Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2027(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0112/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0112/2021

Díospóireachtaí :

PV 19/05/2021 - 11
PV 19/05/2021 - 13
CRE 19/05/2021 - 11
CRE 19/05/2021 - 13

Vótaí :

PV 20/05/2021 - 20

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0259

Téacsanna atá glactha
PDF 180kWORD 64k
Déardaoin, 20 Bealtaine 2021 - Brussels
Dliteanas cuideachtaí as damáiste don chomhshaol
P9_TA(2021)0259A9-0112/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 maidir le dliteanas cuideachtaí as damáiste don chomhshaol (2020/2027(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas(1) (an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil – ELD),

–  ag féachaint do Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil(2) (an Treoir um Choireacht Chomhshaoil – ECD),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar dáta an 14 Aibreán 2016 faoi Airteagal 18(2) de Threoir 2004/35/CE ar dhliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (COM(2016)0204),

–  ag féachaint d’Airteagail 4 agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”),

–  ag féachaint don leasú ar Threoir 2004/35/CE trí Threoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú(3), trí Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin(4) agus trí Threoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta(5),

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 14 Aibreán 2016 dar teideal ‘Meastóireacht REFIT ar an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil’(SWD(2016)0121), a ghabhann leis an tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 18(2) de Threoir 2004/35/CE ar dhliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas,

–  ag féachaint do fhaisnéisiú ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) an 6 Meitheamh 2016 dar teideal 'Cur chun feidhme na Treorach maidir le Dliteanas Comhshaoil: suirbhé ar an bpróiseas measúnaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún’,

–  ag féachaint don staidéar óna Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla an 15 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Dliteanas comhshaoil cuideachtaí’,

–  ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún ó mhí na Bealtaine 2020 dar teideal ‘Feabhas a chur ar shlándáil airgeadais i gcomhthéacs na Treorach maidir le Dliteanas Comhshaoil’,

–  ag féachaint don mheastóireacht ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Nollaig 2019 ar an Treoir um Choireacht Chomhshaoil,

–  ag féachaint do nóta faisnéise EPRS ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 dar teideal Environmental liability of companies: selected possible amendments of the ELD [Dliteanas comhshaoil cuideachtaí: leasuithe roghnaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an ELD],

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 28 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an meastóireacht ar an Treoir um Choireacht Chomhshaoil (SWD(2020)0259),

–  ag féachaint do na conclúidí agus do na moltaí ó Ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun Coireacht Chomhshaoil a Chomhrac (EFFACE) ó mhí an Mhárta 2016,

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0112/2021),

A.  de bhrí, de bhun Airteagal 191(1) CFAE, go rannchuideoidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le cuspóirí a bhaint amach amhail sláinte an duine a chosaint, cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú, úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain;

B.  de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 37 den Chairt go ndéanfar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a ionchorprú i mbeartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe;

C.  de bhrí go spreagann straitéis chomhshaoil chomhordaithe AE comhar agus go n-áirithíonn sí go bhfuil beartais AE comhsheasmhach lena chéile; de bhrí go leagtar síos leis an gComhaontú Glas don Eoraip, uaillmhian an neamhthruaillithe, a bhainfear amach trí straitéis thrasearnálach chun sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint ar dhíghrádú agus truailliú comhshaoil, agus á iarraidh ag an am céanna freisin go mbeadh aistriú cothrom ann nach bhfágann aon duine ar lár;

D.  de bhrí go dtugann iompar gnó freagrach le tuiscint go dtugann cuideachtaí aird chuí ar ábhair imní comhshaoil; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach dliteanas as damáiste don chomhshaol a áirithiú chun gnólachtaí Eorpacha a dhéanamh níos inbhuanaithe san fhadtéarma; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir éacht den sórt sin agus reachtaíocht ghaolmhar maidir le dícheall cuí corparáideach, cuntasacht shóisialta chorparáideach agus rialachas corparáideach inbhuanaithe a fhorbairt; de bhrí nach mór dliteanas a bheith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

E.  de bhrí gur féidir le damáiste don chomhshaol, ceimiceáin ghuaiseacha agus dhíobhálacha agus athrú aeráide a bheith ina gcúis le rioscaí suntasacha do shláinte an duine ó thruailliú aeir, ithreach agus uisce;

F.  de bhrí go maireann ELD taobh le hionstraimí agus forálacha dliteanais eile, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon; de bhrí go bhféadfadh teagmhais is siocair le dliteanais ELD a bheith ina gcúis le himeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a bheith ann i gcomhthráth, rud a chruthódh éiginnteacht agus neamhdheimhneacht dhlíthiúil do na cuideachtaí lena mbaineann agus d’íospartaigh ionchasacha araon;

G.  de bhrí go léirítear i dtuarascáil 2016 ón gCoimisiún maidir le dliteanas comhshaoil, d’ainneoin na dtairbhí a bhaineann le ELD sna hiarrachtaí chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas dlíthiúil ar leibhéal AE, go bhfuil ilroinnt rialála sa réimse seo agus easpa aonfhoirmeachta i dtéarmaí dlíthiúla agus praiticiúla fós os comhair AE;

H.  de bhrí go raibh sainmhínithe ELD atá ann cheana ar ‘dhamáiste don chomhshaol’ agus ‘oibreoir’ ina n-ábhar d’anailísí éagsúla a tharraing aird ar dheacrachtaí maidir lena léirmhíniú; de bhrí go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na tairsí maidir le damáiste don chomhshaol agus go bhfuil gá le soiléiriú breise dá bhrí sin;

I.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcásanna ina ndearna íospartaigh an truaillithe, arb iad fochuideachtaí cuideachtaí Eorpacha atá gníomhach lasmuigh de AE is cúis leis, iarracht imeachtaí dliteanais chomhshaoil a thabhairt i gcoinne máthairchuideachtaí os comhair cúirteanna in AE;

J.  de bhrí go bhfuil córais dliteanais maidir le truailliú idirleata i ndlí an Aontais ina gcórais ilroinnte;

K.  de bhrí gur bunaíodh le ELD creat um dhliteanas comhshaoil bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, chun damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas; de bhrí go gcomhlánaíonn ELD na mórphíosaí de reachtaíocht chomhshaoil AE, a bhfuil nasc díreach nó indíreach aici leo, go háirithe an Treoir maidir le Gnáthóga(6), an Treoir maidir le hÉin(7), an Treoir Réime maidir le hUisce(8), an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí(9) agus an Treoir maidir le Sábháilteacht amach ón gCósta(10);

L.  de bhrí gur moladh i dtuarascáil 2016 ón gCoimisiún ar dhliteanas comhshaoil go ndéanfadh na Ballstáit go léir ‘sonraí maidir le teagmhais ELD a thaifeadadh agus cláir ELD a fhoilsiú mura bhfuil sé sin déanta acu cheana’(11); de bhrí, ina ainneoin sin, nach bhfuil ach seacht mBallstát ann a bhfuil clár acu le haghaidh cásanna ELD atá ar fáil go poiblí, agus go bhfuil clár ag ceithre Bhallstát eile nach bhfuil ina chlár poiblí; de bhrí go mbailíonn roinnt Ballstát faisnéis a chumhdaítear le píosaí eile de reachtaíocht AE, ach nach gcumhdaítear go sonrach le ELD, nó go bhfuil cláir acu a bhfuil raon feidhme níos leithne nó éagsúil acu, agus de bhrí go mbailíonn roinnt Ballstát sonraí ar an leibhéal réigiúnach; de bhrí nach bhfuil aon bhunachar sonraí de theagmhais chomhshaoil ná de chásanna ELD ag 14 Bhallstát; de bhrí gur saintréith de chur chun feidhme ELD méid suntasach solúbthachta do na Ballstáit bunaithe ar ilroinnt rialála agus easpa aonchineálachta faoi ghné dlithiúil agus faoin ngné phraiticiúil araon;

M.  de bhrí go ndealraíonn sé nach ndéanann formhór na mBallstát foráil d’ionstraimí slándála airgeadais éigeantacha ina reachtaíocht, ach go n-éilíonn roinnt tíortha iad(12); de bhrí, i gcás ina gcuirtear na hionstraimí sin chun feidhme, go ndealraíonn sé gur cruthaíodh go raibh siad éifeachtach agus gur léiríodh leo an gá atá le measúnú a dhéanamh ar chóras éigeantach slándála airgeadais a thabhairt isteach;

N.  de bhrí go bhfuil cumhdach árachais leordhóthanach ar fáil i bhformhór na margaí, lena n-áirítear le haghaidh feabhsúchán comhlántach agus cúiteach, go bhfuil an t-éileamh íseal mar gheall ar easpa teagmhas tuairiscithe, forfheidhmiú fo-optamach agus forbairtí malla i margaí atá ag teacht chun cinn(13); de bhrí nach bacainn é sin ann féin ar ráthaíochtaí airgeadais éigeantacha a thabhairt isteach;

O.  de bhrí gur fadhb in AE i gcónaí í dócmhainneacht oibreoirí mar thoradh ar mhórthionóiscí; de bhrí gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na creataí náisiúnta agus rialála atá ann cheana agus cur chuige comhchuibhithe AE a ghlacadh d’fhonn cáiníocóirí a chosaint ar iarmhairtí dócmhainneachta cuideachta;

P.  de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar infhaighteacht ionstraimí slándála airgeadais ó glacadh ELD;

Q.  de bhrí gur glacadh Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint(14), lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE, agus go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm í ón 25 Meitheamh 2023;

R.  de bhrí, i gcásanna áirithe, cé go bhfuil comhaltaí den bhord corparáideach ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí lena mbaineann baol mór i leith díobháil a dhéanamh don chomhshaol, go bhfuil a gcinnteoireacht fós dírithe ar bhrabús a dhéanamh chun dochar d’iompar freagrach agus don chomhshaoil;

S.  de bhrí gur cheart, le hathbhreithniú ELD, féachaint le cothromaíocht a bhaint amach idir ábhair imní chorparáideacha agus cosaint an chomhshaoil;

T.  de bhrí go bhfuil ról réamhghníomhach glactha ag Parlaimint na hEorpa le blianta beaga anuas chun réimeas dliteanais chomhshaoil a éileamh i ndáil le dochar don chomhshaol agus do chearta an duine i dtríú tíortha, go háirithe nuair a glacadh a rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le dliteanas corparáideach i leith sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtríú tíortha(15);

U.  de bhrí gur cheart go n-áiritheodh sainordú don Choimisiún forfheidhmiú forálacha maidir le machaire comhréidh a bhunú nó a chothabháil do shaincheisteanna comhshaoil i gcomhaontuithe trádála AE, i gcás ina bhfuil na forálacha sin mar chuid de chomhaontú den sórt sin;

V.  de bhrí go bhfuil an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ag fiosrú conas a dháiltear rioscaí agus tairbhí comhshaoil ar fud na sochaí; de bhrí go leagtar béim i gComhaontú Pháras 2015 maidir leis an Athrú Aeráide ar a thábhachtaí atá sé cearta daoine leochaileacha a chur san áireamh; de bhrí gur fhoilsigh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le déanaí Creatphrionsabail maidir le Cearta an Duine agus an Comhshaol, lena soiléirítear na hoibleagáidí atá ar stáit maidir le cearta an duine i ndáil le comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe; de bhrí, thairis sin, go bhfuil córas dliteanais chorparáidigh i leith sáruithe ar chearta an duine á chaibidliú faoi láthair ag na Náisiúin Aontaithe;

W.  de bhrí go mbíonn drochthionchar ag damáistí comhshaoil agus coireanna comhshaoil ar an mbithéagsúlacht agus ar an aeráid, ach freisin ar chearta an duine agus ar shláinte an duine; de bhrí gur cheart go ndéanfaí na rioscaí a bhaineann le cineál trasteorann an damáiste don chomhshaol, coireacht eagraithe thromchúiseach agus éilliú, mar aon leis na rioscaí do chearta an duine agus don chomhshaol, a mheas;

X.  de bhrí go n-aithnítear le Prionsabal 21 de Dhearbhú Stócólm agus le Prionsabal 2 de Dhearbhú Rio an ceart ceannasach atá ag stáit a n-acmhainní féin a shaothrú de bhun a mbeartas comhshaoil féin, ach freisin an fhreagracht as a áirithiú nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí laistigh dá ndlínsí náisiúnta nó dá rialú dochar do chomhshaol stát eile ná do chomhshaol limistéar thar theorainneacha a ndlínsí féin;

Barúlacha ginearálta

1.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin ar mheasúnú a dhéanamh ar bhearnaí i gcur chun feidhme ELD agus ECD ar fud na mBallstát, agus ar iad a líonadh;

2.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil easnaimh chur chun feidhme, éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir le leibhéil forfheidhmiúcháin agus chomhlíonta ELD agus líon na gcásanna go háirithe, agus éagothroime iomaíochta d’oibreoirí ann mar thoradh ar na cumhachtaí lánroghnacha a leagtar amach in ELD, an easpa feasachta agus faisnéise maidir le ELD, acmhainní agus saineolas neamhleor, agus na sásraí laga chun comhlíonadh agus rialachas éifeachtach a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tionchar ag lochtanna den sórt sin ar chur chun feidhme ECD freisin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun caighdeánú rialála in AE a áirithiú agus muinín an phobail a mhéadú in éifeachtacht dhlíthe AE chun damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas ar bhealach níos éifeachtaí agus chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ábhair imní chorparáideacha agus cosaint an chomhshaoil;

3.  á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh ar bun an Fóram um Chomhlíonadh agus Rialachas Comhshaoil, trína dtugtar le chéile gairmithe a bhfuil freagrachtaí orthu i réimse an dearbhaithe comhlíontachta comhshaoil, mar ghníomh iardain ar phlean gníomhaíochta 2018 ón gCoimisiún(16) agus ar chlár oibre 2020-2022 chun feabhas a chur ar chomhlíonadh comhshaoil agus ar rialachas comhshaoil, ar clár é a d’fhormhuinigh an fóram i mí Feabhra 2020(17);

4.  á chur in iúl gurb oth léi gurb amhlaidh, i mórán Ballstát, atá buiséid cigireachtaí comhshaoil gan athrú nó laghdaithe mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais agus go bhféadfadh sé a bheith deacair fiú d’údaráis mhóra, ag a bhfuil lear acmhainn, eolas a fhorbairt go neamhspleách ar na bealaí is fearr le comhlíonadh a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tacaíocht níos láidre ar leibhéal AE, mar shampla trí thairseacha faisnéise inrochtana, líonraí a úsáidtear go coitianta (líonraí AE do chleachtóirí), faisnéis agus treoir maidir le dea-chleachtas, cláir oiliúna bhreise maidir le sainiúlachtaí dlí comhshaoil agus coireanna comhshaoil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta do bhreithiúna agus do chleachtóirí, ábhair oiliúna, agus treoir maidir le scileanna, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, toisc go bhféadfadh sé sin cur leis an mbrú ar chuideachtaí atá ina ‘gcaoraigh dhubha’ agus dul chun tairbhe do chuideachtaí a urramaíonn an dlí agus go gcuirfeadh sé ar chumas na ngeallsealbhóirí, na n-oibreoirí agus an phobail a bheith níos feasaí maidir le córas ELD a bheith ann agus lena fhorfheidhmiú agus ar an gcaoi sin go rannchuideodh sé le damáistí comhshaoil a chosc agus a fheabhsú ar bhealach níos fearr;

5.  á chur in iúl gur oth léi go bhfuil coireanna comhshaoil i measc na gcineálacha gníomhaíochta coiriúla trasnáisiúnta is brabúsaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, acmhainní airgeadais agus daonna iomchuí a leithdháileadh chun coireanna comhshaoil a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus saineolas na n-údarás lena mbaineann, lena n-áirítear ionchúisitheoirí agus breithiúna, a mhéadú d’fhonn an choireacht chomhshaoil a ionchúiseamh, agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, ar bhealach níos éifeachtaí; á iarraidh ar na Ballstáit aonaid speisialaithe a chur ar bun nó a threisiú laistigh dá seirbhísí póilíneachta náisiúnta ar na leibhéil iomchuí chun cionta comhshaoil a imscrúdú; á iarraidh, ina theannta sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta cuí um bainistiú géarchéime comhshaoil i bhfeidhm ag na Ballstáit uile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasnáisiúnta araon agus ag spreagadh na mBallstát leas a bhaint as Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe agus as malartú faisnéise i gcásanna coireachta comhshaoil trasnáisiúnta, lena n-éascaítear comhordú imscrúduithe agus ionchúiseamh a dhéantar go comhthreomhar ar fud roinnt Ballstát;

6.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil mainneachtain foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm nóis imeachta riaracháin chaighdeánaigh le haghaidh údaráis inniúla a chur ar an eolas faoi gharbhagairtí i dtaobh damáiste don chomhshaol nó faoi dhamáiste iarbhír don chomhshaol ar cheann de na cúiseanna éagsúla le comhchuibhiú neamhdhóthanach ELD; á chur in iúl gur oth léi, dá bhrí sin, nach bhfuil aon oibleagáid ann na fógraí sin ná faisnéis faoi conas a dhéileáiltear le cásanna a fhoilsiú; ag tabhairt dá haire gur shainaithin roinnt Ballstát an teorannú sin ina reachtaíocht náisiúnta agus go bhfuil bunachair shonraí curtha ar bun uime sin le haghaidh fógraí, teagmhas agus cásanna; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil an cleachtas éagsúil ó Bhallstát go Ballstát agus go bhfuil sé mós teoranta;

7.  á chur i bhfios gur cheart sonraí iontaofa maidir le teagmhais chomhshaoil is cúis le cur i bhfeidhm ELD nó ionstraimí riaracháin, sibhialta nó coiriúla eile a bhailiú faoi mhaoirseacht tascfhórsa EU ELD, agus na sonraí ábhartha á gcur ar fáil don phobal; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar an gcás chun a shuí an bhféadfadh meascán d’ionstraimí dlíthiúla éagsúla freagairt go leormhaith do dhochar don chomhshaol, nó an bhfuil bearnaí tromchúiseacha fós ann ar gá iad a leigheas; á áitiú go gcuirfí ELD chun feidhme mar is ceart, trí na Ballstáit a spreagadh chun sonraí maidir le teagmhais ELD a thaifeadadh, cláir ELD a fhoilsiú agus na sonraí is gá a bhailiú chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil na treorach ina dtír féin a dhoiciméadú chun muinín i gcóras ELD a mhéadú agus cur chun feidhme níos fearr a bhaint amach;

8.  á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, sa chuid is mó de chásanna ELD, a chomhoibríonn na hoibreoirí leis na húdaráis riaracháin i mbeagnach chun oibriú i dtreo feabhsúchán a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb é EUR 42 000(18) meánchostas na gníomhaíochta feabhsúcháin, ach go raibh na costais i bhfad níos airde i roinnt cásanna suntasacha; á chur in iúl, dá bhrí sin, go raibh aisghabháil costas dodhéanta sna cásanna sin mar gheall ar dhócmhainneacht an oibreora, agus, mar thoradh air sin, gurbh éigean don stát na costais a chumhdach, agus an cáiníocóir go hindíreach, ar feiniméan é nach mór a sheachaint amach anseo;

9.  ag tabhairt dá haire go bhfuil líon na gcuideachtaí a ionchúisítear i gcásanna comhshaoil íseal ar fud na mBallstát, cé gur léir go bhfuil cionta coiriúla de réir bhrí ECD ag tarlú; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, nach ndearna an Coimisiún ná na Ballstáit anailís chuimsitheach ná nár thug siad míniú cuimsitheach ar na cúiseanna atá leis an staid sin fós;

Moltaí

10.  á iarraidh go ndéanfar ELD a athbhreithniú a luaithe is féidir agus go ndéanfar rialachán lán-chomhchuibhithe de; á chur i bhfáth idir an dá linn, gur gá ELD a thabhairt cothrom le dáta agus a ailíniú le píosaí eile de reachtaíocht AE atá ceaptha chun an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear ECD; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil machaire comhréidh á thabhairt do thionscal AE faoi láthair mar thoradh ar dhifríochtaí i gcur chun feidhme agus i gcur i bhfeidhm rialacha AE maidir le dliteanas cuideachtaí as damáiste don chomhshaol, rud a dhéanann feidhmiú cuí mhargadh inmheánach AE a shaobhadh; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí níos fearr chun cur chun feidhme ELD sna Ballstáit a chomhchuibhiú;

11.  á iarraidh go dtabharfaí ECD cothrom le dáta tar éis measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh, lenar cheart measúnú a dhéanamh ar, inter alia, raon feidhme na treorach, agus cineálacha agus patrúin nua coireachta comhshaoil á gcur san áireamh ag an am céanna; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá forfheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta atá ann cheana a áirithiú;

12.  ag tabhairt dá haire tiomantas méadaitheach na mBallstát oibriú i dtreo aitheantas a thabhairt don éiceamharú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar a ábhartha atá éiceamharú do dhlí AE agus do thaidhleoireacht AE;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú breise agus treoir bhreise a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla agus d’ionchúisitheoirí maidir le príomhthéarmaí dlíthiúla a úsáidtear in ECD agus aicmiú comhchuibhithe a fhorbairt maidir le coireanna comhshaoil;

14.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag ionstraimí dlí bhoig, amhail treoirpháipéir maidir le léirmhínithe ar théarmaí dlíthiúla a úsáidtear in ELD agus ECD araon, meastóireacht ar an damáiste, nó faisnéis faoi chleachtais smachtbhannaí sna Ballstáit agus comparáid eatarthu, chun éifeachtacht chur chun feidhme na dtreoracha a fheabhsú; á chur i bhfáth gur gá gníomhaíocht rialála atá i bhfad níos tráthúla agus níos déine a thabhairt isteach sna Ballstáit;

15.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart forfheidhmiú a chomhchuibhiú agus gur cheart tascfhórsa de chuid EU ELD a bheadh comhdhéanta de shaineolaithe ardcháilithe agus oifigigh ón gCoimisiún a chruthú chun tacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na treorach ar thaobh amháin, agus chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt d’íospartaigh an damáiste don chomhshaol maidir leis na roghanna atá ar fáil le haghaidh caingean dlí ar leibhéal AE ar an taobh eile (inchomparáide le SOLVIT);

16.  á chreidiúint gur cheart foráil a dhéanamh sa chreat athbhreithnithe do bhailiú feabhsaithe sonraí ar fud AE, mar aon le malartú faisnéise, trédhearcacht agus comhroinnt dea-chleachtas i measc na mBallstát, le tacaíocht ó thascfhórsa EU ELD;

17.  á mholadh go dtacóidh tascfhórsa EU ELD a bheidh ann amach anseo le córas faireacháin cuimsitheach a chur chun feidhme chun sraith uirlisí éifeachtach a chur ar fáil do na húdaráis inniúla chun faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, le tacaíocht ó thascfhórsa EU ELD, scéimeanna cosanta agus tacaíochta a chur ar bun d’íospartaigh atá thíos le damáiste don chomhshaol agus a áirithiú go mbeidh lánrochtain acu ar cheartas, ar fhaisnéis agus ar chúiteamh; ag cur béim ar an ról atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil ó thaobh feasacht a mhúscailt agus sáruithe féideartha ar dhlíthe comhshaoil AE agus ar dhlíthe náisiúnta comhshaoil a shainaithint;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mearshásraí éilimh d’fhonn cúiteamh tapa a áirithiú d’íospartaigh i gcásanna dócmhainneachta, a bhféadfadh damáistí breise a bheith mar thoradh orthu;

20.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Treoir (AE) 2020/1828;

21.  á aithint go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán Aarhus faoi láthair(19); á athdhearbhú go gceadaíonn Rialachán Aarhus rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, agus ar an gcaoi sin grinnscrúdú poiblí ar ghníomhartha AE a dhéanann difear don chomhshaol; á chur i bhfáth go n-áirítear ELD i Rialachán Aarhus;

22.  ag cur béim, go háirithe, ar ról ríthábhachtach chosantóirí chearta an duine maidir leis an gcomhshaol ag a bhfuil gach iarracht á déanamh cearta agus saoirsí bunúsacha a áirithiú a mhéid a bhaineann siad le comhshaol slán, folláin agus inbhuanaithe a bheith ann, agus ag cáineadh go láidir aon chineál foréigin, bagartha, chiaptha agus imeaglaithe a dhéantar ina gcoinne, lena n-áirítear i gcás inarb é is cuspóir dó an bonn a bhaint, laistigh de chreat nós imeachta, dá n-iarrachtaí chun iad siúd a dhéanann damáiste don chomhshaol a choinneáil freagrach go dlíthiúil; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar imscrúdú agus ionchúiseamh cuí agus éifeachtach ar na gníomhartha sin;

23.  ag tacú leis na ceanglais atá ann chun saincheisteanna neamhairgeadais a thuairisciú freisin; ag tabhairt dá haire, áfach, nach raibh an tuairisciú sin ina dhualgas dlíthiúil ach amháin ar ghnóthais mhóra go dtí seo; á iarraidh ar an gCoimisiún béim a leagan ar fhorfheidhmiú na gceanglas tuairiscithe sin i gcás neamh-fheidhmíochta san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD)(20);

24.  á chreidiúint gur cheart bunáite na sainmhínithe in ELD, go háirithe ‘damáiste don chomhshaol’ agus ‘oibreoir’, a shoiléiriú tuilleadh agus, i gcás inarb iomchuí, leathnú a dhéanamh orthu, chun an treoir a dhéanamh cothrom agus soiléir do na geallsealbhóirí ábhartha uile agus chun coinneáil bord ar bhord le héabhlóid mhear na dtruailleán; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na hiarrachtaí reatha ar dhoiciméad comhthuisceana (CUD) a fhorbairt maidir le príomhshainmhínithe agus príomhchoincheapa ELD; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nár tháinig an Coimisiún agus sainghrúpaí rialtais ELD ar chomhaontú maidir lena fhormáid, rud a fhágann gur doiciméad gurb ea CUD i gcónaí arna tháirgeadh ag an gcomhairleacht a d’fhostaigh an Coimisiún chun tacú le cur chun feidhme chlár oibre ilbhliantúil ELD 2017-2020;

25.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an t-athbhreithniú ar ELD a ailíniú le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide chun leasanna shaoránaigh an Aontais agus an comhshaol araon a chosaint; ag aithint luach intreach an chomhshaoil agus na n-éiceachóras agus a gceart chun cosanta éifeachtaí;

26.  ag tabhairt dá haire go bhfuil córais dliteanais maidir le truailliú idirleata i ndlí an Aontais ina gcórais ilroinnte; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann na córais dliteanais éagsúla de chuid AE aghaidh ar thruailliú idirleata;

27.  á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí i léirmhínithe agus i gcur i bhfeidhm na gcritéar in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir, ina soiléirítear an sainmhíniú ar ‘dhamáiste don chomhshaol’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(1)a den Treoir, ar cheann de na cúiseanna le cur i bhfeidhm neamhréireach na treorach a bheith ann; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na critéir a chur i bhfeidhm agus a shoiléiriú ar bhealach níos comhsheasmhaí agus go dtabharfaí treoir níos comhsheasmhaí ina leith, go háirithe maidir lena bhfuil i gceist le ‘damáiste suntasach’ faoi ELD;

28.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh chun a fháil amach an bhféadfaí teorainn a chur le dochar gearrthéarmach agus fadtéarmach don chomhshaol, do shláinte an duine agus do cháilíocht an aeir dá leathnófaí raon feidhme ELD agus na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, measúnú a dhéanamh ar cibé an dtuigtear go cuí agus go héifechtach, le cur chuige phrionsabal an réamhchúraim, go bhféadfadh rioscaí nó éifeachtaí contúirteacha a bheith ann;

29.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a mheas go bhfuil coireanna comhshaoil ina dthosaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as Airteagal 83(2) CFAE agus breithniú a dhéanamh i dtaobh creat foriomlán a ghlacadh maidir le cionta comhshaoil agus smachtbhannaí éifeachtacha agus comhréireacha, lena sainítear na hiompraíochtaí atá le pionósú, cineál na sáruithe, na cineálacha cionta, na córais leorghnímh, na bearta athshlánaithe agus na smachtbhannaí íosta, lena n-áirítear dliteanas foriomlán daoine dlítheanacha agus aonair; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht coireanna comhshaoil a chur san áireamh sna catagóirí cionta in Airteagal 83(1) CFAE;

30.  á mheas gur díspreagthaí tábhachtacha in aghaidh an damáiste don chomhshaol iad bearta coisctheacha cuimsitheacha agus éifeachtacha agus smachtbhannaí coiriúla athchomhairleacha agus comhréireacha; á chur in iúl gur saoth léi na rátaí ísle braite, imscrúdaithe, ionchúisimh agus ciontaithe i gcás coireanna comhshaoil; á mheas, thairis sin, maidir le cuideachtaí, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, gur cheart dóibh na costais iomlána a sheasamh i ndáil leis an díobháil chomhshaoil a rinne siad go díreach chun iad a dhreasú chun inmheánú a dhéanamh ar sheachtrachtaí comhshaoil agus chun seachtrú na gcostas a sheachaint;

31.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh dliteanas riaracháin, sibhialta agus coiriúil i gceist le damáiste don chomhshaol do na cuideachtaí atá freagrach i gcomhréir le prionsabal ne bis in idem; ag tabhairt dá haire go bhfuil na cineálacha dliteanais sin ann i gcomhthráth le córais dliteanais eile sa dlí gnó, amhail dlí na dtomhaltóirí nó dlí na hiomaíochta;

32.  á chur in iúl gur ábhar imní di an ráta ard coireachta comhshaoil, mar léirítear sna meastacháin chomhcheangailte ó OECD, ó Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC), ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) agus ó Interpol maidir le luach airgid na coireachta comhshaoil uile go bhfuil sí ar an gceathrú catagóir is airde den choireacht idirnáisiúnta; ag aithint an naisc dhírigh nó indírigh atá idir cionta comhshaoil agus coireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus éilliú(21); á iarraidh ar Europol an staidéar arna dhéanamh in 2015(22) a thabhairt cothrom le dáta agus sonraí atá tugtha cothrom le dáta a sholáthar go tráthrialta; á chur i bhfios go bhfuil reo agus coigistiú na bhfáltas ó choireacht, lena n-áirítear coireanna comhshaoil, ina modhanna ríthábhachtacha chun an choireacht eagraithe a chomhrac, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na fáltais sin a úsáid freisin chun críoch sóisialta arb é is aidhm dóibh an damáiste arna dhéanamh a dheisiú agus an comhshaol a fheabhsú;

33.  á iarraidh ar an gCoimisiún cíoradh a dhéanamh ar an bhféidearthacht síneadh a chur le sainordú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a luaithe a bheidh sé lánbhunaithe agus lánfheidhmiúil, chun cionta comhshaoil a chumhdach;

34.  á iarraidh ar Europol agus ar Eurojust doiciméadú, imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna comhshaoil a threisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Europol agus ar Eurojust breis tacaíochta agus struchtúir níos éifeachtaí agus níos institiúidithe a chur ar fáil do líonraí cleachtóirí atá ann cheana, d’fhorfheidhmiú an dlí trasteorann, do ghníomhaireachtaí comhshaoil agus d’ionchúisitheoirí speisialaithe amhail Líonra Eorpach na nIonchúisitheoirí don Chomhshaol (ENPE) agus Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol (EUFJE);

35.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an (ríomh)oiliúint do ghníomhaithe forfheidhmithe dlí sa choireacht chomhshaoil, agus á iarraidh ar CEPOL a oiliúint a threisiú sa réimse sin;

36.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé líonra Europol um an gcoireacht chomhshaoil (EnviCrimeNet) a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun go bhféadfar imscrúduithe neamhspleácha agus éifeachtacha a dhéanamh chun coireanna comhshaoil a chomhrac;

37.  á chur i bhfáth nach mór do chóras dliteanais chomhshaoil AE urraim a thabhairt do chomhtháthú beartais le haghaidh forbartha agus do phrionsabal na neamhdhíobhála;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chóras dliteanais thánaistigh a thabhairt isteach, eadhon dliteanas máthairchuideachta agus slabhra i leith damáiste arna dhéanamh do shláinte an duine agus don chomhshaol(23), agus measúnú a dhéanamh ar staid reatha dliteanais fochuideachtaí atá gníomhach lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear feabhsuithe féideartha le haghaidh cásanna de dhamáiste don chomhshaol;

39.  á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún go n-áireofar ina thogra maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach córas dliteanais agus á mheas, chun go mbeadh íospartaigh in ann leigheas éifeachtach a fháil, ba cheart gnóthais a chur faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta as an díobháil a rinne na gnóthais atá faoina rialú nó an díobháil ar chuir siad léi trí ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí, i gcás ina ndearna na gnóthais atá faoi rialú sáruithe ar chearta an duine nó ina ndearna siad díobháil don chomhshaol, ach amháin más féidir leis an ngnóthas a chruthú gur ghníomhaigh sé le cúram cuí i gcomhréir lena oibleagáidí díchill chuí agus go ndearna sé gach beart réasúnach chun an díobháil sin a chosc;

40.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart an cead roghnach agus na cosaintí úrscothacha faoi ELD a choimeád ach amháin nuair is féidir le cuideachta a chruthú nach bhféadfadh sí a bheith ar an eolas faoi chontúirt a gníomhaíochta (an dualgas cruthúnais aisiompaithe); á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaidh an córas athbhreithnithe maidir le dliteanas comhshaoil srian a chur ar raon feidhme chur i bhfeidhm an cheada agus na gcosaintí úrscothacha chun go mbeidh sé níos éifeachtaí, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ELD a ailíniú le reachtaíocht maidir le dliteanas sibhialta do bhoird chorparáideacha i gcásanna inar féidir nasc cúisíoch a bhunú idir gníomh nó neamhghníomh de chuid boird chorparáidigh agus damáiste don chomhshaol mar atá sainmhínithe in ELD, lena n-áirítear i gcás ina dtagann an damáiste sin as gníomhaíochtaí truaillitheacha a dhéantar chun brabús na cuideachta a uasmhéadú agus bónais a cuid comhaltaí a mhéadú(24);

42.  á thabhairt chun suntais go bhféadfaí costas an damáiste don chomhshaol maidir leis na cáiníocóirí agus na hoibreoirí atá freagrach a laghdú go mór trí úsáid a bhaint as ionstraimí slándála airgeadais; á thabhairt dá haire, áfach, nach bhforáiltear le ELD do chóras slándála airgeadais éigeantach;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chóras slándála airgeadais éigeantach a thabhairt isteach (lena gcumhdófaí árachas, ráthaíochtaí bainc, comhthiomsuithe cuideachtaí, urrúis agus bannaí nó cistí) a mbeadh tairseach uasta ann in aghaidh an cháis, lena ndíreofaí ar chosc a chur ar cháiníocóirí na costais a eascraíonn as feabhsúchán an damáiste don chomhshaol a sheasamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, modheolaíocht chomhchuibhithe an Aontais a fhorbairt le haghaidh an tairseach dliteanais uasta a ríomh, agus an ghníomhaíocht agus an tionchar ar an gcomhshaol á gcur san áireamh; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhféadfar cúiteamh airgeadais a fháil, fiú i gcás dócmhainneacht an oibreora atá freagrach;

44.  á iarraidh ar an Coimisiún staidéar a thiomsú maidir le scéim cúitimh airgeadais ELD a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta i gcásanna nach bhfuil na leigheasanna atá ar fáil leordhóthanach mar gheall ar mhéid an damáiste; á chur i bhfáth gur cheart go dtabharfaí aghaidh leis na pléití gaolmhara, inter alia, ar bhealaí a d’fhéadfaí damáiste don chomhshaol a chainníochtú;

45.  á mheas, ós é is cuspóir do ELD ná damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas, gur cheart rialachán a bheidh ann amach anseo (an Rialachán maidir le Dliteanas Comhshaoil) a bheith infheidhme maidir le gach cuideachta a oibríonn an Aontais, gan beann ar an áit inar corpraíodh iad nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch agus cómhalartacht chun riachtanais cuideachtaí i ngeilleagar domhanda a chomhlíonadh; á mheas, thairis sin, gur cheart cur i bhfeidhm an rialacháin a bheidh ann amach anseo a leathnú chuig aon eintiteas a fhaigheann maoiniú ón Aontas, maoiniú náisiúnta nó maoiniú réigiúnach agus atá ina chúis le damáiste don chomhshaol nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste don chomhshaol le linn a chuid gníomhaíochtaí;

46.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcuideachtaí Eorpacha atá ag saothrú an chuspóra maidir le luach a chruthú ar bhonn inbhuanaithe agus á iarraidh ar gach cuideachta dul i mbun bunlíne thriarach;

47.  á aithint go bhféadfadh aistriú chuig modhanna táirgthe atá níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a bheith dian ar am agus ar chostas, agus ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus riaracháin do ghnólachtaí a ndéantar difear dóibh;

48.  á mheabhrú gur cheart don Aontas ardleibhéal cosanta comhshaoil a chur chun cinn ina chríoch féin agus a dhícheall a dhéanamh damáiste don chomhshaol i dtríú tíortha a bhfuil cuideachtaí atá lonnaithe i mBallstáit an Aontais ina gcúis leis a chosc ; á mheabhrú, chomh maith céanna, nach bhfuil aon ionstraim dlí de chuid an Aontais ann lena dtugtar aghaidh ar an bhféidearthacht cuideachtaí Eorpacha thar lear a ionchúiseamh i leith coireanna comhshaoil nó gníomhaíochtaí a dhéanann damáiste don chomhshaol; á iarraidh ar an Aontas máthairchuideachtaí a spreagadh chun cuir chuige atá inbhuanaithe agus freagrach a ghlacadh maidir lena gcomhar le tríú tíortha, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol, agus staonadh ó straitéisí infheistíochta a ghlacadh as a n-eascraíonn torthaí guaiseacha go díreach; ag spreagadh an Choimisiúin chun dreasachtaí a bhunú do chuideachtaí a théann a mbeartais inbhuanaitheachta, ar bhonn deonach, thar na caighdeáin chomhshaoil agus bhithéagsúlachta atá leagtha síos sa dlí ar mhaithe leis na beartais sin a mheas, coimriú a dhéanamh ar dhea-chleachtais, agus é sin a chur ar fáil do chuideachtaí eile mar shampla le leanúint;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na forálacha bithéagsúlachta i ngach comhaontú trádála a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go hiomlán, lena n-áirítear trína Phríomhoifigeach Forfheidhmithe Trádála; á mheas gur cheart don Choimisiún measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar na gcomhaontuithe trádála ar an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear gníomhaíocht leantach chun forálacha bithéagsúlachta na gcomhaontuithe atá ann cheana agus na gcomhaontuithe a bheidh ann amach anseo a neartú, i gcás inarb ábhartha;

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfar forfheidhmiú na bhforálacha maidir le machaire comhréidh a bhunú agus chothabháil i leith saincheisteanna comhshaoil i gcomhaontuithe trádála an Aontais, i gcás ina bhfuil na forálacha sin mar chuid de chomhaontú den sórt sin, a áirithiú;

51.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, i gcásanna réamhshainithe de thruailliú atá an-fhorleathan, ní hamháin ionstraimí dliteanais chomhshaoil, ach an iliomad ionstraimí, lena n-áirítear bearta riaracháin, pionóis airgeadais agus i gcásanna áirithe ionchúiseamh coiriúil a chur i bhfeidhm chun an fhadhb a réiteach;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm na smachtbhannaí arna mbunú faoi ECD a fhorfheidhmiú;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a áirithiú go ndéanfar freagracht shóisialta chorparáideach as díobháil don chomhshaol a chosc agus a leigheas a chur san áireamh i gconarthaí soláthair agus i leithdháileadh cistí poiblí;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh cigireachtaí comhshaoil ar leibhéal an Aontais gan a thuilleadh moille, mar a mhol an Fóram um Chomhlíonadh agus Rialachas Comhshaoil i ngníomhaíocht a naoi dá chlár oibre, ach á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach leor moladh chun critéir íosta a bhunú le haghaidh cigireachtaí comhshaoil;

55.  á iarraidh ar an gCoimisiún gníomh ón Aontas, óna Bhallstáit agus ón bpobal idirnáisiúnta a chur chun cinn chun dlús a chur le hiarrachtaí in aghaidh na coireachta comhshaoil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht a mhúscailt agus réitigh a chur chun cinn i bhfóraim idirnáisiúnta;

56.  á mholadh gur cheart an moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001(25), ina dtugtar míniú mionsonraithe ar an gcaoi ar cheart cigireachtaí comhshaoil a dhéanamh, a thabhairt cothrom le dáta más gá agus a thrasuí i ndoiciméad nó i rialachán ceangailteach;

57.  á iarraidh ar Ombudsman an Aontais a fhócas ar shaincheisteanna a bhaineann leis an acquis comhshaoil a neartú;

58.  á mheas, maidir leis na cuideachtaí a chiontaítear as coireanna comhshaoil, nár cheart cead a bheith acu leas a bhaint as na bearta atá beartaithe d’chláraithe atá ar an gclár trédhearcachta ar feadh tréimhse ama iomchuí, ach ar thréimhse í a bheadh teoranta; á mholadh, chuige sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar raon feidhme agus ar chód iompair an chláir trédhearcachta chun forálacha a áireamh maidir le cuideachtaí arna gciontú i gcoireanna comhshaoil a bhaint ar bhonn sealadach;

59.  á thabhairt chun suntais go bhféadfadh méadú ar líon na sáruithe ar an dlí a bhaineann le truailliú uisce a eascair as faisnéis a bhaineann le héifeachtaí gníomhaíochtaí tionsclaíochta a láimhseáil faoi rún, maille leis na deacrachtaí a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chleachtais amhail dumpáil neamhdhleathach substaintí nó dramhaíl isteach san fharraige, díghású soithí agus dumpáil ola, agus iad a shainaithint; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don phobal chun an mheastóireacht ar nasc cúisíoch a d’fhéadfadh a bheith idir oibríochtaí tionsclaíocha agus damáiste don chomhshaol a éascú;

60.  ag tacú leis an iarraidh ó na Náisiúin Aontaithe go dtabharfaí aitheantas ar fud an domhain don cheart chun comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe ar leibhéal na Náisiún Aontaithe;

61.  á mheabhrú gur bagairt atá ag dul i méid é an méadú domhanda i gcoiriúlacht chomhshaoil ar bhaint amach Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus go mbraitheann daoine i dtíortha i mbéal forbartha go díreach ar an gcomhshaol i ndáil lena slándáil bia, lena slándáil sláinte agus lena slándáil eacnamaíoch; á chur in iúl gur saoth léi go gcuireann an díghrádú bithéagsúlachta de dheasca an athraithe aeráide agus an chailliúint acmhainní atá mar thoradh air lena leochaileacht;

62.  á iarraidh go dtabharfar níos mó tacaíochta d’údaráis áitiúla agus do rialtais tíortha i mbéal forbartha chun reachtaíocht agus beartais intíre a chomhchuibhiú le caighdeáin idirnáisiúnta chomhshaoil; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do ghníomhaithe áitiúla i dtríú tíortha agus i dtíortha i mbéal forbartha chun údaráis rialtais a thabhairt chun cuntais as damáiste don chomhshaol arna dhéanamh ag cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, ar damáiste é a cheadaíonn nó a ghlacann an stáit leis;

o
o   o

63.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 143, 30.4.2004, lch. 56.
(2) IO L 328, 6.12.2008, lch. 28.
(3) IO L 102, 11.4.2006, lch. 15.
(4) IO L 140, 5.6.2009, lch. 114.
(5) IO L 178, 28.6.2013, lch. 66.
(6) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(7) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(8) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(9) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(10) Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).
(11) COM(2016)0204, lch. 10.
(12) Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, Outcome of the Specific Contract ‘Support for the REFIT actions for the ELD – phase 2’ [Toradh an Chonartha Shonraigh ‘Tacaíocht do ghníomhaíochtaí REFIT do ELD – céim 2’], an Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil, 2019, lch. 17.
(13) Meastóireacht REFIT ar an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil, lch. 47.
(14) IO L 409, 4.12.2020, lch. 1.
(15) IO C 215, 19.6.2018, lch. 125.
(16) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2018 maidir le gníomhaíochtaí AE chun comhlíonadh agus rialachas comhshaoil a fheabhsú (COM(2018)0010).
(17) An Fóram um Chomhlíonadh agus Rialachas Comhshaoil, clár oibre formhuinithe 2020-2022 chun feabhas a chur ar chomhlíonadh comhshaoil agus ar rialachas comhshaoil, an Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil, 2020.
(18) An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Dliteanas comhshaoil cuideachtaí, Parlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 2020, lch. 110.
(19) Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (COM(2020)0642).
(20) Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe, (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(21) Féach an tuarascáil i gcomhair EFFACE dar teideal ‘An Choireacht Eagraithe agus an Choireacht Chomhshaoil: Anailís ar Ionstraimí Dlí Idirnáisiúnta’ (2015), nó an staidéar dar teideal ‘Coireacht chomhshaoil thrasnáisiúnta ina bhagairt don fhorbairt inbhuanaithe’ (2019).
(22) Europol, Report on Environmental Crime in Europe [Tuarascáil ar Choireacht Chomhshaoil san Eoraip], an 5 Meitheamh 2015.
(23) Féach, mar shampla, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Meán Fómhair 2009, Akzo Nobel NV agus Daoine Eile v Coimisiún na gComhphobal Eorpach, C-97/08 B, ECLI:EU:C:2009:536.
(24) E.g. scannal dieselgate agus cás POF Volkswagen.
(25) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 lena ndéantar foráil maidir le critéir íosta i gcomhair cigireachtaí ar an gcomhshaol sna Ballstáit (IO L 118, 27.4.2001, lch. 41).

An nuashonrú is déanaí: 9 Meán Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais