Tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní COVID-19, cóireáil, treallamh, méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní COVID-19, cóireáil, treallamh, méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha (2021/2692(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
— ag féachaint do Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), go háirithe Airteagal 31bis de,
— ag féachaint do Dhearbhú Doha an 14 Samhain 2001 maidir le Comhaontú TRIPS agus an tSláinte Phoiblí,
— ag féachaint do chinneadh an 6 Samhain 2015 ó Chomhairle EDT um Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) maidir leis an síneadh ar an díolúine le haghaidh na dtíortha is lú forbairt (TLFanna) ar baill de EDT iad i ndáil leis na forálacha de Chomhaontú TRIPS a bhaineann le táirgí cógaisíochta a chur chun feidhme,
— ag féachaint do theachtaireacht an 2 Deireadh Fómhair 2020 ón India agus ón Afraic Theas inar iarradh go dtarscaoilfí forálacha áirithe de Chomhaontú TRIPS ar mhaithe le cosc agus srianadh COVID-19 agus cóireáil ina choinne, ar chuidigh Eswatini, an Chéinia, Mósaimbíc agus an Phacastáin léi, agus ar thacaigh 100 tír eile léi,
— ag féachaint don togra athbhreithnithe le haghaidh tharscaoileadh fhorálacha TRIPS mar a chuir 62 Chomhalta de chuid EDT in iúl an 21 Bealtaine 2021,
— ag féachaint do litir oscailte an 13 Aibreán 2021 ó 243 eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta chuig Ard-Stiúrthóir EDT maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda a bhaineann le soláthar neamhleor na dtáirgí íocshláinte i gcoinne COVID-19, go háirithe vacsaíní, agus leis an rochtain éagórach orthu,
— ag féachaint do ráiteas an 5 Bealtaine 2021 ó Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe inar chuir sí tacaíocht SAM do tharscaoileadh sealadach TRIPS in iúl,
— ag féachaint do litir oscailte an 27 Bealtaine 2021 ó Uachtarán Phoblacht Chósta Ríce agus Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), inar iarradh an athuair ar Bhallstáit uile EDS tacú go gníomhach leis an Díorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 (C-TAP),
— ag féachaint do Dhearbhú na Róimhe a eisíodh tar éis Chruinniú Mullaigh Domhanda an 21 Bealtaine 2021,
— ag féachaint do litir an 31 Bealtaine 2021 ó Stiúrthóirí EDS, EDT, an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda, inar iarradh tiomantas nua i dtaca le cothromas vacsaíní agus an lámh in uachtar a fháil ar an bpaindéim,
— ag féachaint do Ráiteas Comhpháirteach an 20 Aibreán 2020 ó Ard-Stiúrthóir EDT agus Ard-Stiúrthóir EDS Tedros chun tacú leis na hiarrachtaí chun gnáthshreabhadh trasteorann soláthairtí leighis ríthábhachtacha agus earraí agus seirbhísí eile a áirithiú,
— ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,
— ag féachaint do Riail 132 dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go raibh thart ar 172,000,000 cás de COVID-19 ann agus, mar thoradh air sin, go bhfuair níos mó ná 3,700,000 duine bás ar fud an domhain, a fhágann go bhfuil na milliúin daoine ag fulaingt agus in anacair ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus go bhfuil a slite beatha á scriosadh; de bhrí go bhfuil tionchar ag iarmhairtí COVID-19 fhadmharthanaigh ar 10 % de na hothair ar fud an domhain, rud atá ina shiocair le cailliúint post, bochtaineacht agus leochaileachtaí léanmhara socheacnamaíocha;
B. de bhrí go bhfuil straitéis dhomhanda de dhíth de bharr phaindéim dhomhanda COVID-19 atá ann faoi láthair, straitéis maidir le vacsaíní, diagnóisic, cóireáil agus táirgeadh agus dáileadh trealaimh; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch agus eolaíoch atá bunaithe ar fhíorais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sláinte a bhaineann leis an bpaindéim; de bhrí go bhfuil cur chuige inscne-íogair agus trasnach ríthábhachtach chun comhionannas a bhaint amach agus ag gach céim den phróiseas vacsaínithe, ó fhorbairt go leathadh amach;
C. de bhrí gur cás eiseamláireach iad cás na vacsaíní a n-éilítear, mar gheall ar sheachtrachtaí dearfacha ollmhóra, go gcaitear leo mar earraí poiblí domhanda agus go gcuirtear ar fáil saor in aisce iad; de bhrí go bhfuil vacsaíní á bhfáil saor in aisce ag gach saoránach i dtíortha forbartha; de bhrí nach mbeadh sé ceart ná cóir ar bhonn eitice mura mbeadh feidhm ag an bprionsabal sin i leith daoine atá i bhfad níos boichte i dtíortha i mbéal forbartha;
D. de bhrí go luaitear sa Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus leis an tSláinte Phoiblí, a glacadh in Doha an 14 Samhain 2001, gur cheart Comhaontú TRIPS a chur chun feidhme agus a léirmhíniú ar bhealach atá chun leasa na sláinte poiblí – lena spreagtar rochtain ar chógais atá ann cheana agus forbairt cógas nua; de bhrí gur chinn Comhairle TRIPS EDT an 6 Samhain 2015 an díolúine ó phaitinní drugaí do na tíortha is lú forbairt (LDCanna) a fhadú go dtí mí Eanáir 2033;
E. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach vacsaíniú a áirithiú do na pobail is leochailí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ar chostas réasúnta; de bhrí gur cruthaíodh gurb iad na vacsaíní atá bunaithe ar mRNA na cinn is éifeachtaí, ach gurb iad na cinn is costasaí ar an margadh iad freisin;
F. de bhrí, amhail ó mhí an Mheithimh 2021, gur tugadh tuairim is 1.6 billiún dáileog vacsaíne do dhaoine ar fud an domhain, agus gur tugadh a bhformhór díobh sin i dtíortha tionsclaithe agus i dtíortha a tháirgeann vacsaíní; de bhrí nach ndearnadh ach 0.3 % de na dáileoga vacsaíne a thabhairt amach sna 29 dtír is boichte as na dáileoga a tugadh amach ar fud an domhain, tíortha ina bhfuil thart ar 9 % de dhaonra an domhain ina gcónaí; de bhrí go measann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go bhféadfaí níos mó ná EUR 7 dtrilliún a chur leis an OTI domhanda dá gcuirfimis dlús le dáileadh na vacsaíní agus dá n-éireodh linn an víreas a chur faoi smacht; de bhrí go bhfuil os cionn 260 milliún vacsaín dáilte ag AE ar a chuid Ballstát agus go bhfuil níos mó ná 226 mhilliún vacsaín onnmhairithe aige chuig tríú tíortha, ach nach dtéann ach 10 % díobh sin chuig na tíortha is lú forbairt (TLFanna);
G. de bhrí go bhfuil athraithigh nua de COVID-19 ag teacht chun cinn, athraithigh ar údar imní iad, atá níos inaistrithe agus níos marfaí agus nach mbíonn an éifeacht chéanna ag vacsaíní orthu, agus go bhféadfadh dáileoga vacsaíne breise a bheith ag teastáil ina n-aghaidh, lena mbrúfar an t-éileamh i bhfad thar an 11 bhilliún dáileog riachtanach a measadh go mbeadh gá leo ar dtús; de bhrí go bhfuil sé riachtanach dlús a chur leis an táirgeadh chun vacsaíniú an domhain a bhaint amach; de bhrí gur tosaíocht dhomhanda é monarú vacsaíní a mhéadú; de bhrí nach féidir bac a chur ar na slabhraí soláthair domhanda le haghaidh amhábhar le bearta caomhnaitheacha nó bacainní neamhtharaife ar thrádáil; de bhrí, ar an drochuair, gur chuir an chuid is mó de na tíortha ina monaraítear vacsaíní toirmisc onnmhairithe ar vacsaíní agus ar a gcomhábhair, rud a chuireann cosc ar mhéadú ar an táirgeadh domhanda agus a chruthaíonn bacainní sna slabhraí soláthair;
H. de bhrí go ndearnadh méid ollmhór cistí agus acmhainní príobháideacha agus poiblí a infheistiú sa taighde agus forbairt, i dtrialacha cliniciúla agus i soláthar chun vacsaíní agus cóireálacha i gcoinne COVID-19 a fhorbairt ar bhealach oscailte agus inrochtana; de bhrí go ndearna lucht taighde san earnáil phríobháideach agus phoiblí, institiúidí sláinte, oibrithe túslíne, eolaithe, taighdeoirí agus othair faisnéis faoin víreas a bhailiú, faisnéis a d’úsáid cuideachtaí cógaisíochta;
I. de bhrí gurb iad na ceadúnais dheonacha an uirlis is éifeachtaí chun go mbeadh sé níos éasca an táirgeadh a mhéadú agus fios gnó a roinnt; de bhrí nach raibh aon chuideachtaí príobháideacha rannpháirteach i dtionscnamh an Díorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 (C-TAP) lena n-iarrtar ar chuideachtaí cógaisíochta gealltanas a thabhairt i dtaca le ceadúnú deonach domhanda a bheadh trédhearcach agus neamheisiach; de bhrí, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, go bhfuil sé curtha in iúl ag 19 monaróir as níos mó ná dosaen tíortha san Afraic, san Áise, agus i Meiriceá Laidineach go bhfuil siad toilteanach dlús a chur le táirgeadh vacsaíní mRNA; de bhrí, i láthair na huaire, nach n-úsáidtear ach 40 % den acmhainneacht táirgthe dhomhanda chun vacsaíní i gcoinne COVID-19 a tháirgeadh;
J. de bhrí, áfach, go bhfuil brú polaitiúil nach beag ar chuid mhór tíortha atá i mbéal forbartha, ar tíortha iad a bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta neamhleor acu nó nach bhfuil aon acmhainneacht mhonaraíochta acu, agus go bhfuil deacrachtaí dlíthiúla acu, rud a chuireann bac orthu solúbthachtaí TRIPS a úsáid, go sonrach Airteagal 31bis agus an próiseas ciotach agus fada chun táirgí cógaisíochta a allmhairiú agus a onnmhairiú;
K. de bhrí go n-áirithíonn cosaintí paitinne agus cosaintí maoine intleachtúla eile coimircí don dul i riosca fiontraíochta, agus go gcuireann creat dlíthiúil iltaobhach na gceart maoine intleachtúla (CMI) dreasachtaí ar fáil atá ríthábhachtach chun ullmhú i gcomhair paindéimí a bheidh ann amach anseo; de bhrí gurb í rochtain chothrom dhomhanda ar vacsaíní, ar dhiagnóisic agus ar chóireálacha inacmhainne an t-aon bhealach amháin chun tionchar na paindéime ar an tsláinte phoiblí dhomhanda agus tionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú, agus go bhfuil tarscaoileadh sealadach na n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cosaint maoine intleachtúla do tháirgí íocshláinte, d’fheistí leighis agus do theicneolaíochtaí sláinte eile a bhaineann le COVID-19 ar cheann de na nithe is tábhachtaí chun an sprioc sin a bhaint amach;
L. de bhrí, mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch scanrúil nach bhfacthas riamh cheana san India, gur fhorchuir rialtas na tíre toirmeasc onnmhairithe ar vacsaíní, beart a chuir isteach ar an soláthar domhanda agus ar shásra COVAX; de bhrí gur príomh-rannchuiditheoir le COVAX é an tAontas; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE, faoi Fhoireann na hEorpa, 100 milliún dáileog eile a dheonú lena n-úsáid i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim faoi dheireadh 2021;
M. de bhrí gur cuireadh an vacsaín in aghaidh an phóilió ar an margadh gan phaitinn agus go bhfuil an galar díothaithe anois i roinnt mhaith réigiún ar fud an domhain; de bhrí gurbh éigean do rialtas na hAfraice Theas, faoi cheannas Nelson Mandela, úsáid a bhaint as an gceadúnú éigeantach a bhí ar fáil chun coibhéisí cineálacha inacmhainne agus ardcháilíochta a bhrú chun cinn chun nár ghá praghsanna iomarcacha a íoc le cuideachtaí drugaí ilnáisiúnta a bhí ag úsáid paitinní le haghaidh cóireáil VEID;
N. de bhrí nach mór na slabhraí soláthair i dtíortha atá i mbéal forbartha a fheabhsú; de bhrí go bhféadfadh méadú ar an táirgeadh áitiúil, feasacht i measc an daonra agus méadú ar an gcúnamh don dáileadh i dtíortha atá i mbéal forbartha cur le líon na ndaoine ar domhan atá vacsaínithe; de bhrí go bhfuil easnamh cistithe ann i gcónaí, rud atá ina chúis mhór imní, is é sin easnamh USD 18.5 billiún don Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (Luasaire ACT);
O. de bhrí gur cheart go mbeadh sé mar thosaíocht ag AE a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag daoine ar fud an domhain ar vacsaíní, ar dhiagnóisic, ar theiripí agus ar réitigh eile maidir le soláthar míochaine agus go mbainfear úsáid as gach uirlis atá ar fáil chun slabhraí soláthair a choinneáil ar oscailt;
P. de bhrí go bhfuil tarscaoileadh ag na tíortha is lú forbairt (TLFanna) cheana féin, a deonaíodh go dtí an 1 Eanáir 2033, maidir leis na forálacha de Chomhaontú TRIPS a bhaineann le táirgí cógaisíochta a chur chun feidhme, mar aon le tarscaoileadh a deonaíodh go dtí an 1 Iúil 2021 agus a bhfuil plé á dhéanamh faoi láthair ar shíneadh a chur leis, tarscaoileadh lena ndéantar na tíortha is lú forbairt a dhíolmhú ó na hoibleagáidí uile i gComhaontú TRIPS seachas Airteagail 3, 4 agus 5.
1. á chur in iúl gur mórchúis bhuartha di forbairt na paindéime, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim. á mheabhrú nach bhfuil paindéim COVID 19 thart go fóill agus go mbeidh gá le vacsaíní nua a fhorbairt chun sócháin a chomhrac. á chur i bhfios go láidir nach mór don chomhphobal idirnáisiúnta pé ní is gá a dhéanamh chun paindéim COVID-19 a chur faoi smacht agus go bhfuil gá le réitigh eisceachtúla de bharr imthosca eisceachtúla. á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch, trína dtabharfaí tosaíocht d’infhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí sláinte a bhaineann le COVID-19, do tháirgeadh vacsaíní COVID-19 a mhéadú agus do dháileadh geografach domhanda na hacmhainneeachta monaraíochta. ag cur béim ar an bhfíoras nach mór ról réamhghníomhach a bheith ag beartas trádála idirnáisiúnta san iarracht sin trí thrádáil in amhábhair, táirgí sláinte agus táirgí leighis a éascú, trí ghanntanais pearsanra cáilithe a bhfuil taithí acu a mhaolú, trí fhadhbanna sa slabhra soláthair a réiteach agus trí fhéachaint arís ar an gcreat domhanda maidir le cearta maoine intleachtúla do phaindéimí amach anseo; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do chaibidlíocht réamhghníomhach, chuiditheach agus téacsbhunaithe maidir le tarscaoileadh sealadach ar Chomhaontú TRIPS EDT, ag díriú ar rochtain dhomhanda ar tháirgí leighis inacmhainne a bhaineann le COVID-19 a fheabhsú, agus ar aghaidh a thabhairt ar shrianta táirgeachta domhanda agus ar ghanntanais soláthair;
2. á mheabhrú go ndearbhaítear i nDearbhú Doha maidir le Comhaontú TRIPS agus maidir le Sláinte Phoiblí nach ndéantar le Comhaontú TRIPS, agus nár cheart go ndéanfaí, cosc a chur ar Chomhaltaí bearta a dhéanamh chun an tsláinte phoiblí a chosaint;
3. á chur i bhfios go bhfuil gá le 11 bhilliún dáileog chun 70 faoin gcéad de dhaonra an domhain a vacsaíniú agus nár táirgeadh ach codán den mhéid sin. á chur in iúl nach leor cur chuige atá bunaithe ar ghealltanais go ndeonófar dáileoga barrachais. á mheabhrú go bhfuil ar COVAX dul i ngleic le gannchion de 190 milliún dáileog de bharr staid reatha COVID-19 san India, agus nach gcomhlíonfaidh sé a chuspóirí soláthair don todhchaí intuartha. ag tabhairt dá haire gur deontóir mór é AE don tSaoráid COVAX maidir le maoiniú agus comhroinnt vacsaíní, trí COVAX agus go déthaobhach araon. á iarraidh, áfach, ar AE agus ar a chomhpháirtithe rannchuidithe airgeadais agus neamhairgeadais le COVAX a mhéadú go suntasach. á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an gealltanas ó mhonaróirí áirithe 1.3 billiún dáileog vacsaíne a sholáthar ar chostas íseal nó táirgeachta, agus an gealltanas ó Foireann na hEorpa 100 milliún dáileog a dheonú do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim faoi dheireadh na bliana seo, ag meabhrú go meastar go bhfaighidh Ballstáit AE barrachas de 400 milliún dáileog vacsaíne ar a laghad in 2021. á chur in iúl freisin gur geal léi an tacaíocht a cuireadh ar fáil ó Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun vacsaíní agus ábhar coimhdeach a sheachadadh. á chur i bhfios go láidir gur gá tús áite a thabhairt do sholáthar chuig COVAX. á chur in iúl gur oth léi a bhfuil déanta ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe i ndáil le margadh athdhíola tánaisteach a fhorbairt chun barrachas vacsaíní a dhíol le tíortha tionsclaithe eile.
4. á chur i bhfáth gur cheart go gcuimseofaí sa fhreagairt dhomhanda ar éigeandálaí sláinte, ar thaobh amháin, cur chuige atá dírithe ar thaobh an éilimh, lena soláthrófar maoiniú comhpháirteach agus réamhcheannacháin a bheidh comhordaithe ar fud an domhain, agus, ar an taobh eile, straitéis chomhtháite chomhordaithe ar thaobh an tsoláthair chun uas-scálú a dhéanamh ar an slabhra luacha iomlán. á mheas go bhfuil gá le méadú ar tháirgeadh vacsaíní ar fud an domhain, le comhordú níos fearr ar sholáthairtí agus le slabhraí luacha do vacsaíní atá neartaithe, éagsúlaithe agus athléimneach chun go ndáilfear vacsaíní ar fud an domhain. ag tathant ar an gCoimisiún dul i mbun rannpháirtíochta le tíortha táirgthe vacsaíní chun deireadh a chur go mear le bacainní ar onnmhairiú agus chun ceanglais trédhearcachta maidir le honnmhairiú a chur in ionad a shásra údaraithe onnmhairithe, agus á áitiú go bhfaighfear rochtain thráthúil agus chuimsitheach ar na sonraí sin. á iarraidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Ríocht Aontaithe deireadh a chur láithreach leis an toirmeasc ar onnmhairiú vacsaíní agus amhábhar a bhfuil gá leo chun vacsaíní a tháirgeadh. á iarraidh go méadófar infheistíocht agus comhordú idirnáisiúnta go práinneach le haghaidh uas-scálú táirgthe ionchur criticiúil vacsaínithe, amhail earraí aon uaire agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta, chun go réiteofar baic ar fud slabhraí luacha vacsaíní;
5. á chur i bhfios go láidir, san fhadtéarma, nach mór táirgeadh domhanda vacsaíní a leathnú go práinneach chun freastal ar an éileamh domhanda, agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le hinfheistíocht i gcumais táirgthe na dtíortha atá i mbéal forbartha chun iad a dhéanamh níos neamhthuilleamaíche. á chur i bhfios go bhfuil gá le haistriú éifeachtach teicneolaíochta agus feasa gnó chun é sin a bhaint amach. á aithint gur cheart gurb é an bealach is tábhachtaí chun é sin a bhaint amach ná comhaontuithe deonacha ceadúnúcháin, aistrithe deonacha teicneolaíochta agus feasa gnó chuig tíortha ina bhfuil tionscail táirgthe vacsaíní acu cheana a dhreasú; á chur in iúl, áfach, gur geal léi plé a dhéanamh ar na réitigh éifeachtacha, phragmatacha go léir chun dlús breise a chur le táirgeadh vacsaíní ar fud an domhain agus á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, plé a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha eile atá ar aon intinn ina leith sin;
6. á chur i bhfáth gur príomhdhreasacht í an chosaint phaitinne don nuálaíocht agus don taighde ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire go bhfuil cosaint den sórt sin mar bhonn do chomhaontuithe ceadúnúcháin deonacha agus d’aistriú feasa gnó agus, dá bhrí sin, go n-éascaíonn siad infhaighteacht vacsaíní, seachas bac a chur uirthi; ag tabhairt rabhaidh go mbeadh ar chuideachtaí dul i muinín rúndachta nó eisiachais chun a gcuid nuálaíochtaí a chosaint faoi pharaidím neamh-infhorfheidhmitheachta le haghaidh paitinní; ag cur béim ar an mbagairt a d’eascródh as tarscaoileadh Chomhaontú TRIPS do mhaoiniú taighde, go háirithe do thaighdeoirí, d’infheisteoirí, d’fhorbróirí agus do thrialacha cliniciúla; ag cur béim ar an bhfíoras gur oibleagáid bhunreachtúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid na mBallstát é cearta maoine a chosaint, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;
7. ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún go bhfuil sé toilteanach úsáid an cheadúnaithe éigeantaigh a éascú nuair is gá, chun rochtain dhomhanda thapa ar tháirgeadh vacsaíní a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún critéir oibiachtúla a chur ar fáil maidir le cibé an rachaidh sé i muinín an cheadúnaithe éigeantaigh, cathain a dhéanfaidh sé é sin agus na cásanna ina bhféadfaidh sé é sin a dhéanamh; á chur i bhfáth nach sonraítear i gComhaontú TRIPS na cúiseanna a d’fhéadfaí a úsáid chun bonn cirt a thabhairt don cheadúnú éigeantach; ag cur béim ar an bhfíoras go ndearbhaítear i nDearbhú Doha maidir le TRIPS agus an tSláinte Phoiblí go bhfuil an tsaoirse ag tíortha na forais a chinneadh chun ceadúnú éigeantacha a dheonú agus chun cad is éigeandáil náisiúnta ann a chinneadh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le creat dlíthiúil éifeachtach le haghaidh ceadúnú éigeantach agus go bhféadfadh deacrachtaí dlíthiúla a bheith mar thoradh air sin i dtíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an soláthróidh sé tacaíocht dhlíthiúil don cheadúnú éigeantach sna tíortha is lú forbairt agus conas a dhéanfaidh sé é sin; á chur in iúl gur geal léi an measúnú ón gCoimisiún gurb iad an comhar agus an ceadúnú deonach na huirlisí is éifeachtaí chun leathnú na táirgeachta a éascú;
8. á chur i bhfios go láidir gur gá nasc-cholún na gcóras sláinte de chuid an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT) a atreisiú chun méadú ar acmhainneachtaí próiseála, stórála, dáilte agus seachadta ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha leochaileacha; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit rannpháirtíocht a mhéadú ag EDS, agus tús áite á thabhairt do Luasaire ACT mar chuid d’fhreagairt dhomhanda AE i ngach ceann dá cholúin i ndáil le diagnóisic, teiripic, vacsaíní agus neartú na gcóras sláinte; ag cur béim ar an ngá atá ann tacú le hacmhainní monaraíochta ar mhór-roinn na hAfraice agus á chur in iúl gur geal léi go mór fógra Fhoireann na hEorpa maidir le tionscnamh dar luach EUR 1 bhilliún arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an monarú agus ar an rochtain ar vacsaíní, ar chógais agus ar theicneolaíochtaí sláinte; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá creat rialála leormhaith do tháirgí cógaisíochta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’fhreagracht anois ar AE infheistíocht a dhéanamh in ionaid dáileacháin réigiúnacha, go háirithe san Afraic, agus tacú le Gníomhaireacht Leigheasra Afracach a bhunú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfar tacaíocht d’údaráis cheadaithe áitiúla, go gcuirfear oiliúint ar phearsanra cáilithe leighis agus teicniúil chun vacsaínithe a thabhairt, agus go dtacófar le slabhraí dáileacháin vacsaíní agus go gcabhrófar le teorainneacha, amhail bonneagar fuaraithe, for-rochtain gheografach agus shocheacnamaíoch agus éiginnteacht vacsaíní, a shárú;
9. ag athdhearbhú a tacaíochta don tionscnamh maidir le Díorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 (C-TAP) EDS agus do mhol aistrithe teicneolaíochta vacsaíní mRNA. á chur in iúl gur oth léi gur chinn cuideachtaí cógaisíochta gan páirt a ghlacadh in C-TAP go dtí seo. ag tathant ar an gCoimisiún cuideachtaí cógaisíochta a dhreasú chun a dteicneolaíochtaí agus a bhfios gnó a roinnt trí C-TAP agus gealltanais maidir le comhpháirtíochtaí aistrithe teicneolaíochta le tríú páirtithe, go háirithe le tíortha i mbéal forbartha, a chur san áireamh i gcomhaontuithe réamhcheannaigh AE amach anseo. ag tathant ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as an ngiaráil a bheidh aige le linn na caibidlíochta le haghaidh na gconarthaí don chéad ghlúin eile de vacsaíní COVID chun a áirithiú go n-aistreoidh forbróirí a dteicneolaíocht chuig tíortha ísealioncaim agus meánioncaim ar chostas íseal; á iarraidh go ndéanfar cuideachtaí a mhapáil go gníomhach, lena n-áirítear fochonraitheoirí, leis an bhfios gnó atá riachtanach chun teicneolaíocht a aistriú agus iad a nascadh le cuideachtaí ag a bhfuil saoráidí táirgthe díomhaoine;
10. á iarraidh ar AE a áirithiú go ndéanfar nochtadh iomlán ar chomhaontuithe réamhcheannaigh amach anseo, go háirithe i gcás vacsaíní den chéad ghlúin eile; á iarraidh ar AE gealltanais maidir le ceadúnú domhanda neamheisiach, rúin trádála, sonraí dílseánaigh agus aistrithe teicneolaíochta a chomhtháthú, agus ceanglais trédhearcachta do sholáthróirí a chur san áireamh, lena n-áirítear measúnú costais is brabúis in aghaidh an táirge. á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh na ceanglais trédhearcachta sin cosc ar an gCoimisiún Eorpach gníomhú mar thairgeoir iomaíoch más gá. á athdhearbhú gur gá trédhearcacht iomlán sa chaibidlíocht ar chonarthaí maidir le vacsaíní i gcoinne COVID-19, lena n-áirítear trí pháirt dhíreach a thabhairt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa tríd an ngrúpa teagmhála vacsaíní sna próisis chinnteoireachta chonarthacha. ag dréim leis go bhfaighidh Parlaimint na hEorpa anailís chuimsitheach agus mhionsonraithe go rialta ar tháirgeadh, allmhairí, onnmhairí, agus réamhaisnéisí vacsaíní, lena n-áirítear faisnéis maidir le tír is ceann scríbe d’onnmhairí AE, mar aon le háit tionscnaimh allmhairí de vacsaíní agus comhpháirteanna vacsaíní;
11. á aithint go bhfuil ról ag éascú trádála agus smachta i gcoinne srianta onnmhairiúcháin, leathnú na táirgeachta, lena n-áirítear trí ghealltáin ó mhonaróirí agus forbróirí vacsaíní, chomh maith le héascú solúbthachtaí Chomhaontú TRIPS maidir le ceadúnais éigeantacha, go bhfuil ról acu siúd i ndáil leis an vacsaíniú domhanda a mhéadú. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag Ard-Stiúrthóir EDT chun a chur ina luí ar chomhaltaí réiteach idirphlé-bhunaithe a shaothrú; ag tabhairt dá haire na teachtaireachtaí ón Aontas Eorpach chuig Comhairle Ghinearálta EDT agus chuig Comhairle TRIPS maidir le freagairtí práinneacha beartais trádála ar an ngéarchéim COVID-19, ina gcuirtear trí cholún chomhlántacha i láthair, lena n-áirítear éascú trádála agus smachta maidir le srianta ar onnmhairiú, agus leathnú an táirgthe. ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún a rannpháirtíocht a mhéadú chun tionscnamh Trádála agus Sláinte EDT a thabhairt i gcrích faoin 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT i mí na Samhna 2021. á iarraidh, thairis sin, go mbunófaí Coiste um Thrádáil agus um Shláinte ag an 12ú comhdháil Aireachta de chuid EDT ionas go bhfoghlaimeofar ceachtanna ón bpaindéim, go ndéanfar tograí chun méadú ar éifeachtacht fhreagairt EDT le linn géarchéimeanna sláinte idirnáisiúnta agus go n-ullmhófar colún trádála le haghaidh conradh paindéime idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa slabhra soláthair, ar acmhainneacht táirgeachta atá ag méadú, gníomhú i gcoinne amhantraíocht praghsanna agus chun breathnú arís ar chreat dlí EDT i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh.
12. á chur i bhfios go láidir nach mór do AE ceannaireacht a léiriú agus leanúint de pháirt a ghlacadh in iarrachtaí iltaobhacha agus domhanda maidir le dáileadh, comhordú agus pleanáil ilbhliantúil i dtaca le vacsaíní ag na cruinnithe a bheidh ag Comhairle TRIPS an 8 Meitheamh agus an 14 Deireadh Fómhair 2021, ag Cruinniú Mullaigh G7 a bheidh ann go luath idir an 11 agus an 13 Meitheamh 2021, ag Cruinniú Mullaigh G20 2021, ag Cruinniú Mullaigh AE-SAM 2021, agus Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2021, Comhthionól Domhanda Sláinte 2021, 12ú Comhdháil Aireachta EDT agus ina dhiaidh sin.
13. á iarraidh ar a hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, chuig Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Trádála, chuig rialtais G20, chuig an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, chuig an mBanc Domhanda, chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus chuig comhaltaí Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.