Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (COM(2020)0642 – C9-0321/2020 – 2020/0289(COD))(1)
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle4 d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme na n-oibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún Aarhus trí rialacha a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm in institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh.
(2) Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle4 d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme na n-oibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún Aarhus trí rialacha a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm in institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Leasaítear leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 chun Airteagal 9(3) agus 9(4) den Choinbhinsiún a chur chun feidhme.
__________________
__________________
4 Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
4 Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún an 11 Nollaig 2019, dar teideal ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go ndéanfadh sé a mharana maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a athbhreithniú chun rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil imní orthu faoi comhoiriúnacht dhlí an chomhshaoil le cinntí a mbeidh éifeacht acu ar an gcomhshaol. Thug an Coimisiún gealltanas gníomhaíocht a dhéanamh chun a rochtain ar cheartas os comhair cúirteanna náisiúnta i ngach Ballstát a fheabhsú; chun na críche sin, d’eisigh sé Teachtaireacht maidir le ‘Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit’.
(3) Ina Theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, thug an Coimisiún gealltanas go ndéanfadh sé a mharana maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a athbhreithniú chun rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil údair imní shonracha acu faoi chomhoiriúnacht dhlí an chomhshaoil le gníomhartha riaracháin a mbeidh tionchair acu ar an gcomhshaol. Thug an Coimisiún gealltanas gníomhaíocht a dhéanamh chun a rochtain ar cheartas os comhair cúirteanna náisiúnta i ngach Ballstát a fheabhsú; chun na críche sin, d’eisigh sé Teachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit ina ndearbhaíonn sé gur ‘beart tacaíochta tábhachtach é rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, trí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta araon mar chúirteanna an Aontais, chun cabhrú leis an aistriú faoin gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus mar bhealach chun an ról faire is féidir a bheith ag an tsochaí shibhialta sa spás daonlathach a neartú’.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3 a (nua)
(3a) Sonraítear le hAirteagal 9(4) de Choinbhinsiún Aarhus nár cheart go mbeadh imeachtaí cúirte a thagann faoi raon feidhme Airteagal 9(3) den Choinbhinsiún sin róchostasach. Chun a áirithiú nach bhfuil imeachtaí breithiúnacha a thagann faoi Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 róchostasach1a agus go bhfuil siad intuartha don iarratasóir, ba cheart d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais iarrataí ar chostais aisíocaíochta a dhéanamh atá réasúnta nuair a éiríonn leo sa dlíthíocht.
__________________
1aTeachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2019 maidir leis an Athbhreithniú um Chur Chun Feidhme Comhshaoil 2019: Eoraip a dhéanann a saoránaigh a chosaint agus a chuireann feabhas ar a gcáilíocht saoil agus Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus a Bhallstáit.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) Ag cur san áireamh forálacha Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus, chomh maith leis an imní a cuireadh in iúl ag an gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus5, ba cheart dlí an Aontais a thabhairt i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar bhealach atá comhoiriúnach le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais agus lena chóras athbhreithniú breithiúnach.
(4) Ag cur san áireamh forálacha Airteagal 9(3) agus (4) de Choinbhinsiún Aarhus, chomh maith leis an gcomhairle ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus5, ba cheart dlí an Aontais a thabhairt i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar bhealach atá comhoiriúnach le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais, lena n-áirítear achonarthaí, agus lena chóras athbhreithniú breithiúnach. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a leasú dá réir sin.
__________________
__________________
5Féach torthaí ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gCás ACCC/C/2008/32 ag https://www.unece.org/env/pp/compliance/Compliancecommittee/32TableEC.html..
5Comhairle ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus ACCC/M/2017/3 agus ACCC/C/2015/128 ar fáil ag https://unece.org/env/pp/cc/accc.m.2017.3_european-union and https://unece.org/env/pp/cc/accc.c.2015.128_european-union.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 a (nua)
(4a) In Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus, foráiltear, laistigh de chreat a reachtaíochta náisiúnta, nach mór do gach Páirtí a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann, i gcás ina gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos ina dlí náisiúnta, ar nósanna imeachta breithiúnacha nó nósanna imeachta athbhreithniúcháin eile chun agóid a dhéanamh in aghaidh dlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta aon chinnidh, gnímh nó neamhghnímh a sháraíonn forálacha an dlí náisiúnta i ndáil leis an gcomhshaol. Leis an nós imeachta athbhreithnithe riaracháin faoi Rialachán Aarhus, comhlánaítear córas foriomlán an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus breithiúnach lena gcumasaítear daoine den phobal a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar ghníomhartha riaracháin trí agóidí breithiúnacha díreacha ar leibhéal an Aontais, eadhon faoi Airteagal 263(4) CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, trí chúirteanna náisiúnta, atá ina gcuid lárnach de chóras an Aontais faoi na Conarthaí.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Is é teorannú an athbhreithnithe inmheánaigh lena bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 do ghníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme aonair acu an bac is mó roimh eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha atá ar lorg dul i muinín athbhreithniú inmheánach faoi Airteagal 10 den Rialachán sin chomh maith maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme níos leithne acu. Dá bhrí sin, is gá raon feidhme nós imeachta an athbhreithnithe inmheánaigh a leagtar síos sa Rialachán sin a leathnú chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a chur san áireamh.
(5) Is é teorannú an athbhreithnithe inmheánaigh lena bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 do ghníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme aonair acu an bonn is mó neamh-inghlacthachta atá roimh eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha atá ar lorg dul i muinín athbhreithniú inmheánach faoi Airteagal 10 den Rialachán sin chomh maith maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme níos leithne acu. Dá bhrí sin, tá sé oiriúnach raon feidhme nós imeachta an athbhreithnithe inmheánaigh a leagtar síos sa Rialachán sin a leathnú chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a chur san áireamh.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) Ba cheart gníomhartha neamhreachtacha a áireamh sa sainmhíniú ar ghníomh riaracháin chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. D’fhéadfadh a bheith i gceist le gníomh neamhreachtach, áfach, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta ar féidir ENRanna comhshaoil cosaint dlí a fháil ina gcoinne, lena n-áirítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) trí nós imeachta um réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE. Dá bhrí sin, is iomchuí na forálacha gníomhartha neamhreachtacha sin a gceanglaítear ina leith, le dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a eisiamh ó raon feidhme an athbhreithnithe inmheánaigh.
(6) Ba cheart gníomhartha neamhreachtacha a áireamh sa sainmhíniú ar ghníomh riaracháin chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. D’fhéadfadh a bheith i gceist le gníomh neamhreachtach, áfach, bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta ar féidir cosaint dlí a fháil ina gcoinne, lena n-áirítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) trí nós imeachta um réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7
(7) Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, chun aon fhorálacha a eisiamh ó choincheap an ghnímh riaracháin, ba cheart, maidir leis na forálacha sin, go gceanglófaí go sainráite ina leith, le dlí an Aontais, go nglacfar bearta cur chun feidhme.
scriosta
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) Cumhdaítear le raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1367/2006 gníomhartha a ghlacfar faoi dhlí an chomhshaoil. Os a choinne sin, cumhdaítear le hAirteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus agóidí i gcoinne gníomhartha a ‘sháraíonn’ an dlí i dtaca leis an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú gur cheart athbhreithniú inmheánach a dhéanamh d’fhonn a dheimhniú cé acu an sáraíonn nó nach sáraíonn gníomh riaracháin dlí an chomhshaoil.
(9) Cumhdaítear le raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1367/2006 gníomhartha a ghlacfar faoi dhlí an chomhshaoil. Cumhdaítear le hAirteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus agóidí i gcoinne gníomhartha nó neamhghníomhartha ‘a sháraíonn’ an dlí i dtaca leis an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú gur cheart, i gcomhréir le cásdlí CBAE, athbhreithniú inmheánach a dhéanamh d’fhonn a fhíorí an sáraíonn gníomh riaracháin dlí an chomhshaoil de réir bhrí phointe (f) d’Airteagal 2(1).
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) Nuair atáthar ag measúnú an bhfuil forálacha ag baint le gníomh riaracháin a d’fhéadfadh, de dheasca a dtionchair, dlí an chomhshaoil a shárú, is gá a bhreithniú cibé acu an mbeidh éifeacht dhíobhálach ag forálacha den chineál sin nó nach mbeidh ar chuspóirí a bhaint amach a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE. Mar thoradh air sin, ba cheart go gcumhdófaí le sásra an athbhreithnithe inmheánaigh gníomhartha arna ghlacadh i gcur chun feidhme beartas eile seachas beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol.
(10) Nuair atáthar ag measúnú an bhfuil forálacha ag baint le gníomh riaracháin a d’fhéadfadh dlí maidir leis an gcomhshaol laistigh de réir bhrí pointe (f) d’Airteagal 2(1) a shárú, is gá a bhreithniú i gcomhréir le cásdlí CBAE cibé acu an mbeidh éifeacht dhíobhálach ag forálacha den chineál sin nó nach mbeidh ar chuspóirí a bhaint amach a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE. Más amhlaidh an cás, ba cheart go gcumhdófaí le sásra an athbhreithnithe inmheánaigh gníomhartha arna ghlacadh i gcur chun feidhme beartas eile seachas beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10 a (nua)
(10a) I bhfianaise na chéad mhír d’Airteagal 263 CFAE, mar a léirmhíníonn CBAE é 1a, measfar go bhfuil éifeachtaí seachtracha ag gníomh, agus dá bhrí sin gur féidir leis a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, má tá sé ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i leith tríú páirtithe. Ní féidir a mheas go bhfuil éifeachtaí seachtracha ag gníomhartha riaracháin, amhail ainmniúcháin nó gníomhartha ullmhúcháin, nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu i leith tríú páirtithe, i gcomhréir le cásdlí CBAE, agus dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh gníomhartha riaracháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 i gceist.
__________________
1aBreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus Eile v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C-583/11 P, ECLI:EU:C:2013:625, mír 56.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10 b (nua)
(10b) D’fhonn comhsheasmhacht dhlíthiúil a áirithiú, measfar go bhfuil éifeachtaí seachtracha ag gníomh, agus dá bhrí sin gur féidir leis a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 263 CFAE, mar a léirmhíníonn CBAE é1a. Má mheastar go bhfuil éifeachtaí seachtracha ag gníomh, tugtar le tuiscint gur féidir é a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, beag beann ar a fhoirm, toisc go ndéantar a chineál a mheas i ndáil lena éifeachtaí, lena chuspóir agus lena inneachar1b.
__________________
1aBreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 29 Eanáir 2021, ClientEarth v BEI, T-9/19,ECLI:EU:T:2021:42, míreanna 149 agus 153. Féach freisin Breithiúnas i gCás C-583/11 P, mír 56.
1aBreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 10 Nollaig 1957, Usines à tubes de la Sarre v an tArd Údarás, 1/57 agus 14/57, ECLI:EU:C:1957:13, lch. 114; an 31 Márta 1971, an Coimisiún v an Chomhairle, 22/70, ECLI:EU:C:1971:32, mír 42; an 16 Meitheamh 1993, an Fhrainc v an Coimisiún, C-325/91, ECLI:EU:C:1993:245, mír 9; an 20 Márta 1997, an Fhrainc v an Coimisiún, C-57/95, ECLI:EU:C:1997:164, mír 22; an 13 Deireadh Fómhair 2011, Deutsche Post agus an Ghearmáin v an Coimisiún, C-463/10 P agus C-475/10 P, ECLI:EU:C:2011:656, mír 36.
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10 c (nua)
(10c) Níor cheart go mbeadh feidhm ag aon spriocdhátaí nós imeachta maidir le rialú riaracháin agus/nó rialú breithiúnach ach amháin tar éis do na daoine a bhfuil leas acu ann a bheith ar an eolas faoi ábhar an ghnímh riaracháin a bhaineann le saincheist mhór phoiblí atá faoi chosaint ag dlí an chomhshaoil agus a bheidh ina ábhar agóide tar éis sin, go háirithe i gcásanna ina bhfuil an gníomh riaracháin aonair lena mbaineann imithe i léig. Tá gá leis sin d’fhonn aon chleachtais a sheachaint a d’fhéadfadh dul i gcoinne Airteagal 9 de Choinbhinsiún Aarhus agus cásdlí CBAE, go háirithe breithiúnas na Cúirte an 12 Samhain 2019 i gCás C-261/18, an Coimisiún v Éire1a.
__________________
1a Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Samhain 2019, C-261/18, an Coimisiún v Éire, ECLI:EU:C:2019:955.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10 d (nua)
(10d) Tá modhanna rannpháirtíochta poiblí luatha agus éifeachtacha tábhachtach i gcruthú agus glacadh reachtaíochta Aontais agus gníomhartha neamhreachtacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ag céim luath agus measúnú a dhéanamh an gá togra breise chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht phoiblí go cothrománach.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11 a (nua)
(11a) I bhfianaise ról ENRanna comhshaoil chun feachtas a mhúscailt agus caingean dlí a thionscnamh, ba cheart d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a áirithiú go bhfuil rochtain leordhóthanach ar fhaisnéis, rannpháirtíocht agus ceartas.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12
(12) De réir cásdlí CBAE6, ní mór d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a iarrann athbhreithniú inmheánach ar ghníomh riaracháin fíorais nó argóintí dlíthiúla a chur chun cinn a bhfuil bunús leordhóthanach leo chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh agus forais iarratais an athbhreithnithe á gcur in iúl.
(12) De réir cásdlí CBAE6, ní mór do pháirtí a iarrann athbhreithniú inmheánach ar ghníomh riaracháin fíorais nó argóintí dlíthiúla a chur chun cinn a bhfuil bunús leordhóthanach leo chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh agus forais iarratais an athbhreithnithe á gcur in iúl. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 freisin.
__________________
__________________
6 Breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019 i gCás C-82/17 P, TestBioTech v an Coimisiún, ECLI:EU:C:2019:719, i mír 69.
6Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019, TestBioTech v an Coimisiún, C-82/17 P, ECLI:EU:C:2019:719, mír 69, agus Breithiúnas i gCás T-9/19.
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 a (nua)
(12a) Agus iarraidh ar athbhreithniú inmheánach á mheas, ba cheart go mbeadh páirtithe eile a bhfuil éifeacht dhíreach orthu ag an iarraidh atá i gceist, amhail cuideachtaí nó údaráis phoiblí, in ann barúlacha a thabhairt don institiúid nó comhlacht an Aontais lena mbaineann laistigh de na spriocdhátaí atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 b (nua)
(12b) De réir chásdlí CBAE1a, má tá sárú i gceist le beart státchabhrach faoi Airteagal CFAE ar dhlí an Aontais maidir leis an gcomhshaol, ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil an beart státchabhrach sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.Ba cheart don Choimisiún treoirlínte soiléire a bhunú chun measúnú ar chomhoiriúnacht státchabhrach leis na forálacha ábhartha i ndlí an Aontais a éascú, lena n-áirítear dlí an Aontais i ndáil leis an gcomhshaol.
_____________
1a Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meán Fómhair 2020, an Ostair v an Coimisiún, C-594/18 P, ECLI:EU:C:2020:742.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 c (nua)
(12c) I Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 leagtar síos na forálacha comónta, raon feidhme agus na sainmhínithe maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar leibhéal an Aontais. Is iomchuí sin agus rannchuidíonn sé chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus méadú a chur ar thrédhearcacht na mbeart cur chun feidhme atá déanta de bhun na n-oibleagáidí a eascraíonn faoi Choinbhinsiún Aarhus.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 d (nua)
(12d) Ba cheart go gcumhdófaí i raon feidhme na n-imeachtaí athbhreithnithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 dlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta araon an gníomh a bhfuil agóid á dhéanamh ina choinne. I gcomhréir le cásdlí CBAE, ní féidir le nósanna imeachta faoi Airteagal 263(4) CFAE agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1367/2006 a bheith fothaithe ar fhoras ná fianaise nach bhfuil san iarraidh ar athbhreithniú, toisc go mbeadh an chuspóir don cheanglas, in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, a bhaineann le ráiteas maidir leis an bhforas ar a bhfuil iarraidh den chineál sin bunaithe, iomarcach mar thoradh ar sin agus go ndéanfaí cuspóir an nós imeachta a thionscnaíodh leis an iarraidh a athrú1a.
__________________
1aFéach Breithiúnas i gCás C-82/17 P, mír 39.
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13 a (nua)
(13a) Ní thagann gníomhartha atá glactha ag údaráis phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear bearta cur chun feidhme atá glactha ar leibhéal na mBallstát a éilítear le gníomh neamhreachtach faoi dhlí an Aontais, faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, i gcomhréir leis na Conarthaí agus prionsabal neamhspleáchas na gcúirteanna náisiúnta.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (An Chairt), go háirithe an ceart chun dea-riaracháin (Airteagail 41) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil (Airteagal 47). Rannchuidítear leis an Rialachán seo le héifeacht chórais an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach, agus dá thoradh sin, neartaítear leis cur i bhfeidhm Airteagail 41 agus 47 den Chairt agus ar an gcaoi sin rannchuidítear leis an smacht reachta a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
(14) Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (An Chairt), go háirithe prionsabal chosaint an chomhshaoil (Airteagal 37), an ceart chun dea-riaracháin (Airteagail 41) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil (Airteagal 47). Rannchuidítear leis an Rialachán seo le héifeacht chórais an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach i gcúrsaí comhshaoil, agus dá thoradh sin, neartaítear leis cur i bhfeidhm Airteagail 37, 41 agus 47 den Chairt agus ar an gcaoi sin rannchuidítear leis an smacht reachta a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
(g) ciallaíonn ‘gníomh riaracháin’ aon ghníomh neamhreachtach a ghlacann institiúid nó comhlacht an Aontais, a bhfuil éifeachtaí seachtracha aige atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhfuil forálacha a fhéadfaidh, de bharr a n-éifeachtaí, dlí an chomhshaoil a shárú laistigh de bhrí pointe (f) d’Airteagal 2(1), ach amháin forálacha an ghnímh sin a gceanglaítear leo go sainráite, de réir dlí an Aontais, bearta cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta;
(g) ciallaíonn ‘gníomh riaracháin’ aon ghníomh neamhreachtach a ghlacann institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla agus seachtracha aige atá ceangailteach ó thaobh dlí agus ina bhfuil forálacha a fhéadfaidh dlí an chomhshaoil a shárú de réir bhrí pointe (f) d’Airteagal 2(1); ní áiritheofar i ngníomhartha riaracháin gníomhartha atá glactha ag údaráis phoiblí na mBallstát;
2. ní áiritheofar i ngníomhartha riaracháin agus neamhghníomhartha riaracháin bearta atá glactha nó neamhgníomhartha atá déanta ag institiúid nó comhlacht an Chomhphobail ina cháil mar chomhlacht athbhreithnithe riaracháin, amhail faoi:
‘2. ní áiritheofar i ngníomhartha riaracháin agus neamhghníomhartha riaracháin bearta atá glactha nó neamhgníomhartha atá déanta ag institiúid nó comhlacht an Chomhphobail ina cháil mar chomhlacht athbhreithnithe riaracháin faoi:
(a) Airteagail 81, 82, 86 agus 87 den Chonradh (rialacha iomaíochta);
(a) Airteagail 81 agus 82 den Chonradh [Airteagail 101 agus 102 CFAE] (lena n-áirítear rialacha cumaisc);
(b) Airteagail 226 agus 228 den Chonradh (imeachtaí um shárú);
(b) Airteagail 226 agus 228 den Chonradh [Airteagail 258 agus 260 CFAE] (imeachtaí um shárú);
(c) Airteagal 195 den Chonradh (imeachtaí Ombudsman);
(c) Airteagal 195 den Chonradh [Airteagal 228 CFAE] (imeachtaí Ombudsman);
(d) Airteagal 280 den Chonradh (imeachtaí OLAF);
(d) Airteagal 280 den Chonradh [Airteagal 325 CFAE] (imeachtaí OLAF);
(da) Airteagail 86 agus 87 [Airteagail 106 agus 107 CFAE] (rialacha iomaíochta) go dtí ... [18 mí tar éis glacadh an Rialacháin seo].
(db) Tráth nach déanaí ná ... [18 mí tar éis dáta ghlacadh an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún le treoirlínte chun measúnú ar chomhoiriúnacht státchabhrach leis na forálacha ábhartha i ndlí í an Aontais i ndáil leis an gcomhshaol a éascú, lena n-áirítear maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil ar na Ballstáit a thíolacadh nuair a thabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le státchabhair.’
1b. InAirteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
2. Déanfar an fhaisnéis faoin gcomhshaol a bheidh le cur ar fáil agus le scaipeadh a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. I dteannta na ndoiciméad a liostaítear in Airteagal 12(2) agus (3) agus in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, áireofar an méid seo a leanas sna bunachair sonraí nó sna cláir:
‘2. Déanfar an fhaisnéis faoin gcomhshaol a bheidh le cur ar fáil agus le scaipeadh a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. I dteannta na ndoiciméad a liostaítear in Airteagal 12(2) agus (3) agus in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, áireofar an méid seo a leanas sna bunachair sonraí nó sna cláir a luaithe a chomhdhlúthófar iad:
(a) téacsanna de chonarthaí, coinbhinsiún nó comhaontuithe idirnáisiúnta, agus de reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis an gcomhshaol nó a bhaineann leis an gcomhshaol, agus de bheartais, pleananna agus cláir a bhaineann leis an gcomhshaol;
(a) téacsanna de chonarthaí, coinbhinsiún nó comhaontuithe idirnáisiúnta, agus de reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol nó a bhaineann leis an gcomhshaol, agus de bheartais, pleananna agus cláir a bhaineann leis an gcomhshaol;
(aa) seasaimh na mBallstát mar a chuirtear in iúl iad i nósanna imeachta cinnteoireachta is bunús le glacadh reachtaíocht an Aontais nó gníomhartha riaracháin maidir leis an gcomhshaol nó a bhaineann leis an gcomhshaol;
(b) tuarascálacha ar dhul chun cinn chur chun feidhme na nithe dá dtagraítear faoi (a) nuair a bheidh siad ullamh nó nuair a bheidh siad ina seilbh ag údaráis nó comhlachtaí an Chomhphobail i bhfoirm leictreonach;
(b) tuarascálacha ar dhul chun cinn chur chun feidhme na nithe dá dtagraítear faoi (a) nuair a bheidh siad ullamh nó nuair a bheidh siad ina seilbh ag institiúidí nó comhlachtaí an Aontais i bhfoirm leictreonach;
(c) bearta arna nglacadh in imeachtaí um shárú ar dhlí an Chomhphobail ón gcéim den tuairim réasúnaithe de bhun Airteagal 226(1) den Chonradh;
(c) bearta arna nglacadh in imeachtaí um shárú ar dhlí an Chomhphobail ón gcéim den tuairim réasúnaithe de bhun Airteagal 258(1) den Chonradh;
(d) tuarascálacha ar staid an chomhshaoil dá dtagraítear i mír 4;
(d) tuarascálacha ar staid an chomhshaoil dá dtagraítear i mír 4;
(e) sonraí nó achoimrí de shonraí a thagann ó bheith ag déanamh faireachán ar ghníomhaíochtaí a dhéanann difear don chomhshaol nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh dó;
(e) sonraí nó achoimrí de shonraí a thagann ó bheith ag déanamh faireachán ar ghníomhaíochtaí a dhéanann difear don chomhshaol nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh dó;
(f) údaruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol, agus comhaontuithe comhshaoil, nó tagairt don áit a bhféadfar faisnéis den sórt sin a iarraidh nó rochtain a fháil uirthi;
(f) údaruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol, agus comhaontuithe comhshaoil, nó tagairt don áit a bhféadfar faisnéis den sórt sin a iarraidh nó rochtain a fháil uirthi;
(g) staidéir ar an tionchar ar an gcomhshaol agus measúnuithe riosca maidir le heilimintí comhshaoil, nó tagairt don áit a bhféadfar faisnéis den sórt sin a iarraidh nó rochtain a fháil uirthi.’
(g) staidéir ar an tionchar ar an gcomhshaol agus measúnuithe riosca maidir le heilimintí comhshaoil, nó tagairt don áit a bhféadfar faisnéis den sórt sin a iarraidh nó rochtain a fháil uirthi.’
Tá aon eagraíocht neamhrialtasach a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an institiúid nó comhlacht an Aontais a bhfuil gníomh riaracháin glactha aige, nó i gcás neamhghníomh riaracháin líomhnaithe, ar cheart dó gníomh den chineál sin a ghlacadh, ar fhorais go sáraíonn gníomh nó neamhghníomh den chineál sin dlí an chomhshaoil.
Tá aon eagraíocht neamhrialtasach nó aon duine den phobalachomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 i dteideal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an institiúid nó comhlacht an Aontais a bhfuil gníomh riaracháin glactha aige, nó i gcás neamhghníomh riaracháin líomhnaithe, ar cheart dó gníomh den chineál sin a ghlacadh, ar fhorais go sáraíonn gníomh nó neamhghníomh den chineál sin dlí an chomhshaoil.
I gcás ina bhfuil gníomh riaracháin ina bheart cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a éilítear le gníomh neamhreachtach eile, féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach athbhreithniú ar fhoráil an ghnímh neamhreachtaigh a iarraidh, gníomh a bhfuil beart cur chun feidhme á éileamh tráth a iarrtar athbhreithniú an bhearta cur chun feidhme sin.
I gcás ina bhfuil gníomh riaracháin ina bheart cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a éilítear le gníomh neamhreachtach eile, féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach nó daoine den phobal a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach in Airteagal 11 athbhreithniú ar fhoráil an ghnímh neamhreachtaigh a iarraidh, gníomh a bhfuil beart cur chun feidhme á éileamh tráth a iarrtar athbhreithniú an bhearta cur chun feidhme sin.
2. Déanfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 aon iarraidh den chineál sin a mheas, ach amháin i gcás ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil bunús ar bith leis. Cuirfidh institiúid nó comhlacht an Aontais na cúiseanna leis an bhfreagra i scríbhinn a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná 16 seachtaine tar éis an iarratas sin a fháil.
2. Déanfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 aon iarraidh den chineál sin a mheas, ach amháin i gcás ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil bunús ar bith leis. I gcás ina bhfaigheann institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais iarrataí iomadúla ar athbhreithniú ar an ngníomh nó ar an neamhghníomh céanna agus na forais chéanna á lua, féadann an institiúid nó an comhlacht cinneadh a dhéanamh chun na hiarrataí sin a chur le chéile agus déileáil leo mar iarraidh amháin. I gcás den sórt sin, tabharfaidh institiúid nó comhlacht an Aontais fógra do na daoine ar fad a bhfuil iarraidh déanta acu ar athbhreithniú inmheánach ar an ngníomh nó neamhghníomh céanna. Laistigh de cheithre seachtaine tar éis iarraidh den chineál sin a bheith curtha isteach, féadfaidh tríú páirtithe a bhfuil tionchar díreach ag an iarraidh sin orthu barúlacha a thabhairt don institiúid nó comhlacht sin de chuid an Aontais. Cuirfidh institiúid nó comhlacht an Aontais na cúiseanna leis an bhfreagra i scríbhinn a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná 16 seachtaine tar éis an iarratas sin a fháil.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 Airteagal 11 – mír 1 a (nua)
2a. In Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
'1a. Féadfar iarraidh ar athbreithniú inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 10 a bheith déanta ag daoine de phobal freisin a bhfuil leas leordhóthanach acu nó a mhaíonn sárú ar cheart faoi réir mhír 2 thíos.’
2b. In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2
2. Glacfaidh an Coimisiún na forálacha a bhfuil gá leo chun trédhearcacht agus chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar a luaitear i mír 1 a áirithiú.
‘2. Glacfaidh an Coimisiún na forálacha a bhfuil gá leo chun trédhearcacht agus chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar a luaitear i míreanna 1 agus 1a a áirithiú. Tráth nach déanaí ná ... [18 mí tar éis glacadh an Rialacháin], glacfaidh an Coimisiún le gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 12a ina sonrófar na critéir a bhfuil ar dhaoine den phobal, dá dtagraítear imír 1a den Airteagal seo, a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na gcritéar sin ar a laghad gach trí bliana, agus, nuair is iomchuí, an gníomh tarmligthe a leasú, chun feidhmiú éifeachtach an chirt a thugtar do dhaoine an phobail dá dtagraítear i mír 1a a áirithiú.
Déanfaidh na critéir a bhunaítear leis an ngníomh tarmligthe de bhun na míre seo an méid seo a leanas:
(a) rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú i comhréir le cuspóirí foriomlána Choinbhinsiún Aarhus;
(b) éileofar leo go ndéanfaidh daoine den phobal ó Bhallstáit éagsúla iarraidh nuair a bhfuil gníomh nó neamhghníomh an Aontais i gceist a bhfuil tionchar aige ar an phobal i níos mó ná Ballstáit amháin;
(c) seachnófar leo actio popularis, lena n-áirítear, agus leas leordhóthanach nó sárú ar cheart á léiriú acu, a áirithiú go mbeidh ar dhaoine den phobal a chruthú go bhfuil tionchar díreach orthu i gcomparáid leis an bpobal go ginearálta;
(d) an t-ualach riaracháin ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a laghdú;
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 c (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 Airteagal 11 a (nua)
2c. Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:
‘Airteagal 11a
Clár Poiblí d’iarrataí ar athbhreithniú inmheánach
Bunóidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, faoi 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí, clár de na hiarrataí ar fad a chomhlíonann na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 11 chomh maith leis na hiarratasóirí a chomhlíonann na ceanglais sin agus a bhfuil na hiarrataí curtha isteach acu. Nuashonrófar an clár go tráthrialta.’
1. Féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach a rinne an iarraidh ar athbhreithniú inmhéanach de bhun Airteagal 10 imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.
‘1. I gcás ina mheasann an eagraíocht neamhrialtasach nó na daoine den phobal a rinne an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach de bhun Airteagal 10 nach leor cinneadh ó institiúid nó comhlacht an Aontais mar fhreagairt ar an iarraidh sin chun comhlíonadh dhlí an chomhshaoil a áirithiú, féadfaidh siad imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal263 den Chonradh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta an chinnidh sin.’
2. Nuair a mhainníonn ar institiúid de chuid an Chomhphobail gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3) féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.
‘2. Nuair a mhainníonn ar institiúid nó comhlacht an Aontais gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3) féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach nó daoine den phobal a rinne an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach de bhun Airteagal 10 imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.’
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 f (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
2f. Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘2a. Gan dochar do shaincheart na Cúirte costais a chionroinnt, déanfar a áirithiú nach mbeidh imeachtaí cúirte a thionscnófar faoin Airteagal seo róchostasach. Ní dhéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) ach iarrataí ar aisíocaíocht costais atá réasúnach.’
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 g (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 Airteagal 12 a (nua)
2g. Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 12a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 11(2) seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón ...[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát agus an pobal i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0152/2021).