Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2173(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0131/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0131/2021

Díospóireachtaí :

PV 18/05/2021 - 12
CRE 18/05/2021 - 12

Vótaí :

PV 19/05/2021 - 2
PV 19/05/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0244

Téacsanna atá glactha
PDF 190kWORD 66k
Dé Céadaoin, 19 Bealtaine 2021 - Brussels
Tuarascálacha 2019-2020 maidir le Montainéagró
P9_TA(2021)0244A9-0131/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 ar Thuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (2019/2173(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile(1), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010,

–  ag féachaint d’iarratas Mhontainéagró an 15 Nollaig 2008 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le iarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2010)0670), agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16-17 Nollaig 2010 chun stádas iarrthóra a dheonú do Mhontainéagró agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 29 Meitheamh 2012 tús a chur le hidirbheartaíocht aontachais an Aontais le Montainéagró,

–  ag féachaint d’aontachas Mhontainéagró le ECAT an 5 Meitheamh 2017,

–  ag féachaint do chonclúidí Uachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,

–  ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do chlár oibre tosaíochtaí Shóifia san iarscríbhinn a ghabhann leis;

–  ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,

–  ag féachaint don rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le Tuarascáil 2018 ón gCoimisiún i ndáil le Montainéagró(2),

–  ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an 18ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró (SAPC), a reáchtáladh i bPodgairítse an 25 agus 26 Feabhra 2020,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 dar teideal 2019 Communication on EU Enlargement Policy [Teachtaireacht 2019 maidir le Beartas AE um Méadú](COM(2019)0260), lena ngabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Montenegro 2019 Report [Tuarascáil 2019 maidir le Montainéagró] (SWD(2019)0217),

–  ag féachaint do theachtaireacht an 6 Deireadh Fómhair 2020 ón gCoimisiún dar teideal 2020 Communication on EU Enlargement Policy [Teachtaireacht 2020 maidir le Beartas AE um Méadú] (COM(2020)0660), lena ngabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Montenegro 2020 Report [Tuarascáil 2020 maidir le Montainéagró] (SWD(2020)0353),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal An Economic and Investment Plan for the Western Balkans [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 8 Aibreán 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal Communication on the Global EU response to COVID-19 [Teachtaireacht maidir le freagairt Dhomhanda AE ar COVID-19] (JOIN(2020)0011) ,

–  ag féachaint don mheasúnú ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2020 ar an gClár Athchóirithe Eacnamaíoch Mhontainéagró (2020-2022) (SWD(2020)0066) agus do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc, a ghlac an Chomhairle an 19 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery [Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach] (COM(2020)0315),

–  ag féachaint don chúigiú cruinniú den Chomhdháil Aontachais le Montainéagró ar leibhéal na n-ionadaithe an 30 Meitheamh 2020 sa Bhruiséil, áit inar cuireadh tús le hidirbheartaíocht maidir leis an gcaibidil is déanaí a scagadh, Caibidil 8, ‘beartas iomaíochta’,

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tír,

–  ag féachaint don ráiteas a eisíodh an 11 Nollaig 2020 maidir le réamhthorthaí agus conclúidí ó mhisean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán an 30 Lúnasa 2020 de chuid Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) ar thoghcháin pharlaiminteacha i Montainéagró,

–  ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, i ndiaidh chruinniú mullaigh 2020(3),

–  ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Pharlaimint na hEorpa – Spéicéirí na mBalcán Thiar an 28 Eanáir 2020, a thionóil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis na ceannairí ó pharlaimintí na mBalcán Thiar,

–  ag féachaint do dhearbhú Shágraib a comhaontaíodh le linn chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar a tionóladh trí fhíschomhdháil an 6 Bealtaine 2020,

–  ag féachaint do chruinnithe mullaigh AE-na mBalcán Thiar faoi chuimsiú Phróiseas Bheirlín an 5 Iúil 2019 in Poznań agus an 10 Samhain 2020 i Sóifia,

–  ag féachaint don dara tuarascáil faireacháin tíre ar Mhontainéagró (an cúigiú timthriall faireacháin) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2017, agus do na conclúidí ar Mhontainéagró maidir le staid chur chun feidhme mholtaí 2017, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2020,

–  ag féachaint do Dhearbhú Chomhpháirtithe na mBalcán Thiar maidir le Lánpháirtiú na Romach laistigh de Phróiseas an Aontais Eorpaigh um Méadú an 5 Iúil 2019 agus don Straitéis maidir le Cuimsiú Sóisialta na Romach agus na hÉigipteach i Montainéagró 2016-2020,

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0131/2021),

A.  de bhrí go ndéantar gach tír is iarrthóir a bhreithniú ar bhonn aonair ar a tuillteanais féin, agus gurb é luas agus cáilíocht na n-athchóirithe a chinneann an tráthchlár maidir le haontachas;

B.  de bhrí, de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhféadfadh aon tír Eorpach iarratas a dhéanamh chun a bheith ina comhalta den Aontas ar choinníoll go gcloíonn sí le critéir uile Chóbanhávan, lena n-áirítear urraim do mhionlaigh agus cosaint dóibh;

C.  de bhrí gur luachanna bunúsacha iad an daonlathas agus an smacht reachta a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe orthu agus atá i gcroílár phróiseas an mhéadaithe agus an phróisis cobhsaíochta agus comhlachais; de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe chun dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann sna réimsí sin;

D.  de bhrí gurb é Montainéagró an tír a bhfuil an méid is mó dul chun cinn déanta aige ina phróiseas caibidlíochta faoi láthair, a bhfuil gach ceann den 33 chaibidil scagtha d’acquis an Aontais oscailte aige, agus go bhfuil idirbheartaíocht maidir le trí chaibidil dúnta go sealadach aige;

E.  de bhrí gur lean Montainéagró de chuntas teiste a chruthú ó thaobh oibleagáidí an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais a chur chun feidhme;

F.  de bhrí go raibh an chéad aistriú cumhachta i suíomh daonlathach sa tír ó tugadh an córas ilpháirtí isteach mar thoradh ar thoghcháin pharlaiminteacha an 30 Lúnasa 2020; de bhrí go ndearnadh an t-aistriú sin ar bhealach ordúil;

G.  de bhrí gur aithin an rialtas a bhí ann roimhe seo torthaí na dtoghchán agus an t-aistriú cumhachta, agus ar an gcaoi sin leibhéal na haibíochta daonlathaí agus an dul chun cinn atá bainte amach i Montainéagró a dheimhniú;

H.  de bhrí gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó atá ag Montainéagró, arb ionann é agus 37 % d’iomlán onnmhairí agus 47 % d’iomlán allmhairí earraí, le méid trádála arbh ionann é agus EUR 1,38 billiún in 2019;

I.  de bhrí gurb é AE an soláthraí is mó cúnaimh airgeadais atá ag Montainéagró agus de bhrí go mbaineann Montainéagró tairbhe as cúnamh réamhaontachais faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), le EUR 504,9 milliún ar an iomlán idir 2007 agus 2020;

J.  de bhrí gur shlóg AE EUR 38 milliún mar thacaíocht láithreach do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic leis an éigeandáil sláinte de bharr COVID-19;

K.  de bhrí gur aontaigh AE EUR 374 mhilliún ó IPA a ath-leithdháileadh chun cabhrú le tionchar socheacnamaíoch COVID-19 i réigiún na mBalcán Thiar a mhaolú; de bhrí gurbh é EUR 53 mhilliún an méid ar comhaontaíodh idir an Coimisiún agus Montainéagró;

L.  de bhrí gur tairgeadh pacáiste cúnaimh macrairgeadais dar luach EUR 60 milliún do Mhontainéagró freisin agus de bhrí go bhfuil EUR 804 mhilliún curtha ar fáil trí iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta ó 1999 i leith;

M.  de bhrí gur ghlac an Coimisiún pacáiste de EUR 70 milliún faoi IPA II chun cabhrú le cistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag tíortha na mBalcán Thiar ar vacsaíní COVID-19 arna soláthar ag Ballstáit AE; de bhrí gur shínigh Montainéagró comhaontú i mí Dheireadh Fómhair 2020 faoi thionscnamh COVAX chun 248 800 dáileog de na vacsaíní sin a fháil;

N.  de bhrí go ndearnadh difear ar leith do Romaigh agus d’Éigiptigh le linn phaindéim COVID-19 ós rud é go bhfuil siad fós ina n-íospartaigh de dhochar atá fréamhaithe go domhain i suíomhanna sóisialta agus gairmiúla araon;

Tiomantas do mhéadú

1.  á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht leanúnach Mhontainéagró i bpróiseas lánpháirtithe an Aontais agus an dul chun cinn foriomlán atá déanta aige;

2.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe atá bunaithe ar bhraislí téamacha na gcaibidlí idirbheartaíochta agus ar chéimniú isteach i leith beartas agus cláir aonair de chuid AE a chur chun feidhme go mear, chun dlús a chur leis an bpróiseas idirbheartaíochta foriomlán agus dreasachtaí soiléire agus inláimhsithe a chur ar fáil a bhfuil leas díreach ag baint leo do shaoránaigh Mhontainéagró;

3.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur osclaíodh Caibidil 8 (beartas iomaíochta) agus gur chinn Montainéagró modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe a ghlacadh; á iarraidh ar Mhontainéagró, go háirithe, na tagarmharcanna eatramhacha do Chaibidil 23 agus do Chaibidil 24 a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil, a bheidh ina gcéad gharsprioc eile, agus ag tacú go láidir le clabhsúr a chur ar chaibidlí aontachais de réir mar a ndéanfaidh Montainéagró athchóirithe i leith na dtagarmharcanna riachtanacha a chur i gcrích agus a chur chun feidhme; á mheabhrú gur dúnadh trí chaibidil go sealadach ó osclaíodh an chéad chaibidil i mí na Nollag 2012, agus ag spreagadh Mhontainéagró chun béim shoiléir a leagan ar a bheith ag obair chun dul i ngleic le clabhsúr na dtagarmharcanna sna caibidlí eile ar fad;

4.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh an chéad aistriú cumhachta mar thoradh ar thoghcháin an 30 Lúnasa 2020 ó tugadh isteach an córas ilpháirtí, agus lánurraim á tabhairt do chaighdeáin dhaonlathacha agus do bhunreacht Mhontainéagró, agus gur mheas ESCE/ODIHR gur reáchtáladh na toghcháin ar bhealach éifeachtúil, iomaíoch agus trédhearcach; ag tabhairt dá haire go dearfach nár cuireadh in aghaidh torthaí an toghcháin agus go bhfuil gach parlaiminteoir tofa tar éis a chuid dualgais a atosú; á chur in iúl gur ábhar imní di na tuairiscí ar thionchar seachtrach sa phróiseas toghcháin;

5.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh malartú tuairimí ag Rialtas nuabhunaithe Mhontainéagró ar a chéad lá oibre le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le hoifigigh AE, chomh maith le tiomantas sainráite an rialtais nua lánpháirtiú AE a shaothrú tuilleadh, chun na caighdeáin is gá a bhaint amach le haghaidh dul chun cinn na tíre ar chonair AE agus chun an chomhghuaillíocht thrasatlantach a neartú;

6.  á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach gan an méid a baineadh amach roimhe seo sa phróiseas athchóirithe a aisiompú agus ag spreagadh an rialtais nua a shainordú a úsáid chun dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus dlús a chur le hidirbheartaíocht aontachais; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hidirphlé oscailte agus cuiditheach idir na geallsealbhóirí polaitiúla agus sóisialta go léir, mar aon le comhaontú maidir le príomh-shaincheisteanna a bhaineann le dul chun cinn foriomlán na tíre le go bhféadfaidh Montainéagró dul chun cinn a dhéanamh ar chonair AE;

7.  á chur i bhfáth gur gá le caidreamh comhoibríoch agus cuiditheach idir an t-uachtarán, an rialtas nua agus an parlaimint nua (Skupština), d’fhonn dul chun cinn Mhontainéagró ar a chonair AE a fheabhsú agus dul chun cinn daonlathach na tíre a neartú tuilleadh; á iarraidh ar na páirtithe uile cloí leis na prionsabail dhaonlathacha agus bhunreachtúla;

8.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na suirbhéanna a rinneadh le déanaí ar thuairimí an phobail, a léiríonn go dtacaíonn líon méadaitheach saoránach Mhontainéagró (76,6 %) le ballraíocht na tíre san Aontas amach anseo, atá mar theachtaireacht shoiléir don rialtas nua go bhfuil an pobal ar son athchóirithe bunaithe ar luachanna Eorpacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé sin ar cheann de na rátaí is airde tacaíochta poiblí don Aontas sa réigiún; á chur in iúl gur díol sásaimh di, sa chomhthéacs sin, gur thug an Coimisiún spreagadh nua don mhéadú in 2020 le straitéis nua do na Balcáin Thiar agus leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta;

9.  ag moladh an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró i roinnt réimsí den idirbheartaíocht aontachais, lena n-áirítear comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (lena n-áirítear cuntas teiste tosaigh a bhunú i réimsí na gáinneála ar dhaoine agus na smuglála drugaí); á iarraidh ar na húdaráis dlús a chur le hathchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha, go háirithe maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha, an bhreithiúnacht, saoirse na meán agus an comhrac i gcoinne an éillithe, ar athchóirithe iad a bhfuil gá le dul chun cinn suntasach breise a dhéanamh;

10.  á iarraidh go mbeidh rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú iomchuí thíortha na mBalcán Thiar, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus daoine óga, ag an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa agus go gcuirfear a rannchuidiú san áireamh, i bhfianaise a thiomanta atá siad a bheith ina mBallstáit den Aontas amach anseo;

11.  á iarraidh go gcruthófar deiseanna nua i dtaca le hidirphlé ardleibhéil polaitiúil agus beartais le tíortha na mBalcán Thiar, trí chruinnithe mullaigh rialta idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus trí theagmhálacha treisithe aireachta agus parlaiminteacha, chun inchreidteacht pholaitiúil phróiseas an mhéadaithe a neartú agus chun a áirithiú go mbeidh stiúradh níos fearr agus rannpháirtíocht ardleibhéil níos fearr ann, amhail mar a iarradh freisin le modheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe;

12.  á mheabhrú gur chun leasa an rialtais é ionadaíocht leormhaith a áirithiú thar lear; ag tagairt, i ndáil leis sin, do cheapadh Cheann Mhisean Mhontainéagró chuig AE atá ar feitheamh;

Daonlathas agus an smacht reachta

13.  ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí agus conclúidí na mbreathnóirí idirnáisiúnta ó ESCE/ODIHR, agus á iarraidh ar na húdaráis aghaidh a thabhairt go hiomlán agus in am trátha ar na moltaí roimh na céad toghcháin náisiúnta eile; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac an rialtas cinneadh maidir le Comhairle a bhunú i dtaca le Rialú an Rolla Toghthóirí; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Skupština cinneadh maidir leis an gCoiste um Athchóiriú Uileghabhálach Toghcháin a bhunú i mí na Nollag 2020 agus go bhfuiltear ag dréim leis go dtosóidh an coiste sin ag feidhmiú gan a thuilleadh moille;

14.  ag spreagadh Mhontainéagró chun toghcháin áitiúla a reáchtáil ag an am céanna ar fud na tíre chun tuilleadh cobhsaíochta a thabhairt don daonlathas, chun feachtasaíocht leanúnach a sheachaint agus chun teannas na timpeallachta polaitiúla a mhaolú; á chur in iúl gur cúis díomá di, in ainneoin comhaontú traspháirtí toghcháin áitiúla a reáchtáil ar an lá céanna, nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach sa chreat dlíthiúil ar an tsaincheist sin; á mheabhrú go bhfuil gá le tromlach dhá thrian chun leasú a dhéanamh ar an Dlí maidir le Toghchán na gComhairleoirí agus na bhFeisirí Parlaiminte, rud a éilíonn comhdhearcadh leathan na bpáirtithe parlaiminteacha;

15.  á iarraidh ar na páirtithe polaitiúla go léir sa Skupština nuathofa páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach, fiúntach agus cuimsitheach sa pharlaimint, ós rud é go bhfuil sé sin lárnach do dhaonlathas parlaiminteach rathúil; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur chinn an freasúra gan obair Skupština a bhaghcatáil agus á athdhearbhú go bhfuil daonlathas parlaiminteach feidhmiúil bunaithe ar rannpháirtíocht an rialtais agus an fhreasúra araon sa phróiseas cinnteoireachta parlaiminteach; á chur i bhfios go láidir gur bunriachtanach é go mbeadh comhdhearcadh leathan an tromlaigh atá i gceannas agus an fhreasúra araon ann chun bogadh ar aghaidh ar chonair aontachais AE agus le hathchóirithe; á iarraidh go mbeidh bearta ann lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar idirphlé agus ar mhuinín ar fud an speictrim pholaitiúil;

16.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na ceapacháin a rinneadh le déanaí maidir le Toscaireacht Mhontainéagró chuig SAPC AE-Mhontainéagró agus comhlánú thoscaireacht Mhontainéagró chuig SAPC; á iarraidh go n-atosófar obair SAPC a luaithe is féidir agus á chur in iúl gur díol sásaimh di cianchruinniú SAPC atá beartaithe do Mheitheamh 2021; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá malartuithe parlaiminteacha agus atosú na gcruinnithe débhliantúla;

17.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na céimeanna atá dírithe ar fheabhas a chur ar ról maoirseachta Skupština mar aon lena thrédhearcacht agus lena oscailteacht do shaoránaigh agus don tsochaí shibhialta; á iarraidh ar an Skupština nuathofa idirphlé polaitiúil cuimsitheach a áirithiú laistigh den pharlaimint agus go mbeadh ról níos láidre ag an tsochaí shibhialta;

18.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé dlús a chur le cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta do Chaibidil 23 agus do Chaibidil 24 agus do dhoiciméid straitéiseacha eile a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, go háirithe trí idirphlé éifeachtach traspháirtí arb é is aidhm dó an tromlach cáilithe is gá a áirithiú do phríomhcheapacháin bhreithiúnacha agus ionchúiseacha, agus trí chomhairliúcháin leis an bpobal agus le saineolaithe maidir le hathruithe ar reachtaíocht lárnach a dhéanamh; á chur in iúl gur cúis imní di nár tháinig an mheitheal i dtaca le Caibidil 24 le chéile le bliain anuas;

19.  á chur in iúl gur cúis imní di na forbairtí a tharla le déanaí maidir leis an Ionchúisitheoir Speisialta don Choireacht Eagraithe agus don Éilliú mar aon leis na hathruithe atá beartaithe ar chomhdhéanamh na Comhairle Ionchúisí; á iarraidh ar Rialtas Mhontainéagró píosaí ríthábhachtacha reachtaíochta a leasú, lena n-áirítear i gcás na leasuithe atá beartaithe ar an Dlí maidir le hOifig an Ionchúisitheora agus ar an Dlí maidir le hOifig an Ionchúisitheora Speisialta i gcomhréir le noirm dhaonlathacha agus le cleachtas seanbhunaithe Eorpach, agus obair leantach a dhéanamh maidir le tuairim Choimisiún na Veinéise i ndáil leis sin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil feidhmiú neamhspleách agus ionracas Oifig an Ionchúisitheora Speisialta ríthábhachtach do dhul chun cinn Mhontainéagró i réimse an smachta reachta;

20.  á chur in iúl gurb oth léi an dul chun cinn teoranta atá déanta ó thaobh na breithiúnachta de, agus á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró aghaidh a thabhairt go práinneach ar na dúshláin atá fós ann maidir le neamhspleáchas, gairmiúlacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht na breithiúnachta tríd an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus i gcomhréir leis na moltaí a rinne Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) agus Coimisiún na Veinéise; á chur i bhfáth nach mór do Mhontainéagró tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear trí chur chun feidhme an athchóirithe bhreithiúnaigh a chur chun cinn agus gan é a aisiompú i gcomhréir le dea-noirm dhaonlathacha agus dea-chleachtas daonlathach; á athdhearbhú go bhfuil na comhlachtaí agus na sásraí i bhfeidhm ag Montainéagró chun neamhspleáchas agus cuntasacht bhreithiúnach agus ionchúiseach a áirithiú, mar thoradh ar na hathchóirithe a rinneadh cheana; ag spreagadh na n-údarás chun úsáid chomhsheasmhach a bhaint as na sásraí sin agus chun tógáil ar an obair atá déanta chun torthaí breise a bhaint amach agus feabhas a chur ar an gcuntas teiste sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe;

21.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an léirmhíniú atá tugtha ag an gComhairle Bhreithiúnach ar an mbunreacht, lena gceadaítear ceapachán neamhdhleathach uachtarán cúirte ar feadh níos mó ná dhá théarma; ag tabhairt dá haire gur éirigh Uachtarán na Cúirte Uachtaraí agus uachtaráin na gcúirteanna bunúsacha in Bar, Kotor agus Plav as tar éis an ghlao ar bhreithiúna a raibh sainorduithe iomadúla acu éirí as, agus ar an gcaoi sin ag cloí le dea-chleachtas Eorpach agus caighdeáin dhaonlathacha;

22.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndearnadh dul chun cinn áirithe sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, go háirithe maidir le cumas níos láidre agus gairmiúlacht na bpóilíní; ag spreagadh Mhontainéagró chun leanúint dá chuid iarrachtaí sa réimse sin, go háirithe trí líonraí coiriúla atá ag oibriú go hidirnáisiúnta a chomhrac, agus béim ar leith á leagan ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid, na gáinneála ar dhaoine, ar dhrugaí agus ar airm, cearrbhachas neamhdhleathach agus smugláil toitíní, agus na naisc a d’fhéadfadh a bheith acu le polaiteoirí agus le hionadaithe ó institiúidí stáit a rianú;

23.  ag moladh an ratha a bhí ar an Leas-Phríomh-Aire le déanaí maidir le daoine a bhí páirteach i gcoireacht eagraithe a ghabháil; ag cáineadh go láidir na mbagairtí báis a rinneadh air; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint do na hoifigigh uile atá ag comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, fiú agus iad i mbaol a mbeatha féin, agus á chur in iúl a dlúthpháirtíocht leo;

24.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil easnaimh shistéamacha sa chóras dlí choiriúil fós agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar tosaíochta; ag tathant ar na húdaráis bearta nithiúla a chur ar bun chun úsáid margála pléadála a theorannú do chásanna eisceachtúla chun trédhearcacht agus inchreidteacht na freagartha breithiúnaí ar an gcoireacht eagraithe a fheabhsú;

25.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an dul chun cinn teoranta atá déanta sa chomhrac i gcoinne an éillithe, agus á iarraidh ar na hinstitiúidí atá freagrach cuntas teiste na tíre a fheabhsú go suntasach maidir le coigistiú sócmhainní coiriúla, ionchúisimh agus ciontuithe deiridh, go háirithe i gcásanna atá go mór i mbéal an phobail, trí feabhas suntasach a chur ar cháilíocht agus neamhspleáchas imscrúdaithe choiriúil agus fhorfheidhmiú an dlí;

26.  ag tabhairt dá haire gur ann do roinnt forbairtí dearfacha in oibríochtaí na Gníomhaireachta um Éilliú a Chosc; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil dúshláin fós ann a bhaineann lena neamhspleáchas agus lena socrú tosaíochtaí agus á iarraidh ar an ngníomhaireacht gníomhú go neamhspleách agus an Dlí maidir le hÉilliú a Chosc a chur chun feidhme go comhsheasmhach;

27.   á athdhearbhú go bhfuil gá le freagairt láidir ceartais choiriúil ar éilliú ardleibhéil; á mheabhrú gur gá le freagairt éifeachtach ar mhí-úsáid líomhnaithe acmhainní stáit do pháirtithe polaitiúla agus ar mhaoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla;

28.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí chun athchóiriú ar riarachán poiblí a chur chun feidhme agus na torthaí atá bainte amach cheana féin; á chur in iúl gur cúis imní di na torthaí a léiríonn go bhfuil tionchar láidir fós ag ballraíocht i bpáirtí ar fhostaíocht in earnáil phoiblí Mhontainéagró agus á iarraidh ar an rialtas nua dífhostú agus fostú gairmithe stáitseirbhíse de bharr na polaitíochta a sheachaint; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró leanúint dá n-iarrachtaí chun riarachán poiblí éifeachtúil a chruthú agus saineolas a choinneáil, go háirithe maidir le próiseas aontachais AE, agus á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur díol sásaimh di nósanna imeachta ceapacháin trédhearcacha; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil cumais institiúideacha na ngníomhaireachtaí iomaíochta agus frith-éillithe fós lag;

29.  á chur in iúl gur cúis imní di na leasuithe ar an Dlí maidir le Státseirbhísigh agus Fostaithe Stáit a glacadh sa Skupština, lena n-íslítear na critéir chun obair sa riarachán poiblí agus lena bhféadfaí an bonn a bhaint den dul chun cinn a rinneadh san athchóiriú ar an riarachán poiblí, arb é is aidhm dó fostaíocht bunaithe ar fhiúntas a chur chun feidhme;

30.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanais an rialtais nua trédhearcacht a mhéadú go suntasach i ngach réimse, lena n-áirítear airgeadas poiblí, agus ag spreagadh an rialtais nua chun dlí feabhsaithe a fhorbairt agus a ghlacadh go práinneach maidir le saor-rochtain ar fhaisnéis;

31.  ag tabhairt dá haire go bhfuil daonáireamh agus áireamh tithíochta ar na bacáin i Montainéagró, agus á iarraidh ar na hinstitiúidí atá freagrach as é a reáchtáil i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus le moltaí idirnáisiúnta; ag tathant go ndéanfar aon pholaitiú ar an bpróiseas a sheachaint agus á iarraidh go ndéanfar imscrúdú ar na cúisimh go léir a bhaineann le cur isteach eachtrach sa nós imeachta áirimh;

32.  á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró aird ar leith a dhíriú ar sciúradh airgid, imghabháil cánach agus aon ghníomhaíocht choiriúil eile faoi chuimsiú na scéime saoránachta d’infheisteoirí, a rachaidh in éag in 2021; á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh a rinne Rialtas Mhontainéagró le déanaí deireadh a chur léi de réir a chéile faoi dheireadh na bliana;

Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a urramú

33.  á chur in iúl gur saoth léi an staid ina bhfuil saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán, réimse inar tugadh faoi deara i gcúig thuarascáil as a chéile ón gCoimisiún nach raibh aon dul chun cinn déanta, go háirithe maidir le hobair sheirbhís phoiblí craolacháin RTCG; ag cáineadh go láidir gach cineál ionsaithe i gcoinne na meán agus imeaglú iriseoirí, agus á iarraidh go ndéanfar imscrúdú práinneach agus éifeachtach orthu, lena n-áirítear cásanna roimhe seo, chun deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás coireanna in aghaidh iriseoirí; ag cur in iúl gurb oth léi go bhfuil roinnt cásanna foréigin i gcoinne iriseoirí fós gan réiteach; á iarraidh go nglacfar céimeanna breise chun neamhspleáchas na meán agus na n-iriseoirí a áirithiú; ag tathant ar Mhontainéagró dálaí a chur ar fáil atá fabhrach d’fheidhmiú éifeachtach na saoirse chun tuairimí a nochtadh, ar ceann de luachanna bunúsacha an Aontais í agus ar gné ríthábhachtach í de phróiseas aontachais Mhontainéagró leis an Aontais;

34.  á chur in iúl gur cúis imní di an polarú ard atá á dhéanamh ar thírdhreach na meán, go háirithe an méadú atá ag teacht ar mhéid na bréagaisnéise, arb é is aidhm di freisin an teannas eitneach a ghéarú, na próisis toghcháin a shaobhadh agus tacaíocht an daonra don lánpháirtiú Eora-Atlantach a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil litearthacht sna meáin, saoirse na meán agus neamhspleáchas na meán lárnach chun an bhréagaisnéis a chomhrac; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an gcomhordú chun feachtais réigiúnacha bréagaisnéise a chomhrac;

35.  á iarraidh go neartófar an comhar Eorpach leis an tSeirbia i ndáil le haghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis, agus ar chibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint ó dhearcadh Eorpach an réigiúin; á chur in iúl gur ábhar imní di leochaileacht mhéadaitheach Mhontainéagró mar gheall ar mhéadú a fhéich phoiblí, go háirithe leis an tSín; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún agus ar Rialtas Mhontainéagró comhoibriú le chéile chun teacht ar réiteach maidir leis an iasacht an-chonspóideach a rinne an rialtas a bhí ann roimhe seo a thógáil amach do mhótarbhealach Bharra-Boljare na Síne, ionas nach mbeifí ag brath ar fhiachas agus nach mbeadh ar Mhontainéagró comhthaobhacht a thabhairt ar lámh do chreidiúnaithe na Síne; á áitiú nach mór d’údaráis Mhontainéagró imscrúdú críochnúil agus trédhearcach a dhéanamh i gcomhthráth ar an iasacht sin agus ar a caiteachas, agus na daoine sin atá freagrach ó thaobh na polaitíochta de a thabhairt chun cuntais; á iarraidh ar an gCoimisiún, in éineacht le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, teacht ar réiteach réasúnta chun tacú le hinbhuanaitheacht fhioscach Mhontainéagró agus leis na hathchóirithe atá á ndéanamh aige i gcomhréir le peirspictíocht Eorpach na tíre;

36.  á iarraidh ar Mhontainéagró, ar Bhallstáit AE agus ar Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig Montainéagró leanúint de bheartas cumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí i leith an dearcaidh Eorpaigh a shaothrú, atá dírithe ar shaoránaigh áitiúla agus AE, agus leanúint dá n-iarrachtaí comhordaithe ar infheictheacht na dtionscadal arna gcistiú ag AE a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tacú le cruthú ionaid barr feabhais maidir leis an mbréagaisnéis a bheidh dírithe ar na Balcáin;

37.   á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró céimeanna nithiúla a ghlacadh ionsar athléimneacht agus cibearshlándáil a chothú tráth atá brú ar an tír mó sa mhó mar gheall ar thrasnaíocht eachtrach a bhfuil sé mar aidhm léi an bonn a bhaint óna státacht agus óna gclaonadh chun an Iarthair, agus formhaoirseacht níos mó ar ghort na meán a fhorfheidhmiú chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht agus gníomhaíochtaí eile bréagaisnéise, go háirithe iadsan arna n-eagrú ag gníomhaithe eachtracha dochracha, agus neamhspleáchas oibríochtúil rialálaithe meán agus craoltóir seirbhíse poiblí Mhontainéagró a áirithiú, agus fós cothromaíocht a aimsiú idir an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus srianta díréireacha ar an tsaoirse cainte ar líne;

38.  ag cáineadh go láidir ionsaithe ó bhéal agus fisiciúla i gcoinne mionlaigh náisiúnta mar aon leis an imeaglú a dhéantar orthu, go háirithe mar a tharla in Pljevlja tar éis thoghcháin pharlaiminteacha mhí Lúnasa 2020 agus mar tharla in Berane agus in Nikisic le deireanas; ag tathant ar údaráis Mhontainéagró imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar na teagmhais sin agus déantóirí na gcoireanna a thabhairt chun an dlí;

39.  ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cearta uile na mionlach náisiúnta a chosaint, go háirithe ós rud é nach bhfuil ionadaithe páirtithe mionlacha a thuilleadh sa Skupština ag roinnt acu; ag tathant ar údaráis Mhontainéagró aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le ceangal náisiúnta agus eitneach shaoránaigh Mhontainéagró; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an moladh a rinne Rialtas Mhontainéagró le déanaí maidir le dlí saoránachta Mhontainéagró a leasú; á cur i bhfios go láidir nach mór aon leasuithe ar na dlíthe íogaire sin dul faoi phróiseas leathan comhairliúcháin agus nár cheart iad a ghlacadh ach amháin i gcomhréir le noirm dhaonlathacha agus le cleachtas seanbhunaithe Eorpach agus d’fhonn peirspictíocht Eorpach Mhontainéagró a chur chun cinn; á iarraidh go n-urramófar féiniúlacht il-eitneach na tíre, lena n-áirítear na teangacha a úsáidtear, an oidhreacht chultúrtha agus traidisiúin na bpobal áitiúil; á chur i bhfáth gur gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le cuimsiú sóisialta na Romach agus na nÉigipteach sa mhargadh saothair, san oideachas agus sa saol poiblí i Montainéagró, agus á iarraidh ar na húdaráis a rochtain ar dhoiciméid phearsanta a áirithiú, a stádas dlíthiúil a ráthú agus bearta éifeachtacha a dhéanamh i gcoinne na fuathchainte;

40.  ag tabhairt dá haire gur ann don Dlí maidir le Cosaint ar Fhoréigean Baile do na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh air, agus ag tathant ar údaráis Mhontainéagró é a chur chun feidhme ar bhonn críochnúil, lena n-áirítear trí acmhainní leordhóthanacha, ós rud gur mórúdar imní fós é an foréigean baile, inscnebhunaithe agus an foréigean i gcoinne leanaí; á iarraidh go mbeidh níos mó forairdill ann agus go mbunófar córais tacaíochta i gcomhair íospartaigh an fhoréigin baile le linn phaindéim COVID-19;

41.  á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go críochnúil na caighdeáin a leagtar amach i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), lena n-áirítear trí líon na n-oifigeach forfheidhmithe dlí agus na mbreithiúna dea-oilte agus inscne-íogaire a mhéadú, chun a áirithiú go ndéanfar coireanna foréigin baile a imscrúdú agus a ionchúiseamh go cuí, agus bearta éifeachtacha a thabhairt isteach i gcoinne an ghnéaschiaptha, lena n-áirítear san ionad oibre;

42.  á chur in iúl gur ábhar imní di torthaí teoranta na mbearta agus na dtionscadal atá ann cheana atá dírithe ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, i gceapadh beartas agus sa pholaitíocht a spreagadh agus ar dhul i ngleic le leochaileachtaí san fhostaíocht agus i mbeartais shóisialta; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, an laghdú ar líon na bhFeisirí ar mná iad, an easpa ionadaíochta polaitiúla inscne-chothromaithe i dtoghcháin agus sa Skupština nua agus sa Rialtas; á iarraidh go ndéanfar na bearta dlíthiúla agus beartais is gá chun rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht a chur chun cinn;

43.  ag athdhearbhú gurb amhlaidh, cé gur fhormheas Rialtas Mhontainéagró an plean gníomhaíochta bliantúil don straitéis maidir le daoine faoi mhíchumas a chosaint ar idirdhealú agus maidir leis an gcomhionannas a chur chun cinn, atá cur chun feidhme na straitéise sin ar an bpríomhsprioc i gcónaí; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas agus go mbíonn deacrachtaí fós acu rochtain a fháil ar cheartas; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin agus do ghrúpaí leochaileacha eile;

44.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cosaint chearta daoine LADTI agus gurb é Montainéagró an chéad tír sa réigiún a ghlac dlí ar lánúineacha chomhghnéis; á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha uile is gá do chur chun feidhme leormhaith an dlí sin; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar chás na ndaoine trasinscneacha agus neamh-dhénártha; á chur in iúl gur geal léi iompar síochánta na paráide bróid in 2019; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró leanúint d’fheabhas a chur ar thimpeallacht an chuimsithe shochaíoch agus an ghlactha sa tsochaí agus sonraí imdhealaithe maidir leis an bhfuathchaint agus maidir leis an gcoireacht atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar an bhféiniúlacht inscne a bhailiú;

45.  á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró leanúint d’fhíoridirphlé maidir leis an tsaoirse creidimh le hionadaithe creidimh agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus i gcomhréir le tuairim ó Choimisiún na Veinéise an 24 Meitheamh 2019; á iarraidh ar thíortha comharsanacha staonadh ó bheith ag drannadh leis an tsaincheist sin agus le gnóthaí inmheánacha eile Mhontainéagró;

46.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di é gur ghlac an rialtas nua leasuithe ar an Dlí um Shaoirse Reiligiúin nó Creidimh agus Stádas Dlíthiúil Pobal Creidimh i nós imeachta práinneach in éagmais díospóireacht phoiblí nó idirphlé leis na pobail creidimh uile agus gan tuairim Choimisiún na Veinéise; ag tabhairt dá haire gur shínigh an tUachtarán an dlí;

Athmhuintearas, dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar idirnáisiúnta

47.  ag moladh Mhontainéagró as a thiomantas do chomhar réigiúnach cuimsitheach, agus as an ról cuiditheach atá aige i réigiún na mBalcán Thiar, agus á chur in iúl gur geal léi a rannpháirtíocht ghníomhach i dtionscnaimh réigiúnacha iomadúla; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta nasctha le dearcadh AE Mhontainéagró;

48.  á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh an Prótacal ar Chinneadh an Phointe Teorann idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia a shíniú i mBealtaine 2019 agus ag moladh do Mhontainéagró leanúint d’aghaidh a thabhairt, de mheon cuiditheach agus a luaithe is féidir i bpróiseas an aontachais, ar shaincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach lena chomharsana, lena n-áirítear na saincheisteanna críochaithe teorann atá fós gan réiteach leis an tSeirbia agus leis an gCróit; á mheabhrú gur cheart comhaontuithe déthaobhacha teorann atá ann cheana a urramú; á athdhearbhú gur cheart déileáil le díospóidí teorann de mheon dea-chaidreamh comharsanachta, go déthaobhach agus trí shásraí idirnáisiúnta atá ann cheana; ag tabhairt dá haire go raibh teannas sa chaidreamh déthaobhach leis an tSeirbia agus á áitiú go ndéanfaí na díospóidí déthaobhacha uile a réiteach trí idirphlé cuimsitheach agus neamhionsaitheach, agus fós aon chineál trasnaíochta eachtraí ar shaincheisteanna baile a sheachaint;

49.  ag cáineadh go láidir gur shéan an tAire um Cheartas, um Chearta an Duine agus um Cheart Mionlach go ndearnadh cinedhíothú in Srebrenica agus gur chaith sé amhras ar rialuithe agus dlisteanacht an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (ICTY); á chur in iúl gur díol sásaimh di an fhrisnéis a rinne comhaltaí eile den rialtas go gasta agus an togra chun é a bhriseadh as a phost;

50.  á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Cómhargadh Réigiúnach, rud a réiteoidh an bealach d’aontachas iomlán na tíre le Margadh Aonair AE; á chreidiúint go láidir go bhféadfadh na tionscnaimh sin a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun acmhainneacht, tarraingteacht agus iomaíochas an réigiúin a mhéadú agus bhféadfaidís, go háirithe, cuidiú leis na geilleagair réigiúnacha ina bpróiseas téarnaimh iar-phaindéimeach;

51.  ag cáineadh go láidir aon iarrachtaí ag polaiteoirí i Montainéagró agus in áiteanna eile sa réigiún chun cinedhíothú Srebrenica nó aon choireanna cogaidh eile a tharla san iar-Iúgslaiv a shéanadh; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh prótacal ar chomhar i gcuardach daoine ar iarraidh idir Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus Rialtas Mhontainéagró mar dhea-shampla de chomhar i gcásanna de dhaoine ar iarraidh a imscrúdú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa dul chun cinn maidir le déileáil le coireanna cogaidh arna ndéanamh i Montainéagró agus á iarraidh ar na húdaráis dlús a chur lena n-iarrachtaí ar choireanna cogaidh a phionósú agus ar chinniúint daoine ar iarraidh a chinneadh agus tacú leis an Ionad Doiciméadúcháin agus Faisnéise seanbhunaithe, agus é a fhorbairt;

52.  á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh faoina gcruthófaí an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM); ag moladh Rialtais Mhontainéagró as a dtiomantas agus as comhlíonadh a n-oibleagáidí faoi chuimsiú a mballraíochta san Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO), agus fós béim a chur ar a thábhachtaí atá sé go bhfuil Montainéagró ag déanamh cathaoirleacht uainíochta ar an eagraíocht sin i láthair na huaire;

53.  á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró na forálacha maidir le haontachas Iar-Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe a mhéid a bhaineann le sócmhainní míleata;

54.  ag moladh ailíniú iomlán Mhontainéagró le comhbheartas eachtrach agus slándála AE mar aon lena rannpháirtíocht ghníomhach i misin de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta, go háirithe Fórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh don tSomáil - Oibríocht Atalanta agus Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mailí, agus i misin idirnáisiúnta eile, go háirithe Misean na Náisiún Aontaithe don Reifreann sa Sahára Thiar, Fórsa Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe sa Chipir, Misean na Tacaíochta Diongbháilte, a bhfuil ECAT mar cheannaire air, san Afganastáin agus Misean ECAT sa Chosaiv (KFOR);

55.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na ceapacháin rialtais in earnáil na faisnéise slándála agus míleata mar aon leis an gcontúirt go bhféadfaí amhras a chaitheamh ar chomhghuaillíocht straitéiseach Mhontainéagró leis an Aontas agus le ECAT; ag leagan béim ar thábhacht straitéiseach bhallraíocht Mhontainéagró in ECAT agus ag moladh d’údaráis Mhontainéagró oibriú i gcomhar leis an Aontas agus le ECAT i réimse na hathléimneachta in aghaidh trasnaíocht eachtrach agus na cibearshlándála;

56.  á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus do na Stáit Aontaithe neartú a dhéanamh ar a gcomhpháirtíocht agus a gcomhordú sna Balcáin Thiar chun athchóirithe lárnacha a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar an rialachas agus chun athmhuintearas a bhaint amach;

57.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró i leith an chomhair idirnáisiúnta póilíneachta, mar aon lena thiomantas athnuaite dó, agus ag moladh dó leanúint dá iarrachtaí ar dhéileáil leis an imirce neamhrialta trína chomhar idirnáisiúnta maidir le cosaint na dteorainneacha agus athligean isteach a fhorbairt tuilleadh agus trí mhéadú a dhéanamh ar a acmhainneacht i leith líonraí smuigleála imirceach a ionchúiseamh;

58.  ag tabhairt theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ar an gcomhar maidir le bainistiú teorainneacha idir Montainéagró agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) dá haire, lena gcuirfear ar chumas Frontex cúnamh a thabhairt do Mhontainéagró i mbainistiú teorainneacha, i ndéanamh oibríochtaí comhpháirteacha agus sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann ag teorainneacha farraige na tíre, lena n-áirítear smuigleáil drugaí agus arm, agus gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht;

59.  ag tathant ar údaráis Mhontainéagró an urraim do chearta an duine, do shaoirsí bunúsacha agus don dlí idirnáisiúnta a choinneáil i gcroílár a mbeartas imirce agus teorann; á iarraidh go n-oibreoidh oibríochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ar chríoch Mhontainéagró de réir na gcaighdeán céanna sin;

An geilleagar agus paindéim COVID-19

60.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró maidir le cobhsaíocht a earnála airgeadais a mhéadú, agus maidir le feabhsuithe nithiúla ar dhálaí an mhargaidh saothair a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an ráta dífhostaíochta fós ard, go háirithe i measc na mban, i measc daoine óga, i measc na Romach agus i measc daoine ar bheagán oiliúna; ag moladh do na húdaráis feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an bhearna inscne san fhostaíocht agus sa phá, agus cúram inacmhainne leanaí;

61.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach ndearnadh Dlí an Bhuiséid do 2021 a mholadh go dtí deireadh 2020 agus á iarraidh go mbeidh próiseas buiséadach náisiúnta níos trédhearcaí agus níos tráthúla ann;

62.  á chur in iúl gur geal léi gur chuir Montainéagró chun feidhme na hathchóirithe ba ghá chun prionsabail AE maidir le dea-rialachas cánach a chomhlíonadh agus go ndearna an Chomhairle, an 18 Feabhra 2020, é a bhaint de liosta na ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach;

63.  ag spreagadh Mhontainéagró chun treisiú leis an obair i dtaobh an córas oideachais a ailíniú níos fearr leis an margadh saothair ionas go mbeifear in ann dul i ngleic, ar bhealach níos éifeachtaí, le neamhréir scileanna agus imirce daoine oilte i measc daoine óga; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró féachaint le beartas acmhainní daonna oscailte agus trédhearcach sa riarachán poiblí a bhaint amach agus freisin le hinfheistíochtaí poiblí méadaithe don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe a dhéanamh;

64.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar Mhontainéagró, ar an ábhar gur tháinig laghdú 14.3 % ar a olltáirgeacht intíre in 2020; á iarraidh ar an Rialtas beartas freagrach maicreacnamaíoch agus fioscach a dhéanamh i bhfianaise an fhiachais aird phoiblí; ag spreagadh na n-údarás leis an úsáid is fearr a bhaint as cúnamh an Aontais chun tionchar na géarchéime a mhaolú, lena n-áirítear bearta spriocdhírithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tionchar na paindéime ar phobail imeallaithe agus ar dhaoine leochaileacha a mhaolú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé scileanna fiontraíochta a fhorbairt i measc daoine óga;

65.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hiarrachtaí Mhontainéagró ar an dífhostaíocht a laghdú, rud atá i bhfad níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19, go háirithe in earnáil na turasóireachta, arb ionann í agus 20 % d’olltáirgeacht intíre Mhontainéagró, agus an laghdú mór i líon na dturasóirí á chur san áireamh;

66.   á athdhearbhú go ndearna AE tacaíocht airgeadais agus ábhartha láithreach a shlógadh go mear do na Balcáin Thiar chun go bhféadfaidís dul i ngleic leis an éigeandáil sláinte ar de shiocair phaindéim COVID-19 í agus dlús a chur le téarnamh socheacnamaíoch an réigiúin; ag meabhrú gur tugadh EUR 53 mhilliún do Mhontainéagró le haghaidh soláthar trealaimh leighis phráinnigh agus chun cúnamh a thabhairt do na hearnálacha is measa a bhí buailte ag géarchéim COVID-19; ag meabhrú freisin go ndearnadh cinneadh cúnamh macrairgeadais suas le EUR 60 milliún a sholáthar chun cuidiú le Montainéagró teorainn a chur le hiarmhairtí socheacnamaíocha diúltacha na paindéime;

67.  á chur i bhfáth go raibh tionchar díobhálach ag paindéim COVID-19 ar an tsochaí trí chéile, go háirithe ar mhná, ar theaghlaigh aontuismitheora agus ar ghrúpaí leochaileacha, amhail na Romaigh, na hÉigiptigh, daoine LADTI, daoine faoi mhíchumas agus mionlaigh eile, trí éagothromaíochtaí a dhoimhniú agus trí fhadhbanna a bhí ann cheana a dhéanamh níos measa; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró riachtanais na ngrúpaí sin a chur san áireamh agus bearta faoisimh socheacnamaíocha COVID-19 á gcruthú agus á gcur chun feidhme aige;

68.  ag moladh ról Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, trína bhfuarthas tacaíocht a raibh géarghá léi i bhfoirm trealamh leighis agus trealamh cosanta pearsanta sa chomhrac i gcoinne COVID-19 i Montainéagró;

69.  á chur in iúl gur ábhar imní di an próiseas leanúnach chun ceannairí in institiúidí sláinte poiblí a dhífhostú tráth atá Montainéagró buailte go dona ag paindéim COVID-19, mar aon leis an iasacht nua de EUR 750 milliún a thóg an Rialtas amach, gan dul i gcomhairle leis an Skupština;

70.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a ndlúthpháirtíocht leis na Balcáin Thiar a léiriú trí chuidiú leo vacsaíní COVID-19 a fháil agus Montainéagró a áireamh i soláthar comhpháirteach an Aontais le haghaidh vacsaíní, á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle cuidiú le Montainéagró vacsaíní i gcoinne COVID-19 a fháil trí COVAX agus trí mhodhanna eile amhail deonacháin ag Ballstáit AE a chomhordú; á iarraidh go dtabharfar breis cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach vacsaíní COVID-19 ar fáil do dhaoine i dtíortha uile na mBalcán Thiar a luaithe is féidir, agus fós staid na paindéime i ngach tír a chur san áireamh; á chreidiúint go láidir gur cheart, tríd is tríd, beartais vacsaíní a bheith daonnúil agus nár cheart go mbeidís le leasanna geopholaitiúla de chineál ar bith;

71.  ag spreagadh Mhontainéagró leis an úsáid is fearr a bhaint as Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta an Choimisiún do na Balcáin Thiar; ag aithint go bhfuil sé den tábhacht i ndáil le tacú le nascacht inbhuanaithe in iompar agus i mbonneagar, i gcaipiteal daonna, in iomaíochas agus i bhfás cuimsitheach sa réigiún agus fós a chur i bhfáth go nach mór aon infheistíocht a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus spriocanna dícharbónaithe AE;

72.  ag tabhairt dá haire go bhfuil spriocanna infheistíochta uile IPA III chomh tábhachtach le chéile; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, sciar iomchuí de chistí IPA III a dhíriú ar aistriú daonlathach leanúnach Mhontainéagró, go háirithe i bhfianaise fadhbanna leanúnacha leis an timpeallacht infheistíochta, an acmhainneacht ionsúcháin agus caighdeáin chomhshaoil sa tír;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

73.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag Montainéagró maidir lena tháirgeadh leictreachais a éagsúlú i dtreo foinsí in-athnuaite agus maidir lena sprioc fhoriomlán d’fhoinsí inathnuaite do 2030 agus a spriocanna earnála don leictreachas agus do théamh agus d’fhuarú a shárú, mar aon lena rannpháirtíocht ghníomhach i gClár Oibre Nascachta na mBalcán Thiar; á iarraidh ar Mhontainéagró rialacha cuíchóirithe agus simplithe a thabhairt isteach le haghaidh úsáid mhéadaithe tionscadal inathnuaite a éascú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá tacaíocht AE don aistriú i dtreo fuinneamh atá níos glaine agus inathnuaite; á chur in iúl gur cúis imní di tionscadail druileála ola agus gáis díreach amach ó chósta Mhontainéagró a bhféadfadh sé go bhfuil dochar á ndéanamh acu don chomhshaol, don dúlra agus don turasóireacht, arb í an earnáil eacnamaíoch is tábhachtaí sa tír;

74.  ag moladh chinneadh Mhontainéagró scor de thacaíocht airgeadais a thabhairt do ghléasraí hidreachumhachta beaga nach gcloíonn le caighdeáin chomhshaoil iomchuí: ag tabhairt an dul chun cinn mhall agus na moille a rinneadh le Gléasra Cumhachta Teirmí Pljevlja a dhúnadh dá haire agus á iarraidh ar Mhontainéagró déanamh de réir rialacha Threoir na Mórghléasraí Dócháin(4) gan mhoill;

75.  ag aithint na gcéimeanna atá glactha ag Montainéagró chun córas leictreonach um ráthaíochtaí tionscnaimh a bhunú, chun comhoiriúnacht le Córas Eorpach caighdeánaithe na dTeastas Fuinnimh a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme athchóirithe san earnáil leictreachais ag teacht chun deiridh agus á iarraidh ar Mhontainéagró Rialachán REMIT(5) a thrasuí gan mhoill agus cóid ghréasáin a thrasuí i gcóid eangaí naisiúnta; á iarraidh ar Mhontainéagró leibhéal íseal reatha na n-acmhainneachtaí traschreasacha atá ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais a mhéadú i gcomhréir le dea-chleachtais AE; ag moladh Mhontainéagró as bheith ina cheannródaí i ndáil le sásra praghsála carbóin agus trádála astaíochtaí a bhunú sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi an chomhlíontacht iomlán a baineadh amach a mhéid a bhaineann leis an Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla(6) agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn i ndáil le stoic ola éigeandála a choinneáil;

76.  á chur in iúl gur geal léi na forbairtí dearfacha i ndáil le reachtaíocht náisiúnta Mhontainéagró maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an athrú aeráide a ailíniú le acquis AE agus á iarraidh go ndéanfar breis iarrachtaí ar bhailchríoch a chur ar an doiciméad a luaithe is féidir i gcomhréir leis na moltaí ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh; ag moladh Mhontainéagró as cosaint a thabhairt d’abhainn Zeta mar pháirc náisiúnta; á iarraidh ar na húdaráis bearta práinneacha a dhéanamh chun limistéir faoi chosaint agus láithreáin Natura 2000 a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear Ulcinj Salina, Loch Skadar, Abhainn Tara agus láithreáin eile nach iad, a choimirciú ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar Mhontainéagró feabhas a chur ar an mbainistiú dramhaíola agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist na diúscartha dramhaíola neamhdhleathaí; á iarraidh ar na húdaráis pobail áitiúla agus an tsochaí shibhialta a áireamh i gcur chun feidhme beartas agus tionscadal comhshaoil, aeráide agus fuinnimh sa tír;

77.  á mheabhrú di, agus is díol sásaimh di, gurb amhlaidh, de réir Airteagal 1 dá bhunreacht, atá Montainéagró ina stát éiceolaíoch; ag meabhrú nach mór cloí le prionsabail inbhunaitheachta soch-chultúrtha agus éiceolaíche UNESCO agus limistéir oiliúna míleata agus tástála arm Sinjajevina á mbunú; ag tabhairt dá haire gur cheart forbairt acmhainneachtaí breise hidreachumhachta agus turasóireachta, go háirithe iadsan i limistéir faoi chosaint, caighdeáin cosanta comhshaoil AE a chur san áireamh; á iarraidh ar na húdaráis measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí comhshaoil thógáil an mhórbhealaigh feadh Abhainn Tara agus cosaint níos fearr a thabhairt do na limistéir is luachmhaire; á iarraidh an athuair go ndéanfar measúnuithe tionchair comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ex ante críochnúla agus cuimsitheacha ar thionscadail bhonneagair i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha;

78.  á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an Clár Oibre Glas sna Balcáin Thiar, a bhfuil sé d’acmhainneacht aige an t-aistriú ionsar gheilleagar atá inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh carbóin de a spreagadh; á iarraidh ar Mhontainéagró leanúint den reachtaíocht is gá a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme chun na comhchuspóirí comhaontaithe maidir leis an aistriú digiteach agus glas a bhaint amach;

79.  á iarraidh ar Mhontainéagró, an ceathrú tír Eorpach ó thaobh cumhdach foraoise de, feabhas a chur ar bhainistiú a fhoraoisí, go háirithe trí níos mó acmhainní a chur i leataobh dóibh agus trí lománaíocht neamhdhleathach a chomhrac go gníomhach; ag tabhairt dá haire staidéar a rinneadh le deireanas inar léiríodh go ndéantar tuairim is céad míle méadar ciúbach de bhruscarnach adhmaid, is féidir a athúsáid go furasta, a tháirgeadh i Montainéagró gach bliain; á iarraidh ar na húdaráis machnamh a dhéanamh ar bhealaí le múnlaí geilleagair chiorclaigh a chur chun cinn san earnáil sin den gheilleagar agus in earnálacha eile de;

80.  á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil maidir le tionscadail bhonneagair a áirithiú, i gcomhréir lena bhunreacht agus le Coinbhinsiún Aarhus, a dhaingnigh Montainéagró in 2009;

o
o   o

81.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Mhontainéagró.

(1) IO L 108, 29.4.2010, lch. 1.
(2) IO C 363, 28.10.2020, lch. 127.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0168.
(4) Treoir 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe san aer ó ollghléasraí dócháin a theorannú (IO L 309, 27.11.2001, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
(6) Treoir 2009/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 98/70/CE maidir le peitreal, díosal agus ola gáis a shonrú agus lena dtugtar isteach sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus chun iad a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 88).

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais