Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2134(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0039/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0039/2021

Díospóireachtaí :

PV 18/05/2021 - 14
CRE 18/05/2021 - 14

Vótaí :

PV 19/05/2021 - 2
PV 19/05/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0245

Téacsanna atá glactha
PDF 198kWORD 67k
Dé Céadaoin, 19 Bealtaine 2021 - Brussels
Éifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus ról na gcosantóirí comhshaoil i dtaca leis an ábhar sin
P9_TA(2021)0245A9-0039/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus ról na gcosantóirí comhshaoil i dtaca leis an ábhar sin (2020/2134(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (DUCD), do chonarthaí, coinbhinsiúin agus ionstraimí ábhartha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le cearta an duine, go háirithe Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP), a glacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 13 Meán Fómhair 2007, agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), ina sonraítear go bhfuil gach duine i dteideal leas iomlán a bhaint as a gcearta agus as a saoirsí bunúsacha gan idirdhealú,

–  ag féachaint do Dhearbhú NA 1998 maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,

–  ag féachaint do rún A/RES/53/144 an 8 Márta 1999 ó Chomhthionól Ginearálta NA, lena nglactar an Dearbhú maidir le cosantóirí chearta an duine,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a glacadh in Rio in 1992 agus arna síniú ag 168 dtír, agus do rún an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP15) don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(1),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015, agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

–  ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), a tháinig i bhfeidhm an 21 Márta 1994, do Phrótacal Kyoto an 11 Nollaig 1997, agus do Chomhaontú Pháras an 22 Aibreán 2016,

–  ag féachaint do rún 40/11 ó Chomhairle NA um Chearta an Duine an 21 Márta 2019 lena n-aithnítear an méid a rannchuidíonn cosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol le cearta an duine a theachtadh, le cosaint an chomhshaoil agus leis an bhforbairt inbhuanaithe,

–  ag féachaint do thuarascálacha 31/52 an 1 Feabhra 2016 agus do thuarascáil A/74/161 2019 ó Rapóirtéir Speisialta NA maidir le heisiúint oibleagáidí chearta an duine a bhaineann le tairbhiú de thimpeallacht shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe,

–  ag féachaint do rún 41/21 ó Chomhairle NA um Chearta an Duine an 12 Iúil 2019 maidir le Cearta an Duine agus an Aeráid,

–  ag féachaint do thuarascáil Chlár Comhshaoil NA (UNEP) an 10 Nollaig 2015 maidir leis an athrú aeráide agus cearta an duine, agus do shainmhíniú UNEP ar chosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol, ‘ar cosantóirí comhshaoil iad’,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta NA maidir leis an bhFíorbhochtaineacht agus Cearta an Duine an 17 Iúil 2019 i dtaca leis an athrú aeráide agus an bhochtaineacht,

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta 2019 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an athrú aeráide, fairsingiú fásaigh, díghrádú talún, bainistiú inbhuanaithe talún, slándáil bia, agus floscanna gás ceaptha teasa in éiceachórais talún,

–  ag féachaint do thuarascáil mhí an Mheithimh 2020 ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal ‘Gender, Climate & Security: Sustaining Inclusive Peace on the Frontlines of Climate Change’ [Inscne, Aeráid & Slándáil: Síocháin Chuimsitheach a Chothabháil ar Thúslínte an Athraithe Aeráide], arna comhscríobh ag UNEP, Mná NA, Clár Forbartha NA (UNDP) agus Roinn NA um Ghnóthaí Polaitiúla agus um Chothú na Síochána (UNDPPA),

–  ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine,

–  ag féachaint d’Airteagal 37 den Chairt a chuireann de cheangal ar AE ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú ina bheartais,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe do Chuid a Cúig de, dar teideal ‘Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais’, agus do Theidil I, II, III, IV agus V a ghabhann leis an gcuid sin,

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún an 25 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024’ (JOIN(2020)0005),

–  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 15 Bealtaine 2017 maidir le Pobail Dhúchasacha, don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach an 17 Deireadh Fómhair 2016 dar teideal ‘Cur chun Feidhme Bheartas Seachtrach an Aontais maidir le Pobail Dhúchasacha’ (SWD(2016)0340), agus do na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018 maidir le taidhleoireacht uisce, an 17 Meitheamh 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais chun an t-iltaobhachas riailbhunaithe a neartú, agus an 20 Eanáir 2020 maidir le taidhleoireacht aeráide,

–  ag féachaint do threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i ndáil le hUisce Óil Sábháilte agus leis an tSláintíocht, a ghlac an Chomhairle an 17 Meitheamh 2019, agus dá threoirlínte maidir le cosantóirí chearta an duine,

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir le cásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta,

–  ag féachaint dá rún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le héilliú agus cearta an duine i dtríú tíortha(2),

–  ag féachaint do thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) an 4 Nollaig 2019 dar teideal ‘Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020: eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe’,

–  ag féachaint do Phrionsabal Cur Chun Feidhme 10 de Dhearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, 1992, a fhéachann lena áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine aonair ar fhaisnéis, go mbeidh an deis acu páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil, agus é mar aidhm leis an ceart chun timpeallacht shláintiúil agus inbhuanaithe a chosaint do na glúine atá anois ann agus do na glúine atá le teacht,

–  ag féachaint do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – an dúlra a thabhairt ar ais inár saol’ (COM(2020)0380), an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus an 23 Iúil 2019 dar teideal ‘Dlús a chur le Gníomhaíocht AE chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú’ (COM(2019)0352),

–  ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(3),

–  ag féachaint do thuarascáil 2019 ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Staid Bhithéagsúlacht an Domhain le haghaidh Bia agus Talmhaíochta’,

–  ag féachaint don bhagairt ollmhór atá ann go gcaillfear bithéagsúlacht, a thuairiscítear sa Tuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais ón gClár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) an 31 Bealtaine 2019,

–  ag féachaint don rún uaithi an 3 Iúil 2018 maidir le sárú ar chearta phobail dhúchasacha an domhain, lena n-áirítear grabáil talún(4),

–  ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a ghabhann léi a chomhrac(5),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0039/2021),

A.  de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach duine, gach pobal áitiúil agus gach grúpa daonra tairbhe iomlán a bhaint as a gcearta daonna, mar a chumhdaítear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;

B.  de bhrí go bhfuil an tionchar atá ag an athrú aeráide agus ag díghrádú leanúnach an chomhshaoil ar acmhainní fionnuisce, ar éiceachórais agus ar shlite beatha pobal ag cur isteach cheana féin ar theachtadh éifeachtach chearta an duine, lena n-áirítear na cearta chun na beatha, chun slándáil bia, chun uisce óil sábháilte agus sláintíochta, chun sláinte, chun tithíochta, chun féinchinntiúcháin, chun obair a dhéanamh agus chun forbartha, mar a leagtar amach i rún 41/21 ó Chomhairle NA um Chearta an Duine; de bhrí, fiú má bhaintear amach an cuspóir idirnáisiúnta maidir leis an téamh domhanda a theorannú go méadú 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, go dtiocfaidh borradh suntasach ar na tionchair sin sna blianta amach romhainn; de bhrí go rannchuidíonn tíortha leis an athrú aeráide ar bhealaí éagsúla agus go bhfuil freagrachtaí coiteanna ach difreáilte acu; de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt láithreach agus forleathan do mhuintir an domhain, go háirithe do bhoicht an domhain, atá an-leochaileach, mar a leagtar amach i rún 7/23 ó Chomhairle NA um Chearta an Duine;

C.  de bhrí go bhfuil NA, mar aon le heagraíochtaí agus saineolaithe idirnáisiúnta eile, ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas domhanda don cheart chun timpeallacht shláintiúil agus shábháilte mar cheart uilíoch;

D.  de bhrí, agus aghaidh á tabhairt ar an athrú aeráide, go n-ardaítear saincheisteanna maidir le ceartas agus cothromas, ar an leibhéal idirnáisiúnta agus náisiúnta agus idir na glúine araon; de bhrí go gcumhdaítear rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht faoi Phrionsabal 10 de Dhearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, faoi Choinbhinsiún Aarhus(6) an 25 Meitheamh 1998 agus faoi Chomhaontú Escazu(7) an 4 Márta 2018;

E.  de bhrí gur cuid de na bagairtí is práinní agus is tromchúisí iad díghrádú an chomhshaoil, an t-athrú aeráide agus an fhorbairt neamh-inbhuanaithe ar chumas na nglúnta atá anois ann agus na nglúnta atá le teacht tairbhiú den iliomad cearta daonna; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar na páirtithe in UNFCCC bearta éifeachtacha a ghlacadh chun an t-athrú aeráide a mhaolú, acmhainneacht oiriúnaitheachta pobal leochaileach a fheabhsú agus caillteanas intuartha beatha a chosc;

F.  de bhrí go bhfuil oibleagáidí ar pháirtithe UNFCCC faisnéis faoi thionchair chomhshaoil a bhailiú agus a scaipeadh agus rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol a éascú;

G.  de bhrí go dtugtar suntas, trí dhul i ngleic leis an athrú aeráide ó thaobh chearta an duine de, do phrionsabail na huilíochta agus an neamh-idirdhealaithe, lena gcuirtear béim ar an bhfíoras go ráthaítear cearta do gach duine ar domhan, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, gan idirdhealú de chineál ar bith, amhail cine, dath, gnéas, teanga, reiligiún, tuairimí polaitiúla nó tuairimí eile, bunús náisiúnta nó sóisialta, maoin, breith nó stádas eile;

H.  de bhrí go bhfuil freagracht eiticiúil agus idirghlúine ar rialtais, ar shochaithe agus ar dhaoine aonair a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh beartais agus comhair de agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chun an pláinéad a chosaint agus a chaomhnú don ghlúin atá anois ann agus do na glúine atá le teacht, d’fhonn a áirithiú go mbainfidh siad leas iomlán as a gcearta daonna agus d’fhonn tionchair dhiúltacha an athraithe aeráide a mhaolú;

I.  de bhrí go n-aithnítear go forleathan go bhfuil impleachtaí sonracha i ndáil leis an athrú aeráide ag na hoibleagáidí agus na freagrachtaí atá ar stáit agus ar an earnáil phríobháideach maidir le cearta an duine; de bhrí go bhfuil mainneachtain an comhshaol agus iad siúd a chosnaíonn é a chosaint contrártha leis na hoibleagáidí atá ar stáit, atá ceangailteacht ó thaobh dlí de, maidir le cearta an duine agus go bhféadfadh an mhainneachtain sin a bheith ina sárú ar chearta áirithe, amhail an ceart chun comhshaol folláin nó an ceart chun beatha; de bhrí go mbíonn tionchar tromchúiseach ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol mar thoradh ar líon méadaitheach gníomhaíochtaí agus oibríochtaí gnó i dtríú tíortha;

J.  de bhrí gurb é Comhaontú Pháras an chéad chonradh idirnáisiúnta lena n-aithnítear go sainráite an nasc idir gníomhaíocht ar son na haeráide agus cearta an duine, agus ar an gcaoi sin go gceadaítear ionstraimí dlí atá ann cheana, agus a bhaineann le cearta an duine, a úsáid chun stáit agus corparáidí príobháideacha a spreagadh chun astaíochtaí a laghdú; de bhrí nach bhfuil aon ionstraimí nithiúla i gComhaontú Pháras chun go mbeidh gníomhaithe stáit agus corparáideacha freagrach as an tionchar a bhíonn acu ar an athrú aeráide agus ar fheidhmiú chearta an duine;

K.  de bhrí gur dheimhnigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go follasach go bhféadfadh cineálacha éagsúla díghrádaithe comhshaoil a bheith ina gcúis le sáruithe suntasacha ar chearta an duine, amhail na cearta chun beatha agus chun saol príobháideach agus teaghlaigh, an ceart chun teachtadh síochánta na teaghaise, agus toirmeasc ar íde mhídhaonna agus tháireach;

L.  de bhrí gurb é is aidhm leis an gceartas aeráide aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus úsáid á baint as dlí um chearta an duine chun an bhearna cuntasachta i rialachas aeráide a dhúnadh, trí úsáid a bhaint as dlíthíocht maidir leis an athrú aeráide chun stáit agus gníomhaithe corparáideacha a thabhairt chun cuntais agus chun a áirithiú gurb iad atá freagrach as a gcuid gníomhaíochtaí ó thaobh chaomhnú an dúlra de ar a shon féin agus chun go mbeidh saol folláin agus díniteach ag na glúine atá anois ann agus ag na glúine atá le teacht;

M.  de bhrí go bhfuil roinnt cásanna dlíthiúla atá fós gan réiteach tar éis sáruithe ar chearta an duine a bhunú agus tar éis an bealach a réiteach chun cuntasacht a bhaint amach tar éis mainneachtain nó easpa gnímh daoine aonair, stát agus gníomhaithe corparáideacha maidir le haghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an athraithe aeráide;

N.  de bhrí go bhfuil an iomaíocht mhéadaithe maidir le hacmhainní nádúrtha atá faoi stiúir cuideachtaí príobháideacha, le comhpháirteachas rialtais uaireanta, tar éis cosantóirí comhshaoil agus pobal dúchasach, atá ag iarraidh cosaint a dhéanamh ar a dtailte traidisiúnta, a chur ar thús cadhnaíochta sa ghníomhaíocht don chomhshaol agus tar éis spriocanna ionchúisimh a dhéanamh díobh;

O.  de bhrí nach iad na daoine is leochailí amháin, ach muintir an domhain ar fad, a bhraithfidh iarmhairtí an athraithe aeráide ar chearta an duine; de bhrí gurb iad na pobail agus na tíortha is leochailí, arb iad is cúis leis an méid is lú truaillithe agus scriosta comhshaoil, is mó atá thíos le hiarmhairtí díreacha an athraithe aeráide; de bhrí go bhfuil na figiúirí maidir le galair agus bás anabaí mar thoradh ar thruailliú comhshaoil trí huaire níos mó cheana féin ná na figiúirí maidir le SEIF, eitinn agus maláire le chéile, rud a chuireann an ceart chun beatha, comhshaol folláin agus aer glan i mbaol; de bhrí go bhfuil tubaistí nádúrtha amhail tuilte, stoirmeacha trópaiceacha agus tréimhsí fada triomaigh ag tarlú níos minice agus go bhfuil tionchar díobhálach acu ar shlándáil an tsoláthair bia i dtíortha an Domhain Theas agus ar theachtadh go leor de chearta an duine;

P.  de bhrí gur cuid den cheartas sóisialta é an ceartas comhshaoil agus de bhrí go bhfuil tionchar an athraithe aeráide neamhshiméadrach agus go bhfuil drochéifeachtaí an tionchair sin ag déanamh dochar do na glúine atá anois ann agus do na glúine atá le teacht, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha; de bhrí go mbíonn diantionchar ag an athrú aeráide ar thíortha i mbéal forbartha agus go gcuireann sé leis an neamhionannas sóisialta agus eacnamaíoch atá ann cheana, rud a fhágann go mbíonn grúpaí leochaileacha thíos go díréireach leis na hiarmhairtí díobhálacha a bhaineann leis;

Q.  de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ag cur níos mó leis an easáitiú agus leis an imirce de réir a chéile, laistigh de náisiúin agus thar theorainneacha idirnáisiúnta araon; de bhrí gur gar-ionchas é an t-easáitiú do roinnt pobal, amhail iad siúd atá ina gcónaí i limistéir atá faoi bhagairt an ghaineamhlaithe agus iad siúd atá suite san Artach atá ag leá go tapa, i limistéir chósta ísle, agus ar oileáin bheaga nó in éiceachórais íogaire eile agus i gcríocha eile atá i mbaol; de bhrí, ó 2008 i leith, go ndearnadh meán de 24 mhilliún duine a easáitiú de dheasca tubaistí aimsire tubaisteacha gach bliain, laistigh de thrí cinn de na réigiúin is leochailí den chuid is mó – an Afraic fho-Shahárach, an Áise Theas agus Meiriceá Laidineach; de bhrí gur mná iad 80 % de na daoine atá easáitithe mar gheall ar an athrú aeráide, de réir UNDP; de bhrí go bhféadfadh feiniméan méadaitheach an easáitithe de dheasca an athraithe aeráide a bheith ina bhagairt dhíreach do chearta an duine, don chultúr agus d’eolas traidisiúnta don daonra lena mbaineann agus go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach aige ar phobail áitiúla sna tíortha agus sna críocha a dtagann siad chucu chun socrú síos iontu;

R.  de bhrí go bhfuil trédhearcacht sáruithe ar chearta an duine agus faireachán orthu laghdaithe ag na srianta agus ag an dianghlasáil a bhaineann le COVID-19, agus go bhfuil siad tar éis cur leis an imeaglú polaitiúil agus leis an bhfaireachas digiteach, agus go bhfuil, ag an am céanna, teorainn curtha acu le rochtain ar an gceartas agus le cumas cosantóirí comhshaoil, gníomhaithe áitiúla, pobal dúchasach agus daoine eile a bheith rannpháirteach go héifeachtach i bpróisis chinnteoireachta; de bhrí gur chuir dianghlasáil pobal dúchasach agus bearta sláintíochta teorainn lena gcumas patról agus cosaint a dhéanamh ar a gcríocha; de bhrí gur cheart go mbeadh reachtaíocht dhlisteanach agus dhaonlathach mar thaca leis na srianta sin; de bhrí go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar chumas an phobail idirnáisiúnta breathnú agus imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe mar gheall ar an bpaindéim;

S.  de bhrí go bhfuil baint mhór ag cumas daoine oiriúint don athrú aeráide leis an rochtain atá acu ar chearta bunúsacha an duine agus le sláinte na n-éiceachóras atá ag brath orthu ar mhaithe lena slite beatha agus lena bhfolláine; de bhrí go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ag bearta maolaithe agus oiriúnaithe, amhail rochtain ar acmhainní nádúrtha agus úsáid acmhainní nádúrtha, amhail talamh, uisce agus foraoisí, agus ag athlonnú daoine, ar fheidhmiú chearta an duine; de bhrí go n-íocfaidh tíortha agus réigiúin atá i mbéal forbartha 75-80 % de chostais an athraithe aeráide, de réir thuarascáil Rapóirtéir Speisialta NA maidir leis an bhFíorbhochtaineacht agus Cearta an Duine an 17 Iúil 2019 maidir leis an athrú aeráide agus an bhochtaineacht;

T.  de bhrí go bhféadfadh an t-athrú aeráide forbairt dhaonna a aisiompú trí tháirgiúlacht talmhaíochta a laghdú, trí neamhshlándáil an tsoláthair bia agus an uisce a mhéadú agus trí nochtadh do thubaistí nádúrtha foircneacha a mhéadú, rud a d’fhágfadh go dtitfeadh éiceachórais ar lár agus go mbeadh rioscaí breise ann don tsláinte;

U.  de bhrí go meastar, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), go gcuirfidh an t-athrú aeráide le tuairim is 250 000 bás breise in aghaidh na bliana, ó 2030 ar aghaidh, mar gheall ar mhíchothú, maláire, buinneach agus strus teasa; de bhrí go bhfuil turraingí aeráide, de réir an Chláir Dhomhanda Bia, ar cheann de na trí phríomhchúis le neamhshlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain; de bhrí go raibh nach mór 750 milliún duine – beagnach duine as gach deichniúr ar domhan – neamhchosanta ar leibhéil arda neamhshlándála soláthair bia in 2019;

V.  de bhrí go gcuireann an ghéarchéim aeráide le neamh-chomhionannas inscne, mar go gcuireann imeachtaí adhaimsire, tubaistí nádúrtha agus díghrádú fadtéarmach an chomhshaoil tithe, slite beatha, líonraí sóisialta pobail agus bonneagar i mbaol, agus go n-imrítear tionchar díréireach ar mhná agus ar chailíní, lena n-áirítear méadú ar obair chúraim agus tí gan phá arna déanamh ag mná, leitheadúlacht níos airde d’fhoréigean inscnebhunaithe agus imeallú oideachas, rannpháirtíocht agus cheannaireacht na mban;

W.  de bhrí go bhfuil an foréigean in aghaidh gníomhaithe comhshaoil, go háirithe in aghaidh na mban, agus in aghaidh chosantóirí chearta an chomhshaoil agus a ndlíodóirí, ina threocht dhea-dhoiciméadaithe anois, lena n-áirítear trí na mórmheáin agus trí thuairisciú ar na meáin shóisialta; de bhrí go bhfuil gníomhaithe ar mná iad thíos le cineálacha foréigin agus imeaglaithe inscne-shonracha ar cúis mhór imní iad;

X.  de bhrí go bhfuil cosantóirí comhshaoil ar thúslíne na gníomhaíochta ar son na haeráide agus na cuntasachta; de bhrí go bhfuil níos mó airde tarraingthe ag comhlachtaí do chearta an duine ar an ngá atá le cosantóirí comhshaoil a chosaint go sonrach; de bhrí gur feiniméan domhanda é an laghdú spáis don tsochaí shibhialta, atá ag dul i bhfeidhm go díréireach ar chosantóirí chearta an duine atá ag obair ar shaincheisteanna comhshaoil agus talún agus a bhíonn go minic i limistéir thuaithe agus iargúlta ina bhfuil rochtain laghdaithe ar shásraí cosanta; de bhrí go ndéantar formhór mór na sáruithe ar chearta an duine atá i gcoinne chearta an duine agus chosantóirí an chomhshaoil i gcomhthéacs ina mbítear nach mór saor ó phionós; de bhrí go bhfuil tacaíocht agus cosaint do chearta an duine agus do chosantóirí an chomhshaoil ar cheann de thosaíochtaí sainráite ghníomhaíocht sheachtrach AE ar fud an domhain agus ina chomharsanacht; de bhrí nach mór don Aontas na hionstraimí uile atá ar fáil dó a úsáid i ndáil leis sin;

Y.  de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil méadú ag teacht i rith an ama ar líon na gcásanna de mharuithe, fuadaigh, céasadh, foréigean inscnebhunaithe, bagairtí, ciapadh, imeaglú, feachtais smearaidh, coiriúlú, ciapadh breithiúnach, díshealbhú éigeantach agus easáitiú a dhéantar i gcoinne cosantóirí comhshaoil;

Z.  de bhrí gur chuir Rapóirtéir Speisialta NA maidir le Cás Chosantóirí Chearta an Duine in iúl go bhfuil imní uirthi do chosantóirí chearta an duine i ngach tír, toisc go bhfuil siad neamhchosanta ar shrianta maidir le saoirse gluaiseachta, saoirse comhthionóil, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhlachais, agus go ndírítear líomhaintí bréagacha, trialacha éagóracha, gabháil agus coinneáil threallach, céastóireacht agus cur chun báis orthu;

AA.  de bhrí go léirítear i dtuarascáil 2020 Global Witness gur maraíodh 212 ghníomhaí talún agus comhshaoil in 2019, arb ionann sin agus méadú 30 % i gcomparáid le 2018; de bhrí gur pobail dhúchasacha agus úinéirí talún traidisiúnta iad thart ar 40 % de na híospartaigh sin agus gur tharla níos mó ná dhá thrian de na maruithe i Meiriceá Laidineach;

AB.  de bhrí go dtairbhíonn pobail dhúchasacha de chearta sonracha maidir le cosaint an chomhshaoil, tailte agus acmhainní mar a chumhdaítear in Airteagal 7 de Choinbhinsiún 1989 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha; de bhrí go ndearbhaítear le hAirteagal 29 de UNDRIP 2007 go bhfuil ‘cearta ag pobail dhúchasacha chun an comhshaol agus cumas táirgthe a dtailte nó a gcríoch agus a n-acmhainní a chaomhnú agus a chosaint’;

AC.  de bhrí gurb é Comhaontú Escazu an chéad chomhaontú réigiúnach maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí agus ceartas i gcúrsaí comhshaoil i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib; de bhrí gurb é Comhaontú Escazu, atá oscailte lena dhaingniú ón 1 Meán Fómhair 2019, an chéad chonradh chun an ceart chun comhshaol folláin a bhunú (Airteagal 4); de bhrí go bhféadfadh Comhaontú Escazu, lena n-athdheimhnítear tábhacht an chomhair réigiúnaigh, a bheith ina spreagadh do réigiúin eile a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu; de bhrí go mbunaítear le Coinbhinsiún Aarhus roinnt de chearta daoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol agus rochtain ar cheartas; de bhrí go bhfuil sé de cheangal ar na páirtithe sa Choinbhinsiún na forálacha is gá a dhéanamh chun a áirithiú go rannchuideoidh údaráis phoiblí (ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil) leis na cearta sin agus go mbeidh siad éifeachtach dá bhrí sin;

Tionchar an athraithe aeráide ar chearta an duine

1.  á chur i bhfáth go bhfuil teachtadh, cosaint agus cur chun cinn chearta an duine atá fréamhaithe i ndínit an duine, agus pláinéad folláin agus inbhuanaithe idirspleách ar a chéile; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit gníomhú mar chomhpháirtí inchreidte agus iontaofa ar an leibhéal domhanda trí reachtaíocht atá ailínithe le cur chuige cuimsitheach bunaithe ar chearta an duine maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide a ghlacadh, a neartú agus a chur chun feidhme, chun treoir a thabhairt do bheartais agus do bhearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus chun a áirithiú go mbeidh siad leordhóthanach, uaillmhianach go leor, neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha an duine; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh na prionsabail agus na caighdeáin a eascraíonn ón dlí idirnáisiúnta um chearta an duine mar threoir do na beartais uile agus don chlársceidealú a bhaineann leis an athrú aeráide, agus gur cheart go mb’amhlaidh a bheadh ag gach céim den phróiseas; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit stáit, cuideachtaí agus údaráis rialtais áitiúla nach bhfuil in AE a spreagadh chun réitigh agus bearta a chur chun feidhme agus a ghlacadh a chuideoidh le cosaint an chomhshaoil agus lena dtabharfar aghaidh ar iarmhairtí an athraithe aeráide;

2.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit an nasc idir cearta an duine agus an comhshaol a neartú ina gcuid gníomhaíochta seachtraí agus tacú le sásraí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le cearta an duine chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, go háirithe tionchar an athraithe aeráide ar theachtadh iomlán chearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar saincheisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cearta an duine a chomhtháthú i mbeartais ábhartha uile AE chomh maith le comhleanúnachas na mbeartas sin a áirithiú; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé tacú le gníomhaíochtaí lena músclaítear feasacht maidir leis na hiarmhairtí a bhíonn ag an athrú aeráide, ag díghrádú an chomhshaoil agus ag cailliúint na bithéagsúlachta ar chearta an duine; á iarraidh ar an Aontas, ina theannta sin, tacú le comhar le tríú tíortha agus an comhar sin a neartú chun cur chuige bunaithe ar chearta an duine a chomhtháthú i ndlíthe agus i mbeartais chomhshaoil;

3.  á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bhíonn deiseanna forbartha daonna don uile dhuine; ag cur béim ar na rioscaí a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine i slabhraí soláthair tráchtearraí idirnáisiúnta i gcás fuinneamh traidisiúnta agus fuinneamh ‘glas’ inathnuaite araon, amhail saothar leanaí i mianaigh chóbailt a fhreastalaíonn ar an slabhra domhanda ceallraí ian litiam; á iarraidh ar an gCoimisiún impleachtaí ar chearta an duine a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chonairí fuinnimh agus iompair an Aontais;

4.  á chur i bhfáth go bhfuil go leor daoine ar fud an domhain thíos le ganntanas uisce, atá ar cheann de na hiarmhairtí a bhaineann leis an athrú aeráide; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar an nganntanas uisce mar phríomhthosaíocht dá chlár oibre reachtach agus beartais; ag tabhairt dá haire go bhfuil míbhainistiú talún agus acmhainní nádúrtha ag cur le coinbhleachtaí nua agus ag cur bac ar réiteach síochánta na gcoinbhleachtaí atá ann cheana; á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar an iomaíocht d’acmhainní atá ag maolú agus gur measa fós í mar gheall ar dhíghrádú an chomhshaoil, fás an daonra agus an t-athrú aeráide;

5.  á mheabhrú gur oibleagáid dhlíthiúil é an ceart chun comhshaol sábháilte, glan, folláin agus inbhuanaithe a urramú, ar coinníoll é sin, i measc nithe eile, le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe lena gcuirtear le folláine agus le slite beatha daoine aonair agus pobal; á mheabhrú go gcuirtear réitigh dhlíthiúla ar fáil leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine chun an damáiste a dhéanann an t-athrú aeráide do dhaoine aonair, do phobail dhúchasacha agus do chosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol a cheartú, chun bearta a chur chun feidhme chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun stáit, gnólachtaí agus daoine aonair a choimeád cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar acu ar an athrú aeráide agus ar chearta an duine; i ndáil leis sin, á iarraidh ar AE an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós a bheith ar cheann dá phríomhthosaíochtaí trí ionstraimí a chruthú lena bhféadfar dlíthe maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme go hiomlán, go héifeachtach agus go marthanach agus trí na hionstraimí sin a fhorfheidhmiú;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na gealltanais choincréiteacha maidir le cearta an duine, leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide arna mbunú cheana i bPlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfar faireachán éifeachtach orthu, agus go n-áireofar gné inscne i gcur chun feidhme an phlean;

7.  ag tacú le sainordú Rapóirtéir Speisialta NA maidir le Cearta an Duine agus leis an gComhshaol chun aitheantas domhanda a éileamh don cheart chun maireachtáil i gcomhshaol, glan, folláin agus inbhuanaithe mar cheart de chuid an duine; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit, ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de chuid NA, tacú le haitheantas domhanda don cheart sin; á mheas gur cheart go mbeadh an t-aitheantas sin ina spreagadh do bheartais chomhshaoil níos láidre, d’fhorfheidhmiú feabhsaithe an dlí, do rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht maidir leis an gcomhshaol, do rochtain ar fhaisnéis agus ar an gceartas agus do thorthaí níos fearr do dhaoine agus don phláinéad;

8.  ag tathant ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar staid chearta an duine agus an athraithe aeráide agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cearta an duine a chomhtháthú agus a phríomhshruthú i ngach gné den ghníomhaíocht ar son na haeráide ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta i ndlúthchomhar le Comhairle NA um Chearta an Duine agus le hArd-Choimisinéir NA um Chearta an Duine; á iarraidh ar an Aontas, i ndáil leis an méid sin, gníomhaíocht a dhéanamh chun an ceart chun comhshaol sábháilte agus folláin a thabhairt isteach sa Chairt agus chun Airteagal 37 de a chomhlíonadh go hiomlán; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá dlúthchomhar leis na stáit agus leis na gníomhaithe institiúideacha ábhartha uile atá bainteach le cur chun feidhme cuí na bhforálacha maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a áirithiú;

9.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an ceart chun comhshaol sábháilte, glan, folláin agus inbhuanaithe agus chun aeráid chobhsaí ina cheart bunúsach do gach duine, gan idirdhealú, agus nach mór an ceart sin a bhaint amach trí bheartais uaillmhianacha agus nach mór go mbeifí in ann é a fhorfheidhmiú go hiomlán tríd an gcóras ceartais ar gach leibhéal;

10.  á chreidiúint go bhfuil sé criticiúil ceart an duine ar chomhshaol folláin a chomhtháthú sna príomh-chomhaontuithe agus próisis chomhshaoil mar fhreagairt iomlánaíoch ar COVID-19, agus go mbeidh athchoincheapú san áireamh ar an ngaol idir daoine agus an dúlra a laghdóidh rioscaí agus a choiscfidh dochar ar dhíghrádú an chomhshaoil amach anseo;

11.  ag spreagadh AE agus a chuid Ballstát chun gníomhú go misniúil ar a dtionscnamh féin le tacaíocht ghníomhach ó Ionadaí Speisialta AE um Chearta an Duine chun cur i gcoinne saoirse ó phionós do dhéantóirí coireanna comhshaoil ar an leibhéal domhanda agus an bealach a réiteach laistigh den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) i dtreo caibidlíocht nua idir na páirtithe d’fhonn aitheantas a thabhairt don ‘éiceadhíothú’ mar choir idirnáisiúnta faoi Reacht na Róimhe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) clár a bhunú chun acmhainneacht dhlínsí náisiúnta na mBallstát a fhorbairt sna réimsí sin;

12.  á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit measúnú rialta a dhéanamh ar an mbealach is fearr a bhféadfaidh an ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip rannchuidiú le cur chuige iomlánaíoch atá bunaithe ar chearta an duine maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta; á iarraidh ar AE leas a bhaint as an raon leathan beartas seachtrach, uirlisí seachtracha agus ionstraimí polaitiúla agus airgeadais atá ar fáil dó chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme; á iarraidh ar AE athbhreithniú a dhéanamh ar a shásraí maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus a mholadh go ndéanfaí iad a leasú, i gcás inarb iomchuí, chun lánurraim do chearta an duine a áirithiú agus coimircí láidre a bhunú chun na críche sin; á iarraidh go mbunófar pointí fócasacha aeráide i seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), a mbeadh mar chúraimí orthu déileálacha seachtracha uile an Aontais a dhíonadh ar an athrú aeráide; á iarraidh go mbeidh cumarsáid thrédhearcach agus fhaisnéiseach ann maidir leis na saincheisteanna sin i gcláir AE maidir le comhar um fhorbairt le tríú tíortha;

13.  á iarraidh go ndéanfar gné na hinscne a chomhtháthú i mbeartais agus i gcláir forbartha inbhuanaithe chun a áirithiú, maidir le cearta na mban agus na gcailíní – lena n-áirítear sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo (SRHR) mar aon le seirbhísí riachtanacha cúraim sláinte –, cur chun cinn an chomhionannais inscne agus an cheartais aeráide, go ndéanfar iad a phríomhshruthú trí chláir straitéise;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh airgeadais agus teicniúil agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainní a mhéadú chun tacú le tríú tíortha cearta an duine a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí agus ina gcláir náisiúnta ar son na haeráide agus rialacháin idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol a chomhlíonadh chun a áirithiú nach gcuirfidh cuspóirí maidir leis an athrú aeráide isteach ar fheidhmiú chearta an duine sna tíortha sin; ag tabhairt dá haire an comhaontú idirinstitiúideach ar thángthas air maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, faoina dtacóidh 30 % den mhaoiniú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil; ag áitiú go bhfuil gníomhaíochtaí uile Institiúidí Airgeadais Eorpacha i dtríú tíortha, go háirithe an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, comhsheasmhach le gealltanais aeráide AE agus go leanann siad cur chuige bunaithe ar chearta an duine; á iarraidh go ndéanfaí a sásraí gearáin faoi seach a threisiú agus a dhoimhniú(8) do dhaoine aonair nó do ghrúpaí a chreideann go bhfuil a gcearta sáraithe ag gníomhaíochtaí den sórt sin agus go bhféadfadh sé a bheith de cheart acu leigheas a fháil;

15.  ag tacú go láidir le comhtháthú chearta an duine sa Chreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020 i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí dar teideal ‘Straitéis Bithéagsúlachta AE 2030 – an dúlra a thabhairt ar ais inár saol’; á chreidiúint, chun cearta an duine a leabú sa Chreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020, gur cheart aghaidh a thabhairt, le spriocanna nua, ar aithint agus ar chur chun feidhme an chirt chun comhshaol glan, folláin, sábháilte agus inbhuanaithe ar an leibhéal náisiúnta agus domhanda;

16.  á athdhearbhú gur tábhachtach an tArtach a chosaint ar an athrú aeráide agus gur riachtanach Beartas AE maidir leis an Artach;

17.  ag aithint an tionchar a bhaineann leis an nasc idir an t-athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus tubaistí nádúrtha mar spreagadh don imirce agus don easáitiú de bharr an athraithe aeráide agus á chur in iúl gur oth léi an easpa cosanta ar chearta an duine ar an leibhéal idirnáisiúnta do dhaoine aonair atá ag fulaingt mar thoradh air sin; á mheas gur cheart aghaidh a thabhairt ar an easáitiú sin ar an leibhéal idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhoibriú le chéile chun creat idirnáisiúnta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an easáitiú agus ar an imirce de bharr an athraithe aeráide ag fóraim idirnáisiúnta agus i ngníomhaíocht sheachtrach AE araon; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun oibriú le chéile maidir lena dtacaíocht a mhéadú do bhearta athléimneachta i réigiúin a bhféadfadh an t-athrú aeráide an-dochar a dhéanamh dóibh agus chun tacú le daoine a easáitíodh mar gheall ar an athrú aeráide agus nach bhfuil in ann cónaí ina n-áiteanna cónaithe a thuilleadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rialú déanta ag Coiste NA um Chearta an Duine nach mór do stáit tionchar na géarchéime aeráide ar chearta an duine sa tír thionscnaimh a chur san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar iarrthóirí tearmainn a dhíbirt; á chur in iúl gur geal léi gur áiríodh an imirce agus an t-easáitiú de bharr an athraithe aeráide i gCreat Cancún um an Oiriúnú;

18.  ag tacú le cur chuige bunaithe ar chearta an duine maidir le rialachas imirce i dtríú tíortha agus le haon bhearnaí i gcosaint chearta an duine i gcomhthéacs na himirce a chur san áireamh; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil uirlisí ann cheana do chonairí dlíthiúla agus á mheas gur cheart uirlisí den chineál sin a neartú do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu; ag tacú le dea-chleachtais a shainaithint agus a chur chun cinn maidir le hoibleagáidí agus gealltanais i leith chearta an duine, lena dtacaítear le ceapadh beartas maidir le cosaint an chomhshaoil, agus lena neartaítear é, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

19.  ag áitiú go gcomhlíonfaí cearta gach duine gan aon idirdhealú bunaithe ar an áit a bhfuil cónaí orthu ná ar a riocht sóisialta, go háirithe iad siúd is leochailí ó thaobh iarmhairtí diúltacha an athraithe aeráide de; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht phoiblí na ngrúpaí leochaileacha sin a áirithiú agus a éascú i gcinntí a dhéanann difear dá slite beatha;

20.  á mheabhrú go bhfuil ag méadú ar an neamhionannas, ar an bhforéigean agus ar an idirdhealú a mbíonn mná thíos leo mar gheall ar an athrú aeráide; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme a mbeidh trasghné inscne ag baint leo i réimsí na trádála, an chomhair, na haeráide agus na gníomhaíochta seachtraí, lena ndéanfar cumhachtú na mban agus rannpháirtíocht na mban sa phróiseas cinnteoireachta a chur chun cinn agus lena n-aithneofar na srianta sonracha atá ar chailíní agus ar mhná;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról agus inniúlacht comhlachtaí réigiúnacha um chearta an duine agus sásraí eile a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an t-athrú aeráide agus cearta an duine, chun cearta comhshaoil a chur chun cinn agus chun cosantóirí chearta an chomhshaoil a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, clár a thionscnamh chun tacú le Comhaontú Escazu, a mbeidh sé mar aidhm leis, inter alia, cabhrú le páirtithe stáit an Comhaontú a dhaingniú agus a chur chun feidhme, cabhrú leis an tsochaí shibhialta dul i ngleic leis an gComhaontú agus rannchuidiú lena chur chun feidhme, agus tacaíocht a thabhairt don chiste deonach arna bhunú faoin gComhaontú;

Freagairt ar COVID-19

22.  á chur i bhfáth go léirítear go hiomlán le paindéim dhomhanda COVID-19 tionchar dhíghrádú an chomhshaoil maidir leis na dálaí a chruthú le haghaidh méadú zónóise lena mbaineann iarmhairtí tromchúiseacha sláinte, sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt go ndéanfar cearta comhshaoil, agus cosaint iad siúd a chosnaíonn na cearta sin, a áireamh in aon fhreagairt ar phaindéim COVID-19; ag spreagadh na mBallstát agus geallsealbhóirí eile chun Faireachán Domhanda an Choimisiúin ar thionchar COVID-19 ar an Daonlathas agus ar Chearta an Duine a chur san áireamh;

23.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhféadfadh cúlú domhanda, arbh é paindéim COVID-19 ba chúis leis, gealltanais stát ó thaobh cuspóirí idirnáisiúnta aeráide agus caighdeáin maidir le cearta an duine a laghdú, a mhoilliú nó a athrú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú go mbeidh na beartais atá beartaithe don téarnamh eacnamaíoch i gcomhréir go hiomlán le cur chun cinn agus cosaint chearta an duine mar a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chonradh Liospóin chomh maith le cosaint an chomhshaoil agus an fhorbairt inbhuanaithe;

24.  ag tathant ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagairt éifeachtach ar ghéarchéim COVID-19 a mholadh lena gcuirfear san áireamh go hiomlán an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun comhshaol sábháilte, glan, folláin agus inbhuanaithe a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh, mar chosaint ar ghéarchéimeanna comhshaoil agus sláinte amach anseo lena bhféadfaí cearta bunúsacha an duine a chur i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a n-uaillmhian aeráide agus comhshaoil a mhéadú i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 agus cur chuige straitéiseach uaillmhianach maidir leis an taidhleoireacht aeráide a mhúnlú;

25.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé gur bhain údaráis pholaitiúla, fórsaí slándála agus grúpaí armtha neamhstáit mí-úsáid as bearta éigeandála agus dianghlasála a glacadh mar fhreagairt ar COVID-19 i roinnt áiteanna ar domhan chun cosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear cosantóirí comhshaoil agus talún, a theorannú, a imeaglú agus a dhúnmharú; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, go raibh cosantóirí dúchasacha thar a bheith leochaileach, le hais dreamanna eile, maidir le COVID-19 mar thoradh ar bhonneagar lag sláinte i gceantair iargúlta agus mar gheall ar fhaillí rialtais;

26.  ag tabhairt dá haire go bhfuil paindéim COVID-19 ag bagairt ar shlándáil bia agus ar chothú na milliún duine ar fud an domhain, mar go ndearnadh difear do shlabhraí soláthair bia domhanda, tráth a bhfuil slándáil bia agus córais bhia faoi bhrú cheana féin mar gheall ar an athrú aeráide agus tubaistí nádúrtha; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh géarchéim na paindéime a bheith ina cor cinniúnach d’athchothromú agus d’athrú córas bia, rud a d’fhágfadh go mbeidís níos cuimsithí, níos inbhuanaithe agus níos athléimní;

Cosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol agus an ról atá ag pobail dhúchasacha

27.  á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar stáit cosantóirí comhshaoil agus a dteaghlaigh a chosaint ar chiapadh, ar imeaglú agus ar fhoréigean, mar a chumhdaítear sa dlí um chearta an duine, agus freisin a saoirsí bunúsacha a ráthú, agus go bhfuil sé d’oibleagáid orthu orthu cearta pobal dúchasach agus áitiúil a aithint, agus aitheantas a thabhairt don mhéid a rannchuidíonn a n-eolas agus a dtaithí leis an gcomhrac i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta agus dhíghrádú an chomhshaoil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról agus saineolas sonrach acu maidir le bainistiú agus caomhnú talún agus á iarraidh go gcuirfear leis an gcomhar le pobail dhúchasacha agus lena gcuimsiú agus go ndéanfar iarrachtaí chun a rannpháirtíocht dhaonlathach i bpróisis chinnteoireachta ábhartha a neartú, lena n-áirítear próisis a bhaineann le taidhleoireacht aeráide idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin tacú le rannpháirtíocht pobal dúchasach trí thacaíocht shonrach a thabhairt do roinnt tionscadal amhail Ionad Doiciméadúcháin, Taighde agus Faisnéise na bPobal Dúchasach (DOCIP); ag spreagadh an Choimisiúin chun leanúint den idirphlé agus den chomhoibriú idir pobail dhúchasacha agus an tAontas Eorpach a chur chun cinn mar aon le fóraim idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an athrú aeráide;

28.  á thabhairt chun suntais, cé go ndéantar ionsaithe agus bagairtí ar fud an domhain, go gcuireann Rapóirtéir Speisialta NA maidir le Staid Chosantóirí Chearta an Duine in iúl go bhfuil líon na n-ionsaithe agus na mbagairtí sin thar a bheith suntasach i Meiriceá Laidineach agus san Áise, áit a ndéanann roinnt infheisteoirí, cuideachtaí agus rialtais áitiúla neamhaird ar ábhair imní dhlisteanacha na bpobal; ag tabhairt dá haire, i roinnt mhaith cásanna, go mbíonn coinbhleachtaí agus sáruithe ann laistigh de chomhthéacs an neamhionannais eacnamaíoch agus an eisiaimh shóisialta; ag cáineadh géarleanúint bhreithiúnach agus coiriúlú gníomhaithe comhshaoil i réigiún na hAmasóine, áit a bhfuil ionsaithe, maruithe agus géarleanúint gníomhaithe comhshaoil ag dul i méid; ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar líon na n-ionsaithe i gcoinne na ngníomhaithe comhshaoil i Hondúras, agus ag cáineadh ghéarleanúint na ngníomhaithe comhshaoil sin, agus ag cáineadh mharú gníomhaithe comhshaoil Guapinol a tharla le déanaí; ag tabhairt dá haire, le trí bliana anuas, gur taifeadadh 578 marú cosantóirí chearta an phobail, an chomhshaoil, na talún agus na bpobal dúchasach; á chur i bhfáth go bhfuil na hOileáin Fhilipíneacha ar bharr liosta na dtíortha is contúirtí le bheith mar chosantóir ceart comhshaoil iontu; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún, i bhfianaise a thromchúisí atá sáruithe ar chearta an duine sa tír agus in éagmais aon fheabhas suntasach nó toilteanas comhoibriú a dhéanamh ó thaobh údaráis na nOileán Filipíneach, an nós imeachta a thionscnamh lena bhféadfaí fabhair a aistarraingt go sealadach faoi Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus (GSP+);

29.  á mholadh do Bhallstáit AE nach bhfuil Coinbhinsiún EIS 169 maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha daingnithe acu déanamh amhlaidh;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach dtacóidh AE le tionscnaimh agus le tionscadail a mbeadh grabáil talún neamhdhleathach, lománaíocht neamhdhleathach agus dífhoraoisiú nó tionchair dhíobhálacha eile ar an gcomhshaol mar thoradh orthu; ag cáineadh go géar aon iarrachtaí chun cosaint an chomhshaoil agus cosaint chearta an duine a mhaolú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus géarchéimeanna eile;

31.  ag cáineadh go láidir an méadú atá tagtha ar an líon dúnmharuithe, ionsaithe clúmhillteacha, gníomhartha géarleanúna, coiriúlaithe, príosúnachta, ciaptha agus imeaglaithe i gcoinne na bpobal dúchasach agus ghníomhaithe chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol agus i gcoinne cosantóirí talún ar fud an domhain agus á iarraidh go dtabharfaí na daoine atá freagrach chun cuntais;

32.  á chur i bhfáth go bhfuil dúshláin bhreise le sárú ag cosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol ar mná iad ina gcuid oibre, ina bpobail agus ina dtithe toisc go ndírítear bagairtí agus foréigean inscne-shonrach orthu nó toisc go mbíonn siad neamhchosanta ar bhagairtí agus foréigean den sórt sin; ag tabhairt dá haire gur mó baol go mbeidh cosantóirí ar mná iad thíos le cineálacha áirithe foréigin agus le sáruithe, dochar, eisiamh, agus séanadh eile ná cosantóirí ar fir iad;

33.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le cosantóirí uile chearta an duine, go háirithe cosantóirí chearta an chomhshaoil agus a n-ionadaithe dlíthiúla, agus aird a tharraingt ar a gcásanna nuair is gá; á chur in iúl gur deimhin léi gur cheart tacaíocht do chosantóirí chearta an chomhshaoil a mhéadú agus gur cheart do AE aon bheart díoltais nó aon ionsaí ina gcoinne ó ghníomhaithe corparáideacha nó stáit a cháineadh trí ráitis phoiblí agus trí ghníomhaíochtaí áitiúla nuair is iomchuí; ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis an ngá ann go ndéanfadh SEGS, an gCoimisiún agus na Ballstáit infheistíocht i sásraí agus i gcláir shonracha inrochtana atá freagrúil ó thaobh inscne de do chosantóirí chearta an chomhshaoil, lena n-áirítear cosantóirí áitiúla agus dúchasacha, go ndéanfaidís na sásraí agus na cláir sin a neartú agus go dtabharfaidís páirt do na cosantóirí sin in aon imscrúduithe ar sháruithe;

34.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an meath seasta atá tagtha ar staid chosantóirí an chomhshaoil, na sceithirí, na n-iriseoirí agus na ngairmithe dlí a bhfuil speisialtóireacht acu sa chomhshaol ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an tsaoirse tuairimí a nochtadh, saoirse agus iolrachas na meán agus an ceart chun tionóil a chosaint, agus sábháilteacht agus cosaint iriseoirí agus sceithirí a áirithiú san Aontas Eorpach agus trína chaidreamh seachtrach araon; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an mhí-úsáid, na coireanna agus na hionsaithe marfacha atá fós á ndéanamh ar iriseoirí agus oibrithe na meán mar gheall ar a ngníomhaíochtaí; á thabhairt chun suntais gur cineál saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil is ea an sceithireacht agus go bhfuil ról lárnach aici maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais a nochtadh agus a chosc agus maidir le cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún sa chomhthéacs sin, faireachán a dhéanamh ar thrasuí Threoir (AE) 2019/1937 agus a ráthú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm go hiomlán í(9); á mheas gur ionstraim thábhachtach í saoráil faisnéise do dhaoine a bhféadfadh iarmhairtí an athraithe aeráide difear a dhéanamh dóibh chun iad a chur ar an eolas mar is ceart ag céim luath faoi éifeachtaí díobhálacha na mbeart um athrú aeráide agus um oiriúnú; á éileamh go ndéanfar an tsaoráil faisnéise a urramú;

35.  á aithint go bhfuil na gníomhaíochtaí a dhéanann cosantóirí comhshaoil bunriachtanach toisc go ndéanann siad iarracht teacht ar réitigh agus sásraí inmharthana maidir leis an athrú aeráide a chosc agus maidir le hathléimneacht agus oiriúnú ina leith, agus na réitigh sin a scaipeadh i measc na ndaoine siúd atá ina gcónaí i gcríocha atá buailte;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird shonrach a thabhairt ar na riachtanais chosanta dhifreáilte atá ag cosantóirí chearta an duine ar mná iad, agus aitheantas á thabhairt don ról atá acu mar ghníomhairí cumhachtacha don athrú, go háirithe maidir le gníomhú ar son na haeráide; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá tacaíocht a thabhairt d’fothú acmhainneachta agus do ról na mban mar oideoirí agus mar thionscnóirí don athrú, agus maoiniú leormhaith a áirithiú do na heagraíochtaí sin; á mheabhrú a mhinice a bhíonn ceannairí pobail agus gníomhaithe comhshaoil ar mná iad faoi dhiansmacht, agus is minic a dhúnmharaítear iad fiú, faoi mar a tharla i gcás na ngníomhaithe cróga a ainmníodh agus a cuireadh ar an ngearrliosta do Dhuais Sakharov Pharlaimint na hEorpa um Shaoirse Smaointeoireachta, eadhon Marielle Franco ón mBrasaíl, a feallmharaíodh in 2018, agus Berta Cáceres ó Hondúras, a feallmharaíodh in 2016;

37.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a iarraidh agus a áirithiú go n-urramófar ceart na bpobal dúchasach chun saorthoiliú feasach roimh ré, gan chomhéigean, in aon chomhaontú nó tionscadal forbartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thailte, ar chríocha nó ar shócmhainní nádúrtha na bpobal dúchasach; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach cearta na bpobal dúchasach agus a gcleachtais thraidisiúnta a chur chun cinn chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú, agus coimircí leordhóthanacha á n-áirithiú ag an am céanna;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na hionstraimí uile atá ar fáil dóibh a úsáid, mar aon leis na forálacha a bhaineann le cearta an duine a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú faoi chuimsiú bheartas eachtrach agus Chomhaontuithe Comhlachais an Aontais, chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt do chosantóirí chearta an duine agus an chomhshaoil i gcomharsanacht AE agus chun iad a chosaint, agus chun tíortha is iarrthóirí ar aontachas le AE a spreagadh chun teacht go héifeachtach le luachanna agus caighdeáin na hEorpa;

39.  á iarraidh go nglacfar iarscríbhinn a ghabhann le Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine a bheadh dírithe ar dhúshláin agus ar riachtanais shonracha chosantóirí an chomhshaoil agus bheartas AE i ndáil leis sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfar leis an tionscadal ProtectDefenders.eu le leibhéil mhéadaithe maoinithe mar aon le huirlisí eile de chuid AE atá ann cheana chun tacú le cosantóirí chearta an duine;

40.  á iarraidh go nglacfar liosta AE de na tíortha tosaíochta ina gcuirfeadh SEGS, an Coimisiún agus na Ballstáit dlús lena ngníomhaíocht chun tacú le cosantóirí chearta an chomhshaoil agus ina rachaidís i dteagmháil le húdaráis áitiúla chun sásraí cosanta agus reachtaíocht shonrach a thabhairt isteach nó a fheabhsú lena saineofaí cosantóirí comhshaoil, lena dtabharfaí aitheantas dá gcuid oibre agus lena ráthófaí go gcosnófar iad; ag áitiú gur cheart do SEGS an liosta tosaíochtaí sin a ullmhú, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí agus leis an bParlaimint, agus gur cheart é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil; á iarraidh freisin ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tuarascáil phoiblí bhliantúil a chur ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh sna tíortha tosaíochta, agus freisin maidir le cosaint chosantóirí an chomhshaoil ar fud an domhain;

41.  ag tathant ar NA ról níos mó a ghlacadh chucu féin i gcosaint éiceachóras domhanda agus cosantóirí comhshaoil, go háirithe i gcásanna ina mbíonn tionchar tromchúiseach ag an athrú aeráide ar phobail dhúchasacha agus áitiúla; á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE tionscnamh ar leibhéal NA a chur chun cinn chun go ndéanfadh breathnóirí idirnáisiúnta faireachán ar dhamáiste tromchúiseach don chomhshaol, ar ghéarchéimeanna tromchúiseacha comhshaoil nó ar chásanna inarb iad cosantóirí chearta an chomhshaoil is mó atá i mbaol agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis agus cabhrú leo chun timpeallacht chosanta a bhunú do na cosantóirí sin;

42.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, trí idirphlé beartais, glacadh pleananna gníomhaíochta náisiúnta lena ráthaítear timpeallacht fholláin agus shaor do chosantóirí comhshaoil a chur chun cinn trí pheirspictíocht níos leithne maidir le cosaint chomhchoiteann a chomhtháthú, lena n-áirítear bearta polaitiúla chun pobail agus grúpaí a bhfuil baint acu le cosaint an chomhshaoil a dhlisteanú; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go sainráite ar chearta an duine de chuid na bpobal dúchasach agus áitiúil faoi chomhaontuithe comhpháirtíochta deonaí i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí;

43.  á mheabhrú, i gcomhréir le Dearbhú NA maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, nach mór do stáit cosantóirí na bithéagsúlachta a chosaint mar chosantóirí chearta an duine; á chur in iúl gur díol sásaimh di dearadh conarthaí idirnáisiúnta amhail Comhaontú Escazu, ar príomhionstraim é do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib – an réigiún ina ndearnadh taifead ar an líon is mó cosantóirí chearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol a maraíodh;

UNFCCC, ceartas agus cuntasacht

44.  á chur in iúl gur oth léi go dtiocfadh ardú tubaisteach 3 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch ar an teocht dhomhanda, mar thoradh ar rannchuidithe reatha arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna), fiú dá gcuirfeadh na stáit uile chun feidhme go hiomlán iad, rud a sháródh Comhaontú Pháras; ag tabhairt rabhadh go mbeadh tionchar ollmhór aeráide agus comhshaoil agus éifeachtaí díobhálacha forleathana ar chearta an duine mar thoradh ar chás den sórt sin;

45.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil cearta an duine san áireamh sa Bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras agus á iarraidh go ndéanfar bearta éifeachtacha chun oibleagáidí maidir le cearta an duine a urramú agus a chur chun cinn agus an Comhaontú á chur chun feidhme agus nuair a bheidh gníomhaíocht ar son na haeráide ar bun; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil aon fhorálacha nithiúla ann chun go mbeidh gníomhaithe stáit agus corparáideacha freagrach as sáruithe ar chearta an duine a bhaineann leis an athrú aeráide;

46.  ag tathant ar na páirtithe in UNFCCC leanúint dá n-uaillmhian maolúcháin agus oiriúnaithe a mhéadú i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus chun gné a bhaineann le cearta an duine a chomhtháthú ina NDCanna agus ina gcumarsáid oiriúnaithe; á iarraidh ar rúnaíocht UNFCCC treoirlínte a fhorbairt maidir le conas cosaintí chearta an duine a chomhtháthú in NDCanna agus i gcumarsáid oiriúnaithe i gcomhar le hArd-Choimisinéir NA um Chearta an Duine; ag spreagadh na bpáirtithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar rannchuidithe beartaithe arna gcinneadh go náisiúnta (INDCanna) agus ar NDCanna agus sásraí faireacháin a fhorbairt do NDCanna, le rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach na bpobal dúchasach;

47.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le sineirgí a neartú ar fud na n-oibleagáidí um thuairisciú ar an aeráid agus ar chearta an duine; á mheas gur cheart a iarraidh, leis na treoirlínte maidir le creat trédhearcachta Chomhaontú Pháras (Airteagal 13), ar na páirtithe faisnéis a chur ar fáil ní hamháin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ach freisin maidir le cé acu atá nó nach bhfuil beartais aeráide á gcur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí sochaíocha eile agus le creataí dlíthiúla atá ann cheana, agus dá bhrí sin faisnéis maidir le dea-chleachtais a chur san áireamh, lena n-áirítear cineálacha cur chuige bunaithe ar chearta an duine maidir le bearta maolaithe agus oiriúnaithe, chomh maith le tacaíocht;

48.  ag tathant ar institiúidí AE comhoibriú go gníomhach chun cur chuige maidir le cearta an duine a chur chun cinn sa chaibidlíocht idirnáisiúnta a leanann go fóill maidir leis an aeráid, go háirithe sa Sásra Forbartha Inbhuanaithe (SDM) agus i dtreoirlínte eile le haghaidh sásraí faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras lena n-áirithítear rannpháirtíocht fhóinteach agus eolasach na sealbhóirí ceart, coimircí leordhóthanacha comhshaoil agus sóisialta, agus sásraí sásaimh neamhspleách; á chur i bhfáth gur cheart é a bheith mar aidhm ag an SDM maoiniú a dhéanamh ar thionscadail a théann chun tairbhe dóibh siúd is leochailí ó thaobh thionchair an athraithe aeráide de agus gur cheart measúnú tionchair um chearta an duine a dhéanamh ar thionscadail a mhaoinítear faoin SDM, gan ach tionscadail a bhfuil tionchar dearfach acu a bheith incháilithe don chlárú;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún critéir do dheontais AE a dhréachtadh a chuirfeadh ar chumas eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, a bheadh as an áireamh sa ghnáthshlí maidir le cistiú i ngeall ar a méid, rochtain níos ionchuimsithí a fháil ar chistí;

50.  á chur i bhfáth, chun cuntasacht a áirithiú do na gníomhaithe uile, go gcaithfidh sásraí nua amhail SDM beartais choimirce institiúideacha agus sásraí casaoide a chomhtháthú chun cosaint éifeachtach na gceart a ráthú;

51.  á iarraidh ar Rúnaíocht UNFCCC, i gcomhar leis na páirtithe sa Choinbhinsiún, creat coiteann dlíthiúil a fhorbairt don cheartas aeráide;

52.  á chur i bhfáth gur cheart an t-athbhreithniú domhanda dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo chearta an duine agus prionsabail eile a chomhtháthú sa ghníomhú ar son na haeráide; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí ann deiseanna don tsochaí shibhialta agus d’eagraíochtaí idir-rialtasacha a n-ionchur a chur ar fáil; á mheas gur cheart go gcuideodh an measúnú ar chur chun feidhme Chomhaontú Pháras le dea-chleachtais agus bacainní maidir lena chur chun feidhme a shainaithint, chomh maith le bonn eolais a chur ar fáil do NDCanna agus do chomhar idirnáisiúnta amach anseo

53.  á chur i bhfáth gur cheart go ráthófaí rannpháirtíocht shaor, ghníomhach, fhóinteach agus fheasach leis na gníomhaíochtaí éifeachtacha aeráide uile bunaithe ar chearta an duine; á mholadh gur cheart go mbeadh pleananna maolaithe agus oiriúnaithe ar fáil don phobal, go ndéanfaí iad a mhaoiniú ar bhealach trédhearcach agus go bhforbrófaí iad le grúpaí a bhfuil difear á dhéanamh dóibh nó grúpaí a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, go háirithe na grúpaí is leochailí;

54.  á chur i bhfios go láidir nach féidir le tíortha i mbéal forbartha déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide as a stuaim féin agus gur minic iad ag brath ar chúnamh idirnáisiúnta i ndáil lena gcumas bainistithe géarchéime agus a gcumas oiriúnú don athrú aeráide agus beart a dhéanamh roimhe;

55.  á chur i bhfios go láidir gurb é a tuairim nach féidir le dlíthe agus institiúidí um chearta an duine, ar dlíthe agus institiúidí iad a úsáidtear go coitianta chun an bhearna chuntasachta rialachais a líonadh, dul in ionad bearta éifeachtacha chun an díobháil a dhéanann an t-athrú aeráide a chosc agus a leigheas; á mheas go bhféadfadh ról éifeachtach a bheith ag na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRInna) agus ag an tsochaí shibhialta i sásraí náisiúnta cuntasachta agus maoirseachta a cheaptar chun rochtain ar leigheas a áirithiú dóibh siúd a bhíonn thíos leis an dochar a dhéantar do chearta an duine mar thoradh ar an athrú aeráide;

56.  á chreidiúint nach mór do AE ról ceannaireachta gníomhach, láidir agus uaillmhianach a bheith aige sna hullmhúcháin don 26ú ceann de Chomhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26), agus prionsabail um chearta an duine á gcur san áireamh i gcroílár ceaptha beartas idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide chun damáiste do na glúine agus don fhorbairt dhaonna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a sheachaint;

57.  ag aithint ról gníomhach agus rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus cosantóirí comhshaoil, i gcuir chuige bunaithe ar chearta an duine maidir le gníomhú ar son na haeráide a mholadh agus á iarraidh ar AE tacú leis na gníomhaíochtaí sin; á chur i bhfáth gur gá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa chreat trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 13 de Chomhaontú Pháras a ráthú;

58.  ag tabhairt dá haire togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin, leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006(10) (Rialachán Aarhus mar a thugtar air), rud a d’fheabhsódh cur chun feidhme Chomhdháil Aarhus ar leibhéal an Aontais; ag spreagadh na mBallstát thairis sin chun a áirithiú go ndéanfar trasuí leordhóthanach ar ghníomhartha reachtaíochta ábhartha an Aontais (e.g. Treoir 2011/92/AE(11)) agus forálacha a bhfuil ceangal dlí idirnáisiúnta ag baint leo (Comhdháil Aarhus) ina n-orduithe dlíthiúla chun rochtain ionchuimsitheach ar fhaisnéis, ar rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a ráthú;

59.  á chur i bhfáth go bhfuil gníomhaíochtaí na ngníomhaithe comhshaoil ag teacht go hiomlán leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gur cheart cur chun feidhme córasach na spriocanna sin a shaothrú go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta;

60.  á mheabhrú go gceanglaítear ar na Ballstáit corparáidí a rialú chun a áirithiú nach cúis iad le sáruithe ar chearta an duine agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar ghníomhaithe príobháideacha agus corparáideacha aghaidh a thabhairt ar impleachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine, i gcomhréir le Prionsabail Threoracha NA maidir le Gnó agus Cearta an Duine;

61.  ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát a bheith gníomhach i ndearadh, i mbunú agus i gcur chun cinn coimircí agus próiseas cuntasachta laistigh de na comhlachtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta chun a áirithiú, i ndáil leis na hathruithe struchtúracha a dhéantar chun an laghdú suntasach ar astaíochtaí faoi 2030 a bhaint amach, mar a leagtar amach i mbeartais aeráide, go ndéanfar iad a dhearadh agus a chur chun feidhme agus go ndéanfar faireachán orthu ar bhealach lena gcosnófar cearta na ndaoine agus na bpobal lena mbaineann, lena n-áirítear an ceart chun oibre agus chun dálaí oibre córa agus cothroma a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh an t-aistriú glas cóir agus nach bhfágfaí éinne ar lár;

62.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach atá inbhuanaithe agus cuntasach mar bhealaí suntasacha agus riachtanacha chun diansáruithe ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc agus chun cosaint a thabhairt ina gcoinne; á iarraidh ar AE tacú le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus cuntasach mar ghné thábhachtach den Chomhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh ar na Ballstáit bearta rialála éifeachtacha a chur chun feidhme chun sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó sáruithe iarbhír ar chearta an duine a shainaithint, chun measúnú a dhéanamh orthu, chun iad a chosc, a stopadh agus a mhaolú, chun faireachán a dhéanamh orthu, chun iad a chur in iúl agus a chur san áireamh, agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus iad a leigheas, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí díchill chuí i ndáil le tionchar an athraithe aeráide ar chearta an duine, i gcomhréir le Prionsabail Threoracha NA maidir le Gnó agus Cearta an Duine;

63.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra reachtach a fhorbairt maidir le cearta an duine agus dícheall cuí corparáideach comhshaoil do chuideachtaí ar fud a slabhraí soláthair; ag moladh gur cheart go dtacódh an togra reachtach seo le forbairt comh-mhodheolaíochtaí tomhais tionchair maidir le tionchair ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide agus go n-éascódh sé an fhorbairt sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhairliúchán agus cumarsáid éifeachtach, fhóinteach agus fheasach leis na geallsealbhóirí uile a ndearnadh difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear cosantóirí comhshaoil; ag tathant ar AE tacú leis an gcaibidlíocht leanúnach le haghaidh conradh ceangailteach de chuid NA maidir le gnó agus cearta an duine chun gníomhaíochtaí corparáidí trasnáisiúnta agus fiontar gnó eile a rialáil, agus páirt éifeachtach a ghlacadh sa chaibidlíocht sin freisin; á mheas nach mór d’ionstraim den sórt sin gníomhaithe agus infheisteoirí corparáideacha a spreagadh chun a gcuid freagrachtaí a ghlacadh chucu féin maidir le ceart an duine chun comhshaol folláin; á mheas nach mór go n-áireofar in aon ionstraim den sórt sin forálacha daingne maidir le cosaint an chomhshaoil agus go spreagfar gníomhaithe corparáideacha mar aon le hinstitiúidí airgeadais, ach freisin institiúidí réigiúnacha infheistíochta nó forbartha, chun a gcuid freagrachtaí a ghlacadh chucu féin maidir le ceart an duine chun timpeallacht fholláin;

64.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an t-éilliú a chomhrac ar an leibhéal domhanda toisc go ndéanann sé dochar do theachtadh chearta an duine agus go mbaineann iarmhairtí diúltacha ar leith leis do na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste, is imeallaithe agus is leochailí sa tsochaí, amhail mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, bochta, pobail dhúchasacha nó daoine ar de mhionlaigh iad, inter alia trí rochtain chomhionann ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear talamh, a chosc orthu;

65.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar SEGS coireanna a bhaineann leis an éilliú a chur san áireamh i measc na ngníomhartha is inphionóis faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, nó Gníomh Eorpach Magnitsky mar a thugtar air, agus a áirithiú go nglacfar agus go gcuirfear chun feidhme go pras é;

66.  á chreidiúint gur cheart gur deis a bheadh san athbhreithniú reatha ar bheartas trádála AE chun cosaint chearta an duine sa bheartas trádála a athshainiú, a chur chun cinn agus a threisiú; á chur i bhfáth nach mór na caibidlí a bhaineann le comhaontuithe trádála a bheidh ann amach anseo a chumhdach leis na sásraí um réiteach díospóidí sna comhaontuithe sin;

o
o   o

67.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, an Coimisiún, Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, rialtais agus parlaimintí na mBallstát, Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, an tUachtarán ar an 74ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Uachtarán Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cinn Toscaireachta de chuid AE.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0015.
(2) IO C 337, 20.9.2018, lch. 82.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(4) IO C 118, 8.4.2020, lch. 15.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(6) Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) Coinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, 25 Meitheamh 1998.
(7) Comhaontú Réigiúnach maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Ceartas i gCúrsaí Comhshaoil i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, 4 Márta 2018.
(8) Meicníocht Neamhspleách Cuntasachta Tionscadal ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus Sásra Gearán Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
(9) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
(11) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 21 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais