Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Fiscalis’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 (06116/1/2021 – C9-0179/2021 – 2018/0233(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06116/1/2021‑C9-0179/2021),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0443),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0167/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. á thabhairt dá haire gur mór ag an bParlaimint an ráiteas ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo agus go raibh sé ríthábhachtach chun teacht ar chomhaontú críochnaitheach;
3. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
4. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
6. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Tugann an Chomhairle dá haire gur mian leis an bParlaimint tuilleadh trédhearcachta a bhaint amach maidir le chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse an chomhraic i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. I gcomhthéacs chreat dlíthiúil na gConarthaí lena rialaítear an caidreamh idirinstitiúideach, aithníonn an Chomhairle an breisluach a bhaineann le malartuithe bliantúla tuairimí a thionól le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún maidir leis na ceachtanna atá foghlamtha ón gClár ‘Fiscalis’, i bhfianaise na dtuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún ar dhul chun cinn.