Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachú na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (08656/2021 – C9-0189/2021 – 2018/0244(CNS))
(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréacht ón gComhairle (08656/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 203 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0189/2021),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0244/2021),
1. ag formheas an dréachta ón gComhairle;
2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.