Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0243(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0198/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0198/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 09/06/2021 - 16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0279

Téacsanna atá glactha
PDF 129kWORD 50k
Dé Céadaoin, 9 Meitheamh 2021 - Strasbourg
Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta 2021-2027 – An Eoraip Dhomhanda ***II
P9_TA(2021)0279A9-0198/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (06879/1/2021 – C9-0191/2021 – 2018/0243(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06879/1/2021 – C9‑0191/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle (COM(2018)0460),

–  ag féachaint don togra leasaithe ón gCoimisiúin (COM(2020)0459),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Fhorbairt faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Gnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Fhorbairt (A9‑0198/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag formheas a ráiteas atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  ag tabhairt dá haire na dearbhuithe ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

5.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú, in éineacht leis na ráitis uile atá i gceangal leis an rún seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

7.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 45, 4.2.2019, lch. 1.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 295.
(3) IO C 108, 26.3.2021, lch. 312.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cúnamh a deonaíodh faoi na hionstraimí maoinithe seachtracha a chur ar fionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil tagairt ghinearálta i Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, maidir leis an bhféidearthacht cúnamh a chur ar fionraí gan an bonn nithiúil a shonrú do chinneadh den sórt sin. Ba cheart fionraí cúnaimh den sórt sin a chur chun feidhme i gcás nach n-urramaíonn tír chomhpháirtíochta prionsabail an daonlathais, an smachta reachta nó an dea-rialachais, nó urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha nó do chaighdeáin sábháilteachta núicléiche a aithnítear go hidirnáisiúnta.

Mar sin féin, tugann Parlaimint na hEorpa dá haire, murab ionann agus in limistéir gheografacha eile comhair, go bhforáiltear le forálacha sonracha don limistéar Comharsanachta, go háirithe Airteagal 20(2), do thacaíocht mhéadaithe don tsochaí shibhialta, do chosc coinbhleachtaí agus do chothú na síochána, do theagmhálacha duine le duine, lena n-áirítear comhar idir údaráis áitiúla, do thacaíocht d’fheabhsú chearta an duine nó do bhearta tacaíochta a bhaineann le géarchéimeanna, i gcás díghrádú tromchúiseach nó seasmhach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta, nó i gcás baol coinbhleachta méadaithe. Measann Parlaimint na hEorpa gur cheart tacaíocht mhéadaithe den sórt sin do na limistéir thuasluaite a chur ar fáil má tharlaíonn an díghrádú sin i dtíortha lasmuigh den limistéar Comharsanachta chomh maith, agus meabhraíonn sí go bhforáiltear le hAirteagal 4(5) go háirithe go bhféadfar gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme trí chláir théamacha a dhéanamh freisin i gcás inar cuireadh an clár geografach ar fionraí.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim fhoriomlán airgeadais a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá gcuirfí cúnamh ar fionraí faoi na hionstraimí sin. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus maidir le comhordú straitéiseach

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil na tagairtí d’ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle imithe i léig, agus measann sí dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, gur cheart an tAirteagal seo a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, d’fhonn ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais is infheidhme i dtréimhse CAI 2021-2027, eadhon an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach, an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn.

Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) struchtúr comhordaithe straitéiseach a bhunú a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus de SEGS chun comhleanúnachas, sineirgíocht, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le hidirphlé geopholaitiúil le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda

Tá an Coimisiún Eorpach, agus aird á tabhairt aige ar fheidhmeanna rialaithe polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tiomanta d’idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh idir an dá institiúid maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda. Leis an idirphlé sin, ba cheart go mbeifí in ann malartuithe a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfear san áireamh go hiomlán na seasaimh atá acu maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

San idirphlé geopholaitiúil, pléifear treoshuímh ghinearálta maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le clársceidealú sula nglacfar na doiciméid chlársceidealaithe, agus a bhaineann le hábhair shonracha amhail úsáid a bhaint as an maolán um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó giaráil a chur i bhfeidhm as a dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar leithdháileadh cistiúcháin atá tiomnaithe don imirce nó ar an gcúnamh a thugtar do thír chomhpháirtíochta a chur ar fionraí nuair nach n-urramaíonn sí go leanúnach prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Seo a leanas struchtúr an idirphlé gheopholaitiúil:

(i)  Idirphlé ardleibhéil idir an tArdionadaí/Leas-Uachtarán agus na Coimisinéirí i gceannas ar Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta agus ar an gComharsanacht gus ar an Méadú agus Parlaimint na hEorpa.

(ii)  Idirphlé buan ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach le meithleacha AFET agus DEVE chun a áirithiú go ndéanfar ullmhúchán leordhóthanach agus go ndéanfar obair leantach ar an idirphlé ardleibhéil.

Beidh an t-idirphlé ardleibhéil ar siúl dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceann de na cruinnithe a bheith i gcomhthráth le tíolacadh an dréachtbhuiséid bhliantúil ag an gCoimisiún.

An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAithrisí 50, 51 agus Airteagal 8.10:

Na cláir réigiúnacha tacaíochta don imirce, tacóidh siad le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha cothroma saincheaptha le tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais agus tíortha óstacha ábhartha, ag leanúint cur chuige solúbtha spreagúil, agus le tacaíocht ón sásra comhordúcháin laistigh den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda. Déanfar iad a chomhlánú le gníomhaíochtaí faoi na cláir tíre, i gcás inarb iomchuí.

D’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla agus is éifeachtaí is féidir as na cistí sin, i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún Eorpach na tosaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach trí úsáid a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile de chuid an Aontais agus glacfaidh sé páirt i gcomhordú leis na Ballstáit ar bhealach sioncronaithe agus éifeachtúil. Áiritheoidh sé go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go dlúth agus go rialta, rud a fhágfaidh go bhféadfar tuairimí a mhalartú.

An nuashonrú is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais