Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0115(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0187/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0187/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 08/06/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0267

Téacsanna atá glactha
PDF 141kWORD 52k
Dé Máirt, 8 Meitheamh 2021 - Strasbourg
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/004 NL/KLM - an Ísiltír
P9_TA(2021)0267A9-0187/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Ísiltír – EGF/2020/004 NL/KLM (COM(2021)0226 – C9-0161/2021 – 2021/0115(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0226 – C9-0161/2021),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (‘Rialachán CED’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3) (‘IIA an 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,

–  ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0187/2021),

A.  de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;

B.  de bhrí gur chuir an Ísiltír iarratas EGF/2020/004 NL/KLM isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF), tar éis 1 851 iomarcaíocht(4) sa chuideachta KLM Royal Dutch Airlines i réigiún NUTS leibhéal 2 Noord-Holland (NL32) san Ísiltír, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 15 Lúnasa 2020 go dtí an 15 Nollaig 2020;

C.  de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 851 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in KLM Royal Dutch Airlines, ar tharla 650 iomarcaíocht díobh le linn na tréimhse tagartha agus gur tharla 1 201 díobh roimh an tréimhse tagartha nó ina diaidh agus gur féidir nasc cúisíoch soiléir a shuíomh leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha;

D.  de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 500 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát;

E.  de bhrí gur admhaigh an Coimisiún gur chruthaigh géarchéim shláinte COVID-19 géarchéim eacnamaíoch agus gur chuir sí ar son plean téarnaimh Next Generation EU a leagann béim ar an ról lárnach atá ag CED maidir le cuidiú le hoibrithe iomarcacha;

F.  de bhrí gur bhain COVID-19 suaitheadh ollmhór as tionscal na heitlíochta de bharr srianta taistil, rud ba chúis le laghdú 98,9 % ar aerthrácht idirnáisiúnta in Aibreán 2020 i gcomparáid le hAibreán 2019, agus go ndearnadh 64 % den aerárthach domhanda a stóráil;

G.  de bhrí gur tháinig laghdú 75,6 % ar éileamh paisinéirí idirnáisiúnta in 2020 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2019, cé, de réir réamhaisnéis dhomhanda na bpaisinéirí ón gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta, go dtógfaidh sé idir 3 agus 4 bliana ar thionscal na heitlíochta teacht ar ais chuig an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim.

H.  de bhrí gurb é seo ceann de an chéad slógaí de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh Teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(5) a bheith glactha ag Parlaimint na hEorpa, á rá go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;

I.  de bhrí go raibh, sular thosaigh an phaindéim, méadú seasta ag teacht ar fheidhmíocht airgeadais KLM idir 2015 agus 2019, agus a ghlanbhrabús á mhéadú ó EUR 54 mhilliún sa bhliain airgeadais 2015 go EUR 449 milliún sa bhliain airgeadais 2019;

J.  de bhrí gur tháinig laghdú 68 % ar líon na bpaisinéirí a bhí á n-iompar ag KLM agus gur tháinig laghdú 53,8 % ar ioncam KLM in 2020 i gcomparáid le 2019, rud a d’fhág go ndearna KLM caillteanas oibríochta de EUR 1 154 mhilliún a charnadh in 2020 i gcomparáid le brabús EUR 714 mhilliún in 2019(6), agus go ndearnadh a lucht bainistíochta plean athstruchtúrúcháin a fhógairt lena ndéanfaí laghdú thart ar 5 000 coibhéis lánaimseartha ar an lucht saothair(7);

K.  de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála(8);

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ísiltír i dteideal EUR 5 019 218 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 8 365 364, a chuimsíonn EUR 8 030 750 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 334 614 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.  ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na hÍsiltíre an t-iarratas isteach an 22 Nollaig 2020, agus, tar éis don Ísiltír faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 6 Bealtaine 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.  á chur in iúl gur oth léi an próiseas fada i gcás deacair mar sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas measúnaithe, lena n-áiritheofar gur féidir le hoibrithe a dífhostaíodh tairbhe a bhaint as tacaíocht an Aontais ar bhealach tráthúil;

4.  ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 1 851 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta KLM Royal Dutch Airlines ; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ísiltír ag dréim leis nach nglacfaidh ach 1 201 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (‘tairbhithe spriocdhírithe’);

5.  ag tabhairt dá haire gur chinn an Ísiltír gan tacaíocht ioncaim a thabhairt do na hoibrithe a briseadh as a bpost trí CED; ag tabhairt dá haire gur sheol rialtas na hÍsiltíre deontas tacaíochta pá cineálach do na cuideachtaí ar fad a ndearna géarchéim COVID-19 difear breis agus 20 % dá lánioncam agus go ndearna Grúpa KLM iarratas ar dheontas NOW (Noodmaatregel Overbrugging voor Werkgelegenheid); ag tabhairt dá haire go ndearna Grúpa KLM iarratas ar an tréimhse iomlán a chumhdaítear le deontas NOW agus go bhfuil réamhíocaíochtaí de EUR 683 mhilliún faighte aige cheana féin agus gur cheart go bhfaigheadh sé EUR 488 milliún sa bhreis;

6.  ag tabhairt dá haire gur faoin mBallstát atá sé cinneadh a dhéanamh cé mhéad de na hoibrithe incháilithe ar cheart díriú orthu chun tairbhe a bhaint as an tacaíocht; á iarraidh ar an Ísiltír a chinntiú go ndéanfar na daoine is leochailí, ar dócha go mbeidh orthu dul i ngleic le formhór na ndeacrachtaí i margadh an tsaothair, a chur san áireamh gan aon chineál idirdhealaithe; á chur i bhfáth go bhfuil tairbhe ag baint le gach oibrí iomarcach a imeascadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis na bearta a áirítear sa tionscadal seo CED, i gcás gurb í sin an rogha is fearr dóibh;

7.  á chur i bhfios go láidir go meastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag na hiomarcaíochtaí toisc gurb é KLM an dara fostóir príobháideach is mó san Ísiltír a raibh os cionn 33 000 fostaí aige(9) in 2019; á mheabhrú gur tharla na hiomarcaíochtaí sin i gcomhthéacs rátaí dífhostaíochta a bheith ag dul i méid in Noord-Holland, a mhéadaigh faoi 1,5 pointe céatadáin agus a shroich 4,8 % sa cheathrú ráithe de 2020 i gcomparáid le ráithe chéanna 2019;

8.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ísiltír ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Feabhra 2021 agus gurb í an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dá bhrí sin, ná an 1 Feabhra 2021 go dtí an 1 Feabhra 2023;

9.  á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: treoshuíomh gairmiúil, tacaíocht chun obair a fháil in earnálacha tiomnaithe, oiliúint, cóitseáil agus/nó oideachas agus comhairle airgeadais; á chur in iúl gur díol sásaimh di béim na n-údarás ar athoiliúint oibrithe chun a n-aistriú chuig earnálacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair a éascú, amhail oideachas, cúram sláinte, lóistíocht, teicneolaíochtaí agus bainistiú faisnéise;

10.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ísiltír ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Feabhra 2021 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 1 Lúnasa 2023;

11.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur dhréachtaigh an Ísiltír an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus na comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear ocht gceardchumann agus, i ndlúthchomhar leis na Comhairlí Oibreacha ábhartha, gur cuireadh grúpa tacaíochta ar bun chun a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí sin a chomhordú;

12.  á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na hÍsiltíre nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais(10);

13.  á iarraidh go leanfar den ualach riaracháin a laghdú le linn an phróisis;

14.  á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí cumarsáide maidir leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais trí CED; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faisnéis a scaipeadh maidir le breisluach an Aontais agus maidir leis an tacaíocht a thugtar d’earnálacha agus oibrithe leochaileacha, go háirithe i ndiaidh thitim amach COVID-19;

15.  á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;

16.  ag tabhairt dá haire, de réir an Choimisiúin, gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;

17.  ag tacú go láidir go leanfaidh CED in 2021-2027 de bheith ag taispeáint dlúthpháirtíochta agus é ag aistriú an fhócais ó chúis an athstruchtúraithe go dtí a thionchar; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh dícharbónú ina chúis freisin faoi na rialacha nua le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta.

18.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

19.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

20.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0141.
(6) https://www.airfranceklm.com/sites/default/files/q4_2020_press_release_en_final.pdf
(7) Seomra nuachta KLM: https://news.klm.com/klm-adapts-organisation-further-due-to-covid-19-crisis/
(8) COM(2020)0442.
(9) Tuarascáil bhliantúil KLM 2019: https://www.klm.com/travel/nl_nl/images/KLM-Jaarverslag-2019_tcm541-1063986.pdf
(10) An 13 Iúil 2020, d’fhormheas an Coimisiún Eorpach, faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, beart Státchabhrach de chuid na hÍsiltíre ar fiú EUR 3,4 billiún é arb é atá ann ráthaíocht Stáit maidir le hiasachtaí agus iasacht fo-ordaithe Stáit do KLM chun leachtacht phráinneach a chur ar fáil don chuideachta i gcomhthéacs na ráige den choróinvíreas.https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_20_1333


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Ísiltír – EGF/2020/004 NL/KLM

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/1022.)

An nuashonrú is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais