Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2176(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0153/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0153/2021

Díospóireachtaí :

PV 18/05/2021 - 9
CRE 18/05/2021 - 9

Vótaí :

PV 19/05/2021 - 2
PV 19/05/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0243

Téacsanna atá glactha
PDF 226kWORD 83k
Dé Céadaoin, 19 Bealtaine 2021 - Brussels
Tuarascálacha 2019-202 maidir leis an Tuirc
P9_TA(2021)0243A9-0153/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 ar Thuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún ar an Tuirc (2019/2176(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú (COM(2020)0660) agus do Thuarascáil 2020 ar an Tuirc a ghabhann léi (SWD(2020)0355),

–  ag féachaint don chreat caibidlíochta don Tuirc dar dáta an 3 Deireadh Fómhair 2005, agus don fhíoras, mar is amhlaidh i gcás na dtíortha is iarrthóirí go léir, go bhfuil aontachas na Tuirce leis an Aontas Eorpach ag brath ar chritéir Chóbanhávan a bheith á gcomhlíonadh go hiomlán, agus ar an ngá atá ann a caidreamh le Ballstáit uile an Aontais, lena n-áirítear Poblacht na Cipire, a normalú,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú (COM(2019)0260) agus do Thuarascáil 2019 ar an Tuirc a ghabhann léi (SWD(2019)0220),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),

–  ag féachaint don dearbhú a d’eisigh an Comhphobal Eorpach, mar a bhí an uair sin, agus a Bhallstáit an 21 Meán Fómhair 2005 tar éis an dearbhaithe a rinne an Tuirc ar í Prótacal Ankara a shíniú an 29 Iúil 2005, ina bhfuil foráil ina luaitear gur gné riachtanach den chaibidlíocht é aitheantas a thabhairt do na Ballstáit uile, agus don ghá go rachadh an Tuirc ar aghaidh le normalú a caidrimh leis na Ballstáit uile agus an Prótacal Breise a chur chun feidhme go hiomlán chun Comhaontú Ankara a leathnú chuig na Ballstáit uile trí dheireadh a chur leis na bacainní go léir ar shaorghluaiseacht earraí, lena n-áirítear srianta ar mhodhanna iompair, gan dochar ná idirdhealú,

–  ag féachaint d’Airteagal 46 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ina luaitear go ngabhann na páirtithe conarthacha orthu féin cloí le breithiúnais chríochnaitheacha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) in aon chás inar páirtithe iad, agus, dá bhrí sin, don oibleagáid atá ar an Tuirc breithiúnais uile chúirteanna na hEorpa, lena n-áirítear ECtHR, a chur chun feidhme,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018 agus an 18 Meitheamh 2019 maidir leis an méadú agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, do chonclúidí ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir, do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019, an 1-2 agus an 15-16 Deireadh Fómhair 2020, do ráiteas ó Airí Gnóthaí Eachtracha AE an 15 Bealtaine 2020 agus d’fhíschomhdháil na nAirí dar dáta an 14 Lúnasa 2020 maidir leis an staid sa Mheánmhuir Thoir, do thoradh chruinniú neamhfhoirmiúil Airí Gnóthaí Eachtracha AE in Gymnich dar dáta an 27-28 Lúnasa 2020, agus do na conclúidí ábhartha uile ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach roimhe sin,

–  ag féachaint do ráiteas ó UNESCO an 10 Iúil 2020 maidir le Hagia Sophia, Iostanbúl,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 22 Márta 2021 maidir leis an staid mar atá sa chaidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála idir AE agus an Tuirc (JOIN(2021)0008)

–  ag féachaint do thuarascáil ó Choimisinéir um Chearta an Duine Chomhairle na hEorpa an 19 Feabhra 2020 tar éis di cuairt a thabhairt ar an Tuirc ón 1 go dtí an 5 Iúil 2019,

–  ag féachaint do na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC) maidir leis an gCipir, lena n-áirítear rún 550 (1984) agus rún 789 (1992),

–  ag féachaint do ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 maidir leis an gCeathrú Tuarascáil Bhliantúil ar an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (COM(2020)0162),

–  ag féachaint don Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa, 2020, a d’fhoilsigh Tuairisceoirí gan Teorainneacha, ina rangaítear an Tuirc sa 154ú háit as 180 tír, agus do Thuarascáil Tíre na Tuirce, 2020, ar Innéacs Claochlaithe Bertelsmann,

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Aibreán 2015 maidir le comóradh céad bliain chinedhíothú na hAirméine(1),

–   ag féachaint do na tuairimí ó Choimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa, go háirithe iadsan dar dáta an 10-11 Márta 2017 maidir leis na leasuithe ar an mbunreacht a ghlac an Mórthionól Náisiúnta an 21 Eanáir 2017 agus a mbeidh reifreann náisiúnta orthu an 16 Aibreán 2017, maidir leis na bearta i nDlí úr na Foraithne Éigeandála i ndáil le saoirse na meán, agus maidir le dualgais, inniúlachtaí agus feidhmiú na breithiúnachta coiriúla síochána, dar dáta an 6-7 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha Dhlí Foraithne Éigeandála Uimh. 674 dar dáta an 1 Meán Fómhair 2016 i dtaca le feidhmiú an daonlathais áitiúil sa Tuirc, dar dáta an 9-10 Nollaig 2016 maidir le Dlíthe Foraithne Éigeandála Uimh. 667-676 arna nglacadh tar éis an coup nár éirigh leis dar dáta an 15 Iúil 2016, agus dar dáta an 14-15 Deireadh Fómhair 2016 maidir le fionraí an dara mír d’Airteagal 83 den Bhunreacht (dosháraitheacht pharlaiminteach),

–  ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Tuirc, go háirithe iadsan dar dáta an 13 Márta 2019 maidir le Tuarascáil 2018 ón gCoimisiún ar an Tuirc(2), dar dáta an 19 Meán Fómhair 2019 maidir leis an staid sa Tuirc, go háirithe briseadh na méaraí tofa(3), dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le hoibríocht mhíleata na Tuirce in oirthuaisceart na Siria agus iarmhairtí na hoibríochta sin(4), agus dar dáta an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le hullmhú chruinniú mullaigh speisialta na Comhairle Eorpaí maidir leis an ngéarú contúirteach agus ról na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir(5), agus dar dáta an 26 Samhain 2020 maidir leis an teannas atá ag géarú in Varosha de dhroim na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha ag an Tuirc agus maidir leis an ngá práinneach atá ann dul i mbun na gcainteanna athuair(6),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0153/2021),

A.  de bhrí go bhfuil an Tuirc nasctha leis an Aontas trí chomhaontú comhlachais ó bhí 1964 ann(7) agus de bhrí gur bunaíodh aontas custaim in 1995; de bhrí gur dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir ar an Tuirc i mí na Nollag 1999 agus de bhrí gur cuireadh tús le caibidlíochtaí aontachais in 2005; de bhrí, ó bhí 1999 ann, go bhfuil ag an Tuirc an múnla caidrimh is uaillmhianaí agus is dúshlánaí ar an dá thaobh is féidir leis an Aontas a thairiscint do thír, eadhon stádas tír is iarrthóir chun bheith mar bhall den Aontas; de bhrí, mar thír is iarrthóir agus mar chomhpháirtí tábhachtach den Aontas, go bhfuiltear ag dréim leis go n-urramóidh an Tuirc critéir Chóbanhávan, agus go seasfaidh sí leo, agus go seasfaidh sí leis na caighdeáin is airde ó thaobh an daonlathais de, leis an urraim do chearta an duine agus leis an smacht reachta, lena n-áirítear na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ar aontaigh an tAontas dóibh a chomhlíonadh; de bhrí go dtoimhdíonn an méid sin gur gá gealltanas a thabhairt, go follasach, faoi chuimsiú próiseas aontachais atá ag teacht chun cinn, go ndéanfar na hathchóirithe is gá faoi na caibidlí oscailte éagsúla agus gur gá, dá bhrí sin, ailíniú a dhéanamh diaidh ar ndiaidh le acquis AE agus aghaidh a thabhairt, i ngach gné, ar luachanna, leasanna, caighdeáin agus beartais AE; de bhrí gurb é atá i gceist le bheith mar thír is iarrthóir ná gur gá dea-chaidreamh comharsanachta le AE agus a Bhallstáit a shaothrú agus a choinneáil as éadan; de bhrí, mar thír is iarrthóir, agus faoi chuimsiú an phróisis comhlachais, go ndearna an Tuirc roinnt athchóirithe tábhachtacha, agus, mar gheall ar na hathchóirithe sin, go raibh dóchas ann, ar feadh tréimhse ama, go ndéanfaí dul chun cinn i dtreo ballraíocht den Aontas a bhaint amach; de bhrí, le linn na mblianta sin go léir, gur thacaigh AE go láidir leis an bpróiseas comhlachais, ó thaobh na polaitíochta agus an airgeadais de;

B.  de bhrí go bhfuil urraim do phrionsabail an smachta reachta agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear go háirithe scaradh na gcumhachtaí agus an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireacht eagraithe, an tsaoirse comhlachais agus agóid shíochánta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus cearta mionlach eitneach agus cearta mionlach agus pobal eile, ina gné bhunriachtanach den dea-chaidreamh idir AE agus an Tuirc;

C.  de bhrí go léirítear in anailís ar na tuarascálacha ón gCoimisiún ar an Tuirc ó bhí 2014 ann, go háirithe tuarascáil 2019 agus tuarascáil 2020 uaidh, go bhfuil an Tuirc, ar an drochuair, á dealú féin mó sa mhó agus go mear ó luachanna agus creat normatach an Aontais, in ainneoin go mbeifí ag dréim lena mhalairt ó thír is iarrthóir, ní hamháin trí chúlú daonlathach intíre, ach, chomh maith leis sin, trí bhearta ionsaitheacha maidir leis an mbeartas eachtrach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i gcoinne Bhallstáit AE; ag tabhairt dá haire go maítear sna tuarascálacha sin nach ndearna an Tuirc na moltaí sna tuarascálacha roimhe sin a chur chun feidhme, rud a thugann le fios go bhfuil easpa tiomantais ann i gcás na Tuirce agus a chaitheann amhras ar mhian na Tuirce aontú don Aontas; de bhrí go bhfuil imní freisin ar eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail Comhairle na hEorpa agus eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine faoin gcúlú sa Tuirc, agus go bhfuil sé cáinte acu chomh maith; de bhrí go bhfuil líon méadaitheach na gcásanna agus na rialuithe criticiúla ó ECtHR ina léiriú ar an méid sin freisin; de bhrí gur tugadh an cúlú sin faoi deara i dtrí phríomhréimse: meath ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha, an creat institiúideach agus athchóirithe gaolmhara, agus beartas eachtrach atá ionsaitheach mó sa mhó agus atá bunaithe ar roghanna míleata seachas ar idirphlé agus ar thaidhleoireacht; de bhrí, i ngach ceann de na trí réimse sin, gur léir go bhfuiltear ag imeacht ó chaighdeáin, beartais agus leasanna an Aontais;

D.  de bhrí, sa tuarascáil bhliantúil uaithi roimhe seo, gur chuir an Pharlaimint i bhfáth go raibh imní uirthi faoin méid a bhí ag titim amach sa Tuirc agus faoin gcúlú tromchúiseach agus gur iarr sí ar an Tuirc staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh a bheadh ina sárú ar cheannasacht agus cearta ceannasacha Bhallstáit AE, agus freisin ó aon saighdeadh a dhéanfadh dochar don ionchas i leith idirphlé cuiditheach agus ionraic a bheith ann, agus gur iarr sí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an chaibidlíocht aontachais leis an Tuirc a chur ar fionraí go foirmiúil i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta; de bhrí go bhfuil an Pharlaimint tiomanta i gcónaí d’idirphlé daonlathach agus polaitiúil leis an Tuirc; de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís is arís eile go n-osclófaí Caibidil 23 maidir leis na Breithiúna agus Cearta Bunúsacha agus Caibidil 24 maidir le Ceartas, Saoirse agus Slándáil tráth a gheall Rialtas na Tuirce athchóirithe dáiríre a dhéanamh; de bhrí go bhfuil an cistiú réamhaontachais don Tuirc laghdaithe go mór ag an bParlaimint, i bhfianaise a chúlaithe dhaonlathaigh agus a neamhábaltachta cloí leis an smacht reachta; de bhrí go bhfuil sé tugtha le fios ag an gCoimisiún, ó thaobh acmhainní airgeadais do chláir sa Tuirc de, nach bhfuil ach an méid is lú tacaíochta á thairiscint anois ag an Aontas don tsochaí shibhialta agus do gheallsealbhóirí ábhartha, amhail iriseoirí agus cosantóir chearta an duine;

E.  de bhrí, in ainneoin an tseasaimh phrionsabálta sin ón bParlaimint agus in ainneoin na gcúinsí reatha go léir, gur thairg an Chomhairle Eorpach, i gconclúidí uaithi an 1-2 Deireadh Fómhair 2020, clár oibre dearfach athnuaite agus leathan don Tuirc, ar choinníoll go leanfaí de na hiarrachtaí cuiditheacha ón Tuirc ar stad a chur le ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha vis-à-vis an Ghréig agus an Chipir, go ndéanfaí lamháltais fhrithpháirteacha, go n-ísleofaí an teannas agus go dtiocfadh deireadh leis an iompar ionsaitheach chun iarracht a dhéanamh athuair ar an gcaidreamh eadrainn a athbhunú; de bhrí, sna conclúidí céanna, gur thug an Chomhairle Eorpach chun suntais gurb amhlaidh, i gcás gníomhaíochtaí aontaobhacha nó saighdeadh de shárú ar an dlí idirnáisiúnta ag an Tuirc, a úsáidfidh AE na hionstraimí agus na roghanna uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun a leasanna féin agus leasanna a Bhallstát a chosaint, agus chun cinntí a dhéanamh de réir mar is iomchuí; de bhrí gur chomhaontaigh an Tuirc le deireanas dul i mbun réamhchainteanna athuair leis an nGréig chun féachaint le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach a bhfuil difear á dhéanamh acu don chaidreamh idir an Tuirc agus an Ghréig agus maidir le cearta ceannasacha na Gréige; de bhrí gur forbairt dhearfach é sin agus go bhféadfadh sé gur tús tréimhse nua idirphlé agus comhair idir an Tuirc agus AE agus a Bhallstát é; de bhrí go mbeadh níos mó céimeanna dearfacha agus tionscnamh, agus, thar aon ní eile, fíorghníomhaíochtaí, seachas dearbhuithe, ag an Tuirc ina rannchuidiú mór le tuiscint athnuaite dá bhfuil i ndán don chaidreamh déthaobhach; de bhrí, faoi na himthosca sin, go bhfuil sé tábhachtach cothú muiníne agus machnamh níos leithne ar a bhfuil i ndán don chaidreamh idir an Tuirc agus AE a chur chun cinn agus a fhágáil gur féidir na hardmhianta agus na hionchais vis-à-vis an caidreamh idir AE agus an Tuirc a bhaint amach tríd an taidhleoireacht, agus fós leibhéal ard forairdill agus idirphlé maidir le staid na gceart daonna sa Tuirc a choinneáil;

Measúnú ginearálta ar an bpróiseas aontachais

1.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, gurb amhlaidh, le blianta beaga anuas, tar éis go bhfuil an Tuirc ina tír is iarrthóir, atá Rialtas na Tuirce á dhealú féin mó sa mhó agus go leanúnach ó luachanna agus caighdeáin AE; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, sa bhreis air sin, atá an caidreamh idir AE agus an Tuirc níos measa anois ná mar a bhí riamh mar gheall ar ghníomhaíochtaí aontaobhacha sa Mheánmhuir Thoir mar aon le ráitis láidre, agus conspóideacha ar uairibh, i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát, agus gurb amhlaidh atá sé chomh dona sin go gcaithfidh an dá chomhpháirtí athmheasúnú suntasach a dhéanamh ar riocht an chaidrimh sin agus a chreata, chun an t-idirphlé a athbhunú i gcomhthéacs iontaoibh fhrithpháirteach agus comhair agus chun bunchúiseanna na gcoinbhleachtaí reatha a réiteach go héifeachtach;

2.  ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar gheall ar easpa tola polaitiúla na Tuirce na hathchóirithe is gá faoin bpróiseas aontachais a dhéanamh agus ar a mainneachtain aghaidh a thabhairt ar mhórábhair imní an Aontais faoin smacht reachta agus cearta bunúsacha, atá difear domhain agus diúltach á dhéanamh don phróiseas aontachais agus dá ionchais, rud a fhágann go bhfuil an idirbheartaíocht ina sainghné den chaidreamh idir AE agus an Tuirc mó sa mhó agus go bhfuil sé á mhúnlú ag imthosca arb ar éigean atá siad ina léiriú ar an bhformáid bhunaidh bheartaithe don ailíniú céimseach agus forchéimnitheach le tagarmharcanna réamhchinntithe; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dá thoradh sin, faoi chuimsiú na caibidlíochta aontachais, nár osclaíodh ach 16 de na 35 chaibidil agus nach ndearnadh ach aon chaibidil amháin a dhúnadh go sealadach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gurb amhlaidh, faoi na himthosca reatha, atá caibidlíocht aontachais na Tuirce ina stad a bheag nó a mhór, ar an drochuair;

3.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an easpa dul chun cinn i gcóineasú na Tuirce athraithe ina tharraingt siar iomlán le himeacht na mblianta, agus go bhfuil cúlú lom i dtrí phríomhréimse i gceist: (i) cúlú i ndáil leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha, (ii) athchóirithe institiúideacha cúlchéimnitheacha a ghlacadh agus (ii) beartas eachtrach ionsaitheach agus naimhdeach a shaothrú, lena n-áirítear i leith an Aontais agus a Bhallstát, go háirithe an Ghréig agus an Chipir; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin go bhfuil insint fhollasach, agus ionsaitheach ar uairibh, frith-AE ag gabháil leis an gcúlú sin mó sa mhó, atá á léiriú ag oifigigh rialtais ardleibhéil, lena n-áirítear an tUachtarán, agus atá á géarú sa tír ag eagraíochtaí meán atá ar son an rialtais; á iarraidh ar an Tuirc, sa chomhthéacs sin, measúnú a dhéanamh an athuair ar ionracas a thiomantais do chaidreamh agus ailíniú níos dlúithe leis an Aontas agus do chonair an Aontais, agus an t-ionracas sin a léiriú go hinchreidte, ar an ábhar gur gné bhunriachtanach é sin d’inmharthanacht an phróisis aontachais iomláin;

4.  á chur i bhfáth nach féidir le haon dreasacht a d’fhéadfadh AE a thairiscint teacht in ionad an tola polaitiúla sa Tuirc, ar toil í a bhfuil géarghá léi, urraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha a áirithiú agus, i bhfad na haimsire, a bheith ina ball den Aontas; ag meabhrú go bhfuil an próiseas aontachais ina phróiseas fiúntas-bhunaithe atá ag brath ar dhul chun cinn oibiachtúil agus tiomantas follasach do chritéir Chóbanhávan, dea-chaidreamh comharsanachta le Ballstáit AE agus luachanna AE; ag aithint na straitéise leanúnaí oscailteachta agus dea-thola arna glacadh ag an Aontas, a áiríodh le deireanas sa chlár oibre dearfach athnuaite arna thíolacadh ag an Comhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2020; ag aithint, thairis sin, go bhfuil iarrachtaí taidhleoireachta ar bun ag an Aontas a bhfuil sé mar aidhm leo idirphlé fíor agus éifeachtach leis an Tuirc a athmhúscailt;

5.  ag aithint go bhfuil an easpa torthaí sa phróiseas aontachais, ar próiseas é atá marbhánta mó sa mhó, ina siocair le tuirse ar an dá thaobh agus le scoiteacht fhorchéimnitheach mar aon le neamhaird ghéaraithe ag údaráis na Tuirce de thorthaí phróiseas an Choimisiúin um fhaireachán dul chun cinn agus de rúin na Parlaiminte; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, gur lean an Chomhairle de bhac a chur ar oscailt Chaibidil 23 maidir leis na Breithiúna agus Cearta Bunúsacha agus Chaibidil 24 maidir le Ceartas, Saoirse agus Slándáil tráth a gheall Rialtas na Tuirce athchóirithe dáiríre a dhéanamh (cé nach ndearna sé iad) agus a d’fhéadfadh sé tagarmharcanna soiléire a úsáid; á thabhairt chun suntais, áfach, nach féidir bac na Comhairle a bheith ina leithscéal leis an gcúlú a rinneadh le blianta beaga anuas; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an próiseas aontachais ina chríoch ann féin;

6.   á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach ón bParlaimint, nach bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas, ach a mhalairt ar fad, maidir le beartais intíre, institiúideacha agus eachtracha; á áitiú go láidir, dá bhrí sin, mura gcuirtear an treocht reatha ar mhalairt slí go práinneach agus go comhsheasmhach, gur cheart don Aontas a mholadh, i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta ó Dheireadh Fómhair 2005, go gcuirfí an chaibidlíocht aontachais leis an Tuirc ar fionraí go foirmiúil, ionas go bhféadfaidh an dá thaobh athbhreithniú a dhéanamh, ar bhealach réalaíoch agus trí idirphlé ardleibhéil struchtúrtha agus cuimsitheach, ar oiriúnacht an chreata atá ann faoi láthair agus ar a chumas feidhmiú, nó, más gá, féachaint ar shamhlacha féideartha nua don chaidreamh a bheidh ann amach anseo; ag aithint, in aon chás, gur cheart dul den chaibidlíocht ar bhealach bona fide agus nár cheart í a chur i mbaol ná a chur ar ceal bunaithe ar chúiseanna cultúrtha nó reiligiúnacha amháin;

7.  á chur in iúl gur oth léi an easpa tuisceana atá ann faoi láthair idir AE agus an Tuirc, ach ag athdhearbhú go bhfuil sí suite de gur tír í an Tuirc lena roinneann ábharthacht straitéiseach ó thaobh na polaitíochta, an gheilleagair agus an bheartais eachtraigh de, gur comhpháirtí í atá lárnach do chobhsaíocht an réigiúin ina iomláine, agus gur comhghuaillí í lenar mian le AE an caidreamh is fearr is féidir a shaothrú, lena n-áirítear laistigh de ECAT agus d’fhonn timpeallacht chobhsaí agus dhaingean a chruthú sa Mheánmhuir Thoir bunaithe ar idirphlé maith, tiomantas, urraim agus iontaoibh fhrithpháirteach; ag athdhearbhú gur spéis léi ailíniú straitéiseach agus comhar cuiditheach a bheith aici bunaithe ar luachanna agus leasanna comhroinnte i réimsí amhail an beartas eachtrach agus an tslándáil, an geilleagar, an trádáil, an imirce, an t-athrú aeráide agus an digiteáil; á chur in iúl gur cúis díomá di go bhfuil an t-ionchas sin chun dea-chaidrimh á chur ó rath mar gheall ar bheartas reatha cheannaireacht na Tuirce, lena n-áirítear trí mheon díchobhsaitheach na Tuirce sa réigiún agus a gníomhaíochtaí aontaobhacha le neamhaird ar an dlí idirnáisiúnta;

8.  á chur in iúl gur toil léi an t-eolas agus an tuiscint fhrithpháirteach idir sochaí na Tuirce agus sochaithe Bhallstáit an Aontais a neartú agus a dhoimhniú, agus fós fás cultúrtha agus malartuithe soch-chultúrtha a chur chun cinn agus gach léiriú den chlaontacht shóisialta, reiligiúnach, eitneach nó chultúrtha, agus den éadulaingt shóisialta, reiligiúnach, eitneach nó chultúrtha, a chomhrac; ag athdhearbhú go láidir go bhfuil AE agus a Bhallstáit, thar aon ní eile, ina gcairde agus ina gcomhpháirtithe leis an Tuirc agus le muintir na Tuirce, lena bhfuil naisc tráchtála, chultúrtha agus stairiúla dhoimhne ag an Aontas; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do leanúint de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta neamhspleách na Tuirce, cibé cúinsí agus creat caidrimh a bheidh ann amach anseo; á chreidiúint, mar sin féin, go bhfuil an próiseas aontachais fós ar an uirlis is cumhachtaí dá bhfuil ann chun brú normatach a chur ar rialtas na Tuirce, mar aon le hidirphlé cuiditheach a chothú leis, agus gurb é an creat is fearr é chun seasamh le mianta shochaí na Tuirce, ar mianta iad atá daonlathach agus atá ar son na hEorpa, agus chun cóineasú le AE agus a Bhallstáit maidir le beartais agus caighdeáin, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha, a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur ar éigean a chuirfidh caidreamh idirbheartaíochta amháin le dul chun cinn na Tuirce i dtreo samhail níos daonlathaí agus gurb amhlaidh, sa dara cás, a bheidh gá le toil pholaitiúil ar an leibhéal polaitiúil is airde;

9.  á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé, i gcomhthráth le hacmhainneacht idirphlé ar an leibhéal institiúideach, dlúthnaisc feidhmiúla le sochaí na Tuirce a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta bhríomhar sa Tuirc agus dá hiarrachtaí ar son an daonlathais, agus leanúint de bheith ag tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Tuirc trí ionstraimí airgeadais ábhartha, lena n-áirítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), óir d’fhéadfadh na heagraíochtaí sin a fhágail gur ann don toil pholaitiúil is gá chun bonn láidir do phróiseas lánpháirtíochta AE a thógáil; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sí ag éileamh go mbainisteodh AE cisitiú IPA le haghaidh athchóirithe polaitiúla sa Tuirc agus go leanfadh sé de bheith ag díriú ar idirphlé a chothú agus ar thacaíocht a sholáthar don tsochaí shibhialta, do ghníomhaithe neamhstáit agus do theagmhálacha idirphearsanta, fad nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ag an tír maidir leis an daonlathas, maidir leis an smacht reachta agus maidir le cearta an duine; ag moladh go mbunófar sásra idirphlé chuidithigh nua agus láithreach le sochaí shibhialta na Tuirce chun muinín fhrithpháirteach a chothú agus chun mianta shochaí na Tuirce, ar mianta iad atá daonlathach agus atá ar son na hEorpa, a chothú, chun tacú le malartuithe go háirithe maidir leis an daonlathú, maidir le cearta an duine, maidir leis an smacht reachta, maidir leis an dea-rialachas, maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe agus maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus fós ag brath ar chistiú leormhaith ón Aontas le haghaidh torthaí éifeachtacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS leanúint de bheith ag tacú le daoine óga sa Tuirc trí bhíthin ionstraimí airgeadais ábhartha agus tríd an rannpháirtíocht i gclár Erasmus+ agus scoláireachtaí Jean Monnet a leathnú, d’fhonn tacaíocht a thabhairt, inter alia, don chomhar taighde agus don chomhrac coiteann i gcoinne an athraithe aeráide, do chosaint an chomhshaoil agus do chumhachtú na mban sa tsochaí agus sa ghnó;

An smacht reachta agus cearta bunúsacha

10.  á chur in iúl gur oth léi go mór an cúlú tromchúiseach maidir le saoirsí bunúsacha lena léirítear drochstaid chearta an duine sa Tuirc agus creimeadh leanúnach an daonlathais agus an smachta reachta, de shárú ar chritéir Chóbanhávan;

11.  á chreidiúint nach féidir an réimse bunriachtanach sin de chearta agus saoirsí bunúsacha, atá i gcroílár an phróisis aontachais, a dhícheangal ná a scaradh ón gcaidreamh foriomlán agus gurb é an príomhbhac i gcónaí é ar dhul chun cinn ar aon chlár oibre dearfach a d’fhéadfaí a thairiscint don Tuirc, ar cheart é sin a bheith ag brath freisin ar urramú iomlán an dlí idirnáisiúnta agus phrionsabal bunúsach an dea-chaidrimh comharsanachta agus an chomhair réigiúnaigh;

12.   á chur i bhfáth go raibh meath ag teacht ar shaoirsí bunúsacha sa Tuirc roimh thréimhse na staide éigeandála a fógraíodh tar éis na hiarrachta ar coup in 2016, agus ag athdhearbhú go gcáineann sí go láidir an iarracht sin; á mheas gur féidir údar a bheith le bearta urghnácha faoi imthosca eisceachtúla, amhail iarracht ar coup, ach go gcaithfidh siad a bheith comhréireach agus teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de; ag tabhairt dá haire, agus é ina mhórábhar imní di, gurb amhlaidh, in ainneoin gur cuireadh deireadh leis an staid éigeandála sin go foirmiúil i mí Iúil 2018, atá raidhse forálacha dlíthiúla agus gnéithe sriantacha den riail éigeandála inchorpraithe sa dlí agus go bhfuil, dá bhrí sin, tionchar na staide éigeandála ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha fós le brath go láidir, tar éis nach bhfuil an bhagairt eisiach sin ann le fada an lá, ar an dea-uair;

13.  á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil an riail smachtúil sin anois ina beartas stáit d’aon ghnó, gan staonadh agus córasach, lena gcuimsítear aon ghníomhaíocht chriticiúil, amhail gníomhaíochas polaitiúil síochánta ar shaincheisteanna is cás leis an bpobal Coirdíneach agus leis an bpobal Aléibhí, agóidí agus léirsithe síochánta arna reáchtáil ag iaroibrithe san earnáil phoiblí, gníomhaíthe ar son cearta ban agus LADTI agus íospartaigh na staide éigeandála, nó fiú imeachtaí a tharla roimh an iarracht ar coup, amhail agóidí Gezi;

14.  á chur in iúl gur oth léi gurb iad na forálacha frithsceimhlitheoireachta reatha atá róleathan agus mí-úsáid na mbeart frithsceimhlitheoireachta an ghné is tábhachtai den bheartas stáit sin maidir le cearta an duine agus cáineadh ar bith sa tír a chur faoi chois, le comhar comhpháirteach an bhrainse bhreithiúnaigh nach bhfuil in ann, nó nach bhfuil toilteanach, srian a chur le haon mhí-úsáidí ar an ord bunreachtúil; á chur in iúl gur oth léi go sáraíonn an coincheap leathan sin den sceimhlitheoireacht prionsabal bunúsach na freagrachta aonair trí líomhaintí cineálacha comhchoiteanna; ag tabhairt dá haire, agus é ina mhórábhar imní di, go bhfuil daoine á gcarcrú i gcónaí, lena n-áirítear iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus an fhreasúra pholaitiúil, arna gciontú nó arna gcoimeád faoi choinneáil réamhthrialach i gcúiseanna a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, go háirithe as ballraíocht líomhnaithe in eagraíocht sceimhlitheoireachta, bunaithe ar fhianaise ghann; á chur in iúl gur mórchúis bhuartha di gurb amhlaidh, mar a luadh le linn ghlacadh an Athbhreithnithe Théimhsiúil Uilíoch, nach bhfuil aon phleananna ag údaráis na Tuirce an Dlí maidir le Frithsceimhlitheoireacht a leasú tuilleadh; ag tathant ar an Tuirc, dá bhrí sin, a reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta chun cosaint éifeachtach ceart agus saoirsí bunúsacha agus comhréireacht agus comhionannas faoin dlí a áirithiú; ag aithint go bhfuil ábhair imní slándála dlisteanacha ag an Tuirc agus go bhfuil sé de cheart aici an sceimhlitheoireacht a chomhrac; á chur i bhfáth, mar sin féin, nach mór é sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha; á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir agus go soiléir na hionsaithe sceimhlitheoireachta foréigneacha a rinne Páirtí Oibrithe na Cordastáine (PKK), atá ar liosta an Aontais d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ó 2002 i leith; ag déanamh comhbhrón ó chroí le pobal na Tuirce agus go háirithe le muintir an triúr saoránach Turcach a maraíodh san ionsaí sceimhlitheoireachta in Gara na hIaráice i mí Feabhra 2021;

15.  á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil srianta éigeandála iomadúla fós i bhforálacha agus bearta frithsceimhlitheoireachta na Tuirce agus go leanann siad d’éifeacht dhíobhálach a bheith acu, dá bhrí sin, ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, lena n-áirítear trí ráthaíochtaí maidir le próis chuí a shrianadh, fad na coinneála réamhthrialach a fhadú agus a fhágáil gur féidir leanúint d’oifigigh poiblí a dhífhostú mar gheall ar naisc líomhnaithe le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta;

16.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an ghluaiseacht chiníoch antoiscigh den eite dheas Ülkücü, ar a dtugtar na ‘Mic Tíre Liatha’ agus atá nasctha go dlúth leis an bpáirtí comhghuaillíochta rialaithe MHP (Páirtí na Gluaiseachta Náisiúnta), ag leathadh ní hamháin sa Tuirc ach i mBallstáit an Aontais Eorpaigh freisin; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit féachaint an bhféadfaí na Mic Tíre Liatha a chur ar liosta sceimhlitheoirí an Aontais, cosc a chur ar a gcomhlachais agus ar a n-eagraíochtaí i dtíortha an Aontais, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus cur i gcoinne a dtionchar, rud a chuireann i mbaol go háirithe daoine a bhfuil cúlra Coirdíneach, Airméanach nó Gréagach acu, agus aon duine a mheasann siad atá mar chéile comhraic dóibh;

17.  á mheas go bhfuil creimeadh an smachta reachta agus easpa córasach neamhspleáchais na mbreithiúna fós ar dhá cheann de na saincheisteanna is práinní agus is mó imní; ag cáineadh an mhéadaithe ar an bhfaireachas atá á dhéanamh ag an bhfeidhmeannas agus an bhrú pholaitiúil a dhéanann difear d’obair na mbreithiúna, na n-ionchúisitheoirí, na ndlíodóirí agus na gcumann barra; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil olcas ag teacht ar fhadhbanna struchtúracha a bhaineann leis an neamhspleáchas institiúideach a bheith go láidir ag an bhfeidhmeannas agus gann ag na breithiúna; á chur in iúl gur bagairtí tromchúiseacha ar an smacht reachta iad easpa neamhspleáchais na mbreithiúna, mar aon le héifeacht scáfar an olldhífhostú a rinne an rialtas le blianta beaga anuas, agus go mbaineann sé an bonn ó chumas na mbreithiúna ina n-iomláine leigheas éifeachtach a chur ar fáil ar sháruithe ar chearta an duine, i ndáil le bearta a rinneadh faoi staid éigeandála, agus i gcoitinne; á chur in iúl gurb oth léi nach mbeidh an straitéis um athchóiriú breithiúnach agus na trí phacáiste reachtacha a thiocfaidh ina dhiaidh sin in ann na cuspóirí sonraithe a bhaint amach, go háirithe mura gcruthaíonn siad athruithe iarbhír in iompar ionchúisitheoirí poiblí agus má leantar le rúin chúirte a bheith ag sárú na gcaighdeán idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hathchóiriú tromchúiseach a dhéanamh ar bhrainsí reachtacha agus breithiúnacha na cumhachta chun rochtain ar an gcóras ceartais a fheabhsú, chun a éifeachtacht a mhéadú agus chun cosaint níos fearr a chur ar fáil don cheart chun trialach córa laistigh de thréimhse réasúnach ama;

18.  ag cáineadh go ndearnadh briseadh as oifig, aistriú mórscála agus baint éigeantach ar thart ar 30% de bhreithiúna agus ionchúisitheoirí de chuid na Tuirce, rud a chuireann leis an imeaglú, leis an bhféinchinsireacht agus leis an meath ar cháilíocht fhoriomlán na gcinntí breithiúnacha; á mheabhrú gur cheart go mbeadh aon dífhostú agus ceapacháin laistigh de na breithiúna faoi réir grinnscrúdú beacht ar leith, gur cheart cosc a chur ar an mbrainse feidhmiúcháin cur isteach ar na breithiúna nó iarracht a dhéanamh tionchar a imirt orthu agus gur cheart go n-urramódh ceapadh na mbreithiúna prionsabail an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta; á chur in iúl gurb oth léi go mór gur dhiúltaigh an Tuirc, agus toradh an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoiteann á ghlacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020, glacadh leis na moltaí leasú bunreachtúil a thabhairt isteach chun Comhairle na mBreithiúna agus na nIonchúisitheoirí (Hâkimler ve Savcılar Kurulu – HSK) a dhéanamh neamhspleách ar an bhfeidhmeannas; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh i struchtúr agus i bpróiseas roghnúcháin chomhaltaí na Comhairle d’fhonn a neamhspleáchas a áirithiú agus deireadh a chur lena cinntí treallacha;

19.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid na ndlíodóirí sa Tuirc, ós rud é go ndearnadh (agus go ndéantar fós) na céadta a chiapadh, a ghabháil, a ionchúiseamh agus a chiontú maidir lena ngníomhaíochtaí gairmiúla agus maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint le blianta beaga anuas; á chur in iúl go bhfuil na hábhair imní chéanna aici a tugadh chun suntais i dtuairim Choimisiún na Veinéise a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020 maidir le leasuithe mhí Iúil 2020 ar Dhlí na nDlíodóirí 1969, go háirithe maidir le cumainn bharra iolracha a chruthú sa chathair chéanna; á chur i bhfáth go mbeidh polaitiú breise ar ghairm an dlí mar thoradh air sin, rud a fhágfaidh go mbeidh neamh-chomhoiriúnacht leis an gceanglas neamhchlaontachta ó thaobh ghairm an dlí de agus go gcuirfear neamhspleáchas na ndlíodóirí i mbaol; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh an t-athchóiriú dlíthiúil sin a bheith ina bhuille eile d’fheidhmiú na mbreithiúna agus ina iarracht chun na cumainn bharra atá ann cheana a dhíchumhachtú agus na guthanna criticiúla atá fós ann a chur ina dtost; ag tathant ar údaráis na Tuirce neamhspleáchas na ndlíodóirí a urramú agus ligean dóibh a gcuid oibre a dhéanamh gan bhac i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll na dlíodóirí uile atá faoi choinneáil as gairm an dlí a chleachtadh agus as sin amháin;

20.  ag cáineadh bhás an dlíodóra Ebru Timtik tar éis 238 lá de stailc ocrais chun triail chóir a éileamh tar éis di a bheith ciontaithe as ballraíocht líomhnaithe in eagraíocht sceimhlitheoireachta fad a bhí a hachomharc ar feitheamh os comhair na Cúirte um Achomharc; á mheabhrú gurb í an ceathrú príosúnach a fuair bás in 2020 mar thoradh ar stailc ocrais chun triail chóir a éileamh, tar éis bhásanna Helin Bölek agus İbrahim Gökçek, beirt cheoltóirí ón mbanna Grup Yorum, agus bhás Mustafa Koçak; ag dréim leis, sa triail atá ar siúl i gcoinne triúr póilíní a cúisíodh as an ndlíodóir chearta an duine Coirdíneach Tahir Elçi a mharú, go nochtfar ann na cúinsí iomlána maidir lena bhás agus go gcuirfear an ceartas chun críche;

21.  á chur in iúl gur cúis mhór imnídi an neamhaird atá á tabhairt ag an mbreithiúna Turcach agus ag rialtas na Tuirce ar rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) agus an méadú atá ag teacht ar neamhchomhlíonadh na gcúirteanna níos ísle maidir le breithiúnais na Cúirte Bunreachtúla; á aithint go bhfuil cásanna ann ina ndearna breithiúna na Tuirce atrialacha a údarú do phríosúnaigh tar éis cinneadh ó ECtHR; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, gur minic nach gcomhlíonann na hatrialacha sin caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta le haghaidh trialach córa, amhail mar a tharla i gcás İlhan Sami Çomak; á iarraidh ar an Tuirc a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus go gcloífear leis na breithiúnais agus na rialuithe ábhartha ó ECtHR, agus comhoibriú le Comhairle na hEorpa d’fhonn an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha a neartú; ag súil leis go mbeidh ECtHR in ann tús áite a thabhairt do thabhairt breithiúnas, agus dlús a chur leo, san iliomad cás Turcach atá ar feitheamh os comhair a cúirte, lena n-áirítear cás an iriseora Hanım Büşra Erdal; á chur in iúl gur díol sásaimh di an breithiúnas a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i gcás an scríbhneora Ahmet Altan, a bhí ar feitheamh ó 2017 agus inar rialaíodh, i measc nithe eile, gur tharla sáruithe ar a chearta chun saoirse agus slándála mar aon lena cheart chun tuairimí a nochtadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur scaoileadh saor é ón bpríosún tar éis don Chúirt um Achomharc sa Tuirc a rialú a fhreaschur agus á iarraidh arís ar údaráis ábhartha na Tuirce rialuithe uile eile na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire go bhfuil breithiúna na Tuirce ag tabhairt aird ar bith freisin ar chinntí a ghlac sásraí NA amhail Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus an Mheitheal um Choinneáil Threallach;

22.  á chur in iúl gur saoth léi dalaí coinneála Fabien Azoulay, náisiúnach Francach a gabhadh agus a ciontaíodh sa Tuirc, atá faoi choinneáil i bpríosún le breis agus 4 bliana, i bpríosún Giresun le déanaí, áit ina raibh sé faoi réir foréigean fisiceach agus drochíde arís agus arís eile, mar aon le hiarrachtaí chun iallach a chur air tiontú go hIoslam; ag cáineadh go láidir na gcúiseanna homafóbacha agus frith-Sheimíteacha is siocair leis an drochíde leanúnach a thugtar dó; ag tathant ar údaráis na Tuirce gach beart is gá a dhéanamh gan mhoill chun a áirithiú go gcosnófar é agus go n-aistreofar chuig a thír dhúchais é;

23.  á chur in iúl gur saoth léi an easpa leighis éifeachtaigh maidir le dífhostú ar mhórscála a dhéanann difear do go leor daoine, ina measc níos mó ná 152 000 seirbhíseach sibhialta, lena n-áirítear múinteoirí, dochtúirí, lucht acadúil, dlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí, a dífhostaíodh agus a coisceadh go buan ó bheith ag obair san earnáil phoiblí nó fiú ina ngairm ar an iomlán; á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí uafásacha na ndífhostaithe sin fós le brath ag na daoine lena mbaineann, agus ar a dteaghlaigh, lena n-áirítear stiogma buan sóisialta agus gairmiúil; á chur in iúl go bhfuil amhras mór uirthi faoi fheidhmiú éifeachtach an Choimisiúin Fiosrúcháin maidir le Staid na mBeart Éigeandála (CoSEM) mar leigheas inmheánach mar gheall ar an easpa neamhspleáchais, neamhchlaontachta agus éifeachtúlachta atá ann; ag tabhairt dá haire go bhfuil cealú pasanna gan chúis a bheith leis fós ina srian mór gan údar ar shaorghluaiseacht na ndaoine lena mbaineann, in ainneoin roinnt feabhsuithe a tháinig de réir a chéile; á iarraidh ar údaráis na Tuirce cearta cosanta na ndaoine a dífhostaíodh a urramú agus nós imeachta measúnaithe a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;

24.  á chur in iúl gur cúis uafáis di na ráitis ó ardionadaithe an fheidhmeannais agus na comhghuaillíochta rialaithe maidir leis an bhféidearthacht pionós an bháis a thabhairt ar ais, rud a chuir an Tuirc deireadh leis in 2004; ag tabhairt rabhadh nach amháin go sáródh céim den sórt sin gealltanais idirnáisiúnta na Tuirce atá ann cheana, ach go mbeadh sé ar neamhréir le próiseas aontachais an Aontais;

25.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá saoirse agus neamhspleáchas na meán mar cheann de chroíluachanna an Aontais agus mar bhunchloch an daonlathais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na bearta díréireacha treallacha lena gcuirtear srian leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse na meán agus rochtain ar fhaisnéis sa Tuirc, ina mbaintear mí-úsáid go minic as reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta agus é mar aidhm leis srian a chur leis an gcáineadh a dhéantar, fad agus atá easpa mór iolrachais le sonrú sna meáin; ag tathant ar an Tuirc saoirse na meán agus saoirse cainte ar ardáin na meán sóisialta a ráthú mar ábhar tosaíochta, lena n-áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar Airteagal 299 dá Cód Coiriúil (maidir leis an Uachtarán a mhaslú), a mbaintear mí-úsáid as go leanúnach chun scríbhneoirí, tuairisceoirí, colúnaithe agus eagarthóirí a chéasadh, agus chun iriseoirí, scríbhneoirí, fostaithe na meán agus úsáideoirí na meán sóisialta a scaoileadh saor láithreach agus a éigiontú as a ngairm agus a gcearta sibhialta a fheidhmiú; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na n-iriseoirí sa phríosún ó 160 go 70 le bliain anuas, go bhfuil an líon sin fós an-ard agus gur cúis mhór bhuartha i gcónaí í, agus gur rómhinic a chuirtear daoine i bpríosún ar chúiseanna neamhshuntasacha; á iarraidh ar údaráis na Tuirce gan aon chaoinfhulaingt a léiriú maidir le gach teagmhas de mhí-úsáid fhisiceach agus de mhí-úsáid ó bhéal nó bagairtí i gcoinne iriseoirí, agus cead a thabhairt d’eagraíochtaí meán a dúnadh go treallach oscailt an athuair; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cinneadh a rinne cúirt chúigeach Iostanbúl an 20 Deireadh Fómhair 2020 an t-éigiontú a bhí ann roimhe sin a chur ar ceal arís agus an t-ionadaí de chuid Thuairisceoirí gan Teorainneacha sa Tuirc Erol Önderoğlu, cosantóir chearta an duine Şebnem Korur Fincancı agus an scríbhneoir agus an t-iriseoir Ahmet Nesin a atriail, a gcuirtear roinnt coireanna ina leith, lena n-áirítear bolscaireacht sceimhlitheoireachta a leathadh, mar gheall ar a rannpháirtíocht i bhfeachtas dlúthpháirtíochta le nuachtán, agus d’fhéadfaí tréimhse phríosúnachta suas go 14,5 bliain a ghearradh orthu;

26.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar diúltach a bheidh ag an Dlí maidir le Foilsiú Idirlín agus Coireanna Comhraic a Dhéantar trí na Foilseacháin seo i mí Iúil 2020 ar shaoirse cainte, toisc go gcuireann sé dian-oibleagáidí nua ar sholáthraithe na meán sóisialta, go dtugann sé cumhachtaí fadréimseacha don rialtas chun cinsearacht a dhéanamh ar ábhar ar líne agus go gcuireann sé forais bhreise ar fáil chun úsáideoirí na meán sóisialta a ionchúiseamh; ag tabhairt dá haire gur cuireadh deireadh leis an gcosc ar Vicipéid, ach á chur i bhfáth go bhfuil níos mó ná 400 000 suíomh gréasáin fós blocáilte agus go bhfuil roinnt srianta fós i bhfeidhm maidir le húsáid na meán sóisialta;

27.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta na n-eintiteas poiblí, amhail an Ardchomhairle Raidió agus Teilifíse (RTÜK) agus an Ghníomhaireacht Fógraíochta Preasa (BİK), atá á n-úsáid mar uirlis chun soláthraithe meán a mheastar a bheith cáinteach ar an rialtas a chur ar fionraí, a thoirmeasc nó a fhíneáil, nó bac airgeadais a chur orthu, agus gan aon chúis a bheith leis, rud a fhágann gur féidir na meáin chumarsáide a chur faoi smacht iomlán nach mór; á chur in iúl gur oth léi gur chuir Stiúrthóireacht Cumarsáide na huachtaránachta breis agus 700 cárta preasa ar ceal in 2019 agus go mbíonn deacrachtaí ag iriseoirí áitiúla agus idirnáisiúnta le linn dóibh a bpost a dhéanamh;

28.   á mholadh go bhfuil sochaí shibhialta bhríomhar, iolraíoch, dhíograiseach agus ilchineálach sa Tuirc, in ainneoin na cniogbheartaíochta polaitiúla móire, agus é ar cheann den dornán gnéithe atá fágtha a chuireann srian ar Rialtas na Tuirce agus go bhfuil sé d’acmhainn aici cabhrú leis an tír aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra pholaitiúla agus shóisialta atá aici; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cúlú breise a dhéanann difear do shaoirse an chomhthionóil agus an chomhlachais agus ag cáineadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhúnadh gan chúis, lena n-áirítear eagraíochtaí tábhachtacha neamhrialtasacha agus na meáin chumarsáide; ag cáineadh, sa chomhthéacs sin, an Dlí nua maidir le Cosc a chur ar Mhaoiniú le haghaidh Leathadh Arm Ollscriosta, mí na Nollag 2020, lena dtugtar údarás fairsing d’Aireacht Gnóthaí Baile na Tuirce agus don uachtarán srian a chur le gníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhpháirtíochtaí gnó, grúpaí agus comhlachais neamhspleácha agus a bhfuil an chuma air go bhfuil sé dírithe ar an tsochaí shibhialta a theorannú, a shrianadh agus a rialú tuilleadh; ag tacú go láidir leis an iarraidh ó roinnt ionadaithe speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ar Rialtas na Tuirce athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta na Tuirce maidir le cearta an duine; á iarraidh ar an Tuirc breathnú ar ghuthanna criticiúla nó easaontacha, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, acadóirí agus iriseoirí, mar rannpháirtithe luachmhara don idirphlé sóisialta, seachas mar fhórsaí díchobhsaithe;

29.  á chur in iúl gur saoth léi an meath ollmhór atá tagtha ar an tsaoirse acadúil sa Tuirc, go háirithe na sáruithe leanúnacha ar chearta na nAcadóirí Síochána, in ainneoin an chinnidh ón gCúirt Bhunreachtúil i mí Iúil 2019, agus na leasuithe ar Dhlí Chomhairle Ardoideachais na Tuirce, lena gcuirtear bearta sriantacha breise leis na cinn atá i bhfeidhm cheana féin;

30.  á cháineadh go bhfuil cos ar bolg fhoréigneach á déanamh ag údaráis na Tuirce maidir leis na hagóidí a bhain leis an gceapachán a rinne an rialtas do phost an reachtaire ar Ollscoil Boğaziçi; á chur in iúl gur cúis uafáis di ollchoinneáil na mac léinn, úsáid iomarcach fornirt na bpóilíní i léirsithe síochánta, cinneadh ghobharnóir Iostanbúl toirmeasc roghnaitheach a chur ar gach cineál cruinnithe agus léirsithe sa cheantar mórthimpeall ar an ollscoil, gur léiríodh na hagóideoirí – eadhon mic léinn, céimithe agus acadóirí – mar sceimhlitheoirí agus gur díríodh ar ghrúpaí LADTI; á iarraidh ar an Tuirc cúiseanna a tharraingt siar agus iad siúd atá á gcoinneáil go treallach mar gheall ar a gceart chun tionóil shíochánta a fheidhmiú a scaoileadh saor;

31.  ag tathant ar an Tuirc staonadh ó iriseoirí agus ó chosantóirí chearta an duine a choinneáil agus a ionchúiseamh chun iad a imeaglú nó a dhíspreagadh ó thuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine; ag tathant ar an Tuirc imscrúdú a dhéanamh go pras agus go neamhspleách ar chásanna tuairiscithe imeaglaithe agus ciaptha ar chosantóirí chearta an duine, iriseoirí, acadóirí agus gníomhaithe na sochaí sibhialta, agus iad siúd atá freagrach as mí-úsáid den sórt sin a thabhairt chun cuntais;

32.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe leanúnacha agus an brú leanúnach ar pháirtithe an fhreasúra sa Tuirc, lena n-áirítear pianbhreith a thabhairt ar chomhaltaí an fhreasúra nó mí-úsáidí ag an rialtas reatha ar acmhainní airgeadais agus ar inniúlachtaí riaracháin an stáit, rud a bhaineann an bonn ó dhea-fheidhmiú an chórais dhaonlathaigh; á iarraidh ar phríomhpháirtithe na Tuirce leanúint dá n-iarrachtaí daonlathacha agus parlaiminteacha chun an bealach Eorpach don Tuirc laistigh de dhlíthe agus de Bhunreacht na Tuirce a chur chun cinn;

33.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbíonn údaráis na Tuirce ag díriú go sonrach agus go leanúnach ar Pháirtí Daonlathach an Phobail (HDP), lena n-áirítear a eagraíochtaí óige; ag cáineadh go láidir na díotála a rinne ionchúisitheoir na Tuirce de Chúirt na gCastaithe ag an gCúirt Bhunreachtúil ag iarraidh go ndéanfaí an HDP a dhíscaoileadh agus go gcuirfí cosc polaitiúil ar níos mó ná 600 comhalta den HDP; á chur i bhfáth, chomh maith le bheith ina earráid thromchúiseach pholaitiúil sa mheántéarma, gur buille do-aisiompaithe ar iolrachas agus ar phrionsabail dhaonlathacha a bheadh ann, rud a d’fhágfadh go mbeadh na milliúin vótálaithe sa Tuirc gan ionadaíocht; ag cáineadh go láidir go bhfuil coinneáil leanúnach á déanamh ó mhí na Samhna 2016 i leith ar iar-chomhchathaoirleacha an HDP, Figen Yüksekdağ agus Selahattin Demirtaş, ar ceannaire an fhreasúra agus iar-iarrthóir uachtaránachta é freisin, agus ar iarmhéara Diyarbakır, Gülten Kışanak; ag meabhrú an rialaithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir le cás Demirtaş an 20 Samhain 2018, a dearbhaíodh le rialú a Mhór-Dhlísheomra an 22 Nollaig 2020, ina n-iarrtar ar údaráis na Tuirce é a scaoileadh saor láithreach; á chur in iúl gur cúis uafáis di go bhfuiltear ag teipeadh go leanúnach ar an rialú ceangailteach seo ón gCúirt Eorpach a chomhlíonadh; ag cáineadh an chinnidh a rinne an 46ú Cúirt Chéadchéime Choiriúil in Bakırköy, comharsanacht in Iostanbúl, le déanaí, maidir le pianbhreith trí bliana go leith i bpríosúin a thabhairt do Selahattin Demirtaş as an t-uachtarán a mhaslú, más fíor, ar ceann de na pianbhreitheanna is faide riamh a tugadh ar na cúiseanna sin é; á chur in iúl gurb oth léi gur ghlac an 22ú Cúirt Seisiúin de chuid Ankara, an 7 Eanáir 2021, díotáil eile i gcoinne 108 polaiteoir san iomlán, lena n-áirítear F. Uas. Demirtaş agus B. Uas. Yüksekdağ as an ról a líomhnaíodh a bhí acu in agóidí Kobane i nDeireadh Fómhair 2014, cé go bhfuil sé bunaithe ar an riar fíricí agus teagmhas céanna a chinn an Mór-Dhlísheomra cheana nach leor iad chun é a choinneáil; ag cáineadh freisin an úsáid a bhaintear arís agus arís eile as stádas parlaiminteach na dTeachtaí Parlaiminte a aisghairm, rud a dhéanann dochar tromchúiseach d’íomhá na parlaiminte mar institiúid dhaonlathach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí Ankara ag ullmhú fiosrúchán a bhainfeadh na díolúintí parlaiminteacha de naonúr ionadaithe HDP eile – lena n-áirítear an comh-chathaoirleach HDP atá ann faoi láthair Pervin Buldan, Meral Danış Beştaş, Hakkı Saruhan Oluç, Garo Paylan, Hüda Kaya, Sezai Temelli, Serpil Kemalbay Pekgözegü, Pero Dündar agus Fatma Kurtulan – ionas gur féidir iad a ionchúiseamh as a ról líomhnaithe in agóidí Kobane 2014. ag tabhairt chun suntais cás Cihan Erdal, comhalta de sciathán óige pháirtí Glas/Clé na Tuirce, a gabhadh agus a coinníodh an 25 Meán Fómhair 2020 ar linn dó a bheith ar cuairt shealadach sa Tuirc chun a theaghlach a fheiceáil ar an gcúis gur bhall den HDP é sé bliana sular gabhadh é; ag cáineadh an chinnidh a glacadh suíochán parlaiminteach agus diolúine parlaiminteach an Teachta Parlaiminte HDP Ömer Faruk Gergerlioğlu a bhaint de agus é a ghabháil ina dhiaidh sin in áitreabh Mhórthionól Náisiúnta na Tuirce; á chreidiúint gur glacadh an cinneadh sin mar dhíoltas as a ghníomhaíochas um chearta an duine, lena n-áirítear mar a labhair sé sa Pharlaimint mar gheall ar éilimh fhorleathana ar nochtchuardaigh agus ar chiapadh i bpríosúin agus faoi choimeád na bpóilíní agus mar a chuir sé tús le feachtas sna meáin shóisialta ina n-aghaidh;

34.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil méadú ag teacht de réir a chéile ar an mbrú ar an bpríomhpháirtí freasúra (CHP) agus ar a cheannaire Kemal Kılıçdaroğlu, lena n-áirítear bróisiúir na bpáirtithe a choigistiú le hordú cúirte, an t-iarratas ar dhíolúine a tharscaoileadh i gcoinne an cheannaire ar bhonn a ráiteas polaitiúil, na bagairtí a rinneadh ina choinne go poiblí nó fiú amháin ionsaithe fisiciúla; á athdhearbhú go bhfuil imní mhór uirthi faoin gciapadh leanúnach polaitiúil agus breithiúnach ar Canan Kaftancıoğlu, cathaoirleach cúigeach Iostanbúl an CHP, a gearradh téarma príosúnachta beagnach 10 mbliana air i mí Mheán Fómhair 2019 i gcás ina raibh údar polaitiúil leis, a bhfuil cinneadh ón gCúirt Uachtarach ar feitheamh ina leith, agus a díotáladh i mí na Nollag 2020 agus pianbhreith 10 mbliana eile os a gcomhair i gcás polaitiúil nua, a bhfuil tionchar aige freisin ar cheathrar iriseoirí ón nuachtán laethúil, Cumhuriyet; á chur in iúl gur geal léi gur aisghabh an Teachta Parlaiminte CHP Enis Berberoğlu a shuíochán agus a dhíolúine pharlaiminteach de bhun an dara rialú ón gCúirt Bhunreachtúil an 21 Eanáir 2021, ós rud é gur thug na cúirteanna níos ísle neamhaird ar a rialú roimhe sin;

35.  á iarraidh ar údaráis ábhartha na Tuirce gach cosantóir chearta an duine, iriseoir, dlíodóir, acadóir agus gach duine eile atá faoi choinneáil ar chúiseanna nach bhfuil bunús leo a scaoileadh saor agus a chur ar a gcumas a gcuid oibre a chur i gcrích gan bhagairt ná bac i ngach cás; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an chosaint agus an tacaíocht a thugann siad do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol sa Tuirc a mhéadú, lena n-áirítear trí dheontais éigeandála; ag cáineadh an chinnidh ó Chúirt Achomhairc Réigiúnach Iostanbúl seasamh leis na pianbhreitheanna fada príosúnachta a gearradh ar cheathrar cosantóirí chearta an duine sa chás Büyükada maidir le cúisimh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, in ainneoin nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh gníomhaíocht choiriúil ar siúl agus gur bréagnaíodh líomhaintí i gcoinne na gcosantóirí sin arís is arís eile, lena n-áirítear le fianaise an stáit; á mheas go bhfuil an cás seo ina shampla eile den timpeallacht naimhdeach i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus den tionchar athfhillteach a bhíonn ag dioscúrsa polaitiúil nimhneach as a dtagann cinntí claonta breithiúnacha; ag cáineadh athghabháil an scríbhneora Ahmet Altan i mí na Samhna 2019, seachtain tar éis é a scaoileadh saor ón bpríosún tar éis breis agus trí bliana faoi choinneáil réamhthrialach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ciapadh i gcoinne Öztürk Türkdoğan, duine mór le rá i réimse chearta an duine agus comhchathaoirleach ar İnsan Hakları Derneği, Cumann um Chearta an Duine (İHD), a gabhadh le déanaí le linn ruathar baile mar chuid d’imscrúdú rúnaicmithe agus a scaoileadh saor ina dhiaidh sin;

36.  ag cáineadh go láidir athghabháil Osman Kavala, duine mór le rá a bhfuil ardmheas air i réimse na sochaí sibhialta, gan ach uaireanta tar éis a éigiontaithe i Mí Feabhra 2020, agus go bhfuil sé á choinneáil ar feadh os cionn trí bliana ar chúisimh bhréagacha, arb ionann é agus diúltú follasach cloí le breithiúnas deiridh na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus leis na hiarrataí a rinne Coiste Airí Chomhairle na hEorpa ina dhiaidh sin; á mheas nach bhfuil aon bhunús ná aon fhianaise leis an gcás agus díotáil nua ina choinne agus i gcoinne an acadóra Mheiriceánaigh Henri Barkey – ar cuireadh ina leith go raibh sé ag spiaireacht agus ag iarraidh ord bunreachtúil na Tuirce a threascairt – agus, dá bhrí sin, go bhfuil údar polaitiúil léi; á chur in iúl go bhfuil uafás amach is amach uirthi mar gheall ar chinntí cúirte a glacadh le déanaí, amhail rialú an 22 Eanáir 2021 ó Chúirt Achomhairc Iostanbúl ar bhreithiúnas an éigiontaithe a bhí ann roimhe sin a chur ar ceal agus ar an rialú in atriail chás Pháirc Gezi agus cinneadh Chúirt Iostanbúl an 5 Feabhra 2021 an cás seo a athosclaíodh le déanaí a chumasc leis an gcás eile maidir le spiaireacht, agus neamhaird iomlán á déanamh ar bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; á thabhairt chun suntais gur eisigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine breithiúnas i gcás Gezi cheana féin agus, dá bhrí sin, le cumasc an dá chás sin, go ndéanfaí an coinneáil réamhthrialach níos áiféisí agus níos neamhdhleathaí fós, dá leanfaí léi; á chur in iúl go bhfuil uafás uirthi le cinneadh Chomhairle na mBreithiúna agus na nIonchúisitheoirí (HSK) imscrúdú a dhéanamh ar an triúr breithiúna ón 30ú Cúirt Géarphionósach Iostanbúl a d’éigiontaigh Kavala agus an chuid eile de na cosantóirí i dtriail Pháirc Gezi i mí Feabhra 2020 mar gheall ar an easpa fianaise; á chur in iúl, ar an dtaobh eile, go bhfuil uafás uirthi gur ceapadh iar-Leas-Ionchúisitheoir Poiblí Iostanbúl Hasan Yılmaz, a bhí freagrach as an dara díotáil in aghaidh Kavala, mar Leas-Aire Dlí agus Cirt ina dhiaidh sin;

37.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na líomhaintí maidir le gabhálacha foréigneacha, bualadh, céastóireacht, drochíde agus íde atá cruálach agus mídhaonna nó táireach i gcoimeád na bpóilíní agus an airm agus sa phríosún, chomh maith leis na cásanna de fhuadaigh fhorfheidhmithe le ceithre bliana anuas, gur theip ar ionchúisitheoirí imscrúduithe fóinteacha a dhéanamh ar na líomhaintí sin agus gurb ann fós don chultúr forleatach maidir le saoirse ó phionós do bhaill na bhfórsaí slándála agus d’oifigigh phoiblí; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce soiléiriú a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do na céadta daoine a chuaigh ar iarraidh agus freagra a thabhairt ar deireadh do na Cumartesi Anneleri (Máithreacha an tSathairn) atá tagtha le chéile anois níos mó ná 800 uair chun ceartas a iarraidh; ag tathant ar údaráis na Tuirce imscrúdú a dhéanamh ar thuairiscí leanúnacha agus inchreidte maidir le céastóireacht agus drochíde orthu siúd atá faoi choimeád agus an milleán a chur orthu siúd atá freagrach as; á iarraidh ar an Tuirc cloí le beartas neamhfhulaingthe maidir leis an gcéastóireacht; á iarraidh ar an Tuirc deireadh a chur le gach coinneáil ar leithlis agus gach coinneáil in áiteanna coinneála neamhoifigiúla; á chur in iúl go bhfuil uafás uirthi mar gheall ar an gcleachtas tuairiscithe maidir le mná torracha agus iarthuismidh a ghabháil agus ag tathant ar an Tuirc iad a scaoileadh saor agus deireadh a chur leis an gcleachtas iad a ghabháil díreach roimh leanbh a bhreith nó díreach ina dhiaidh sin; á chur i bhfios go ndeachaigh an t-iaroibrí earnáil phoiblí Yusuf Bilge Tunç ar iarraidh i mí Lúnasa 2019; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá ag teacht ar na tuairiscí maidir le húsáid chórasach agus mhí-úsáideach na nochtchuardach náireach in áiteanna coinneála agus i bpríosúin, go háirithe maidir le mná a bhfuil amhras fúthú agus mná atá faoi choinneáil;

38.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an reachtaíocht nua a thabharfaidh cead do phóilíní na Tuirce trealamh míleata a úsáid, lena n-áirítear armra trom agus trealamh seirbhísí rúnda, chun dul i ngleic le teagmhais phoiblí agus le himeachtaí a chuireann slándáil náisiúnta i mbaol gan aon nósanna imeachta breise a bheith ann;

39.  ag tabhairt dá haire, i bhfianaise phaindéim COVID-19, go ndearnadh foráil le pacáiste reachtaíochta go ndéanfaí suas le 90 000 príosúnach a luathscaoileadh go coinníollach, ach, ar bhealach idirdhealaitheach, nach ndearnadh an fhoráil chéanna dóibh siúd a bhí faoi choinneáil roimh an triail mar gheall ar chionta líomhnaithe a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear dlíodóirí, iriseoirí, polaiteoirí agus cosantóirí chearta an duine áfach, toisc nach bhfuil siad incháilithe don luathscaoileadh faoi na bearta sin;

40.  ag cáineadh eiseachadadh agus fuadach éigeantach na saoránach Turcach atá ina gcónaí lasmuigh den Tuirc ar chúiseanna polaitiúla, de shárú ar phrionsabal an smachta reachta agus ar chearta an duine; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an úsáid a bhaineann Rialtas na Tuirce as an tionchar atá aige chun a áirithiú go gcuirfear a shaoránaigh ar ais le lámh láidir, de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, i gcásanna áirithe tríd an mbonn a bhaint de nósanna imeachta dlíthiúla intíre don eiseachadadh, agus ag tathant ar AE aghaidh a thabhairt ar an gceist sin; ag cáineadh aon iarrachtaí chun foréigean a úsáid i gcoinne comhaltaí an fhreasúra agus polaiteoirí de bhunadh na Tuirce, nó chun iad a chiapadh nó brú a chur orthu, agus i gcoinne intleachtóirí, polaiteoirí agus gníomhaithe san Eoraip i gcoitinne;

41.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach gcomhlíonann an tOmbudsman ná Institiúid na Tuirce um Chearta an Duine agus Comhionannas critéir Phrionsabail Pháras ná moltaí Uimh. 2 agus Uimh. 7 ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe i dtéarmaí reachta, struchtúir, feidhme, gníomhaíochtaí, neamhspleáchas airgeadais agus oibríochtúil, neamhspleáchas comhaltaí boird, agus incháilitheacht agus ballraíocht;

42.  ag tabhairt dá haire an plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine a glacadh le déanaí agus atá le cur chun feidhme thar thréimhse dhá bhliain, lenar gealladh roinnt athchóirithe dlíthiúla agus ina bhfuil naoi bpríomhaidhm, 50 sprioc agus beagnach 400 gníomh, agus raon leathan ábhar san áireamh iontu, idir gealltanais shonracha agus theicniúla agus, den chuid is mó, ráitis ghinearálta agus dhébhríocha; á thabhairt chun suntais, cé go n-éilítear sa phlean gníomhaíochta go dtugtar aghaidh ar phríomh-shaincheisteanna amhail neamhspleáchas breithiúnach, na saoirsí chun tuairimí a nochtadh agus comhlachais agus grúpaí leochaileacha a chosaint, nach leor é sin chun aghaidh a thabhairt ar phríomheasnaimh maidir le staid chearta an duine agus an smachta reachta sa Tuirc, mar nach n-áirítear leis gníomhaíochtaí atá dírithe ar mhí-úsáid cúiseamh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht a aisiompú, deireadh a chur le coinneáil threallach nó comhlíonadh rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a áirithiú, i measc príomhchúiseanna eile; á mheas nach mbeidh sé d’acmhainn ag aon phlean gníomhaíochta deis a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an staid fhoriomlán ach amháin má chuireann sé réitigh phraiticiúla inchreidte chun cinn lena dtugtar aghaidh ar réimse iomlán na ndúshlán i réimse chearta an duine agus an smachta reachta; ag moladh do Rialtas na Tuirce clár ama níos soiléire a chur ar fáil dá chur chun feidhme éifeachtach, agus páirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do gheallsealbhóirí ábhartha i gceapadh aon bheartais ábhartha maidir leis an ábhar sin;

43.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di a fhorleithne agus atá an t-éilliú sa Tuirc; á chur i bhfáth go luaitear sna tuarascálacha ón gCoimisiún nach bhfuarthas aon fhianaise go ndearnadh dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar an iliomad bearnaí i gcreat frith-éillithe na Tuirce agus á iarraidh ar an Tuirc straitéis agus plean gníomhaíochta éifeachtach frith-éillithe a chur i láthair; ag tabhairt dá haire gur gá feabhas a chur ar chuntasacht agus trédhearcacht na n-institiúidí poiblí; ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta ag an Tuirc sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe; á iarraidh ar an Tuirc a dlí maidir le cosaint sonraí a ailíniú le caighdeáin AE chun go mbeidh sí in ann comhoibriú le Europol agus chun feabhas a chur ar rialacháin maidir leis an gcomhrac i gcoinne an sciúrtha airgid, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus na cibearchoireachta;

44.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di fós an staid in oirdheisceart na Tuirce agus saincheist na gCoirdíneach, ar lú aird a dhírítear ar na nithe sin ná mar atá tuillte acu, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint a dhéanamh ar chearta an duine, ar rannpháirtíocht pholaitiúil, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar an tsaoirse creidimh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na srianta atá ann ar chearta na n-iriseoirí agus ar chearta chosantóirí chearta an duine atá i mbun oibre ar shaincheist na gCoirdíneach agus an brú leanúnach ar mheáin, ar institiúidí cultúrtha agus teanga agus léirithe na gCoirdíneach ar fud na tíre, as a dtagann méadú ar chúngú cearta cultúrtha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an fhuathchaint agus na bagairtí atá dírithe i gcoinne na saoránach ar de bhunadh Coirdíneach iad fós ina fhadhb thromchúiseach; á chur i bhfáth a phráinní atá sé tús a chur an athuair le próiseas inchreidte polaitiúil lena n-áiritheofar na páirtithe agus na fórsaí daonlathacha ábhartha uile as a dtiocfaidh réiteach síochánta ar shaincheist na gCoirdíneach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe staid dhianseasmhach na mban Coirdíneach atá faoi mhíbhuntáiste, go bhfuil an staid níos measa fós i ngeall ar an gclaontacht atá ann i gcoinne a gcéannachta eitní agus teanga, as a dtagann tuilleadh imeallaithe maidir lena gcearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha; á iarraidh ar an Tuirc rochtain iomlán ar chearta agus deiseanna comhionanna a áirithiú do mhná Coirdíneacha; á iarraidh ar an Tuirc imscrúdú a dhéanamh go mear ar na líomhaintí tromchúiseacha uile maidir le sáruithe ar chearta an duine, le maruithe agus le fuadaigh fhorfheidhmithe, agus lamháil do bhreathnóirí idirnáisiúnta gníomhaíochtaí faireacháin a chur i gcrích; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na mór-ruathair agus na cásanna coinneála a tharla in Diyarbakır le déanaí lena ndéantar difear do dhliodoiri, do pholaiteoirí agus do ghníomhaithe ar son cearta sibhialta, agus an cúigear den tsochaí shibhialta a cuireadh i bpríosún lena n-áirítear an Dr Şeyhmus Gökalp, Comhalta Boird Ard-Oinigh de Chomhlachas Leighis na Tuirce (TTB); ag tathant ar an Tuirc a áirithiú go ndéanfar imscrúdú mear, neamhspleách agus neamhchlaonta ar na líomhaintí maidir leis an gcéasadh a d’fhulaing beirt de phobal sráidbhaile in Van, Servet Turgut agus Osman Şıban, tar éis dóibh a bheith curtha faoi choinneáil ag an gendarmerie an 11 Meán Fómhair 2020, arbh é ba shiocair le bás an chéad duine agus le gortaithe tromchúiseacha don dara duine;

45.  ag tathant ar Rialtas na Tuirce cosaint a dhéanamh ar chearta mionlach agus na ngrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear mná agus leanaí, daoine LADTI, dídeanaithe, mionlaigh eitneacha amhail Romaigh, saoránaigh na Tuirce ar de bhunadh na Gréige agus na hAirméine iad agus mionlaigh reiligiúnacha amhail Críostaithe, Giúdaigh nó Alevinna; á iarraidh ar an Tuirc, dá bhrí sin, reachtaíocht fhrith-idirdhealaithe chuimsitheach a chur i bhfeidhm go práinneach, lena n-áirítear toirmeasc ar an idirdhealú a dhéantar ar fhorais bunaidh eitnigh, reiligiúin, teanga, saoránachta, ghnéaschlaonta agus féiniúlachta inscne, mar aon le bearta i gcoinne an chiníochais, na homafóibe agus na trasfhóibe;

46.  ag cáineadh go láidir chinneadh Rialtas na Tuirce chun tarraingt siar as Coinbhinsiún Iostanbúl, lena ndéantar an Tuirc a dheighilt tuilleadh ó AE agus ó na caighdeáin idirnáisiúnta agus lena gcuirtear in amhras go mór a gealltanais i leith cosc a chur ar an bhforéigean i gcoinne na mban agus chearta na mban a chur chun cinn, lena léirítear go soiléir an meathlú tromchúiseach ar chearta an duine sa tír; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an cinneadh sin dothuigthe ós rud é nár tháinig aon athrú ar an gcoinbhinsiún ó rinne an Tuirc é a shíniú agus a dhaingniú agus gurb í an chéad tír í chun déanamh amhlaidh, agus á chur in iúl gur cinneadh é freisin atá dainséarach, tráth a bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean i gcoinne na mban le linn na paindéime agus i bhfianaise an ráta ard feimeamharaithe sa tír; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce é a fhreaschur ar bhonn práinneach; á iarraidh go mbeadh aon chaidreamh nua leis an Tuirc bunaithe ar bhunluachanna daonlathacha, lena n-áirítear urraim do chearta na mban; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí leitheadúlacht agus déine an fhoréigin i gcoinne na mban i sochaí na Tuirce, lena n-áirítear na maruithe onóra mar a thugtar orthu, pósadh neamhdhlíthiúil leanaí agus mí-úsáid ghnéasach agus an drogall atá ar údaráis na Tuirce pionós a chur ar dhéantóirí an fhoréigin inscnebhunaithe; ag diúltú d’aon fhoráil dhlíthiúil a d’fhéadfadh ligean d’éigneoirí sa todhchaí pianbhreith ar fionraí a fháil as cionta gnéis in aghaidh leanaí fad agus a dhéanfaidh siad an t-íospartach a phósadh; ag tathant ar údaráis na Tuirce méadú a dhéanamh ar a n-iarrachtaí i leith saothar leanaí a chomhrac, a bhfuil laghdú tagtha air le blianta beaga anuas ach atá fós suntasach sa Tuirc agus i gcoinne mí-úsáid leanaí d’aon chineál; á chur in iúl gur saoth léi an leibhéal thar a bheith íseal ionadaíochta atá fós ann ó thaobh na mban de sa rialtas agus sa pharlaimint, gan ach 17,3 % díobh atá rannpháirteach ar an leibhéal áitiúil agus go ginearálta in aon phoist chinnteoireachta;

47.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na sáruithe ar chearta an duine i gcoinne daoine LADTI, go háirithe ionsaithe fisiciúla, na toirmisc fhada ar mhórshiúlta bróid ar fud na tíre nó na srianta ar shaoirse comhthionóil ar shaoirse comhlachais agus ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh; á mheabhrú go bhfuil an Tuirc i measc na dtíortha ag a bhfuil na rátaí dúnmharaithe is airde ó thaobh daoine trasinscne de; ag cáineadh na teanga homafóbaí agus na fuathchainte ag oifigigh rialtais ardleibhéil, lena n-áirítear ceann na Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Reiligiúnacha (Diyanet), Institiúid an Ombudsman nó ag an gcathaoirleach ar Chumann Chorráin Dheirg na Tuirce; á iarraidh ar údaráis na Tuirce méadú a dhéanamh ar a n-iarrachtaí chun coireanna fuatha, claontacht agus neamhionannas sóisialta inscnebhunaithe a chosc; á mheabhrú nach bhfuil an reachtaíocht sa Tuirc maidir leis an bhfuathchaint comhsheasmhach le cásdlí ECtHR;

48.  á chur in iúl gur oth léi go mór go ndearnadh séadchomhartha stairiúil-reiligiúnach Hagia Sophia, a thiontú ina mhosc gan idirphlé roimh ré, rud a d’fhéadfadh sárú a dhéanamh ar Choinbhinsiún UNESCO maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint a bhfuil an Tuirc ina sínitheoir air; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus é a fhreaschur ar mhaithe le lánurraim a thabhairt do chineál stairiúil agus cultúrtha na séadchomharthaí agus na siombailí cultúrtha agus reiligiúnacha, go háirithe láithreáin oidhreachta domhanda UNESCO; á mheabhrú gur áit í Hagia Sophia atá oscailte do gach pobal agus reiligiún agus á iarraidh ar UNESCO bearta cuí a dhéanamh chun an Láithreán Oidhreachta Domhanda sin a chosaint; á chur i bhfáth, leis an gcinneadh maidir le Hagia Sophia, go mbaintear an bonn ó na hiarrachtaí i leith idirphlé agus comhar a bheith ann idir na pobail reiligiúnacha agus ó chreatlach ilraíoch, ilchultúrtha agus shóisialta na Tuirce; á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh freisin Eaglais Moni tis Choras/Chora a thiontú ó bheith ina mhúsaem isteach ina mhosc le míonna anuas;

49.  á iarraidh ar údaráis na Tuirce athchóirithe dearfacha éifeachtacha a chur chun cinn i réimse na saoirse smaointeoireachta, an choinsiasa agus an reiligiúin trí phobail reiligiúnacha a chumasú chun pearsantacht dhlítheanach a fháil, agus trí mholtaí Choimisiún na Veinéise maidir le stádas pobal reiligiúnach, gach rialú ábhartha ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus gach rún ó Chomhairle na hEorpa a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rúin maidir le daonra Ceartchreidmheach na Gréige ar oileáin Gökçeada (Imbros) agus Bozcaada (Tenedos); á chur in iúl gur oth léi na gníomhaíochtaí i gcoinne mhanchaine Mor Gabriel agus mainistreacha eile in oirdheisceart na Tuirce agus ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc urraim a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an bPatrarcacht Éacúiméineach do Chríostaithe Ceartchreidmheacha ar fud an domhain, chun aitheantas a thabhairt dá pearsantacht dhlítheanach agus don úsáid phoiblí a bhaintear as teideal eaglasta na Patrarcachta Éacúiméiní; á chur i bhfáth an gá atá le deireadh a chur leis na srianta ar oiliúint, ar cheapadh agus ar chomharbas na cléire, chun ligean do Chliarscoil Halki athoscailt agus chun deireadh a chur leis na bacainní uile ar a feidhmiú cuí;

50.  á iarraidh ar an Tuirc comhoibriú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe Comhairle na hEorpa, maidir le gáinneáil aindleathach agus scriosadh na hoidhreachta cultúrtha a chosc agus a chomhrac; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé idirphlé a shaothrú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le AE i dtaca leis an oidhreacht chultúrtha agus reiligiúnach a chaomhnú;

51.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an pobal Uigiúrach a bhfuil cónaí orthu sa Tuirc, i mbaol coinneála agus díbeartha ar bhonn méadaitheach chuig tíortha eile a d’fhéadfadh ansin iad a thabhairt ar láimh don tSín, áit ar dócha go ndéanfar géarleanúint thromchúiseach orthu;

52.  á iarraidh go ndéanfar an dara plean gníomhaíochta agus an straitéis náisiúnta i gcás na Romach a chur chun feidhme go héifeachtach, le cur chuige níos cuimsithí i leith na sochaí sibhialta, le dearcadh inscne treisithe, comhar feabhsaithe leis na húdaráis áitiúla agus go ndéanfar na hacmhainní a bhfuil gá leo a leithdháileadh;

53.  á chur i bhfios a ríthábhachtaí atá saoirse na gceardchumann agus an t-idirphlé sóisialta don fhorbairt ar shochaí iolraíoch; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, na heasnaimh reachtacha maidir le cearta saothair agus cearta na gceardchumann agus á chur i bhfáth gur cearta bunúsacha oibrithe gurb ea an ceart chun cómhargála agus an ceart dul ar stailc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-idirdhealú leanúnach láidir frith-cheardchumainn a dhéanann fostóirí agus an dífhostú, ciapadh agus coinneáil a mbíonn fós ar bhainisteoirí agus ar chomhaltaí roinnt de na ceardchumainn aghaidh a thabhairt orthu; á iarraidh ar údaráis na Tuirce bunchaighdeáin oibre na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chomhlíonadh, a bhfuil gealltanas tugtha ag an tír ina leith;

54.  á iarraidh ar an Tuirc leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh ina hailíniú le treoracha agus le acquis AE a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an ngníomhú ar son na haeráide agus Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a dhaingniú; ag moladh na hoibre atá á déanamh ag cosantóirí chearta an chomhshaoil sa Tuirc agus ag tabhairt rabhadh faoin tionchar atá ag mórthionscadail bonneagair phoiblí a cuireadh i gcrích le blianta beaga anuas ar an gcomhshaol, lena n-áirítear an tríú aerfort agus aerfort is mó in Iostanbúl agus an tríú droichead trasna chaolas Bosphorus; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe an scrios éiceolaíoch a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an tionscadal atá beartaithe do Chanáil Iostanbúl; á thabhairt chun suntais gur tugadh roinnt cásanna cúirte i gcoinne an mheasúnaithe ar an tionchar dearfach ar an gcomhshaol (MTC) a bhaineann leis an tionscadal seo agus á iarraidh go ndéanfar MTCanna neamhspleácha a chur i gcrích, mar aon le nósanna imeachta trédhearcacha don soláthar poiblí agus próisis chuimsitheacha iomchuí comhairliúcháin phoiblí; á iarraidh ar an Tuirc a hailíniú le Treoir AE maidir le MTC(8) a thabhairt chun críche lena n-áirítear na forálacha lena gceanglófaí uirthi comhairliúcháin trasteorann a reáchtáil leis na tíortha comharsanachta; ag athdhearbhú a hiarrata ar Rialtas na Tuirce deireadh a chur lena chuid pleananna do ghléasra cumhachta núicléiche Akkuyu, a bheidh lonnaithe i réigiún ina bhféadfadh creathanna talún tromchúiseacha a bheith ann, rud a bheadh ina bhagairt mhór, dá bhrí sin, ní hamháin don Tuirc ach do réigiún na Meánmhara chomh maith; á iarraidh, dá réir sin, go mbeidh Rialtas na Tuirce rannpháirteach sa Choinbhinsiún maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (Coinbhinsiún Espoo), a chuireann de cheangal ar a pháirtithe fógra a thabhairt dá chéile agus dul i gcomhairle le chéile maidir le mórthionscadail atá á breithniú ar dócha go mbeidh drochthionchar suntasach acu ar an gcomhshaol thar theorainneacha; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce, chun na críche sin, rannpháirtíocht a thabhairt do rialtais a dtíortha comharsanachta, nó ar a laghad dul i gcomhairle leo, i ndáil le haon fhorbairtí breise i bhfiontar Akkuyu;

An creat institiúideach

55.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhdhlúthú ar léirmhíniú forlámhach an chórais uachtaránachta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di hibear-lárú leanúnach na cumhachta san uachtaránacht – a théann chun dochair ní hamháin don pharlaimint, ach do Chomhairle na nAirí féin – faoin dearadh bunreachtúil athchóirithe, rud nach n-áirithítear leis scaradh fónta agus éifeachtach na gcumhachtaí idir an feidhmeannach agus na brainsí reachtacha agus na breithiúna; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an imní a chuir Coimisiún na Veinéise in iúl maidir le scaradh na gcumhachtaí ina thuairim maidir leis na leasuithe ar Bhunreacht na Tuirce; á chur in iúl gur oth léi na teorainneacha atá ann faoi láthair ar na srianta agus ceartúcháin a bhfuil gá leo le haghaidh cuntasacht dhaonlathach éifeachtach an bhrainse feidhmiúcháin, agus go háirithe easpa cuntasachta na huachtaránachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar méadaitheach na huachtaránachta ar institiúidí stáit agus ar chomhlachtaí rialála ar cheart dóibh a bheith neamhspleách i gcónaí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe imeallú na parlaiminte a bhfuil an bonn bainte go mór óna feidhmeanna reachtacha agus maoirseachta agus sárú déanta go minic ar a sainchumais ag foraitheanta uachtaránachta; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na huachtaránachta reatha i gcomhréir le prionsabail an daonlathais dá dtagraítear sna moltaí ó Choimisiún na Veinéise 2017 i gComhairle na hEorpa;

56.  á mheabhrú go bhfuil an tairseach toghcháin de 10 % – an tairseach is airde i measc chomhaltaí Chomhairle na hEorpa – i gcontrárthacht le cásdlí ECtHR agus go laghdaítear leis na deiseanna chun ionadaíocht a dhéanamh ar ghrúpaí móra toghthóirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na ráitis phoiblí maidir le hathchóirithe toghcháin a d’fhéadfadh a bheith ann agus a d’fhéadfadh bac sa bhreis a chur ar iontráil agus ar rannpháirtíocht páirtithe polaitiúla sa pharlaimint agus ar bhunú tromlaigh pharlaiminteacha ar deireadh; á iarraidh ar an Tuirc feabhas a chur ar an timpeallacht ar bhonn níos leithne do thoghcháin ar gach leibhéal sa tír, lena n-áiritheofar go mbeidh machaire comhréidh cothrom ann do na hiarrthóirí agus do na páirtithe uile agus ailíniú á dhéanamh aici leis na moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí sa chreat toghchánach agus maidir leis an iarraidh a rinne sí i leith cinntí a aisiompú nach bhfuil comhsheasmhach le rialacháin agus caighdeáin idirnáisiúnta;

57.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil claonpháirteachas agus polaitiú le sonrú go leanúnach ar chóras na státseirbhíse agus mar thoradh air sin, mar aon leis an ró-rialú uachtaránachta ar gach leibhéal d’fheidhmiú an stáit, go bhfuil meath foriomlán tagtha ar éifeachtúlacht, ar acmhainneacht agus ar cháilíocht an riaracháin phoiblí; á iarraidh ar an Tuirc bearta a dhéanamh chun córas iomaíoch maidir le hardú céime a bheidh bunaithe ar fhiúntas a athbhunú agus chun trédhearcacht agus cuntasacht an riaracháin a áirithiú;

58.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an úsáid níos minice atá á baint as insint thar a bheith náisiúnach agus ghríosaitheach i measc na huasaicme ceannasaí – a roinntear go forleathan ar fud speictream polaitiúil na tíre – ós rud é go bhfuil sé sin ina shiocair le cuir chuige naimhdeacha ar bhonn méadaitheach i leith AE, a Bhallstát agus tíortha comharsanachta eile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an deighilt dhomhain i bpolaitíocht na Tuirce, a thugtar chun suntais leis an gcóras nua uachtaránachta, agus an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as insintí pobalacha deighilteacha, lena ndéantar sochaí na Tuirce a dheighilt tuilleadh agus a chuireann bac ar idirphlé agus ar athmhuintearas idir páirtithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar méadaitheach an choimeádachais reiligiúnaigh sa saol polaitiúil, i gcontrárthacht le traidisiún tuata fadbhunaithe na tíre; á chur in iúl gur cúis imní di, sa chiall sin, ról agus acmhainní méadaitheacha na Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Reiligiúnacha (Diyanet) i ngach réimse de shaol poiblí na Tuirce, lena n-áirítear san oideachas, agus thar lear freisin, lena n-áirítear láithreacht shuntasach san Eoraip;

59.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an tionchar tromchúiseach a bheidh ag cinntí a rinne údaráis na Tuirce le déanaí ar an bpolaitíocht áitiúil agus ar an daonlathas áitiúil; ag cáineadh go láidir cur as oifig agus príosúnacht na 47 méara ar a laghad a toghadh go daonlathach (lena n-áirítear méara Diyarbakir, Van, Mardin agus níos déanaí méara Kars) ar bhonn fianaise amhrasach agus, go háirithe, a n-ionadú treallach ag iontaobhaithe neamhthofa a rinne an rialtas láir a cheapadh; á chreidiúint go láidir gurb ionann na cinntí neamhdhleathacha sin agus ionsaí díreach ar na prionsabail is bunúsaí den daonlathas, lena ndéantar ionadaíocht a toghadh go daonlathach a cheilt ar na milliúin vótálaithe; á iarraidh ar an Tuirc na méaraí a cuireadh as oifig a athbhunú;

60.  ag tabhairt dá haire na bearta polaitiúla, reachtacha, airgeadais agus riaracháin atá glactha ag an rialtas chun an bonn a bhaint ó na bardais a bhfuil méaraí pháirtithe an fhreasúra in Iostanbúl, in Ankara, in Izmir agus san oirdheisceart i bhfeighil orthu; ag cáineadh chinntí na hArdchomhairle Toghcháin (YSK) chun toghchán an mhéara cathrach in Iostanbúl a reáchtáil an athuair agus an diúltaithe do shainorduithe méara a thabhairt d’iarrthóirí HDP a bhuaigh i bhfabhar iarrthóirí ón bPáirtí Ceartais agus Forbraíochta (AKP) a tháinig sa dara háit, lena mbaintear an bonn ón urraim do dhlíthiúlacht agus do shláine na bpróiseas toghchánach agus ó neamhspleáchas na hinstitiúide ó chur isteach polaitiúil;

An caidreamh idir AE agus an Tuirc agus beartas eachtrach na Tuirce i gcoitinne

61.  á mheabhrú an róil thábhachtaigh a bhí ag an Tuirc agus atá aici fós trí bheagnach ceithre mhilliún dídeanaí a óstáil – ar dídeanaithe ón tSiria iad thart ar 3.6 milliún díobh agus gur dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn ó thíortha eile iad tuairim is 360 000 díobh de réir sonraí ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe – agus á mheabhrú gurb é sin an comhphobal dídeanaithe is mó ar domhan; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar na dúshláin a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sin i ngeall ar phaindéim COVID-19; ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag na húdaráis uile lena mbaineann, go háirithe na bardais, chun feabhas a chur ar lánpháirtiú na bpobal dídeanaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE leanúint den tacaíocht is gá a thabhairt do dhídeanaithe ón tSiria agus do phobail óstacha sa Tuirc, lena n-áirítear trí thacaíocht leanúnach a thabhairt do chláir ábhartha na Náisiún Aontaithe le haghaidh pobail dídeanaithe sa Tuirc; ag tacú le measúnú oibiachtúil, lena n-áirítear measúnú tionchair ar chearta an duine, ar Ráiteas AE-na Tuirce agus ar an gcomhar maidir le dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus an imirce, agus á chur i bhfios go láidir gur gá don dá pháirtí a ngealltanais faoi seach agus na cearta bunúsacha a chomhlíonadh mar chuid den phróiseas cur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir glacadh le hionstraimiú na n-imirceach agus na ndídeanaithe mar uirlis le haghaidh giaráil pholaitiúil agus dúmháil; ag cáineadh go láidir, ina leith sin, na húsáide a bhain an Tuirc as brú imirce chun críoch polaitiúil i mí an Mhárta 2020, nuair a thug údaráis na Tuirce spreagadh gníomhach d’imircigh agus do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmainn, le faisnéis mhíthreorach, an bealach talún tríd an nGréig a thógáil ar a dtriall chun na hEorpa; ag tabhairt dá haire gur cheart na comhaontuithe déthaobhacha um athligean isteach agus na forálacha i gcomhaontuithe agus i socruithe comhchosúla atá cheana ann leis na Ballstáit a chur chun feidhme go leormhaith go dtí go ndéanfar an Comhaontú um Athligean Isteach(9) idir AE agus an Tuirc vis-à-vis na Ballstáit uile a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach; á mheabhrú nár cheart dídeanaithe ón tSiria a aisdúichiú chuig an tSiria ach amháin má roghnaíonn siad dul ann go deonach agus gur féidir leo filleadh ar a bpobail bhunaidh;

62.  á athdhearbhú a glao a cuireadh in iúl i rún uaithi an 15 Aibreán 2015, agus ag spreagadh na Tuirce an athuair aitheantas a thabhairt do Chinedhíothú na hAirméine, lena réitítear an bealach, dá bhrí sin, chun fíor-athmhuintearas a bhaint amach idir muintir na Tuirce agus na hAirméine; á iarraidh ar an Tuirc, ina leith sin, staonadh ó aon bholscaireacht fhrith-Airméanach agus ón bhfuathchaint, agus a hoibleagáidí a urramú go hiomlán i leith oidhreacht chultúrtha na hAirméine agus oidhreacht chultúrtha eile a chosaint;

63.  á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach féidir dul i ngleic le paindéim COVID-19 ach amháin trí chomhar domhanda; á chreidiúint go bhféadfaí an comhar idir AE agus an Tuirc a dhoimhniú tuilleadh ina leith sin, lena n-áirítear maidir le slabhraí soláthair inbhuanaithe a chur ar bun; á chur in iúl gur geal léi ról dearfach na Tuirce maidir le trealamh cosanta a sholáthar do roinnt Ballstát agus tíortha eile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhí-úsáid atá á baint as foraitheanta uachtaránachta agus as cinntí aireachta lena ndéantar tuilleadh creimthe ar phrionsabal na dlíthiúlachta sna cinntí a ghlactar chun déileáil le paindéim COVID-19; ag cáineadh ionsaithe ó údaráis na Tuirce ar Chomhlachas Leighis na Tuirce, arb é is aidhm dóibh aon cheisteanna criticiúla a thost faoin gcaoi a láimhseálann an rialtas paindéim COVID 19; ag cáineadh ionstraimiú an chórais ceartais, coinneáil neamhdhleathach, ciaptha agus imscrúduithe coiriúla gan bonn ar iriseoirí a rinne ábhair imní a thuairisciú faoi bhainistiú na Tuirce ar an bpaindéim; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú mear tagtha ar na rátaí dífhostaíochta agus bochtaineachta sa Tuirc de shiocair phaindéim COVID-19;

64.  á chur i bhfáth go rachadh sé chun tairbhe don dá pháirtí nuachóiriú a dhéanamh ar an aontas custaim agus go ndéanfaí leis an Tuirc a choinneáil daingnithe go dlúth le AE go heacnamaíoch agus go normatach, chomh maith le deis athnuaite a chruthú don idirphlé dearfach agus don chomhar, lena gcuirfear creat rialála níos fearr ar fáil d’infheistíocht AE sa Tuirc, lena n-áirítear sásra um réiteach díospóidí, agus a bheadh ina spreagadh chun tuilleadh fostaíochta a chruthú in AE agus sa Tuirc araon agus do thionscadail maidir leis an gcomhar ar an gComhaontú Glas don Eoraip; á thabhairt chun suntais, faoi na cúinsí atá ann faoi láthair – lena n-áirítear an méadú ar líosta dhiallais na Tuirce óna hoibleagáidí reatha, go bhfuil AE agus an Tuirc i ndíospóid faoi láthair os comhair na hEagraíochta Domhanda Trádála nó na glaonna do-ghlactha ar Bhallstáit AE a bhaghcatáil – go ndealraítear leis sin go mbeadh sé thar a bheith deacair an t-aontas custaim a nuachóiriú, ach á chreidiúint gur cheart an doras a fhágáil ar oscailt chun iarrachtaí cuiditheacha agus idirphlé athnuaite a éascú maidir leis na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach agus fiosrú a dhéanamh ar na coinníollacha chun an t-aontas custaim a nuachóiriú; á athdhearbhú gur gá go mbeadh an nuachóiriú sin bunaithe ar choinníollacht láidir a bhaineann le cearta an duine agus le saoirsí bunúsacha de réir mar a fhorordaítear dóibh le critéir Chóbanhávan maidir le dea-chaidreamh comharsanachta le AE agus lena Bhallstáit uile agus maidir lena chur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach; á mheabhrú, sa chiall sin, nach mbainfidh an t-aontas custaim atá ann faoi láthair a lánacmhainneacht amach go dtí go gcuirfidh an Tuirc an Prótacal Breise chun feidhme ina iomláine chun Comhaontú Ankara a leathnú chuig na Ballstáit uile gan chuntar agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i ndáil leis na Ballstáit uile, agus go dtí go réiteofar na bacainn trádála uile atá cheana ann;

65.  ag leanúint de thacaíocht a thabhairt don phróiseas léirscaoilte víosaí a luaithe a bheidh na coinníollacha socraithe comhlíonta; á chur i bhfios go mbeadh léirscaoileadh víosaí ina chéim thábhachtach chun teagmhálacha duine le duine a éascú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil sé fíorthábhachtach, go háirithe do mhic léinn, do lucht acadúil, d’ionadaithe gnó agus do dhaoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu i mBallstáit AE; á chur in iúl gur geal léi an ciorclán uachtaránachta ó mhí na Bealtaine 2019 inar iarradh go gcuirfí dlús leis na démarches, ach á chur i bhfáth nach ndearnadh mórán dul chun cinn maidir leis na sé thagarmharc atá fós le comhlíonadh ag an Tuirc; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce na tagarmharcanna sin a chomhlíonadh go hiomlán ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear i ndáil le Ballstáit uile AE, agus díriú go háirithe ar an Dlí maidir le Frithsceimhlitheoireacht agus ar an Dlí maidir le Cosaint Sonraí;

66.  ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé don Tuirc, do AE agus dá Bhallstáit idirphlé agus comhar dlúth a choinneáil ar bun maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus leis an tslándáil; á aithint, mar is ceart d’aon tír cheannasach, gur féidir leis an Tuirc a beartas eachtrach féin a shaothrú i gcomhréir lena leasanna agus lena spriocanna; á chreidiúint, áfach, gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an Tuirc, mar thír is iarrthóir ar aontachas le AE, a beartas eachtrach a ailíniú ar bhonn níos mó le beartas AE faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES); á chur in iúl gur oth léi go mór, i gcontrárthacht leis sin, gur chinn an Tuirc gníomhú go haontaobhach arís is arís eile agus easaontas leanúnach a léiriú i leith tosaíochtaí AE i réimse leathan gnóthaí eachtracha, agus mar thoradh, go bhfuil ráta ailínithe na Tuirce le CBES laghdaithe go 14 %; á mholadh don Tuirc dlúthchomhar agus ailíniú sa bhreis a shaothrú le AE maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, leis an gcosaint agus leis an tslándáil, lena n-áirítear comhar frithsceimhlitheoireachta; á mheabhrú gur comhalta seanbhunaithe de chomhghuaillíocht ECAT í an Tuirc agus go bhfuil sí i bpríomhshuíomh geostraitéiseach chun an tslándáil réigiúnach a chothabháil agus chun slándáil na hEorpa a threisiú; á chur i bhfáth, mar chomhghuaillí ECAT, gur cheart an Tuirc a spreagadh chun gníomhú i gcomhréir le Conradh ECAT, ina luaitear gur cheart do chomhaltaí staonadh ina gcaidreamh idirnáisiúnta ón mbagairt fornirt nó ó úsáid an fhornirt ar bhealach ar bith atá ar neamhréir le cuspóirí na Náisiún Aontaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go leanann Ballstáit AE agus an Tuirc de bheith ag obair i gcomhar le chéile maidir le saincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach (mhíleata) ag baint leo laistigh de chreat ECAT; á mheabhrú gurb iad AE agus ECAT na comhpháirtithe fadtéarmacha is iontaofa don Tuirc sa chomhar idirnáisiúnta slándála agus á iarraidh ar an Tuirc comhleanúnachas polaitiúil a choinneáil i réimsí na mbeartas eachtrach agus slándála i bhfianaise a róil mar chomhalta de ECAT agus mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht AE agus gealltanas iomlán a thabhairt arís do ECAT ina cáil mar dhaingnitheoir slándála aonair; á iarraidh go mbeidh idirphlé trasatlantach ann maidir leis an gcaidreamh leis an Tuirc le rialtas nua na Stát Aontaithe d’fhonn beartas comhpháirteach i leith na Tuirce agus leis an Tuirc a ghlacadh, lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar ár gcomhar agus ar ár gcóineasú i luachanna agus leasanna;

67.  á chur i bhfáth, cibé éilimh a d’fhéadfadh a bheith ag an Tuirc, gur cheart iad sin a chosaint trí thaidhleoireacht agus trí idirphlé bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil sé do-ghlactha agus míchuibhiúil do thír is iarrthóir ar bhallraíocht AE aon iarracht a dhéanamh chun brú a chur ar thíortha eile trí úsáid a bhaint as forneart, bagairtí nó reitric naimhdeach, go háirithe i leith AE agus a Bhallstát; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) seasamh daingean a ghlacadh maidir le haon teanga mhí-úsáideach i gcoinne AE agus a Bhallstát a léiríonn ionadaithe Rialtas na Tuirce;

68.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iompar neamhdhleathach na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, arna dhéanamh ag tír is iarrthóir ar bhallraíocht AE i gcoinne Bhallstáit AE, agus faoi na rioscaí slándála agus cobhsaíochta a bhaineann leis sin; ag cáineadh go láidir gníomhaíochtaí neamhdhleathacha na Tuirce in uiscí na Gréige agus na Cipire, mar aon lena sáruithe ar aerspás náisiúnta na Gréige, lena n-áirítear traseitiltí thar limistéar ina bhfuil cónaí orthu, agus thar a farraige theorann, lena ndéantar sárú ar cheannasacht agus cearta ceannasacha Bhallstáit AE agus ar an dlí idirnáisiúnta araon; ag cur in iúl a dlúthpháirtíochta iomláine leis an nGréig agus le Poblacht na Cipire; ag athdhearbhú ceart Phoblacht na Cipire comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh maidir lena limistéar eacnamaíoch eisiach (EEZ) agus a hacmhainní nádúrtha a fhiosrú agus a shaothrú i gcomhréir iomlán leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha na Tuirce laistigh d’uiscí teorann na Gréige sa Mhuir Aeigéach agus gníomhaíochtaí iascaireachta neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe chabhlaigh iascaireachta na Tuirce in uiscí idirnáisiúnta sa Mhuir Aeigéach agus sa Mheánmhuir Thoir; ag tathant ar an Tuirc agus ar an geallsealbhóirí uile atá san áireamh a bheith rannpháirteach i réiteach síochánta ar dhíospóidí agus staonadh ó aon ghníomhaíocht nó bagairt aontaobhach agus neamhdhleathach; á chur i bhfáth nach féidir coinbhleachtaí a réiteach ar bhealach inbhuanaithe ach amháin trí idirphlé, trí thaidhleoireacht agus trí chaibidlíocht de mheon dea-thola agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh ar gach taobh go mbeidh fíor-rannpháirtíocht chomhchoiteann ann chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le teorannú EEZanna agus na scairbhe ilchríochaí de mheon macánta, agus an dlí idirnáisiúnta agus prionsabal an dea-chaidrimh idir chomharsana á n-urramú acu go hiomlán; ag tabhairt dá haire gur oth léi nár tarraingíodh siar go fóill an casus belli a dhearbhaigh TGNA i gcoinne na Gréige in 1995; á chur in iúl gur geal léi an babhta nua cainteanna turgnaimh idir an Ghréig agus an Tuirc, tar éis bearna a mhair cúig bliana ina bhféachtar le haghaidh a thabhairt, i measc nithe eile, ar theorannú na scairbhe ilchríochaí agus EEZ i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; ag athdhearbhú a hiarrata ar Rialtas na Tuirce Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar cuid de acquis an Aontais Eorpaigh é, a shíniú agus a dhaingniú; á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí go hiomlán leis an togra ón gComhairle Eorpach le haghaidh comhdháil iltaobhach maidir leis an Meánmhuir Thoir ar mhaithe le hardán a chur ar fáil chun díospóidí a réiteach trí idirphlé, agus á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí é a sheoladh a luaithe is féidir; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle a bheith réidh chun liosta de smachtbhannaí sriantacha earnála agus spriocdhírithe sa bhreis a chur i dtoll a chéile in éagmais aon dul chun cinn suntasach nó ionchais athnuaite i dtaca le teagmháil a dhéanamh leis an Tuirc; ag tabhairt dá haire gurb iad na conclúidí ón gComhairle an 15 Iúil 2019, i bhfianaise gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathaí nua agus leanúnacha na Tuirce, gan an Chomhairle Comhlachais agus cruinnithe breise den idirphlé ardleibhéil idir AE agus an Tuirc a thionól faoi láthair, mar aon le Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir(10), na chéad chásanna inar measadh go raibh gá le freagairtí den sórt sin i bhfianaise iompar tíre is iarrthóir; ag tathant ar an Tuirc a bheith rannpháirteach i réiteach síochánta ar dhíospóidí agus staonadh ó aon ghníomhaíocht nó aon bhagairt aontaobhach agus neamhdhleathach, toisc go mbíonn tionchar diúltach aige sin ar an dea-chaidreamh comharsanachta le AE agus lena Bhallstáit; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí machnamh a dhéanamh ar thoscaire speisialta an Aontais Eorpaigh a cheapadh do Réigiún na Meánmhara Thoir chun an teagmháil taidhleoireachta chun na Tuirce a éascú;

69.  ag cáineadh go láidir an ráiteas ó Uachtarán Thionól Náisiúnta na Tuirce go bhféadfadh an Tuirc tarraingt siar le foraithne shimplí ón uachtarán ó Choinbhinsiún Montreux, comhaontú idirnáisiúnta tábhachtach lena rialaítear saorloingseoireacht idirnáisiúnta i gcaolais na Dardainéile agus na Bosparaise; ag tabhairt dá haire go bhfuil an ráiteas seo ag teacht sna sála ar iarrachtaí na Tuirce roimhe seo chun cur i gcoinne bhailíocht Chonradh Síochána Lausanne, agus, dá bhrísin, chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den chobhsaíocht idirnáisiúnta sa limistéar máguaird, lena n-áirítear, go háirithe, tíortha comharsanachta na Tuirce;

70.  ag cáineadh go láidir athoscailt pháirteach neamhdhleathach Varosha i gcathair Famagusta, rud a bhaineann an bonn den mhuinín fhrithpháirteach agus, dá bhrí sin, den seans go gcuirfear tús arís le cainteanna díreacha maidir le réiteach cuimsitheach shaincheist na Cipire, tríd an staid mar atá ar an láthair a athrú chun donais, an deighilt sa Chibir a mhéadú agus críochdheighilt bhuan na Cipire a leabú; ag tabhairt rabhadh faoi aon athrú ar an status quo in Varosha de shárú ar rúin CSNA. á iarraidh ar an Tuirc an ghníomhaíocht sin a aisiompú agus aon ghníomhaíocht aontaobhach eile lena bhféadfaí cur leis an teannas ar an oileán a sheachaint, i gcomhréir leis an iarraidh a rinne CSNA le déanaí; á iarraidh ar an Tuirc a trúpaí a tharraingt siar ón gCipir, limistéar Varosha a aistriú chuig a chónaitheoirí dleathacha faoi riarachán sealadach NA i gcomhréir le Rún 550 (1984) ó CSNA, agus staonadh ó ghníomhaíochtaí lena n-athraítear an chothromaíocht dhéimeagrafach ar an oileán trí bheartas lonnaíochtaí neamhdhleathacha; á iarraidh an athuair ar an Tuirc gealltanas a thabhairt maidir le réiteach cuimsitheach agus rannchuidiú leis an réiteach sin i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó CSNA, lena n-áirítear maidir le haiseag maoine agus caomhnú láithreacha reiligiúnacha; á chur in iúl gur oth léi gur thacaigh na húdaráis is airde sa Tuirc leis an réiteach dhá stát chun críocha polaitiúla agus náisiúnachta agus ag tathant ar Rialtas na Tuirce gealltanas nithiúil a thabhairt maidir le hiarraidh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go ndéanfaí caibidlíocht athnuaite; ag tathant ar na páirtithe lena mbaineann caibidlíocht maidir le hathaontú na Cipire a chur ar bun an athuair faoi choimirce Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe a luaithe is féidir, agus tosú arís san áit ar stopadh agus tógáil ar na comhaontuithe ar thángthas orthu cheana mar chuid de phróiseas Crans-Montana 2017; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit ról níos gníomhaí a imirt chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche go rathúil; ag athdhearbhú a tacaíochta le socrú cothrom, cuimsitheach agus inmharthana ar bhonn cónaidhme dé-chomhphobail, déchriosaí ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach idirnáisiúnta aonair, ceannasacht aonair agus saoránacht aonair agus comhionannas polaitiúil idir an dá chomhphobal, mar a shainítear sna rúin ábhartha ó CSNA, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le acquis AE, agus ar an mbonn go n-urramaítear na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe; á chur in iúl gur deimhin léi nach féidir coinbhleachtaí a réiteach ar bhealach inbhuanaithe ach amháin trí idirphlé, trí thaidhleoireacht agus trí chaibidlíocht de mheon dea-thola agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; á chreidiúint go daingean go rachadh réiteach inbhuanaithe fhadhb na Cipire chun tairbhe do gach tír sa réigiún; á chur i bhfáth gur gá acquis AE a chur chun feidhme ar fud an oileáin ar fad tar éis réiteach a fháil ar fhadhb na Cipire agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil le fórsaí daonlathacha phobal Turcach na Cipire; ag moladh an obair thábhachtach atá á déanamh ag an gCoiste dé-chomhphobail maidir le Daoine ar Iarraidh, a bhíonn ag plé le daoine de phobal Turcach na Cipire agus de phobal Gréagach na Cipire atá ar iarraidh, agus á athdhearbhú gur mór aici gur tugadh rochtain níos fearr ar na láithreacha ábhartha, lena n-áirítear limistéir mhíleata, le roinnt blianta anuas anois; á iarraidh ar an Tuirc cabhrú leis an gCoiste um Dhaoine ar Iarraidh trí fhaisnéis óna chartlann mhíleata a chur ar fáil; á chur in iúl gur oth léi diúltú leanúnach na Tuirce an dlí eitlíochta a chomhlíonadh agus bealach cumarsáide a bhunú idir ionaid rialaithe aerthráchta sa Tuirc agus i bPoblacht na Cipire, a mbaineann rioscaí agus contúirtí sábháilteachta iarbhír lena neamhláithreacht mar a shainaithin Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chomhlachais na bPíolótaí Aerlíne; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh sé gur réimse é sin ina bhféadfadh an Tuirc a tiomantas a chruthú do bhearta chun muinín a chothú agus á iarraidh ar an Tuirc comhoibriú trí dhlí eitlíochta AE a chur chun feidhme ina iomláine; ag meabhrú a seasaimh, mar a cuireadh in iúl i rúin roimhe seo, maidir le tionscnamh a thabhairt isteach sa Chomhairle le go bhféadfaidh Ballstáit uile AE stop a chur le honnmhairiú arm chuig an Tuirc a cheadúnú i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle;

71.  ag cáineadh go láidir idirghabhálacha míleata na Tuirce sa tSiria, ar sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta iad agus ar baolach go mbainfidís an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil an réigiúin ina iomláine; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce deireadh a chur le forghabháil mhídhleathach thuaisceart na Siria agus Afrin agus a sheachfhórsaí míleata agus paraimíleata a tharraingt siar; á athdhearbhú nach féidir bonn cirt a thabhairt le gníomhaíocht mhíleata aontaobhach i dtír eachtrach mar gheall ar ábhair imní slándála; á mheabhrú nach féidir réiteach míleata inbhuanaithe a bheith ann ar shaincheist Idlib, ach réiteach polaitiúil amháin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di aistriú trodaithe agus amhas ó ghrúpaí jiohádacha atá lonnaithe i dtuaisceart na Siria go dtí an Libia agus go dtí an choinbhleacht sa Nagarna-Carabaic agus á cháineadh go láidir; á iarraidh ar údaráis na Tuirce na dálaí cearta a chruthú do phobail easáitithe laistigh den tSiria filleadh ar a dtithe féin agus cead a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh;

72.  á iarraidh ar an Tuirc leanúint de bheith tiomanta don choinbhleacht sa Libia a réiteach ar bhealach síochánta faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, agus cloí go hiomlán leis an trádbhac arm a d’fhorchuir CSNA; ag moladh obair Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh – Oibríocht Irini sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED Irini) agus a chuid iarrachtaí chun seasamh leis an trádbhac arm sainordaithe agus cosc a chur ar gháinneáil ar dhaoine agus ar dhrugaí; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Tuirc, in dhá chás ar a laghad, cead a thabhairt do phearsanra EUNAVFOR MED IRINI cigireacht a dhéanamh ar longa atá ag taisteal ón Tuirc go dtí an Libia; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Tuirc comhoibriú go hiomlán le EUNAVFOR MED IRINI, a fheidhmíonn i gcomhréir le Rúin 2292 agus 2526 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, atá ceangailteach ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Poblacht na Tuirce; á iarraidh ar an gComhairle tús a chur leis an gcomhar idir EUNAVFOR MED IRINI agus Oibríocht ECAT Sea Guardian chun áirithiú go mbeidh na hacmhainní agus an pearsanra is gá ag EUNAVFOR MED IRINI chun a phríomhchúram a dhéanamh go héifeachtach, is é sin faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí tráchta talún, mara agus aeir agus cur le cur chun feidhme iomlán an trádbhaic arm ag gach tír; á chur i bhfáth go bhfuil gá an sos cogaidha chothabháil agus le haistarraingt láithreach neamhchoinníollach fórsaí eachtrannacha agus amhais ó chríoch na Libia ina iomláine i gcomhréir le rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; ag cáineadh go láidir gur síníodh an dá mheabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú criosanna muirí, atá idirnasctha agus ar sáruithe soiléire iad ar an dlí idirnáisiúnta agus ar rúin ábhartha ó CSNA araon;

73.  ag cáineadh gur chinn an Tuirc gan choinníoll, in ionad a iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean agus go gcuirfí tús arís leis an gcaibidlíocht shíochánta a thacaíonn le hiarrachtaí Chomhchathaoirligh Ghrúpa ESCE Mhionsc, tacú le gníomhaíochtaí míleata na hAsarbaiseáine sa choinbhleacht a bhí ann le déanaí sa Nagarna-Carabaic trí dhul i muinín reitric chonspóideach, rud a rinne teannas a chothú seachas a laghdú; ag cáineadh aistriú trodairí eachtracha ón tSiria agus ó áiteanna eile go dtí an Nagarna-Carabaic, mar a dhearbhaigh tíortha Comhchathaoirligh Ghrúpa ESCE Mhionsc agus á iarraidh ar an Tuirc staonadh ó aon ghníomhaíocht agus reitric a d’fhéadfadh an teannas i réigiún Chugas Theas a ghéarú tuilleadh agus tacú leis an idirphlé idirnáisiúnta agus leis an bpróiseas síochána faoi choimirce Ghrúpa ESCE Mhionsc;

74.  á iarraidh ar rannán StratCom SEGS taifead a dhéanamh ar aon amhras faoi bhréagaisnéis ón Tuirc atá dírithe ar AE, go háirithe san Afraic agus i réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh, agus a chuid torthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa;

An bealach chun cinn don chaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc

75.  á chreidiúint go bhfuil sé thar am againn machnamh dáiríre a dhéanamh ar chaidreamh an Aontais leis an Tuirc agus straitéis chuimsitheach, aontaithe agus chomhtháite a tharraingt suas don mheántéarma agus don fhadtéarma, i measc institiúidí uile an Aontais agus na mBallstát; á iarraidh ar an Tuirc páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach de mheon macánta – lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, ar saincheisteanna iad nach raibh an Tuirc agus AE ar aon intinn fúthu – d’fhonn teacht ar chomhaontú arís agus ar chomhthuiscint leis AE, tús a chur arís le hidirphlé agus comhar maidir le dea-chaidreamh comharsanachta, agus próiseas na n-athchóirithe a chur ar bun arís sa Tuirc, go háirithe i ndáil le réimse na gceart bunúsach; á chreidiúint gur cheart do AE leanúint de gach cineál idirphlé, comhthuisceana agus cóineasaithe seasamh leis an Tuirc a shaothrú, ach á athdhearbhú, ina éagmais sin, agus i gcás gníomhaíochtaí aontaobhacha athnuaite nó saighdeadh de shárú ar an dlí idirnáisiúnta, gur cheart do AE úsáid a bhaint as na hionstraimí uile agus na roghanna atá ar fáil dó, lena n-áirítear smachtbhannaí spriocdhírithe mar rogha dheireanach, nach mbeadh drochthionchar acu ar mhuintir na Tuirce, ar an tsochaí shibhialta ná ar dhídeanaithe sa Tuirc;

76.  á chreidiúint nár cheart do AE mearbhall a chur ar an Tuirc maidir le beartais a rialtais reatha, agus dá bhrí sin, á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh AE de bheith tiomanta do thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na Tuirce chun luachanna agus prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar an ngairm láidir ar son na hEorpa agus an fhéiniúlacht Eorpach atá ag sochaí na Tuirce i gcoitinne; á iarraidh, sa chiall sin, ar institiúidí uile AE, go háirithe ar an gComhairle, an ghné a bhaineann le cearta an duine agus staid na saoirsí bunúsacha agus an smachta reachta sa Tuirc a chur i gcroílár a ngníomhaíochtaí i leith na tíre; ag tabhairt dá haire an teachtaireacht chomhpháirteach le déanaí maidir leis an staid mar atá i ndáil leis an gcaidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc (JOIN(2021)0008) mar achoimre ghonta ar an staid mar atá faoi láthair; á chur in iúl gur oth léi nár tugadh aghaidh leordhóthanach sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mhárta 2021 ar chúlú an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach sa Tuirc; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an ghné a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta an duine i gcroílár an mheasúnaithe ar ár mbeartas i leith na Tuirce; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an ghné a bhaineann le cearta an duine agus leis an smacht reachta a thabhairt isteach mar cheann de na príomhchritéir agus na chéad chéimeanna eile sa chaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc á gceapadh; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí, dá ndéanfaí amhlaidh, cabhrú le cúlú na saoirsí bunúsacha a tugadh faoi deara le déanaí sa Tuirc a aisiompú agus go gcuirfí teachtaireacht mhisniúil chuig an sciar mór de shochaí na Tuirce atá ar son na hEorpa agus ar son an daonlathais;

77.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an tAontas agus an Tuirc araon ar an eolas gur riachtanach agus gur ríthábhachtach dearcadh cuiditheach agus measúil a fhorbairt sa chaidreamh atá acu lena chéile agus gur ríthábhachtach feabhas a chur ar an gcumarsáid agus ar an idirphlé ar gach leibhéal chun go mbeidh an caidreamh idir AE agus an Tuirc bunaithe ar an muinín fhrithpháirteach arís, ar caidreamh é lena bhféadfar bunús láidir, marthanach a bhunú chun go mbeidh tuilleadh forbairt chuiditheach ann, chun saol na ndaoine a fheabhsú i gcónaí agus chun an tsíocháin a chothabháil; á chreidiúint gur cheart bealaí eile cumarsáide a neartú, lena n-áirítear i measc na mbardas – ag tacú leis an obair ábhartha atá déanta ag Coiste na Réigiún – agus i réimse na hacadúlachta, an chultúir agus na hiriseoireachta; á iarraidh ar institiúidí uile AE agus ar na Ballstáit iarrachtaí nithiúla a dhéanamh i ndáil leis sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt ar na céimeanna sin sa chéad tuarascáil eile uaidh maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc; ag tabhairt dá haire gur thionóil Comhchoiste Parlaiminteach deireanach AE-na Tuirce an 78ú cruinniú dá chuid in Ankara an 19 agus an 20 Nollaig 2018; á chur in iúl gur oth léi tréimhse neamhghníomhaíochta Chomhchoiste Parlaiminteach AE-na Tuirce nach bhfuil aon údar léi agus á chur in iúl go bhfuil súil aici, dá bhrí sin, go gcuirfear tús an athuair leis na cruinnithe idir Ard-Tionól Náisiúnta na Tuirce agus Parlaimint na hEorpa faoi Chomhchoiste Comhpháirteach AE-na Tuirce, mar chreat tábhachtach don phlé agus don díghéarú;

78.  á iarraidh go dtionólfar cruinniú idir ceannairí an Aontais agus ceannairí na Tuirce tar éis fíorphróiseas díghéaraithe, chun athbhreithniú a dhéanamh ar chreat reatha an chaidrimh nó chun samhlacha nua níos éifeachtaí don chaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc a fhiosrú;

79.  á mheas, mar chéim riachtanach chun staid iomlán an chaidrimh a fheabhsú, nach mór don dá thaobh teanga mheasúil a úsáid, iarrachtaí a dhéanamh claontachtaí agus míthuiscintí atá ann cheana a chomhrac, agus breithniú níos oibiachtúla agus níos iomláine a dhéanamh ar íomhá an taobh eile in aigne an phobail faoi seach, lena ndéanfaí an dearcadh atá ag an dá thaobh ar a chéile, atá ag dul in olcas, a aisiompú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise an méid sin, beartas cumarsáide a sheoladh a bheidh dírithe ar shochaí na Tuirce, arb é is aidhm dó feasacht a mhúscailt faoin Aontas Eorpach, faisnéis oibiachtúil a chur ar fáil maidir lena bheartais agus an dearcadh atá ag saoránaigh na Tuirce faoin Aontas Eorpach a athbhunú; á chur i bhfáth nach dtreisíonn reitric throdach agus ionsaitheach ach seasaimh mhíchuibheasacha ar an dá thaobh agus go bhfuil cur chuige atá go hiomlán achrannach ag dul chun tairbhe na ndaoine siúd a bhfuil sé mar aidhm acu an Tuirc agus an tAontas Eorpach a tharraingt óna chéile;

o
o   o

80.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Tuirce, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí Tuarascáil 2020 an Choimisiúin maidir leis an Tuirc agus an rún seo a aistriú go Tuircis agus cóip a sheoladh chuig an bParlaimint.

(1) IO C 328, 6.9.2016, lch. 2.
(2) IO C 23, 21.1.2021, lch. 58.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0017.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0049.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0230.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0332.
(7) Comhaontú an 12 Meán Fómhair 1963 lena mbunaítear Comhlachas idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc (IO L 361, 31.12.1977, lch. 29).
(8) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(9) Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (IO L 134, 7.5.2014, lch. 3).
(10) IO L 291, 12.11.2019, lch. 4.

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais