Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (05265/1/2021 – C9-0091/2021 – 2018/0232(COD))
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (05265/1/2021– C9‑0091/2021),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0442),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0038/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Sásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an EDT
175k
58k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (2020/2043(INI))
– ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint do Thuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1.5 °C agus maidir leis an aigéan agus an crióisféar,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid (COM(2020)0562) agus an measúnú tionchair a ghabhann leis (SWD(2020)0176),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 agus ón 17-21 Iúil 2020,
– ag féachaint don rún uaithi an 23 Iúil 2020 maidir le conclúidí an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020(1),
– ag féachaint do chonclúidí agus do mholtaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil speisialta Uimh. 18/2020 an 15 Meán Fómhair 2020, dar teideal The EU’s Emissions Trading System: free allocation of allowances needed better targeting [Córas Trádála Astaíochtaí AE: gá le spriocdhíriú níos fearr ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce],
– ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(2),
– ag féachaint do theachtaireacht uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(3),
– ag féachaint dá seasamh maidir le sprioc aeráide 2030, eadhon laghdú 60 % ar astaíochtaí gás ceaptha i gcomparáid le leibhéil 1990(4),
– ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta, an Coiste um Buiséid agus an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0019/2021),
A. de bhrí go bhfuil drochthionchar an athraithe aeráide ina bhagairt dhíreach ar shlí bheatha an duine agus ar éiceachórais talún agus mhuirí, mar a dhearbhaíonn tuarascálacha speisialta IPCC maidir le téamh domhanda 1.5 °C agus maidir leis an aigéan agus an crióisféar; de bhrí go bhfuil na tionchair sin leithdháilte go héagothrom, agus go bhfuil an chuid is mó de na héifeachtaí díobhálacha le brath ag na tíortha agus na daoine is boichte;
B. de bhrí go meastar, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), ó 2030 ar aghaidh, go gcuirfidh an t-athrú aeráide le tuairim is 250 000 bás breise in aghaidh na bliana, mar gheall ar mhíchothú, maláire, buinneach agus strus teasa;
C. de bhrí go bhfuil an mheánteocht dhomhanda ardaithe cheana féin thar 1.1 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch(5);
D. de bhrí go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta faoi Chomhaontú Pháras gníomhaíocht aeráide a sheachadadh ar bhonn na fianaise eolaíochta is déanaí atá ar fáil agus go bhfuil sé de chuspóir acu anois aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
E. de bhrí, le blianta anuas, gur éirigh leis an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) críche a dhíchúpláil go rathúil ó fhás eacnamaíoch, le laghdú 24 % ar astaíochtaí GCT, agus ag an am céanna gur tháinig méadú os cionn 60 % ar OTI idir 1990 agus 2019; de bhrí nach gcuirtear san áireamh leis sin astaíochtaí an Aontais atá leabaithe ina thrádáil idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, go ndéantar gannmheastachán ar a lorg carbóin domhanda;
F. de bhrí, in 2015, go raibh cóimheas tuairim is 3:1 idir astaíochtaí a allmhairíodh agus astaíochtaí a onnmhairíodh san Aontas, gur allmhairíodh 1,317 billiún tona CO2 agus onnmhairíodh 424 mhilliún tona(6);
G. de bhrí go raibh dlí an Aontais atá ann cheana éifeachtach maidir leis na spriocanna aeráide a glacadh go dtí seo a bhaint amach; de bhrí nár cuireadh dreasachtaí éifeachtacha ar fáil leis an leagan amach atá ann faoi láthair ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (EU ETS), go háirithe na forálacha atá ann cheana maidir le sceitheadh carbóin, chun an dícharbónú is gá a dhéanamh ar earnálacha áirithe, go háirithe sa tionsclaíocht, agus i gcásanna áirithe go raibh brabúis amhantair gan údar do na cuideachtaí is tairbhithe mar thoradh air, mar a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun suntais(7);
H. de bhrí gur cheart don Choimisiún leanúint dá chuid oibre ar mhodheolaíochtaí a fhorbairt chun lorg carbóin agus lorg comhshaoil de tháirge a fhionnadh, trí chur chuige i leith saolré iomlán a úsáid agus trína áirithiú go léirítear an réaltacht a mhéid is féidir le cuntasaíocht astaíochtaí leabaithe i dtáirgí, lena n-áirítear astaíochtaí ó iompar idirnáisiúnta;
I. de bhrí gur cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh freisin ar inrianaitheacht táirgí agus seirbhísí chun tionchair uile a saolréanna a shainaithint ar bhealach níos cruinne, amhail eastóscadh agus úsáid ábhar, an próiseas monaraíochta, úsáid fuinnimh, agus an modh iompair a úsáidtear, d’fhonn bunachair shonraí a bhunú;
J. de bhrí go mbaineann thart ar 27 % d’astaíochtaí domhanda CO2 ó dhóchán breosla faoi láthair le hearraí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta(8); de bhrí go ndéantar 90 % d’iompar idirnáisiúnta earraí ar muir, as a n-eascraíonn astaíochtaí GCT suntasacha; de bhrí nár cuireadh ach astaíochtaí GCT ó loingseoireacht uisce-iompartha inmheánach san áireamh i rannchuidiú tosaigh an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (NDC); de bhrí go bhfuil sé sin faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise sprioc fheabhsaithe AE do 2030;
K. de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 roinnt ceachtanna tábhachtacha, agus gurb é an fáth, dá bhrí sin, leis an togra ón gCoimisiún maidir le hionstraim téarnaimh nua – Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh – go gcuirtear béim ar an ngá atá le neamhspleáchas agus athléimneacht na hEorpa a neartú agus ar an ngá atá le cúrsaí gearra, go háirithe slabhraí soláthair bia níos giorra;
L. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh fís chomhtháite de bheartais aeráide ag an gCoimisiún, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí, amhail na spriocanna do mhuiriompar, agus á comhordú le straitéisí praghsála carbóin;
M. de bhrí, maidir le praghsáil carbóin éifeachtach agus fiúntach a áirithiú, mar chuid de thimpeallacht rialála níos leithne, gur féidir léi feidhmiú mar dhreasacht eacnamaíoch chun modhanna táirgthe a fhorbairt a bhfuil lorg GCT níos ísle acu agus gur féidir léi infheistíochtaí sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua a spreagadh, lena gcuirtear le dícharbónú agus le ciorclaíocht gheilleagar an Aontais; de bhrí go bhféadfadh ról a bheith ag Sásra éifeachtach Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) sa chomhthéacs sin;
N. de bhrí go bhféadfadh an trádáil a bheith ina huirlis thábhachtach chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac; de bhrí gurb é margadh aonair an Aontais an dara margadh tomhaltóirí is mó ar domhan, rud a fhágann go bhfuil riocht uathúil ag an Aontas mar cheannródaí caighdeán domhanda;
O. de bhrí gur gné é an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide in iomaíochas agus i gceartas sóisialta agus go gcuireann sé acmhainneacht mhór ar fail ó thaobh forbairt thionsclaíoch, cruthú post, na nuálaíochta agus forbairt réigiúnach;
P. de bhrí go gceadaítear le hAirteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) do chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) bearta a chur chun feidhme atá riachtanach chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí (b), nó acmhainní nádúrtha (g), a chosaint;
Q. de bhrí gur cheart don Aontas glacadh leis gur féidir le tríú tír CBAM a bhunú má chuireann an tír sin praghas carbóin níos airde chun feidhme;
R. de bhrí go bhfuil seasamh fabhrach glactha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Biden trí bhíthin a ardán toghcháin ag féachaint le ‘táillí coigeartaithe carbóin nó cuótaí a fhorchur ar earraí atá dian ar charbón ó thíortha nach bhfuil a n-oibleagáidí aeráide agus comhshaoil á gcomhlíonadh acu’; de bhrí go gcruthófaí leis sin deis nua don chomhar idir an tAontas agus SAM chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an chomhpháirtíocht thábhachtach sin a athbhunú;
S. de bhrí nár cheart go mbeadh riosca sceite carbóin do thionscail Eorpacha mar thoradh ar uaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide;
Barúlacha ginearálta
1. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach bhfuil aon cheann de na NDCnna a cuireadh isteach, lena n-áirítear iad siúd de chuid an Aontais agus a Bhallstáit, i gcomhréir leis an gcuspóir méadú na teochta domhanda a choinneáil i bhfad faoi 2 °C, de réir mar a fhoráiltear le Comhaontú Pháras, agus iarrachtaí á ndéanamh ag an am céanna chun méadú na teochta domhanda a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;
2. á chur in iúl gur cúis imní di an easpa comhair ó chuid comhpháirtithe trádála an Aontais sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid le blianta beaga anuas, rud a bhaineann an bonn ónár gcumas comhchoiteann domhanda cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, mar a chonacthas le déanaí ag COP25; ag spreagadh na bpáirtithe uile tacú le hiarracht dhomhanda atá comhchoiteann agus eolaíochtbhunaithe lena bhféadfar na spriocanna sin a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle seasamh le próiseas cinnteoireachta atá trédhearcach, cothrom agus cuimsitheach in UNFCCC;
3. á chur i bhfáth go bhfuil an fhreagracht agus an deis ag an Aontas agus a Bhallstáit leanúint de ról ceannasach a ghlacadh i ngníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide, i dteannta na bpríomh-astaírí domhanda eile; ag cur in iúl go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhaíocht domhanda ar son na haeráide, mar a léirítear le glacadh an chuspóra maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus lena phlean chun a sprioc maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú faoi 2030 a mhéadú; ag moladh go láidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a dtaidhleoireacht aeráide a ghéarú roimh ghlacadh an togra reachtaigh le haghaidh CBAM agus ina dhiaidh sin agus, go háirithe, idirphlé leanúnach le comhpháirtithe trádála a áirithiú chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a dhreasú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí taidhleoireachta comhthráthacha chun a áirithiú go mbeidh tíortha comharsanachta an Aontais rannpháirteach ann go luath;
4. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag saoránaigh agus ag tomhaltóirí san aistriú fuinnimh, agus a thábhachtaí atá sé rogha tomhaltóirí a spreagadh, agus tacú léi, chun éifeachtaí an athraithe aeráide a laghdú trí ghníomhaíochtaí inbhuanaithe agus tairbhí comhthaobhacha as a dtagann cáilíocht saoil níos airde a chur chun cinn;
5. ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún sprioc aeráide an Aontais do 2030 a shocrú ar ‘laghdú glan 55 % d’astaíochtaí ar a laghad’ i gcomparáid le leibhéil 1990; á thabhairt chun suntais, áfach, gur ghlac an Pharlaimint sprioc níos airde de 60 %;
6. ag tabhairt dá haire, cé gur laghdaigh an tAontas a chuid astaíochtaí GCT inmheánacha go suntasach, go bhfuil na hastaíochtaí GCT atá leabaithe in allmhairí chuig an Aontas ag dul i méid an t-am ar fad, agus ar gcaoi sin an bonn á bhaint ó iarrachtaí an Aontais a lorg domhanda GCT a laghdú; ag cur i bhfios go láidir gur mó ná 20 % d’astaíochtaí inmheánacha CO2 an Aontais iad glanallmhairí earraí agus seirbhísí san Aontas; á mheas gur cheart faireachán níos fearr a dhéanamh ar chion GCT na n-allmhairí chun bearta féideartha a shainaithint chun lorg domhanda GCT an Aontais a laghdú;
CBAM atá comhoiriúnach le EDT a cheapadh
7. ag tacú le tabhairt isteach CBAM, ar choinníoll go bhfuil sé comhoiriúnach le rialacha EDT agus le comhaontuithe saorthrádála an Aontais Eorpaigh (FTAnna) trí gan a bheith idirdhealaitheach nó ina srian faoi cheilt ar thrádáil idirnáisiúnta; á mheas, mar sin, go gcruthódh CBAM dreasacht do thionscail Eorpacha agus do chomhpháirtithe trádála an Aontais chun a gcuid tionscal a dhícharbónú agus, dá bhrí sin, go dtacódh sé le beartais aeráide an Aontais agus le beartais dhomhanda aeráide araon chun neodracht GCT a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras; á lua go ríshoiléir gur cheart CBAM a cheapadh go heisiach chun cuspóirí aeráide a chur chun cinn agus nach mbainfí mí-úsáid as mar uirlis chun cur leis an gcaomhnaitheacht, le hidirdhealú dochosanta ná le srianta dochosanta; á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh an sásra sin le cuspóirí glasa an Aontais, go háirithe chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar astaíochtaí GCT atá leabaithe i dtionscal an Aontais agus sa trádáil idirnáisiúnta, agus, ag an am céanna, a bheith neamh-idirdhealaitheach agus ag iarraidh machaire comhréidh domhanda a bhaint amach;
8. á chur i bhfáth gur cheart cóireáil speisialta a thabhairt do na Tíortha is Lú Forbairt agus do na Stáit Oileánacha Bheaga atá i mBéal Forbartha chun na sainiúlachtaí a bhaineann leo agus na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag CBAM ar a bhforbairt a chur san áireamh;
9. á mheabhrú go bhfuil srianta agus dúshláin shonracha os comhair na réigiún forimeallach, ar srianta agus dúshláin iad atá níos measa go háirithe mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas agus méid teoranta a gcuid margaí, agus á iarraidh ar CBAM aird ar leith a thabhairt ar a saintréithe sonracha, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
10. á athdhearbhú gur cheart tabhairt isteach CBAM a bheith mar chuid de phacáiste beart reachtach chun a áirithiú go laghdófar go tapa astaíochtaí GCT a eascraíonn as táirgeadh agus tomhaltas an Aontais, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart CBAM a cheangal le beartais lena ndírítear ar infheistíochtaí i bpróisis thionsclaíocha ísealcharbóin a chumasú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí uirlisí nuálacha maoiniúcháin, tríd an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus trí bheartas tionsclaíoch níos leithne de chuid an Aontais atá uaillmhianach ó thaobh an chomhshaoil de agus cothrom ó thaobh na sochaí de, d’fhonn ationsclú dícharbónaithe na hEorpa a stiúradh chun poist ardcháilíochta a chruthú ar an leibhéal áitiúil agus iomaíochas gheilleagar na hEorpa a áirithiú, agus uaillmhian aeráide an Aontais á comhlíonadh agus intuarthacht agus cinnteacht á gcur ar fáil chun infheistíochtaí i dtreo aeráidneodrachta a dhaingniú ag an am céanna;
11. ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir monarú ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní a áirithiú le caighdeáin táirgí, chomh maith le cuidiú le tionchair dhiúltacha íosta ar an gcomhshaol de bharr úsáid táirgí a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, mar chomhlánú ar thabhairt isteach CBAM, noirm agus caighdeáin níos uaillmhianaí agus cheangailteacha a mholadh maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais i dtéarmaí laghdú ar astaíochtaí GCT agus coigilteas ar acmhainní agus ar fhuinneamh, chun tacú leis an gCreat Beartais maidir le Táirgí Inbhuanaithe agus leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach;
12. á mheas, chun saobhadh a d’fhéadfadh tarlú sa mhargadh inmheánach agus feadh an tslabhra luacha a chosc, gur cheart go gcumhdódh CBAM allmhairí táirgí agus tráchtearraí uile atá clúdaithe le EU ETS, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad leabaithe i dtáirgí idirmheánacha nó deiridh; á chur i bhfáth gur cheart, mar phointe tosaigh (faoi 2023) agus tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, do CBAM earnáil na cumhachta agus earnálacha tionsclaíocha dianfhuinnimh a chumhdach, amhail stroighin, cruach, alúmanam, scagadh ola, páipéar, gloine, ceimiceáin agus leasacháin, a bhfuil leithdháiltí suntasacha saor in aisce á bhfáil fós acu, agus arb ionann iad fós agus 94 % d’astaíochtaí tionsclaíocha an Aontais;
13. á chur i bhfios go láidir gur cheart cion astaíochtaí GCT ó allmhairí a chur san áireamh ar bhonn tagarmharcanna trédhearcacha, iontaofa, cothrom le dáta agus táirgeshonracha ar leibhéal na suiteálacha i dtríú tíortha agus, mar réamhshocrú, mura gcuireann an t-allmhaireoir sonraí ar fáil, ba cheart meánchion domhanda astaíochtaí GCT atá ag táirgí aonair a chur san áireamh, arna mhiondealú de réir modhanna táirgthe éagsúla a bhfuil déine éagsúla astaíochtaí ag baint leo; á mheas gur cheart astaíochtaí díreacha agus indíreacha araon a chumhdach faoi phraghsáil carbóin allmhairí agus, dá bhrí sin, déine carbóin na heangaí leictreachais de réir tíre a chur san áireamh freisin, nó, má chuireann an t-allmhaireoir sonraí ar fáil, déine carbóin an tomhaltais fuinnimh ar leibhéal na suiteála a chur san áireamh;
14. ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar na roghanna éagsúla go léir maidir le CBAM a thabhairt isteach, ó ionstraimí cánach go sásraí a bhíonn ag baint úsáid as EU ETS; á chur i bhfáth gur cheart féachaint ar na módúlachtaí chun CBAM a ceapadh in éineacht leis an athbhreithniú ar EU ETS chun a áirithiú go bhfuil siad comhlántach agus comhsheasmhach, agus chun forluí a sheachaint a mbeadh cosaint dhúbailte ar thionscail an Aontais mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá próiseas trédhearcach atá taobh thiar de CBAM, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le EDT agus le comhpháirtithe trádála an Aontais i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus measúnú cúramach a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus indéantacht dhlíthiúil cineálacha éagsúla CBAM d’fhonn iomlán na n-astaíochtaí GCT a laghdú agus comparáid a dhéanamh eatarthu; á áitiú gurb é an comhshaol príomhaidhm CBAM agus gur cheart, dá bhrí sin, ról ríthábhachtach a bheith ag critéir chomhshaoil maidir leis an rogha ionstraime, lena n-áiritheofar praghas carbóin intuartha agus atá ard go leor a dhreasóidh infheistíochtaí dícharbónaithe chun aidhmeanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach;
15. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bheadh ag gach rogha ar chaighdeáin mhaireachtála na dtomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhaineann le grúpaí níos leochailí, chomh maith lena dtionchar ar ioncam; á iarraidh ar an gCoimisiún iarmhairtí an ioncaim a ghintear ó CBAM mar acmhainn dhílis ar bhuiséad an Aontais a áireamh sa mheasúnú tionchair freisin, ag brath ar an leagan amach agus ar na módúlachtaí arna roghnú;
16. á mheas, chun aghaidh a thabhairt ar riosca féideartha an sceite carbóin, agus rialacha EDT á gcomhlíonadh ag an am céanna, nach mór do CBAM muirear a ghearradh as cion carbóin na n-allmhairí ar bhealach a fhreagraíonn do na costais charbóin a íocann táirgeoirí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart leis an bpraghsáil carbóin faoi CBAM a bheith in aon dul leis an éabhlóid dhinimiciúil ar phraghas lamháltais an Aontais faoi EU ETS, agus intuarthacht agus luaineacht níos lú sa phraghas ar charbón a áirithiú ag an am céanna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart d’allmhaireoirí lamháltais a cheannach ó chomhthiomsú lamháltas ar leithligh ná ó cheann EU ETS ina gcomhfhreagraíonn a phraghas carbóin do phraghas carbóin ar lá an idirbhirt in EU ETS; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil tabhairt isteach CBAM ach ceann amháin de na bearta i gcur chun feidhme chuspóirí an Chomhaontuithe Ghlais don Eoraip agus nach mór na bearta riachtanacha in earnálacha neamh-ETS a bheith ag gabháil leis, chomh maith le hathchóiriú uaillmhianach ar EU ETS, chun a áirithiú go ndéanfar praghsáil charbóin fhiúntach a urramóidh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus chun rannchuidiú leis an laghdú riachtanach ar astaíochtaí GCT i gcomhréir le sprioc aeráide nuashonraithe an Aontais do 2030 agus le sprioc astaíochtaí GCT glan-nialasacha do 2050 a bhaint amach, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an bhfachtóir laghdaithe línigh, uasteorainn a athbhunú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann d’íosphraghas carbóin;
17. á thabhairt chun suntais, maidir le dleacht mháil (nó cáin) ar chion carbóin na dtáirgí uile a ídítear, táirgí a dhéantar san Aontas agus táirgí a allmhairítear araon, nach dtabharfaí aghaidh go hiomlán léi ar riosca an sceite carbóin, go mbeadh dúshláin theicniúla ag baint léi i bhfianaise a chasta atá sé carbón a rianú i slabhraí luacha domhanda agus go bhféadfadh sí ualach suntasach a chur ar thomhaltóirí; á aithint go bhféadfadh dleacht sheasta nó cáin ar allmhairí a bheith ina huirlis shimplí chun comhartha láidir cobhsaí praghsanna comhshaoil a thabhairt maidir le carbón allmhairithe; á chreidiúint, áfach, i bhfianaise chineál seasta na cánach sin, nach mbeadh an oiread céanna solúbthachta ag baint le cáin den sórt sin chun freagairt do phraghas athraitheach EU ETS; á chur i bhfáth, go hiarbhír, go mbeadh cáin atá athraitheach agus a fhreagraíonn go huathoibríoch do phraghas EU ETS comhionann le ETS barúlach; á aithint, dá mba rud é go mbeadh CBAM de chineál fioscach, go bhféadfadh sé go ndéanfaí sásra bunaithe ar Airteagal 192(2) CFAE a thabhairt isteach;
18. á chur i bhfáth gur cheart an rogha a bheith ag allmhaireoirí a chruthú, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú ar EU ETS, go bhfuil cion carbóin a dtáirgí níos ísle ná na luachanna sin, agus leas a bhaint as méid iníoctha arna chur in oiriúint dá réir sin, chun nuálaíocht agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a spreagadh ar fud an domhain; á mheas nár cheart go gcuirfí ualach díréireach ar FBManna leis sin; á thabhairt chun suntais, mar bhonn taca faoi chur chun feidhme an tsásra, go mbeidh gá le sraith de chaighdeáin an Aontais lena gcuirfear cosc ar dhul timpeall ar an sásra nó ar mhí-úsáid a bhaint as, agus go mbeidh gá le bonneagar láidir neamhspleách chun é a riar;
19. á chur i bhfáth gur cheart do CBAM a áirithiú nach ndéantar allmhaireoirí ó thríú tíortha a mhuirearú faoi dhó as cion carbóin a dtáirgí lena áirithiú go gcaitear leo ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar roghanna éagsúla CBAM ar na Tíortha is Lú Forbairt;
20. á thabhairt chun suntais, murab ionann agus ETS, nár cheart don sásra caitheamh le dó adhmaid le haghaidh breosla mar rud atá neodrach ó thaobh carbóin de agus, laistigh den chreat athbhreithnithe agus nuashonraithe, gur cheart praghas a bheith ar an gcarbón atá leabaithe in adhmad arna dhéanamh lománaíocht air agus ar ithir ídithe;
21. ag tathant ar an gCoimisiún an riosca a íoslaghdú go ndéanfadh onnmhaireoirí chuig an Aontas iarracht dul timpeall ar an sásra nó dochar a dhéanamh dá éifeachtacht, mar shampla trí tháirgeadh a atreorú idir margaí nó trí earraí leathchríochnaithe a onnmhairiú;
Gnéithe de CBAM a bhaineann le trádáil
22. á iarraidh go mbeidh Comhaontú Pháras agus a chuid spriocanna ar cheann de phríomhphrionsabail threoracha an bheartais trádála, nach mór gach tionscnamh trádála agus a n-uirlisí beartais a oiriúnú dóibh, trína áireamh, inter alia, in FTAnna mar ghné bhunriachtanach; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur féidir beartas trádála saintógtha den sórt sin a bheith ina spreagadh tábhachtach chun geilleagair a stiúradh i dtreo an dícharbónaithe chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus i gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach;
23. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di creimeadh an chórais trádála iltaobhaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go gníomhach le rialtais na gcomhpháirtithe trádála chun a áirithiú go leanfar leis an idirphlé maidir leis an tionscnamh sin, agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide laistigh den Aontas agus trína chomhpháirtithe trádála araon; á chur i bhfios go láidir gur féidir, agus gur cheart, beartas trádála a úsáid chun clár oibre comhshaoil dearfach a chur chun cinn agus chun mórdhifríochtaí i leibhéil uaillmhéine an chomhshaoil idir an tAontas agus an chuid eile den domhan a sheachaint, agus gur cheart CBAM a cheapadh mar ghníomhaíocht lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí faoi na caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe de FTAnna an Aontais; á chur i bhfios nach mór gníomhaíocht dhomhanda chun CBAM a chur as feidhm a bheith mar sprioc dheiridh ag an tionscnamh, fad is a bheidh an leibhéal uaillmhéine atá leagtha síos ag an Aontas chun astaíochtaí CO2 a laghdú bainte amach ag an gcuid eile den domhan; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart breathnú ar CBAM mar bhealach chun cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseas sin seachas mar mhodh caomhnaitheachta; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún tús le caibidlíocht maidir le cur chuige domhanda faoi chuimsiú EDT nó G20;
24. á mheas go bhfuil trádáil idirnáisiúnta agus beartas trádála ina bpríomhchumasóirí don aistriú i dtreo geilleagar domhanda ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní agus, dá réir sin, a thacaíonn leis na hiarrachtaí domhanda chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) agus Comhaontú Pháras a bhaint amach; á mheas go bhfuil géarghá le hathchóiriú cuimsitheach ar EDT a shaothrú, lena gcuirfear ar a chumas trádáil chóir a ráthú, agus an téamh domhanda a chomhrac ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go dtéann rialacha CGTT siar go 1947 agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá athmhacnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na géarchéime aeráide atá ann faoi láthair; ag dréim leis go nglacfaidh an Coimisiún tionscnaimh phráinneacha d’athchóiriú EDT chun comhoiriúnacht leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige chun praghsáil dhomhanda CO2 a bhaint amach agus chun trádáil a éascú i dteicneolaíochtaí cosanta aeráide agus comhshaoil, mar shampla trí thionscnaimh maidir leis an mbeartas trádála amhail Comhaontú EDT maidir le hEarraí Comhshaoil;
25. á iarraidh ar an gCoimisiún athchóirithe iltaobhacha EDT a shaothrú lena dtabharfar an dlí trádála idirnáisiúnta i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le gnéithe eile den dlí idirnáisiúnta, go háirithe coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS); á chur i bhfios go bhfuil CBAM comhoiriúnach le rialacha EDT má cheaptar é agus cuspóir soiléir comhshaoil á chur san áireamh chun astaíochtaí domhanda GCT a laghdú agus má sheasann sé leis an tsláine chomhshaoil is airde;
26. á chur i bhfios go láidir gur féidir le CBAM cuidiú leis na SFInna a bhaint amach; á mheabhrú gur SFI é freisin obair chuibhiúil a chur chun cinn agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar earraí a chuirtear ar mhargadh AE a tháirgeadh faoi choinníollacha lena n-urramófar coinbhinsiúin EIS;
27. ag tabhairt dá haire, chun a bheith comhoiriúnach le rialacha EDT, go bhféadfadh forálacha CGTT amhail Airteagal I (an prionsabal maidir le cóireáil an náisiúin barrfhabhair), Airteagal III (an prionsabal maidir le cóireáil náisiúnta) agus, más gá, Airteagal XX (eisceachtaí ginearálta) a bheith mar bhunús le leagan amach CBAM ar bith, nár cheart ach réasúnaíocht chomhshaoil amháin a bheith ag baint leis – chun astaíochtaí domhanda CO2 a laghdú agus sceitheadh carbóin a chosc;
28. ag cur béim ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe faoi Airteagal III GATT; á chur i bhfáth gur príomhchritéar é déileáil le hallmhairí agus le táirgeadh inmheánach ar an mbealach céanna chun comhoiriúnacht aon bhirt de chuid EDT a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, a bhuí le CBAM, machaire réidh a chruthú idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí eachtracha trí mhuirear atá coibhéiseach le ETS a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí carbóin corpraithe earraí allmhairithe sna hearnálacha sin, gan beann ar a dtionscnamh, agus cosaint iomlán ar sceitheadh carbóin á háirithiú ar an gcaoi sin do thionsclaíocht na hEorpa agus aistrithe astaíochtaí chuig tríú tíortha á seachaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cosaint dhúbailte do shuiteálacha an Aontais a sheachaint le cur chun feidhme CBAM, agus measúnú á dhéanamh ar an tionchar ar onnmhairí agus ar earnálacha spleácha feadh an tslabhra luacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, le dearadh CBAM, prionsabal simplí a leanúint nár cheart tona amháin carbóin a chosaint faoi dhó;
29. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh domhanda a áirithiú d’iomaíochas na dtionscal Eorpach gan éifeachtaí díobhálacha a ghiniúint ar an aeráid ná ar an gcomhshaol; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar lacáistí onnmhairiúcháin a thabhairt isteach, ach sa chás amháin más féidir leis a dtionchar dearfach ar an aeráid a léiriú go hiomlán mar aon lena gcomhoiriúnacht le rialacha EDT; á chur i bhfáth, chun éifeachtaí saobha aeráide a chosc trí mhodhanna táirgeachta nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna a dhreasú do thionscail onnmhairiúcháin Eorpach agus chun comhoiriúnacht le EDT a áirithiú, gur cheart d’aon chineál tacaíochta onnmhairithe a d’fheadfadh a bheith ann a bheith trédhearcach, comhréireach agus gan aon chineál buntáistí iomaíocha a bheith ann do thionscail onnmhairiúcháin an Aontais i dtríú tíortha, agus gur cheart di a bheith teoranta go docht do na suiteálacha is éifeachtúla chun dreasachtaí laghdaithe GCT do chuideachtaí onnmhairiúcháin an Aontais a choinneáil;
30. á chur i bhfáth nach mór d’aon sásra dreasacht a chruthú do thionscail san Aontas agus thar lear chun táirgí glana iomaíocha a tháirgeadh agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint, gan deiseanna trádála a chur i mbaol;
31. ag tabhairt dá haire gur cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip é CBAM agus gur uirlis é chun sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar a bheith ag CBAM, go díreach nó go hindíreach, ar na hearnálacha tionsclaíocha is déine ó thaobh carbóin agus trádála de agus gur cheart dul i gcomhairle leo le linn an phróisis; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhféadfadh CBAM tionchar a imirt ar shlabhraí soláthair sa chaoi go ndéanfaí costais charbóin a inmheánú leo; á chur i bhfáth gur cheart gurbh éasca a bheadh sé aon CBAM a riar agus nár cheart ualach míchuí airgeadais agus riaracháin a chur ar fhiontair, go háirithe ar FBManna;
CBAM agus acmhainní dílse
32. ag aithint go bhféadfaí CBAM a chur chun feidhme mar shíneadh ar an gcóras reatha dleachtanna custaim nó mar scéim chomhlántach laistigh de chreat EU ETS atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh an dá chur chuige a bheith go hiomlán comhsheasmhach le tionscnamh acmhainní dílse;
33. ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún an t-ioncam a ghintear le CBAM a úsáid mar acmhainní dílse nua do bhuiséad an Aontais, agus á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le húsáid na n-ioncam sin; á thabairt chun suntais, áfach, nár cheart ról buiséadach CBAM ach a bheith ina sheachtháirge de chuid na hionstraime, agus sin amháin; á chreidiúint gur cheart go lamhálfadh an t-ioncam nua sin tacaíocht níos fearr do ghníomhaíocht ar son na haeráide agus do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, amhail aistriú cóir agus dícharbónú gheilleagar na hEorpa, agus do mhéadú ar ranníocaíocht an Aontais leis an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid i bhfabhar na dTíortha is Lú Forbairt agus na Stát Oileánach Beag atá i mBéal Forbartha, arb iad sin na háiteanna is leochailí don athrú aeráide, go háirithe chun tacú leo dul faoi phróiseas tionsclaithe atá bunaithe ar theicneolaíochtaí glana agus dícharbónaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún éifeachtaí sóisialta an tsásra a chur san áireamh sa togra a bheidh aige amach anseo d’fhonn iad a íoslaghdú; ag cur i bhfáth nár cheart an t-ioncam a ghintear ó CBAM a úsáid, ar bhealach ar bith, mar fhóirdheontais faoi cheilt do thionscail Eorpacha ardtruaillithe, mar go gcuirfeadh sé sin as do chomhoiriúnacht EDT sa deireadh;
34. á mheabhrú gur chomhaontaigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar acmhainní dílse nua, lena n-áirítear CBAM, a chruthú le linn an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile faoin gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (CII)(9), á chur i bhfáth go gcabhrófaí le saincheisteanna maidir le coibhéis fhioscach a mhaolú agus lena áirithiú go mbeadh tionchar dáilte go cothrom ar fud na mBallstát agus le struchtúr éifeachtúil le forchostais riaracháin íosta a áirithiú freisin trí shreafaí airgeadais arna nginiúint ó CBAM a shannadh ar bhuiséad an Aontais; á mheas, dá bhrí sin, go laghdófaí sciar ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN i maoiniú bhuiséad an Aontais dá ndéanfaí na fáltais a shainiú mar acmhainn dhílis an Aontais, agus go gcabhrófaí le tionchar CBAM a fhrithpháirtiú ar bhealach cothrom ar fud na mBallstát uile dá réir sin; á mheas go gcuirfidh aon choigilteas ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar ranníocaíochtaí-OIN níos ísle le spás fioscach na mBallstát;
35. ag tabhairt dá haire gur ann do mheastacháin ioncaim stuama éagsúla, ó EUR 5 go EUR 14 bhilliún in aghaidh na bliana, ag brath ar raon feidhme agus ar leagan amach na hionstraime nua; á thabhairt chun suntais go bhfuil buanna faoi leith ag buiséad an Aontais in aon chás chun luaineachtaí ioncaim nó fiú éifeachtaí cúlchéimnitheacha fadtéarmacha a sheasamh;
36. á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go mbeidh an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBAM mar chuid de chiseán acmhainní dílse a bheidh leordhóthanach chun leibhéal an chaiteachais ionchasaigh iomláin a chumhdach i gcomhair chostais aisíocaíochta na príomhshuime agus ús na hiasachtaíochta arna dtabhú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus prionsabal na huilíochta á urramú ag an am céanna; á mheabhrú, thairis sin, nach mór aon bharrachas ón bplean aisíocaíochta fanacht i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta;
37. á chur i bhfáth go bhféadfaí díriú níos fearr ar chaiteachas ar leibhéal an Aontais maidir le réimsí tosaíochta agus earraí poiblí comhchoiteanna le gnóthachain éifeachtúlachta móra i gcomparáid le caiteachas náisiúnta trí chiseán acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, de réir mar a fhoráiltear dó sa treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi CII; á mheabhrú go bhféadfadh aon mhainneachtain ag ceann de na trí institiúid na téarmaí a comhaontaíodh in CII a urramú an institiúid sin a nochtadh d’agóid dhlíthiúil ó cheann de na hinstitiúidí eile;
38. á iarraidh ar na hinstitiúidí obair leantach ghníomhach a dhéanamh de réir mheon agus ábhar an treochláir chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi CII, lena leagtar síos go dtiocfaidh an acmhainn dhílis nua seo i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí;
CBAM agus gnéithe eile a chur chun feidhme
39. á chur i bhfáth nach mór cealú fóirdheontas atá díobhálach don chomhshaol arna ndeonú do thionscail dianfhuinnimh ar an leibhéal náisiúnta a bheith ag gabháil le cur chun feidhme CBAM; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais éagsúla na mBallstát maidir leis an ábhar sin i bhfianaise an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
40. á iarraidh go ndéanfar faireachán ar CBAM trí chomhlacht neamhspleách, faoi choimirce an Choimisiúin, ar cheart dó tuairisc agus faisnéis thrédhearcach a thabhairt go tráthrialta don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún arna iarraidh sin agus ar a laghad dhá uair sa bhliain;
41. ag tabhairt dá haire gurb é an tAontas an t-allmhaireoir carbóin is mó ar domhan agus go bhfuil cion carbóin earraí a onnmhairítear lasmuigh den Aontas i bhfad níos ísle ná cion carbóin earraí allmhairithe; á mheas go bhfuil iarrachtaí Eorpacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac níos fearr ná an mheániarracht idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le modh láidir tuairiscithe chun tionchar foriomlán an Aontais ar an aeráid a thomhas lena gcuirfear san áireamh astaíochtaí ó earraí agus seirbhísí a allmhairítear isteach san Aontas;
42. á chur i bhfáth go n-imeoidh an sásra i léig le himeacht ama mar thoradh ar iarrachtaí aeráide idirnáisiúnta leordhóthanacha, amhail praghsáil carbóin idirnáisiúnta atá láidir, forleathan agus comhsheasmhach agus teicneolaíochtaí, táirgí agus próisis táirgthe íseal-astaíochtaí atá go hiomlán iomaíoch; á mheas gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide a éilíonn réitigh dhomhanda agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le creat domhanda a bhunú do phraghsáil CO2 i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras; ag spreagadh an Choimisiúin an sásra a cheapadh le hamlíne shoiléir agus uaillmhianach maidir lena chur chun feidhme agus lena fhorbairt; á mheabhrú go bhfuil roinnt réiteach teicniúil maidir le CO2 a mhaolú fós ag an gcéim phíolótach agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun iad a fhorbairt a thuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún an sásra a cheapadh mar chuid de phacáiste beartais cuimsitheach fadtéarmach atá comhsheasmhach le geilleagar ina bhfuil astaíochtaí GCT glan-nialasacha agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
43. á mheabhrú nach mór go mbeadh beartas aeráide agus beartas tionsclaíoch an Aontais agus cuspóir an Aontais fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothabháil agus a mhéadú fite fuaite lena chéile; á chur i bhfáth nach mór aon sásra a bheith leabaithe inár straitéis thionsclaíoch, lena gcruthaítear dreasacht do thionscail táirgí glana agus iomaíocha a tháirgeadh;
44. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí le sásra dea-fheidhmiúil laghdú na n-astaíochtaí a allmhairítear isteach san Aontas agus go dtabharfaí an chosaint aeráide is éifeachtaí i gcoinne riosca sceite carbóin leis, agus rialacha EDT á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart an sásra a cheapadh ar bhealach lena n-áiritheofaí a chur i bhfeidhm éifeachtach agus simplí agus ag an am céanna lena gcoiscfí iompar imchéimnithe amhail acmhainní a athdháileadh nó táirgí leathchríochnaithe nó táirgí deiridh nach gcumhdaítear faoin sásra a allmhairiú;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún comhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do thionscail sa bhaile agus thar lear, go háirithe do FBManna, chun córais chuntasaíochta iontaofa a chur ar bun maidir le hastaíochtaí GCT le haghaidh allmhairí chun tionscal Eorpach láidir a chothabháil gan bacainní teicniúla a chur ar chomhpháirtithe trádála;
46. á iarraidh go ndéanfar meastóireacht speisialta ar thionchar an tsásra ar FBManna agus ar iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach; á iarraidh go gcruthófaí, más gá, sásra tacaíochta do FBManna ionas go mbeidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint go rathúil do réaltacht nua an mhargaidh, agus ar an gcaoi sin nach mbeadh siad thíos le cleachtais éagóracha ag gníomhaithe níos mó sa mhargadh;
47. ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár cheart go gcruthódh an sásra míbhuntáistí iomaíochta i measc ábhair iomaíocha chun iomaíocht éagórach ar an margadh Eorpach a chosc; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh na hábhair is neamhdhíobhálaí don aeráid thíos le míbhuntáistí iomaíochta;
48. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar shaoránaigh Eorpacha agus ar a leasanna agus maidir lena rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach amhail cosaint aeráide, fás inbhuanaithe agus iomaíochas idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Pharlaimint a rannpháirtiú go hiomlán, mar chomhreachtóir, sa phróiseas reachtach chun an sásra a bhunú.
o o o
49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0253.
An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO), Statement on the State of the Global Climate in 2019 [Ráiteas maidir le Staid na hAeráide Domhanda in 2019].
Fezzigna, P., Borghesi, S., Caro, D., Revising Emission Responsibilities through Consumption-Based Accounting: A European and Post-Brexit Perspective [Athbhreithniú a dhéanamh ar Fhreagrachtaí maidir le hAstaíochtaí trí Chuntasaíocht atá Bunaithe ar Thomhaltas: Dearcadh Eorpach agus Dearcadh tar éis Brexit] in Sustainability, 17 Eanáir 2019.
An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), CO2 emissions embodied in international trade and domestic final demand: methodology and results using the OECD inter-country input-output database [Astaíochtaí CO2 atá corpraithe sa trádáil idirnáisiúnta agus éileamh deiridh inmheánach: an mhodheolaíocht agus na torthaí lena n-úsáidtear bunachar sonraí ECFE ionchuir-aschuir idir tíortha], an 23 Samhain 2020.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (COM(2020)0314 – C9-0213/2020 – 2020/0148(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0314),
– ag féachaint d’Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0213/2020),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0015/2021),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 1
(1) D’fhonn freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE21 ón gComhairle le blianta anuas. Leis na hathruithe seo tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, maidir le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Ar an mbealach sin, leathnaíodh raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac.
(1) D’fhonn freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE21 ón gComhairle le blianta anuas. Leis na hathruithe seo tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, maidir le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Ar an mbealach sin, leathnaíodh raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac, ionas go ndéanfar ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a áirithiú.
_________________
_________________
21 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
21 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 a (nua)
(1a) Éilítear acmhainní daonna cáilithe agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha leis an tacar níos leithne uirlisí comhair, an t-aistriú digiteach agus an aidhm comhar idir na húdaráis náisiúnta a fheabhsú. Chuige sin, ní mór leibhéal leordhóthanach infheistíochta a bheith ag gabháil leis na hathruithe atá beartaithe, go príomha i ndáil le hoiriúnú an bonneagair faisnéisíochta agus dhigitigh agus oiliúna gairmiúla. I ndeireadh na dála, ba cheart feabhas a chur ar chumas na mBallstát an fhaisnéis airgeadais uile a fhaightear a phróiseáil agus ba cheart acmhainní airgeadais, daonna agus TF na riarachán cánach a mhéadú.
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 2
(2) Le blianta anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE22 i gcrích in 2019. Cé go ndearnadh feabhas nach beag i réimse an uathmhalartaithe faisnéise, is gá go fóill feabhas a chur ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin.
(2) Le blianta anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE22 i gcrích in 2019. Cé go ndearnadh feabhas nach beag i réimse an uathmhalartaithe faisnéise, is gá go fóill feabhas a chur ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin. Chun an fhorbairt atá tagtha ar chúrsaí maidir le trédhearcacht chánach a chur san áireamh, d’fhéadfadh sé gur ghá an Treoir sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.
_________________
_________________
22 An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (SWD(2019)0328).
22 An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (SWD(2019)0328).
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 3
(3) De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE tar éis iarraidh ó údarás iarrthach, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus diúltuithe d'iarrataí gan údar maith a chosc, agus chun gurb ann don tsoiléireacht dhlíthiúil agus don deimhneacht dhlíthiúil chomh maith le haghaidh córais riaracháin chánach agus cáiníocóirí, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a bheith sainithe go soiléir. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a shoiléiriú chomh maith nár cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha maidir le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise tar éis malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2011/16/AE maidir le réamhrialú trasteorann nó réamh-chomhaontú praghsála.
(3) De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE tar éis iarraidh ó údarás iarrthach, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus chun cosc a chur ar dhiúltuithe iarrataí gan údar, mar aon le soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do riaracháin chánach agus do cháiníocóirí araon, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a shonrú go soiléir i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina luaitear go bhfuil sé beartaithe leis an téarma ‘ábharthacht intuartha’ foráil a dhéanamh do mhalartú faisnéise i gcúrsaí cánach a mhéid is féidir. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a shoiléiriú chomh maith nár cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha maidir le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise tar éis malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2011/16/AE maidir le réamhrialú trasteorann nó réamh-chomhaontú praghsála.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 3 a (nua)
(3a) Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit córas comhchuibhithe pionós agus smachtbhannaí a áirithiú ar fud an Aontais chun saothrú bealaí éalaithe agus difríochtaí idir córais chánachais na mBallstát ag oibreoirí ardán a chosc. I gcás ina sáraítear na rialacha, ba cheart pionóis airgeadais agus eisiamh ó chonarthaí poiblí a bhreithniú. I gcásanna tromchúiseacha agus i gcásanna a tharlaíonn arís agus arís eile, ba cheart an rogha a bheith ann ceadúnas gnó an oibreora ardán a chúlghairm.
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 4 a (nua)
(4a) Chun cáiníocóirí a choimeád ar an eolas go cuí agus go hiomlán, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát na catagóirí ioncaim a ndéantar an fhaisnéis ina leith a roinnt go huathoibríoch le húdaráis inniúla Ballstát eile agus tríú tíortha nó dlínsí a nochtadh.
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 4 b (nua)
(4b) Aon fhaisnéis maidir le scéimeanna trasteorann a bhfuil impleachtaí acu do thríú tíortha, ba cheart í a nochtadh do na húdaráis chánach sna tíortha sin freisin. Ba cheart go mbainfeadh an ceanglas sin go háirithe le tíortha atá i mbéal forbartha, ar tíortha iad ar minic a bhíonn rochtain níos teoranta acu ar chórais idirnáisiúnta malartaithe faisnéise cánach.
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 6 a (nua)
(6a) Tá sé riachtanach cáiníocóirí a shainaithint mar is ceart má táthar chun faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir riaracháin chánach. Ba cheart uimhir aitheantais chánach (TIN) a chur ar fáil i gcónaí nuair a cheanglaítear sin faoi Threoir 2011/16/AE agus ba cheart TIN Eorpach a chruthú agus é ar an modh sainaitheantais is fearr. Cheadódh TIN Eorpach d’aon tríú páirtí TINeanna i gcaidreamh trasteorann a shainaithint agus a thaifeadadh go tapa, go héasca agus i gceart agus bheadh sé mar bhonn do mhalartú éifeachtach uathoibríoch faisnéise idir riaracháin chánach na mBallstát.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Is minic a iarrann córais riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán digiteach. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta ag oibreoirí ardáin. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad an iliomad caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh.
(7) Is minic a iarrann córais riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán digiteach. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta ag oibreoirí ardán. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad an iliomad caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá an caighdeánú sin riachtanach chun trí phríomhchuspóir a chur chun cinn: na costais chomhlíonta d’oibreoirí a íoslaghdú, éifeachtúlacht na n-údarás náisiúnta a mhéadú agus maorlathas a laghdú do cháiníocóirí agus do riaracháin chánach araon.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 7 a (nua)
(7a) Tá digitiú an gheilleagair ar cheann de bhunchlocha na straitéise eacnamaíche agus fáis a bheidh ag an Aontas amach anseo. Ba cheart don Aontas a bheith ina chríoch tarraingteach do chuideachtaí digiteacha, go háirithe maidir lena n-acmhainneacht tráchtála, nuálaíochta agus fostaíochta. Mar sin féin, is gnách earraí agus seirbhísí digiteacha a bheith an-soghluaiste agus doláimhsithe agus, dá bhrí sin, is mó seans go mbeidh siad thíos le cleachtais pleanála ionsaithí cánach, ós rud é nach dteastaíonn bonneagar fisiciúil ó go leor samhlacha gnó chun idirbhearta a dhéanamh le custaiméirí agus brabúis a ghiniúint. Dá bhrí sin, caitear amhras ar a oiriúnaí atá samhlacha cánach corparáidí an Aontais a ceapadh do thionscail thraidisiúnta tógála, lena n-áirítear maidir lena mhéid a d’fhéadfaí na critéir luachála agus ríomha a athcheapadh chun gníomhaíochtaí tráchtála an 21ú haois a léiriú. Ina theannta sin, is é an toradh a bhíonn air sin go mbíonn an deis ag díoltóirí agus díoltóirí ar líne atá ag feidhmiú trí ardáin faoi láthair ioncaim a ghiniúint a ndéantar drochthuairisciú orthu agus go bhfuil baol ard ann, dá bhrí sin, nach ngearrfar dóthain cánach nó nach ngearrfar aon cháin orthu.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 13
(13) I bhfianaise nádúr digiteach agus solúbthacht na n-ardán digiteach, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát. D'áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta bheith ann i measc na n-ardán agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun an méid sin a éascú, ba cheart ceangal a chur ar ardáin eachtracha clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach.
(13) I bhfianaise nádúr digiteach agus solúbthacht na n-ardán digiteach, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát. D'áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta bheith ann i measc na n-ardán agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun an méid sin a éascú, ba cheart ceangal a chur ar ardáin eachtracha clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach, agus suíomh a gceanncheathrún domhanda nó réigiúnaí, a n-áit éifeachtach bhainistíochta agus an ghníomhaíocht shuntasach eacnamaíoch atá sa Bhallstát sin a roghnaíodh á gcur san áireamh.
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Aithris 14 a (nua)
(14a) Ós rud é go léirítear gnéithe casta agus dúshlánacha, amhail criptea-shócmhainní, leis an ngeilleagar a ndearnadh digitiú agus domhandú de réir a chéile air, tá sé tábhachtach go gcuirfí leis an gcomhar idir riaracháin chánach náisiúnta sa réimse sin. Tá sé tábhachtach sainmhíniú soiléir a thabhairt ar chriptea-shócmhainní, agus an obair leanúnach atá ar bun laistigh de ECFE agus FATF á cur san áireamh, chun imghabháil cánach a chomhrac agus cánachas cothrom a chur chun cinn. Ghlac FATF sainmhíniú leathan ar airgeadra fíorúil agus mhol sé go n-ionchorprófaí laistigh de raon feidhme oibleagáidí AML/CFT aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí lena n-áirítear malartú idir criptea-shócmhainní, aistriú criptea-shócmhainní agus rannpháirtíocht i seirbhísí airgeadais agus soláthar seirbhísí airgeadais a bhaineann le tairiscintí tosaigh bonn. Is ábhar tráthúil é leathadh criptea-airgeadraí agus ba cheart é a bhreithniú in aon iarracht chun comhar riaracháin a mhéadú, bunaithe ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Chomh maith leis sin, i bhfianaise dhul chun cinn domhanda na teicneolaíochta, tá gá le hardsásraí maoirseachta atá i ndlúth-theagmháil leis na comhlachtaí ábhartha frithchoiriúla maoiniúcháin.
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Aithris 15
(15) D'fhéadfaí an cuspóir maidir le cosc ar imghabháil agus ar sheachaint cánach a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán digiteach ioncam a thuilltear trí ardáin a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh na húdaráis chánach náisiúnta a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe laistigh d'aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. D'fhonn uathmhalartú faisnéise a éascú agus úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (“CCN”) arna fhorbairt ag an Aontas.
(15) D'fhéadfaí an cuspóir maidir le cosc ar imghabháil agus ar sheachaint cánach a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán digiteach ioncam a thuilltear trí ardáin a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh na húdaráis chánach náisiúnta a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh d'aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. D'fhonn uathmhalartú faisnéise a éascú agus úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (‘CCN’) arna fhorbairt ag an Aontas. Ba cheart don bhonneagar digiteach a bheith athléimneach agus ba cheart go ráthófaí an caighdeán is airde slándála leis.
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Aithris 15 a (nua)
(15a) Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo gur féidir le húdaráis inniúla rochtain a fháil ar shonraí maidir le fad conarthaí cíosa i gcás ina bhfuil teorainn ama leis an gcíos maoine gearrthéarmach, chun cur chun feidhme na dteorainneacha sin agus rialú ar mhéadú praghsanna cíosa san Aontas a éascú.
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Aithris 15 b (nua)
(15b) Ba cheart daoine aonair a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis íogair chánach oibreoirí ardán agus corparáidí ilnáisiúnta maidir le cleachtais imghabhála cánach agus seachanta cánach a spreagadh chun teacht chun tosaigh agus comhoibriú leis na húdaráis le discréid agus le hurraim do leas an phobail, agus ba cheart iad a chosaint go hiomlán má dhéanann siad amhlaidh.
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Aithris 16
(16) Sa mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE arna déanamh ag an gCoimisiún, léiríodh an gá le faireachán leanúnach ar éifeachtacht chur i bhfeidhm na Treorach sin agus éifeachtacht na bhforálacha trasuite náisiúnta lena n-éascaítear an cur i bhfeidhm sin. Chun go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán agus meastóireacht iomchuí ar éifeachtacht na n-uathmhalartuithe faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE, ba cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit staitisticí maidir le malartuithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil.
(16) Sa mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE arna déanamh ag an gCoimisiún, léiríodh an gá le faireachán leanúnach ar éifeachtacht chur i bhfeidhm na Treorach sin agus éifeachtacht na bhforálacha trasuite náisiúnta lena n-éascaítear an cur i bhfeidhm sin. Chun go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán agus meastóireacht iomchuí ar éifeachtacht na n-uathmhalartuithe faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE, ba cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit staitisticí maidir le malartuithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Ba cheart dóibh freisin an fhaisnéis uile maidir le cur chun feidhme cuí na treorach sin a chur in iúl don Choimisiún, ar bhonn bliantúil.
Leasú 17 Togra le haghaidh treorach Aithris 16 a (nua)
(16a) Ba cheart don Choimisiún, laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme agus éifeachtúlacht na bhforálacha a thugtar isteach i dTreoir 2011/16/AE leis an Treoir seo agus déanfaidh sé tograí sonracha, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun í a fheabhsú. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí.
Leasú 18 Togra le haghaidh treorach Aithris 19
(19) Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle5, léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag dhá chóras riaracháin cánach nó níos mó san Aontas. Ós rud é nach bhfuil aon bhunús dlí sainráite ann chun iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, déantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin faoi láthair bunaithe ar fhorálacha comhcheangailte Threoir 2011/16/AE maidir le hoifigigh eachtracha a bheith i láthair ar chríoch Ballstát eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, léiríodh in a lán cásanna nach raibh an cleachtas sin leordhóthanach agus nach bhfuil soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil ann.
(19) Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle5, léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag dhá chóras riaracháin cánach nó níos mó san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí comhpháirteacha a bheith mar chuid de chreat comhair an Aontais idir riaracháin chánach. Ós rud é nach bhfuil aon bhunús dlí sainráite ann chun iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, déantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin faoi láthair bunaithe ar fhorálacha comhcheangailte Threoir 2011/16/AE maidir le hoifigigh eachtracha a bheith i láthair ar chríoch Ballstát eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, léiríodh in a lán cásanna nach raibh an cleachtas sin leordhóthanach agus nach bhfuil soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil ann. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an éiginnteacht dhlíthiúil sin agus bunús dlí a sholáthar do na rialuithe sin faoi chuimsiú an chomhair riaracháin.
__________________
__________________
5 Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).
Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).
Leasú 19 Togra le haghaidh treorach Aithris 20
(20) Ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil soiléir agus éifeachtúil a ghlacadh chun go bhféadfaidh a n-údaráis chánach iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil gníomhaíocht trasteorann acu. Is éard is iniúchtaí comhpháirteacha ann fiosrúcháin riaracháin a ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach chun cás a scrúdú atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag na Ballstáit sin acu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena n-áirítear an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú.
(20) Ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil soiléir agus éifeachtúil a ghlacadh chun go bhféadfaidh a n-údaráis chánach iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil gníomhaíocht trasteorann acu. Is éard is iniúchtaí comhpháirteacha ann fiosrúcháin riaracháin a ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach chun cás a scrúdú atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag na Ballstáit sin acu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena n-áirítear an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú. Sa bhreis ar an gcreat dlíthiúil a cheanglaítear, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha lena n-éascaítear iniúchtaí comhpháirteacha a eagrú ar leibhéal oibríochtúil, go háirithe trí thacú le hoiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga, do bhaill foirne ar dócha go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha. Meabhraítear gur féidir leis an gclár Fiscalis tacaíocht airgeadais a chur ar fáil i ndáil leis sin.
Leasú 20 Togra le haghaidh treorach Aithris 21
(21) Chun éifeachtacht an phróisis a áirithiú, ba cheart freagairtí ar iarrataí ar iniúchtaí comhpháirteacha a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama ar leith. Ba cheart údar maith a bheith le diúltú d'iarrataí. Ba cheart socruithe nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht iniúchóireachta ábhartha a bheith sna socruithe nós imeachta is infheidhme maidir le hiniúchóireacht chomhpháirteach. Dá réir sin, ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha fianaise a bhailítear le linn iniúchadh chomhpháirteach a aithint go frithpháirteach. Tá sé chomh tábhachtach céanna go gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla maidir le fíorais agus imthosca an cháis agus go bhféachann siad le teacht ar chomhaontú maidir le conas seasamh cánach an duine/na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht air a léirmhíniú. D'fhonn a áirithiú gur féidir toradh iniúchóireachta comhpháirtí a chur chun feidhme sna Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart an stádas dlí coibhéiseach a bheith ar an tuarascáil chríochnaitheach agus ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eisítear mar thoradh ar iniúchadh sna Ballstáit rannpháirteacha. I gcás inar ghá, ba cheart do na Ballstáit an creat dlíthiúil a sholáthar chun coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh.
(21) Chun éifeachtacht an phróisis a áirithiú, ba cheart freagairtí ar iarrataí ar iniúchtaí comhpháirteacha a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama ar leith. Ba cheart údar cuí a bheith le diúltú iarrataí, níor cheart é a cheadú ach amháin ar na cúiseanna a leagtar amach sa Treoir seo agus ba cheart é a bheith faoi réir ceart freagartha ón údarás iarrthach. Ba cheart socruithe nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht iniúchóireachta ábhartha a bheith sna socruithe nós imeachta is infheidhme maidir le hiniúchóireacht chomhpháirteach. Dá réir sin, ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha fianaise a bhailítear le linn iniúchadh chomhpháirteach a aithint go frithpháirteach. Tá sé chomh tábhachtach céanna go gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla maidir le fíorais agus imthosca an cháis agus go bhféachann siad le teacht ar chomhaontú maidir le conas seasamh cánach an duine/na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht air a léirmhíniú. D'fhonn a áirithiú gur féidir toradh iniúchóireachta comhpháirtí a chur chun feidhme sna Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart an stádas dlí coibhéiseach a bheith ar an tuarascáil chríochnaitheach agus ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eisítear mar thoradh ar iniúchadh sna Ballstáit rannpháirteacha. I gcás inar ghá, ba cheart do na Ballstáit an creat dlíthiúil a sholáthar chun coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh.
Leasú 21 Togra le haghaidh treorach Aithris 24 a (nua)
(24a) Tá sé chomh tábhachtach céanna béim a leagan ar nach é an malartú faisnéise idir údaráis chánach amháin a chuireann le bailiú cánach níos éifeachtúla ach go gcuireann comhroinnt dea-chleachtas leis freisin. I gcomhréir leis an gClár Fiscalis 2020, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do chomhroinnt dea-chleachtas i measc na n-údarás cánach.
Leasú 22 Togra le haghaidh treorach Aithris 26
(26) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25.
(26) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25. Tá an Coimisiún i dteideal tuarascálacha agus doiciméid a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis a mhalartaítear ar bhealach anaithnid, chun ceart na gcáiníocóirí chun rúndachta a chur san áireamh agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
_________________
_________________
25 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
25 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Leasú 23 Togra le haghaidh treorach Aithris 26 a (nua)
(26a) Ba bheart d'aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE leanúint de Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a leagtar próiseáil sonraí amach i dTreoir 2011/16/AE, eadhon cúrsaí cánachais agus chun calaois chánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna do chuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i dTreoir 2011/16/AE, ba cheart na tagairtí do dhlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorlíonadh leis na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo.
Leasú 24 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a Treoir 2011/16/AE Airteagal 3 – mír 1 – pointe 9 – pointe a
(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a, 8aa, 8ab agus 8ac, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe.
(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a, 8aa, 8ab agus 8ac, faisnéis réamhshainithe agus nua a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe.
(1a) In Airteagal 3 leasaítear pointe 14 mar a leanas:
14. “ciallaíonn ‘rialú cánach trasteorann’aon chomhaontú, aon teachtaireacht, nó aon ionstraim nó gníomh eile a bhfuil na héifeachtaí céanna acu, lena n-áirítear ceann a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear i gcomhthéacs iniúchóireachta cánach, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
“14. ciallaíonn ‘rialú cánach’aon chomhaontú, aon teachtaireacht, nó aon ionstraim nó gníomh eile a bhfuil na héifeachtaí céanna acu, lena n-áirítear ceann a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear i gcomhthéacs iniúchóireachta cánach, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas, beag beann ar a chineál foirmiúil, neamhfhoirmiúil, ceangailteach nó neamhcheangailteach ó thaobh dlí:
(a) a eisíonn, a leasaíonn nó a athnuann rialtas nó údarás cánach Ballstáit, nó foranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla, nó a dhéantar ar a shon nó ar a son, beag beann ar cibé a bhaintear úsáid éifeachtach as nó nach mbaintear;
(a) a eisíonn, a leasaíonn nó a athnuann rialtas nó údarás cánach Ballstáit, nó foranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla, nó a dhéantar ar a shon nó ar a son, beag beann ar cibé a bhaintear úsáid éifeachtach as nó nach mbaintear;
(b) a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear, chuig duine áirithe nó chuig grúpa daoine, agus ar a bhfuil an duine sin nó grúpa daoine i dteideal a bheith ag brath;
(b) a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear, chuig duine áirithe nó chuig grúpa daoine, agus ar a bhfuil an duine sin nó grúpa daoine i dteideal a bheith ag brath;
(c) a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm foráil dhlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le dlíthe náisiúnta i dtaca le riar nó forfheidhmiú chánacha an Bhallstáit, nó chánacha fhoranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla;
(c) a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm foráil dhlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le dlíthe náisiúnta i dtaca le riar nó forfheidhmiú chánacha an Bhallstáit nó chánacha fhoranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla;
(d) a bhaineann le hidirbheart trasteorann nó cibé acu a chruthaíonn gníomhaíochtaí a dhéanann duine i ndlínse eile buanbhunaíocht nó nach gcruthaíonn; agus
(e) a dhéantar roimh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí i ndlínse eile, a d’fhéadfadh buanbhunaíocht a chruthú nó roimh thuairisceán cánach a chomhdú ina gcuimsítear an tréimhse inar tharla an t-idirbheart nó sraith idirbheart nó gníomhaíochtaí. D'fhéadfadh déanamh infheistíochtaí, soláthar earraí, seirbhísí, maoinithe nó úsáid as sócmhainní inláimhsithe nó sócmhainní doláimhsithe a bheith i gceist leis an idirbheart trasteorann, ach ní hiad sin amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus ní gá go mbainfeadh sé go díreach leis an duine atá ag fáil an rialaithe cánach trasteorann;
(e) a dhéantar roimh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí i ndlínse eile, a d’fhéadfadh buanbhunaíocht a chruthú nó roimh thuairisceán cánach a chomhdú ina gcuimsítear an tréimhse inar tharla an t-idirbheart nó sraith idirbheart nó gníomhaíochtaí. D'fhéadfadh déanamh infheistíochtaí, soláthar earraí, seirbhísí, maoinithe nó úsáid as sócmhainní inláimhsithe nó sócmhainní doláimhsithe a bheith i gceist leis an idirbheart, ach ní hiad sin amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus ní gá go mbainfeadh sé go díreach leis an duine atá ag fáil an rialaithe cánach;
(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis is gá athruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)
1. Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, measfar an fhaisnéis a iarrtar a bheith ábhartha intuartha i gcás ina measann an t-údarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis arna iarraidh ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra nó do ghnóthaí cánach cáiníocóirí, is cuma má aithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh chun an t-imscrúdú a dhéanamh.
1. Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, measfar an fhaisnéis a iarrtar a bheith ábhartha intuartha i gcás ina measann an t-údarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis arna iarraidh ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra nó do ghnóthaí cánach cáiníocóirí, is cuma má aithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh chun críocha cánacha a mheasúnú, a bhailiú agus a bhainistiú.
2. Agus é mar aidhm leis ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an t-údarás inniúil iarrthach ar fáil don údarás iarrtha faisnéis tacaíochta, go háirithe maidir leis an gcúis chánach lena n-iarrtar an fhaisnéis agus maidir leis na forais lena dtugtar le fios go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag an údaráis iarrtha nó i seilbh duine nó faoi riail ag duine laistigh de dhlínse an údaráis iarrtha.
2. D’fhonn ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an t-údarás inniúil iarrthach faisnéis tacaíochta ar fáil don údarás iarrtha.
(3a) In Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
1. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh.
“1. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh.”
Leasú 30 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 7 – mír 6 a (nua)
(3b) In Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“6a. Roimh an 1 Eanáir 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas agus ina ndéanfar measúnú ar na staitisticí agus ar an bhfaisnéis a fuarthas de réir tíre, maidir le saincheisteanna amhail na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile, lena n-áirítear ioncam ó cháin incriminteach, malartuithe faisnéise arna iarraidh sin, mar aon le gnéithe praiticiúla a bhaineann leis sin, lena n-áirítear líon na n-iarrataí ar glacadh leo agus ar diúltaíodh dóibh agus líon na n-iarrataí a seoladh in aghaidh na tíre, an t-am is gá chun iad a láimhseáil agus gnéithe ábhartha eile le haghaidh measúnú cuimsitheach.”
Leasú 31 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a Treoir 2011/16/AE Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis ar fáil in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:
Cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis ar fáil, nó a d’fhéadfaí a chur ar fáil go réasúnach, in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bliantúil maidir le dhá chatagóir ar a laghad i ndáil le hioncam agus caipitil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, catagóirí faisnéise faoina gcuireann na Ballstáit faisnéis maidir le cónaitheoirí in iúl do Bhallstát eile.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bliantúil maidir le gach catagóir i ndáil le hioncam agus caipitil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, catagóirí faisnéise faoina gcuireann na Ballstáit faisnéis maidir le cónaitheoirí in iúl do Bhallstát eile.
2. Roimh an 1 Eanáir 2023 cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún maidir le ceithre chatagóir ar a laghad dá liostaítear i bhfomhír 1 a gcuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis, i ndáil leis na catagóirí sin, in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin. Bainfidh an fhaisnéis le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh an dáta sin.
scriosta
Leasú 34 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1
(aa) Scriostar an chéad fhomhír de mhír 3.
Leasú 35 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe b a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8 – mír 3a – fomhír 2 – pointe a
(ba) Sa dara fomhír de mhír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
(a) ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais den chuntas é agus, i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na rialacha díchill chuí atá comhsheasmhach leis na hIarscríbhinní a bheith curtha i bhfeidhm, a aithnítear mar eintiteas a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach an Eintitis agus ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe;
(a) ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe arb é Sealbhóir Cuntais thairbhiúil deiridh an chuntais é agus, i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na rialacha díchill chuí atá comhsheasmhach leis na hIarscríbhinní a bheith curtha i bhfeidhm, a shainaithnítear mar eintiteas a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach an Eintitis agus ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe;
Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach maidir le rialú cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála
“Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach maidir le rialú cánach agus réamh-chomhaontuithe praghsála”
(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis is gá athruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)
Leasú 37 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8a – mír 2 – fomhír 4
(-aa) I mír 2, scriostar an ceathrú fomhír.
Leasú 38 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a b (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8a – mír 3 – fomhír 2 a (nua)
(-ab) I mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
“Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil réamhshocruithe nua déthaobhacha nó iltaobhacha praghsála a chaibidliú ná a chomhaontú le tríú tíortha nach gceadaíonn iad a nochtadh d’údaráis inniúla Ballstát eile ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.”
Leasú 39 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a c (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8a – mír 4
(-ac) Scriostar mír 4.
Leasú 40 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8a – mír 6 – pointe a
(aa) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) i mír 6:
(a) céannacht an duine, seachas duine nádúrtha, agus i gcás inarb iomchuí an grúpa daoine lena mbaineann an duine sin;
"(a) céannacht an duine, lena n-áirítear daoine nádúrtha, agus i gcás inarb iomchuí an grúpa daoine lena mbaineann an duine sin;’’
Leasú 41 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b Treoir 2011/16/AE Airteagal 8a – mír 6 – pointe b
(b) achoimre ar réamhrialú trasteorann nó an réamh-chomhaontaithe praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart a d'fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d'fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.
(b) achoimre ar an réamhrialú trasteorann nó an réamh-chomhaontú praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart, impleachtaí uile cánach ábhartha díreacha agus indíreacha, amhail rátaí cánach éifeachtacha, agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, ach faisnéis a bhféadfaí rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh mar thoradh uirthi ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí a fhágáil ar lár.
(5a) Cuirtear an méid seo in ionad mhír 2 in Airteagal 8aa:
2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1, trí mheán uathmhalartaithe agus laistigh den spriocdháta a leagtar síos i mír 4, an tuarascáil de réir tíre in iúl d’aon Bhallstát eile ina bhfuil, ar bhonn na faisnéise sa tuarascáil de réir tíre, Comheintiteas amháin nó níos mó den Ghrúpa FIN den Eintiteas Tuairiscithe cónaitheach chun críoch cánach nó faoi réir cáin i dtaca leis an ngnó a dhéantar trí bhuanbhunaíocht.
“2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1, trí mheán uathmhalartaithe agus laistigh den spriocdháta a leagtar síos i mír 4, an tuarascáil de réir tíre in iúl d’aon Bhallstát eile ina bhfuil, ar bhonn na faisnéise sa tuarascáil de réir tíre, Comheintiteas amháin nó níos mó den Ghrúpa FIN den Eintiteas Tuairiscithe cónaitheach chun críoch cánach nó faoi réir cáin i dtaca leis an ngnó a dhéantar trí bhuanbhunaíocht. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1 an tuarascáil sin in iúl freisin do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin, atá freagrach as clár láraithe na dtuarascálacha de réir tíre. Foilseoidh an Coimisiún staidreamh anaithnid agus comhiomlánaithe maidir leis na tuarascálacha de réir tíre ar bhonn bliantúil i gcás na mBallstát uile.”
Leasú 43 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 b (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8ab – mír 14 – pointe ha (nua)
(5b) In Airteagal 8ab, mír 14, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
“(ha) liosta na dtairbhithe, a nuashonraítear ar bhonn bliantúil.”
(h) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;
(h) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, ós rud é go mbailíonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe í;
Beidh rochtain ag údaráis eile sna Ballstáit ghlactha ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) chun sáruithe ar dhlíthe nó ar rialacháin áitiúla nó náisiúnta a dhíspreagadh agus a ionchúiseamh, gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht cánach agus cosaint sonraí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an Díoltóir Intuairiscithe.
3. Déanfar an cur in iúl de bhun mhír 2 leis an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(7) laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann oibleagáidí Oibreora Ardán Tuairiscithe.
3. Déanfar an cur in iúl de bhun mhír 2 leis an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(7) gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dheireanaí laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann oibleagáidí Oibreora Ardán Tuairiscithe.
Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha agus dá bhun sin féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe clárú le húdaráis inniúla aon Bhallstáit amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d'Iarscríbhinn V.
Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha agus dá bhun sin féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe clárú le húdaráis inniúla aon Bhallstáit amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d’Iarscríbhinn V, agus suíomh a gceanncheathrún domhanda nó réigiúnaí, a n-áit éifeachtach bhainistíochta agus an ghníomhaíocht shuntasach eacnamaíoch atá sa Bhallstát sin a roghnaíodh á gcur san áireamh, in éagmais sainaithint chun críocha CBL mar a léirítear i mír F de Roinn IV d’Iarscríbhinn V.
1. Tabharfaidh na Ballstáit staitisticí don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le líon na n-uathmhalartuithe faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.
1. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear staidreamh maidir le líon na n-uathmhalartuithe mar aon le measúnú ar inúsáidteacht na sonraí atá á malartú faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.
Leasú 50 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 8b – mír 2
(ba) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
2. Roimh an 1 Eanáir 2019, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas agus measúnú ar na staitisticí agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoi mhír 1 den Airteagal seo, maidir le saincheisteanna amhail na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le huathmhalartú faisnéise, mar aon leis na gnéithe praiticiúla atá ceangailte leis. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis na catagóirí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(1), lena n-áirítear an choinníoll go gcaithfidh faisnéis maidir le cónaitheoirí i mBallstáit eile a bheith ar fáil, nó na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3a), nó iad araon.
“2. Roimh an 1 Eanáir 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas agus measúnú ar na staitisticí agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoi mhír 1 den Airteagal seo, maidir le saincheisteanna amhail an úsáid éifeachtach a bhainfear as sonraí a gheobhaidh na Ballstáit chun críoch cánach nó chun críoch eile, na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le huathmhalartú faisnéise, mar aon leis na gnéithe praiticiúla atá ceangailte leis. Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis na catagóirí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(1), lena n-áirítear an choinníoll go gcaithfidh faisnéis maidir le cónaitheoirí i mBallstáit eile a bheith ar fáil, nó a bheith curtha ar fáil, mar aon leis na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3a), lena n-áirítear úinéireacht thairbhiúil.
Nuair a bhíonn togra a thíolaic an Coimisiún á scrúdú, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar neartú breise éifeachtúlacht agus fheidhmiú an uathmhalartaithe faisnéise agus ar a chaighdeán a ardú, agus é mar aidhm foráil a dhéanamh den méid seo a leanas:
Nuair a bhíonn togra a thíolaic an Coimisiún á scrúdú, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar neartú breise éifeachtúlacht agus fheidhmiú an uathmhalartaithe faisnéise agus ar a chaighdeán a ardú, agus é mar aidhm foráil a dhéanamh den méid seo a leanas:
(a) cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, faisnéis in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le tréimhsí inchánach amhail ón 1 Eanáir 2019 a bhaineann le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí uile ioncaim agus caipitil a liostaítear in Airteagal 8(1), de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl: agus
(a) go ndéanfaidh na Ballstáit na liostaí catagóirí ioncaim agus caipitil a leagtar síos in Airteagal 8(1) a chur ar fáil, fiú muna bhfuil siad ar fáil cheana agus á malartú dá réir sin;
(b) go ndéanfar na liostaí catagóirí agus míreanna a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 8(3a) a leathnú chun catagóirí agus míreanna eile a áireamh, lena n-áirítear ríchíosanna.
(b) go ndéanfar na catagóirí ioncaim a leagtar síos in Airteagal 8(1) a leathnú chun sócmhainní neamhairgeadais, amhail eastát réadach, ealaín nó seodra, agus bealaí nua chun rachmas a stóráil, amhail saorphoirt agus taisceadáin, a áireamh.
(ba) go ndéanfar na liostaí ítimí a leagtar síos in Airteagal 8(3) a leathnú chun go n-áireofar na sonraí úinéireachta tairbhiúla deiridh agus go rachfar i ngleic le seachaint cánach trí áiteanna cónaithe tánaisteacha nó iomadúla chun críoch cánach;
(bb) go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear a úsáid chun críoch eile seachas na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal 16(1);
(bc) go ndéanfaí meastóireacht chuí ar úsáid éifeachtach na sonraí a gheofar.”
1. D'fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mhalartú, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile, maidir le hoifigigh arna n-údarú ag an mBallstát eile agus i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagfaidh an Ballstát sin síos:
1. D'fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mhalartú, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile, maidir le hoifigigh arna n-údarú ag an mBallstát eile agus i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagfaidh an Ballstát sin síos:
(a) a bheith i láthair sna hoifigí ina gcuireann údaráis riaracháin an Bhallstáit iarrata a gcuid dualgas i gcrích;
(a) a bheith i láthair sna hoifigí ina gcuireann údaráis riaracháin an Bhallstáit iarrata a gcuid dualgas i gcrích;
(b) a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosruithe riaracháin á ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit faighte iarrata;
(b) a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosruithe riaracháin á ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit faighte iarrata;
(c) a bheith rannpháirteach sna fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an Ballstát iarrtha trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide, i gcás inarb iomchuí.
(c) a bheith rannpháirteach sna fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an Ballstát iarrtha trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide, i gcás inarb iomchuí.
Freagróidh údarás inniúil d'iarraidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 30 lá chun a dheimhniú go n-aontaíonn sé chun cur in iúl don údarás iarrthach a dhiúltú réasúnaithe don iarraidh sin.
Freagróidh údarás inniúil d'iarraidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 30 lá chun a dheimhniú go n-aontaíonn sé chun cur in iúl don údarás iarrthach a dhiúltú réasúnaithe don iarraidh sin.
I gcásanna ina dtugtar diúltú réasúnaithe, féadfaidh an t-údarás iarrthach teagmháil a dhéanamh an athuair leis an údarás inniúil le heilimintí breise, chun údarú a fháil dá oifigeach na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), (b) nó (c) a chur i gcrích. Tabharfaidh an t-údarás inniúil freagra ar an dara iarraidh sin laistigh de 30 lá tar éis í a fháil.
I gcás ina mbeidh an fhaisnéis iarrtar i ndoiciméid a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis faighte iarrata uirthi, tabharfar cóipeanna de sin d'oifigigh an údaráis iarrthaigh.
I gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarrtar i ndoiciméid a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis faighte iarrata orthu, tabharfar cóipeanna díobh sin d'oifigigh an údaráis iarrthaigh.
2. I gcás ina n-iarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó Ballstát eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar dhuine amháin nó níos mó ar leas coiteann nó comhlántach iad a mBallstát uile faoi seach, freagróidh na húdaráis iarrtha don iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.
2. I gcás ina n-iarrfaidh údaráis inniúla Ballstát amháin nó níos mó ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó údaráis inniúla Ballstát eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar dhuine amháin nó níos mó ar leas coiteann nó comhlántach iad dá mBallstát uile faoi seach, freagróidh na húdaráis iarrtha don iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.
Leasú 53 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 Treoir 2011/16/AE Airteagal 12a – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3. Féadfar diúltú d'iarraidh ó Bhallstát ar iniúchadh comhpháirteach ar forais a bhfuil údar maith leo, agus háirithe, de dheasca aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:
3. Féadfar diúltú d’iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit ar iniúchadh comhpháirteach ar na cúiseanna seo a leanas:
I gcás ina ndiúltaíonn údarás iarrtha don iarraidh sin, cuirfidh sé an duine iarrthach nó na daoine iarrthacha ar an eolas maidir leis na forais a bhaineann leis an diúltú.
I gcás ina ndiúltaíonn údarás iarrtha don iarraidh sin, cuirfidh sé an duine iarrthach nó na daoine iarrthacha ar an eolas maidir le cé acu den dá fhoras dá dtagraítear i mír 3 ar diúltaíodh don iarraidh.
‘Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL agus cánacha indíreacha eile, a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.
Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha agus an Bhallstáit iarrthaigh agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL, faisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 8ac(2), agus cánacha indíreacha eile, a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.
2. Le cead ó údarás inniúil an Bhallstáit a chuireann faisnéis in iúl de bhun na Treorach seo, ach amháin a mhéid a cheadaítear faoi reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.
2. Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaigheann údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 ach amháin sa chás go gceadaítear sin faoi dhlíthe Bhallstát an údaráis inniúil a fhaigheann an fhaisnéis.
Féadfaidh údarás inniúil gach Ballstáit liosta a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát uile maidir leis an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as faisnéis agus doiciméid, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, cé is moite díobh sin dá dtagraítear i mír 1. Maidir leis an údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis, is féidir leis an fhaisnéis agus na doiciméid a fhaightear a úsáid chun críocha eile liostaithe ag an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid gan an cead dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Leasú 57 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 16 – mír 4
(ba) Scriostar mír 4.
Leasú 58 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua) Treoir 2011/16/AE Airteagal 17 – mír 4 a (nua)
(13a) In Airteagal 17, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
“4a. Ní bheidh feidhm ag an bhféidearthacht dá dtagraítear i mír 4 maidir le diúltú do sholáthar faisnéise má bhíonn an t-údarás iarrthach in ann a léiriú nach gcuirfear an fhaisnéis in iúl don phobal agus nach n-úsáidfear í ach amháin chun críche measúnú, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar ghnóthaí cánach ábhartha an duine nó an ghrúpa daoine a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo.”
Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochta a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. Chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní dhéanfaidh rochtain an Choimisiúin dochar d'oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4).
Déanfaidh an Coimisiún an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta riachtanach uile a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an comhéadan lárnach a dhaingniú leis an leibhéal is airde cibearshlándála agus nósanna imeachta atá deimhnithe go teicniúil chun cosaint sonraí a ráthú. Chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní dhéanfaidh rochtain an Choimisiúin dochar d'oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4).
2. Déanfaidh na Ballstáit ina ndlínse féin meastóireacht ar éifeachtacht an chomhair riaracháin agus í a scrúdú i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac agus cuirfidh na Ballstáit torthaí a meastóireachta in iúl don Choimisiún.
2. Déanfaidh na Ballstáit ina ndlínse féin meastóireacht ar éifeachtacht an chomhair riaracháin agus í a scrúdú i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus déanfaidh siad scrúdú agus meastóireacht ar na costais chomhlíonta a d’fhéadfadh eascairt as staid róthuairiscithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh na Ballstáit torthaí a meastóireachta in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Cuirfear achoimre de na torthaí sin ar fáil don phobal, agus cearta agus rúndacht na gcáiníocóirí á gcur san áireamh. Ní dhéanfar an fhaisnéis a imdhealú go leibhéal a fhágann gur féidir í a fhágáil ar cháiníocóirí aonair.
(17a) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
3. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa agus 8ab, mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha cumarsáide don mheastóireacht bhliantúil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
3. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise arna iarraidh sin dá dtagraítear in Airteagal 5, 6 agus 7 agus éifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa agus 8ab, mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach, lena n-áirítear an t-ioncam ó cháin incriminteach a bhaineann le comhar riaracháin. Maidir leis an bhfaisnéis a chuirfear in iúl, déanfaidh an Coimisiún í a imdhealú, ar a laghad go leibhéal de réir tíre. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha cumarsáide don mheastóireacht bhliantúil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
(17b) In Airteagal 23a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1. Aon fhaisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún de bhun na Treorach seo, coinneoidh an Coimisiún faoi rún í i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le húdaráis an Aontais agus ní fhéadfar í a úsáid chun aon chríocha seachas na críocha sin a bhfuil gá leo chun a chinneadh an bhfuil agus a mhéid atá an Treoir seo á comhlíonadh ag na Ballstáit.
1. Aon fhaisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún de bhun na Treorach seo, coinneofar faoi rún í, a mhéid nach ndéanfaidh a neamhnochtadh dochar do leas an phobail, is féidir an fhaisnéis sin a fhágáil ar cháiníocóirí aonair agus go sáródh nochtadh na faisnéise sin cearta na gcáiníocóirí.
Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis inchurtha, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
Ní féidir leis na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid a chuireann an Coimisiún le chéile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach chun críocha anailíseacha, agus ní fhoilseofar ná ní chuirfear ar fáil d'aon duine ná comhlacht eile iad seachas le comhaontú sainráite ón gCoimisiún.
Maidir leis na tuarascálacha agus na doiciméid arna dtáirgeadh ag an gCoimisiún, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní fhéadfaidh na Ballstáit iad a úsáid ach amháin chun críocha anailíse, agus féadfar iad a bheith ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir agus a bheith ar fáil go poiblí ina dhiaidh sin, a mhéid nach bhfuil an fhaisnéis atá iontu inchurtha i leith cáiníocóra aonair, agus atá a nochtadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
D'ainneoin an chéad agus an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staitistiúla a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).
Déanfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staitistiúla a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).
Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn sárú ar shonraí pearsanta de réir bhrí phointe 12 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an gCoimisiún, mar phróiseálaí, chun na malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chur ar fionraí mar bheart maolaithe.
Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn sárú ar shonraí pearsanta de réir bhrí phointe 12 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, nó i gcás ina mbíonn sárú ar phrionsabail an smachta reachta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*,, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an gCoimisiún, mar phróiseálaí, chun na malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chur ar fionraí mar bheart maolaithe.
_________________
*Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I, 22.12.2020, lth. 1).
Mairfidh an fionraí go dtí go n-iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an gCoimisiún malartú faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chumasú arís.
Mairfidh an fionraí go dtí go n-iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an gCoimisiún malartú faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chumasú arís. Ní chumasóidh an Coimisiún an malartú faisnéise ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise theicniúil ann go bhfuil an sreabhadh sonraí slán.
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad, i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
(20a) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 25b
Athbhreithniú
Faoi... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme agus éifeachtúlacht na bhforálacha arna dtabhairt isteach le Treoir (AE) .../...*+ ón gComhairle agus déanfaidh sé tograí sonracha, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun an Treoir seo a fheabhsú. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
Agus togra arna thíolacadh ag an gCoimisiún á scrúdú aici, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar neartú breise a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe tuairisciú a dhéanamh.
________
* Treoir (AE) ón gComhairle .../... an ... lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO....)”
+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na treorach leasaithí seo, agus comhlánaigh an fonóta leis an uimhir, an dáta agus an tagairt IO.
Leasú 70 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – pointe 2 a (nua)
Tá roinnt pionós san Iarscríbhinn seo freisin, i gcomhréir le hAirteagal 25a, ar féidir leis na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm.
Leasú 71 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – Cuid I – pointe A– mír 3 a (nua)
3a. “Ciallaíonn “Oibritheoir Ardán Tuairiscithe Eisiata” Oibreoir Ardán Tuairiscithe nár mhó a ioncam nó a hioncam, a gineadh san Aontas le linn na bliana féilire roimhe sin, ná EUR 100 000.
Leasú 72 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – Cuid I – pointe A– mír 4 a (nua)
4a. Is éard atá i gceist le ‘Gníomhaíocht Iomchuí Eisiata’ ná aon mhalartú earraí agus seirbhísí atá neamhíoctha agus neamhairgeadaíochta.
Leasú 73 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – Cuid III– mír 2 – pointe b
(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;
(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, mar a bhailíonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe é agus a mhéid nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;
Leasú 74 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – Cuid III – mír 3 – pointe b
(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;
(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, mar a bhailíonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe é agus a mhéid nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;
Leasú 75 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – Cuid IV – pointe C – mír 1 a (nua)
Faoi [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin agus ar cháilíocht chur chun feidhme nósanna imeachta an díchill chuí agus na gceanglas tuairiscithe. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an measúnú más gá é a fheabhsú.
Leasú 76 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I Treoir 2011/16/AE IARSCRÍBHINN V – Cuid IV – pointe F a (nua)
Fa. Pionóis i leith sáruithe
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí tuairiscithe ag Oibreoirí Ardán Tuairiscithe. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Iarrtar ar na Ballstáit sraith chomhchoiteann smachtbhannaí a áirithiú chun pionóis chomhchosúla a áirithiú san Aontas agus chun siopadóireacht chlárúcháin bunaithe ar dhéine na bpionós a chuirtear i bhfeidhm a sheachaint.
Moltar go háirithe do na Ballstáit roghanna i leith srianta ar mhodhanna rialaithe íocaíochta, táillí breise iarmhartacha a ghearradh in aghaidh an idirbhirt, conarthaí poiblí a eisiamh agus, i gcásanna tromchúiseacha agus i gcásanna a tharlaíonn arís eile, ceadúnas gnó an oibreora ardán a chúlghairm, a mheas mar phionóis.
Dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 le moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach (2020/2129(INL))
– ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh(1) (‘an Rialachán Adhmaid’),
– ag féachaint do Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE(2) ón gComhairle (‘an Treoir Chuntasaíochta’),
– ag féachaint do Threoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe(3) (‘an Treoir maidir leis an Tuairisciú Neamhairgeadais’),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca(4) (‘an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta’),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2017/828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 2007/36/CE maidir le rannpháirtíocht scairshealbhóirí fadtéarmacha a spreagadh(5) (‘an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí’),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais(6) (‘an Treoir maidir le Sceithirí’),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais(7) (‘an Rialachán maidir le Nochtadh’),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088(8) (‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’),
– ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú(9),
– ag féachaint don Chomhaontú Glas don Eoraip(10),
– ag féachaint do na Treoirlínte ón gCoimisiúin maidir leis an tuairisciú neamhairgeadais (modheolaíocht chun faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú)(11) agus do na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le tuairisciú neamhairgeadais: Forlíonadh i ndáil le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú(12),
– ag féachaint do na rúin uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le dliteanas corparáideach i leith sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtríú tíortha(13), an 27 Aibreán 2017 maidir le tionscnamh suaitheanta AE maidir leis an earnáil éadaí(14) agus an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe(15),
– ag féachaint do Chomhaontú Pháras a glacadh an 12 Nollaig 2015 (‘Comhaontú Pháras’),
– ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh in 2015, go háirithe na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna),
– ag féachaint do Chreat 2008 na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’,
– ag féachaint do Phrionsabail Threoracha 2011 na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine(16) (UNGPanna),
– ag féachaint do Threoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta(17),
– ag féachaint do Threoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Freagrach Gnó(18),
– ag féachaint do Threoir ECFE um Dhícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha san Earnáil Éadaí agus Coisbheart(19),
– ag féachaint do Threoir ECFE um Dhícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus i Limistéir Ardriosca(20),
– ag féachaint do Threoir ECFE-EBT le haghaidh Slabhraí Soláthair Talmhaíochta Freagracha(21),
– ag féachaint do Threoir ECFE um Dhícheall Cuí d’Iompar Freagrach Gnó d’Infheisteoirí Institiúideacha(22),
– ag féachaint do Threoir Díchill Chuí ECFE i dtaca le hIasachtú Corparáideach Freagrach agus Urrúis a Fhrithghealladh(23),
– ag féachaint do Dhearbhú 1998 ó EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus don obair leantach a ghabhann leis(24),
– ag féachaint do Dhearbhú Tríthaobhach 2017 ó EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta(25),
– ag féachaint do leabhrán na Náisiún Aontaithe ‘Gender Dimensions of the Guiding Principles on Business and Human Rights’ [Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine](26),
– ag féachaint do Dhlí na Fraince, Uimh. 2017-399 maidir le dualgas aireachais atá ar mháthairghnóthais agus ar ghnóthais ordúcháin(27),
– ag féachaint do dhlí na hÍsiltíre maidir le dualgas cúraim a thabhairt isteach chun cosc a chur le soláthar earraí agus seirbhísí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as saothar leanaí(28),
– ag féachaint do mholadh CM/Rec(2016)3 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le cearta an duine agus gnó a ghlac Coiste na nAirí an 2 Márta 2016,
– ag féachaint don staidéar a rinne Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais i mí Feabhra 2019 dar teideal ‘Access to legal remedies for victims of corporate human rights abuses in third countries’ [Rochtain ar leigheasanna dlí d’íospartaigh sáruithe corparáideacha ar chearta an duine i dtríú tíortha](29),
– ag féachaint do na faisnéisithe ó Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2020 dar teideal ‘EU Human Rights Due Diligence Legislation’[Reachtaíocht Díchill Chuí AE maidir le Cearta an Duine]: Monitoring, Enforcement and Access to Justice for Victims [Reachtaíocht Díchill Chuí an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine: Faireachán, Forfheidhmiú agus Rochtain ag Íospartaigh ar Cheartas](30) agus Substantive Elements of Potential Legislation on Human Rights Due Diligence [Gnéithe Substainteacha de Reachtaíocht Ionchasach maidir le Díchill Chuí um Chearta an Duine],
– ag féachaint don staidéar a ullmhaíodh don Choimisiún Eorpach dar teideal ‘Study on due diligence requirements through the supply chain’ [Staidéar ar riachtanais díchill chuí tríd an slabhra soláthair](31),
– ag féachaint don staidéar a ullmhaíodh don Choimisiún Eorpach maidir le ‘Directors’ duties and sustainable corporate governance’ [Dualgais stiúrthóirí agus ar rialachas corparáideach inbhuanaithe](32),
– ag féachaint do Chearta an Linbh agus Prionsabail Ghnó, a d’fhorbair UNICEF, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Fóir ar na Páistí(33),
– ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hAontas na Margaí Caipitil (COM(2020)0590),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ‘Dícheall cuí Éigeantach’,
– ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0018/2021),
A. de bhrí go sonraítear in Airteagail 3 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go ndéanfaidh an tAontas, ina chaidreamh leis an domhan mór, a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn, eadhon an smacht reachta agus urramú agus cosaint chearta an duine agus go rannchuideoidh sé le forbairt inbhuanaithe na Cruinne, leis an dlúthpháirtíocht agus le saorthrádáil chóir agus go ndéanfaidh sé an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt freisin; de bhrí, go sonrach, go bhfuil an tAontas chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha a chothú, agus é mar phríomhaidhm aige deireadh a chur leis an mbochtaineacht; de bhrí go bhfuil an tAontas chun na prionsabail sin a urramú agus na cuspóirí sin a shaothrú, agus gnéithe seachtracha a bheartas eile á bhforbairt agus á gcur chun feidhme;
B. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 208(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil tAontas chun aird a thabhairt ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha;
C. de bhrí go bhfuil ghéaraigh domhandú na gníomhaíochta eacnamaíche iarmhairtí díobhálacha gníomhaíochtaí gnó ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta sóisialta agus saothair, an comhshaol agus dea-rialachas stát; de bhrí gur minic a tharlaíonn sáruithe ar chearta an duine ar leibhéal táirgthe príomhúla, go háirithe agus amhábhar agus táirgí monaraíochta á bhfoinsiú;
D. de bhrí go bhfuil feidhm ag an gCairt maidir le reachtaíocht uile an Aontais agus maidir leis na húdaráis náisiúnta, agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu san Aontas agus i dtríú tíortha araon;
E. de bhrí, má chuirtear dícheall cuí chun feidhme go cuimsitheach, go mbainfidh cuideachtaí tairbhe san fhadtéarma as iompar gnó níos fearr lena gcuirfear béim ar dhíobháil a chosc seachas ar a leigheas;
F. de bhrí, i bhfianaise go mbeifí ag dréim leis go mbeadh éifeachtaí seach-chríochacha ag reachtaíocht amach anseo maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach do ghnóthais Eorpacha, go ndéanfadh an reachtaíocht sin difear d’fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil tíortha i mbéal forbartha agus dá n-ionchais maidir lena SDGanna a bhaint amach; de bhrí go bhféadfadh an tionchar suntasach sin rannchuidiú le cuspóirí beartais an Aontais maidir le forbairt;
G. de bhrí gur cheart do ghnóthais cearta an duine a urramú, lena n-áirítear cearta ceangailteacha idirnáisiúnta agus na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, agus nár cheart dóibh aon iarmhairtí díobhálacha ina leith sin a chur faoi deara ná cur le haon iarmhairtí díobhálacha ina leith sin; de bhrí gur cheart go mbeadh dícheall cuí bunaithe ar an phrionsabal ‘na neamhdhíobhála’; de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 21 CAE go ndéanfaidh an tAontas uilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chomhdhlúthú, ar cearta agus saoirsí iad arna gcosaint leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) agus leis an gCairt, chun a áirithiú go mbeidh forbairt inbhuanaithe agus comhsheasmhacht ann idir a ghníomhaíocht sheachtrach agus beartais eile; de bhrí gur aithin Comhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil urraim chorparáideach do chearta an duine in oibríochtaí corparáideacha agus i slabhraí soláthair tábhachtach chun SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach;
H. de bhrí gurb é an daonlathas, lena gcosnaítear cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an t-aon chineál rialtais atá comhoiriúnach leis an bhforbairt inbhuanaithe; de bhrí go ndéanann eilliú agus easpa trédhearcachta an bonn a bhaint ó chearta an duine;
I. de bhrí gur cearta bunúsacha de chuid an duine iad na cearta chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa a chumhdaítear in Airteagal 8 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, in Airteagal 2(3) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus in Airteagail 6 agus 13 ECHR agus in Airteagal 47 den Chairt; de bhrí gur cheart don Aontas, mar chuid dá ghealltanas cearta an duine a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhlíonadh ar fud an domhain, cabhrú le cearta íospartach de sháruithe ar chearta an duine a bhaineann le gnó agus de mhí-úsáidí arb ionann iad agus coireanna coiriúla i dtríú tíortha a chur chun cinn, i gcomhréir le Treoracha 2011/36/AE(34) agus 2012/29/AE(35) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
J. de bhrí go bhféadfadh éifeacht uafásach a bheith ag éilliú ar riaradh dleathach an cheartais agus ar shláine bhreithiúnach i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha, agus go bhféadfadh sé sárú intreach a dhéanamh ar an gceart chun trialach córa, ar an gceart chun próise cuí, agus ar an gceart chun sásaimh éifeachtaigh; de bhrí go bhféadfadh an t-éilliú a bheith ina siocair le cásanna de shárú córasach ar chearta an duine sa chomhthéacs gnó, mar shampla, trí chosc a chur ar dhaoine aonair rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil sé d’oibleagáid ar na Stáit iad a sholáthar chun a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine a chomhlíonadh nó trí phrasaghanna na n-earraí agus na seirbhísí sin a mhéadú, trí éadáil nó leithreasú éagórach talúin de pháirt na ngnólachtaí a spreagadh, nó trí sciúradh airgid a éascú, nó trí cheadúnais nó lamháltais neamhdhleathacha a dheonú do ghnólachtaí san earnáil eastóscach;
K. de bhrí gur nochtadh le géarchéim COVID-19 roinnt de na míbhuntáistí tromchúiseacha a bhaineann le slabhraí luacha domhanda agus a éasca atá sé do ghnóthais áirithe tionchair dhiúltacha a ngníomhaíochtaí gnó a aistriú, go díreach agus go hindíreach, chuig dlínsí eile, go háirithe lasmuigh den Aontas, gan a bheith cuntasach; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), maidir le gnóthais a bhfuil céimeanna réamhghníomhacha glactha acu chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le géarchéim COVID-19 ar bhealach lena ndéantar na hiarmhairtí díobhálacha a bhíonn ar oibrithe agus ar shlabhraí soláthair a mhaolú, go bhforbraíonn siad luach agus athléimneacht atá níos fadtéarmaí, lena bhfeabhsaítear a n-inmharthanacht sa ghearrthéarma agus a n-ionchais maidir le téarnamh a dhéanamh sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
L. de bhrí gur cheart béim a leagan ar a thabhachtaí atá an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus ar an tsaoirse comhlachais agus an tsaoirse comhthionóil shíochánta, lena n-áirítear an ceart chun ceardchumainn a bhunú agus gabháil le ceardchumainn, an ceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochta comhchoitinne, mar aon leis an gceart chun luach saothair cóir a fháil agus chun dálaí oibre cuibhiúla, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre;
M. de bhrí, de réir staitisticí EIS, gurb ann do thart ar 25 mhilliún íospartach de shaothar éigeantach thart timpeall an domhain, 152 mhilliún íospartach de shaothar leanaí, 2,78 milliún bás de bharr galair a bhaineann leis an obair in aghaidh na bliana agus 374 mhilliún gortú neamh-mharfach a bhaineann leis an obair in aghaidh na bliana; de bhrí go bhfuil roinnt coinbhinsiún forbartha ag EIS chun oibrithe a chosaint, ach go bhfuil a bhforfheidhmiú fós easpach, go háirithe maidir le margaí saothair na dtíortha i mbéal forbartha;
N. de bhrí gur bhain gnóthais áirithe, eintitis phoiblí nó phríobháideacha nó daoine poiblí nó príobháideacha leas ar fud an domhain in 2019 as dúshaothrú agus díghrádú ar dhaoine ar bhonn leanúnach trí shaothar éignithe agus trí chleachtais de chineál sclábhaíochta, a dhéanann difear do na milliúin duine; de bhrí gur staid dho-ghlactha agus cúis imní ar leith é líon measta 152 mhilliún leanbh a bheith i mbun saothar leanaí, agus 72 mhilliún díobh ag obair i ndálaí guaiseacha, agus iallach á chur ar go leor díobh obair a dhéanamh trí fhoréigean, trí dhúmhál agus trí mhodhanna neamhdhleathacha eile; de bhrí go bhfuil an fhreagracht speisialta ar ghnóthais leanaí a chosaint, go háirithe, gus saothar leanaí d’aon chineál a chosc;
O. de bhrí go bhfuil cearta bunúsacha saothair, sóisialta agus eacnamaíocha cumhdaithe i roinnt conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, lena n-áirítear sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, i mBunchaighdeáin Oibre EIS, agus i gCairt Shóisialta na hEorpa, agus sa Chairt freisin; de bhrí gur cearta bunúsacha daonna iad an ceart chun obair a dhéanamh, chun saor-rogha fostaíochta agus chun luach saothair a fháil lena n-áirithítear go mbeidh cóir mhaireachtála atá oiriúnach do dhínit an duine ag fostaithe agus ag a dteaghlaigh, ar cearta iad atá cumhdaithe in Airteagal 23 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine; de bhrí gur ábhar mór imní fós iad cigireacht stáit neamhleor ar shaothar, ceart teoranta chun sásaimh, uaireanta oibre iomarcacha, pá ar leibhéal na bochtaineachta, an bhearna phá idir na hinscní agus cineálacha eile idirdhealaithe, go háirithe i gCriosanna Próiseála Onnmhairí;
P. de bhrí gur tugadh chun suntais le Meitheal na Náisiún Aontaithe um Ghnó agus Cearta an tionchar difreáilte agus díréireach atá ag gníomhaíochtaí gnó ar mhná agus ar chailíní agus go bhfuil sé ráite aici gur cheart go gcumhdófaí tionchair iarbhír agus ionchasacha araon ar chearta na mban le dícheall cuí maidir le cearta an duine;
Q. de bhrí go bhfuil sé ráite ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe um chearta an duine agus um an gcomhshaol go bhfuil gá leis na cearta chun beatha, sláinte, bia, uisce agus forbartha, chomh maith leis an gceart chun comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe, chun gur féidir leas iomlán a bhaint as cearta an duine; de bhrí gur chuir an Rapóirtéir Speisialta i bhfáth freisin go ndéanann cailliúint na bithéagsúlachta an bonn a bhaint ó theachtadh iomlán chearta an duine agus gur cheart gurb iad na stáit a dheanfadh an díobháil don bhithéagsúlacht arb iad gníomhaithe príobháideacha agus gníomhaireachtaí rialtais ba shiocair léi a rialáil; de bhrí gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún 64/292 uaidh, gur ceart daonna é an ceart chun uisce óil atá glan agus sábháilte agus an ceart chun sláintíochta; de bhrí gur cheart na cearta sin a chumhdach le haon reachtaíocht ionchasach;
R. de bhrí nach bhfuil ach feasacht theoranta ag gnóthais i gcoitinne ar raon na dtionchar a bhíonn acu ar chearta an linbh ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith acu sin ar leanaí, arb iarmhairtí a d’athródh saol na leanaí sin;
S. de bhrí gur dhearbhaigh Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag an athrú aeráide ar theachtadh iomlán agus éifeachtach chearta an duine; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar stáit cearta an duine a urramú, agus aghaidh á tabhairt acu ar iarmhairtí díobhálacha an athraithe aeráide; de bhrí nach foláir d’aon reachtaíocht díchill chuí chorparáidigh a bheith i gcomhréir le Comhaontú Pháras;
T. de bhrí go sáraítear prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus an neamh-idirdhealaithe le héilliú córasach agus go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha aige sin maidir le cearta an duine a theachtadh go héifeachtach; de bhrí, le Coinbhinsiún ECFE maidir le hOifigigh Phoiblí Eachtracha a Bhreabadh in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta a Chomhrac agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit cleachtais éifeachtacha a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm leo éilliú a chosc; de bhrí gur cheart forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe a bheith mar chuid d’oibleagáidí díchill chuí i reachtaíocht;
U. de bhrí, mar gheall ar an staid scáfar sin, go bhfuil sé tugtha chun suntais a phráinní atá sé gnólachtaí a dhéanamh níos freagrúla, níos freagraí agus níos cuntasaí maidir leis na hiarmhairtí díobhálacha a chruthaíonn siad nó a gcuireann siad leo nó a bhfuil nasc díreach acu leo agus go bhfuil díospóireacht spreagtha maidir le conas é sin a dhéanamh, agus béim á leagan ar an ngá atá le cur chuige comhréireach agus comhchuibhithe ar fud an Aontais maidir leis na hábhair sin, ar cur chuige é atá riachtanach freisin chun go mbeifí in ann SDGanna na Náisiún Aontaithe (NA) a bhaint amach;
V. de bhrí, de réir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go bhfuil líon mór cosantóirí chearta an duine faoi bhagairt toisc go gcuireann siad imní in iúl faoi iarmhairtí díobhálacha ar oibríochtaí gnó ar chearta an duine;
W. de bhrí, i measc nithe eile, gur glacadh creataí agus caighdeáin díchill chuí laistigh de na Náisiúin Aontaithe, de Chomhairle na hEorpa, de ECFE agus de EIS mar thoradh ar an díospóireacht sin; de bhrí, áfach, gur caighdeáin dheonacha na caighdeáin sin agus, dá thoradh sin, gur thearc a nglacadh; de bhrí gur cheart go gcuirfeadh reachtaíocht an Aontais go comhleanúnach agus go cuiditheach leis na creataí agus na caighdeáin sin; de bhrí gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacú leis na caibidlíochtaí leanúnacha agus a bheith rannpháirteach iontu chun ionstraim de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Corparáidí Trasnáisiúnta agus Fiontair Eile Gnó a chruthú i ndáil le cearta an duine, ar ionstraim í a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí, agus gur cheart don Chomhairle sainordú a thabhairt don Choimisiún ról gníomhach a bheith aige sna caibidlíochtaí leanúnacha sin;
X. de bhrí, de réir staidéar ón gCoimisiún, nach ndéanann ach 37 % de fhreagróirí gnó faoi láthair dícheall cuí maidir leis an gcomhshaol agus le cearta an duine;
Y. de bhrí gur ghlac roinnt Ballstát, amhail an Fhrainc agus an Ísiltír, reachtaíocht chun cuntasacht chorparáideach a fheabhsú agus gur thug siad isteach creataí éigeantacha díchill chuí; de bhrí go bhfuil Ballstáit eile ag breathnú faoi láthair ar reachtaíocht den sórt sin a ghlacadh, Ballstáit lena n-áirítear an Ghearmáin, an Ostair, an tSualainn, an Fhionlainn, an Danmhairg agus Lucsamburg; de bhrí go bhféadfadh an easpa cur chuige chomhpháirtigh ar fud an Aontais a bheith ina cúis le laghdú ar dheimhneacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann le sainchumais ghnó agus ina cúis le míchothromaíochtaí san iomaíocht chóir, rud a d’fhágfadh, dá réir sin, go mbeadh gnóthais a bhíonn réamhghníomhach maidir le cúrsaí sóisialta agus comhshaoil faoi mhíbhuntáiste; de bhrí, de dheasca na heaspa reachtaíochta comhchuibhithe díchill chuí chorparáidigh, go ndéantar cothrom iomaíochta na ngnóthas atá ag oibriú san Aontas a chur i mbaol;
Z. de bhrí go bhfuil reachtaíocht díchill chuí glactha cheana féin ag an Aontas le haghaidh earnálacha sonracha, amhail an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta, an Rialachán Adhmaid, an Rialachán maidir le Forghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) agus an Rialachán maidir le Frithchéastóireacht; de bhrí go bhfuil na píosaí reachtaíochta sin tagtha chun bheith ina dtagarmharc le haghaidh reachtaíocht spriocdhírithe cheangailteach díchill chuí maidir leis an slabhra soláthair; de bhrí gur cheart, le reachtaíocht an Aontais a bheidh ann amach anseo, go dtacófaí le gnóthais maidir lena bhfreagrachtaí corparáideacha a bhainistiú agus a chomhlíonadh agus a bheith ailínithe go hiomlán leis na hoibleagáidí díchill chuí agus tuairiscithe earnála uile atá ann cheana, amhail an Treoir maidir le Tuairisciú Neamh-Airgeadais, agus a bheith comhleanúnach leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha, chun dúbláil a sheachaint;
AA. de bhrí go bhfuil sé molta ag an gCoimisiún straitéis chuimsitheach don earnáil éadaí a fhorbairt mar chuid den Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, rud a d’fhéadfadh, trí shraith aonfhoirmeach caighdeán a áireamh maidir leis an dícheall cuí agus an fhreagracht shóisialta, a bheith ina shampla eile de chur chuige níos mionsonraithe d’earnáil shonrach; de bhrí gur cheart don Choimisiún reachtaíocht bhreise earnáilsonrach de chuid an Aontais a mholadh maidir le dícheall cuí éigeantach, mar shampla d’earnálacha amhail tráchtearraí atá ina mbaol d’fhoraoiseacha agus d’éiceachórais agus earnáil an éadaigh;
1. á mheas go bhfuil teorainneacha ag baint le caighdeáin dheonacha díchill chuí agus nach bhfuil dul chun cinn suntasach bainte amach leo maidir le dochar do chearta an duine agus don chomhshaol a chosc agus maidir le rochtain ar cheartas a chumasú; á mheas gur cheart don Aontas ceanglais cheangailteacha ar ghnóthais a ghlacadh go práinneach maidir le hiarmhairtí díobhálacha a shainaithint, a mheasúnú, a chosc, a scor, a mhaolú, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chur in iúl, cuntas a thabhairt ina leith, aird a thabhairt ar iarmhairtí díobhálacha ionchasacha agus/nó iarbhír ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar dhea-rialachas ina slabhra luacha agus na hiarmhairtí sin a leigheas; á chreidiúint go rachadh sé sin chun tairbhe do gheallsealbhóirí, agus do ghnólachtaí chomh maith, maidir le comhchuibhiú, deimhneacht dhlíthiúil, machaire comhréidh agus maidir le maolú a dheanamh ar bhuntáistí iomaíocha éagothroma a bhíonn ag tríú tíortha mar thoradh ar chaighdeáin chosanta níos ísle a bheith acu, mar aon le dumpáil shóisialta agus chomhshaoil sa trádáil idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go gcuirfeadh sé sin feabhas ar chlú ghnóthais an Aontais agus ar chlú an Aontais mar bhunaitheoir caighdeán; á chur i bhfáth go bhfuil sé cruthaithe go mbaineann tairbhithe do ghnóthais le cleachtais éifeachtacha fhreagracha iompair gnó a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear bainistíocht riosca níos fearr, costas caipitil níos ísle, feidhmíocht airgeadais níos fearr ar an iomlán, agus iomaíochas feabhsaithe; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go ndéantar cinnteacht agus trédhearcacht a mhéadú le dícheall cuí maidir le cleachtais soláthair gnóthas a bhíonn ag foinsiú ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach agus go gcuideofar le cosaint a thabhairt do leasa tomhaltóirí trí cháilíocht agus iontaofacht táirgí a áirithiú, agus gur cheart go n-eascródh as sin cleachtais cheannaigh agus caidreamh fadtéarmach idir soláthraithe agus gnóthais a bheidh níos freagraí; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an creat bunaithe ar oibleagáid a chur ar ghnóthais gach beart comhréireach agus comhchuimseach a dhéanamh agus na hiarrachtaí is acmhainn dóibh a dhéanamh a mhéid is acmhainn dóibh;
2. á chur i bhfáth, cé go bhfuil sé de dhualgas ar ghnóthais cearta an duine agus an comhshaol a urramú, go bhfuil sé de fhreagracht ar stáit agus ar rialtais cearta an duine agus an comhshaol a chosaint, agus nár cheart an fhreagracht sin a aistriú chuig gníomhaithe príobháideacha; á mheabhrú gur sásra coisctheach é an dícheall cuí, go príomha, agus gur cheart a cheangal ar ghnóthais, thar aon ní eile, gach beart comhréireach agus comhchuimseach a dhéanamh agus na hiarrachtaí is acmhainn dóibh a dhéanamh iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír a shainaithint agus beartais agus bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt orthu;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha agus pléití maidir le cosaint chearta an duine a chur san áireamh i gcónaí sna gníomhaíochtaí beartais sheachtraigh, lena n-áirítear i gcomhaontuithe infheistíochta agus trádála;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar na gnóthais atá bunaithe in Xinjiang a onnmhairíonn táirgí chuig an Aontas chun sáruithe ionchasacha ar chearta an duine a shainaithint, go háirithe na sáruithe sin a bhaineann leis an gcur faoi chois atá á dhéanamh ar na hUigiúraigh;
5. á mheabhrú go mbraitheann teachtadh iomlán chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun beatha, sláinte, bia agus uisce, ar chothú na bithéagsúlachta, atá mar bhunús le seirbhísí éiceachórais a bhfuil dlúthbhaint ag folláine an duine leo;
6. ag tabhairt dá haire go bhfuil staid dhúshlánach os comhair gnóthais bheaga agus mheánmhéide, mar gheall ar phaindéim COVID-19; á chreidiúint gur cuspóirí ríthábhachtacha de chuid an Aontais iad tacaíocht a sholáthar dóibh agus timpeallacht fhabhrach mhargaidh a chruthú;
7. á chur i bhfáth gur féidir le sáruithe ar chearta an duine agus le sáruithe ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí de chuid gnóthais é féin nó ar ghníomhaíochtaí de chuid a chaidreamh gnó atá faoina rialú agus gníomhaíochtaí feadh a slabhra luacha; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur cheart go gcuimseodh dícheall cuí an slabhra luacha ar fad, ach gur cheart go mbeadh beartas tosaíochtaí ag baint leis freisin; á mheabhrú go bhfuil cearta uile an duine uilíoch, doroinnte, idirspleách agus idirghaolmhar agus gur cheart iad a chur chun cinn agus a urramú ar bhealach cóir, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach;
8. á iarraidh go neartófar inrianaitheacht an tslabhra soláthair, bunaithe ar rialacha tionscnaimh Chód Custaim an Aontais; ag tabhairt dá haire gur cheart beartas an Aontais maidir le cearta an duine agus na ceanglais a bheidh ann amach anseo maidir le dícheall cuí corparáideach a ghlacfar mar thoradh ar thogra reachtach ón gCoimisiún a chur san áireamh, agus beartas trádála an Aontais á chur chun feidhme, lena n-áirítear i ndáil le comhaontuithe trádála agus infheistíochta a dhaingniú agus gur cheart go gcumhdófaí leo trádáil leis na comhpháirtithe trádála uile, ní hamháin leo siúd a bhfuil comhaontú saorthrádála tugtha i gcrích ag an Aontas leo; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí in ionstraimí trádála an Aontais sásraí láidre forfheidhmithe amhail tarraingt siar ó rochtain fhabhrach i gcás neamhchomhlíonta;
9. á mheas gur cheart raon feidhme aon chreata éigeantaigh díchill chuí de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo a bheith leathan agus gur cheart go gcumhdófaí leis na gnóthais mhóra uile a rialaítear le dlí Ballstáit nó atá bunaithe ar chríoch an Aontais, lena n-áirítear iad sin a sholáthraíonn táirgí agus seirbhísí airgeadais, gan beann ar a n-earnáil gníomhaíochta agus ar cibé acu faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí atá siad, chomh leis na gnóthais bheaga agus mheánmhéide uile a liostaítear go poiblí agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide ardriosca; á mheas gur cheart go gcumhdófaí leis an gcreat freisin gnóthais atá bunaithe lasmuigh den Aontas, ach atá gníomhach sa mhargadh inmheánach;
10. á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí díchill chuí a bheith ina choinníoll le haghaidh rochtain a fháil ar an margadh inmheánach agus gur cheart ceangal a chur ar oibreoirí fianaise a shuíomh agus a chur ar fáil, trí fheidhmiú an díchill chuí, go gcomhlíonann na táirgí a chuirtear ar an margadh aonair na critéir chomhshaoil agus critéir chearta an duine a leagtar amach sa reachtaíocht díchill chuí a bheidh ann amach anseo; á iarraidh bearta comhlántacha a bheith ann amhail an toirmeasc ar allmhairiú táirgí a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine leo, amhail saothar éigeantais nó saothar leanaí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí an cuspóir saothar éigeantais agus saothar leanaí a chomhrac sna caibidlí maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe de chomhaontuithe trádála an Aontais;
11. á mheas, maidir le roinnt gnóthas, agus go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide atá liostaithe go poiblí, go bhféadfadh sé go mbeadh próisis díchill chuí nach bhfuil chomh fairsing sin agus chomh foirmiúil sin ag teastáil uathu, agus gur cheart go gcuirfí san áireamh le cur chuige comhréireach, i measc gnéithe eile, earnáil na gníomhaíochta, méid an ghnóthais, déine agus dóchúlacht na rioscaí a bhaineann le cearta an duine a urramú, gnéithe rialachais agus comhshaoil atá ina ndlúthchuid d’oibríochtaí an ghnóthais agus comhthéacs a chuid oibríochtaí, lena n-áirítear an comhthéacs geografach, a shamhail ghnó, a shuíomh i slabhraí luacha agus cineál a tháirgí agus a sheirbhísí; á iarraidh go gcuirfí cúnamh teicniúil sonrach ar fáil do ghnóthais an Aontais, go háirithe do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, ionas gur féidir leo ceanglais díchill chuí a chomhlíonadh;
12. á chur i bhfios go láidir gur cheart straitéisí díchill chuí a ailíniú leis na SDGanna agus le cuspóirí beartais an Aontais i réimse chearta an duine agus an chomhshaoil, lena n-áirítear an Margadh Glas don Eoraip, agus leis an ngealltanas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, agus le beartas idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht agus le Comhaontú Pháras agus lena spriocanna an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú ag 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún sraith de threoirlínte díchill chuí, le lena n-áirítear treoirlínte earnáilsonracha, a fhorbairt le rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, maidir le conas ionstraimí éigeantacha dlí de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh agus conas a bheith i gcomhréir le creataí díchill chuí deonacha, lena n-áirítear modheolaíochtaí comhleanúnacha agus méadrachtaí soiléire chun tionchair agus dul chun cinn a thomhas, i réimsí chearta an duine, an chomhshaoil agus an dea-rialachais, agus á athdhearbhú go mbeadh na treoirlínte sin úsáideach go háirithe do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide;
13. ag tabhairt dá haire go dtugann scéimeanna deimhnithe tionscail deiseanna do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide freagrachtaí a chomhthiomsú agus a chomhroinnt go héifeachtúil; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach gcuirtear as an áireamh, trí dhul ar iontaoibh scéimeanna deimhnithe tionscail, go bhféadfadh gnóthas a chuid oibleagáidí díchill chuí a shárú, ná nach mbeadh sé faoi dhliteanas ina leith sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; ag tabhairt dá haire go gcaithfidh an Coimisiún Eorpach scéimeanna deimhnithe a mheasúnú, a aithint agus a mhaoirsiú;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal ‘an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt’ arna chumhdach in Airteagal 208 CFAE a urramú i reachtaíocht amach anseo; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach contrárthachtaí féideartha a íoslaghdú agus sineirgí le beartas maidir le comhar um fhorbairt a chothú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do thíortha atá i mbéal forbartha agus méadú a dhéanamh ar éifeachtacht an chomhair um fhorbairt; á mheas, i dtéarmaí praiticiúla, go gciallaíonn sé sin páirt ghníomhach a thabhairt d’Ard Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt san obair reachtach leanúnach agus measúnú cuimsitheach a sheoladh ar thionchar na reachtaíochta ábhartha de chuid an Aontais a bheith ann amach anseo ar thíortha atá i mbéal forbartha ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta de agus ó thaobh chearta an duine agus an chomhshaoil de i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr(36) agus le hUirlis 34 den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr(37); ag tabhairt dá haire gur cheart do thorthaí an mheasúnaithe sin a bheith mar bhunús don togra reachtach sa a bheidh ann amach anseo;
15. á chur i bhfáth go bhfuil comhlántacht agus comhordú le beartas, ionstraimí agus gníomhaithe i dtaca leis an gcomhar um fhorbairt cinntitheach agus gur cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le roinnt forálacha sa reachtaíocht de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo i ndáil leis an méid sin;
16. á chur i bhfáth gur cheart oibleagáidí díchill chuí a cheapadh go cúramach sa chaoi is gur próiseas leanúnach dinimiciúil a bheidh iontu in ionad ‘beart tic sa bhosca’ agus gur cheart go mbeadh straitéisí díchill chuí i gcomhréir le cineál dinimiciúil na n-iarmhairtí díobhálacha; á mheas gur cheart go gcumhdódh na straitéisí sin gach iarmhairt dhíobhálach iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine, ar an gcomhshaol nó ar an dea-rialachas, cé gur cheart déine agus dóchúlacht na hiarmharta díobhálaí a chur san áireamh i gcomhthéacs beartas tosaíochta; á chreidiúint, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil sé tábhachtach na huirlisí agus na creataí atá ann cheana a ailíniú a mhéid is féidir; á chur i bhfios go láidir gur gá don Choimisiún measúnú tionchair láidir a dhéanamh chun cineálacha iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír a shainaithint, chun na hiarmhairtí ar an machaire comhréidh Eorpach agus domhanda a imscrúdú, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus na hiarmhairtí dearfacha ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar an dea-rialachas, agus rialacha a cheapadh lena bhfeabhsófar an t-iomaíochas, cosaint na ngeallsealbhóirí agus an chomhshaoil, agus a bheidh feidhmiúil agus infheidhme maidir le gach gníomhaí sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide ardriosca agus iad sin atá liostaithe go poiblí. á chur i bhfáth gur cheart a chur san áireamh sa mheasúnú tionchair iarmhairtí na treorach sa todhchaí maidir le haistrithe sa slabhra luacha domhanda i ndáil le daoine aonair agus gnóthais dá ndéantar difear dóibh, agus maidir le buntáistí comparáideacha atá ag tíortha comhpháirtíochta i mbéal forbartha;
17. á thabhairt chun suntais gur gné ríthábhachtach den reachtaíocht maidir le dícheall cuí éigeantach iad ceanglais chuimsitheacha trédhearcachta; á thabhairt dá haire, má thugtar faisnéis fheabhsaithe agus trédhearcacht fheabhsaithe do sholáthraithe, gur féidir leo rialú maoirseachta níos fearr a dhéanamh ar a slabhraí soláthair agus tuiscint níos fearr a bheith acu orthu agus go gcuirtear feabhas ar acmhainneacht faireacháin na ngeallsealbhóirí agus na dtomhaltóirí agus ar mhuinín an phobail as an táirgeadh; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur cheart réitigh dhigiteacha a chur san áireamh sa reachtaíocht díchill chuí a bheidh ann amach anseo chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis a éascú agus chun ualaí maorlathacha a íoslaghdú;
18. ag tabhairt dá haire go n-éilítear freisin le dícheall cuí go ndéanfar éifeachtacht na bpróiseas agus na mbeart a thomhas trí iniúchtaí leormhaithe a dhéanamh agus na torthaí a chur in iúl, lena n-áirítear tuarascálacha meastóireachta poiblí ar an bpróisis díchill chuí atá ag gnóthas agus ar a thorthaí a chur ar fáil go tréimhsiúil i bhformáid chaighdeánaithe bunaithe ar chreat tuairiscithe leormhaith agus comhleanúnach; á mholadh go mbeadh rochtain éasca ar na tuarascálacha agus go mbeidís ar fáil, go háirithe do na daoine sin a ndearnadh difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh; á dhearbhú gur cheart beartas iomaíochta agus an leas dlisteanach chun cosaint a dhéanamh ar shaineolas inmheánach maidir le gnó a chur san áireamh sna ceanglais nochta agus nár cheart bacainní díréireacha ná ualach airgeadais ar ghnóthais a bheith mar thoradh orthu;
19. á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn dícheall cuí éifeachtach go ndéanfaidh gnóthais, de mheon macánta, plé éifeachtach, fóinteach agus feasach le geallsealbhóirí ábhartha; ag cur i bhfáth gur cheart go n-áiritheofaí le creat díchill chuí de chuid an Aontais go mbeadh ról ag na ceardchumainn agus ionadaithe na n-oibrithe, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda, i mbunú agus i gcur chun feidhme na straitéise díchill chuí; á chur i bhfáth nach foláir do nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sábháilteacht agus cosaint shláine fhisiceach agus dhlíthiúil na ngeallsealbhóirí a áirithiú;
20. ag leagan béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht le comhpháirtithe trádála, de mheon na cómhalartachta, chun a áirithiú go mbeidh an dícheall cuí ina chúis le hathrú a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá bearta tionscadail tionlacain chun éascú a dhéanamh ar chur chun chomhaontuithe saorthrádála an Aontais agus á iarraidh nasc láidir a bheith ann idir na bearta sin agus an reachtaíocht díchill chuí chothrománach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbainfear úsáid as ionstraimí airgeadais, amhail ‘Cúnamh don Trádáil’, chun an glacadh le hiompar freagrach gnó a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta agus tacú leis, lena n-áirítear tacaíocht theicniúil maidir le hoiliúint díchill chuí, sásraí inrianaitheachta agus athchóirithe atá bunaithe ar an onnmhairiú a leabú i dtíortha comhpháirtíochta; ag leagan béim, ina leith sin, ar an ngá atá le dea-rialachas a chur chun cinn;
21. á iarraidh go nascfar ionstraimí trádála leis an bhfaireachán a dhéanfaidh gnóthais de chuid an Aontais a oibríonn lasmuigh den Aontas ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta díchill chuí a bheidh ann amach anseo, agus go mbeidh ról ghníomhach ag Toscaireachtaí an Aontais san fhaireachán sin, lena n-áirítear trí mhalartú fóinteach tuairimí a thionól le sealbhóirí ceart tacaíochta, pobail áitiúla, comhlachais tráchtála agus institiúidí náisiúnta um chearta an duine, gníomhaithe na sochaí sibhialta agus ceardchumainn; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú le comhlachais trádála na mBallstát agus le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine i soláthar uirlisí agus faisnéise ar líne chun tacú le cur chun feidhme na reachtaíochta díchill chuí a bheidh ann sa todhchaí;
22. ag tabhairt dá haire, dá ndéanfaí comhordú ar leibhéal na hearnála, go bhféadfaí feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus ar éifeachtacht na n-iarrachtaí díchill chuí, go bhféadfaí dea-chleachtais a roinnt agus go rannchuideofaí le machaire comhréidh a bhaint amach;
23. á mheas, chun dícheall cuí a fhorfheidhmiú, gur cheart do na Ballstáit údaráis náisiúnta a bhunú nó a ainmniú chun dea-chleachtais a chomhroinnt, imscrúduithe a dhéanamh, smachtbhannaí a mhaoirsiú agus a fhorchur, agus déine agus cineál athfhillteach na sáruithe á gcur san áireamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart acmhainní agus cumhachtaí leordhóthanacha a chur ar fáil do na húdaráis sin chun a misean a chur i gcrích; á mheas gur cheart don Choimisiún líonra Eorpach um dhíchill chuí a bhunú le bheith freagrach, i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, as cleachtais rialála, imscrúdaitheacha, forfheidhmithe agus maoirseachta a chomhordú agus a chóineasú, agus as comhroinnt faisnéise agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-údarás inniúil náisiúnta; á mheas gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaidh gnóthais a straitéisí díchill chuí a fhoilsiú ar ardán atá inrochtana go poiblí agus láraithe, á mhaoirsiú ag na hudaráis inniúla náisiúnta;
24. á thabhairt chun suntais gur gné ríthábhachtach den reachtaíocht maidir le dícheall cuí éigeantach iad ceanglais chuimsitheacha trédhearcachta; á thabhairt dá haire, má thugtar faisnéis fheabhsaithe agus trédhearcacht fheabhsaithe do sholáthraithe agus do mhonaróirí, gur féidir leo rialú níos fearr a dhéanamh ar a slabhraí soláthair agus tuiscint níos fearr a bheith acu orthu agus go gcuirtear feabhas ar mhuinín an phobail as an táirgeadh; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart go ndíreofaí ar réitigh dhigiteacha sa rialachán díchill chuí a bheidh ann sa todhchaí chun ualaí maorlathais a íoslaghdú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar réitigh theicneolaíochta nua lena dtacófar le hinrianaitheacht a bhunú agus a fheabhsú i slabhraí soláthair idirnáisiúnta; á mheabhrú gur féidir le teicneolaíocht bhlocshlabhra inbhuanaithe rannchuidiú leis an sprioc sin;
25. á mheas gur féidir le sásraí casaoide ar leibhéal gnóthais cúiteamh éifeachtach luathchéime a chur ar fáil, ar choinníoll go bhfuil siad dlisteanach, inrochtana, intuartha, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach le cearta an duine, bunaithe ar rannpháirtíocht agus idirphlé, agus go dtugtar cosaint i gcoinne frithbhirt leo; á mheas nach mór sásraí príobháideacha den chineál sin a chur in iúl go cuí le sásraí breithiúnacha chun an leibhéal is airde cosanta do chearta bunúsacha a ráthú, lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil; á chur i bhfáth nár cheart riamh do na sásraí sin an bonn a bhaint den cheart atá ag íospartach gearán a chur isteach os comhair údaráis inniúla nó ceartas a lorg os comhair cúirte; á mholadh gur cheart go mbeadh údaráis bhreithiúnacha in ann gníomhú i leith gearán ó thríú páirtithe trí bhealaí sábháilte agus inrochtana gan aon bhagairt go ndéanfaí bearta díoltais;
26. á chur in iúl gur geal léi an fógra go n-áireofar córas dliteanais sa togra ón gCoimisiún agus á mheas, chun go mbeadh íospartaigh in ann leigheas éifeachtach a fháil, ba cheart gnóthais a chur faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta as an díobháil a rinne na gnóthais atá faoina rialú nó an díobháil ar chuir siad léi trí ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí, i gcás ina ndearna na gnóthais atá faoi rialú sáruithe ar chearta an duine nó ina ndearna siad díobháil don chomhshaol, ach amháin más féidir leis an ngnóthas a chruthú gur ghníomhaigh sé le cúram cuí i gcomhréir lena oibleagáidí díchill chuí agus go ndearna sé gach beart réasúnach chun an díobháil sin a chosc; á chur i bhfios go láidir gur féidir le teorainneacha ama, deacrachtaí maidir le rochtain ar fhianaise, mar aon le neamhionannas inscne, leochaileachtaí agus imeallú a bheith ina mórbhacainní praiticiúla agus nós imeachta a mbíonn ar íospartaigh sáruithe ar chearta an duine i dtríú tíortha aghaidh a thabhairt orthu, rud lena gcuirtear bac ar an rochtain atá acu ar leigheasanna éifeachtacha dlí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rochtain éifeachtach ar leigheasanna nach mbeadh eagla roimh fhrithbhearta a ghabháil leo agus a dhéanfaí ar bhealach a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, agus do dhaoine i staideanna leochaileacha, de réir mar a chumhdaítear in Airteagal 13 den Choinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á mheabhrú, le hAirteagal 47 den Chairt, go gceanglaítear ar na Ballstáit cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéid a bhfuil gá leis an gcúnamh sin chun rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú;
27. ag tabhairt dá haire go mbíonn sé deacair uaireanta gnóthais sa slabhra luacha a rianú; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisi a mheasúnú agus a mholadh chun cuidiú le gnóthais maidir le hinrianaitheacht a gcuid slabhraí luacha; á chur i bhfáth go bhféadfadh teicneolaíochtaí digiteacha cabhrú le gnóthais maidir lena ndícheall cuí sa slabhra luacha agus costais a laghdú; á mheas gur cheart cuspóir nuálaíochta an Aontais a nascadh le cearta an duine agus rialachas inbhuanaithe a chur chun cinn faoi cheanglais díchill chuí amach anseo;
28. á mheas nár cheart gurbh é an toradh a bheadh ar dhícheall cuí a bheith á dhéanamh ag gnóthais iad a shaoradh go huathoibríoch ó dhliteanas i leith na díobhála a rinne siad nó ar chuir siad léi; á mheas thairis sin, áfach, go bhféadfaí, trí phróiseas láidir agus éifeachtach díchill chuí a bheith ar bun acu, cabhrú le gnóthais gan díobháil a dhéanamh; á mheas, thairis sin, gur cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht díchill chuí gan dochar do chreataí eile dliteanais is infheidhme maidir le fochonraitheoireacht, postú nó slabhra soláthair arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear dliteanas comhpháirteach agus leithleach i slabhraí fochonraitheoireachta;
29. á chur i bhfáth gur minic nach ndéantar íospartaigh iarmhairtí díobhálacha a bhaineann le gnó a chosaint go leordhóthanach le dlí na tíre ina ndearnadh an díobháil; á mheas, i dtaca leis sin, gur cheart a mheas gur forálacha sainordaitheacha sáraitheacha iad forálacha ábhartha na treorach sa todhchaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II)(38);
30. á iarraidh ar an gCoimisiún sainordú caibidlíochta a mholadh don Aontas chun páirt chuiditheach a ghlacadh i gcaibidlíocht maidir le hionstraim idirnáisiúnta NA a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí chun gníomhaíochtaí corparáidí trasnáisiúnta agus gnólachtaí eile a rialú sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine;
31. á mholadh, le tacaíocht an Choimisiúin i ndáil leis an smacht reachta, le dea-rialachas agus le rochtain ar cheartas i dtríú tíortha, go dtabharfaí tosaíocht d’fhothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil sna réimsí a dtugtar aghaidh orthu sa reachtaíocht a bheidh ann sa todhchaí, i gcás inarb iomchuí;
32. á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach maidir le dícheall cuí éigeantach sa slabhra soláthair a thíolacadh gan moill mhíchuí, i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo; á mheas gur cheart, gan dochar do ghnéithe mionsonraithe den togra reachtach a bheidh ann amach anseo, Airteagail 50, 83(2) agus 114 CFAE a roghnú mar bhunúis dlí le haghaidh an togra;
33. á mheas nach bhfuil impleachtaí airgeadais ar bhuiséad an Aontais ag gabháil leis an togra arna iarraidh;
34. a threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, agus chuig rialtais agus parlaimintí náisiúnta na mBallstát.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:
MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH
MOLTAÍ CHUN TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ CORPARÁIDEACH AGUS CUNTASACHT CHORPARÁIDEACH A THARRAINGT SUAS
TÉACS AN TOGRA ARNA IARRAIDH
Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Dícheall Cuí Corparáideach agus Cuntasacht Chorparáideach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50, 83(2) agus 114 de,
ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(39),
ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
de bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tháinig feasacht ar fhreagrachtaí gnólachtaí i ndáil leis an tionchar díobhálach a bhíonn ag a slabhraí luacha ar chearta an duine chun suntais sna 1990idí, nuair a tarraingíodh aird, de thoradh an chleachtais nua seachfhoinsithe thar lear i dtáirgeadh éadaí agus coisbhirt, ar na drochdhálaí saothair ina raibh go leor oibrithe i slabhraí luacha domhanda, lena n-áirítear leanaí. Ag an am céanna, bhí go leor gnóthas tionscail ola, gáis, mianadóireachta agus bia ag brú isteach i gceantair níos iargúlta na riamh, agus ba mhinic iad ag cur pobal dúchasach as a gceantair bhaile féin gan comhairliúchán ná cúiteamh leordhóthanach.
(2) I gcomhthéacs ina bhfuil méadú ag teacht ar an bhfianaise ar sháruithe ar chearta an duine agus ar dhíghrádú comhshaoil, mhéadaigh ar an imní maidir lena áirithiú go raibh cearta an duine á n-urramú ag gnóthais agus maidir lena áirithiú go raibh rochtain ag íospartaigh ar an gceartas, go háirithe nuair a leathnaigh slabhraí luacha de chuid roinnt gnólachtaí isteach i dtíortha ina bhfuil córais dlí agus forfheidhmiú an dlí lag, agus maidir lena dtabhairt chun cuntais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta as díobháil a dhéanamh nó as cuidiú le díobháil a dhéanamh. Ina fhianaise sin, chuir Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2008 in iúl d’aon ghuth gur dhíol sásaimh di an Creat ‘Cosaint, Urraim agus Leigheas’. Tá an creat sin bunaithe ar thrí cholún: an dualgas Stáit cosaint a thabhairt i gcoinne sáruithe ar chearta an duine ag tríú páirtithe, lena n-áirítear gnólachtaí, trí bheartais, rialáil agus breithniú iomchuí; an fhreagracht chorparáideach cearta an duine a urramú, rud a chiallaíonn gníomhú le dícheall cuí chun sárú ar chearta daoine eile a sheachaint agus chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair a tharlaíonn; agus rochtain níos mó a bheith ag íospartaigh ar leigheas éifeachtach, idir bhreithiúnach agus neamhbhreithiúnach.
(3) Tar éis an chreata sin, d’fhormhuinigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2011 na ‘Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine’ (UNGPanna). Leis na UNGPanna, tugadh isteach an chéad chaighdeán domhanda maidir le ‘dícheall cuí’ agus cuireadh creat neamhcheangailteach ar fáil do ghnóthais chun a bhfreagracht maidir le hurramú chearta an duine a chur i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, d’fhorbair eagraíochtaí idirnáisiúnta eile caighdeáin díchill chuí a bhí bunaithe ar na UNGPanna. Tagraítear go forleathan do dhícheall cuí i dTreoirlínte 2011 ón Eagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus tá treoir forbartha ag ECFE chun cabhrú le gnóthais dícheall cuí a dhéanamh in earnálacha agus slabhraí soláthair sonracha. In 2016, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa moladh maidir le cearta an duine agus maidir le gnó, a cuireadh faoi bhráid na mBallstát agus ina n-iarrtar ar na Ballstáit bearta reachtacha agus bearta eile a ghlacadh lena áirithiú go mbeidh dliteanas sibhialta, riaracháin agus coiriúil os comhair chúirteanna na hEorpa má dhéantar sáruithe ar chearta an duine i slabhra luacha gnóthais. In 2018, ghlac ECFE Treoir ghinearálta um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach. Ar an gcaoi chéanna, ghlac an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) in 2017 Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal EIS maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, lena spreagtar gnóthais chun sásraí díchill chuí a chur i bhfeidhm chun an bealach a dtugann siad aghaidh ar iarmhairtí díobhálacha iarbhír agus ionchasacha a ngnólachta i ndáil le cearta an duine atá aitheanta go hidirnáisiúnta a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus a thabhairt faoi chuntas. Le Comhshocrú Domhanda 2012 na Náisiún Aontaithe, Save the Children agus ‘Cearta an Linbh agus Prionsabail Ghnó’ UNICEF, sainaithnítear príomhghnéithe maidir le cearta an linbh a bhaineann le hiarmhairtí díobhálacha gnó agus tá sraith de dhoiciméid threoracha forbartha ag UNICEF a thacaíonn le dícheall cuí gnó agus le leanaí. Sainaithnítear i mBarúil Ginearálta Uimh. 16, 2013, ó Choiste um Chearta an Linbh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh raon cuimsitheach oibleagáidí Stáit maidir le tionchar na hearnála gnó ar chearta leanaí, lena n-áirítear Stáit a éilíonn ar ghnólachtaí tabhairt faoi dhícheall cuí maidir le cearta an linbh.
(4) Dá bhrí sin, tá líon suntasach ionstraimí díchill chuí idirnáisiúnta ar fáil do ghnóthais faoi láthair arb ionstraimí iad a d’fhéadfadh cabhrú leo a bhfreagracht maidir le hurramú chearta an duine a chomhlíonadh. Cé go bhfuil tábhacht nach beag leis na hionstraimí sin do ghnóthais a ghlacann i ndáiríre leis an dualgas atá orthu cearta an duine a urramú, cuireann cineál deonach na n-ionstraimí sin bac ar a n-éifeachtacht agus léiríodh gur theoranta a n-éifeacht go nuige seo, agus gan ach líon teoranta gnólachtaí ann a chuireann dícheall cuí um chearta an duine chun feidhme dá ndeoin féin maidir lena ngníomhaíochtaí agus maidir le gníomhaíochtaí a gcaidreamh gnó. Is measa fós é seo mar gheall ar an mbéim iomarcach a cuireann a lán gnóthas ar bhrabúis ghearrthéarmacha a uasmhéadú.
(5) Tá teipthe ar ionstraimí díchill chuí idirnáisiúnta atá ann cheana rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna a chur ar fáil d’íospartaigh iarmhairtí díobhálacha maidir le cearta an duine agus an comhshaol ar an ábhar gur de chineál neamhbhreithiúnach agus deonach na hionstraimí sin. Is ar na Stáit atá an príomhdhualgas cearta an duine a chosaint agus rochtain ar cheartas a chur ar fáil, agus níor cheart agus níorbh fhéidir cúiteamh leordhóthanach a dhéanamh, le sásraí príomháideacha oibríochta casaoide, easpa sásraí breithiúnacha poiblí chun gnóthais a chur faoi dhliteanas i leith damáistí a tharlaíonn ina slabhraí luacha. De bhrí go bhfuil sásraí den sórt sin úsáideach chun fóirithint éigeandála agus cúiteamh tapa a sholáthar i leith damáistí beaga, ba cheart do na húdaráis phoiblí iad a rialú go dlúth agus níor cheart dóibh an bonn a bhaint de cheart na n-íospartach rochtain a fháil ar cheartas agus den cheart chun triail chóir a fháil os comhair cúirteanna poiblí.
(6) Tá creataí díchill chuí éigeantacha glactha ag an Aontas i réimsí an-sonrach agus é mar aidhm leo comhrac a dhéanamh i gcoinne earnálacha a dhéanann díobháil do leasanna an Aontais nó a Bhallstát, amhail maoiniú sceimhlitheoireachta nó dífhoraoisiú. In 2010, ghlac an tAontas Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), lena gcuirtear oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach faoi réir ceanglais díchill chuí agus lena gceanglaítear ar thrádálaithe sa slabhra soláthair faisnéis bhunúsach a thabhairt faoina soláthróirí agus faoina gceannaitheoirí chun inrianaitheacht adhmaid agus táirgí adhmaid a fheabhsú. I Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint agus ón gComhairle(41), bunaítear córas de chuid an Aontais le haghaidh dícheall cuí sa slabhra soláthair chun srian a chur leis na deiseanna a bhíonn ag grúpaí armtha, ag grúpaí sceimhlitheoireachta agus/nó ag fórsaí slándála stán, tantalam agus tungstan, mar aon lena gcuid mianta, agus ór, a thrádáil.
(7) Glacadh cur chuige difriúil, níos ginearálta agus níos comhlántaí bunaithe ar thrédhearcacht agus inbhuanaitheacht le Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42), lena bhforchuirtear ar ghnóthais a bhfuil níos mó ná 500 fostaí acu an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar na beartais a shaothraíonn siad i ndáil le hábhair a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an tsochaí, le fostaithe agus i ndáil le hábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta agus le hurraim do chearta an duine, lena n-áirítear dícheall cuí.
(8) I roinnt Ballstát, glacadh reachtaíocht náisiúnta díchill chuí toisc gur ghá gnóthais a dhéanamh ní ba fhreagrúla do chearta an duine agus do cheisteanna comhshaoil agus rialachais. San Ísiltír, ceanglaítear leis an Acht um Dhícheall Cuí Saothair Leanaí ar ghnóthais atá ag feidhmiú i margadh na hÍsiltíre imscrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil amhras réasúnach ann gur táirgeadh na hearraí nó na seirbhísí arna soláthar trí úsáid a bhaint as saothar leanaí agus, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Sa Fhrainc, leis an dlí maidir le dualgas forairdill ar mháthairghnóthais agus ar ghnóthais ordúcháin ceanglaítear ar roinnt gnóthas mór plean díchill chuí a ghlacadh, a fhoilsiú agus a chur chun feidhme chun rioscaí a bhaineann le cearta an duine, le sláinte agus sábháilteacht agus leis an gcomhshaol arb é an gnóthas, a fhochuideachtaí, a fhochonraitheoirí nó a sholáthraithe a chuir faoi deara iad a shainaithint agus a chosc. Bunaítear le dlí na Fraince dliteanas riaracháin i leith mainneachtain cloí lena cheanglais díchill chuí, agus dliteanas sibhialta ar an ngnóthas leigheasanna a sholáthar ar dhíobháil a dhéantar. In a lán Ballstát eile, tá díospóireacht ar siúl faoi láthair maidir le ceanglais éigeantacha díchill chuí a thabhairt isteach do ghnóthais agus tá roinnt Ballstát ag breathnú faoi láthair ar reachtaíocht den sórt sin a ghlacadh, lena n-áirítear an Ghearmáin, an tSualainn, an Ostair, an Fhionlainn, an Danmhairg agus Lucsamburg.
(9) In 2016, chuir ocht bparlaimint náisiúnta in iúl go dtacaíonn siad le ‘Tionscnamh Cárta Ghlais’ inar n-iarrtar ar an gCoimisiún reachtaíocht a thabhairt ar aghaidh chun cuntasacht chorparáideach as sáruithe ar chearta an duine a áirithiú, lena n-áirítear Parlaimintí na hEastóine, na Liotuáine, na Slóvaice agus na Portaingéile, Teach na nIonadaithe san Ísiltír, Seanad na Poblachta san Iodáil, agus an Tionól Náisiúnta sa Fhrainc, chomh maith le Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe.
(10) D’fhéadfadh comhchuibhiú neamhleor dlíthe iarmhairt dhíobhálach a bheith aige sin ar an tsaoirse bhunaíochta. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, cruthú buntáistí iomaíocha éagóracha a chosc. Chun machaire comhréidh a chruthú, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le gach gnóthas – bíodh gnóthais an Aontais nó gnóthais neamh-Aontais i gceist – ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach.
(11) Tá difríochtaí suntasacha ann idir forálacha dlíthiúla agus riaracháin na mBallstát maidir le dícheall cuí, lena n-áirítear maidir le dliteanas sibhialta, a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais an Aontais. Tá sé ríthábhachtach cosc a chur ar bhacainní ar thrádáil amach anseo, bacainní a eascróidh as an bhforbairt éagsúil a dhéantar ar dhlíthe náisiúnta den sórt sin.
(12) Chun machaire comhréidh a áirithiú, ba cheart dualgas dlíthiúil ar leibhéal an Aontais a dhéanamh den fhreagracht atá ar ghnóthais cearta an duine faoi chaighdeáin idirnáisiúnta a urramú. Trí choimircí maidir le cosaint chearta an duine, an chomhshaoil agus an dea-rialachais a chomhordú, ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo go mbeidh gach gnóthas mór de chuid an Aontais agus neamh-Aontais agus gach gnóthas beag agus meánmhéide ar gnóthas ardriosca é nó atá liostaithe go poiblí agus a oibríonn sa mhargadh inmheánach faoi réir oibleagáidí comhchuibhithe díchill chuí, rud a chuirfidh cosc ar ilroinnt rialála agus a chuirfidh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
(13) Rachadh bunú ceanglas éigeantach díchill chuí ar leibhéal an Aontais chun tairbhe do ghnólachtaí ó thaobh comhchuibhiú, ó thaobh deimhneacht dhlíthiúil, agus ó thaobh machaire comhréidh a bhaint amach, agus thabharfaí buntáiste iomaíoch leis do ghnóthais atá faoina réir sa mhéid atá ag méadú ar na héilimh ó shochaithe ar ghnóthais go mbeidís níos eiticiúla agus níos inbhuanaithe. Leis an Treoir seo, trí chaighdeán díchill chuí de chuid an Aontais a leagan síos, d’fhéadfaí cabhrú le cothú teacht chun cinn caighdeáin dhomhanda le haghaidh iompar freagrach gnó.
(14) Is é is aidhm don Treoir seo iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar dhea-rialachas sa slabhra luacha a chosc agus a mhaolú, chomh maith lena áirithiú gur féidir gnóthais a thabhairt chun cuntais as na hiarmhairtí sin, agus gur féidir le haon duine a d’fhulaing díobháil i ndáil leis sin an ceart chun triail a fháil os comhair cúirte agus an ceart chun leigheasanna a fháil a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(15) Níl an Treoir seo dírithe ar theacht in ionad reachtaíocht díchill chuí an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin ná ar chosc a chur ar thuilleadh reachtaíochta earnáilsonraí de chuid an Aontais a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith aici gan dochar do cheanglais díchill chuí eile arna mbunú i reachtaíocht earnáilshonrach an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 agus Rialachán (AE) 2017/821, mura bhforáiltear le ceanglais díchill chuí sa Treoir seo do dhícheall cuí níos cuimsithí i dtaca le cearta an duine, an comhshaol nó dea-rialachas.
(16) Níor cheart gurbh ionann ar bhealach ar bith cur chun feidhme na Treorach seo agus bonn le húdar cuí a thabhairt do laghdú ar leibhéal ginearálta na cosanta do chearta an duine nó don chomhshaol. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh sé difear do chreataí dliteanais eile is infheidhme le haghaidh fochonraitheoireachta, postú nó slabhraí soláthair, arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Níor cheart go bhfágfadh oibleagáidí díchill chuí a bheith comhlíonta ag gnóthas faoin Treoir seo go saorfaí an gnóthas sin óna oibleagáidí faoi chreataí dliteanais eile atá ann cheana agus, dá bhrí sin, níor cheart aon imeachtaí dlíthiúla ina choinne atá bunaithe ar chreataí eile dliteanais atá ann cheana a dhíbhe mar gheall ar an imthoisc sin.
(17) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir leis na gnóthais mhóra uile a rialaítear le dlí Ballstáit, atá bunaithe ar chríoch an Aontais nó atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach, gan beann ar an bhfuil siad faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht an stáit agus gan beann ar an earnáil eacnamaíoch ina bhfuil siad gníomhach, lena n-áirítear an earnáil airgeadais. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide atá liostaithe go poiblí ag maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide ardriosca(43).
(18) Áirítear comhréireacht mar dhlúthchuid den phróiseas díchill chuí, ós rud é go bhfuil an próiseas sin ag brath ar dhéine agus ar dhóchúlacht na n-iarmhairtí díobhálacha a bhféadfadh gnóthas a bheith ina chúis leo, cur leo nó baint dhíreach a bheith acu leo, ar a earnáil gníomhaíochta, ar mhéid an ghnóthais, ar chineál agus comhthéacs a chuid oibríochtaí, lena n-áirítear a shamhail ghnó, a shamhail ghnó, a shuíomh sa slabhra luacha, agus ar chineál a tháirgí agus a sheirbhísí. Gnóthas mór a bhfuil sainchónaí ar a chaidrimh ghnó dhíreacha uile laistigh den Aontas, nó gnóthas beag nó meánmhéide a bhfuil sainchónaí air laistigh den Aontas agus a thagann ar an gconclúid, tar éis dó measúnú riosca a dhéanamh, nach bhfuil aon iarmhairtí díobhálacha iarbhír nó ionchasacha sainaitheanta aige ina chaidreamh gnó, d’fhéadfadh sé ráiteas a fhoilsiú chun an méid sin a rá, ráiteas lena n-áireofaí a mheasúnú riosca ina mbeadh na sonraí, an fhaisnéis agus an mhodheolaíocht ábhartha, ar measúnú riosca é ar cheart, i gcás ar bith, athbhreithniú a dhéanamh air i gcás ina ndéanfaí athruithe ar oibríochtaí, ar ghaolmhaireacht ghnó nó ar chomhthéacs oibriúcháin na ngnóthas.
(19) Maidir le gnóthais atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an Stáit, ba cheart a cheangal orthu, chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, gur ó ghnóthais a chomhlíon oibleagáidí díchill chuí a gheobhaidís a gcuid seirbhísí. Moltar do na Ballstáit gan tacaíocht stáit a chur ar fáil, lena n-áirítear trí státchabhair, soláthar poiblí, gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin nó iasachtaí le taca rialtais, do ghnóthais nach gcomhlíonann cuspóirí na Treorach seo.
(20) Chun críocha na Treorach seo, ba cheart dícheall cuí a thuiscint mar oibleagáid ar ghnóthas gach beart comhréireach agus comhchuimseach a dhéanamh agus na hiarrachtaí is acmhainn dóibh a dhéanamh chun iarmhairtí díobhálacha ar chearta an duine, ar an gcomhshaol nó ar dhea-rialachas a chosc ina slabhraí luacha, agus chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sin nuair is ann dóibh. Go hiarbhír, is éard atá i gceist le dícheall cuí ná próiseas a chuireann gnóthas i bhfeidhm maidir leis na hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha agus/nó iarbhír ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta sóisialta, ceardchumainn agus saothair, ar an gcomhshaol, lena n-áirítear a mhéid a chuirtear leis an athrú aeráide, agus ar dhea-rialachas, arb iarmhairtí díobhálacha iad arb ann dóibh ina oibríochtaí féin agus ina chaidreamh gnó sa slabhra luacha, chun na hiarmhairtí díobhálacha sin a shainaithint, a mheasúnú, a chosc, a mhaolú, chun scor díobh, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chur in iúl, cuntas a thabhairt ina leith, aghaidh a thabhairt orthu agus chun iad a leigheas. Níor cheart do ghnóthais a chumhdaítear leis an Treoir seo oibleagáidí díchill chuí a aistriú chuig soláthraithe.
(21) Leagtar amach in Iarscríbhinn xx liosta de na cineálacha iarmhairtí díobhálacha a bhaineann le gnó a bhíonn ar chearta an duine. Sa mhéid atá siad ábhartha do ghnóthais, ba cheart don Choimisiún a áireamh san Iarscríbhinn sin na hiarmhairtí díobhálacha ar chearta an duine a shonraítear sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta um chearta an duine atá ina gceangal ar an Aontas nó ar na Ballstáit, an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta, ionstraimí na Náisiún Aontaithe um chearta daoine ar de ghrúpaí nó de phobail an-leochaileach iad, agus na prionsabail a bhaineann le cearta bunúsacha a leagtar amach i nDearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair, mar aon leis na prionsabail sin a aithnítear i gCoinbhinsiún EIS maidir le saoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach don cheart chun cómhargála, Coinbhinsiún EIS maidir le gach cineál saothair éigeantais nó saothair éigeantaigh a dhíothú, Coinbhinsiún EIS maidir le saothar leanaí a dhíothú go héifeachtach, agus Coinbhinsiún EIS maidir le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht agus gairm a dhíothú. Áirítear orthu ina theannta sin, ach gan bheith teoranta dóibh seo amháin, iarmhairtí díobhálacha i ndáil le cearta eile a aithnítear sa Dearbhú Trípháirteach prionsabal maidir le fiontair ilnáisiúnta agus beartas sóisialta (Dearbhú MNE) agus i roinnt Coinbhinsiún de chuid EIS, amhail iad sin a bhaineann le saoirse comhlachais, cómhargáil, aois íosta, sábháilteacht ceirde agus sláinte cheirde, agus luach saothair comhionann, agus na cearta a aithnítear sa Choinbhinsiún um Chearta an Linbh, i gCairt na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Daoine, i gCoinbhinsiún Mheiriceá um Chearta an Duine, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, i gCairt Shóisialta na hEorpa, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i mbunreachtanna agus dlíthe náisiúnta lena ndéantar cearta an duine a aithint nó a chur chun feidhme. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na cineálacha iarmhairtí sin a liostaítear réasúnta agus indéanta.
(22) Is minic a bhíonn dlúthnasc idir iarmhairtí díobhálacha ar an gcomhshaol agus iarmhairtí díobhálacha ar chearta an duine. Tá sé ráite ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe um chearta an duine agus um an gcomhshaol go bhfuil gá leis na cearta chun beatha, sláinte, bia, uisce agus forbartha, chomh maith leis an gceart chun comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe, chun gur féidir leas iomlán a bhaint as cearta an duine; Thairis sin, tá an ceart atá ag cách ar uisce óil glan sábháilte agus ar shláintíocht aitheanta ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún 64/292. Le paindéim COVID-19, tá béim leagtha ní hamháin ar a thábhachtaí atá timpeallachtaí oibre sábháilte sláintiúla, ach freisin ar a thábhachtaí atá sé go n-áirithíonn gnóthais nach ndéanann siad rioscaí sláinte a chur faoi deara ná nach gcuireann siad le rioscaí sláinte ina slabhraí luacha. Dá bhrí sin, ba cheart na cearta sin a chumhdach leis an Treoir seo.
(23) Leagtar amach in Iarscríbhinn xxx liosta de na cineálacha iarmhairtí díobhálacha a bhaineann le gnó a bhíonn ar an gcomhshaol, bídís sealadach nó buan, agus atá ábhartha do ghnóthais. Ba cheart táirgeadh dramhaíola, truailliú idirleata agus astaíochtaí ceaptha teasa as a n-eascraíonn téamh domhanda níos mó ná 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, dífhoraoisiú, agus aon tionchar eile ar an aeráid, ar cháilíocht an aeir, na hithreach agus an uisce, ar úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais a áireamh ar na hiarmhairtí sin, ach níor cheart iad a bheith teoranta dóibh sin amháin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na cineálacha iarmhairtí sin a liostaítear réasúnta agus indéanta. Chun rannchuidiú le comhleanúnachas inmheánach reachtaíocht an Aontais agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, dréachtaítear an liosta sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44).
(24) Leagtar amach in Iarscríbhinn xxx liosta de na cineálacha iarmhairtí díobhálacha a bhaineann le gnó a bhíonn ar dhea-chleachtais agus atá ábhartha do ghnóthais. Ba cheart go n-áireofaí orthu neamhchomhlíonadh Threoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, Chaibidil VII maidir le Breabaireacht a Chomhrac, Sirtheoireacht agus Sracaireacht Breabanna, agus phrionsabail Choinbhinsiún ECFE maidir le Breabaireacht Oifigeach Poiblí Eachtrach a Chomhrac in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta agus cásanna ina dtarlaíonn éilliú agus breabaireacht agus tionchar míchuí á fheidhmiú ag gnóthas ar oifigigh phoiblí nó buntáistí míchuí airgid á dtabhairt ag an ngnóthas d’oifigigh phoiblí chun pribhléidí nó cóir fhabhrach éagórach a fháil de shárú ar an dlí, agus lena n-áirítear cásanna ina mbíonn an gnóthas rannpháirteach go míchuí i ngníomhaíochtaí polaitiúla áitiúla, ina dtugann sé síntiúis neamhdhleathacha feachtais nó ina mainníonn sé an reachtaíocht infheidhme chánach a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na cineálacha iarmhairtí sin a liostaítear réasúnta agus indéanta.
(25) Ní iarmhairtí inscne-neodracha iad iarmhairtí díobhálacha ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar dhea-rialachas. Moltar do ghnóthais an ghné inscne a chomhtháthú ina bpróisis díchill chuí. Is féidir leo treoir a fháil i leabhrán na Náisiún Aontaithe ‘Gender Dimensions of the Guiding Principles on Business and Human Rights’[Gnéithe Inscne de na Treoirphrionsabail maidir le Gnó agus Cearta an Duine].
(26) D’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha iarbhír nó ionchasacha maidir le cearta an duine, an comhshaol agus rialachas a bheith sonrach agus níos suntasaí i limistéir ina bhfuil coinbhleacht. I ndáil leis sin, ba cheart do ghnóthais atá ag oibriú i limistéir a bhfuil coinbhleachtaí iontu dícheall cuí a dhéanamh maidir le cearta an duine, an comhshaol agus rialachas, ba cheart dóibh a n-oibleagáidí maidir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú, agus ba cheart dóibh tagairt a dhéanamh do chaighdeáin idirnáisiúnta agus do threoir idirnáisiúnta atá ann cheana, lena n-áirítear Coinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo.
(27) Moltar do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na gnóthais faoina ndlínsí a bhfuil oibríochtaí nó caidreamh gnó acu i limistéir ina bhfuil coinbhleacht, agus, dá réir sin, na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun cearta an duine, an comhshaol agus dea-rialachas a chosaint i gcomhréir lena n-oibleagáidí dlíthiúla, agus aird chuí á tabhairt ar na rioscaí sonracha suntasacha a bhaineann leis na réimsí sin.
(28) Tionchair ghnó ar réimse iomlán na gceart arna sainiú i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha eile. Is tréimhse uathúil í an óige d’fhorbairt fhisiceach, mheabhrach, mhothúchánach agus spioradálta agus d’fhéadfadh iarmhairtí ar feadh an tsaoil, a bheadh doleigheasta agus a mairfeadh thar na glúine fiú, a bheith ag gabháil le sáruithe ar chearta an linbh, amhail nochtadh d’fhoréigean nó do mhí-úsáid, saothar leanaí, margaíocht mhíchuí, nó táirgí neamhshábháilte nó guaiseacha comhshaoil. Sásraí le haghaidh dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach atá ceaptha gan aird chuí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le leanaí, tá an baol ann go mbeadh siad neamhéifeachtach chun cearta na leanaí sin a chosaint.
(29) Is féidir le sáruithe nó iarmhairtí díobhálacha a dhéanann gnóthais ar chearta an duine agus ar chaighdeáin shóisialta a bheith mar thoradh ar a ngníomhaíochtaí féin nó ar ghníomhaíochtaí a gcaidreamh gnó, go háirithe soláthróirí, fochonraitheoirí agus gnóthais infheistíochta. Chun a bheith éifeachtach, ba cheart go gcuimseodh oibleagáidí díchill chuí na ngnóthas an slabhra luacha ar fad, agus cur chuige rioscabhunaithe á ghlacadh agus straitéis tosaíochta á bunú ar bhonn Phrionsabal 17 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe. D’fhéadfadh sé a bheith deacair, áfach, gach gnóthas a dhéanann idirghabháil sa slabhra luacha a rianú. Ba cheart don Choimisiún uirlisi a mheasúnú agus a mholadh chun cuidiú le gnóthais maidir le hinrianaitheacht a gcuid slabhraí luacha; D’fhéadfaí a áireamh leis sin teicneolaíochtaí nuálacha faisnéise, amhail blocshlabhra, lenar féidir na sonraí go léir a rianú, ar teicneolaíochtaí iad ar cheart a bhforbairt mholadh chun costais riaracháin a íoslaghdú agus chun iomarcaíochtaí a sheachaint do ghnóthais a dhéanann dícheall cuí.
(30) Is sásra coisctheach go príomha é an dícheall cuí lena gceanglaítear ar ghnóthais gach beart comhréireach agus comhchuimseach a dhéanamh agus na hiarrachtaí is acmhainn dóibh a dhéanamh chun iarmhairtí díobhálacha iarbhír nó ionchasacha a shainaithint agus a mheasúnú agus beartais agus bearta a ghlacadh chun scor díobh, iad a chosc, iad a mhaolú, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chur in iúl, aghaidh a thabhairt orthu, iad a leigheas, agus cuntas a thabhairt ar an dóigh a dtugann siad aghaidh ar na hiarmhairtí sin. Ba cheart ceangal a chur ar ghnóthais doiciméad a chur ar fáil ina ndéanann siad cumarsáid go poiblí, agus aird chuí á tabhairt acu ar rúndacht tráchtála, ar a straitéis díchill chuí maidir le gach ceann de na céimeanna sin. Ba cheart an straitéis díchill chuí sin a chomhtháthú go cuí i straitéis ghnó fhoriomlán an ghnóthais. Ba cheart meastóireacht bhliantúil a dhéanamh air, agus é a athbhreithniú aon uair a mheastar gur gá déanamh amhlaidh mar thoradh ar an meastóireacht sin.
(31) Níor cheart go mbeadh gnóthais nach bhfoilsíonn aon ráitis riosca díolmhaithe ó sheiceálacha nó imscrúduithe a d’fhéadfadh a bheith á ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus is féidir iad a chur faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(32) Ba cheart do ghnóthais próiseas inmheánach mapála slabhra luacha a bhunú arbh é a bheadh i gceist leis gach iarracht chomhréireach agus chomhchuimseach a dhéanamh chun a gcaidrimh ghnó ina slabhra luacha a shainaithint.
(33) Ba cheart feidhm a bheith ag rúndacht tráchtála amhail dá dtagraítear sa Treoir seo maidir le haon fhaisnéis a chomhlíonann na ceanglais chun a mheas gur ‘rún trádála’ í i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45), eadhon faisnéis atá rúnda, sa chiall nach bhfuil sí, ina hiomláine ná i gcumraíocht agus i gcóimeáil bheacht a chomhpháirteanna, ar eolas go ginearálta nó inrochtana go héasca ag daoine laistigh de na ciorcail a bhíonn ag plé de ghnáth leis an gcineál faisnéise i dtrácht, go bhfuil luach tráchtála aici de bhrí go bhfuil sí faoi rún, agus go ndearna an duine ag a bhfuil an fhaisnéis faoi rialú dleathach í a chur faoi réir céimeanna a bhí réasúnta faoi na cúinsí a bhí ann atá ann chun í a choinneáil rúnda.
(34) Ní cleachtadh ‘tic sa bhosca’ ba cheart a bheith sa dícheall cuí ach ba cheart gur próiseas leanúnach measúnaithe ar rioscaí agus ar iarmhairtí a bheadh ann, ar rioscaí agus iarmhairtí iad atá dinimiciúil agus a d’fhéadfadh athrú de bharr caidrimh nua ghnó nó forbairtí comhthéacsúla. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais, ar bhealach leanúnach, a straitéisí díchill chuí a chur faoi fhaireachán agus a oiriúnú dá réir. Ba cheart go bhféachfaí leis na straitéisí sin le gach iarmhairt dhíobhálach iarbhír nó ionchasach a chumhdach, cé gur cheart cineál agus comhthéacs a n-oibríochtaí, lena n-áirítear déine agus dóchúlacht na hiarmhairte díobhálaí, a chur san áireamh más gá beartas tosaíochtaí a bhunú. Is féidir straitéisí díchill chuí a chomhlánú le scéimeanna deimhniúcháin tríú páirtithe, ar choinníoll go bhfuil siad leormhaith ó thaobh raon feidhme de agus go gcomhlíonann siad leibhéil iomchuí trédhearcachta, neamhchlaontachta, inrochtaineachta agus iontaofachta. Níor cheart, áfach, gurbh ionann deimhniú tríú páirtí agus foras le bonn cirt a thabhairt do mhaolú ó na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo ná níor cheart go ndéanfadh sé difear ar bhealach ar bith do dhliteanas a d’fhéadfadh a bheith ar ghnóthas.
(35) Ionas go measfar go gcomhlíonann fochuideachta an oibleagáid maidir le straitéis díchill chuí a bhunú, más rud é go bhfuil an fhochuideachta san áireamh i straitéis díchill chuí a máthairghnóthais, ba cheart don fhochuideachta é sin a shonrú go soiléir ina tuairisciú bliantúil. Tá gá le ceanglas den sórt sin chun a áirithiú go mbeidh trédhearcacht ann don phobal chun cur ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta na himscrúduithe iomchuí a dhéanamh. Ba cheart don fhochuideachta a áirithiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach ábhartha ag an máthairghnóthas chun dícheall cuí a dhéanamh thar a ceann.
(36) Ba cheart go gcinnfí minicíocht iomchuí an fhíoraithe i dtréimhse ar leith atá intuigthe leis an téarma ‘go tráthrialta’ i ndáil le dóchúlacht agus déine iarmhairtí díobhálacha. Dá dhóchúla agus dá dhéine an tionchar, is ea is rialta is ceart comhlíonadh a fhíorú.
(37) Ba cheart do ghnóthais iarracht a dhéanamh ar dtús aghaidh a thabhairt ar iarmhairt ionchasach nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas agus an riosca sin a réiteach i bplé le geallsealbhóirí. Ba cheart do ghnóthas a bhfuil giaráil aige chun an iarmhairt dhíobhálach a chosc nó a mhaolú é a fheidhmiú. D’fhéadfadh gnóthas ar mian leis a ghiaráil a mhéadú, mar shampla, fothú acmhainní nó dreasachtaí eile a thairiscint don eintiteas gaolmhar, nó comhoibriú le gníomhaithe eile. I gcás nach féidir iarmhairt dhíobhálach a chosc nó a mhaolú agus nach féidir an ghiaráil a mhéadú, d’fhéadfadh cinneadh maidir le díscor ó sholáthróir nó ó chaidreamh eile gnó a bheith ina rogha dheiridh agus ba cheart é a dhéanamh ar bhealach freagrach.
(38) Chun go mbeadh dícheall cuí fónta ann, is gá comhairliúchán éifeachtach agus fóinteach a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile, agus is gá do na ceardchumainn go háirithe a bheith rannpháirteach go hiomchuí. Is féidir le comhairliúchán agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí cabhrú le gnóthais iarmhairtí díobhálacha ionchasacha agus iarbhír a shainaithint ar bhealach níos beaichte agus straitéis díchill chuí níos éifeachtaí a bhunú. Dá bhrí sin, éilítear plé le geallsealbhóirí leis an Treoir seo mar aon le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ag gach céim den phróiseas díchill chuí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh plé agus rannpháirtíocht den sórt sin guth a thabhairt dóibh siúd a bhfuil suim láidir acu in inbhuanaitheacht fhadtéarmach gnóthais. D’fhéadfadh rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí cabhrú le feidhmíocht agus brabúsacht fhadtéarmach gnóthas a fheabhsú, toisc go mbeadh dea-éifeachtaí eacnamaíocha comhiomlána ann de bharr a n-inbhuanaitheachta méadaithe.
(39) Agus plé á dhéanamh le geallsealbhóirí amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do ghnóthais a áirithiú, i gcás inar pobail dhúchasacha iad na geallsealbhóirí, go ndéanfar an plé sin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, amhail Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach(46), lena n-áirítear toiliú saor, roimh ré agus eolasach agus ceart féinchinntiúcháin na bpobal dúchasach.
(40) Ciallaíonn coincheap an gheallsealbhóra daoine a bhféadfadh cinntí gnóthais difear a dhéanamh dá gcearta agus dá leasanna. Dá bhrí sin, déantar oibrithe, pobail áitiúla, leanaí, pobail dhúchasacha, comhlachais saoránach agus scairshealbhóirí, agus eagraíochtaí arb é is cuspóir reachtúil dóibh a áirithiú go n-urramaítear caighdeáin maidir le cearta an duine agus cearta sóisialta, an aeráid, an comhshaol agus dea-rialachas, amhail ceardchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a áireamh leis an téarma.
(41) Chun an baol go bhfanfadh guthanna bunriachtanacha geallsealbhóirí gan éisteacht nó imeallaithe sa phróiseas díchill chuí a sheachaint, ba cheart go ndéanfaí an ceart a dheonú do gheallsealbhóirí leis an Treoir seo pléití sábháilte agus fóinteacha a bheith ann maidir le straitéis díchill chuí an ghnóthais agus ba cheart rannpháirtíocht iomchuí na gceardchumann nó ionadaithe na n-oibrithe a áirithiú léi.
(42) Ba cheart faisnéis ábhartha maidir leis an straitéis díchill chuí a chur in iúl do gheallsealbhóirí a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh arna iarraidh sin dóibh agus ar bhealach is iomchuí do chomhthéacs na ngeallsealbhóirí sin, mar shampla trí theanga oifigiúil thír na ngeallsealbhóirí, a leibhéal litearthachta agus rochtana ar an idirlíon a chur san áireamh. Níor cheart, áfach, go mbeadh aon oibleagáid ar ghnóthais a straitéis iomlán díchill chuí a nochtadh go réamhghníomhach ar bhealach a bheadh iomchuí do chomhthéacs na ngeallsealbhóirí, agus ba cheart go mbeadh an ceanglas maidir le faisnéis ábhartha a chur in iúl comhréireach le cineál, comhthéacs agus méid an ghnóthais.
(43) Leis na nósanna imeachta chun ábhair imní a chur in iúl, ba cheart go n-áiritheofaí go gcosnófar anaithnideacht nó rúndacht na n-ábhar imní sin, mar is iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chomh maith le sábháilteacht agus sláine fhisiciúil agus dhlíthiúil na ngearánach uile, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine agus an chomhshaoil. I gcás ina mbaineann na nósanna imeachta sin le sceithirí, ba cheart na nósanna imeachta sin a bheith i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(47).
(44) Ba cheart ceangal a bheith ar ghnóthais gach iarracht chomhréireach agus chomhchuimseach a dhéanamh a bhfuil sé d’acmhainn acu a dhéanamh chun a gcuid soláthróirí agus fochonraitheoirí a shainaithint agus chun faisnéis ábhartha a chur ar fáil don phobal, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht tráchtála. Ionas go mbeidh sé go hiomlán éifeachtach, níor cheart dícheall cuí a theorannú don chéad leibhéal iartheachtach agus réamhtheachtach sa slabhra soláthair ach ba cheart go ndéanfaí na soláthróirí agus na fochonraitheoirí a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta ag an ngnóthas, le linn an phróisis díchill chuí, mar sholáthróirí nó fochonraitheoirí a bhfuil rioscaí móra ag gabháil leo, a chuimsiú leis. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa Treoir seo, áfach, nach bhfuil na hacmhainní ná na cumais chéanna ag gach gnóthas chun a gcuid soláthróirí agus fochonraitheoirí go léir a shainaithint agus, dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid sin a chur faoi réir phrionsabail na réasúntachta agus na comhréireachta, ar prionsabail iad nár cheart do ghnóthais iad a léirmhíniú i gcás ar bith mar chúis gan a n-oibleagáid gach iarracht is gá a dhéanamh ina leith sin a chomhlíonadh.
(45) D’fhonn dícheall cuí a bheith leabaithe i gcultúr agus i struchtúr gnóthais, ba cheart do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais a bheith freagrach as a straitéisí inbhuanaitheachta agus díchill chuí a ghlacadh agus a chur chun feidhme.
(46) D’fhéadfadh comhordú iarrachtaí díchill chuí agus gníomhaíochtaí comhoibríocha gnóthas ar leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal tras-earnálach comhsheasmhacht agus éifeachtacht a straitéisí díchill chuí a fheabhsú. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit spreagadh a thabhairt do ghlacadh pleananna gníomhaíochta díchill chuí ar leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal tras-earnálach. Ba cheart do gheallsealbhóirí a bheith rannpháirteach i sainiú na bpleananna sin. Níor cheart go ndéanfadh forbairt beart comhchoiteann den sórt sin scaoileadh a dhéanamh ar fhreagracht aonair an ghnóthais dícheall cuí a dhéanamh ná cosc a chur air a bheith faoi dhliteanas i leith díobháil a rinne sé nó ar rannchuidigh sé leis i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(47) Chun bheith éifeachtach, ba cheart sásraí casaoide ar leibhéal an ghnóthais nó ar leibhéal na hearnála a bheith san áireamh i gcreat díchill chuí, agus, chun a áirithiú go bhfuil na sásraí sin éifeachtach, ba cheart do na gnóthais cinntí a dhéanamh a bheidh bunaithe ar sheasamh na ngeallsealbhóirí agus sásraí casaoide á bhforbairt acu. Ba cheart go gcuirfeadh na sásraí sin ar chumas geallsealbhóirí ábhair imní réasúnacha a chur in iúl agus ba cheart dóibh feidhmiú mar chóras feasachta riosca luathrabhaidh agus idirghabhála. Ba cheart dóibh a bheith dlisteanach, inrochtana, intuartha, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach do chearta, agus ba cheart iad a bheith ina bhfoinse foghlama leanúnaí agus a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar idirphlé. Ba cheart go mbeadh sásraí casaoide i dteideal moltaí a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh an gnóthas lena mbaineann dul i ngleic le hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír. Ina theannta sin, ba cheart go mbeidís in ann leigheas iomchuí a mholadh nuair a chuirtear ar a súile dóibh trí idirghabháil gur chruthaigh gnóthas iarmhairt dhíobhálach nó gur rannchuidigh sé léi.
(48) Níor cheart go n-urscaoileadh sásraí casaoide na Ballstáit ón bpríomhdhualgas atá orthu, arb é cearta an duine a chosaint agus rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna a chur ar fáil.
(49) Ba cheart do na Ballstáit údarás náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart a n-oibleagáidí díchill chuí ag gnóthais agus forfheidhmiú cuí na Treorach seo a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta sin a bheith neamhspleách agus ba cheart na cumhachtaí agus na hacmhainní iomchuí a bheith acu chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích. Ba cheart dóibh a bheith i dteideal seiceálacha iomchuí a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin nó bunaithe ar ábhair imní réasúnaithe agus réasúnta a tharraing geallsealbhóirí agus tríú páirtithe anuas, agus ba cheart dóibh a bheith i dteideal smachtbhannaí riaracháin éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, agus déine agus athdhéanamh sáruithe á gcur san áireamh, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais na hoibleagáidí a leagtar amach sa dlí náisiúnta. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún Líonra Eorpach um Dhícheall Cuí, comhdhéanta de húdaráis inniúla, a bhunú chun comhar a áirithiú.
(50) Spreagtar an Coimisiún agus na Ballstáit foráil a dhéanamh d’fhíneálacha riaracháin atá inchomparáide i méid leis na fíneálacha dá bhforáiltear faoi láthair i ndlí na hiomaíochta agus sa dlí cosanta sonraí.
(51) Moltar do na húdaráis náisiúnta oibriú i gcomhar le Pointí Teagmhála Náisiúnta (PTN) ECFE agus institiúidí náisiúnta um chearta an duine atá ar fáil ina dtír féin, agus faisnéis a roinnt leo.
(52) I gcomhréir leis na UNGPanna, níor cheart gurbh é an toradh a bheadh ar dhícheall cuí a bheith á dhéanamh ag gnóthais iad a shaoradh per se ó dhliteanas as sáruithe ar chearta an duine nó damáiste don chomhshaol a dhéanamh nó as cur leo. D’fhéadfadh sé, áfach, go gcabhródh próiseas díchill chuí atá láidir agus leordhóthanach le gnóthais cosc a chur ar dhíobháil.
(53) Agus córas dliteanais á thabhairt isteach, ba cheart do na Ballstáit toimhde infhrisnéise a áirithiú lena gceanglaítear leibhéal áirithe fianaise. Dhéanfaí an dualgas cruthúnais a aistriú ó íospartach chuig gnóthas lena chruthú nach raibh smacht ag gnóthas ar eintiteas gnó a bhí bainteach le mí-úsáid chearta an duine.
(54) Ba cheart a mheas gur tréimhsí réasúnta agus iomchuí iad tréimhsí teorann mura gcuireann siad srian ar cheart na n-íospartach rochtain a fháil ar an gceartas, agus aird chuí á tabhairt ar na dúshláin phraiticiúla atá os comhair éilitheoirí ionchasacha. Ba cheart go leor ama a thabhairt d’íospartaigh iarmhairtí díobhálacha do chearta an duine, don chomhshaol agus do rialachas éilimh bhreithiúnacha, agus a suíomh geografach, a n-acmhainní agus an deacracht fhoriomlán éilimh inghlactha a ardú os comhair chúirteanna an Aontais á gcur san áireamh.
(55) Is ceart daonna a aithnítear go hidirnáisiúnta an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, ar ceart é atá cumhdaithe in Airteagal 8 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in Airteagal 2(3) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus is ceart bunúsach de chuid an Aontais é freisin (Airteagal 47 den Chairt). Mar a mheabhraítear leis na UNGPanna, tá sé de dhualgas ar stáit a áirithiú, trí mhodhanna breithiúnacha, riaracháin, reachtacha nó trí mhodhanna iomchuí eile, go bhfuil rochtain ar leigheas éifeachtach ag na daoine sin a ndéantar difear dóibh de bharr sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le gnó. Dá bhrí sin, déantar tagairt shonrach sa Treoir seo don oibleagáid sin i gcomhréir le Bunphrionsabail agus Treoirlínte na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCeart chun Leighis agus Cúitimh d’Íospartaigh na Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Idirnáisiúnta i ndáil le Cearta an Duine agus na Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta.
(56) Spreagtar gnóthais mhóra chun coistí comhairleacha a chur ar bun a mbeidh sé de chúram orthu comhairle a chur ar a gcomhlachtaí rialaithe maidir le cúrsaí díchill chuí, agus geallsealbhóirí a áireamh ina gcomhdhéanamh.
(57) Ba cheart na hacmhainní is gá a thabhairt do cheardchumainn chun a gcearta i ndáil le dícheall cuí a fheidhmiú, lena n-áirítear chun naisc a bhunú le ceardchumainn agus le hoibrithe sna gnóthais a bhfuil caidrimh ghnó ag an bpríomhghnóthas leo.
(58) Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na córais dliteanais atá ann cheana nó, más gá, reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach chun a áirithiú gur féidir gnóthais, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a chur faoi dhliteanas i leith aon dochar a eascraíonn as iarmhairtí díobhálacha do chearta an duine, don chomhshaol agus do rialachas a chruthaigh siad, nó na heintitis a rialaíonn siad, nó ar rannchuidigh siad leo, mar gheall ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí, seachas más féidir leis an ngnóthas a chruthú go ndearna sé gach cúram cuí i gcomhréir leis an Treoir seo chun an díobháil atá i gceist a sheachaint, nó go dtarlódh an díobháil fiú dá ndéanfaí gach cúram cuí.
(59) Chun soiléireacht agus deimhneacht agus comhsheasmhacht a chruthú i measc chleachtais na ngnóthas, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a ullmhú i gcomhairle leis na Ballstáit agus le ECFE agus le cúnamh ó roinnt sainghníomhaireachtaí, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide. Tá roinnt treoirlínte maidir le dícheall cuí arna dtáirgeadh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ann cheana agus d’fhéadfaí iad sin a úsáid mar thagairt don Choimisiún agus treoirlínte á bhforbairt faoin Treoir seo do ghnóthais de chuid an Aontais go sonrach. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an Treoir seo comhchuibhiú iomlán caighdeán a bhaint amach i measc na mBallstát. Sa bhreis ar na treoirlínte ginearálta lenar cheart gach gnóthas, agus go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide, a threorú agus dícheall cuí á chur i bhfeidhm ina gcuid oibríochtaí, ba cheart don Choimisiún a bheartú treoirlínte earnáilsonracha a tháirgeadh agus liosta bileoga eolais tíre a sholáthar a thabharfar cothrom le dáta go rialta chun cabhrú le gnóthais measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí díobhálacha ionchasacha agus iarbhír a n-oibríochtaí gnó do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas i réimse ar leith. Ba cheart a léiriú sna bileoga eolais sin, go háirithe, cé acu Coinbhinsiúin agus Conarthaí as a measc siúd atá liostaithe in Iarscríbhinní xx, xxx agus xxxx a ghabhann leis an Treoir seo atá daingnithe ag tír ar leith.
(60) Ar mhaithe le nuashonrú a dhéanamh ar na cineálacha iarmhairtí díobhálacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinní xx, xxx agus xxxx a ghabhann leis an Treoir seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(48). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(61) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóir
1. Is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú go gcomhlíonann gnóthais faoina raon feidhme atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach an dualgas atá orthu cearta an duine, an comhshaol agus dea-rialachas a urramú agus nach gcruthaíonn siad iarmhairtí díobhálacha do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas nó nach rannchuidíonn siad leo, trína ngníomhaíochtaí féin nó trí ghníomhaíochtaí atá nasctha go díreach lena n-oibríochtaí, lena dtáirgí nó lena seirbhísí trí chaidreamh gnó nó ina slabhraí luacha, agus go ndéanann siad na hiarmhairtí díobhálacha sin a chosc agus a mhaolú.
2. Leis an Treoir seo, leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra luacha atá ar ghnóthais faoina raon feidhme, eadhon gach beart comhréireach agus comhchuimseach a dhéanamh agus a ndícheall a dhéanamh de réir a gcumas iarmhairtí díobhálacha do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas a chosc ó bheith ag tarlú ina slabhraí luacha, agus aghaidh a thabhairt go cuí ar na hiarmhairtí díobhálacha sin nuair a tharlaíonn siad. Agus dícheall cuí á fheidhmiú, ní mór do ghnóthais iarmhairtí díobhálacha ionchasacha agus/nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas a shainaithint, a mheas, a chosc, a scor, a mhaolú, a mhaoirsiú, a chur in iúl, a chur san áireamh, agus aghaidh a thabhairt orthu, agus iad a réiteach agus a leigheas, ar iarmhairtí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar a ngníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí a slabhraí luacha agus a gcaidreamh gnó. Trí chomhordú a dhéanamh ar choimircí chun cearta an duine, an comhshaol agus dea-rialachas a chosaint, is é is aidhm do na ceanglais díchill chuí sin ná feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.
3. Sa bhreis air sin, tá sé mar aidhm ag an Treoir seo a áirithiú go bhféadfar gnóthais a thabhairt chun cuntais agus a chur faoi dhliteanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as na hiarmhairtí díobhálacha do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas a chruthaíonn siad nó a rannchuidíonn siad leo ina slabhra luacha, agus tá sé mar aidhm aici freisin a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar leigheasanna dlíthiúla.
4. Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do cheanglais díchill chuí bhreise arna mbunú i reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 agus Rialachán (AE) 2017/821, ach amháin má fhoráiltear, le ceanglais díchill chuí faoin Treoir seo, do dhícheall cuí níos cuimsithí i dtaca le cearta an duine, leis an gcomhshaol nó le dea-rialachas.
5. Ní hionann ar bhealach ar bith cur chun feidhme na Treorach seo agus bonn le húdar cuí a thabhairt do laghdú ar leibhéal ginearálta na cosanta do chearta an duine nó don chomhshaol. Cuirfear i bhfeidhm í, go háirithe, gan dochar do chreataí dliteanais eile is infheidhme le haghaidh fochonraitheoireachta, postú nó slabhraí luacha, arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gnóthais mhóra arna rialú ag dlí Ballstáit nó arna bhunú ar chríoch an Aontais.
2. Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le gach gnóthas beag agus meánmhéide atá liostaithe go poiblí, chomh maith le gnóthais bheaga agus mheánmhéide ardriosca.
3. Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le gnóthais mhóra, maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide a liostaítear go poiblí agus maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide a oibríonn in earnálacha ardriosca, a rialaítear le dlí tríú tír agus nach bhfuil bunaithe ar chríoch an Aontais nuair a oibríonn siad sa mhargadh inmheánach, ag díol earraí nó ag soláthar seirbhísí. Comhlíonfaidh na gnóthais sin na ceanglais díchill chuí a bhunaítear leis an Treoir seo mar a thrasuitear i reachtaíocht an Bhallstáit ina mbeidh siad ag oibriú agus beidh siad faoi réir na gcóras smachtbhannaí agus dliteanais a bhunaítear leis an Treoir seo mar a thrasuitear i reachtaíocht an Bhallstáit ina mbeidh siad ag oibriú.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
(1) ciallaíonn ‘geallsealbhóirí’ daoine aonair, agus grúpaí daoine aonair a bhféadfadh na hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas a bhaineann le gnóthas nó lena chaidrimh ghnó difear a dhéanamh dá gcearta nó dá leasanna, mar aon le heagraíochtaí arb é an cuspóir reachtúil atá acu cearta an duine, lena n-áirítear cearta sóisialta agus saothair, an comhshaol agus dea-rialachas a chosaint. Féadfar oibrithe agus a n-ionadaithe, pobail áitiúla, leanaí, pobail dhúchasacha, cumainn saoránach, ceardchumainn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus scairshealbhóirí na ngnóthas a áireamh orthu sin;
(2) ciallaíonn ‘caidreamh gnó’ na fochuideachtaí agus caidrimh thráchtála atá ag gnóthas ar feadh a shlabhra luacha, lena n-áirítear soláthróirí agus fochonraitheoirí, atá nasctha go díreach le hoibríochtaí gnó, táirgí nó seirbhísí an ghnóthais;
(3) ciallaíonn ‘soláthróir’ aon ghnóthas a sholáthraíonn táirge, cuid de tháirge nó seirbhís do ghnóthas eile, go díreach nó go hindíreach, i gcomhthéacs caidreamh gnó;
(4) ciallaíonn ‘fochonraitheoir’ na caidrimh ghnó uile lena ndéantar seirbhís nó gníomhaíocht a rannchuidíonn le críochnú oibríochtaí de chuid gnóthais;
(5) ciallaíonn ‘slabhra luacha’ gach gníomhaíocht, oibríocht, caidreamh gnó agus slabhra infheistíochta de chuid gnóthais agus áirítear air eintitis a bhfuil caidreamh gnó díreach nó indíreach, réamhtheachtach agus iartheachtach, ag an ngnóthas leo, agus a dhéanann ceann de na nithe seo a leanas:
(a) táirgí, codanna de tháirgí nó seirbhísí a sholáthar a rannchuidíonn le táirgí nó seirbhísí an ghnóthais féin, nó
(b) táirgí nó seirbhísí a fháil ón ngnóthas.
(6) ciallaíonn ‘iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír do chearta an duine’ aon iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do theachtadh iomlán chearta an duine ag daoine aonair nó ag grúpaí daoine aonair i ndáil le cearta an duine, lena n-áirítear cearta sóisialta, oibrithe agus ceardchumainn, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn xx a ghabhann leis an Treoir seo. Déanfar athbhreithniú ar an Iarscríbhinn sin ar bhonn rialta agus beidh sí comhsheasmhach le cuspóirí an Aontais maidir le cearta an duine. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, chun an liosta in Iarscríbhinn xx a leasú;
(7) ciallaíonn ‘iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír don chomhshaol’ aon sárú ar chaighdeáin chomhshaoil atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus ar chaighdeáin chomhshaoil an Aontais, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn xxx a ghabhann leis an Treoir seo. Déanfar athbhreithniú ar an Iarscríbhinn sin ar bhonn rialta agus beidh sí i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus maolú ar an athrú aeráide. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, chun an liosta in Iarscríbhinn xxx a leasú;
(8) ciallaíonn ‘iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír do dhea-rialachas’ aon iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír do dhea-rialachas tíre, réigiúin nó críche, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn xxxx a ghabhann leis an Treoir seo. Déanfar athbhreithniú ar an Iarscríbhinn sin ar bhonn rialta agus beidh sí i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir le dea-rialachas. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, chun an liosta in Iarscríbhinn xxxx a leasú;
(9) ciallaíonn ‘rialú’ an fhéidearthacht atá ag gnóthas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas eile, go háirithe trí úinéireacht nó tríd an gceart sócmhainní uile an ghnóthais sin nó cuid díobh a úsáid, nó trí chearta nó trí chonarthaí nó trí aon mhodh eile, ag féachaint do na cúinsí fíorasacha go léir, a imríonn tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí cinnteoireachta de chuid gnóthais;
(10) ciallaíonn ‘rannchuidiú le’ gurb iad gníomhaíochtaí gnóthais, in éineacht le gníomhaíochtaí eintiteas eile, a chruthaíonn iarmhairt, nó gurb iad gníomhaíochtaí gnóthais is cúis le cruthú iarmharta díobhálaí ag eintiteas eile, go n-éascaíonn siad sin nó go ndreasaíonn siad sin. Ní mór don rannchuidiú a bheith suntasach, rud a chiallaíonn go n-eisiatar mionrannchuidiú nó rannchuidiú gan tábhacht. D’fhéadfadh an iliomad fachtóirí a bheith i gceist le measúnú a dhéanamh ar chineál suntasach an rannchuidithe agus le tuiscint a fháil ar cathain a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí an ghnóthais a bheith ina gcúis le cruthú iarmharta díobhálaí ag eintiteas eile, cathain a d’fhéadfadh sé é sin a éascú agus cathain a d’fhéadfadh sé é a dhreasú.
Is féidir na fachtóirí seo a leanas a chur san áireamh:
– a mhéid a fhéadfaidh gnóthas iarmhairt dhíobhálach ag eintiteas eile a spreagadh nó a fhéadfaidh sé a bheith ina chúis léi, i.e. a mhéid a mhéadaigh an ghníomhaíocht an baol go dtarlódh an iarmhairt,
– a mhéid a d’fhéadfadh gnóthas nó ar cheart do ghnóthas fios a bheith aige faoin iarmhairt dhíobhálach nó faoin bhféidearthacht go dtarlódh iarmhairt dhíobhálach, i.e. méid na hintuarthachta,
– a mhéid a mhaolaigh aon cheann de ghníomhaíochtaí an ghnóthais an iarmhairt dhíobhálach go hiarbhír nó gur laghdaigh siad an baol go dtarlódh an iarmhairt.
Ní hionann caidreamh gnó nó gníomhaíochtaí a bheith ann go simplí, lena gcruthaítear na coinníollacha ginearálta inar féidir iarmhairtí díobhálacha a bheith ann agus caidreamh rannchuidithe. Ba cheart go méadódh an ghníomhaíocht atá i gceist an baol go mbeadh iarmhairt dhíobhálach ann go suntasach.
Airteagal 4
Straitéis díchill chuí
1. Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfaidh gnóthais dícheall cuí éifeachtach maidir le hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas ina gcuid oibríochtaí agus ina gcuid caidreamh gnó.
2. Déanfaidh gnóthais gach iarracht, ar bhealach leanúnach, ar a mbealach féin, sainaithint agus measúnú a dhéanamh, trí bhíthin modheolaíocht faireacháin riosca-bhunaithe, lena gcuirtear san áireamh dóchúlacht, déine agus práinn na n-iarmhairtí ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas, cineál agus comhthéacs a n-oibríochtaí, lena n-áirítear ón taobh geografach de, agus lena n-áirítear cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil a gcuid oibríochtaí agus a gcaidrimh ghnó ina gcúis le haon cheann de na hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír sin, nó go rannchuidíonn siad leo nó go bhfuil baint dhíreach acu leo.
3. Má dhéanann gnóthas mór, a bhfuil sainchónaí ar a chaidrimh ghnó dhíreacha laistigh den Aontas, nó gnóthas beag nó meánmhéide, a chinneadh, i gcomhréir le mír 2, nach bhfuil sé ina chúis, nach rannchuidíonn sé nó nach bhfuil sé nasctha go díreach le haon iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas, foilseoidh sé ráiteas chuige sin agus áireoidh sé a mheasúnú riosca ina mbeidh na sonraí, an fhaisnéis agus an mhodheolaíocht ábhartha ba bhun leis an gcinneadh sin. Go háirithe, féadfaidh an gnóthas sin a chinneadh nár tháinig sé ar aon iarmhairtí díobhálacha do chearta an duine, don chomhshaol ná do dhea-rialachas má chinneann a shainaithint iarmhairtí agus a anailís ar mheasúnuithe riosca go ndéanann a sholáthróirí díreacha uile dícheall cuí i gcomhréir leis an Treoir seo. Déanfar athbhreithniú ar an ráiteas sin i gcás ina dtiocfaidh rioscaí nua chun cinn nó i gcás ina rachaidh an gnóthas sin i mbun caidrimh ghnó nua a d’fhéadfadh a bheith ina rioscaí.
4. Mura gcinneann gnóthas, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3, nach bhfuil sé ina chúis nó nach rannchuidíonn sé nó nach bhfuil baint dhíreach aige le haon iarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas, bunóidh sé straitéis díchill chuí agus cuirfidh sé chun feidhme go héifeachtach í. Mar chuid dá straitéis díchill chuí, déanfaidh na gnóthais an méid seo a leanas:
(i) sonróidh siad na hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol agus do dhea-rialachas arna sainaithint agus arna meas i gcomhréir le mír 2, ar dócha go mbeidh siad ann ina n-oibríochtaí agus ina gcaidrimh ghnó, agus leibhéal a ndéine agus a ndóchúlachta agus a bpráinne agus na sonraí, an fhaisnéis agus an mhodheolaíocht ábhartha ba bhun leis na conclúidí sin;
(ii) déanfaidh siad a slabhra luacha a mhapáil agus, ag féachaint go cuí do rúndacht tráchtála, faisnéis iomchuí faoi shlabhra luacha an ghnóthais a nochtadh go poiblí, ar faisnéis í a bhféadfaidh ainmneacha, suíomhanna, cineálacha táirgí agus seirbhísí arna soláthar a bheith ar áireamh inti, agus faisnéis ábhartha eile a bhaineann le fochuideachtaí, soláthróirí agus comhpháirtithe gnó ina slabhra luacha;
(iii) déanfaidh siad na beartais agus na bearta comhréireacha agus comhchuimseacha go léir a ghlacadh agus a chur in iúl d’fhonn deireadh a chur le hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas, nó na hiarmhairtí sin a chosc nó a mhaolú;
(iv) déanfaidh siad straitéis tosaíochta a bhunú ar bhonn Phrionsabal 17 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine i gcás nach féidir leo déileáil leis na hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír go léir ag an am céanna. Déanfaidh gnóthais breithniú ar leibhéal na déine, na dóchúlachta agus na práinne a bhaineann leis na hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha agus iarbhír éagsúla do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas, ar chineál agus comhthéacs a n-oibríochtaí, lena n-áirítear ón taobh geografach de, ar raon feidhme na rioscaí, ar a scála agus ar a dholeigheasta a d’fhéadaidís a bheith agus, más gá, bainfidh siad leas as an mbeartas tosaíochta agus iad ag déileáil leo.
5. Áiritheoidh gnóthais go mbeidh a straitéis ghnó agus a mbeartais i gcomhréir lena straitéis díchill chuí. Áireoidh gnóthais mínithe ina gcuid straitéisí díchill chuí ina leith sin.
6. Measfar go gcomhlíonann fochuideachtaí gnóthais an oibleagáid chun straitéis díchill chuí a bhunú má dhéanann a máthairghnóthas iad a áireamh ina straitéis díchill chuí.
7. Déanfaidh gnóthais dícheall cuí sa slabhra luacha a bheidh comhréireach agus comhchuimseach le dóchúlacht agus déine a n-iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír agus na cúinsí sonracha a bhaineann leo, go háirithe earnáil a ngníomhaíochta, méid agus fad a slabhra luacha agus méid, cumas, acmhainní agus giaráil an ghnóthais.
8. Áiritheoidh gnóthais go ndéanfaidh siad beartais maidir le cearta an duine, leis an gcomhshaol agus le dea-rialachas a chur i bhfeidhm agus a chur i ngníomh lena gcaidrimh ghnó, ar beartais iad atá i gcomhréir lena straitéis díchill chuí, lena n-áirítear, mar shampla, trí bhíthin comhaontuithe réime, clásail chonarthacha, cóid iompair a ghlacadh nó trí bhíthin iniúchtaí deimhnithe agus neamhspleácha. Áiritheoidh gnóthais nach mbeidh a mbeartais cheannacháin ina gcúis le hiarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol ná do dhea-rialachas ná nach gcuirfidh siad leis na hiarmhairtí díobhálacha sin.
9. Fíoróidh gnóthais go rialta go gcomhlíonann fochonraitheoirí agus soláthróirí a n-oibleagáidí faoi mhír 8.
Airteagal 5
Rannpháirtíocht geallsealbhóirí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais plé éifeachtach, fóinteach agus feasach de mheon macánta le geallsealbhóirí ábhartha nuair a bheidh a straitéis díchill chuí á bunú agus á cur chun feidhme acu. Ráthóidh na Ballstáit, go háirithe, an ceart do cheardchumainn ar an leibhéal ábhartha, lena n-áirítear an leibhéal earnálach, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal Eorpach agus an leibhéal domhanda, agus d’ionadaithe na n-oibrithe a bheith rannpháirteach i mbunú agus i gcur chun feidhme na straitéise díchill chuí de mheon macánta lena ngnóthas. Féadfaidh gnóthais tosaíocht a thabhairt do phléití leis na geallsealbhóirí is mó a bhíonn faoi thionchar. Seolfaidh gnóthais pléití agus tabharfaidh siad páirt do cheardchumainn agus d’ionadaithe oibrithe iontu ar dhóigh is iomchuí dá méid agus do chineál agus do chomhthéacs a n-oibríochtaí.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh geallsealbhóirí i dteideal a iarraidh ar an ngnóthas go bpléifidh siad iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas atá ábhartha dóibh faoi chuimsiú théarmaí mhír 1.
3. Áiritheoidh gnóthais nach gcuirfear na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh i mbaol mar gheall ar pháirt a ghlacadh sna pléití dá dtagraítear i mír 1.
4. Cuirfidh an gnóthas ionadaithe na n-oibrithe ar an eolas faoina straitéis díchill chuí agus faoi chur chun feidhme na straitéise, lena mbeidh siad ábalta rannchuidiú, i gcomhréir le Treoracha 2002/14/CE(49) agus 2009/38/CE(50) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir 2001/86/CE ón gComhairle(51). Ina theannta sin, tabharfar lán-urraim don cheart chun cómhargála, mar a aithnítear go háirithe i gCoinbhinsiúin 87 agus 98 EIS, i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine agus i gCairt Shóisialta na hEorpa, chomh maith le cinntí Choiste EIS um Shaoirse Comhlachais, an Choiste Saineolaithe um Choinbhinsiúin agus Moltaí a Chur i bhFeidhm (CEACR) agus Choiste Eorpach ar Chearta Sóisialta Chomhairle na hEorpa (ECSR).
Airteagal 6
Foilsiú agus cur in iúl na straitéise díchill chuí
1. Áiritheoidh na Ballstáit, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht tráchtála, go ndéanfaidh gnóthais a straitéis díchill chuí is déanaí, nó an ráiteas, lena n-áirítear an measúnú riosca, dá dtagraítear in Airteagal 4(3), a chur ar fáil go poiblí, agus a dhéanamh inrochtana saor in aisce, go háirithe ar shuíomhanna gréasáin na ngnóthas.
2. Cuirfidh gnóthais a straitéis díchill chuí in iúl d’ionadaithe a n-oibrithe, dá gceardchumainn agus dá gcaidrimh ghnó agus, arna iarraidh sin, do cheann de na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 12.
Déanfaidh gnóthais faisnéis ábhartha maidir lena straitéis díchill chuí a chur in iúl do gheallsealbhóirí a bhféadfadh difear a bheith déanta dóibh arna iarraidh sin dóibh agus ar bhealach is iomchuí do chomhthéacs na ngeallsealbhóirí sin, mar shampla trí theanga oifigiúil thír na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfaidh gnóthais uaslódáil ar a straitéis díchill chuí nó an ráiteas, lena n-áirítear an measúnú riosca, dá dtagraítear in Airteagal 4(3) ar ardán láraithe Eorpach, faoi mhaoirsiú na n-údarás inniúil. D’fhéadfadh an Pointe Rochtana Eorpach Aonair a luaigh an Coimisiún ina Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil (COM/2020/0590) le déanaí a bheith ina ardán den sórt sin. Cuirfidh an Coimisiún teimpléad caighdeánaithe ar fáil chun na straitéisí díchill chuí a uaslódáil ar an ardán láraithe Eorpach.
Airteagal 7
Nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta
Tá an Treoir seo gan dochar do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais áirithe le Treoir 2013/34/AE ráiteas neamhairgeadais a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta, lena n-áirítear tuairisc ar na beartais arna saothrú ag an ngnóthas i ndáil le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, cúrsaí frithéillithe agus breabaireachta, agus na próisis díchill chuí arna gcur chun feidhme, ar a laghad.
Airteagal 8
Meastóireacht agus athbhreithniú ar an straitéis díchill chuí
1. Déanfaidh gnóthais meastóireacht ar éifeachtacht agus ar oiriúnacht a straitéise díchill chuí agus ar chur chun feidhme na straitéise sin uair sa bhliain ar a laghad, agus athbhreithneoidh siad í dá réir sin aon uair a mheastar gur gá athbhreithniú a dhéanamh orthu mar thoradh ar an meastóireacht.
2. Déanfar an mheastóireacht agus an t-athbhreithniú ar an straitéis díchill chuí trí phlé le geallsealbhóirí agus le rannpháirtíocht ceardchumann agus ionadaithe oibrithe ar an mbealach céanna agus a dhéantar an straitéis díchill chuí a bhunú de bhun Airteagal 4.
Airteagal 9
Sásraí casaoide
1. Cuirfidh gnóthais sásra casaoide ar fáil, mar shásra luathrabhaidh le haghaidh feasacht riosca agus mar chóras idirghabhála, lena gceadófar d’aon gheallsealbhóir imní réasúnach a chur in iúl maidir le hiarmhairt dhíobhálach ionchasach nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumasófar gnóthais chun sásra den chineál sin a chur ar fáil trí shocruithe comhoibríocha le gnóthais nó le heagraíochtaí eile, trí pháirt a ghlacadh i sásraí casaoide il-gheallsealbhóirí nó trí dhul isteach i gCreat-Chomhaontú Domhanda.
2. Beidh sásraí casaoide dlisteanach, inrochtana, intuartha, sábháilte, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach le cearta agus inoiriúnaithe mar a leagtar amach sna critéir éifeachtachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha i bPrionsabal 31 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Barúil Ghinearálta Uimh. 16 Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Forálfar leis na sásraí sin go bhféadfaí ábhair imní a chur in iúl gan ainm nó faoi rún, de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3. Leis an sásra casaoide, déanfar foráil maidir le freagairtí tráthúla agus éifeachtacha ar gheallsealbhóirí, i gcásanna rabhadh agus léirithe imní araon.
4. Déanfaidh gnóthais tuairisciú ar ábhair imní réasúnacha arna dtarraingt anuas trína sásraí casaoide agus déanfaidh siad tuairisciú rialta ar an dul chun cinn a dhéanfar sna cásanna sin. Foilseofar an fhaisnéis ar fad ar bhealach nach gcuirfidh sábháilteacht na ngeallsealbhóirí i mbaol, lena n-áirítear gan a gcéannacht a nochtadh.
5. Beidh sásraí casaoide i dteideal tograí a dhéanamh chuig an ngnóthas maidir leis an gcaoi a bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír.
6. Déanfaidh gnóthais cinntí a bheidh bunaithe ar sheasamh na ngeallsealbhóirí, nuair a bheidh sásraí casaoide á bhforbairt acu.
7. Má théitear ar iontaoibh sásra casaoide, ní chuirfear bac ar éilitheoirí rochtain a bheith acu ar shásraí breithiúnacha.
Airteagal 10
Leigheasanna seach-bhreithiúnacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina sainaithníonn gnóthas gur chruthaigh sé iarmhairt dhíobhálach nó gur rannchuidigh sé le hiarmhairt dhíobhálach, go bhforálfaidh sé don phróiseas feabhsúcháin nó go gcomhoibreoidh sé leis. I gcás ina sainaithníonn gnóthas go bhfuil baint dhíreach aige le hiarmhairt dhíobhálach do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas, comhoibreoidh sé leis an bpróiseas feabhsúcháin a mhéid is féidir.
2. Féadfar an leigheas a mholadh mar thoradh ar idirghabháil tríd an sásra casaoide a leagtar síos in Airteagal 9.
3. Cinnfear an leigheas i gcomhairle leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh agus d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ann: cúiteamh airgeadais nó neamhairgeadais, aischur, leithscéal poiblí, aisíoc, athshlánú nó rannchuidiú le himscrúdú.
4. Cuirfidh gnóthais cosc ar dhíobháil bhreise a dhéanamh trí ráthaíochtaí a thabhairt nach ndéanfar an díobháil atá i gceist athuair.
5. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirtear cosc, le moladh leighis ó ghnóthas, ar gheallsealbhóirí a bhfuil difear déanta dóibh imeachtaí sibhialta a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Go háirithe, ní cheanglófar ar íospartaigh leigheasanna seachbhreithiúnacha a lorg sula ndéanfaidh siad éileamh a chomhdú os comhair cúirte, ná ní chuirfidh imeachtaí leanúnacha os comhair sásra casaoide bac ar rochtain íospartach ar chúirt. Déanfaidh na cúirteanna breithniú cuí ar chinntí arna n-eisiúint ag sásra casaoide ach ní bheidh siad ina gceangal orthu.
Airteagal 11
Pleananna gníomhaíochta díchill chuí earnála
1. Féadfaidh na Ballstáit glacadh pleananna gníomhaíochta deonacha earnála nó trasearnála le haghaidh díchill chuí a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais agus é mar aidhm acu straitéisí díchill chuí na ngnóthas a chomhordú.
Ní bheidh gnóthais atá rannpháirteach i bpleananna gníomhaíochta díchill chuí earnála nó trasearnála díolmhaithe ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe ceardchumainn, ionadaithe oibrithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith rannpháirteach i sainmhíniú pleananna gníomhaíochta díchill chuí earnála, gan dochar don oibleagáid atá ar gach gnóthas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh.
3. Féadfar foráil a dhéanamh i bpleananna gníomhaíochta díchill chuí earnála do shásra aonair comhpháirteach casaoide le haghaidh na ngnóthas a thagann faoina raon feidhme. Beidh an sásra casaoide i gcomhréir le hAirteagal 9 den Treoir seo.
4. Beidh seasamh na ngeallsealbhóirí mar threoir ag forbairt sásraí casaoide earnála.
Airteagal 12
Maoirseacht
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó atá le bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, mar a thrasuitear sa dlí náisiúnta í, agus as dea-chleachtais díchill chuí a leathadh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 neamhspleách agus go bhfuil na hacmhainní pearsanta, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh, an bonneagar agus an saineolas is gá acu chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach.
3. Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil in iúl don Choimisiún faoin ... [dáta thrasuí na Treorach seo]. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.
4. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an idirlíon. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.
Airteagal 13
Imscrúduithe ar ghnóthais
1. Beidh an chumhacht ag údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14 imscrúduithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnóthais na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo, lena n-áirítear gnóthais a shonraigh nach raibh aon iarmhairt dhíobhálach ionchasach ná iarbhír acu do chearta an duine, don chomhshaol ná do dhea-rialachas. Údarófar do na húdaráis inniúla sin seiceálacha a dhéanamh ar ghnóthais agus agallaimh a dhéanamh le geallsealbhóirí nó a n-ionadaithe a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh. D’fhéadfadh scrúdú ar straitéis díchill chuí an ghnóthais, ar fheidhmiú an tsásra casaoide, agus seiceálacha ar an láthair a bheith san áireamh sna seiceálacha sin.
Tabharfaidh gnóthais gach cúnamh is gá chun éascú a dhéanamh ar fheidhmiú na n-údarás inniúil dá gcuid imscrúduithe.
2. Déanfar imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 trí chur chuige riosca-bhunaithe a ghlacadh nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil maidir le sárú amhrasta arna dhéanamh ag gnóthas ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear ar bhonn ábhair imní réasúnaithe agus réasúnta a tharraing aon tríú páirtí anuas.
3. Éascóidh an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 12 tíolacadh na n-ábhar imní réasúnaithe agus réasúnach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ag tríú páirtithe trí bhearta amhail foirmeacha comhchuibhithe le haghaidh tíolacadh ábhair imní. Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla go mbeidh sé de cheart ag an ngearánach a iarraidh go bhfanfaidh a chuid nó a cuid ábhar imní faoi rún nó i ndíth ainm, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 12 gur féidir an fhoirm sin a líonadh isteach go leictreonach freisin.
4. Cuirfidh an t-údarás inniúil an gearánach ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe má tá gá le himscrúdú breise nó le comhordú breise le húdarás maoirseachta eile.
5. Más rud é, de thoradh na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun mhír 1, go sainaithníonn údarás inniúil gur mainníodh an Treoir seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé tréimhse iomchuí ama don ghnóthas lena mbaineann chun gníomhaíocht leighis a dhéanamh, más féidir gníomhaíocht mar sin a dhéanamh.
6. Áiritheoidh na Ballstáit, más rud é go bhféadfadh díobháil dholeasaithe eascairt as mainneachtain an Treoir seo a chomhlíonadh, go bhféadfaí glacadh beart eatramhach ag an ngnóthas lena mbaineann, nó, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, fionraí sealadach gníomhaíochtaí a ordú. I gcás gnóthais arna rialú ag dlí Stáit nach Ballstát é agus atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach, d’fhéadfadh toirmeasc ar oibriú sa mhargadh inmheánach a bheith intuigthe má fhionraítear gníomhaíochtaí go sealadach.
7. Déanfaidh na Ballstáit foráil do smachtbhannaí i gcomhréir le hAirteagal 18 i gcás gnóthais nach ndéanann gníomhaíocht leighis laistigh den tréimhse ama a dheonaítear. Tabharfar de chumhacht do na húdaráis inniúla náisiúnta fíneálacha riaracháin a ghearradh.
8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádann na húdaráis inniúla náisiúnta taifid ar na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 1, ina léirítear, go háirithe, cineál agus toradh na n-imscrúduithe sin, chomh maith le taifid ar aon fhógra faoi ghníomhaíocht leighis arna eisiúint faoi mhír 5. Foilseoidh na húdaráis inniúla tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ina mbeidh na cásanna is tromchúisí de neamhchomhlíonadh agus an chaoi ar déileáladh leo, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht tráchtála.
Airteagal 14
Treoirlínte
1. Chun soiléireacht agus deimhneacht a chruthú do ghnóthais, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú freisin i measc a gcleachtas, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit agus le ECFE, agus le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, treoirlínte ginearálta neamhcheangailteacha a fhoilsiú do ghnóthais maidir leis an gcaoi is fearr chun na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Tabharfar treoir phraiticiúil leis na treoirlínte sin maidir leis an gcaoi a bhféadfar comhréireacht agus beartú tosaíochta, i dtéarmaí iarmhairtí, earnálacha agus limistéir gheografacha, a chur i bhfeidhm maidir le hoibleagáidí díchill chuí ag brath ar mhéid agus ar earnáil an ghnóthais. Cuirfear na treoirlínte ar fáil tráth nach déanaí ná ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit agus le ECFE, agus le cúnamh ón nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, treoirlínte sonracha neamhcheangailteacha a ullmhú le haghaidh gnóthais atá ag feidhmiú in earnálacha áirithe.
3. Agus na treoirlínte neamhcheangailteacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 thuas á n-ullmhú, tabharfar aird chuí ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, ar Dhearbhú Tríthaobhach EIS de Phrionsabail maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, ar Threoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Freagrach Gnó, ar Threoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta, ar Threoir ECFE le haghaidh Slabhraí Soláthair Freagracha Mianraí, ar Threoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Slabhraí Soláthair Freagracha san Earnáil Éadaí agus Coisbheart, ar Threoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Freagrach Gnó d’Infheisteoirí Institiúideacha, ar Threoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iasachtú Freagrach Corparáideach agus Frithghealladh Freagrach Urrús agus ar Threoir ECFE-EBT le haghaidh Slabhraí Soláthair Talmhaíochta Freagracha, ar Bharúil Ghinearálta 16 Choiste um Chearta Leanaí na Náisiún Aontaithe maidir le hOibleagáidí stáit maidir le tionchar na hearnála gnó ar chearta leanaí agus ar Phrionsabail Ghnó agus Chearta an Linbh UNICEF. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar ábharthacht a threoirlínte agus déanfaidh sé iad a oiriúnú do dhea-chleachtais nua.
4. Tabharfaidh an Coimisiún bileoga eolais tíre cothrom le dáta go rialta agus cuirfear ar fáil go poiblí iad chun faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil maidir leis na Coinbhinsiúin agus na Conarthaí idirnáisiúnta arna ndaingniú ag gach comhpháirtí trádála de chuid an Aontais. Baileoidh agus foilseoidh an Coimisiún sonraí trádála agus custaim maidir le tionscnamh amhábhar, agus maidir le táirgí idirmheánacha agus críochnaithe, agus foilseoidh sé faisnéis faoi chearta an duine, faoi phoitéinseal comhshaoil agus rialachais nó faoi iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír a bhaineann le tíortha nó réigiúin, earnálacha agus fo-earnálacha áirithe, agus táirgí áirithe.
Airteagal 15
Bearta sonracha chun tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil tairseach shonrach le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide ar fáil ar a bhféadfaidh siad treoir a lorg agus tuilleadh tacaíochta agus faisnéise a fháil faoin gcaoi is fearr chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh.
2. Beidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide incháilithe le haghaidh tacaíocht airgeadais chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh faoi chláir an Aontais chun tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide.
Airteagal 16
Comhar ar leibhéal an Aontais
1. Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach um Dhícheall Cuí d’údaráis inniúla chun a áirithiú, in éineacht leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12, go gcomhordófar agus go gcóineasófar cleachtais rialála, imscrúdaitheacha agus mhaoirseachta, go gcomhroinnfear faisnéis, agus go ndéanfar faireachán ar fheidhmíocht na n-údarás inniúil náisiúnta.
Oibreoidh údaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le chéile chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.
2. Foilseoidh an Coimisiún, le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, scórchlár bliantúil díchill chuí, bunaithe ar an bhfaisnéis arna comhroinnt ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus i gcomhar le saineolaithe agus geallsealbhóirí eile san earnáil phoiblí.
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Smachtbhannaí
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil do smachtbhannaí comhréireacha is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na smachtbhannaí sin a fhorfheidhmiú. Beidh na smachtbhannaí dá bhforáilfear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cuirfear san áireamh déine na sáruithe a rinneadh leo agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an sárú arís agus arís eile.
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe, fíneálacha comhréireacha a fhorchur a ríomhfar ar bhonn láimhdeachas gnóthais, gnóthais a eisiamh, go sealadach nó ar feadh tréimhse éiginnte, ó sholáthar poiblí, ó státchabhair, ó scéimeanna tacaíochta poiblí lena n-áirítear scéimeanna atá ag brath ar Ghníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin agus ar iasachtaí, dul i muinín urghabháil tráchtearraí agus smachtbhannaí riaracháin iomchuí eile.
Airteagal 19
Dliteanas sibhialta
1. Má urramaíonn gnóthas a oibleagáidí díchill chuí, ní fhágfaidh sé sin go bhfuil an gnóthas saor ó aon dliteanas a thabhóidh sé de bhun an dlí náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córas dliteanais i bhfeidhm acu faoinar féidir, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gnóthais a chur faoi dhliteanas agus gur féidir leo leigheas a sholáthar maidir le haon díobháil a eascraíonn as iarmhairtí díobhálacha ionchasacha nó iarbhír do chearta an duine, don chomhshaol nó do dhea-rialachas arb iad, nó gnóthais faoina smacht, a chruthaigh iad nó a rannchuidigh leo trí ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an córas dliteanais atá acu amhail dá dtagraítear i mír 2 de chineál a fhágann nach mbeidh gnóthais a chruthaíonn gur ghlac siad gach cúram cuí i gcomhréir leis an Treoir seo chun an díobháil atá i gceist a sheachaint, nó go dtarlódh an díobháil fiú dá nglacfaí gach cúram cuí, faoi dhliteanas i leith na díobhála sin.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tréimhse theorann chun éilimh maidir le dliteanas sibhialta a thabhairt i ndáil le díobháil a eascraíonn as iarmhairtí díobhálacha do chearta an duine agus don chomhshaol réasúnta.
Airteagal 20
Dlí idirnáisiúnta príobháideach
Áiritheoidh na Ballstáit go measfar forálacha ábhartha na Treorach seo a bheith ina bhforálacha sainordaitheacha sáraitheacha i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(52).
Airteagal 21
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
2. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh na bealaí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
3. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Loi n° 2017-399 du 27 mars 2017 relative au devoir de vigilance des sociétés mères et des entreprises donneuses d’ordre, JORF n°0074 du 28 mars 2017 [Dlí Uimh. 2017-399 an 27 Márta 2017 maidir le dualgas aireachais atá ar mháthairghnóthais agus ar ghnóthais ordúcháin].
Wet van 24 oktober 2019 n [Dlí an 24 Deireadh Fómhair 2019 n]. 401 houdende de invoering van een zorgplicht ter voorkoming van de levering van goederen en diensten die met behulp van kinderarbeid tot stand zijn gekomen (Wet zorgplicht kinderarbeid) [401 dualgas cúraim a thabhairt isteach chun soláthar earraí agus seirbhísí a fhaightear trí shaothar leanaí a chosc (an tAcht um Dhualgas Saothair Leanaí)].
Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).
Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).
Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
* Ba cheart don Choimisiún earnálacha ardriosca gníomhaíochta eacnamaíche a shainaithint a bhfuil tionchar suntasach acu ar chearta an duine, ar an gcomhshaol agus ar dhea-rialachas chun na gnóthais bheaga agus mheánmhéide atá ag oibriú sna hearnálacha sin a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún gnóthais bheaga agus mheánmhéide ardriosca a shainiú sa Treoir seo. Ba cheart earnáil an ghnóthais nó an cineál gníomhaíochtaí a dhéanann sé a chur san áireamh sa sainmhíniú.
Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin trádála) i gcoinne a n-éadála, úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
Treoir 2001/86/CE an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht do chuideachta Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lch. 22).
Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II).(IO L 199, 31.7.2007, lch. 40).
An Rialachán um Tháirgí Foirgníochta a chur i bhfeidhm
155k
53k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta) (2020/2028(INI))
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú(1) (an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta – RTF),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2) (an Rialachán um Chaighdeánú),
– ag féachaint do mheastóireacht an Choimisiúin an 24 Deireadh Fómhair 2019 ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (SWD(2019)1770),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le toradh na meastóireachta ar ábharthacht na gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 31(4) a fhaigheann maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 34(2) den Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CCE ón gComhairle (COM(2019)0800),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011(3),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93(4),
– ag féachaint do Chinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle(5),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008(6),
– ag féachaint dá rún an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le todhchaí an chaighdeánaithe Eorpaigh(7),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 maidir le fuinneamh glan do gach Eorpach (COM(2016)0860),
– ag féachaint don Chomhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020)0098),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1 (1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0012/2021),
A. de bhrí go bhfuil 18 milliún duine fostaithe go díreach in earnáil na foirgníochta san Eoraip, agus gurb ionann an earnáil agus 9 % de OTI(8);
B. de bhrí gurb é cuspóir an Rialacháin maidir le Táirgí Foirgníochta (RTF) deireadh a chur le bacainní teicniúla ar thrádáil táirgí foirgníochta chun a saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a fheabhsú agus chun a áirithiú go bhfuil na táirgí sin oiriúnach don úsáid atá beartaithe dóibh agus go gcomhlíonann siad a bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus gnéithe sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil a bhaineann lena n-úsáid á gcur san áireamh, gan beann ar an áit a monaraítear iad;
C. de bhrí gur léiríodh go bhfuil an córas Eorpach rialála teicniúla agus caighdeánaithe ina spreagadh don iomaíochas agus don nuálaíocht, agus go rannchuidíonn sé le sábháilteacht tomhaltóirí agus rátaí timpiste a laghdú ag an am céanna, rud a fhágann gur tagarmharc domhanda iad caighdeáin AE;
D. de bhrí go bhfuil deacrachtaí ag baint le caighdeáin chomhchuibhithe a ghlacadh go mall agus le neamh-lua na gcaighdeán comhchuibhithe toisc nach bhfuil an próiseas glactha ag coinneáil suas le forbairtí san earnáil, rud a chruthaíonn neamhchinnteacht do ghnólachtaí; de bhrí gur cruthaíodh ceanglais bhreise do tháirgí foirgníochta ar leibhéal na mBallstát mar gheall ar easpa caighdeán comhchuibhithe agus cineál neamhiomlán na gcaighdeán atá ann, rud a chuireann bac ar shaorghluaiseacht na dtáirgí sin sa mhargadh aonair; de bhrí gur féidir leis na ceanglais sin dochar a dhéanamh do thomhaltóirí agus do Bhallstáit agus a bhfreagrachtaí maidir le sábháilteacht struchtúrach, sláinte, cosaint an chomhshaoil, ábhair eile a bhaineann le foirgníocht agus cosaint tomhaltóirí á gcomhlíonadh acu;
E. de bhrí gur cheart na rialacha maidir le hoibreacha foirgníochta a leagann na Ballstáit síos a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach a rathaíonn sábháilteacht oibrithe agus tomhaltóirí agus nach ndéanann dochar don chomhshaol, rud a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar na ceanglais do tháirgí foirgníochta;
F. de bhrí gurb ionann na costais chomhlíonta RTF agus 0.6 % go 1.1 % de láimhdeachas na hearnála foirgníochta, a íocann monaróirí den chuid is mó, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ualach trom ar FBManna;
1. á chur in iúl gur geal léi meastóireacht agus athbhreithniú leanúnach an Choimisiúin ar RTF, lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt tuilleadh ar bhacainní sa mhargadh inmheánach do tháirgí foirgníochta agus cur le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, agus forbairtí teicneolaíocha agus nuálaíocht á gcur san áireamh;
2. á thabhairt chun suntais go bhfuil sainiúlacht shonrach ag RTF, atá éagsúil ó phrionsabail ghinearálta an Chreata Reachtaigh Nua (CRN), go príomha toisc nach ndéantar chomhchuibhiú le haon ceanglais shonracha nó íosleibhéil sábháilteachta do tháirgí foirgníochta, ach ina ionad sin go sainítear teanga theicniúil choiteann, arb ionann í do gach táirge foirgníochta a thagann faoi RTF, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta sa bhreis ar a bpríomhthréithe bunúsacha, a leagtar síos i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe;
3. á thabhairt chun suntais go n-áirítear le RTF reatha saorchúrsaíocht táirgí foirgníochta laistigh den Aontas, agus gur ag na Ballstáit a fhanann rialú ar na rialacha maidir le hoibreacha foirgníochta; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, go gceanglaítear le rialacha na mBallstát go ndearfaí oibreacha foirgníochta, agus go gcuirfí i gcrích iad, ionas nach ndéantar dochar do shábháilteacht daoine, d’ainmhithe clóis nó do réadmhaoin nó nach ndéantar damáiste don chomhshaol; á chur i bhfios gur gnách tionchar a bheith ag feidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a chomhtháthaítear sna hoibreacha ar na rialacháin foirgníochta a leagtar síos ar leibhéal na mBallstát;
Teanga theicniúil choiteann, lena n-áirítear caighdeáin
4. ag tabhairt dá haire go sainítear an teanga theicniúil choiteann, arna thabhairt isteach le RTF, i gcaighdeáin Eorpacha chomhchuibhithe, agus i nDoiciméid Eorpacha um Measúnú (EADanna) do tháirgí nach gcumhdaítear, nó nach gcumhdaítear ina n-iomláine, le caighdeáin chomhchuibhithe chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais feidhmíochta na mBallstát; á aithint gurb iad an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) na heagraíochtaí inniúla maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú, agus gurb iad an Eagraíocht Eorpach um Measúnú Teicniúil (EOTA) agus na Chomhlachtaí um Measúnú Teicniúil (TABanna) atá freagrach as EADanna a ullmhú;
5. á thabhairt chun suntais go bhfuil úsáid caighdeán comhchuibhithe éigeantach faoi RTF, murab ionann agus reachtaíocht eile an Chreata Reachtaigh Nua, rud a éilíonn córas glactha éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an tionscail, chun na cleachtais is éifeachtaí sa tionscal a léiriú, chun bealaí a réiteach don nuálaíocht, chun coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta, chun soiléireacht dhlíthiúil agus machaire comhréidh do FBManna a áirithiú agus chun riachtanais rialála na mBallstát a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, rannpháirtíocht ghníomhach an tionscail agus na ngeallsealbhóirí ábhartha a áirithiú chun a áirithiú go mbeidh na caighdeáin nua chomh hábhartha agus is féidir; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát sa phróiseas um chaighdeánú;
6. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár eisíodh ach 12 chaighdeán nua de na 444 gcaighdeán comhchuibhithe atá ann cheana do tháirgí foirgníochta tar éis glacadh RTF; á chreidiúint go bhfuil an t-am is gá chun caighdeáin a fhorbairt agus a lua, an riaráiste maidir leis na caighdeáin atá ann cheana (acquis RTF) a athbhreithniú agus a nuashonrú, an easpa soiléireachta dlíthiúla sa chreat reachtach reatha agus an easpa idirphlé fiúntach idir na comhpháirtithe uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas faoi láthair ar na fadhbanna is suntasaí a bhaineann le cur chun feidhme RTF;
7. á thabhairt chun suntais nach gcumhdaíonn líon suntasach caighdeán na buncheanglais uile is gá ina n-iomláine chun táirgí foirgníochta a úsáid in oibreacha foirgníochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar thoradh i bpáirt ar an gcomhchuibhiú a bheith neamhiomlán, go bhfuil ceanglais náisiúnta bhreise agus marcanna náisiúnta éigeantacha ann do tháirgí foirgníochta, rud a chruthaíonn bacainní gan údar, a dhéanann an margadh inmheánach a ilroinnt agus a lagú agus a chruthaíonn éiginnteachtaí dlíthiúla do ghnólachtaí, tógálaithe, conraitheoirí, pleanálaithe agus ailtirí, agus go bhféadfadh rioscaí sábháilteachta a bheith mar thoradh air sin d’oibreacha foirgníochta;
8. á iarraidh go práinneach ar an gCoimisiún réiteach tapa agus inmharthana a fháil chun próisis chaighdeánaithe a fheabhsú agus chun deireadh a chur le riaráiste na gcaighdeán nach bhfuil luaite; ag tacú, ina leith sin, le meascán de bhearta gearrthéarmacha chun dul i ngleic leis an riaráiste agus le heasnaimh rialála chomh maith le bearta fadtéarmacha chun feabhas a chur ar an bpróiseas chun an teanga theicniúil choiteann a shainiú trí bhíthin caighdeáin chomhchuibhithe chuimsitheacha;
9. á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt ag gach céim den phróiseas ullmhúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ndlúthchomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile le linn na céime ullmhúcháin, i gcomhréir leis an Rialachán um Chaighdeánú, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ionadaíocht chothrom agus trédhearcacht agus oscailteacht na bpáirtithe uile lena mbaineann chun teacht ar réitigh inoibrithe; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go mbeidh na hiarrataí ar chaighdeánú a eisíonn an Coimisiún ar ardcháilíocht agus gur gá treoir shoiléir phragmatach a chur ar fáil; ag spreagadh an Choimisiúin freisin treoirlínte cuimsitheacha cothrománacha a fhorbairt do chomhlachtaí um chaighdeánú ina leagfar amach struchtúr agus riachtanais na gcaighdeán uile; á mholadh tréimhsí ama a bheidh sainithe go soiléir a leagan amach don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na caighdeáin ullmhaithe agus spriocdhátaí soiléire a shainiú do gach páirtí chun tuilleadh athbhreithnithe a áirithiú i gcás ina bhfaighfear amach nár cloíodh le hiarraidh ar chaighdeánú nó le RTF; á mheas go bhfuil sé tábhachtach raon feidhme na gcaighdeán a shainmhíniú ar bhealach níos beaichte ionas go mbeidh treoir shoiléir ag monaróirí nuair a dhearbhaíonn siad go dtagann a dtáirgí faoin raon feidhme;
10. á chreidiúint, toisc go bhfuil caighdeáin riachtanach i gcomhthéacs RTF agus toisc go meastar gur cuid de reachtaíocht an Aontais iad, gur cheart téacs na gcaighdeán comhchuibhithe a eisítear a bheith ar fáil i dteangacha uile an Aontais; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain ar aistriúchán ardcháilíochta gan aon chostas breise agus gur gá feabhas a chur ar rannpháirtíocht na gcomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú i bpróiseas an aistriúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú tuilleadh leis na socruithe airgeadais d’aistriúchán na gcaighdeán comhchuibhithe, agus na socruithe sin a shimpliú tuilleadh;
11. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur áiríodh in RTF an modh malartach do tháirgí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear ina n-iomláine le caighdeáin chomhchuibhithe chun go bhféadfadh táirgí nuálacha dul isteach sa mhargadh ach nach mbaineann an chuid is mó de EADanna le táirgí nuálacha;
12. á chreidiúint, mar thoradh air sin, go bhfuil tearcfheidhmíocht reatha chóras an caighdeánaithe ar cheann de na tosca a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid bhealach EOTA mar mhodh malartach caighdeánaithe;
13. á thabhairt chun suntais a fhaide agus a chostasaí atá bealach EOTA, nach bhfuil oiriúnach do FBManna agus, den chuid is mó, nach bhfuil sé inacmhainne ach do ghníomhaithe móra sa mhargadh; á chur i bhfáth, in ainneoin gur gá feabhas ginearálta a chur ar an bpróiseas um chaighdeánú, go bhféadfadh an nós imeachta atá ann faoi láthair chun EADanna a fhorbairt a bheith ina chuidiú mar bhealach forlíontach chun forbairt táirgí nuálacha agus rannpháirtíocht FBManna a spreagadh, ach gur gá aghaidh a thabhairt freisin ar sprioc na monaróirí táirgí nuálacha a chur ar an margadh a luaithe is féidir agus ceanglais táirgí an Aontais á n-urramú ag an am céanna, agus nár cheart breathnú air mar rogha mhalartach bhuan ar an gcóras um chaighdeánú;
14. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh teanga theicniúil choiteann a bheith ina cuidiú maidir le geilleagar ciorclach a chur chun cinn toisc go gcumasófar léi feidhmíocht táirgí foirgníochta a dhearbhú ar bhealach coiteann; á mheas gur cheart díriú níos mó ar chaighdeáin ar féidir leo cabhrú le geilleagar ciorclach a chur chun cinn san Eoraip;
Marcáil CE agus Dearbhú Feidhmíochta (DoP)
15. ag tabhairt dá haire gur bealach é marcáil CE chun go bhféadfar táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh go dlíthiúil i mBallstát amháin a mhargú ar chríoch aon Bhallstáit eile; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di, os rud é go bhfuil marcáil CE faoi RTF éagsúil ó reachtaíocht eile an Chreata Reachtaigh Nua toisc gur d’fheidhmíocht an táirge amháin a thagraíonn marcáil CE faoi RTF agus ní dá chomhréireacht le ceanglais táirge sonracha, go bhféadfadh an difríocht sin i chur chuige ó reachtaíocht eile an Chreata Reachtaigh Nua mearbhall a chruthú maidir le marcáil CE agus go bhféadfaí a luach a laghdú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil forluí san fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt le marcáil CE agus leis an Dearbhú Feidhmíochta (DoP); á chreidiúint go gcruthaíonn an dúbláil sin ualaí breise riaracháin agus costais bhreise nach bhfuil gá leo do ghnólachtaí agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear trí úsáid níos fearr a bhaint as réitigh dhigiteacha;
16. á chur in iúl gurb oth léi go dtuigtear go mícheart gur marc cáilíochta é marcáil CE faoi RTF agus nach gcinntear leis an bhfuil táirge foirgníochta sábháilte nó an bhféadfaí é a úsáid in oibreacha foirgníochta; á chreidiúint go bhfuil gá le breis réiteach chun faisnéis bheacht agus shoiléir a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh maidir le cineál marcáil CE, maidir le sábháilteacht táirgí foirgníochta agus maidir lena mhéid a chomhlíonann siad ceanglais náisiúnta maidir le sábháilteacht foirgneamh agus oibreacha foirgníochta;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú agus measúnú críochnúil a dhéanamh ar an bhféidearthacht RTF a fheabhsú de réir a chéile trí oibleagáidí breise faisnéise agus ceanglais bhreise feidhmíochta táirgí a chur san áireamh ann maidir le gnéithe sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil tar éis measúnú tionchair a dhéanamh agus measúnú a dhéanamh ar riachtanais rialála an Aontais agus na mBallstát maidir le gach catagóir táirgí; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, meastóireacht a dhéanamh i dtaobh cén cur chuige a bheadh éifeachtach do RTF;
18. ag tabhairt dá haire an easpa digitithe in earnáil na foirgníochta agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé leas iomlán a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, lena bhféadfaí faisnéis shoiléir, thrédhearcach agus iontaofa a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’úsáideoirí deiridh, lena dtabharfaí aghaidh ar an bhforluí i gceanglais faisnéise agus lena gcuirfí ar chumas údaráis um fhaireachas margaidh a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le teicneolaíochtaí den sórt sin a úsáid agus réitigh a fhorbairt i dtreo comhtháthú cliste na sonraí atá ann cheana ar féidir iad a úsáid i gcórais faisnéise éagsúla;
19. á chreidiúint go bhféadfadh réitigh dhigiteacha feabhas a chur ar thrédhearcacht mhargadh na dtáirgí foirgníochta agus cruinneas agus iontaofacht na faisnéise a sholáthraítear in DoP a áirithiú, chomh maith le hinchomparáideacht táirgí foirgníochta a éascú bunaithe ar a bhfeidhmíocht dhearbhaithe, lena n-áirítear sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil, rud a fhágfadh go mbeadh oibreoirí eacnamaíocha agus úsáideoirí deiridh in ann tairbhe a bhaint as an bhfaisnéis a sholáthraíonn monaróirí trí mheasúnú agus comparáid thapa a dhéanamh ar cheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in DoP;
20. á chur i bhfáth gur gá feasacht a ardú i measc oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna agus micrifhiontair, maidir le marcáil CE agus le DoP, lena n-áirítear tríd an tairseach aonair dhigiteach; á chreidiúint go gcuirfeadh cur chuige den sórt sin leis an muinín i gcomhchuibhiú an Aontais agus cáilíocht na gcaighdeán comhchuibhithe agus go mbeadh sé ina chuidiú maidir le hilroinnt an mhargaidh aonair a laghdú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag Pointí Teagmhála náisiúnta do Tháirgí Foirgníochta (PCPC) maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm RTF agus faisnéis iontaofa a sholáthar faoi fhorálacha laistigh de chríoch Ballstáit maidir leis na ceanglais d’oibreacha foirgníochta is infheidhme don úsáid bheartaithe do gach táirge foirgníochta; á mholadh go ndéanfaí breis iarrachtaí chun feasacht a ardú maidir leis na pointí teagmhála seo, toisc nach raibh ach 57 % de gheallsealbhóirí ar an eolas fúthu in 2018;
Faireachas margaidh
21. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an faireachas margaidh do tháirgí foirgníochta leordhóthanach ná éifeachtach, dar le lucht an tionscail; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann staid den sórt sin an bonn ón machaire comhréidh d’oibreoirí eacnamaíocha a chomhlíonann an reachtaíocht, chun tairbhe trádálaithe bradacha nach gcomhlíonann í; á chur i bhfios go bhféadfadh méadú ar tháirgí nach gcomhlíonann a bhfeidhmíocht dhearbhaithe a bheith mar thoradh ar fhaireachas margaidh lag agus neamhréireach, rud a chuirfeadh úsáideoirí deiridh i mbaol;
22. á iarraidh ar na Ballstáit Rialachán (AE) 2019/1020 a chur chun feidhme ina iomláine, a bhfuil sé mar aidhm aige faireachas margaidh ar tháirgí atá cumhdaithe ag reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais a neartú, lena n-áirítear RTF, agus lena mbunaítear an creat um chomhar le hoibreoirí eacnamaíocha; á chur i bhfáth gur gá go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh rialacha nua a fhorfheidhmiú ar bhealach comhsheasmhach, comhchuibhithe agus aonfhoirmeach agus go mbeadh comhar trasteorann feabhsaithe ann chun na críche sin chun machaire comhréidh a áirithiú in earnáil na foirgníochta agus iomaíocht chóir a áirithiú i margadh an Aontais;
23. á mheabhrú go bhfuil ceanglas ar na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2019/1020 na hacmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla is gá a chur ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh, agus a áirithiú go bhfuil a ndóthain saineolais agus inniúlachtaí acu; ag spreagadh na mBallstát chun feabhas a chur ar an gcomhar i measc a n-údarás faireachais margaidh, lena n-áirítear ar an leibhéal trasteorann, agus chun líon, éifeachtúlacht agus éifeachtacht seiceálacha a fheabhsú chun a bheith in ann táirgí foirgníochta nach bhfuil i gcomhréir lena bhfeidhmíocht dhearbhaithe a shainaithint agus a gcúrsaíocht sa mhargadh aonair a chosc;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh go pras faoi Rialachán (AE) 2019/1020 chun feidhmíocht na n-údarás faireachais margaidh a ailíniú tuilleadh trí shainiú a dhéanamh ar choinníollacha aonfhoirmeacha seiceálacha, ar chritéir chun minicíocht na seiceálacha agus ar mhéid na samplaí atá le seiceáil a chinneadh i ndáil le táirgí nó catagóirí táirgí ar leith, agus trí thagarmharcanna agus teicnící a leagan síos do sheiceáil ar tháirgí comhchuibhithe, agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí na n-earnálacha lena mbaineann, lena n-áirítear táirgí foirgníochta, agus ar an tionchar ar RTF athbhreithnithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí agus ag grúpaí comhair riaracháin (AdCos) maidir le comhordú agus comhar struchtúrtha a áirithiú idir údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát agus an Coimisiún agus maidir le cleachtais faireachais margaidh a shruthlíniú chun go mbeidh siad níos éifeachtaí;
25. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhoibreoidh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh atá freagrach as táirgí foirgníochta go dlúth leis na húdaráis rialaithe foirgnimh náisiúnta chun cur chuige caolchúiseach a áirithiú maidir le comhréireacht na dtáirgí foirgníochta a úsáidtear in oibreacha foirgníochta leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe nó leis an úsáid bheartaithe, agus chun a gcomhréireacht le rialachán foirgníochta a áirithiú, agus ar an gcaoi sin, cosaint a ráthú do shláinte agus do shlándáil oibrithe a úsáideann táirgí foirgníochta agus úsáideoirí oibreacha foirgníochta;
26. á chur i bhfáth gur cheart go nglacfadh na Ballstáit freagracht agus forálacha náisiúnta maidir le hoibreacha foirgníochta á dtabhairt isteach acu, lena n-áirítear ceanglais a bhaineann le sábháilteacht foirgneamh agus oibreacha foirgníochta á dtógáil, á gcothabháil agus á scartáil, trí ghnéithe eile atá tábhachtach do leas an phobail a chur san áireamh, amhail sláinte, sábháilteacht agus slándáil oibrithe agus cosaint an chomhshaoil;
27. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú tagtha ar dhíolacháin ar líne in earnáil na foirgníochta; á thabhairt chun suntais gur gá faireachas margaidh éifeachtach ar tháirgí foirgníochta a dhíoltar ar líne a áirithiú, go háirithe na táirgí sin a cheannaítear ó oibreoirí eacnamaíocha neamh-AE, toisc go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh siad reachtaíocht an Aontais agus go bhféadfadh tionchar a bheith acu, dá bhrí sin, ar cháilíocht agus ar shábháilteacht na n-oibreacha foirgníochta, chun a áirithiú go bhfuil táirgí foirgníochta atá i gcúrsaíocht sa mhargadh aonair i gcomhréir lena bhfeidhmíocht dhearbhaithe nó lena n-úsáid bheartaithe, beag beann ar a n-áit tionscnaimh; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh ról a bheith ag margaí ar líne i ndáil leis sin;
28. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé leibhéal aonfhoirmeach feidhmíochta a áirithiú do chomhlachtaí dá dtugtar fógra a dhéanann measúnuithe ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta, ionas go ndéanfar a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi na coinníollacha céanna; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, an ról atá ag saoráidí tástála an Aontais a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le rannchuidiú le hacmhainneacht saotharlainne a fheabhsú, chomh maith le hiontaofacht agus comhsheasmhacht na tástála a áirithiú, chun críocha faireachais mhargaidh ar fud na mBallstát;
29. á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar sholáthar agus ar mhalartú faisnéise maidir le substaintí i dtáirgí foirgníochta a d’fhéadfadh a bheith contúirteach agus an comhar le bunachair sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán a neartú i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair;
30. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán éifeachtach a dhéanamh ar bhacainní sa mhargadh inmheánach nach bhfuil údar leo a eascraíonn as bearta rialála náisiúnta agus leanúint d’aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hidirphlé agus comhar feabhsaithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun dul i ngleic le cleachtais a chuireann bac ar shaorghluaiseacht táirgí foirgníochta sa mhargadh inmheánach, amhail úsáid leanúnach marcanna náisiúnta agus deimhnithe breise do tháirgí foirgníochta;
Inbhuanaitheacht i dtáirgí foirgníochta
31. á thabhairt chun suntais an gá foriomlán atá ann le haistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus níos ciorclaí ó thaobh foinsiú, monarú, athúsáid agus athchúrsáil táirgí foirgníochta agus a n-úsáid in oibreacha foirgníochta; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta agus ar infhaighteacht táirgí agus ábhar tánaisteacha agus inathnuaite ar an margadh;
32. á chur in iúl, ina leith sin, gur geal léi cuspóir an Choimisiúin an earnáil foirgníochta a dhéanamh níos inbhuaine trí aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí foirgníochta in athbhreithniú RTF, mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta le haghaigh Geilleagar Ciorclach Nua; ag tacú le tiomantas an Choimisiúin an reachtaíocht maidir le táirgí foirgníochta a ailíniú agus a dhéanamh níos comhsheasmhaí le beartais chothrománacha chomhshaoil;
33. á iarraidh ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh do cheanglais áirithe maidir le feidhmíocht chomhshaoil agus critéir inbhuanaitheachta thar shaolré táirgí a ionchorprú sna caighdeáin chomhchuibhithe do chatagóirí sonracha táirgí faoi RTF, agus forbairtí margaidh agus teicneolaíochta agus ceanglais rialála náisiúnta maidir le hearnáil na foirgníochta nó beartais foirgneamh á gcur san áireamh, chun creat aonair amháin a sholáthar do mhonaróirí le haghaidh measúnú agus tástáil táirgí i gcás ina dtiocfaidh ceanglais chomhlíontachta choiteanna chun cinn; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh na buncheanglais reatha maidir le hoibreacha foirgníochta a leagtar amach in RTF a bheith mar bhonn cheana chun sainorduithe caighdeánaithe agus sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a ullmhú maidir le feidhmíocht chomhshaoil agus inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú cuí a dhéanamh ar na catagóirí táirgí a mbeadh na ceanglais sin ábhartha maidir leo agus gur gá go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach sa phróiseas measúnaithe; á thabhairt chun suntais nár cheart go dtiocfadh ardú ar phraghasanna táirgí foirgníochta mar gheall ar ionchorprú den sórt sin;
34. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh RTF tacú le ciorclaíocht táirgí foirgníochta, lena n-áirítear táirgí athúsáidte, táirgí athmhonaraithe nó táirgí a mhonaraítear as ábhair athchúrsáilte; á chur i bhfáth go mbeidh gá, chuige sin, le sonraí iontaofa maidir leis an úsáid a baineadh as táirgí foirgníochta roimhe sin, agus na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist á gcur san áireamh; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, aidhm an Choimisiúin Spás Sonraí Eorpach coiteann d’Fheidhmchláir Chiorclacha Chliste a bhunú ina mbeidh sonraí maidir le faisnéis faoi tháirgí(9);
Moltaí sonracha maidir le hathbhreithniú RTF
35. á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go mbeidh gach geallsealbhóir páirteach go cuí sa phróiseas comhairliúcháin agus meastóireachta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh ar na roghanna rialála a d’fhéadfadh a bheith ann; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le machaire comhréidh agus ualach riaracháin níos éadroime i reachtaíocht maidir le táirgí foirgníochta do gach gnólacht, go háirithe do FBManna, agus samhlacha gnó nua á gcur san áireamh, chomh maith le hiomaíocht chothrom ar an leibhéal domhanda; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí na nósanna imeachta simplithe do mhicrifhiontair a shoiléiriú agus a fheabhsú tuilleadh;
36. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dúbláil a sheachaint agus a áirithiú go mbeidh RTF athbhreithnithe comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana agus le tionscnaimh reachtacha a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, soiléiriú a thabhairt ar an gcomhghaol idir RTF agus reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh atá gaolmhar leis, amhail an Treoir Éicidhearthóireachta(10), an Rialachán maidir leis an gCreat i gcomhair Lipéadú Fuinnimh(11), an Treoir Réime Dramhaíola(12) agus an Treoir maidir le huisce óil(13) chun forluí féideartha a sheachaint, agus i gcás inar gá, na forálacha ábhartha a shruthlíniú chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí;
37. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh aon athbhreithniú RTF i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí an Rialacháin um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann le hullmhúchán caighdeán comhchuibhithe chun a dtrédhearcacht agus a gcáilíocht a áirithiú; á thabhairt chun suntais gur cheart, le haon athbhreithniú, rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara uile a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais rialála na mBallstát;
38. á chur i bhfáth gur gá soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú d’idirthréimhse maidir le haon athbhreithniú RTF agus maidir leis an athbhreithniú ar acquis RTF, chun folús dlíthiúil a sheachaint agus chun aistriú rianúil ó na forálacha atá ann cheana go forálacha nua a áirithiú;
39. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtógfadh aon athbhreithniú ar RTF, go háirithe athbhreithniú ar acquis RTF, go leor ama agus go dteastaíonn réitigh láithreacha ó mhonaróirí, tógálaithe, conraitheoirí, pleanálaithe, ailtirí agus úsáideoirí deiridh eile chun an éideimhneacht dhlíthiúil a eascraíonn as an easpa caighdeáin chomhchuibhithe nuashonraithe agus easnaimh rialála, i measc saincheisteanna eile, a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar chuid dá athbhreithniú RTF atá beartaithe, lena n-áirítear teacht ar réiteach chun dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha dhlíthiúla agus theicniúla;
40. á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú uaillmhianach ar RTF d’fhonn creat rialála láidir le rialacha éifeachtacha, so-fhorfheidhmithe agus comhchuibhithe a chruthú;
o o o
41. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.
Cóireáil chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha i bhfianaise UNCRPD
189k
66k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD (2020/2086(INI))
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus do theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin in AE an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas ag an gComhphobal Eorpach(1),
– ag féachaint do Bharúlacha Ginearálta Choiste UNCRPD maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe Barúil Ghinearálta Uimh. 2 (2014) an 22 Bealtaine 2014 maidir le hinrochtaineacht, Barúil Ghinearálta Uimh. 3 (2016) an 26 Lúnasa 2016 maidir le mná agus cailíní faoi mhíchumas, Barúil Ghinearálta Uimh. 5 (2017) an 27 Deireadh Fómhair 2017 maidir le maireachtáil go neamhspleách agus cuimsiú sa chomhphobal, agus Barúil Ghinearálta Uimh. 6 (2018) an 26 Aibreán 2018 maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú,
– ag féachaint do Bhreithnithe Deiridh Choiste Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tuarascáil thosaigh an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
– ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (Clár Oibre NA 2030) agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) atá ann,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,
– ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR),
– ag féachaint do sprioc Eoraip 2020 i ndáil leis an troid i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta,
– ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (Treoir um Chomhionannas Fostaíochta)(2),
– ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine beag beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach(3),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis (COM(2008)0426) agus don seasamh ón bParlaimint ina leith an 2 Aibreán 2009(4),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí(5),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí(6),
– ag féachaint do na rialacháin lena leagtar síos na rialacha maidir le cláir chistiúcháin AE faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFE), clár Erasmus, agus an Ciste um Aistriú Cóir, a chuireann cúnamh airgeadais AE ar fáil chun staid daoine faoi mhíchumas a fheabhsú,
– ag féachaint do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh(7), go háirithe an oibleagáid atá ar an bhfostóir sábháilteacht agus sláinte oibrithe i ngach gné a bhaineann leis an obair a áirithiú agus ar an bhfíoras nach bhféadfaidh siad costais airgeadais a fhorchur ar oibrithe chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh,
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2010 dar teideal ‘Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020: Tiomantas Athnuaite Chun go mBeidh an Eoraip Saor ó Bhacainní’ (COM(2010)0636) (Straitéis um Míchumas),
– ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 2 Feabhra 2017 dar teideal ‘Tuarascáil Dul Chun Cinn ar chur chun feidhme Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020’ (SWD(2017)0029),
– ag féachaint do Mholadh 22 Meitheamh 2018 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais(8),
– ag féachaint don treoirthionscadal ón gCoimisiún 2013 maidir le cárta Eorpach um míchumas,
– ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh i ngéarchéim COVID-19(9),
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an Straitéis Eorpach um Míchumas i ndiaidh 2020(10),
– ag féachaint do rún uaithi an 29 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumas(11),
– ag féachaint do rún uaithi an 30 Samhain 2017 maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise Eorpaí um Míchumas(12),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2016 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe na Breithnithe Deiridh ó Choiste CRPD(13),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2015 maidir le Liosta de na Saincheisteanna a ghlac Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i dtaca leis an tuarascáil thosaigh ón Aontas Eorpach(14),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soghluaisteacht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020(15),
– ag féachaint do rún uaithi an 6 Bealtaine 2009 maidir le daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair a chuimsiú go gníomhach(16),
– ag féachaint do rúin uaithi an 17 Meitheamh 1988 maidir le teangacha comharthaíochta do dhaoine bodhaire(17), an 18 Samhain 1998 maidir le teangacha comharthaíochta(18), agus an 23 Samhain 2016 maidir le teangacha comharthaíochta agus ateangairí comharthaíochta proifisiúnta(19),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(20),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain 2017(21),
– ag féachaint dá rún an 15 Meán Fómhair 2016 maidir le feidhmiú Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha(22),
– ag féachaint do staidéir ábhartha a Aonaid Soláthair Faisnéise A, go háirithe an staidéar ar ‘Idirdhealú agus Rochtain ar Fhostaíocht d’Oibrithe Baineanna faoi Mhíchumas’ ó 2017 agus an staidéar ar ‘Cóiríocht réasúnach agus Ceardlanna Dídeanacha: Costas Infheistíochtaí agus na Torthaí’ ó 2015,
– ag féachaint do staidéir ábhartha Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, go háirithe na Measúnuithe ar Chur Chun Feidhme Eorpach, dar teideal ‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas á chur chun feidhme ag an Aontas Eorpach’ agus ‘Oibleagáidí riaracháin phoiblí AE faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas’,
– ag féachaint do chorpas méadaitheach cásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach maidir le léirmhíniú Threoir 2000/78/CE,
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2018 agus 2019 ón Ombudsman Eorpach,
– ag féachaint d’fhiosrúcháin straitéiseacha an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an mbealach a áiritheoidh an Coimisiún go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar a chuid suíomhanna gréasáin (OI/6/2017/EA), maidir leis an mbealach a chaitheann an Coimisiún le daoine faoi mhíchumas faoin gComhscéim um Árachas Breoiteachta d’fhoireann an Aontais (OI/4/2016/EA), agus maidir lena chinneadh sa chomhfhiosrúchán i gcásanna 1337/2017/EA agus 1338/2017/EA maidir le hinrochtaineacht d’iarrthóirí faoi lagamharc ar nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne chun státseirbhísigh AE a earcú,
– ag féachaint d’fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an urraim ar chearta bunúsacha i gcur chun feidhme bheartas chomhtháthaithe AE (OI/8/2014/AN),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ‘Clár Oibre AE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a mhúnlú’,
– ag féachaint do thuarascálacha téamúla Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear a bhfeasacháin ar phaindéim COVID-19,
– ag féachaint don Achoimre ar Nósanna maidir le Sonraí Comhionannais agus do na treoirlínte maidir le bailiú agus úsáid sonraí comhionannais a fheabhsú (Treoirlínte maidir le sonraí comhionannais) arna n-ullmhú ag foghrúpa sonraí comhionannais an Ghrúpa Ardleibhéil AE um neamh-idirdhealú, comhionannas agus éagsúlacht,
– ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine,
– ag féachaint do na tuarascálacha agus do na moltaí ó eagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas, go háirithe Autism Europe, Bundesarbeitsgemeinschaft Inklusionsfirmen, European Blind Union, an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas, an Gréasán Eorpach um Maireachtáil Neamhspleách, Aontas Eorpach na mBodhar, Inclusion Europe, International Federation for Spina Bifida and Hydrocephalus agus Mental Health Europe, agus do thuarascálacha agus do mholtaí ó Equinet agus ó acadóirí a ghníomhaíonn ar chearta daoine faoi mhíchumas,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0014/2021),
A. de bhrí go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas(23) chun páirt iomlán a ghlacadh i margadh an tsaothair agus sa tsochaí ach is minic a choinnítear siar a gcearta bunúsacha in AE; de bhrí go n-eisítear iad go mór ón margadh saothair oscailte agus go séantar orthu a gceart chun obair a dhéanamh ar bhonn comhionann le daoine eile nó go bhfuil deacrachtaí móra acu rochtain chomhionann a bhaint amach ar an margadh saothair agus coinníollacha comhionanna a bheith acu maidir le bheith rannpháirteach ann;
B. de bhrí go bhfuil il-idirdhealú agus míbhuntáiste fós os comhair daoine faoi mhíchumas bunaithe ar a míchumas agus ar a n-inscne, cine, eitneacht, aois, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh, stádas imirce nó cúlra socheacnamaíoch, lena n-áirítear a leibhéal oideachais; de bhrí go bhfuil idirdhealú ann thar chéimeanna éagsúla an timthrialla oibre, ag tosú leis an earcaíocht, rud a d’fhéadfadh eisiamh sóisialta na ndaoine faoi mhíchumas a bheith mar thoradh air; de bhrí go gcruthaíonn idirdhealú agus easpa éagsúlachta san ionad oibre costais shuntasacha dhaonna agus eacnamaíocha;
C. de bhrí go dtoirmeascann an Chairt idirdhealú ar aon fhoras, lena n-áirítear idirdhealú míchumais, agus go n-aithníonn sí cearta na ndaoine faoi mhíchumas(24);
D. de bhrí gur tháinig AE chun bheith ina pháirtí in UNCRPD i mí na Nollag 2010, agus gur tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm don Aontas i mí Eanáir 2011; á mheabhrú go bhfuil UNCRPD ceangailteach ar AE, ar a institiúidí agus ar a Bhallstáit, a bhfuil dualgas díreach orthu é a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear Airteagal 27 de maidir le hobair agus fostaíocht; de bhrí go ndearnadh dul chun cinn áirithe óna ghlacadh maidir le spriocanna UNCRPD a bhaint amach ach nach leor é;
E. de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE, dá bhrí sin, gníomhú ar bhealach atá i gcomhréir le UNCRPD agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) reachtaíocht AE a léirmhíniú, lena n-áirítear an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta, ar bhealach atá i gcomhréir le UNCRPD;
F. de bhrí go ndiúltaítear le UNCRPD do mhúnla leighis an mhíchumais agus go bhformhuiníonn sé cearta an duine agus samhail shoch-chomhthéacsúil an mhíchumais ina ionad; de bhrí go n-éilítear le UNCRPD comhionannas cuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí go n-aithnítear le UNCRPD an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas oibriú ar bhonn comhionann le daoine eile, chun a ngairm a roghnú gan bhac, chun go nglacfaí leis agus chun oibriú i dtimpeallacht oibre oscailte, chuimsitheach agus inrochtana;
G. de bhrí, i gcomhréir leis an sainmhíniú agus leis na ceanglais faoi UNCRPD, go ndírítear le cóiríocht réasúnach ar riachtanais shonracha duine aonair, agus go mbaineann gníomhaíochtaí dearfacha le grúpa iomlán daoine atá faoi réir idirdhealú féideartha; de bhrí go bhfuil an dá cheann acu riachtanach chun an éagsúlacht san ionad oibre a chosaint agus chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas a gceart chun oibre a fheidhmiú go cothrom; de bhrí go bhfuil easpa treoirlínte soiléire AE ann maidir le freastal réasúnta, nach bhfuil tuiscint leordhóthanach ag fostóirí air agus ar minic nach mbíonn teacht air nó go mbíonn sé neamhleor; de bhrí go mbíonn tionchar riachtanach ag freastal réasúnta ar riachtanais na n-oibrithe atá faoi mhíchumas ar cháilíocht a bpost agus ar a n-ionchais ghairme agus ar inbhuanaitheacht na hoibre;
H. de bhrí go bhfuil a rannpháirtíocht i saol an phobail agus an t-aistriú ó thacaíocht institiúideach go tacaíocht phobalbhunaithe ar cheann de phríomhghnéithe fostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas; de bhrí gur gá próiseas an dí-institiúidithe sna Ballstáit a thabhairt chun críche, ós rud é go bhfuil sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas maireachtáil sa phobal agus a bheith go hiomlán san áireamh ann; de bhrí go bhfuil an dul chun cinn maidir le dí-institiúidiú míchothrom ar fud na mBallstát agus in ainneoin gur tugadh isteach beartais agus gur leithdháileadh cistiú suntasach in AE, tá milliún duine fós ina gcónaí in institiúidí;
I. de bhrí gurb í an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta (‘an Treoir’), a tháinig i bhfeidhm in 2000, príomhionstraim dlí AE chun cosaint ar idirdhealú a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí gur inniúlacht chomhroinnte idir AE agus a Bhallstáit é an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a choimirciú;
J. de bhrí nach bhfuil an Treoir i gcomhréir ach i bpáirt le UNCRPD, ós rud é nach gcuimsítear inti samhail an mhíchumais maidir le cearta an duine, ní théann sí i ngleic le hidirdhealú atá bunaithe ar mhíchumas dealraitheach nó ar mhíchumas a bheidh ann amach anseo, ní dhíríonn sí ar an idirdhealú trasnach, ní chuireann sí de cheangal ar na Ballstáit bearta dearfacha gníomhaíochta a ghlacadh, tá sé teoranta do réimse na fostaíochta, na gairme agus na gairmoiliúna agus ní shíneann sí chuig gach réimse beatha mar a cheanglaítear le UNCRPD, ní théann sí i ngleic le saoirse gluaiseachta chun críche fostaíochta, ní éilíonn sé sásraí faireacháin neamhspleácha a chruthú, ní dhéantar foráil ann maidir le rannpháirtíocht shistéamach na ndaoine faoi mhíchumas agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha sa phróiseas faireacháin, agus níl an oibleagáid ann sonraí imdhealaithe a bhailiú;
K. de bhrí nach gcuireann an Treoir ceangal dlíthiúil ar na Ballstáit comhlacht comhionannais a ainmniú chun obair a dhéanamh ar idirdhealú ar fhoras an mhíchumais, a bhfuil fadhbanna móra ag baint leis ós rud é go mbíonn ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais i gcur chun feidhme na dtreoracha maidir le cóir chomhionann ar na forais faoina sainordú, amhail inscne agus cine agus tionscnamh eitneach;
L. de bhrí go bhfuil bailiú sonraí inchomparáide maidir le comhionannas ríthábhachtach le haghaidh ceapadh beartais agus cinnteoireachta atá bunaithe ar fhianaise; de bhrí go bhfuil easpa staidrimh oifigiúil ann, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas a bhfuil cónaí orthu i suíomhanna cúraim institiúidigh agus maidir le saintréithe amhail a gcine/bunadh eitneach nó gnéaschlaonadh, rud a cuireadh in iúl sna treoirlínte maidir le sonraí Comhionannais; de bhrí go ndéanfaidh Rialachán (AE) 2019/1700(25) an staid a bhaineann le sonraí ó shuirbhéanna teaghlaigh maidir leis an bhfostaíocht, sonraí atá imdhealaithe de réir cineálacha míchumais agus sonraí maidir le tír thionscnaimh (an chéad ghlúin agus an dara glúin) a leigheas go suntasach, agus go samhlaítear leis staidéir phíolótacha a dhéanamh ar dhaoine in institiúidí; de bhrí go leanfaidh bearnaí de bheith ann agus gur cheart iad a leigheas;
M. de bhrí nach bhfuil ach 50.6 % de dhaoine faoi mhíchumas fostaithe (48.3 % de mhná agus 53.3 % d’fhir) i gcomparáid le 74.8 % de na daoine nach bhfuil faoi mhíchumas(26); de bhrí go bhfágtar ar lár ó na staitisticí sin daoine atá ag maireachtáil in institiúidí nó a mheastar nach bhfuil in ann a bheith ag obair(27); de bhrí nach léiríonn na figiúirí sin an cineál fostaíochta, an cháilíocht agus na coinníollacha fostaíochta, mar shampla an gcuirtear fostaíocht ar fáil sa mhargadh saothair oscailte, agus má ráthaítear cearta saothair agus soláthar íosphá le stádas fostaí; de bhrí gur grúpa éagsúil iad daoine faoi mhíchumas agus gur minic a bhíonn siad faoi réir idirdhealú trasnach, a mbíonn tionchar inláimhsithe ag a n-éifeachtaí carnacha ar an bhfostaíocht:
N. de bhrí go bhfuil cuid mhór daoine faoi mhíchumas á bhfostú i gceardlanna dídeanacha i mBallstáit áirithe; de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na ceardlanna dídeanacha sin freastal ar chuimsiú, ar athshlánú agus ar aistriú chuig an margadh oscailte saothair a luaithe is féidir; de bhrí gur timpeallacht leithscartha iad na ceardlanna dídeanacha go minic nach bhfuil stádas fostaithe, cearta saothair nó íosphá ráthaithe ag oibrithe faoi mhíchumas inti; de bhrí gur léir gur sárú ar UNCRPD é sin; á thabhairt dá haire go n-úsáidtear ceardlanna dídeanacha i roinnt Ballstát faoi láthair mar aistriú chuig an margadh saothair oscailte; de bhrí go bhféadfadh taighde ar an leibhéal Eorpach maidir le tréithe agus éagsúlacht na gceardlann dídeanach, ar a dtugtar fostaíocht dhídeanach, uaireanta, cuidiú le dea-chleachtas a shainaithint, feabhas a chur ar an díospóireacht agus comhlíonadh reachtaíocht AE agus UNCRPD a áirithiú; de bhrí go bhféadfadh samhlacha cuimsitheacha den fhostaíocht tacaithe, i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar chearta agus go n-aithnítear í mar fhostaíocht, cearta na ndaoine faoi mhíchumas a urramú agus go bhféadfadh siad freastal ar chuimsiú agus ar aistriú chuig an margadh saothair oscailte;
O. de bhrí go bhfuil ráta dífhostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas (17,1 %) beagnach dhá oiread an ráta atá ag an daonra i gcoitinne (10.2 %)(28), agus go maireann dífhostaíocht na ndaoine faoi mhíchumas níos faide ná dífhostaíocht na ndaoine nach bhfuil míchumas orthu, beag beann ar na cáilíochtaí a bhíonn i gceist.
P. de bhrí go bhfuil an ráta dífhostaíochta is airde i measc daoine óga faoi mhíchumas (iad siúd idir 16 agus 24 bliana d’aois), ag 24.9 % i gcomparáid le 16.6 % sa phobal i gcoitinne; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir an difríocht sin agus deiseanna oideachais;
Q. de bhrí go bhfuil mná faoi mhíchumas, arb ionann iad agus 16 % de dhaonra iomlán na mban agus 60 % de dhaonra iomlán na ndaoine faoi mhíchumas in AE, ag leanúint de dhul i ngleic le hil-idirdhealú agus idirdhealú trasnach i ngach réimse den saol; de bhrí go bhfuil an ráta neamhghníomhaíochta eacnamaíoch i measc na mban atá faoi mhíchumas os cionn dhá thrian sa bhreis ar dhaonra iomlán na mban atá in aois oibre (16-64 bliana d’aois); de bhrí nach bhfuil ach 20.7 % de mhná faoi mhíchumas i bhfostaíocht lánaimseartha, i gcomparáid le 28.6 % d’fhir faoi mhíchumas;
R. de bhrí gurb iad na mná is minice atá freagrach as aire a thabhairt don teaghlach, agus gur mná iad tromlach mór na gcúramóirí do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil baol tromchúiseach ann go mbuailfidh an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta máithreacha aonair a thugann aire do leanaí faoi mhíchumas; de bhrí go mbíonn tionchar ag idirdhealú aoise ar gach aoisghrúpa, mar aon le steiréitíopaí agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann; de bhrí gur minic gurb iad mná scothaosta faoi mhíchumas na haon chúramóirí do bhaill teaghlaigh faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil tionchar díreach aige sin ar a leochaileacht i leith na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus ar an rochtain atá acu ar phoist agus ar a bhforbairt ghairmiúil, agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar a ndálaí fostaíochta;
S. de bhrí go bhfuil níos mó ná 30 milliún duine dall agus breacamharcach san Eoraip i gcoitinne; de bhrí gurb ionann an meánráta dífhostaíochta ina measc agus 75 % – agus níos airde fós i measc na mban – a chuireann lena n-eisiamh sóisialta agus bochtaineacht(29); de bhrí go bhfuil thart ar mhilliún úsáideoir teanga chomharthaíochta atá bodhar in AE agus 51 mhilliún duine atá leathbhodhar, go leor acu ina n-úsáideoirí teanga chomharthaíochta freisin, ach nach ndéantar tuairisciú leordhóthanach ná taighde leormhaith ar an bhfostaíocht ina measc; de bhrí go bhfuil tuairim is seacht milliún duine faoi mhíchumas intleachta in AE a bhfuil a leibhéal fostaíochta i bhfad níos ísle ná an meánleibhéal fostaíochta(30); de bhrí go léiríonn na meastacháin ar fud na hEorpa nach bhfuil ach thart ar 10 % de na daoine ar speictream an uathachais fostaithe, agus an chuid is mó díobh i bpoist pháirtaimseartha agus ar phá íseal, i bpoist faoi bhun leibhéal a gcáilíochtaí nó i suíomhanna dídeanacha(31);
T. de bhrí go bhfuil 29.5 % de na mná faoi mhíchumas agus 27.5 % de na fir faoi mhíchumas i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta san Aontas, i gcomparáid le 22.4 % den daonra i gcoitinne; de bhrí gur mó an seans go mbeidh bochtaineacht lucht oibre ag bagairt ar dhaoine faoi mhíchumas ná ar dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas (11 % i gcomparáid le 9.1 %) ag éirí as costais bhreise a míchumais, amhail cúram sláinte, tacaíocht lóistíochtúil agus tacaíocht dhaonna, cailliúint a dteidlíochtaí míchumais nuair a fhaigheann siad post agus an fíoras go dtuilleann siad níos lú ná a gcomhghleacaithe atá i ról comhionann agus gur lú an seans go bhfaighidh siad ardú céime(32); de bhrí go méadaítear ar bhaol na bochtaineachta dóibh siúd a dhearbhaíonn leibhéil níos déine míchumais;
U. de bhrí go bhfuil líon díréireach daoine faoi mhíchumas gan dídean agus go bhfuil baol breise ann i gcás daoine faoi mhíchumas go gcaillfidh siad a n-áit chónaithe; de bhrí go bhféadfadh daoine gan dídean míchumas a fhorbairt, amhail géaga teasctha, mar gheall ar an mbaol a bhaineann lena ndálaí maireachtála;
V. de bhrí, mar thoradh ar éifeachtaí carnacha an idirdhealaithe thrasnaigh, go nglactar leis go mbíonn níos mó bacainní le sárú ag Romaigh faoi mhíchumas, gur gá dóibh dul i ngleic le dífhostaíocht níos mó agus bochtaineacht níos déine agus gur lú an rochtain a bhíonn acu ar oideachas agus ar sheirbhísí ná ag a bpiaraí gan mhíchumas(33);
W. de bhrí gur gá do dhaoine LGBTI faoi mhíchumas dul i ngleic le bacainní breise ar an bhfostaíocht, agus 16 % díobh ag tuairisciú gur diúltaíodh poist nó ardaithe céime dóibh mar gheall ar a bhféiniúlacht, i gcomparáid le 10 % d’fhoireann LGBTI i gcoitinne; de bhrí, i gcás duine LGBTI faoi mhíchumas as gach ceathrar, go ndearnadh caint dhímheasúil, bulaíocht agus mí-úsáid orthu nó gur sceitheadh a ngnéasacht orthu gan a gcead(34);
X. de bhrí go léiríonn suirbhé uile-Aontais a rinneadh le déanaí le daoine faoi mhíchumas go gceapann 96 % díobh go bhfuil an rochtain ar an margadh oscailte saothair neamh-imleor agus go bhfuil feabhas ag teastáil uaithi, agus nach gceapann ach 10 % díobh gur leor an reachtaíocht reatha chun daoine faoi mhíchumas a chosaint ar an idirdhealú sa mhargadh oscailte saothair, agus nach raibh a fhios ag 18 % díobh go raibh reachtaíocht ina dtír a chosnódh ar an idirdhealú iad(35);
Y. de bhrí go léiríonn na sonraí sin nár cuireadh go leor béime le Straitéis Míchumais AE 2010-2020 ar fhostaíocht na ndaoine faoi mhíchumas agus ar an idirdhealú trasnach atá os a gcomhair;
Z. de bhrí go gcuireann ciapadh san ionad oibre, lena n-áirítear ciapadh gnéasach agus frithbheart as labhairt amach, bac ar an rochtain ar obair agus ar fhostaíocht, ar choinneáil post agus ar bhealaí comhionanna gairme, go háirithe do mhná faoi mhíchumas;
AA. de bhrí nach dúshláin ar leith iad míbhuntáiste, eisiamh agus idirdhealú i gcoinne na ndaoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair ach go bhfuil baint acu le heaspa an oideachais chuimsithigh, lena n-áirítear sa luath-óige; foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear gairmoiliúint; na bacainní, an leithscaradh agus an t-idirdhealú i réimsí na tithíochta agus na sláinte; agus easpa inrochtaineachta ar iompar agus ar sheirbhísí agus ar tháirgí eile; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige casta agus bearta cuimsitheacha dá bhrí sin chun an cás a leigheas;
AB. de bhrí go bhfuil ríthábhacht leis na bearta chun an fholláine mheabhrach a chur chun cinn agus chun drochshláinte mheabhrach agus míchumais shíceasóisialta san ionad oibre a chosc;
AC. de bhrí go bhfuil an inrochtaineacht ar ionaid oibre, seirbhísí iompair agus seirbhísí tacaíochta, go háirithe cúnamh pearsanta, agus an tsochaí i gcoitinne riachtanach do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeidh a gceart chun maireachtála go neamhspleách agus a gceart chun oibre acu go héifeachtach; de bhrí gur cheart do na Ballstáit tacú freisin le timpeallacht thógtha atá saor ó bhacainní a chruthú; de bhrí, nuair a bheidh Treoir (AE) 2019/882 maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí trasuite, go gcuirfear feabhas suntasach ar shochaí atá saor ó bhacainní, agus gur gá, dá bhrí sin, dlúthfhaireachán tráthúil a dhéanamh ar a trasuí;
AD. de bhrí, le baint na sochar chomh luath agus a théann daoine faoi mhíchumas i mbun obair íoctha, gur beartas é a bhfuil baol agus strus suntasach ag gabháil leis, gur constaic mhór é roimh rochtain ar an obair, agus go bhfuil sé éagórach go sóisialta mar nach gcuirtear san áireamh ann na costais níos airde a bhaineann le maireachtáil faoi mhíchumas;
AE. de bhrí go gcuireann na sainmhínithe éagsúla ar mhíchumas, éagsúlacht an mheasúnaithe míchumais agus na modhanna aicmithe éagsúla doiléire a chuirtear i bhfeidhm ar fud na mBallstát, chomh maith leis an easpa aitheantais fhrithpháirtigh ar stádas míchumais, bac ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas le haghaidh daoine faoi mhíchumas;
AF. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach feasacht a ardú chun cur ar chumas na bhfostóirí agus na n-oibrithe gníomh leormhaith a dhéanamh agus freagairt leormhaith a thabhairt, ar bhonn an eolais ar a n-oibleagáidí agus ar a gcearta i réimse an neamh-idirdhealaithe;
AG. de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag teicneolaíochtaí nua, go háirithe córais IS, próisis earcaíochta éifeachtúla, inrochtana agus neamh-idirdhealaitheacha a fhorbairt, ach go bhféadfadh le forbairtí teicneolaíochta neamhchuimsithe cur leis an mbaol go dtiocfaidh bacainní nua agus cineálacha nua idirdhealaithe; de bhrí go n-éilíonn Airteagal 9 de UNCRPD faisnéis inrochtana chomh maith le rochtain ar theicneolaíochtaí agus ar chórais chumarsáide ar bhonn comhionann le cinn eile;
1. á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit a dtiomantas a athdhearbhú maidir le comhionannas cuimsitheach a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas agus maidir le UNCRPD a chur chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear Airteagal 27 den Rialachán maidir le hobair agus fostaíocht; chun na críche sin, á iarraidh orthu dlús a chur lena n-iarrachtaí agus féachaint le margadh saothair a chruthú a bheidh cuimsitheach, inrochtana agus neamh-idirdhealaitheach agus a mbeidh cur chuige iomlánaíoch saolré aige do dhaoine faoi mhíchumas agus do chách, i gcomhréir le Conarthaí AE agus leis na cearta a leagtar amach in EPSR chomh maith leis na luachanna idirnáisiúnta a chumhdaítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus sna SDGanna; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an Prótacal Roghnach le UNCRPD a dhaingniú;
2. á chreidiúint nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta a luaithe is féidir chun í a chomhchuibhiú go hiomlán le forálacha UNCRPD agus chun próiseas rannpháirteach a chur chun feidhme arb é is aidhm dó rannpháirtíocht dhíreach iomlán na n-eagraíochtaí ionadaíocha do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;
Ar son láthair oibre chuimsitheach inrochtana
3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin agus treoirlínte deartha uilíocha a ghlacadh maidir le hinrochtaineacht timpeallachtaí, clár, seirbhísí agus táirgí, lena n-áirítear ionaid oibre, a dtrealamh agus a saoráidí, chun iad a dhéanamh inúsáidte do chách;
4. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre, gan aon chostas a bheith ar oibrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire AE a ullmhú maidir le cóiríocht réasúnach agus sonrú a dhéanamh ar na leaganacha a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gcomhréir le riachtanais duine aonair ionas go bhféadfar Airteagal 5 den Treoir a thrasuí go héifeachtach isteach sa dlí náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a sheoladh agus na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go mbeidh córas smachtbhannaí i bhfeidhm i gcás neamhsholáthar cóiríochta réasúnaí, ós rud é gur cineál idirdhealaithe atá ann; á mheas go bhféadfadh an Pharlaimint leas a bhaint as an rogha chun iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú den sórt sin a sheoladh; á iarraidh ar na Ballstáit ábhair tacaíochta agus treorach a ullmhú agus oiliúint ábhartha a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana d’fhostóirí, do shealbhóirí dualgas, d’oibrithe agus do dhaoine faoi mhíchumas chun an t-eolas, na scileanna agus an fheasacht is gá a fhorbairt maidir le cur chun feidhme praiticiúil cóiríochta réasúnaí, agus, ar an gcaoi sin, scéalta maidir lena chostais thoirmeascacha atá gan bhunús a bhréagnú;
5. á chur in iúl gur saoth go mór léi forfheidhmiú míchothrom agus lag Threoir 2000/78/CE ón gComhairle i roinnt Ballstát, a bhfuil ag teip orthu faireachán éifeachtach aonfhoirmeach a dhéanamh ar sháruithe leanúnacha ar dhlí an Aontais agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;
6. á chur in iúl gurb ionann ceart gach duine chun comhionannais os comhair an dlí agus chun cosanta ar idirdhealú agus ceart uilíoch a aithnítear le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú, le Cúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus le Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, a bhfuil na Ballstáit ar fad ina sínitheoirí díobh; á mheabhrú go gcuirtear cosc le Coinbhinsiún Uimh. 111 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar idirdhealú i réimse na fostaíochta agus na gairme;
7. ag tathant ar na Ballstáit feidhm a bhaint as tabhairt isteach cuótaí éagsúlachta éigeantacha san ionad oibre, nó scrúdú a dhéanamh orthu, chun ionad oibre cuimsitheach a chothú lena ngabhann smachtbhannaí éifeachtacha agus comhréireacha i gcás neamhchomhlíonta; á mholadh gur cheart fíneálacha a ath-infheistiú lena gcuimsiú; á chur i bhfáth nach mór do bhearta den chineál sin a bheith comhréireach, agus eagraíochtaí beaga á gcur san áireamh; ag tathant ar na Ballstáit tacú le gnóthais phoiblí agus phríobháideacha chun pleananna bliantúla éagsúlachta a chur chun feidhme a bhfuil spriocanna intomhaiste agus meastóireacht thréimhsiúil ag baint leo, agus tacaíocht a thabhairt d’fhostóirí agus iad ag earcú daoine faoi mhíchumas trí bhearta amhail liosta deonach nó ionú aonair d’iarratasóirí faoi mhíchumas a bhunú óna bhféadfar iarrthóirí a earcú; á iarraidh ar na Ballstáit cuótaí a thabhairt isteach in éineacht le hoiliúint d’fhostóirí maidir le hinneachar agus raon feidhme na rialacha is infheidhme; á iarraidh ar na Ballstáit cúram a chur ar sheirbhísí poiblí fostaíochta liosta deonach de chuardaitheoirí poist faoi mhíchumas a ullmhú chun cabhrú le fostóirí na cuótaí éagsúlachta a chomhlíonadh;
8. á iarraidh ar institiúidí AE dea-shampla a thabhairt trí chuóta éagsúlachta a leagan síos, agus cuóta sonrach éagsúlachta a leagan síos maidir le daoine faoi mhíchumas a earcú, treoirlínte inmheánacha a fhorbairt maidir le cóiríocht réasúnach, cothroime agus inrochtaineacht iomlán a áirithiú sa phróiseas earcaíochta agus san ionad oibre, agus daoine a bhfuil gach cineál míchumais acu a fhostú ar gach leibhéal agus daoine faoi mhíchumas a lorg go gníomhach chun poist a líonadh; á iarraidh ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh ina gcórais riaracháin féin freisin;
9. á iarraidh ar na Ballstáit beartais fostaíochta chuimsitheacha inbhuanaithe a ghlacadh, amhail nósanna imeachta earcaíochta oiriúnaithe, postrionnaíocht, fostaíocht shainoiriúnaithe, sholúbtha agus thacaithe, postroinnt, socrúchán agus tacaíocht aonair, agus fiontair chuimsitheacha, agus saintréithe sonracha na ndaoine a bhfuil cineálacha éagsúla míchumais acu á gcur san áireamh agus, ar an gcaoi sin, rochtain na ndaoine sin ar mhargadh an tsaothair a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
–
úsáid a bhaint as dreasachtaí fioscacha agus as bearta tacaíochta airgeadais eile do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, a dhéanann daoine faoi mhíchumas a earcú nó gairmoiliúint agus printíseachtaí a chur ar fáil dóibh;
–
tacú le cuideachtaí cuimsitheacha a chuireann fostaíocht le haghaidh daoine faoi mhíchumas ar fáil sa mhargadh saothair oscailte trí sholáthar poiblí;
–
múnlaí saincheaptha idirghabhála saothair a chur chun cinn;
–
freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn maidir le fostaíocht na ndaoine faoi mhíchumas agus tacú le heagraíochtaí an Gheilleagair Shóisialta a athinfheistíonn a gcuid brabús i spriocanna sóisialta;
–
agus fostóirí a chur ar an eolas mar gheall ar na beartais agus na dreasachtaí sin;
á iarraidh ar na Ballstáit tacú le cuideachtaí a chuireann bearta spriocdhírithe um idirdhealú dearfach ar fáil chun dul i ngleic leis an iliomad míbhuntáiste; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú chun meascán spriocdhírithe de bhearta a shainaithint agus a chur i bhfeidhm chun tacú le fostaíocht chomhionann na ndaoine faoi mhíchumas;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne chun measúnú a dhéanamh ar na príomhthreochtaí do thodhchaí na hoibre ó thaobh míchumais de le rannpháirtíocht ghníomhach daoine faoi mhíchumas, chun gníomhaíochtaí sonracha a shainaithint agus a sheoladh chun go mbeidh margadh an tsaothair níos cuimsithí agus éagsúlacht daoine faoi mhíchumas á cur san áireamh; á chur i bhfáth sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá tionscnaimh chuimsitheacha inrochtana le cistiú iomchuí lena ndírítear ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) agus forbairt scileanna do dhaoine faoi mhíchumas ó aois óg, agus béim ar leith á leagan ar scileanna digiteacha agus ar scileanna glasa i gcomhréir le fírinne agus éilimh an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, gnéithe a athraíonn an t-am ar fad; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé tacaíocht iomchuí a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar feadh a saoil, agus úsáid níos fearr á baint as teicneolaíochtaí nuálacha chun cothrom na Féinne a áirithiú agus chun bacainní ar oideachas agus ar fhostaíocht a bhaint, agus chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar uirlisí agus bogearraí digiteacha atá fíor-riachtanach dá maireachtáil neamhspleách;
11. á iarraidh ar na Ballstáit cur le cumas na seirbhísí poiblí fostaíochta líonra cuideachtaí cuimsitheacha a chruthú, cúntóirí speisialaithe fostaíochta a earcú, ar gach leibhéal, amhail cóitseálaithe poist, lena gcuirtear ar fáil measúnú aonair ar riachtanais, oiliúint agus tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas atá ag lorg poist, agus cúntóirí seachadta post chomh fada agus is gá chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas a gcuid oibre a dhéanamh sa mhargadh saothair oscailte;
12. á iarraidh ar na Ballstáit cineálacha cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun cinn san oideachas chun córais oideachais chuimsitheacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bhunú, agus tacú le forbairt agus soláthar oiliúna maidir le dearadh uilíoch, cóiríocht réasúnta agus éagsúlacht san ionad oibre do mhic léinn ollscoile ag na dámha ábhartha le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, agus oiliúint cóitseálaithe poist, cúntóirí seachadta post, comhairleoirí míchumais agus éagsúlachta a éascú, agus béim ar leith ar shainiúlachtaí na míchumas éagsúil;
13. á iarraidh ar na Ballstáit measúnú leanúnach a dhéanamh, i gcomhar le hionadaithe daoine faoi mhíchumas, ar shaintréithe, éagsúlacht agus éifeachtacht na gceardlann dídeanach atá ann cheana chun scileanna a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas chun fostaíocht a fháil i margadh oscailte an tsaothair, chun a áirithiú go gcumhdaítear iad agus go gcosnaítear iad le creataí dlíthiúla lena gcumhdaítear slándáil shóisialta, dálaí oibre, pá íosta agus neamh-idirdhealú, agus deireadh a chur le forálacha a sháraíonn UNCRPD, go háirithe Airteagal 27 de; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas sin; á mheabhrú gur cheart na ceardlanna dídeanacha a theorannú do rogha le haghaidh tréimhse shealadach do dhaoine faoi mhíchumas ina saolré oibre; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, samhlacha fostaíochta cuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun cinn ar an margadh saothair oscailte agus ar cheardlanna dídeanacha ón taobh amuigh i gcomhréir iomlán le UNCRPD; á áitiú, thairis sin, gur cheart cearta agus stádas atá comhionann le cearta saothair na ndaoine atá ag obair sa mhargadh oscailte saothair a áirithiú d’oibrithe faoi mhíchumas i gceardlanna dídeanacha, ar a laghad; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, dlús a chur leis an dí-institiúidiú, córais chúraim éifeachtacha, réigiúnacha agus díláraithe a chur ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí gníomhachtúcháin shóisialta, ar gach leibhéal den tsochaí, agus a áirithiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach ar bhealach níos fusa sa mhargadh oscailte saothair agus sa tsochaí ina hiomláine;
14. á chur in iúl gur saoth léi go bhféadfadh idirdhealú atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh an bonn a bhaint de chuspóirí an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE);
15. á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh ón gCoimisiún amhail Gradam don Chathair is Inrochtana, agus á mholadh tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;
16. á chur in iúl gurb oth léi go mbíonn roinnt bacainní dlíthiúla, institiúideacha, cumarsáide agus sóisialta ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta nó síceasóisialta maidir lena gcearta a fheidhmiú, rud a chuireann cosc orthu vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí, rannpháirtíocht shibhialta a fheidhmiú nó díreach cead cainte a bheith acu ina saol féin; ag spreagadh na mBallstát chun bearta a ghlacadh láithreach chun a gcreataí dlíthiúla a athchóiriú ar mhaithe lena áirithiú go mbeidh acmhainneacht dhlíthiúil ag daoine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile i ngach gné den saol, i gcomhréir le hAirteagal 12 de UNCRPD, agus á mheabhrú nach mór cearta polaitiúla daoine faoi mhíchumas agus an deis chun tairbhe a bhaint astu ar bhonn comhionann le daoine eile a ráthú, i gcomhréir le hAirteagal 29 de UNCRPD;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú nach gcaithfear cistí AE ar scéimeanna fostaíochta leithscartha le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus gan aon ionchas ann go bhfaighidh siad fostaíocht nach bhfuil dídeanach;
Ar son láthair oibre neamh-idirdhealaitheach
18. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid oibre le daoine faoi mhíchumas, lena n-eagraíochtaí ionadaíocha agus lena gcomhlachtaí comhionannais agus é mar chuspóir feachtais chuimsitheacha múscailte feasachta agus oiliúint spriocdhírithe i bhformáidí inrochtana agus i dteangacha comharthaíochta a ullmhú agus a sheoladh, a bheidh dírithe ar fhostóirí, ar lucht dualgais i ngach réimse agus ar an tsochaí ar bhonn níos leithne maidir le cumais agus rannchuidiú daoine faoi mhíchumas, agus maidir leis na tairbhí a bhaineann le héagsúlacht, comhionannas agus neamh-idirdhealú, chun deireadh a chur leis an stiogma agus an dochar a dhéantar in aghaidh daoine faoi mhíchumas, chun an bhulaíocht, an ciapadh agus an dúshaothrú a chomhrac, agus comhionannas cuimsitheach a bhaint amach do chách;
19. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rochtain ar fhaisnéis d’íospartaigh an idirdhealaithe; á mheas gur gá go nglacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí chun a áirithiú go bhféadfar comhairle agus cúnamh dlí inrochtana agus réasúnta a fháil agus go ndéanfar iad a sholáthar d’íospartaigh ag gach céim den phróiseas dlíthiúil, lena n-áirítear comhairleoireacht rúnda agus i bpearsa agus tacaíocht mhothúchánach, phearsanta agus mhorálta, ag comhlachtaí comhionannais nó idirghabhálaithe iomchuí; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, ciapadh agus foréigean san ionad oibre a chomhrac, ar sáruithe iad ar dhínit an duine agus/nó a chruthaíonn timpeallacht mhaslach ag an obair;
20. á iarraidh ar na Ballstáit bearta gníomhacha a dhéanamh chun neamh-idirdhealú a chosaint do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, chun a áirithiú, i gcomhréir le UNCRPD, go mbeidh rochtain ar ionaid oibre, ar iompar agus ar an timpeallacht thógtha, agus go gcuirfí cóiríocht réasúnach ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ag gach céim den obair, ón earcaíocht go dtí an dul chun cinn gairme, le haghaidh dálaí oibre atá slán agus sláintiúil agus le haghaidh athshlánú fostaíochta; á iarraidh ar institiúidí AE na bearta céanna a ghlacadh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas a gcearta saothair agus ceardchumainn a fheidhmiú ar théarmaí comhionanna, agus go gcosnófar iad ar fhoréigean, ar mhabáil, ar chibearbhulaíocht agus ar chiapadh, lena n-áirítear gnéaschiapadh, go háirithe ciapadh a dhéantar ar mhná atá faoi mhíchumas; ag tathant, chun na críche sin, ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, ar coinbhinsiún é atá ceaptha tionchar trasnaí a bheith aige ar reachtaíocht uile AE ina ndírítear go sonrach ar mhná faoi mhíchumas a bhfuil an t-il-idirdhealú déanta orthu agus atá i mbaol ciaptha san ionad oibre; á iarraidh ar institiúidí AE na bearta céanna a ghlacadh;
21. á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le Ráthaíocht maidir le Cearta Míchumais le bearta sonracha lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na mban atá faoi mhíchumas;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú go ndéanfar beartais maidir le cuimsiú atá á saothrú ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal na gcuideachtaí a bhunú i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe;
23. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’oibrithe atá faoi mhíchumas mar thoradh ar thionóisc, trí leanúint dá bhfostaíocht nó trí phost coibhéiseach a thairiscint don duine lena mbaineann a léiríonn a scileanna nua, gan na cearta ná na dálaí oibre a bhí acu roimh an ngortú a bhaint dóibh;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige coisctheach agus cuimsitheach a ghlacadh maidir leis an tsábháilteacht agus sláinte ag an obair agus iad ag tacú le hearcaíocht daoine faoi mhíchumas agus a bhfilleadh ar an obair; á thabhairt dá haire go bhféadfaí é sin a bhaint amach trí bhealaí comhtháite lena gcomhcheanglaítear cosc ar an tsábháilteacht agus ar an tsláinte ag an obair (OSH) le cineálacha éagsúla beart infhostaitheachta amhail tacaíocht aonair, comhairleoireacht, treoir agus rochtain ar oideachas ginearálta, ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint;
25. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá ar bhonn inscne, míchumais agus cúlra eitneach, agus leis sin, dul i ngleic le hidirdhealú pá díreach agus indíreach agus leis an mbaol atá ann go mbeidh bochtaineacht lucht oibre d’oibrithe a bhfuil bacainní orthu ag an obair agus atá faoi réir idirdhealú iolrach, go háirithe daoine LGBTI, mná, Romaigh agus dídeanaithe; ag dréim leis an gcur i láthair ón gCoimisiún den reachtaíocht a fógraíodh maidir le trédhearcacht pá san ionad oibre sa chéad ráithe de 2021 chun dul i ngleic leis an mbearna phá atá ag grúpaí sóisialta atá faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine faoi mhíchumas;
26. á chur i bhfáth nach mór cosaint na ndaoine trasinscneacha ar idirdhealú fostaíochta a bheith éifeachtach agus á iarraidh ar na Ballstáit an t-idirdhealú sin a chomhrac, go háirithe i réimse na fostaíochta;
27. á iarraidh ar na Ballstáit gan teidlíochtaí míchumais a cheilt ar dhaoine faoi mhíchumas, lena gcumhdófaí na costais bhreise a bhaineann lena míchumas agus iad ag dul isteach sa mhargadh saothair nó nuair atá tairseach ioncaim áirithe á sárú acu, os rud é go gcuireann an cleachtas sin leis an mbochtaineacht lucht oibre nó leis an mbochtainteacht le linn seanaoise toisc go bhfuil na teidlíochtaí sin ag tacú le daoine faoi mhíchumas bacainní a shárú agus gur féidir leo a ndínit agus a gcomhionannas a ráthú;
28. á iarraidh ar na Ballstáit solúbthacht leordhóthanach a cheadú maidir le tacaíocht agus sochair shóisialta a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh siad inoiriúnaithe do riachtanais aonair agus do chonairí gairme le haghaidh daoine faoi mhíchumas;
29. á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil forálacha mionsonraithe i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir le daoine a gceart chun saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúraim a fheidhmiú, chomh maith le socruithe maidir le hobair sholúbtha, agus cibé an bhfuil siad in oiriúint do riachtanais éagsúla máithreacha faoi mhíchumas, máithreacha leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil breoiteacht fhadtéarmach orthu, nó máithreacha in imthosca sonracha, amhail iad siúd a bhíonn ag déileáil le breitheanna anabaí; á iarraidh go ndéanfaí bearta níos uaillmhianaí chun ról comhionann na bhfear mar chúramóirí a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a thíolacadh chun tacú le cúramóirí neamhfhoirmiúla; á áitiú go bhfuil gá le seirbhísí ardcháilíochta inrochtana cúraim leanaí chun rannpháirtíocht chothrom na mban i dtimpeallacht na hoibre a áirithiú;
30. á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh maidir leis na caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais tar éis dul i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, agus ar an gcaoi sin sainordú níos láidre agus acmhainní leormhaithe a chur ar fáil dóibh chun cóir chomhionann do dhaoine faoi mhíchumas a chosaint agus chun scaipeadh faisnéise inrochtana a áirithiú do chách;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú inbhuanaithe a sholáthar le haghaidh fothú acmhainneachta eagraíochtaí ionadaíocha na ndaoine faoi mhíchumas, agus á aithint go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le hidirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas a chomhrac;
32. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainmhíniú an mhíchumais a chomhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais a áirithiú ar fud na mBallstát ionas go n-áiritheofar saorghluaiseacht na ndaoine faoi mhíchumas agus teachtadh a gceart saoránachta AE; chuige sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit staidéar a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus dea-chleachtais ó na Ballstáit a bhailiú; á aithint gur ceart bunúsach in AE é an tsaorghluaiseacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, úsáid chárta míchumais AE a leathnú chuig na Ballstáit uile agus cur lena raon feidhme, trína úsáid a cheadú chun stádas míchumais a aithint agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar fud AE, agus ar an gcaoi sin, é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas cónaí agus obair thar lear; á iarraidh ar an gCoimisiún lárphointe faisnéise a chur ar bun i dteangacha comharthaíochta náisiúnta agus i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas sna Ballstáit éagsúla;
33. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúnamh pearsanta arna stiúradh ag úsáideoirí a shainaithint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Barúil Ghinearálta Uimh. 5 ó Choiste UNCRPD, chun maireachtáil neamhspleách agus cuimsiú i margadh an tsaothair a chothú; á mheabhrú, de bharr nádúr speisialta an chúnaimh phearsanta, gur gá forálacha saorghluaiseachta a oiriúnú do riachtanais na ndaoine faoi mhíchumas; á iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht AE chun dul i ngleic le cúnamh pearsanta, go háirithe maidir le saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas agus a gcúntóirí pearsanta;
34. á mheabhrú go bhfuil deiseanna agus dúshláin araon ag baint le teicneolaíochtaí nua d’oibrithe uile, go háirithe daoine faoi mhíchumas; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhféadfadh sé go mbeadh dúshláin mhóra ó thaobh na hinrochtaineachta de do dhaoine faoi mhíchumas ag baint le teicneolaíochtaí nua; dá bhrí sin, á chur i bhfios go láidir nach mór inrochtaineacht a áireamh mar réamhchoinníoll in aon tionscnamh de chuid AE, agus gur cheart don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le cur i bhfeidhm deartha uilíoch agus chun infhaighteacht agus inacmhainneacht na dteicneolaíochtaí cúnta a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, i gcomhréir le UNCRPD, go mbeidh inrochtaineacht iomlán agus éifeachtach faisnéise agus teicneolaíochtaí cumarsáide ann ar bhonn cothrom agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte a chur i bhfeidhm a thacaíonn le forbróirí IS chun riachtanais daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh trí na próisis forbartha, agus cruthú claontachtaí idirdhealaithe nua a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cláir thaighde atá dírithe ar theicneolaíochtaí cúnta a fhorbairt lena n-áirítear róbataic, teicneolaíochtaí digiteacha agus an intleacht shaorga arb é is aidhm dóibh lánpháirtiú iomlán daoine faoi mhíchumas i ngach gné den saol a chumasú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar uirlisí digiteacha agus ar bhogearraí atá saincheaptha dá riachtanais agus cur le saineolas na n-eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas maidir le sainmhíniú a thabhairt ar na huirlisí digiteacha nó na bogearraí is oiriúnaí do riachtanais aonair daoine faoi mhíchumas;
Gníomhaíochtaí spriocdhírithe breise agus príomhshruthú cearta daoine faoi mhíchumas
35. á chur in iúl gur geal léi comhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir le Straitéis AE um Míchumas i ndiaidh 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún béim ar leith a leagan ar an bhfostaíocht sa Straitéis, agus forálacha uile UNCRPD a chumhdach, spriocanna soiléire, intomhaiste agus uaillmhianacha a leagan síos a bhaineann le héagsúlacht san ionad oibre lena léirítear ilchineálacht daoine faoi mhíchumas, aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú iolrach agus trasnach, agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na straitéise le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha; á chur i bhfáth go bhfuil comhoibriú le húdaráis, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí agus an tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar na leibhéil áitiúla fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar an Stratéis agus UNCRPD a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun dul i ngleic leis na dúshláin do dhaoine faoi mhíchumas a bhaineann le COVID-19 agus leis na sáruithe ar a gcearta dá bharr; á chur i bhfáth go bhfuil idirdhealú ar bhonn míchumais tar éis dul in olcas le linn phaindéim COVID-19, rud a chuireann saolta na ndaoine faoi mhíchumas i mbaol agus atá ina bhagairt ar a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún an Straitéis um Míchumas a bheidh ann amach anseo a nascadh le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh;
36. á iarraidh go ndéanfar sonraí a bhaineann le míchumas a bhailiú ar bhonn uile-Aontais trí chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine, lena n-áirítear maidir le fostaíocht agus VET, atá imdhealaithe de réir inscne, aoise, cineáil míchumais, cine/bunaidh eitnigh, treoshuímh ghnéasaigh, leibhéil oideachais, etc., lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas nach mbíodh san áireamh sa staidreamh go dtí seo; á iarraidh go mbaileofar sonraí a bhaineann le tionchar ghéarchéim COVID-19 ar dhaoine faoi mhíchumas chun beartais a chur ar aghaidh chun ullmhú le haghaidh géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;
37. á iarraidh ar institiúidí uile AE agus ar na Ballstáit gníomhú i gcomhréir leis an mana ‘ná déan tada dúinn gan muid a rannpháirtiú’ agus dlúthchomhar a bhunú le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha, cur leis an saineolas atá acu agus ról gníomhach a thabhairt dóibh ag gach céim den chinnteoireacht ábhartha, i reachtaíocht, i stratéisí, i mbeartais agus i gcláir, lena n-áirítear cláir phríomhshrutha;
38. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta na ndaoine faoi mhíchumas a phríomhshruthú, agus cás sonrach na ndaoine sin atá faoi réir idirdhealú iomadúil á chur san áireamh i ngach togra a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear na tograí a bhaineann leis na claochluithe a bhfuiltear ag dréim leo i dtodhchaí na hoibre, agus gníomhaíochtaí á gceapadh agus á gcur chun feidhme arb é is aidhm dóibh scileanna digiteacha agus glasa a fhorbairt;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe an Tascfhórsa um Chomhionnanas, agus ar na Ballstáit, cearta na ndaoine faoi mhíchumas a phríomshruthú go córasach, agus aird ar leith á tabhairt ar na daoine sin atá faoi réir idirdhealú trasnach, sna dlíthe, beartais agus cláir ábhartha uile, ós rud é go bhfuil comhionannas san fhostaíocht doroinnte ó rochtain chomhionann ar oideachas, ar shláinte, ar thithíocht, ar cheartas agus ar chosaint shóisialta, agus díriú níos mó ar an inrochtaineacht chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo timpeallacht thógtha inrochtana, spásanna poiblí, iompair, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, etc.; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá pointe teagmhála maidir le míchumas a cheapadh in institiúidí uile AE, lena n-áirítear in Ardstiúrthóireachtaí uile an Choimisiúin agus i nGníomhaireachtaí uile AE, agus sásra comhordaithe idirinstitiúideach a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar míchumas a phríomhshruthú i reachtaíocht uile AE;
40. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb ann do bhacainní suntasacha ar an rochtain ar fhaisnéis agus ar chumarsáid do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe daoine atá dall nó bodhar, daoine faoi mhíchumas intleachta nó daoine atá ar speictream an uathachais; á mheabhrú gurb ionann difríochtaí i gcumais daoine aonair faisnéis a fháil agus a scaipeadh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid agus deighilt eolais, ar deighilt í lena gcruthaítear neamhionannas;
41. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú leathan agus cuimsitheach ar dhlí agus ar bheartas an Aontais chun lánchomhlíonadh UNCRPD a áirithiú;
42. á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus foréigean in aghaidh leanaí faoi mhíchumas trí chur chuige comhtháite, agus á aithint go bhfuil baol níos airde ann go mbeidh siad ina n-íospartaigh d’iompraíochtaí den sórt sin; á chur i bhfáth gur cheart ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth leanaí faoi mhíchumas i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán dlíthe, beartas, seirbhísí agus beart a bhaineann leo;
43. á chur i bhfáth gur gá forálacha sonracha agus leormhaithe a áireamh sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann chun aghaidh a thabhairt mar is cuí ar riachtanais daoine faoi mhíchumas ag gach céim agus i ngach próiseas;
44. á chur in iúl gurb oth léi, le dlí an Aontais, nach gcosnaítear daoine aonair ar idirdhealú de bharr an mhíchumais lasmuigh den ionad oibre agus den fhostaíocht;
45. á iarraidh ar an gComhairle na caibidlíochtaí ar an treoir chothrománach frith-idirdhealaithe atá beartaithe a dhíbhlocáil gan a thuilleadh moille agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo comhaontaithe, agus ar an gcaoi sin cosaint do dhaoine faoi mhíchumas a leathnú lasmuigh de réimse na fostaíochta;
46. á chur in iúl gur cúis mhór imní di nach n-éiríonn leis an gcuid is mó de chláir phríomhshrutha, lena n-áirítear na cláir sin arna gcumhdach ag Cistí Struchtúracha, teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí is díothaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dul chun cinn chláir AE a sheiceáil, agus béim ar leith á leagan ar oideachas agus ar chláir fostaíochta, mar shampla Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus Erasmus+, ar bhealach críochnúil;
47. á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú go ndéanfaidh cistí AE caighdeáin agus coinbhinsiúin AE agus idirnáisiúnta um chearta an duine a urramú amhail UNCRPD agus nach dtacóidh siad le haon bhearta ná cláir a rannchuidíonn le deighilt nó le heisiamh sóisialta; ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcruthaítear timpeallachtaí inrochtana, táirgí, seirbhísí, cleachtais agus feistí, lena gcothaítear dí-institiúidiú agus lena dtugtar tacaíocht do chúnamh pearsanta, agus a ráthú go gcuirfear na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag AE ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí;
o o o
48. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig Coiste na Réigiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena dháileadh do pharlaimintí agus comhairlí fonáisiúnta, do Chomhairle na hEorpa agus do na Náisiúin Aontaithe.
Cuirimid an coincheap ‘daoine faoi mhíchumas’ i bhfeidhm mar a fhoráiltear in Airteagal 1 de UNCRPD: ‘Ar dhaoine atá faoi mhíchumas, áirítear daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán éifeachtach a bheith acu sa tsochaí ar bhonn comhionannais.’
Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).
ONCE agus Aontas na nDall san Eoraip, ‘Tuarascáil ar staid na ndaoine dalla agus leathamharcha maidir le fostaíocht san Eoraip tar éis 10 mbliana de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas: Dúshláin agus Deiseanna', Mí Dheireadh Fómhair 2019.
An Coimisiún um Chomhionannas agus Cearta an Duine, tuarascáil taighde 107 – Taighde Bhearnaí Pá, ‘An Bhearna Pá i gcás Daoine faoi Mhíchumas’, Lúnasa 2017.