós ag na céimeanna luatha forbartha, rud a mbeadh gá freisin le riosca na hinfheistíochtaí hidrigine inathnuaite a mhaolú, mar shampla trí CfD (Conarthaí Difríochta); á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag cláir agus ionstraimí maoiniúcháin AE amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, InvestEU, lena n-áirítear fuinneog nua straitéiseach infheistíochta AE, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, agus an Ciste don Nuálaíocht le haghaidh Scéim an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí maidir le forbairt chomhtháite gheilleagar hidrigine ar fud AE a chothú; á chur i bhfáth, thairis sin, an ról tábhachtach atá ag comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha áitiúla agus réigiúnacha i mborradh a chur faoi hidrigin a fhorbairt agus a ghlacadh;

48.  á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfuil sineirgí ann idir na cistí infheistíochta, na cláir agus na hionstraimí airgeadais uile atá ar fáil, chun comhar a áirithiú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach le haghaidh infheistíochtaí i raon leathan tionscadal; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil laghdú tagtha ar infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, mar a léiríodh i dtuarascáil 2020 maidir le Staid an Aontais Fuinnimh;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis infheistíochta chomhordaithe don fhuinneamh inathnuaite agus don hidrigin a fhorbairt a bheidh ailínithe le straitéisí náisiúnta taighde agus nuálaíochta, agus túsphointí éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh;

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún béim a leagan ar an ról suntasach atá ag FBManna sa straitéis sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le coimircí rialála a áireamh agus le rochtain ar shócmhainní airgeadais agus nuálaíochta a áirithiú, amhail gorlanna agus comhthionscadail taighde, ionas go mbeidh gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna in ann fréamhú i dtionscal na hidrigine; á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain chothrom ar an margadh agus éascú ar iontráil sa mhargadh do na gnóthais sin a áirithiú agus a rannpháirtíocht a chur chun cinn, inter alia trí iad a cheapadh go réamhghníomhach le haghaidh cruinnithe comhstádais agus iad a áireamh i bpróisis chomhairliúcháin phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar riachtanais FBManna agus ar na costais a bhaineann lena bpróisis táirgthe agus a soláthar fuinnimh a dhícharbónú trí hidrigin, agus faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn trí úsáid a bhaint as tacar oiriúnach de príomhtháscairí feidhmíochta chun rannchuidiú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise;

51.  ag cur béim ar an bhfíoras gur ceannaire é AE i monarú leictrealóirí agus gur gá an buntáiste iomaíoch seo a choinneáil agus a chur chun cinn; á chreidiúint gur cheart, le hiarrachtaí taighde agus forbartha AE, díriú ar réimse leathan foinsí agus teicneolaíochtaí nua inathnuaite hidrigine a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail hidrigin ó fhótaisintéis, algaí nó leictrealóirí le sáile, chun leibhéil ullmhachta teicneolaíochta a mhéadú;

52.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan (an Chomhghuaillíocht), na tionscnaimh agus na comhlachais eile maidir le hidrigin inathnuaite, an Fóraim Eorpach maidir le Hidrigin, agus na tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna), mar mhodhanna tábhachtacha chun infheistíocht a fheabhsú sa hidrigin inathnuaite; ag spreagadh na mBallstát, an Choimisiúin agus na n-oibritheoirí eacnamaíocha acmhainneacht IPCEInna a scaoileadh go gasta chun tacú le tionscadail atá ábhartha do gheilleagar hidrigine AE; á iarraidh go mbeidh cur chuige pragmatach ann chun formheas na dtionscadal sin a éascú; á chur in iúl gur díol sásaimh di freisin an plean atá ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh chun táirgeadh hidrigine agus a glacadh go gasta sa mhargadh a éascú;

53.  ag spreagadh na Comhghuaillíochta, i gcomhar leis an gComhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin (Comhghnóthas FCH), chun teacht ar chlár oibre infheistíochta agus ar phíblíne tionscadail ar féidir cur chun feidhme na spriocanna hidrigine a áirithiú a luaithe is féidir; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Chomhghuaillíocht díriú ar hidrigin inathnuaite a fhorbairt agus tiomantas a thabhairt go soiléir do spriocanna aeráide AE 2030 agus 2050 a bhaint amach; á chur i bhfáth gur cheart freisin, leis an gComhghuaillíocht, ionadaíocht chothrom ar gheallsealbhóirí ábhartha uile AE a áirithiú, lena n-áirítear táirgeoirí fuinnimh inathnuaite, eolaithe, saineolaithe neamhspleácha, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhpháirtithe sóisialta; á chur in iúl gur cheart go bhfeabhsófaí nós imeachta cinnteoireachta na Comhghuaillíochta maidir le trédhearcacht agus cuimsitheacht, agus gur cheart go mbeadh an Coimisiún i gceannas ar an bpróiseas sin agus go dtabharfadh comhlacht neamhspleách de shaineolaithe eolaíochta tacaíocht dó, agus go mbeadh sé mar aidhm leis na conairí aistrithe a shainiú agus treoir a chur ar fáil maidir le riachtanais hidrigine; ag tabhairt dá haire go bhfuil moilleanna ann faoi láthair maidir le hobair na Comhghuaillíochta a chur chun feidhme agus ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas;

54.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndearnadh Comhghnóthas FCH a athnuachan faoi Fhís Eorpach; á chur i bhfios a thábhachtaí atá a chuid oibre agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a úsáid mar lárionad inniúlachta le haghaidh hidrigine agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a sholáthar dó chun a ról a imirt maidir le cuspóirí Chomhaontú Glas na hEorpa a bhaint amach; á thabhairt chun suntais gur cheart gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a chur chun cinn ar fud an tslabhra luacha chun úsáid chostéifeachtach cistiúcháin le haghaidh hidrigine agus comhordú níos fearr a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur cheart sineirgí a bhaint amach leis na comhghnóthais in earnáil an iompair chun comhtháthú leormhaith idir teicneolaíocht hidrigine agus bonneagar agus seirbhísí iompair a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an taithí a fuarthas trí Chomhghnóthas FCH agus tuilleadh taighde ar theicneolaíochtaí fuinnimh breosla-chille agus hidrigine a dhreasú;

55.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chuimsiú féideartha d’úsáid hidrigine i gcuspóirí ginearálta na Comhpháirtíochta maidir le Taighde agus le Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) i gcomhréir le tosaíochtaí Fhís Eorpach, chun cumais taighde agus nuálaíochta a neartú agus chun eolas agus comhréitigh nuálacha a fhorbairt ar fud réigiún na Meánmhara;

Comhar idirnáisiúnta maidir le hidrigin

56.  ag cur béim ar an bhfíoras go dtugann ról ceannasach AE i dtáirgeadh teicneolaíochtaí hidrigine deis ceannaireacht thionsclaíoch agus nuálaíocht AE a chur chun cinn ar leibhéal domhanda agus ról AE mar cheannaire domhanda maidir leis an aeráid a atreisiú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart tosaíocht a thabhairt do shlabhra soláthair hidrigine a thógáil in AE chun buntáistí an cheannródaí, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus slándáil soláthair fuinnimh a chothú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil sé mar sprioc táirgeadh intíre hidrigine a mhéadú, agus ag an am céanna ag aithint go bhféadfaidh na Ballstáit freisin, i gcomhréir leis na riachtanais atá acu, féachaint an bhféadfaí fuinneamh, hidrigin agus réamh-tháirgí hidrigine a allmhairiú ó réigiúin chomharsanachta agus ó thíortha neamh-AE, chun freastal ar an éileamh intíre ar hidrigin atá ag dul i méid;

57.  á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit páirt a ghlacadh in idirphlé oscailte agus cuiditheach chun comhar agus comhpháirtíochtaí chun tairbhe cách a bhunú le réigiúin chomharsanachta, amhail an Afraic Thuaidh, an Meánoirthear agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena ndéanfar leasanna straitéiseacha AE agus slándáil fuinnimh AE agus a chomhpháirtithe araon a choimirciú; á chur i bhfios go láidir go mbeadh an comhar sin tairbheach chun margaí teicneolaíochta atá glan agus nua a chruthú trí eolas a aistriú, feabhas a chur ar an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil gá ann athshocrú na dtiochar ar an gcomhshaol, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus aon mhoill ar dhícharbónú na heangaí cumhachta i dtíortha neamh-AE a sheachaint;

58.  á chur i bhfáth gur cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcomhar idirnáisiúnta maidir le hidrigin le tíortha neamh-AE, go háirithe leis an Ríocht Aontaithe, leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, leis an gComhphobal Fuinnimh agus leis na Stáit Aontaithe, arna bhunú ar bhonn rialacha agus prionsabal a n-urramaítear go frithpháirteach amhail rochtain tríú páirtí, díchuachadh úinéireachta, taraifí trédhearcachta agus neamh-idirdhealaitheacha chun an margadh inmheánach agus slándáil fuinnimh a neartú; á chur i bhfáth gur cheart comhar a sheachaint le tíortha neamh-AE atá faoi réir bearta sriantacha AE, amhail smachtbhannaí eacnamaíocha, agus leo siúd nach dtugann ráthaíocht maidir le sábháilteacht, caighdeáin chomhshaoil agus ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh, nó i gcás ina mbainfeadh an comhar sin an bonn de shlándáil AE agus na mBallstát;

59.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a chaighdeáin hidrigine agus a chritéir inbhuanaitheachta a chur chun cinn go hidirnáisiúnta; á iarraidh i ndáil leis sin go bhforbrófar caighdeáin idirnáisiúnta agus go mbunófar sainmhínithe agus modheolaíochtaí comhchoiteanna chun na hastaíochtaí foriomlána ó gach aonad hidrigine a tháirgtear a shainmhíniú, chomh maith le critéir inbhuanaitheachta idirnáisiúnta mar réamhriachtanas d’aon allmhairiú hidrigine agus aon allmhairiú ar réamh-tháirgí hidrigine; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, chun aon sceitheadh carbóin a sheachaint, allmhairí hidrigine uile a dheimhniú ar an mbealach céanna le hidrigin arna táirgeadh in AE, lena n-áirítear táirgeadh agus iompar, agus gur cheart go mbeadh sé comhsheasmhach le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha den Aontas Eorpach amach anseo; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar is gá agus i gclaochlú an bhonneagair atá ann cheana ag calafoirt agus i naisc trasteorann chun hidrigin inathnuaite a allmhairiú; ag spreagadh an Choimisiúin chun ról an euro mar an t-airgeadra tagartha i dtrádáil idirnáisiúnta hidrigine a chur chun cinn;

60.  á mheas gur cheart go mbeadh hidrigin ina gné de chomhar idirnáisiúnta AE, inter alia faoi chuimsiú obair, comhar taighde, taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (IRENA), agus faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

An ról atá ag hidrigin i gcóras fuinnimh comhtháite

61.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le córas fuinnimh comhtháite chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, go n-áirítear hidrigin sa Straitéis um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh ón gCoimisiún; á chreidiúint go bhfuil comhtháthú earnálacha agus iompróirí fuinnimh chomh maith le pleanáil chomhleanúnach na líonraí leictreachais, teasa, gáis agus hidrigine tairbhiúil don inbhuanaitheacht, don aistriú fuinnimh agus do mhargadh dea-fheidhmiúil hidrigine agus fuinnimh; á mheas gur gá níos mó béime a chur ar thionscadail nuálacha lena gcomhcheanglaítear táirgeadh agus aisghabháil leictreachais, hidrigine agus teasa;

62.  ag tabhairt dá haire gur féidir le forbairt an gheilleagair hidrigine rannchuidiú le míchothromaíochtaí sa chóras fuinnimh ina iomláine a laghdú; á athdhearbhú go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag hidrigin ó thaobh fuinneamh a stóráil mar chúiteamh ar luaineachtaí i soláthar fuinnimh inathnuaite agus éileamh ar fhuinneamh inathnuaite; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór forbairt an iompair hidrigine agus an bhonneagair stórála hidrigine a phleanáil, agus an gá le forbairt saoráidí táirgthe fuinnimh a thuar chun barrfheabhsú teicniúil agus eacnamaíoch a áirithiú;

63.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le straitéis uaillmhianach agus thráthúil i gcomhair stóráil fuinnimh trí hidrigin a úsáid i réitigh nuálacha thionsclaíocha agus shoghluaisteachta; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil úsáid hidrigine i gcomhair stóráil fuinnimh iomaíoch go fóill mar gheall ar chostais arda táirgthe agus go meastar faoi láthair go bhfuil caillteanais fuinnimh a bhaineann le stóráil fuinnimh trí bhíthin hidrigine thart ar 60 % maidir le turas fillte mar a thugtar air; á chur i bhfios go láidir arís, dá réir sin, go bhfuil gá leis na costais maidir le táirgeadh hidrigine inathnuaite a laghdú agus machaire comhréidh a chur chun cinn maidir le solúbthacht agus réitigh chomhardaithe ar fud an chórais fuinnimh; ag spreagadh, dá bhrí sin, an Choimisiúin chun anailís a dhéanamh ar roghanna agus ar chumais le haghaidh stóráil hidrigine; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh stóráil hidrigine a bheith faoi réir chórais rialála atá ag teacht salach ar a chéile, eadhon na córais sin a bhaineann le stóráil gáis agus leictreachais, agus á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá an ghné sin a shoiléiriú freisin sa reachtaíocht ábhartha;

o
o   o

64.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig institiúidí uile AE agus chuig na Ballstáit.

(1) IO C 324, 1.10.2020, lch. 41.
(2) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.
(3) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(4) IO L 307, 28.10.2014, lch. 1.
(5) IO L 169, 7.6.2014, lch. 108.
(6) IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.
(7) IO L 348, 20.12.2013, lch. 129.
(8) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0198.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0199.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.
(13) IO C 23, 21.1.2021, lch. 116.
(14) IO C 345, 16.10.2020, lch. 80.
(15) IO C 463, 21.12.2018, lch. 10.
(16) Is é is ‘hidrigin ghlan’ ann, dar leis an gCoimisiún, hidrigin a tháirgtear trí leictrealú uisce le leictreachas ó fhoinsí inathnuaite. Féadfar í a tháirgeadh trí athfhoirmiú bithgháis freisin, nó trí thiontú bithcheimiceach na bithmhaise, má chomhlíontar na ceanglais inbhuanaitheachta leis an bpróiseas.
(17) De réir an Choimisiúin, cuimsíonn ‘hidrigin ísealcharbóin’ hidrigin iontaise a dhéanann gabháil ar dhé-ocsaíd charbóin, agus hidrigin de bhunús leictreachais, a mbaineann laghdú suntasach ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa lena saolré iomlán i gcomparáid le hidrigin a dtáirgtear agus modhanna atá ann cheana á n-úsáid.
(18) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(19) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach don leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais