Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/0002(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0255/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0255/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 08/06/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0264

Téacsanna atá glactha
PDF 126kWORD 47k
Dé Máirt, 8 Meitheamh 2021 - Strasbourg
Leasuithe iarmhartacha ETIAS: teorainneacha agus víosaí ***I
P9_TA(2021)0264A9-0255/2020
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha a bhaineann le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun críocha ETIAS agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2018/1861 (COM(2019)0004 – C8-0024/2019 – 2019/0002(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0004),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(a), (b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0024/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 31 Márta 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0255/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
P9_TC1-COD(2019)0002

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1152.)

An nuashonrú is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais