Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2039(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0061/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0061/2021

Díospóireachtaí :

PV 17/05/2021 - 19
CRE 17/05/2021 - 19

Vótaí :

PV 20/05/2021 - 4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0248

Téacsanna atá glactha
PDF 189kWORD 68k
Déardaoin, 20 Bealtaine 2021 - Brussels
Treochtaí déimeagrafacha i réigiúin an AE a aisiompú ag úsáid ionstraimí beartais comhtháthaithe
P9_TA(2021)0248A9-0061/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin AE a bhaineann úsáid as ionstraimí beartais chomhtháthaithe (2020/2039(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do shaorghluaiseacht oibrithe, a ráthaítear le hAirteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 174 de CFAE maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú,

–  ag féachaint d’Airteagal 107(3)(c) de CFAE, lenar féidir cúnamh a úsáid chun forbairt limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, ar choinníoll nach ndéanann an cúnamh sin difear suntasach don iomaíocht (réigiúin ‘catagóir c’),

–  ag féachaint d’Airteagal 349 CFAE maidir leis na Réigiúin is Forimeallaí,

–  ag féachaint d’Airteagail 9, 46, 47, 48 agus 147 de CFAE maidir le gnéithe éagsúla den obair agus den fhostaíocht san Aontas,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe prionsabail 2, 3 agus 20,

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (COM(2018)0375), agus go háirithe Caibidil II de maidir le forbairt críochach,

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, COM(2020)0408,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach: an 7ú tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2017 maidir le hionstraimí beartais chomhtháthaithe a imscaradh de réir réigiún chun aghaidh a thabhairt ar athrú déimeagrafach(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Samhain 2011 maidir le hathrú déimeagrafach agus a iarmhairtí do bheartas comhtháthaithe AE a bheidh ann amach anseo(3),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe(4),

–  ag féachaint d’Airteagal 20 de CFAE, do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011(5) agus do Threoir 2004/38/CE(6) maidir le saorghluaiseacht oibrithe agus a dteaghlach laistigh den Aontas,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 maidir le tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 27 Iúil 2020 dar teideal Rural development: long-term vision for rural areas [Forbairt tuaithe: fís fhadtéarmach le haghaidh ceantair thuaithe](7),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Demographic Challenges – the Way Ahead [Dúshláin Dhéimeagrafacha – an Bealach Chun Cinn], arna ghlacadh an 8 Meitheamh 2020,

–  ag féachaint don Pháipéar Uaine dar teideal Ageing: Fostering solidarity and responsibility between generations [Dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúnta] arna thíolaic ag an gCoimisiún an 27 Eanáir 2021,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 16 Samhain 2020 dar teideal Demographic change in Europe: Green Paper on ageing [Athrú déimeagrafach san Eoraip: Páipéar Uaine maidir le haosú](8),

–  ag féachaint don tuarascáil ón nGréasán Faire Eorpach um Fhorbairt Chríochach agus um Chomhtháthú Críochach (ESPON) i mí na Nollag 2017 maidir le tíreolaíocht dinimicí nua fostaíochta san Eoraip,

–  ag féachaint do nóta beartais EPSON ó mhí an Mheithimh 2019 dar teideal Addressing labour migration challenges in Europe: An enhanced functional approach [Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le himirce lucht saothair san Eoraip: Cur chuige feidhmiúil feabhsaithe],

–  ag féachaint don tuarascáil ar Ionchais Daonra an Domhain 2019 ó Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe, an Roinn Daonra,

–  ag féachaint don Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir le Tionchar an Athraithe Dhéimeagrafaigh an 17 Meitheamh 2020(9),

–  ag féachaint don Innéacs Eorpach um Iomaíochas Réigiúnach 2019,

–  ag féachaint do pháipéar ECFE maidir le hOiriúnú don Athrú Déimeagrafach, a ullmhaíodh don chéad chruinniú de Mheitheal Fostaíochta G20 a tionóladh faoi Uachtaránacht G20 na Seapáine, ón 25 go dtí an 27 Feabhra 2019 i dTóiceo,

–  ag féachaint do ‘spriocanna Barcelona’ ó 2002,

–  ag féachaint do thuarascáil 2016 ó Choiste na Réigiún ar thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh ar réigiúin na hEorpa,

–  ag féachaint do thuarascáil 2018 ó Choiste na Réigiún dar teideal Addressing brain drain: The local and regional dimension [Aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte: an ghné áitiúil agus réigiúnach],

–  ag féachaint don Tuairim ó Choiste na Réigiún dar teideal Demographic Change: Proposals on Measuring and Tackling its Negative Effects in the EU Regions [Athrú Déimeagrafach: Tograí maidir lena Éifeachtaí Diúltacha i Réigiúin AE a Thomhas agus Dul i nGleic leo] an 12 go 14 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint d’Fhís Fhadtéarmach an Choimisiúin le haghaidh Ceantair Thuaithe, atá á hullmhú faoi láthair,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún dar teideal EU Strategy for Rural Revival [Straitéis AE maidir le hAthbheochan na Tuaithe] an 8 go 10 Nollaig 2020;

–  ag féachaint don tuarascáil measúnaithe tionchair chríochaigh ó Choiste na Réigiún maidir le hathrú déimeagrafach an 30 Eanáir 2020,

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0061/2021),

A.  de bhrí go bhfuil an dáileadh daonra ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus ar leibhéal AE, chomh maith lena chobhsaíocht nó lena athrú, an-difriúil ar fud na mBallstát agus a réigiún, agus go bhfuil tionchair mhíchothroma aige ar fheiniméan an dídhaonraithe, agus ar deireadh ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais; de bhrí, de réir an Innéacs Eorpaigh um Iomaíochas Réigiúnach 2019, go bhfuil bearna idir na réigiúin chaipitil/mheitreapholaiteacha agus na ceantair níos forimeallaí, agus 78 % de dhaonra na hEorpa ina gcónaí i gceantair uirbeacha nó i gceantair uirbeacha feidhmiúla, agus iad ag baint tairbhe as seirbhísí ardchaighdeáin i réimse an fhuinnimh, an iompair agus na nascachta digití, fad is a bhíonn deacrachtaí fós ag a lán réigiúin fhorimeallacha ina leith sin; de bhrí gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe, mar phríomhfhoinse infheistíochta poiblí in AE, arb ionann é agus 8,5 % d’infheistíocht caipitil rialtais, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha sin, agus d’fhonn cothromaíocht dhéimeagrafach nádúrtha AE a chaomhnú san fhadtéarma

B.  de bhrí, chun críocha na tuarascála seo, gur réigiúin iad ‘na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce’ atá ag cailleadh ardscileanna agus inniúlachtaí (in earnáil nó i réimse amháin nó níos mó) chun tairbhe réigiún eile mar thoradh ar eisimirce bhuan thar thréimhse shonrach ama, agus go dtagraíonn ‘na réigiúin a dtéann na daoine sin atá ar imirce chucu’ do réigiúin a bhfuil ardscileanna agus inniúlachtaí á ngnóthú acu (in earnáil nó i réimse amháin nó níos mó) mar thoradh ar inimirce bhuan thar thréimhse shonrach ama;

C.  de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide, agus go háirithe ag tuillte agus tonnta teasa a bhaineann leis an bpróiseas sin, ar threochtaí déimeagrafacha freisin; de bhrí, le cur chuige comhordaithe lena gcomhtháthaítear prionsabail na hinbhuanaitheachta, an ghlasaithe agus an digitithe ar fud bheartais éagsúla AE, go bhféadfaí cuidiú freisin le treochtaí diúltacha déimeagrafacha a aisiompú;

D.  de bhrí go bhfuil comhghaolú ard idir soláthar seirbhísí sóisialta, nascacht fhisiceach agus TFC, oideachas agus deiseanna saothair ar thaobh amháin, agus an cumas daonra a choinneáil agus a mhealladh chuig ceantair áirithe ar an taobh eile; de bhrí go bhfuil bearna mhór ó thaobh sholáthar na seirbhísí sin de fós roimh go leor de réigiúin AE, lena n-áirítear ceantair thuaithe a chuimsíonn 44 % d’achar dromchla an Aontais agus réigiúin iargúlta, imeallacha, oileánacha agus shléibhtiúla, atá ag fulaingt ó thaobh cúrsaí tíreolaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha de; de bhrí go n-imrítear tionchar ar leith ar na réigiúin sin mar gheall ar dhlús daonra íseal, tréigean na tuaithe agus dídhaonrú a bhfuil tionchair dhiúltacha acu ar aosú, ar athnuachan glúine agus ar fhorbairt na talmhaíochta; de bhrí gur cheart sineirgí méadaithe le Beartas Iompair AE a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na réigiún sin ina bhfuil dlús daonra íseal agus atá á mbánú; de bhrí go bhfuil iarmhairtí tábhachtacha eacnamaíocha agus sóisialta ag an treocht reatha dhaonra AE maidir le haosú, amhail cóimheasa spleáchais níos airde, brúnna ar inbhuanaitheacht fhioscach agus slándála sóisialta, agus strus méadaithe ar an gcúram sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta;

E.  de bhrí go bhfuil saorghluaiseacht oibrithe ar cheann de ‘cheithre shaoirse’ an Aontais Eorpaigh agus an mhargaidh aonair;

F.  de bhrí, cé go bhfuil fás suntasach tagtha ar dhaonra an Aontais le fiche nó tríocha bliain anuas, go bhfuil ráta fáis ag titim anois agus go meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar an daonra san fhadtéarma; de bhrí gur tháinig laghdú nádúrtha ar dhaonra AE den chéad uair in 2015 agus níos mó básanna ná breitheanna ann; de bhrí nach raibh san Eoraip ach 6.9 % de dhaonra an domhain in 2019, agus gur lú ná 4 % de dhaonra an domhain a bheidh inti faoi 2070, agus go mbeidh laghdú mór tagtha ar an líon sin go háirithe in Oirthear agus i nDeisceart na hEorpa mar gheall ar mheascán de rátaí ísle torthúlachta sna limistéir sin agus d’imirce ghlan laistigh den Aontas ó na limistéir sin; de bhrí go leanann treochtaí déimeagrafacha fadtéarmacha i réigiúin de chuid na hEorpa de rátaí breithe níos ísle agus sochaithe atá ag dul in aois a léiriú i gcónaí, seachas i roinnt de na réigiúin is forimeallaí, agus go háirithe in Mayotte, áit ina bhfuil méadú daonra 38 % tuartha faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 2010, mar aon le méadú comhfhreagrach 26 % i gcás Ghuáin na Fraince(10);

G.  de bhrí gur cheart gnéithe déimeagrafacha a phríomhshruthú i mbeartais éagsúla, lena n-áirítear trína n-ionchorprú i dtosaíochtaí fadtéarmacha; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach sonraí staidrimh iontaofa a bhailiú agus faireachán a dhéanamh orthu agus tacú le taighde agus le malartú dea-chleachtas ar gach leibhéal chun tuiscint níos fearr ar dhúshláin dhéimeagrafacha a chothú, an tionchar a bhíonn acu ar na margaí saothair a réamh-mheas, agus réitigh nuálacha agus éifeachtacha a fhorbairt chun timpeallachtaí atá fabhrach do dhaoine scothaosta a áirithiú;

H.  de bhrí gur léiríodh go soiléir leis an ngéarchéim shláinte agus eacnamaíoch a d’eascair as paindéim COVID-19 gurb ionann an dlúthpháirtíocht idir na glúnta, mar aon le maoiniú leordhóthanach do chúram sláinte agus sóisialta agus don gheilleagar inbhuanaithe, agus fórsaí tiomána don phróiseas téarnaimh agus chun sochaithe níos cuimsithí agus níos athléimní a chruthú; de bhrí gur nochtadh le paindéim COVID-19 leochaileacht ár gcóras sláinte, go háirithe i ndáil le daonra atá ag dul in aois; de bhrí gur leag paindéim COVID-19 béim arís ar a thábhachtaí atá sé dínit daoine scothaosta agus a gcearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn san Aontas;

I.  de bhrí gur dócha go mbeidh tionchar suntasach ag géarchéim COVID-19 ar bhreith, ar rátaí báis agus ar shreabha imirce san Eoraip, ach nach eol fós iarmhairtí iomlána eacnamaíocha, fostaíochta agus sóisialta na paindéime; de bhrí nach mór anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na tionchair ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bheidh ag na bearta urghnácha, a rinneadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim, ar threochtaí déimeagrafacha, lena n-áirítear ó thaobh inscne de; de bhrí go dtugann réamhstaidéir le tuiscint go bhfuil an phaindéim tar éis géarú ar na neamhionannais atá ann cheana idir fir agus mná, lena n-áirítear méadú ar obair chúraim neamhíoctha agus ar chaillteanas post; de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag an ngéarchéim sláinte poiblí ar mhná agus ar chailíní, go háirithe ó na grúpaí is leochailí, ba cheart a chur san áireamh leis an mBeartas Comhtháthaithe, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i seirbhísí cúraim a threorú agus dálaí oibre san earnáil sin a fheabhsú, agus trí thacú leis an aistriú chuig geilleagar cúraim;

J.  de bhrí go ndearnadh taifeadadh ar ghluaiseachtaí gairmithe óga san Eoraip a bhfuil oideachas orthu ó dheisceart agus oirthear na hEorpa go hiarthuaisceart na hEorpa ó thús na géarchéime eacnamaíche in 2008; de bhrí go bhfuil comhghaolú ard idir dálaí socheacnamaíocha réigiúin agus dinimic imirce / inimirce daoine oilte sa réigiún sin; de bhrí go mbeidh ar na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce agus ar na réigiúin a dtéann na daoine sin atá ar imirce chucu oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os a gcomhair agus chun cuir chuige chomhtháite a úsáid chun beartais fhadtéarmacha a fhorbairt arb é is aidhm dóibh cáilíocht saoil an daonra a uasmhéadú;

K.  de bhrí gurb iad an nuálaíocht agus an infheistíocht i gcaipiteal daonna is mó a spreagann fás socheacnamaíoch agus fostaíochta do na Ballstáit agus dá réigiúin sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

Saintréithe reatha agus dúshláin a bhaineann le hathrú déimeagrafach in AE

Breithnithe ginearálta

1.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil na ceithre shaoirse mar bhunchloch ag iomaíochas agus luachanna AE; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur cheart aird níos mó a thabhairt ar a n-éifeachtaí ar threochtaí déimeagrafacha, agus ar na himpleachtaí gaolmhara ar an gcothromaíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh, agus maidir lena gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshlán mór déimeagrafach roimh AE, ar dúshlán é nach mór aitheantas a thabhairt dó agus aghaidh a thabhairt air ar bhealach iomlánaíoch, d’ainneoin na dtionchar éagsúil ar fud na réigiún, chun an chothromaíocht nádúrtha dhiúltach dhéimeagrafach le blianta beaga anuas a cheartú; de bhrí gur cheart go mbeadh aisiompú na dtreochtaí diúltacha déimeagrafacha atá ann faoi láthair ar chríocha na hEorpa, trí bhearta lena dtugtar aghaidh ar an gcúis atá leo agus ní díreach ar a n-iarmhairt, mar thosaíocht ag an Aontas Eorpach, i dteannta an déchuspóra atá ann dlús a chur leis an athrú aeráide agus leis an aistriú digiteach;

2.  ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go mbaineann codarsnacht shuntasach dhéimeagrafach le deiseanna eacnamaíocha éagsúla, le soláthar seirbhísí, leis an inrochtaineacht, leis an iompar agus leis an nascacht dhigiteach, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát idir croí-réigiúin mheitreapholaiteacha agus an forimeall; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, nach mbeidh an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) éifeachtach ach amháin má bhíonn bonneagair iompair áitiúil ag feidhmiú go héifeachtach; á chur i bhfáth go bhfuil na héagothromaíochtaí sin le feiceáil go háirithe i gceantair thuaithe nó sna ceantair sin a bhfuil srianta nádúrtha nó sonracha ag bagairt orthu, amhail réigiúin ina bhfuil líon beag daoine agus réigiúin shléibhtiúla, agus freisin idir an mhórthír agus na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí; á athdhearbhú go bhfuil iompar neamh-mhinic a bhíonn costasach go minic mar shaintréith den inrochtaineacht ar fhormhór na n-oileán agus i bhformhór na réigiún is forimeallaí;

3.  ag tabhairt dá haire go bhfuil OTI per capita, leibhéil ioncaim, rátaí fostaíochta, rátaí torthúlachta, tosca socheacnamaíocha, an deighilt uirbeach/tuaithe agus aosú an daonra ar na tosca is tábhachtaí a bhfuil tionchar díreach acu ar chúrsaí déimeagrafacha; ag tabhairt dá haire gurb í an dinimic fostaíochta faoi láthair is cúis le sreafaí déimeagrafacha laistigh de réigiúin AE as a dtagann éagothromaíochtaí agus dúshláin shoch-spásúla nach mór aghaidh a thabhairt orthu faoi scáth an bheartais chomhtháthaithe tar éis 2020; á chur i bhfios go láidir gurb iad na hoibrithe óga, oilte a bhfuil oideachas orthu is mó a bhaineann le patrúin imirce ó réigiúin an oirthir, an deiscirt agus an láir go réigiúin an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt; ag tabhairt dá haire go raibh an tAontas in ann caillteanas daonra a sheachaint le blianta beaga anuas de bharr imirce saoránaigh nach saoránaigh AE iad;

4.  á chur i bhfios gur follasach go bhfuil an daonra ag dul in aois san Eoraip agus go bhfuil ag laghdú ar rátaí breithe ann, agus go bhfuil tionchar aige sin ar an gcóimheas cleithiúnais agus go bhfuil éifeachtaí diúltacha aige ar fhás an lucht saothair, ráta atá go mór chun deiridh an ráta a bhí ann le deich mbliana anuas; ag tabhairt rabhadh faoi laghdú sofheicthe ar an lucht saothair i réigiúin oirthear, dheisceart agus lár na hEorpa; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar ag aosú an daonra freisin ar phleanáil tithíochta agus iompair, ar riachtanais bhonneagair agus seirbhíse, agus ar inbhuanaitheacht fhioscach agus slándála sóisialta; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le beartais maidir le haosú gníomhach chun gné dhiúltach na n-athruithe déimeagrafacha a laghdú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, agus chun leibhéal leordhóthanach cáilíochta beatha a áirithiú do gach áitritheoir;

5.  ag cur béim ar ghéarchéim shláinte COVID-19 a leanann i gcónaí agus na himpleachtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann do dhinimic mhargadh an tsaothair; á chur in iúl gur oth léi, ina theannta sin, go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar an meánionchas saoil san Eoraip; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar sofheicthe ag bearta féinleithlisithe agus bearta scartha shóisialta, d’ainneoin an tionchair dhearfaigh a bhí acu maidir le rátaí ionfhabhtaithe a ísliú, ar tháirgeadh, ar éileamh agus ar thrádáil, rud a bhí ina chúis le laghdú ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus le leibhéil níos airde dífhostaíochta, le laghdú géar ar ioncaim chorparáideacha, agus le heasnaimh phoiblí níos airde; ag tabhairt dá haire mar thoradh air sin, gur féidir rabharta nua imirce ag daoine óga laistigh de na Ballstáit agus eatarthu a thuar;

6.  á chur i bhfios go láidir gur nochtadh éagothromaíochtaí suntasacha maidir le cáilíocht seirbhísí cúraim sláinte agus rochtain orthu le géarchéim COVID-19 a leanann go fóill; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur gá seirbhísí poiblí a threisiú i gceantair thuaithe, amhail saoráidí cúraim sláinte, chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí agus difríochtaí suntasacha san ionchas saoil atá bunaithe ar áit chónaithe, stádas sóisialta agus leibhéal oideachais; á mheabhrú go ndearna an phaindéim an deighilt dhigiteach a nochtadh freisin, ar deighilt í a bhfuil tionchar aici go háirithe ar dhaoine scothaosta agus orthu siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin bheagfhorbartha, i gceantair iargúlta thuaithe nó shléibhtiúla, mar aon leis na réigiúin is forimeallaí;

7.  á chur i bhfios go láidir gur tháinig dúshlán eile chun cinn de bharr na paindéime, eadhon an gá atá le dálaí maithe oibre agus maireachtála a áirithiú d’oibrithe séasúracha, atá tábhachtach chun ganntanais a líonadh in earnálacha áirithe eacnamaíocha, go háirithe in earnáil na talmhaíochta;

8.  á chur i bhfáth gur dúshlán ann féin é an ghné a bhaineann leis an bpróiseas dídhaonraithe a dhéanamh amach, ós rud é nach gcuirtear sonraí cruinne ar fáil sna taifid staidrimh, toisc nach mbíonn fáil ar fhigiúirí maidir le daoine a fhágann ceantair áirithe ach amháin tar éis moilleanna a mhaireann blianta fada; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go léirítear i réamhaisnéisí daonra Eurostat do na chéad deich mbliana eile go bhféadfadh sé go mbeadh ar réigiúin tuaithe agus uirbeacha dul i ngleic le caillteanais daonra; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé meastóireacht cheart a dhéanamh ar an ngné a bhaineann le dúshláin dhéimeagrafacha agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach leordhóthanach, chun cur i gcoinne an radacaithe agus na ngluaiseachtaí atá i gcoinne phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa agus chun feabhas a chur ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach freisin; á mholadh go bhféachfaí an bhféadfaí táscairí breise, seachas OTI agus dlús daonra, a úsáid chun críocha atá faoi mhíbhuntáistí tromchúiseacha buana a aicmiú; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sonraí nuashonraithe déimeagrafacha staidrimh, arna n-imdhealú ar a laghad ar leibhéal NUTS 3, chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an tionchar atá ag treochtaí déimeagrafacha ar na críocha agus chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt orthu le gníomhaíochtaí níos éifeachtaí agus níos dírithe; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh chun an cumas bailithe sonraí a nuachóiriú le haghaidh éabhlóidí déimeagrafacha ar leibhéil éagsúla NUTS;

Gnéithe réigiúnacha agus áitiúla

Na réigiúin as a dtagann na daoine sin

9.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ceantair agus bailte tuaithe agus iarthionsclaíocha i gcoitinne, atá tearcfhorbartha i gcomparáid le mórlimistéir mheitreapholaiteacha, agus críocha iargúlta, lena n-áirítear oileáin agus formhór na réigiún is forimeallaí, thíos le roinnt cásanna sonracha áirithe: laghdú suntasach ar an daonra, mar thoradh ar rátaí breithe freisin, leibhéil ioncaim atá níos ísle ná na meánleibhéil ioncaim náisiúnta nó meánleibhéil ioncaim AE agus deacrachtaí maidir le hiomláine chríochach le réigiúin eile, rud a fhágann gur mó an baol go dtarlódh dídhaonrú iontu; á chur i bhfáth go mbíonn deacrachtaí ann maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí, amhail tithíocht, oideachas agus cúram sláinte, lena n-áirítear rochtain ar dhrugaí ríthábhachtacha, mar thoradh ar an gcás sin; ag tabhairt le fios gurb ionann réigiúin tuaithe agus 28 % de dhaonra na hEorpa faoi láthair ach go meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach air sin amach anseo; á thabhairt chun suntais gur cheart tionscnaimh AE atá dírithe ar cheantair thuaithe, amhail beartais chomhtháthaithe agus talmhaíochta, a neartú tuilleadh trí chomhordú níos fearr a chur chun cinn maidir le tionscnaimh bheartais lena bhfeabhsaítear fostaíocht don aos óg, fiontraíocht, digitiú agus tacaíocht d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoirí nua; á chur in iúl, i ndáil leis an méid sin, gur geal léi rún an Choimisiúin dlús a chur le feidhmiú céimneach an bhonneagair leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta i gcríocha inar tearc an daonra agus i gcríocha tuaithe, agus á mheas gur deis é feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, agus deiseanna oideachais, cruthú post, nuálaíocht, inrochtaineacht níos fearr ar sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí poiblí eile, oiriúnú don athrú teicneolaíoch agus forbairt ionad cultúrtha agus gníomhaíochtaí fóillíochta a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil mná i gceantair thuaithe ríthábhachtach chun na pobail sin a fhorbairt, agus go laghdófaí go mór baol an dídhaonraithe dá dtabharfaí aitheantas níos fearr d’obair agus do chearta na mban i margadh saothair na tuaithe; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát straitéisí sonracha a chruthú chun cumhachtú na mban i gceantair thuaithe a chur chun cinn; ag spreagadh go ndéanfaí sonraí a bhailiú atá imdhealaithe ó thaobh inscne de chun aon neamhionannais inscne atá ann faoi láthair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;

10.  ag tarraingt aird ar chuid de na nithe is cúis leis an athrú déimeagrafach, a chuireann iallach ar áitritheoirí ó na ceantair thuasluaite réigiún a fhágáil agus a dhíspreagann daoine eile bogadh ann: droch-bhonneagar, lena n-áirítear easpa idirlín leathanbhanda tapa agus easpa líonraí iompair, ardleibhéil dífhostaíochta i measc an aosa óig, níos lú deiseanna fostaíochta, go háirithe i bpoist lena n-éilítear ardoideachas, agus freisin do mhná i gcoitinne, easpa seirbhísí poiblí agus príobháideacha, deacrachtaí rochtana ar sheirbhísí sláinte, níos lú deiseanna oideachais, fóntais agus seirbhíse sóisialta, rud a fhágann gur deacra dul in oiriúint don athrú teicneolaíoch, agus easpa ionad cultúrtha agus gníomhaíochtaí fóillíochta; á mheabhrú , ina theannta sin, go mbíonn tionchar ag an athrú aeráide agus ag na guaiseacha nádúrtha a bhaineann leis ar an dídhaonrú, amhail diantonnta teasa as a n-eascraíonn fairsingiú fásaigh i limistéir áirithe sa deisceart;

11.  á chur i bhfáth i ngeall ar an easpa éagsúlaithe sin i struchtúr eacnamaíoch réigiúnach de réigiúin áirithe, go bhfuil an baol ann go mbeidh ‘lipéad’ diúltach le sonrú sna réigiúin sin, lena n-áirítear i measc áitritheoirí na réigiún sin a d’fhéadfadh a míshástacht leis an gcáilíocht saoil agus leis na saoráidí agus na seirbhísí atá ar fáil dóibh a chur in iúl; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i ndáil leis an méid sin, ‘leagan amach tíreolaíoch na míshástachta’ atá ag teacht chun cinn in go leor réigiún AE ina mbraitheann daoine go bhfuil siad fágtha ar lár, agus a bhfuil dlúthbhaint aige leis an athrú déimeagrafach; ag cur béim sa chomhthéacs sin ar dhaoine oilte ag dul ar imirce, rud is cúis le heisimirce daoine ardoilte agus daoine ardcháilithe ó réigiún nó ó thír ar leith go ceann eile; á chur i bhfios, go háirithe, gur tháinig meath ar cháilíocht an chúraim leighis agus an oideachais mar gheall ar ‘thréigean’ na foirne leighis amhail dochtúirí agus altraí agus foireann teagaisc, a chuaigh in olcas mar thoradh ar chiorruithe suntasacha le blianta beaga anuas ar an maoiniú poiblí ar chúram sláinte agus sóisialta, rud a fhágann gur deacair, go háirithe i gceantair iargúlta thuaithe agus sna réigiúin is forimeallaí, rochtain a fháil ar chúram agus oideachas ar ardchaighdeán;

12.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil limistéir uirbeacha neamhchosanta ar an dídhaonrú freisin, ós rud é gur tharla caillteanas daonra i gcathair amháin as gach cúig chathair san Eoraip ó 1990 i leith; ag tabhairt dá haire, áfach, nach próiseas leanúnach líneach é crapadh daonra uirbigh i gcónaí agus gur féidir leis a bheith ina phróiseas a tharlaíonn ó am go chéile nó go sealadach, ag brath ar an gcomhthéacs críochach;

13.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil patrún ‘forimeallaithe inmheánaigh’ ann, sa mhéid is go dtuairiscíonn réigiúin i lár, in oirthear agus i ndeisceart na hEorpa ráta glanimirce atá diúltach den chuid is mó, agus go dtuairiscíonn réigiúin thuaisceart agus iarthar na hEorpa ráta atá dearfach den chuid is mó, a dtéann líon mór imirceach eacnamaíoch chucu; á mheas go gcuirtear leis na héagothromaíochtaí sin i gceantair thuaithe ina gcaithfidh an beartas comhtháthaithe agus acmhainní CBT díriú ar bhealach níos cinntithí ar an nuálaíocht chun daoine óga a spreagadh chun dul leis an bhfeirmeoireacht, agus freisin ar an digitiú, ar shoghluaisteacht tuaithe agus ar fhorbairt bailte cliste, agus ar chabhrú le feirmeacha teaghlaigh leas a bhaint as an nuálaíocht agus as teicneolaíochtaí nua;

Na réigiúin a dtéann na daoine sin ar imirce chucu

14.  ag aithint go mbaineann ráta imirce dearfach le ceantair mheitreapholaiteacha timpeall ar mhórchathracha, a bhfuil sainghluaiseachtaí daonra tuaithe-uirbeach ag gabháil leo, mar thoradh ar chomhchruinniú níos uirbithe i bpatrúin fáis fostaíochta;

15.  ag tabhairt dá haire freisin, maidir le réigiúin ina bhfuil sciar ard de dhaoine a bhfuil ardleibhéil oideachais acu agus ina gcuirtear níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil ardleibhéil fostaíochta acu, gur lú seans go mbeidh na réigiúin sin neamhchosanta ar an dídhaonrú;

16.  á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn earnálacha an gheilleagair eolais le forbairt réigiúnach, lena gcuirtear ardleibhéil caipitil shóisialta, líonraí agus teicneolaíochta ar fáil; ag aithint gur gnách le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nuálacha a bheith lonnaithe i réigiúin atá níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de ina mbíonn teacht níos éasca ar cheirtleáin leormhaithe de ghnólachtaí ‘cliste’;

17.  á chur i bhfios go láidir, ar an taobh eile, go bhfuil fo-éifeachtaí diúltacha ann cheana féin mar thoradh ar ró-chomhchruinniú an daonra i gceantair uirbeacha áirithe, amhail brú tráchta, costais mhéadaitheacha tithíochta agus iompair, truailliú, infhaighteacht neamhleor uisce, fadhbanna diúscartha dramhaíola, tomhaltas ard fuinnimh, meath ar cháilíocht na beatha, agus sraoilleáil uirbeach, chomh maith le riosca suntasach bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, agus neamhchinnteacht do chodanna áirithe den daonra; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach bhfuil na húdaráis áitiúla in ann seirbhísí a sholáthar do gach cónaitheoir i gceantair uirbeacha mar thoradh ar na héifeachtaí diúltacha sin; ag tabhairt rabhadh faoi chuid de na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag ard-chomhchruinniú an daonra i gceantair uirbeacha ar an tsláinte phoiblí, arna dtabhairt chun suntais ag COVID-19;

18.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar díreach ag an imirce ar chuimsitheacht cathracha, dá dteastaíonn freagairtí saincheaptha beartais agus bearta tacaíochta i gcomhthéacsanna críochacha éagsúla; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur mó a rannchuidíonn imircigh eacnamaíocha ó thaobh cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta de ná mar a fhaigheann siad ó thaobh sochair aonair de; á thabhairt chun suntais gur gá beartais maidir le cuimsiú a neartú agus tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis an méid sin;

Freagairtí saincheaptha: teacht ar réitigh ar dhúshlán an mheatha dhéimeagrafaigh

19.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscnaimh reatha amhail an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach maidir le hAosú Gníomhach Folláin, Maireachtáil Chuidithe Chomhthimpeallach agus na Pobail Eolais agus Nuálaíochta um Dhigitiú agus um Shláinte de chuid EIT; á iarraidh ar an gCoimisiún na réitigh arna bhforbairt ag na tionscnaimh sin cheana féin chun freastal ar an athrú déimeagrafach a chur san áireamh agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha atá os comhair na réigiún Eorpach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Creat Eorpach um Cháilíochtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil mar bhealach le tacú leis an oideachas agus leis an oiliúint i gceantair atá i mbaol an dídhaonraithe;

20.  á chur i bhfáth go bhfuil údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, comhlachais ghairmiúla agus ENRanna ríthábhachtach chun riachtanais shonracha infheistíochta a shainaithint agus a mheas i gceantair thuaithe agus uirbeacha le haghaidh soghluaisteachta, inrochtaineachta críche agus seirbhísí bunúsacha, agus, dá bhrí sin, chun leas a bhaint as acmhainneacht na gceantar lena mbaineann, lena n-áirítear treochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus déimeagrafacha; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh ról cinntitheach acu mar rannpháirtithe gníomhacha maidir le straitéisí críochacha, a eascraíonn as pobail áitiúla, a fhorbairt; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé freagairt bhuiséadach shonrach a áireamh, nuair is féidir, chun treochtaí déimeagrafacha i gcláir ábhartha AE a aisiompú, agus a thábhachtaí atá sé measúnuithe tionchair a dhéanamh ar bheartais phoiblí maidir leis an déimeagrafaíocht; á chur i bhfios go bhféadfadh cur chuige críochach maidir le hionstraimí AE, amhail forbairt uirbeach inbhuanaithe, straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite (ICCanna) a bheith úsáideach, ar féidir iad a úsáid chun poist a chothabháil agus a chruthú, chun tarraingteacht an réigiúin a fheabhsú, agus chun inrochtaineacht ar sheirbhísí ar an leibhéal áitiúil a mhéadú; á aithint go mbaineann acmhainneacht mhór leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar chun na ceantair sin a athbheochan, agus á iarraidh go dtabharfar cúnamh teicniúil saincheaptha d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na straitéisí sin á gceapadh agus á gcur chun feidhme, lena n-áirítear trí mhodhanna rannpháirtíochta a úsáid a mbeadh na geallsealbhóirí áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta páirteach iontu;

21.  á chur i bhfios gur gá clár oibre tuaithe Eorpach a fhorbairt lena ndíreofar ar inrochtaineacht, tarraingteacht agus forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe agus iargúlta a fheabhsú ionas go mbeidh tionchar dearfach aige ar fheidhmiú rianúil an tslabhra soláthair agus an mhargaidh inmheánaigh; ag tabhairt dá haire gur féidir inrochtaineacht agus tarraingteacht na gceantar sin a fheabhsú trí rochtain ar chaipiteal d’fhiontraithe agus do FBManna agus trí infheistíochtaí in éiceachórais nuálaíochta chun tacú le táirgeadh eolais agus le scaipeadh teicneolaíoch, agus trí sheirbhísí poiblí agus riachtanacha ardcháilíochta a chur ar fáil mar aon le digitiú, lena n-áirítear do ghnólachtaí beaga, nuálaíocht dhigiteach agus nascacht dhigiteach agus seirbhísí iompair ar ardchaighdeán; á chreidiúint gur cheart d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha soláthairtí leordhóthanach seirbhísí a shainaithint, ar an mbealach is éifeachtúla is féidir agus gur cheart an coincheap ‘díonadh tuaithe’ a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha ceantar tuaithe agus iargúlta agus béim á leagan ar chur chun feidhme beartas agus ar réitigh leordhóthanacha a chur ar fáil;

22.  á athdhearbhú gur féidir le líonraí iompair ról cinntitheach a bheith acu maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach agus stop a chur leis an dídhaonrú trí nascacht tuaithe/uirbeach a neartú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí a dhéanamh san iompar poiblí agus i seirbhísí eile soghluaisteachta i gceantair thuaithe; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar bhonneagar iompair lena n-áirítear trí na naisc iompair atá ann cheana a chothabháil agus a athbheochan agus naisc chuig TEN-T a sholáthar, ar naisc iad a bhfuil tábhacht ar leith leo i réigiúin tuaithe, imeallacha agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, trí thacú leis an aistriú chuig líonraí iompair inbhuanaithe agus chliste agus trí idir-inoibritheacht i gcórais iompair a neartú mar chuid den Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste;

23.  á mheas go bhféadfadh ról an-tábhachtach a bheith ag an turasóireacht tuaithe inbhuanaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar an dídhaonrú agus chun dlús a chur le cruthú post agus le héagsúlú eacnamaíoch agus déimeagrafach ceantar tuaithe;

24.  ag aithint nach mór riachtanais agus dúshláin na réigiún tuaithe, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an athrú aeráide, a chur san áireamh san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus na soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais; á chreidiúint, ina theannta sin, go gcumasófar leis na hinfheistíochtaí sin aistriú cóir agus cothrom i dtreo geilleagar digiteach agus córas oideachais digiteach ar líne a mbeidh rochtain ag na saoránaigh uile air, lena n-áirítear na daoine is leochailí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i ndáil leis sin, go bhfuil ról bunúsach ag an mbeartas comhtháthaithe trí infheistíochtaí i seirbhísí poiblí agus riachtanacha ar ardchaighdeán;

25.  á mheas go bhféadfadh an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, lena sainaithnítear príomhthosaíochtaí agus gníomhaíochtaí chun an cháilíocht saoil i limistéir uirbeacha a fheabhsú, cuidiú le hionstraimí cuí a mhúnlú lena gcuirtear an fás, an lánpháirtiú, an comhar agus an nuálaíocht chun cinn agus le dul i ngleic le dúshláin shóisialta; á áitiú freisin gur gá straitéisí a fhorbairt a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar an ngeilleagar eolasbhunaithe agus ar speisialtóireacht chliste i réigiúin Eorpacha, lena n-áirítear trí líonraí eolais a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’infheistíochtaí i gcaipiteal daonna; ag cur béim ar ról na gcathracha agus na réigiún i gceantair atá dídhaonraithe agus ródhaonraithe araon; á athdhearbhú gur gá tuilleadh deiseanna cistiúcháin a chur ar fáil go díreach do chathracha agus do réigiúin chun cláir a chur chun feidhme go háitiúil, agus á iarraidh go mbainfear an leas is fearr is féidir as an Tionscnamh Uirbeach Eorpach;

26.  á chur i bhfios go láidir gur cheart go rannchuideodh an beartas comhtháthaithe le mná a chomhtháthú níos fearr i bpleanáil beartais don fhorbairt réigiúnach agus uirbeach chun cathracha agus pobail inscne-chuimsitheacha a oibríonn do chách a dhearadh; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart d’infheistíochtaí faoi CSE+ infhostaitheacht na mban agus tuismitheoirí aonair atá ag streachailt chun fostaíocht a fháil a chur chun cinn, gur cheart go n-áiritheofaí leo maoiniú do shaoráidí cúraim leanaí ar phraghas réasúnta agus gur cheart go dtacóidís le teaghlaigh óga; á mheabhrú gur cheart aghaidh a thabhairt ar riachtanais leanaí atá faoi chúram duine den teaghlach nó atá ina gcónaí ina n-aonar agus tuismitheoirí ag obair thar lear trí seirbhísí comhairleoireachta, rochtain ar thithíocht, cúram sláinte agus oideachas; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá reachtaíocht atá fabhrach do theaghlaigh lena n-éascaítear cothromaíocht shásúil oibre is saoil;

27.  á chur i bhfios go láidir gur cheart d’infheistíochtaí díriú ar thacaíocht do dhaoine óga, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí leochaileacha eile agus iad ag teacht isteach sa mhargadh saothair nó ag fanacht ann agus cabhrú leo post ardcháilíochta a bheith acu, agus aird ar leith á tabhairt ar na ceantair thuaithe agus iargúlta is bánaithe; á chreidiúint gur cheart oiliúint shaincheaptha a fhiosrú freisin chun coincheap ‘gheilleagar na dea-bhaile’ a chur chun cinn, chomh maith le cuir chuige maidir le haosú sláintiúil agus gníomhach;

28.  á mheabhrú gur cheart aghaidh a thabhairt ar riachtanais mionlach eitneach sa chomhthéacs i taobh dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha;

29.  á mheabhrú go bhfuil gá le straitéisí atá dírithe ar imirce lucht oibre a aisiompú ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á iarraidh ar na húdaráis áitiúla réigiúnacha agus náisiúnta agus ar údaráis AE beartais a fhorbairt lena méadófar tarraingteacht a réigiún ó thaobh deiseanna fostaíochta de, agus dul i ngleic le himirce daoine oilte sna réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce tríd an bhfeiniméan a chosc agus a mhaolú agus trí fhreagairtí iomchuí a thabhairt air, agus úsáid á baint freisin as na modhanna a chuirtear ar fáil leis an mbeartas comhtháthaithe; á chur i bhfios go láidir sa chomhthéacs sin go bhfuil roinnt tionscnamh cheana féin i mBallstáit éagsúla, amhail dreasachtaí d’oibrithe a bhfuil scileanna an-speisialaithe acu, arb é is aidhm leo gurb ann d’inimirce daoine oilte sna réigiúin atá i gceist in áit imirce daoine oilte;

30.  á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ag géarchéim shláinte COVID-19 ar na Ballstáit agus na réigiúin uile ar leibhéil éagsúla, agus gur dócha go mbeidh treochtaí nua i sreafaí déimeagrafacha mar thoradh uirthi; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhféadfadh na hacmhainní breise le haghaidh CFRE agus CSE a chuirtear ar fáil trí REACT-EU, cé nach bhfuil ann ach ionstraim shealadach, lena bhféachtar le téarnamh fónta agus stóinsithe gheilleagar an Aontais ón ngéarchéim a áirithiú, cabhrú go mór le daoine a choinneáil i mbun fostaíochta, agus le poist nua a chruthú i gceantair atá i mbaol an dídhaonraithe, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do FBManna, do scéimeanna oibre gearr-ama agus do dhaoine féinfhostaithe; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach socruithe solúbtha oibre, lena n-áirítear teilea-obair nó obair ghearr-ama, agus á chur i bhfios go láidir nach mór an tacaíocht sin a dheonú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

31.  á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur leag an phaindéim béim ar an tábhacht a bhaineann leis an digitiú ar fud an gheilleagair chun iarmhairtí an scartha shóisialta agus na srianta saorghluaiseachta a mhaolú, agus chun faireachán sláinte nó teileachomhairliúchán a éascú agus chun seirbhísí cúraim sláinte a chur ar fáil i gceantair inar tearc an daonra nó i gceantair a bhfuil dúshláin nádúrtha nó dhéimeagrafacha rompu; á chreidiúint gur cheart leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis sin chun poist nua a chruthú i gceantair ina bhfuil an daonra ag dul in aois;

32.  á chur i bhfios go bhfuil méadú ag teacht ar scaipeadh na teilea-oibre le linn ghéarchéim COVID-19, agus á chreidiúint go bhféadfadh an teilea-obair a bheith ina huirlis úsáideach chun treochtaí dídhaonraithe i gceantair thuaithe a aisiompú, ós rud é go mbeadh daoine óga a bhfuil oideachas orthu in ann fanacht i gceantair óna n-imeoidís siad murach sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag an teilea-obair ar an tshoghluaisteacht laistigh de AE amach anseo agus ar an tarraingteacht a mheastar a bheith ag baint leis na réigiúin éagsúla;

Moltaí beartais

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a mholadh maidir leis an athrú déimeagrafach, ar straitéis í a bheidh bunaithe ar na príomhghnéithe seo a leanas: dálaí fostaíochta cuibhiúla, cothromaíocht oibre is saoil, gné chríochach na mbeartas lena gcuirtear gníomhaíocht eacnamaíoch agus fostaíocht chun cinn, soláthar leordhóthanach seirbhísí sóisialta chun leasa cách sna críocha uile, iompar poiblí áitiúil éifeachtach, agus cúram leormhaith do dhaoine cleithiúnacha agus cúram fadtéarmach, agus aird ar leith á tabhairt ar chineálacha nua oibre agus ar a dtionchar sóisialta;

34.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha cur chuige comhtháite a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha trí ionstraimí beartais chomhtháthaithe, agus ag spreagadh cur chun cinn sráidbhailte cliste agus scéimeanna dreasachta eile chun daonra a choimeád agus daoine óga a mhealladh chuig ceantair thuaithe agus fo-uirbeacha;

35.  á mheabhrú go gcuirfidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaíocht airgeadais ar mhórscála ar fáil chun go mbeidh geilleagair na mBallstát níos athléimní agus lena mbeidh sé níos ullmhaithe don todhchaí, agus á áitiú gur cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena gcúinsí sonracha, bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, go háirithe sna ceantair is leochailí, ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta; á mheas nach mór do chomhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach go gníomhach i ndréachtú na bpleananna sin, ós rud é go mbaineann tábhacht ar leith leis an réimse sin agus pleananna á measúnú, agus ina dhiaidh sin agus na Ballstáit á mbainistiú; á chreidiúint gur cheart sineirgí a fhorbairt idir an beartas comhtháthaithe agus cláir Next Generation EU chun cur chuige níos cuimsithí maidir le dúshláin dhéimeagrafacha a áirithiú;

36.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá CUAC agus a shásra cur chun feidhme, a bhfuil sé mar aidhm leo tacú leis na pobail a ndéanann an t-aistriú fuinnimh difear dóibh, rannchuidiú le deiseanna nua a chruthú do cheantair thuaithe agus iarthionsclaíocha mar aon le baol an dídhaonraithe a laghdú; á mheas gur cheart tacaíocht a thabhairt i ndáil leis sin do thionscnaimh chomhair áitiúla agus réigiúnacha;

37.  á athdhearbhú gur dúshlán bunúsach don Aontas é an t-athrú déimeagrafach, agus gur cheart tosaíocht a thabhairt dó i ndearadh agus i gcur chun feidhme clár; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sé ar cheann de na príomhchuspóirí a leagtar síos i Rialachán CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2021-2027) tacú le ceantair uirbeacha agus thuaithe atá faoi mhíbhuntáistí geografacha nó déimeagrafacha, agus go mbeidh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais AE a leithdháileadh ar thionscadail lena ndéantar forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur cheart tacaíocht ar leith a thabhairt do cheantair leibhéal NUTS 3 nó do bhraislí d’aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12.5 áitritheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh iontu nó a bhfuil meánlaghdú bliantúil 1 % ar an daonra idir 2007 agus 2017, ar cheart dóibh a bheith faoi réir beartais shonracha réigiúnacha agus náisiúnta chun nascacht fhisiceach agus TFC níos fearr a áirithiú, feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus ar cháilíocht na seirbhísí sin, fiontraíocht a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta ardcháilíochta a chruthú trí ionstraimí comhtháthaithe: á chur in iúl gur geal léi an t-airteagal nua de Rialachán CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe ina n-iarrtar go mbeadh pleananna náisiúnta ann chun tacú le limistéir réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil meath déimeagrafach leanúnach ag bagairt orthu;

38.  á iarraidh ar na Ballstáit leas níos mó a bhaint as acmhainní CSE agus CUAC agus iad a chomhcheangal le hinfheistíocht náisiúnta agus áitiúil chun dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta, leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis an díth ábhartha, chun an bhearna dhigiteach agus an t-eisiamh digiteach a chomhrac go héifeachtach, go háirithe i gceantair thuaithe agus i measc daoine óga, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, agus chun rochtain a fháil ar uirlisí agus ar chláir dhigiteacha agus ar bhonneagair chumarsáide inacmhainne; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh deiseanna inrochtana inacmhainne ann chun scileanna digiteacha a shealbhú ar bhealach atá oiriúnaithe do riachtanais daoine scothaosta; á chur i bhfios go bhfuil seans níos fearr ann go mbeidh rath ar na tionscnaimh sin nuair a bheidh siad nasctha le deiseanna le haghaidh malartú idirghlúine; á chreidiúint sa chiall sin go bhféadfaí acmhainneacht an digitithe, an róbataithe agus na hintleachta saorga a fhiosrú tuilleadh agus a chur chun cinn, mar aon le hardchaighdeáin eiticiúla a áirithiú agus cuimsiú a áirithiú ag an am céanna, chun neamhspleáchas, dálaí maireachtála agus sláinte daoine scothaosta a fheabhsú;

39.  á athdhearbhú go bhfuil gá le cuir chuige áitiúla agus chomhtháite bhreise maidir leis an mbeartas comhtháthaithe, le pleananna straitéiseacha náisiúnta an Chomhbheartais Talmhaíochta, agus le pleananna straitéiseacha téarnaimh náisiúnta chun go mbeidh sé níos éasca acmhainní airgeadais a bhainistiú ar bhealach fónta, agus ag an am céanna, chun sineirgí idir cistí éagsúla agus uirlisí comhtháite AE a uasmhéadú; ag cur béim ar an ngá atá le cumas riaracháin a atreisiú chun rómhaorlathas a laghdú agus le reachtaíocht chomhleanúnach a áirithiú le linn phróiseas cur chun feidhme an tionscadail mar aon le cúnamh teicniúil dírithe ag gach céim;

40.  á iarraidh ar na Ballstáit próiseas clársceidealaithe agus cur chun feidhme bheartas comhtháthaithe 2021-2027 a chur i gcrích agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal na comhpháirtíochta, agus aird á tabhairt ar riachtanais ar leith na réigiún atá faoi shrianta déimeagrafacha ina gcomhaontuithe comhpháirtíochta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do riachtanais réigiúnacha agus fhoréigiúnacha, lena n-áirítear i ndáil le gnéithe déimeagrafacha agus imirce agus dúshláin chríochacha (uirbeach agus tuaithe); á chreidiúint gur cheart measúnuithe tionchair críochacha agus déimeagrafacha a bheith ag gabháil leis na straitéisí sin, ar measúnuithe iad a dhéanfar i gcomhthráth le measúnuithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme iomlán an Chóid Iompair i ndáil le Comhpháirtíocht agus, i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme iomlán an Chóid Iompair a áirithiú, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú le méadú ar ráta ionsúcháin an bheartais chomhtháthaithe i gcomhthráth le cáilíocht fheabhsaithe na dtionscadal;

41.  á iarraidh ar na Ballstáit na dúshláin éagsúla dhéimeagrafacha a chur san áireamh agus a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, a mbeartais forbartha náisiúnta, a straitéisí fadtéarmacha maidir le forbairt inbhuanaithe agus a gcláir shaincheaptha don bheartas comhtháthaithe á gceapadh, i gcomhchoibhneas le spriocanna an tSeimeastair Eorpaigh, d’fhonn maoiniú cuí a áirithiú a bheidh dírithe ar dhul i ngleic leis an dídhaonrú agus ar threochtaí diúltacha a aisiompú agus ar tharraingteacht chríochach a fheabhsú;

42.  á iarraidh ar na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta i réigiúin atá i mbaol an dídhaonraithe infheistíochtaí a dhíriú ar bhealaí chun teaghlaigh óga a spreagadh chun socrú síos sna réigiúin sin, agus freisin ar rochtain uilíoch ar sheirbhísí agus ar bhonneagar ar ardchaighdeán, le rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí bainistíochta seirbhíse, agus béim ar chruthú post, go háirithe do dhaoine óga, ar athoiliúint oibrithe, ar choinníollacha fiontraíochta a chruthú agus ar thacaíocht a thabhairt do FBManna; á iarraidh ar na Ballstáit a dtacaíocht dó sin a threisiú; á mheas gur tosaíocht í an infheistíocht i ngach leibhéal oideachais, lena n-áirítear san oideachas luath-óige, i seirbhísí soghluaisteachta atá inacmhainne, inrochtana agus cothrom, agus i saoráidí cúraim leanaí chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú, go háirithe i gceantair thuaithe agus sna Réigiúin is Forimeallaí; á chreidiúint go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach na dálaí cearta a chruthú do dhaoine óga chun go bhfanfaidh siad sna réigiúin sin agus dul i ngleic le luathfhágáil na scoile, trí deiseanna tarraingteacha oideachais, oiliúna, uasoiliúna agus athoiliúna a thairiscint dóibh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, lena n-áirítear scileanna digiteacha, tríd an seomra ranga nó tríd an gcianfhoghlaim, chun iad a spreagadh chun leanúint dá gcuid staidéir sna réigiúin sin; á chur in iúl go dtuigeann sí go mbeidh tacaíocht chomhchruinnithe ón Aontas agus ó na Ballstáit ag teastáil ó na réigiúin san iarracht sin;

43.  á iarraidh go ndéanfaí níos mó chun tacú le réigiúin ina bhfuil méadú suntasach ar an daonra, amhail Mayotte agus Guáin na Fraince, trí acmhainní leordhóthanacha airgeadais a úsáid chun leanúnachas seirbhísí bunúsacha, a bheidh leordhóthanach ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de, a ráthú, go háirithe in earnálacha an oideachais, na sláinte agus an iompair.

44.  á mheas gurb iomchuí go mbeidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach sa rialachas comhoibritheach fadtéarmach agus i dtionscnaimh phleanála ar leibhéil éagsúla; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dea-chleachtais a scaipeadh maidir le leas a bhaint as rialachas agus uirlisí pleanála den sórt sin agus na sochair lena ngabhann chun tacú le forbairt pholalárnach, agus na measúnuithe tionchair chríochaigh (TIA) a úsáid chun beartais AE agus náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar an athrú déimeagrafach a cheapadh tuilleadh; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh réigiúin rannpháirteach go gníomhach agus go dílis i bpleanáil agus i mbainistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta chun éifeachtúlacht na hionstraime a threisiú;

45.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh éifeachtaí iarmharta dearfacha a bheith ag an nuálaíocht agus ag an taighde ar an leibhéal réigiúnach; ag spreagadh lucht déanta beartas ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta leas a bhaint as an tSaoráid nua Téarnaimh agus Athléimneachta agus as CFRE chun infheistíocht a dhéanamh i leathnú an leathanbhanda chun an geilleagar digiteach agus eolasbhunaithe a chothú, chomh maith le hacmhainní, seirbhísí poiblí agus dreasachtaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil, d’fhonn oibrithe ardoilte a chothabháil chun ionaid taighde a fhorbairt sna réigiúin éagsúla, rud a chuirfeadh le tarraingteacht na limistéar bánaithe go háirithe do dhaoine óga tréitheacha agus d’fhiontraithe; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh forbartha ar na sineirgí idir Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus an clár Fís Eorpach chomh maith le tionscnaimh eile, amhail na tionscnaimh sin a chuireann an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht chun cinn; á mheas, thairis sin, go n-éascófaí cruthú post agus deiseanna infheistíochta le beartais fhioscacha tharraingteacha d’infheistíocht ghnó trí rátaí cánach laghdaithe do theaghlaigh agus dreasachtaí fioscacha d’fhostóirí agus do dhaoine féinfhostaithe; creideann SÍ, ina theannta sin, go bhféadfaí breithniú a dhéanamh ar bhearta lena spreagfaí teaghlaigh óga a gcéad bhaile a cheannach, agus freisin ar leibhéal níos airde solúbthachta maidir le rialacha stáit chun dúshláin a bhaineann leis an dídhaonrú a shárú;

46.  ag spreagadh na réigiún chun leas a bhaint as na buntáistí iomaíocha atá acu faoi mar a bhunaítear sna Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste iad; á mholadh go bhforbrófaí ‘straitéisí osáise’, mar a thugtar orthu, lena ndírítear ar na hearnálacha is rathúla, is bríomhaire agus is mó fás, trí leas a bhaint as an acmhainneacht áitiúil maidir le forbairt an réigiúin; á iarraidh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha infheistiú sa Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg agus béim ar oibrithe óga agus oilte a mhealladh, ar na daoine atá fostaithe faoi láthair a choinneáil, ar fhiontraíocht a spreagadh, agus ar dhreasachtaí áitiúla, náisiúnta agus AE; á chur i bhfios, thairis sin, a thábhachtaí atá sé bearta a chur chun cinn chun dlúthpháirtíocht idir glúnta, aosú gníomhach agus deiseanna a ghabhann leis an ‘ngeilleagar scothaoise’ mar a thugtar air a chothú, ar móraistriú beartais do limistéir thuaithe é, rud a fhágann gur deis anois é aosú an daonra chun ceantair thuaithe a fhorbairt;

47.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le peirspictíocht chríochach níos leithne i gcomhréir le ‘Cairt Nua Leipzig: Cumhacht Chlaochlaitheach na gCathracha a Neartú ar mhaithe leis an Leas Coiteann’ agus ‘Clár Obre Críochach 2030’ chun gréasáin uirbeacha cathracha tánaisteacha agus bailte beaga a threisiú chun leas a bhaint as an acmhainneacht shuntasach atá acu comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta a neartú lasmuigh de na teorainneacha thart orthu, trí naisc uirbeacha-tuaithe, limistéir feidhme, agus comhar réigiúnach;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí comhordú beartais ar leibhéal an Aontais a dhíriú ar shaincheisteanna a bhaineann le limistéir comhair fheidhmiúil ar leibhéil éagsúla, amhail an leibhéal trasteorann, macrairéigiúnach agus tuaithe-uirbeach, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha;

49.  á áitiú gur cheart infheistíochtaí a dhíriú ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus ar chaipiteal daonna, ós rud é go bhféadfadh sé sin an t-achar idir na húsáideoirí a laghdú agus oibrithe ardoilte a mhealladh chun an deighilt dhigiteach a sheachaint agus chun comhtháthú digiteach a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé maoiniú a thabhairt do bhonneagair TFC, d’fhorbairt agus do ghlacadh na dteicneolaíochtaí sin i measc FBManna agus scoileanna i réigiúin tuaithe, oileánacha, shléibhtiúla agus iargúlta agus i réigiúin atá i mbun aistriú tionsclaíoch, lena n-áirítear trí chistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus trí chistí an Bheartais Chomhtháthaithe i gcoitinne; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé féachaint leis na teicneolaíochtaí sin a chur in úsáid go cothrom agus go comhthreomhar sna réigiúin agus sna Ballstáit chun an bhearna tarraingteachta agus an deighilt dhigiteach a laghdú;

50.  á aithint go gcuireann cathracha a bhfuil tarraingt mhór orthu go príomha le ‘poill fáis’ réigiúnacha a thógáil; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag cathracha tánaisteacha san fhorbairt réigiúnach, agus i ndáil leis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí a chur i bhfeidhm chun na cathracha sin a fhorbairt ar bhealach comhchuibhithe;

51.  á mheas gur cheart do na bardais tionscnaimh ‘nuálaíochta oscailte’ a chur chun cinn, agus leas á bhaint as eolas chun dlús a chur leis an bpróiseas nuálaíochta agus cur chuige comhoibríoch a fhorbairt le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ábhartha d’fhonn éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a chruthú;

52.  ag cur béim ar acmhainneacht an gheilleagair ghoirm an treocht dhiúltach dhéimeagrafach ar oileáin bheaga agus i réigiúin mhuirí fhorimeallacha AE a aisiompú; á chur i bhfáth go bhféadfadh cur chun feidhme ceart ghníomhaíochtaí an gheilleagair ghoirm, dá ndéanfaí dlúthfhaireachán orthu chun aon seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a mhaolú agus chun na sochair shocheacnamaíocha a mhéadú don slabhra luacha ar fad, lena n-áirítear gnólachtaí beaga, críocha cúlchríche agus saoránaigh áitiúla, cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne an dídhaonraithe i ndeisceart na hEorpa, agus rannchuidiú leis an ioncam ó chathracha cósta a scaipeadh go sráidbhailte tuaithe, leis an gcuimsiú sóisialta a mhéadú agus leis na cuspóirí atá leagtha síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach;

53.  á mholadh, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí athmhachnamh ar na córais oideachais agus oiliúna sna Ballstáit, inter alia trí bhealaí oideachais a fhorbairt i dtreo gairmeacha atá comhoiriúnach leis an teilea-obair, agus beartais a bheith ag gabháil leo, chun cosc a chur ar imirce bhuan daoine oilte ó na réigiúin as a dtagann na daoine sin a théann ar imirce; ag áitiú go mbainfí úsáid as buntáistí áitiúla réigiúnacha, agus go ndéanfaí saoráidí eacnamaíocha agus sóisialta áitiúla agus réitigh shaincheaptha a fhorbairt, ní hamháin chun imirce daoine oilte a chosc, ach chun an feiniméan sin a aisiompú freisin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, lena n-áirítear soghluaisteacht lucht saothair, a bheith ina mbealaí maithe chun scileanna agus taithí ghairmiúil a roinnt, chun scileanna oibrithe a fheabhsú agus chun iad a dhéanamh níos athléimní i gcoinne dhinimicí tapa mhargadh an tsaothair, agus go gcuidíonn siad, ar an gcaoi sin, le himirce daoine oilte a chosc; ag spreagadh na n-údarás réigiúnach agus áitiúil chun rochtain ar an dé-oideachas a éascú chun an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht a fheabhsú; á mheas, ina theannta sin, gur cheart ‘straitéisí diaspóra’ uile-Eorpacha a chur chun cinn arb é is aidhm leo próisis aisdúichithe a spreagadh dóibh siúd a d’imigh chuig réigiún níos tarraingtí, agus béim á leagan ar mhic léinn ardoideachais i réimsí na talmhaíochta agus na heacnamaíochta tuaithe ar cheart iad a dhreasú chun filleadh ar a réigiúin féin tar éis dóibh céim a bhaint amach d’fhonn cur le hinmharthanacht eacnamaíoch na réigiún as ar tháinig siad;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áirítear sa tionscnamh maidir leis an bhfís fhadtéarmach do limistéir thuaithe réitigh phraiticiúla agus modhanna tacaíochta chun aghaidh a thabhairt ar limistéir imeallacha agus ar athruithe déimeagrafacha; á chreidiúint gur cheart an fhís fhadtéarmach sin do limistéir thuaithe a fhorbairt ina fíorchlár oibre tuaithe Eorpach, ag a mbeidh cuspóirí inláimhsithe agus nithiúla, agus a mbeidh na gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla ábhartha uile rannpháirteach ann, ó thaobh ailtireacht agus chur chun feidhme an chláir araon; á chreidiúint, ina theannta sin, gur cheart go n-áireofaí straitéis príomhshruthaithe inscne ann lena mbeadh uirlisí measúnaithe tionchair ag gabháil; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhaontú leis na Ballstáit agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, margadh nua a mholadh maidir le cúrsaí déimeagrafacha san Aontas mar chuid de chur chuige beartais il-leibhéil a mbeadh straitéis Eorpach maidir le treochtaí déimeagrafacha mar thoradh air; á chreidiúint gur cheart saincheisteanna déimeagrafacha, lena n-áirítear dídhaonrú agus aosú, a bheith i measc na saincheisteanna ar a dtugtar aghaidh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;

o
o   o

55.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuid parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.

(1) IO C 390, 18.11.2019, lch. 53.
(2) IO C 356, 4.10.2018, lch. 10.
(3) IO C 153 E, 31.5.2013, lch. 9.
(4) IO C 108, 26.3.2021, lch. 566.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).
(6) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(7) Ares(2020)3866098
(8) Ares(2020)6799640
(9) https://ec.europa.eu/info/files/report-impact-demographic-change-reader-friendly-version-0_ga
(10) Foinsí: INSEE (Institiúid Náisiúnta na Fraince um Staitisticí agus Staidéar Eacnamaíoch), na Náisiúin Aontaithe.

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais