Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2030(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0238/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0238/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 14/09/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0364

Téacsanna atá glactha
PDF 128kWORD 46k
Dé Máirt, 14 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Guy Verhofstadt
P9_TA(2021)0364A9-0238/2021

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Guy Verhofstadt (2021/2030(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’iarraidh ó Guy Verhofstadt an 12 Márta 2021, a fógraíodh sa suí iomlánach an 24 Márta 2021, ar chosaint a phribhléidí agus a dhíolúintí i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh roimh Procura Distrettuale della Repubblica presso il Tribunale di Trento (an Iodáil),

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Guy Verhofstadt i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint do Riail 5(2), agus Rialacha 7 agus 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0238/2021),

A.  de bhrí gur iarr Guy Verhofstadt, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, go ndéanfaí a dhíolúine pharlaiminteach a chosaint i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina choinne roimh Procura Distrettuale della Repubblica presso il Tribunale di Trento (an Iodáil) as clúmhilleadh líomhnaithe trí bhíthin líonra sóisialta; de bhrí gur thug Procura Distrettuale della Repubblica presso il Tribunale di Trento a réamh-imscrúdú ar an gcás chun críche an 22 Nollaig 2020;

B.  de bhrí gur phostáil Guy Verhofstadt an tvuít seo a leanas ar a phróifíl Twitter féin an 13 Feabhra 2020: ‘Tá cúisimh roimh Matteo Salvini mar gheall ar imircigh a choinneáil go neamhdhleathach ar muir tar éis don Gregoretti iad a tharrtháil. Bravo Italia! Ní mór an ceart a dhéanamh. Tá súil againn go ndéanfar an rud céanna maidir lena éilliú ollmhór a bhaineann le síneadh láimhe agus ola Rúiseach!’;

C.  de bhrí, agus na barúlacha sin á gcur in iúl aige, go líomhnaítear gur chlúmhill Guy Verhofstadt Teachta de Pharlaimint na hIodáile, faoi mar a shainítear in Airteagal 595(1) agus (3) de Chód Coiriúil na hIodáile;

D.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, nach mbeidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh;

E.  de bhrí go bhfuil lánrogha leathan ag an bParlaimint i dtaca leis an treoir is mian léi a thabhairt do chinneadh tar éis iarraidh ó Fheisire léi ar chosaint díolúine(2);

F.  de bhrí, de bhun Riail 5 dá Rialacha Nós Imeachta: ‘i bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí, gníomhóidh an Pharlaimint chun a hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus chun neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh’;

G.  de bhrí go bhféadfadh gurb ionann ráiteas a dhéanann Feisire lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa agus tuairim arna tabhairt i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas de réir bhrí Airteagal 8 den Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil measúnú suibiachtúil ann a bhfuil baint dhíreach agus shoiléir aige le comhlíonadh dhualgais an Fheisire sin i bParlaimint na hEorpa; de bhrí gur gá a cinneadh cibé atá nó nach bhfuil an cás sin i gceist bunaithe ar chineál agus ábhar an ráitis agus ní an áit ina ndearnadh é;

H.  de bhrí gur cheart cineál sonrach, ach freisin ábhar, an ráitis a mheas i bhfianaise an chomhthéacs atá aige agus an róil agus na feidhme faoi seach ina ndearna an Feisire é;

I.  de bhrí gur léir go ndearna Guy Verhofstadt na ráitis ina tvuít ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, óna chuntas Twitter féin, a choimeádtar, dar leis an bhFeisire Verhofstadt, go heisiach dá chumarsáid pholaitiúil i gcomhthéacs fheidhmiú a shainordaithe mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

J.  de bhrí go dtarlaíonn an díospóireacht pholaitiúil a nglacann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa páirt inti níos mó agus níos mó lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte na laethanta seo, lena n-áirítear ar an idirlíon nó trí úsáid a bhaint as seirbhísí líonraithe sóisialta amhail Twitter;

K.  de bhrí go ndearnadh an ráiteas sin i gcomhthéacs níos leithne na díospóireachta polaitiúla, a mbíonn a hábhar á phlé arís agus arís eile i suí iomlánach Pharlaimint na hEorpa, agus idir lámha ag go leor soláthraithe preasa;

L.  de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur thug Guy Verhofstadt tuairimí comhchosúla uaidh ar an idirlíon, roimh agus tar éis an ráitis ar Twitter atá á mheas, amhail ar Facebook i mí Eanáir 2019, breis is bliain roimh an ráiteas ar Twitter, i ndáil le naisc líomhnaithe Matteo Salvini leis an Rúis(3) nó nuair a rinne an Feisire Verhofstadt dearbhuithe roinnt míonna ina dhiaidh sin i gcomhthéacs polaitiúil comhchosúil le linn na díospóireachta sa suí iomlánach ar Staid an Aontais an 16 Meán Fómhair 2020;

M.  de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin, gur féidir a mheas gurb ann do nasc díreach agus soiléir idir an ráiteas atá á bhreithniú agus sainordú parlaiminteach Guy Verhofstadt mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh pribhléidí agus díolúintí Guy Verhofstadt a chosaint;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla na hIodáile agus chuig Guy Verhofstadt.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Cás T-42/06, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, a luaitear thuas, mír 101.
(3) Postáil ar Facebook an 9 Eanáir 2019: ‘Níl aon t-léine le Putin uirthi ag an Uasal Salvini inniu! Feisteas na bpóilíní ina hionad sin. Ach tá comhaontú ag an Uasal Salvini le páirtí Putin, an Rúis Aontaithe & ní féidir le muintir na Polainne muinín a bheith acu as’.

An nuashonrú is déanaí: 21 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais