Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0107(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0189/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0189/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 08/06/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0265

Téacsanna atá glactha
PDF 134kWORD 52k
Dé Máirt, 8 Meitheamh 2021 - Strasbourg
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/003 DE/GMH Guss - an Ghearmáin
P9_TA(2021)0265A9-0189/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss (COM(2021)0207 – C9-0156/2021 – 2021/0107(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0207 – C9‑0156/2021),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (Rialachán CED),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), (“IIA an 16 Nollaig 2020”), agus go háirithe pointe 9 de,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9‑0189/2021),

A.  de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;

B.  de bhrí gur chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2020/003 DE/GMH Guss isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 585 iomarcaíocht(4) i gceithre fhochuideachta de chuid na cuideachta Guss GmbH atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 24 (Monarú miotal bunúsach) i leibhéal NUTS 2 Düsseldorf (DEA1)(5) agus Arnsberg (DEA5)(6), laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 31 Iúil 2020 go dtí an 30 Samhain 2020;

C.  de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 585 oibrí ar chuir ceithre fhochuideachta de GMH Guss GmbH sa Ghearmáin ar iomarcaíocht iad.

D.  de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát;

E.  de bhrí go bhfuil dúshláin mhóra roimh thionscal na teilgcheárta sa Ghearmáin amhail athruithe i dtrádáil idirnáisiúnta in earraí agus seirbhísí agus rótháirgeadh sa tSín, go háirithe sa tionscal mótarfheithiclí, chomh maith le gníomhaíochtaí a athlonnú chuig tríú tíortha, lena n-áirítear chuig tíortha is iarrthóirí AE, áit a bhfuil caighdeáin chomhshaoil níos ísle i bhfeidhm(7) agus ina dtugtar fóirdheontais mhór do thionscail;

F.  de bhrí gur thosaigh fadhbanna GMH Guss nuair a rinne príomhchliant na fochuideachta Walter Hundhausen GmbH, a bhí freagrach as 60 % de tháirgeacht na fochuideachta, an cinneadh chun codanna den slabhra soláthair a thabhairt don Tuirc;

G.  de bhrí gur oscail an t-iomaitheoir Téavánach MEITA dhá theilgcheárta in Obrenovac na Seirbia, a tháirgeann go príomha do thionscal mótarfheithiclí na hEorpa agus, mar gheall ar fhóirdheontais agus costais saothair níos ísle, bhí MEITA in ann praghsanna i bhfad níos ísle a thairiscint ná mar a bhí ag a iomaitheoir Gearmánach GMH Guss;

H.  de bhrí gur tháinig laghdú 8,9 % ar tháirgeadh foriomlán miotail theilgthe sa Ghearmáin idir 2018 agus 2019(8) mar gheall ar na dúshláin seo a bhaineann le domhandú, a raibh tionchar acu go háirithe ar an Réin Thuaidh-Viostfáile ina dtáirgtear 25 % de mhiotail theilgthe na Gearmáine;

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ghearmáin i dteideal EUR 1 081 706 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 1 802 845, a chuimsíonn EUR 1 730 731 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 72 114 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.  ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine an t-iarratas isteach an 15 Nollaig 2020, agus, tar éis don Ghearmáin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 27 Aibreán 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.  ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;

4.  ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 585 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in earnáil tionsclaíochta na Gearmáine; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Ghearmáin ag dréim leis nach mbeidh ach 476 de na tairbhithe incháilithe iomlána rannpháirteach sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe), 455 ar fir iad agus 21 ar mná iad agus a bhformhór idir 30 agus 54 bliana d’aois;

5.  á chur i bhfios go láidir go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí sin ar an ngeilleagar áitiúil, ós rud é gur tharla siad i gcomhthéacs ardleibhéil dífhostaíochta (10,7 % i Meán Fómhair 2020) i gceantar Ruhr mar gheall ar dhúshláin struchtúracha ó na 1960idí agus iarmhairtí phaindéim Covid-19;

6.  á chur i bhfios, i gcás fhormhór na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht, gur sa dara leath dá mbeatha ghairmiúil atá siad, agus go bhfuil leibhéal íseal cáilíochta foirmiúla acu chomh maith le leibhéal íseal Gearmáinise go minic; á chur i bhfios go láidir thairis sin, mar a mhínítear san iarratas, gur fir iad líon ard de na tairbhithe a mbaineann cúlra imirceach leo agus go bhféadfadh baill eile dá dteaghlaigh a n-ath-imeascadh rathúil sa mhargadh saothair a éascú, ar minic gur fearr i bhfad an t-eolas atá acu ar an nGearmáinis ná na hiarfhostaithe;

7.  á thabhairt chun suntais agus á chur in iúl gur geal léi eagrú na bpiarghrúpaí, agus aird á tabhairt ar chásanna pearsanta na n-iarfhostaithe a bhí i gceist; á chur i bhfios go láidir gur gá iarfhostaithe, gan idirdhealú agus go neamhspleách ar a náisiúntacht, a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear sa tionscadal seo CED;

8.  á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais é na cáilíochtaí riachtanacha a sholáthar do na hoibrithe seo a cuireadh ar iomarcaíocht chun claochlú éiceolaíoch agus cóir thionscal an Aontais a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ós rud é gur oibrigh siad in earnáil a bhí an-dian ó thaobh carbóin de; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na seirbhísí pearsantaithe a sholáthraíonn an CED seo do na hoibrithe, lena n-áirítear bearta uas-scilithe agus cúrsaí Gearmáinise, ceardlanna, treoshuíomh gairme, comhairleoireacht poist, chomh maith le liúntais oiliúna agus seirbhís chomhairleach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, chun an réimse, agus an margadh saothair foriomlán, a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní sa todhchaí;

9.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Lúnasa 2020 agus gurb í an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dá bhrí sin, ná an 1 Lúnasa 2020 go dtí an 15 Nollaig 2022;

10.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Samhain 2020 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Samhain 2020 go dtí an 15 Meitheamh 2023;

11.  á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Ghearmáin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, agus gur cuireadh coiste faireacháin ar bun ar a raibh ionadaithe ón Aireacht Saothair agus Gnóthaí Sóisialta, na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, an chuideachta aistrithe, ionadaithe ó na comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe ó cheardchumann IG Metall, leachtaitheoirí an fhiontair dífhostaithe agus a fhochuideachtaí, chomh maith le hionadaithe ó na comhairlí oibreacha, chun idirghabháil chomh-mhaoinithe CED a stiúradh; á thabhairt chun suntais gur chomhoibrigh comhpháirtithe sóisialta na bhfiontar lena mbaineann cheana féin sna míonna agus sna blianta sular slógadh CED chun na dálaí eacnamaíocha deacra agus an staid eacnamaíoch dheacair a fheabhsú, lena n-áirítear lamháltais tuarastail shuntasacha a rinne na hoibrithe;

12.  ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine in iúl go bhfuil na gníomhartha incháilithe ag comhlánú bearta a thairgeann Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), gan iad a chur ina n-ionad, trí Chlár Oibriúcháin CSE do Réin Thuaidh-Viostfáile;

13.  á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;

14.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

15.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

16.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.
(5) Fochuideachtaí Friedrich Wilhelms-Hütte Eisenguss GmbH agus Friedrich Wilhems-Hütte GmbH, agus an dá fhochuideachta sin lonnaithe in Mülheim an der Ruhr.
(6) Fochuideachta Dieckerhoff Guss GmbH in Gevelsberg, agus an fhochuideachta Walter Hundhausen GmbH (chomh maith le ceanncheathrú GMH Guss GmbH) in Schwerte.
(7) Taighde ó Deutsche Bank (2020): Automobilindustrie – Produktion in China überflügelt heimische Fertigung; Eurofound (2016): -Tuarascáil ERM, 2016: Moilliú ar an domhandú? Fianaise a fuarthas le déanaí faoi sheachfhoinsiú agus faoi chur ar bun sa bhaile an athuair san Eoraip; Eurofound (2020): Tuarascáil ERM, 2020: Athstruchtúrú thar theorainneacha. Arna thomhas in olltonnáiste cúitithe (cgt).
(8) Stephen, Sophie (2020): Deutsche Gussproduktion 2019 und Ausblick 2020, le fáil in: GIESSEREI, 04/2020.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/1021.)

An nuashonrú is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais