Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2015(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0231/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0231/2021

Díospóireachtaí :

PV 13/09/2021 - 20
CRE 13/09/2021 - 20

Vótaí :

PV 14/09/2021 - 11
CRE 14/09/2021 - 11

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0367

Téacsanna atá glactha
PDF 190kWORD 66k
Dé Máirt, 14 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
I dtreo iompar ar uiscebhealaí intíre (IWT) san Eoraip a sheasfaidh an aimsir
P9_TA(2021)0367A9-0231/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo iompar ar uiscebhealaí intíre (IWT) san Eoraip a sheasfaidh an aimsir (2021/2015(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 25 Feabhra 2021 dar teideal Evaluation of Directive 2005/44/EC on Harmonised River Information Services (RIS) [Meastóireacht ar Threoir 2005/44/CE maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) Comhchuibhithe] (SWD(2021)0050),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 24 Feabhra 2021 dar teideal Evaluation of the 2013 Urban Mobility Package [Meastóireacht ar Phacáiste um Shoghluaisteacht Uirbeach 2013] (SWD(2021)0047),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789), agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi (SWD(2020)0331),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 18 Meán Fómhair 2018 dar teideal Mid-term progress report on the implementation of the NAIADES II action programme for the promotion of inland waterway transport (covering the period 2014‑2017) [Tuarascáil mheántéarma ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár gníomhaíochta NAIADES II chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (lena gcumhdaítear an tréimhse 2014-2017)] (SWD(2018)0428),

–  ag féachaint do pháipéar bán ón gCoimisiúin an 28 Márta 2011 dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area – Towards a competitive and resource efficient transport system [Treochlár i dtreo Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní] (COM(2011)0144),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint(1),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre(2),

–  ag féachaint do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha(3), agus don athbhreithniú a dhéanfar uirthi amach anseo,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt(4) (Rialachán TEN-T), agus don athbhreithniú a dhéanfar air amach anseo,

–  ag féachaint do Threoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit(5), agus don athbhreithniú a dhéanfar uirthi amach anseo,

–  ag féachaint do Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal(6),

–  ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 maidir le breithnithe beartais do phlean teagmhasachta le haghaidh paindéimí agus mór-ghéarchéimeanna eile d’earnáil iompair lasta na hEorpa,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir le hearnáil uisce-iompair AE – an t-ionchas don todhchaí: i dtreo earnáil uisce-iompair AE atá neodrach ó thaobh carbóin de, saor ó thionóiscí, uathoibrithe agus iomaíoch,

–  ag féachaint na conclúidí ón gComhairle an 15 Samhain 2018 maidir le hiompar ar uiscebhealaí intíre – ní hacmhainn go cur chun cinn!;

–  ag féachaint do rún uaithi an 27 Aibreán 2021 ar na bearta teicniúla agus oibríochtúla chun go mbeadh muiriompar níos éifeachtúla agus níos glaine ann(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Feabhra 2019 ar NAIADES II – Plean gníomhaíochta chun tacú le hiompar ar uiscebhealaí intíre(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2016 maidir le leas iomlán a bhaint as iompar paisinéirí ar uisce(10),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0231/2021),

A.  de bhrí gur leas straitéiseach atá in earnáil uisce-iompair AE, lena n-áirítear iompar ar uiscebhealaí intíre, do shláine a soláthair agus d’iomaíochas a cuid calafort; de bhrí go dtarlaíonn 75 % de loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre thar theorainneacha agus gur ríthábhachtach, dá bhrí sin, an comhordú don mhargadh aonair;

B.  de bhrí go bhfuil réimse uiscebhealaí inseolta móra agus níos lú agus flíteanna éagsúla de shoithí intíre ag tíortha Eorpacha, rud a fhágann go bhfuil iompar ar uiscebhealaí intíre an-áisiúil agus úsáideach chun cineálacha éagsúla agus cainníochtaí móra lasta a iompar go dtí cinn scríbe éagsúla thar uisce;

C.  de bhrí gur colún bunriachtanach é an t-iompar ar uiscebhealaí intíre san aistriú i dtreo an iompair ilmhódaigh inbhuanaithe, ach go bhfuil dúshláin shuntasacha roimhe chomh maith; de bhrí gurb ionann uiscebhealaí intíre agus cion an-bheag den iompar lastais in AE (6,1 %), fad is atá cion 76,3 % ag na bóithre agus cion 17,6 % ag na hiarnróid; de bhrí go bhfuil an cion módach reatha den iompar ar uiscebhealaí intíre i bhfad róbheag agus go bhfuil gá le méadú géar chun brú tráchta ar bhóithre a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú, astaíochtaí a laghdú agus córas iompair níos inbhuanaithe a áirithiú tríd is tríd; de bhrí go bhfuil géarghá le tuilleadh gníomhaíochta chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin cuid shuntasach den 76,3 % den lastas intíre atá á iompar de bhóthar a aistriú go hiarnróid agus go huiscebhealaí intíre; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, i ndáil leis sin, margaí nua inbhuanaithe ciorclacha agus fuinnimh a nascadh le hiompar ar uiscebhealaí intíre;

D.  de bhrí gur bunchloch é earnáil na n-uiscebhealaí intíre a fhorbairt tuilleadh chun gréasán Eorpach iompair atá cliste, inbhuanaithe agus iomaíoch a thógáil; de bhrí go bhfuil inseoltacht reatha uiscebhealaí na hEorpa easnamhach agus go gcuireann scrogaill, naisc in easnamh agus easpa iontaofachta uiscebhealaí intíre saorshreabhaidh isteach ar an aistriú módach; de bhrí gur féidir ról bunúsach a bheith ag uiscebhealaí intíre chun cuspóirí aeráide AE a chomhlíonadh, mar cheann de na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol lena mbaineann acmhainneacht bhreise maidir le méideanna móra earraí a iompar ar fud an Aontais Eorpaigh, ar acmhainneacht í ar beag leas a baineadh aisti go fóill;

E.  de bhrí gurb ionann cion iomlán an lastais trasteorann a iompraítear ar ár n-uiscebhealaí intíre agus 54 % ar chonair na Réine-na nAlp, 35 % ar chonair Mhuir Thuaidh-na Meánmhara agus 38 % ar chonair Mhuir Thuaidh-Mhuir Bhailt. de bhrí gur tábhachtach dlús a chur le críochnú chroíghréasán uiscebhealaí intíre TEN-T agus leis na naisc leis an ngréasán cuimsitheach.

F.  de bhrí go bhfuil trácht uiscebhealaí na hEorpa ag brath ar naisc thrasteorann atá réidh agus socair, rud a fhágann gur fíorthábhachtach go gcríochnófaí croíghréasáin TEN-T faoi 2030;

G.  de bhrí gur léiríodh i bpáipéar bán an Choimisiúin maidir le hiompar, a foilsíodh chomh fada siar le 2011, gur gá an cion módach d’uiscebhealaí intíre san Eoraip a mhéadú agus de bhrí nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach ó shin i leith;

H.  de bhrí go bhfuil comhdhearcach láidir ann in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre go bhfuil an glasú ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach na hearnála a áirithiú agus chun cur ar a cumas ról suntasach, iontaofa agus inchreidte a bheith aici san aistriú ilmhódach; de bhrí go bhfuil machnamh leathan á dhéanamh go fóill san earnáil ar an gcaoi a maoineofar an t-aistriú glas sin; de bhrí go bhfuil sé in am bearta, uirlisí agus modhanna níos nithiúla a cheapadh chun an uaillmhian sin a chur i ngníomh;

I.  de bhrí go bhfuil riaráiste ann mar thoradh ar infheistíochtaí bonneagair neamhleora; de bhrí gurb é bonneagar cáilíochtúil is bonn agus is cnámh droma le hearnáil rathúil uiscebhealaí intíre; de bhrí go mbaineann teorainneacha le méadú acmhainneachta agus gur cheart fócas cothrom a bheith ar an bhfeidhmíocht a mhéadú agus ar iontaofacht na hearnála a áirithiú i gcónaí;

J.  de bhrí go mbaineann cion suntasach d’iompar lastais ar uiscebhealaí intíre AE le calafoirt farraige; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag calafoirt farraige agus intíre araon mar mhoil ilmhódacha, lena gcuirtear naisc ar fáil le modhanna eile iompair ar féidir leo lastaí lastais a ghlacadh orthu féin freisin; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, agus go gceanglaítear leis na treoirlínte TEN-T gur cheart calafoirt farraige agus intíre a nascadh go maith lena chéile agus gur cheart naisc mhaithe a bheith acu leis an gcúlchríoch; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh calafoirt intíre ina moil fuinnimh do bhreoslaí malartacha inbhuanaithe;

K.  de bhrí go bhfuil an triomach agus an t-athrú aeráide ar dhá cheann de na príomhfhadhbanna atá roimh iompar Eorpach ar uiscebhealaí intíre; de bhrí gur bualadh an t-iompar ar uiscebhealaí intíre go dian i roinnt réigiúin Eorpacha le linn na tréimhse fada triomaigh in 2018 mar gheall ar leibhéil uisce an-íseal; de bhrí gur thubaisteach na hiarmhairtí don Réin agus dá craobh-aibhneacha, don Danóib uachtair agus láir agus don Eilbe uachtair agus láir; de bhrí gur tháinig laghdú EUR 5 bhilliún ar tháirgeadh tionsclaíoch sa Ghearmáin dá bharr sin; de bhrí, thairis sin, gur gnách go mbíonn limistéir uisce intíre i dTuaisceart na hEorpa reoite le linn mhíonna is déine an gheimhridh, rud a chuireann isteach ar an trácht;

L.  de bhrí go mbaineann an t-aistriú módach ó bhóthair go huiscebhealaí intíre ní hamháin le hiompar lastais ach le hiompar paisinéirí freisin, go háirithe i gceantair uirbeacha; de bhrí, ós rud é go gcónaíonn 50 % de dhaonra AE gar don fharraige agus feadh aibhneacha, go gcuireann iompar paisinéirí ar uiscebhealaí intíre rogha eile ar fáil atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ó thaobh ídiú fuinnimh agus astaíochtaí torainn araon; de bhrí go gcuidíonn sé freisin leis an mbrú tráchta ar ghréasáin bóithre atá ró-ualaithe a laghdú agus go gcuireann sé rogha eile ar fáil seachas bonneagar bóithre a leathnú i limistéir dhlúthdhaonra;

M.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag turais abhann, báid farantóireachta, soithí turais lae, tacsaithe uisce agus tointeálaithe uisce i dturasóireacht na hEorpa agus gur cheart go mbeidís ina rogha níos glaine do thurasóireacht agus d’iompar poiblí i réigiúin agus i gcathracha ina bhfuil aibhneacha, canálacha agus lochanna inrochtana agus inseolta, rud a fhágfadh go mbeadh soghluaisteacht uirbeach níos inbhuanaithe agus níos éifeachtaí freisin; de bhrí gur cheart an méid sin a chur san áireamh sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste;

N.  de bhrí go mbeidh ról fíorthábhachtach ag iompar lastais ar uiscebhealaí intíre, mar aon le hiarnróid, chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach ó thaobh aistriú glas an iompair lastais de; de bhrí gur cheart an dá mhodh i slabhraí soláthair a phríomhshruthú agus a dhéanamh níos inrochtana;

O.  de bhrí go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag an iompar ar uiscebhealaí intíre don iompar muirí ó thaobh digitiú a fheabhsú agus ó thaobh scála a chruthú maidir le réitigh ar chórais tiomána saor ó astaíochtaí, amhail leictriú agus hidrigin;

P.  de bhrí go bhfuil na nósanna imeachta chun deimhniú a fháil do shoitheach hidrigine fós an-fhada; de bhrí, i gcás sraith soithí hidrigine a bhfuil na saintréithe teicniúla ceannann céanna acu, nach mór iarratais ar leith a chur isteach in aghaidh gach soithigh ar leith; de bhrí go ndéanann an cineál sin ualaigh riaracháin an infheistíocht phríobháideach a dhíspreagadh agus dá bhrí sin go gcuireann sé bac ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus ar fheabhsuithe ó thaobh éifeachtúlacht costais de;

Q.  de bhrí gur dúshlán é an t-aistriú fuinnimh d’earnáil na loingseoireachta intíre freisin in ainneoin gurb iad na huiscebhealaí intíre ceann de na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach ról na gconraitheoirí a chur san áireamh sa slabhra soláthair iomlán chun feabhas a chur ar an gcás gnó le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre;

R.  de bhrí gur gá an cabhlach d’uiscebhealaí intíre a nuachóiriú agus a oiriúnú chun an dul chun cinn teicniúil a chur in iúl chun feidhmíocht chomhshaoil soithí a fheabhsú tuilleadh; de bhrí nach bhfuil teicneolaíochtaí atá saor ó astaíochtaí inmharthana ar scála fós in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre mar gheall ar dhrochaibíocht theicniúil, easpa bonneagair agus praghsanna neamhiomaíocha;

S.  de bhrí go ndearna earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre dáileadh leanúnach earraí riachtanacha a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, agus gur bhain codanna áirithe den earnáil buaicphointí tráchta amach fiú, rud a léiríonn a solúbthacht agus a athléimneacht;

Aistriú módach in iompar lastais: ó bhóthar go huiscebhealaí intíre

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh chun tosaigh maidir le ceannaireacht ghlas, éifeachtúil agus dhigiteach agus cur le cláir atá ann cheana amhail NAIADES, lenar cheart tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do na geallsealbhóirí go léir in earnáil an iompair ar uiscebhealaí, chomh maith le modhanna eile iompair, agus go háirithe earnáil an iarnróid, oibriú le chéile chun todhchaí inbhuanaithe agus shóisialta a bhaint amach, agus é ag tacú leis an bhfiontraíocht, le cosaint oibrithe agus le hiomaíochas na hearnála ina hiomláine ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras gur modh iompair den scoth iad uiscebhealaí intíre le haghaidh tráchtearraí a thagann as margaí nua an gheilleagair chiorclaigh agus go bhfuil sé ríthábhachtach beartais iompair, chomhshaoil agus thionsclaíocha a chomhordú chun na deiseanna sin a thapú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur san áireamh ar bhealach níos fearr gur teaghlaigh a mbíonn leanaí ar bord acu iad siúd a oibríonn in earnáil na n-uiscebhealaí intíre go minic agus infheistíocht a dhéanamh i saoráidí leordhóthanacha rialta feadh uiscebhealaí chun dálaí maireachtála cuibhiúla a chur ar fáil ar an mbealach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún tograí le haghaidh creata rialachais agus rialála a thíolacadh i gcomhréir leis an gcéad Chlár Gníomhaíochta Comhtháite Eorpach eile um Iompar ar Uiscebhealaí Intíre, lena n-áiritheofar comhchuibhiú agus caighdeánú ar leibhéal an Aontais maidir le hinseoltacht, soithí agus cáilíochtaí foirne ar ardchaighdeán; á chur i bhfios gur cheart go n-éascódh an creat sin comhordú infheistíochtaí, cláir ghníomhaíochta agus na comhlachtaí éagsúla a bhfuil baint acu le forbairt an iompair ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear údaráis riaracháin na mBallstát, gníomhaireachtaí AE, comhordaitheoirí TEN-T, coimisiúin aibhneacha agus coistí um chaighdeánú; á thabhairt chun suntais go bhfuil deis ann mapáil a dhéanamh, trí chlár gníomhaíochta NAIADES III, ar aistriú módach a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hiompar earraí chuig uiscebhealaí intíre; á thabhairt chun suntais go gcabhródh an t-aistriú módach sin agus comhordú níos fearr idir beartais thionsclaíocha agus iompair le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, lena gceanglófaí go ndéanfaí claochlú inbhuanaithe agus ciorclach ar nach mór gach earnáil thionsclaíoch;

4.  á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin a cuireadh in iúl sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste níos mó earraí a aistriú ó bhóthar go huiscebhealaí intíre agus loingseoireacht ghearrthurais, lena n-áirítear iompar lastais réigiúnach, uirbeach agus idirchathrach; á chur i bhfáth, mar sin féin, go bhfuil acmhainneacht shuntasach nach bhfuil leas bainte aisti fós agus raon feidhme ann chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a leathnú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht rialta a dhéanamh agus dlús a chur lena uaillmhianta maidir le spriocanna aistrithe mhódaigh an iompair ar uiscebhealaí intíre agus buntáistí na hearnála a bhreith leis; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, tacú le glacadh dea-chleachtas maidir le seirbhísí iompair ar uiscebhealaí intíre a chomhtháthú i slabhraí lóistíochta ilmhódacha; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh i ndearadh long atá níos solúbtha agus níos nuálaí agus i nglasú an chabhlaigh d’iompar ar uiscebhealaí intíre atá ann cheana, lena bhforbrófar inter alia longa atá curtha in oiriúint d’aibhneacha agus réitigh aibí, inbhuanaithe eile chun rogha níos iomaíche agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil seachas an t-iompar de bhóthar;

5.  á chur i bhfáth gur ríthábhachtach tuilleadh infheistíochta agus infheistíocht rialta a dhéanamh i leathnú, nuashonrú agus uasghrádú bhonneagar fisiciúil agus digiteach uiscebhealaí intíre, amhail loic, droichid agus úsáid idir-inoibritheach teicneolaíochtaí thar theorainneacha, chun borradh a chur faoi iomaíochas na hearnála, chun a meath a chosc, chun feabhas a chur ar a feidhmíocht, iontaofacht agus intuarthacht fhadtéarmach thar theorainneacha, chun inseoltacht ardchaighdeáin a chumasú agus chun an t-aistriú módach a éascú, agus ábhair imní maidir leis an mbithéagsúlacht agus an dlí comhshaoil is infheidhme, amhail an Treoir Réime maidir le hUisce(11) agus na Treoracha maidir leis an Dúlra, á n-urramú(12); á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a éascú ar fud na mBallstát, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais fauna agus flora i dtionscadail bhonneagair;

6.  ag tathant ar na Ballstáit urraim iomlán a thabhairt don oibleagáid atá orthu croíghréasán uiscebhealaí intíre TEN-T a chur i gcrích faoi 2030 agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar chomhordaitheoirí TEN-T an mhaoirseacht i ndáil leis an méid sin a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur leis na naisc atá in easnamh, dul i ngleic le scrogaill agus bonneagar fisiciúil agus digiteach ar ardchaighdeán a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an gá atá le hinfheistíochtaí a mhéadú i mbonneagar ilmhódach leordhóthanach i gcalafoirt agus i naisc chúlchríche calafort intíre, amhail naisc iarnróid agus críochfoirt gan uaim, agus lena n-acmhainn stórála a mhéadú chun iompar ilmhódach iomaíoch san Eoraip a éascú agus chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht sa slabhra soláthair;

7.  á mheas gur gá cur chuige gréasáin dhá shraith a thabhairt isteach trí chroíghréasán na n-uiscebhealaí intíre atá ann cheana a chomhlánú le gréasán cuimsitheach d’uiscebhealaí intíre chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a threisiú; á chur i bhfios, maidir le huiscebhealaí inseolta atá nasctha le calafoirt farraige agus nach bhfuil stádas aicme IV acu ach a bhfuil an acmhainneacht acu laghdú a dhéanamh ar sheachtrachtaí diúltacha comhshaoil, lena n-áirítear plódú bóthair, gur cheart iad a mheas le haghaidh an ghréasáin chuimsithigh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá gréasán TEN-T a leathnú chun codanna nua d’uiscebhealaí intíre a ionchorprú i gcroíghréasáin agus i ngréasáin chuimsitheacha chun moil nua iompair ilmhódaigh a bhunú;

8.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht neamhshaothraithe uiscebhealaí beaga chun iomaíocht dhíreach leis an iompar de bhóthar a fheabhsú, trí ghréasán mionsonraithe, cuimsitheach agus casta a áirithiú, a choinneofar cothrom le dáta agus inseolta; á iarraidh ar an gCoimisiún ní hamháin uiscebhealaí móra a mheas, ach uiscebhealaí beaga a chur san áireamh san aistriú digiteach;

9.  á chur i bhfios go láidir go mbaineann acmhainneacht shuntasach le huiscebhealaí agus canálacha nasctha a athchóiriú, go háirithe i réigiúin atá thíos leis na blianta d’infheistíocht neamhleor i mbonneagar uiscebhealaí intíre;

10.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach sa phróiseas ildisciplíneach pleanála do thionscadail nua loingseoireachta agus do bhearta nua cothabhála chun réitigh a mbeidh glacadh coitianta leo a cheapadh i gcomhréir le reachtaíocht AE;

11.  ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le gréasán bonneagair atá níos éifeachtaí, níos iontaofa, níos sábháilte agus níos aeráid-díonaí chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le fadhb na dtuilte agus le leibhéil ísle uisce, rud nach rachaidh ach in olcas de bharr éifeachtaí an athraithe aeráide; á chur in iúl gur saoth léi nár tugadh aird chuí ar na fadhbanna a dhéanann difear d’earnáil na n-uiscebhealaí intíre, arb iad tuilte agus leibhéil ísle uisce is cúis leo, agus go bhfuil sé ríthábhachtach inseoltacht a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá, dá bhrí sin, gníomhaíocht chomhleanúnach a dhéanamh, amhail cabhlaigh a oiriúnú, lena n-áirítear na cineálacha long, líon na long sa chabhlach agus acmhainn bhreise, dearadh long a bharrfheabhsú, solúbthacht soithí uiscebhealaí intíre a chur san áireamh, bainistiú agus forbairt bonneagair níos fearr a áirithiú, faisnéis níos cruinne a chur ar fáil maidir le leibhéil uisce agus réamhaisnéis, comhoibriú le hiarnróid i rith tréimhsí ísealuisce, conarthaí cairtfhostaithe ama a dhréachtú do shoithí atá in ann oibriú le linn tréimhsí taoide dia-thrá, uirlisí digiteacha a chur chun feidhme, agus acmhainn stórála sna calafoirt a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas chun leibhéil ísle uisce a chomhrac agus ag cur béim ar an ngá atá le comhordú chun na críche sin;

12.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sonraí agus seirbhísí spáis a úsáid le haghaidh seirbhísí iompair ar uiscebhealaí intíre chun earnáil níos sábháilte, níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus níos iomaíche a áirithiú; á mheas, go háirithe, gur cheart seirbhísí nua i gcláir Galileo agus Copernicus agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) a áireamh san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Córais Chliste Iompair (CCI)(13) agus i dtionscnaimh reachtacha eile maidir le soghluaisteacht chliste;

Iompar ar uiscebhealaí intíre a ghlasú

13.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an aistriú fuinnimh ar bhealach costéifeachtach agus inrochtana, agus an raon éagsúil cineálacha soithí atá ann á aithint, trí dhlús a chur le hinfhaighteacht agus le cur i bhfeidhm meascán ilchineálach de bhreoslaí ionadúla glana, de bhonneagar breoslaí ionadúla agus de mhodhanna tiomána don loingseoireacht le cur chuige líonra agus i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche; ag aithint thairis sin, úsáid na roghanna uile is féidir a úsáid go héasca chun astaíochtaí loingseoireachta intíre a laghdú, lena n-áirítear breoslaí idirlinne agus córais idirthréimhseacha; ag cur béim ar an bhfíoras, arís eile, go bhfuil aistriú fuinnimh sa loingseoireacht intíre ríthábhachtach chun an clár oibre aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050;

14.  á chur i bhfios go bhfuil easpa réitigh aeráidneodracha ann atá réidh don mhargadh agus gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh údaráis i dteideal cistiú fothaithe acmhainneachta chun cabhrú leis an earnáil rochtain a fháil ar chistiú agus chun tacú léi agus í ag dul i dtreo na haeráidneodrachta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tionscadail taighde agus forbartha a dhreasú tuilleadh le haghaidh breoslaí agus teicneolaíochtaí lena laghdaítear go mór an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol chun cabhlaigh a mhéadú go mear agus slabhraí soláthair agus barainneachtaí scála a mhéadú; á aithint go bhféadfadh earnáil na n-uiscebhealaí intíre gníomhú mar ghrinneall tástála agus mar chatalaíoch d’éifeachtaí iarmharta dearfacha in earnáil na loingseoireachta muirí; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, treochlár réalaíoch a fhorbairt chun truailleáin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh chun earnáil dhícharbónaithe uiscebhealaí intíre a bhaint amach, agus an t-iomaíochas, an iontaofacht agus an tsábháilteacht á gcosaint ag an am céanna;

15.  á chur i bhfios gur cheart ról ar leith a bheith ag uiscebhealaí intíre i Straitéis Hidrigine AE, ó thaobh an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a bhreoslú go glan agus ó thaobh a ríthábhachtaí atá uiscebhealaí intíre agus calafoirt chun hidrigin a dháileadh go glan agus go héifeachtúil ar fud ghréasáin iompair agus bhraislí tionscail AE;

16.  á thabhairt chun suntais gur cheart roghanna eile lena laghdaítear go mór an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a bheith ar fáil go forleathan, níos inacmhainne agus níos tarraingtí ó thaobh airgeadais de ná mar atá gnáthchórais tiomána; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le glacadh na roghanna malartacha sin trí chéatadán measctha réalaíoch a áirithiú, mar shampla, bunaithe ar mheasúnú tionchair lena gcumhdaítear anailís saolré ar bhreoslaí agus i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta AE, agus trí chobhsaíocht rialála agus tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear dreasachtaí cánach arna ndeonú ag na Ballstáit; á mheas, thairis sin, gur cheart go mbeadh an deis ag na Ballstáit ráta cánach laghdaitheach nó nialasach a shocrú d’úsáid leictreachais cois cladaigh agus do réitigh inbhuanaithe eile; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, tacú le húsáid na n-ionstraimí airgeadais ábhartha chun leas a bhaint as breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha inbhuanaithe agus an úsáid sin a dhreasú go suntasach;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht scéim AE um lipéadú astaíochtaí a cheapadh d’iompar ar uiscebhealaí intíre lena soláthrófar faisnéis a bheidh ar fáil go héasca maidir le feidhmíocht fuinnimh long, lena gcuirfear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn, agus lena gcruthófar timpeallacht chobhsaí le haghaidh cinntí infheistíochta, rud ar cheart cás gnó inmharthana agus toradh ar infheistíocht do lastóirí eascairt as; á thabhairt chun suntais nach mór é a bheith mar aidhm leis an scéim sin astaíochtaí a laghdú go héifeachtach agus cabhrú leis an earnáil trí rochtain níos fearr a sholáthar ar mhaoiniú, ar iasachtaí agus ar ráthaíochtaí bunaithe ar fheidhmíocht a cuid astaíochtaí, feabhas a chur ar fhaireachán ar astaíochtaí, buntáistí a chruthú trí údaráis chalafoirt a dhreasú chun idirdhealú a dhéanamh idir muirir ar bhonneagar calafoirt agus, i ndeireadh thiar, an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí ina hiomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir phraiticiúil agus bosca uirlisí praiticiúil a chur ar fáil maidir le breoslaí inbhuanaithe agus na feidearthachtaí teicneolaíochta a bhaineann leis an loingseoireacht intíre agus an loingseoireacht ghearrthurais chun tacú le húinéirí long ina gcinnteoireacht; á thabhairt chun suntais gur cheart díriú ar uiscebhealaí intíre agus ar shoithí loingseoireachta gearrthurais, i bhfianaise na saintréithe teicniúla comhchosúla atá acu;

18.  á chur i bhfios go soláthraíonn tógáil long ar bhonn modúlach solúbthacht, intuarthacht agus laghdú ar chostais; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go gcruthaíonn comhpháirteanna, dearadh agus forbairt long ar bhonn caighdeánaithe bunús maith ar féidir a úsáid ar bhealaí éagsúla (trasmhodúlacht), agus, ina theannta sin, go n-éascófar iarfheistiú córas tiomána níos inbhuanaithe a luaithe a thiocfaidh siad isteach ar an margadh; á thabhairt chun suntais, chomh maith leis na sochair a bhaineann leis an gcomhshaol, gur féidir le tógáil mhodúlach laghdú a dhéanamh ar chostais agus ar rioscaí a bhuí leis an bpróiseas intuartha táirgthe agus tógála agus gur cheart, dá bhrí sin, í a dhreasú agus a chur chun cinn;

19.  á chreidiúint, i bhfianaise ár spriocanna aeráide, go bhfuil earnáil na loingseoireachta in ann iompar níos inbhuanaithe a bheidh slán i bhfad na haimsire a thairiscint; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ról nasctha agus comhordaithe a imirt sa chéim forbartha seo agus dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí leasmhara uile, lena n-áirítear úsáideoirí uiscebhealaí intíre agus an tionscal longthógála; ag spreagadh na mBallstát chun treoirthionscadail a úsáid ina mbeadh réitigh nuálacha amhail coimeádáin cheallra inmhalartaithe; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá práinneach le tacaíocht don nuálaíocht, le plean maoinithe AE, agus le deimhniú agus ceadanna chun seoladh le breoslaí malartacha a éascú;

20.  á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá calafoirt agus a longchlóis speisialaithe, eadhon an áit a ndéantar longa a thógáil, a athchóiriú agus a iarfheistiú, don aistriú fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, cistiú agus infheistíocht iomchuí a leithdháileadh chun acmhainneacht agus bonneagar leordhóthanach a áirithiú i gcalafoirt chun athnuachan cabhlaigh agus aistriú fuinnimh earnáil na loingseoireachta a éascú; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le soláthar cumhachta agus bonneagar athbhreoslaithe ar an gcósta chun foinsí malartacha fuinnimh a fhorbairt do shoithí;

21.  á thabhairt chun suntais gur cheart, le glasú cabhlaigh, díriú ní hamháin ar dhul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, ach ar thruailliú aibhneacha a laghdú freisin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé, dá bhrí sin, saoráidí scaoilte dramhaíola a chur ar fáil i gcalafoirt agus úsáid péinte nuálaí frithscreamha agus ardteicneolaíochta cothabhála cabhlach amhail ladrainn faoi uisce a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialachais a mholadh chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú abhantracha, lena n-éascófar comhordú bearta, infheistíochtaí agus clár gníomhaíochta náisiúnta agus Aontais;

22.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bainistiú fónta agus trasnaí acmhainní uisce a áirithiú, rud lena mbaineann córais hiodrálacha a riar, forbairt an hidrileictreachais a chothú, úsáidí éagsúla uisce a ráthú agus bithéagsúlacht a chaomhnú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart baint a bheith ag geallsealbhóirí iompair, fuinnimh, talmhaíochta, tionsclaíocha agus comhshaoil le bainistiú uisce;

Digiteáil agus loingseoireacht uathrialaitheach

23.  á thabhairt dá haire gur féidir le digiteáil agus bailiú sonraí atá forleathan cur le comhshaol níos glaine agus le sábháilteacht níos fearr ar bord agus ródú níos éifeachtúla, níos lú plódaithe i gcalafoirt agus malartú cumarsáide agus faisnéise níos fearr idir longa, calafoirt agus bonneagar a bhaint amach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh tairbhí suntasacha a bheith ag baint le digiteáil i dtaca le sábháilteacht agus éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh orthu maidir le hearnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre, rud a chuireann le laghdú breise astaíochtaí; á iarraidh go mbeadh straitéis ann chun teicneolaíochtaí digiteacha agus uathoibrithe a fhorbairt agus a chur in úsáid in earnáil na n-uiscebhealaí intíre, lenar cheart go leagfaí amach caighdeáin idir-inoibritheacha thar mhodhanna agus teorainneacha, agus na gníomhaíochtaí agus cistiú i ndáil le taighde riachtanach, lena n-áirítear trí ghlaonna ar leith laistigh de chlár Fís Eorpach; á chur i bhfáth gur gá, i ndáil leis sin, caighdeáin theicniúla a thabhairt cothrom le dáta ag an gCoiste Eorpach um Ullmhú Caighdeán i Réimse na Loingseoireachta Intíre (CESNI) agus na seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) a chomhchuibhiú tuilleadh, lena shimpleofaí na nósanna imeachta maidir le rialáil na loingseoireachta intíre, lena laghdófaí na fadhbanna a eascraíonn as léirmhínithe éagsúla ar chaighdeáin theicniúla agus an easpa sonraí inchomparáide, agus lena bhféadfaí réitigh nuálacha a fhorbairt agus a úsáid go tapa; á chur i bhfios go láidir gur gá ullmhú do chreat comhchoiteann le haghaidh malartú idir-inoibritheach sonraí idir modhanna iompair;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid dhigiteach chomhchuibhithe agus glacadh doiciméad leictreonach maidir le criú agus soitheach ar fud an Aontais a áirithiú a luaithe is féidir, lena neartófar an faireachán a dhéantar ar dhálaí sóisialta agus fostaíochta, lena gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar tharraingteacht an iompair ar uiscebhealaí intíre agus ar a idirghníomhú agus a chomhtháthú réidh le modhanna eile iompair, agus lena gcuirfear borradh faoi idir-inoibritheacht na gcóras malartaithe sonraí ar fud an tslabhra lóistíochta ar fad; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh rioscaí suntasacha sábháilteachta a bheith ag baint le heaspa sosa chuí d’oibrithe ar bord; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil cumas rialaithe dhigitigh iontaofa, fíor-ama ríthábhachtach chun sonraí maidir le hamanna oibre agus sosa na n-oibrithe ar bord a léamh, a stóráil agus a ghiniúint;

25.  ag cur béim ar an ngá atá leis an Rialachán maidir le Faisnéis Leictreonach ar Iompar Lastais (eFTI)(14) a chur chun feidhme go pras chun go mbeidh oibreoirí iompair in ann faisnéis a roinnt le húdaráis forfheidhmithe go pras, go héasca agus i bhformáid dhigiteach;

26.  ag tabhairt dá haire gur príomhuirlis bainistithe sócmhainní iad comhtháthú agus comhchuibhiú sonraí chun iontaofacht an iompair ar uiscebhealaí intíre a neartú agus chun an úsáid a bhaintear as i slabhraí lóistíochta a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur gá na sonraí a idirnascadh le bonneagar cliste chun pleanáil agus cumarsáid éifeachtúil le modhanna eile iompair a chumasú agus ilmhódúlacht agus córais shioncramhódacha a éascú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ardáin sonraí comhtháite feabhas a chur ar ghnóthachain trédhearcachta, amhail rianú agus rialú, agus ar ghnóthachain éifeachtúlachta, amhail pleanáil bealaí agus bainistiú sócmhainní;

27.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sonraí a bhailiú maidir leis an gcóras Eorpach lóistíochta i gcomhordú leis na geallsealbhóirí ábhartha mar ullmhúchán don togra le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le hIompar Comhcheangailte(15) agus bearta eile lena n-áiritheofar pleanáil lóistíochta agus úsáid bonneagair fhisiciúil níos éifeachtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, teacht ar fhorléargas idirmhódúil ar shreabhadh na n-earraí agus na gcoimeádán a thagann isteach san Eoraip agus ar na bealaí a úsáidtear chun na hearraí a thabhairt chuig a gceann scríbe deiridh, rud a d’fhéadfadh a bheith tairbheach chun beartas éifeachtach aistrithe mhódúil a tharraingt suas; á mheas gur cheart féachaint ar bhorradh a chur faoin aistriú módúil mar thosaíocht ós rud é nach ndéantar coimeádáin mhara a iompar go héifeachtúil i gcónaí ó chalafoirt mhara go dtí an chúlchríoch faoi láthair, as a n-eascraíonn costais níos airde agus amanna taistil níos faide; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhreisluach na n-algartam agus na hintleachta saorga maidir le hiompar cúlchríche coimeádán chun pleanáil agus próiseáil a bharrfheabhsú chuige sin;

28.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creataí beartais iompair dhigitigh atá ann cheana a nascadh agus a chinntiú go bhfuil sonraí iompair ilmhódúil ar fáil trí phointe rochtana aonair chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach in uisce-iompar lasta agus idir-inoibritheacht sonraí le modhanna eile iompair a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, plean gníomhaíochta AE a dhearadh le haghaidh bonneagar digiteach an iompair ilmhódúil lena gcumasófar comhroinnt sonraí agus idir-inoibritheacht, a mbeidh sé mar aidhm leis córas iompair sioncramhódach, nasctha agus uathoibrithe a bhaint amach faoi 2035 ar a dhéanaí; á mheas go bhfuil gá le struchtúr tiomnaithe rialachais chun faireachán, meastóireacht agus feabhsuithe leanúnacha agus rialta a dhéanamh d’fhonn na teicneolaíochtaí agus an nuálaíocht is cothroime le dáta a úsáid;

29.  á chur i bhfios go bhfuil gá le dreasachtaí chun ardáin chalafoirt dhigiteacha ilmhódúla a fhorbairt; á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcruthófaí tionscadal breisluacha Eorpach i gcomhair inseoltacht agus nasc ilmhódúil chonairí uiscebhealaí intíre TEN-T;

30.  á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht mhór ag an iompar ar uiscebhealaí intíre le haghaidh taisteal uathrialaitheach ar uisce agus á thabhairt chun suntais go bhfágann níos mó uathoibrithe go bhfuil staid ina mbeadh iompar sioncramhódach ann san Eoraip ag éirí níos cóngaraí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn measúnú tionchair agus comhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha uile, i gcás inar gá, chun glacadh loingseoireachta uathrialaithí a éascú, le haird ar leith ar fhreagrachtaí criú i gcás éigeandálaí nó cliseadh córais, ar shoiléireacht ar shaincheisteanna dliteanais i gcásanna maidir le damáiste agus, ar bhonn níos ginearálta, ar ghnéithe sábháilteachta na soithí uathrialacha, d’fhonn leibhéal áirithe comhchuibhithe a bhaint amach agus glacadh teicneolaíochta ar leibhéal AE a mhéadú; á áitiú, dá bhrí sin, go gcruthófaí treochlár Eorpach do chórais iompair chliste agus uathrialaitheacha ar uiscebhealaí intíre, ar cheart dó tacú le reachtaíocht atá dírithe ar an todhchaí, le taighde, le treoirthionscadail, le saotharlanna allamuigh, agus le forbairt agus le húsáid rathúil long uathrialaitheach, calafort cliste agus idir-inoibritheachta digití bunaithe ar chórais iompair chliste, chomh maith lena áirithiú go n-úsáidfí cianrialú soithí agus cianbhainistiú glas; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, an gá atá le bonneagar cliste agus le hoiliúint, uasoiliúint agus athoiliúint is gá a chur ar chriú, a bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dóibh faoi ionú infheistíochtaí sóisialta agus scileanna chlár InvestEU; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, an rannchuidiú luachmhar a dhéanann caighdeáin CESNI don chriú, do shoithí agus do theicneolaíocht faisnéise; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do dhigiteáil, do chomhchuibhiú agus do bhuanna tapa (malartú gan pháipéar) an iompair ar uiscebhealaí intíre, agus bunsraith a leagan síos d’earnáil uathrialaitheach;

31.  á thabhairt chun suntais go n-éilítear le loingseoireacht shábháilte agus uathrialaitheach comhroinnt chaighdeánaithe faisnéise a théann níos faide ná suíomhanna aeróige soithí, amhail staidiúir shoithigh, comhrian na cabhlach agus modhnuithe ar uiscebhealaí chun oibríochtaí uathrialaitheacha a bhainistiú, imbhuailtí a d’fhéadfadh tarlú idir soithí a bhfuil an seolbhealach céanna á roinnt acu a chosc, agus an fhaisnéis is déanaí maidir le seolbhealaí a chur ar fáil do scipéirí; ag leagan béim ar acmhainneacht réitigh spáis mar chumasóirí don iompar ar uiscebhealaí intíre agus ar rannchuidiú úsáideach shócmhainní spáis Galileo, EGNOS agus Copernicus de chuid AE i ndáil leis sin;

Calafoirt a sheasfaidh an aimsir: moil fuinneamh agus chiorclacha

32.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ag calafoirt intíre mar nóid ilmhódúla straitéiseacha sa chóras lóistíochta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh naisc éifeachtúla cúlchríche ag calafoirt intíre chomh maith le calafoirt mhara, go háirithe le bonneagar iarnróid, agus gur cheart go n-áireofaí saoráidí trasloingsithe, a dhíríonn ar nascadh le croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T i gcás inar féidir; ag tacú le comhar agus cnuasú níos mó idir calafoirt mhara agus calafoirt intíre;

33.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá calafoirt mhara i dtaobh aistriú módúil a chumasú i dtreo an iompair ar uiscebhealaí intíre; ag tabhairt dá haire go n-éascófar iompar níos éifeachtúla ar uiscebhealaí intíre chuig calafoirt mhara agus uathu trí chuachadh lasta uiscebhealaí intíre a fheabhsú; á thabhairt chun suntais, le dlúthchomhar idir na calafoirt éagsúla mhara agus intíre agus na geallsealbhóirí uile sa slabhra lóistíochta, amhail i réimse na hinbhuanaitheachta, go gcruthaítear tuilleadh féidearthachtaí chun feabhas a dhéanamh ó thaobh costais agus éifeachtúlacht oibríochtúla de agus go dtéitear chun tairbhe don fhorbairt réigiúnach agus don fhostaíocht;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcoimeádfaidh calafoirt intíre na naisc iarnróid atá ann cheana agus go dtabharfadh na Ballstáit tús áite d’uasghrádú a ngréasán lasta iarnróid chun sreafaí iompair idirmhódúil idir na huiscebhealaí intíre agus an t-iarnród a áirithiú;

35.  á thabhairt chun suntais gur cheart go gcuirfí san áireamh le húsáid bonneagair breoslaí malartacha an t-éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar chalafoirt agus saintréithe margaidh na gcalafort agus conairí ionchasacha á dtarraingt suas i dtreo earnáil aeráidneodrach uiscebhealaí intíre; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go ndéanfadh straitéis Eorpach maidir le rolladh amach breoslaí malartacha le haghaidh úsáid ilmhódúil agus thionsclaíoch tríd an athbhreithniú ar TEN-T agus trí Threoir 2014/94/AE maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, cur chuige gréasáin a leanúint, ar cur chuige é a bhainfeadh amach bonneagar atá pleanáilte go héifeachtúil, a bheadh bunaithe ar shaintréithe ionchasacha an éilimh margaidh i gcalafort agus ina chúlchríoch agus, i gcás inar gá, feadh bealaí uisce, i gcomhréir le prionsabal neodracht na teicneolaíochta; á chur i bhfáth, thairis sin, an acmhainneacht atá ag córas solúbtha bonneagair amhail leas a bhaint as gineadóirí cumhachta soghluaiste agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar réitigh sholúbtha maidir le dáileadh agus soláthar breosla, mar shampla scéimeanna cíosa do shoithí;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sineirgí idir bonneagar na n-uiscebhealaí intíre agus na Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha a neartú, lena n-éascófar aistriú fuinnimh na loingseoireachta intíre agus lena dtacófar le forbairt calafort mar mhoil fuinnimh; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, gur gá bonneagar na n-uiscebhealaí intíre a chomhtháthú níos fearr san eangach fuinnimh Eorpach chun úsáid an tsoláthair cumhachta ar an mórthír a éascú; á chur i bhfáth, ina theannta sin, an acmhainneacht atá ag uiscebhealaí intíre maidir le breoslaí malartacha a iompar; á chur i bhfáth an gá atá le bonneagar leictreach a thógáil ar fud chalafoirt intíre na hEorpa d’fhonn freastal ar shoithí ag a bhfuil foinsí cumhachta leictrí amach anseo agus d’fhonn na saoráidí agus an trealamh a chuirtear ar fáil ag an mbeart a mhéadú agus a uasghrádú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir i gcalafoirt agus sna limistéir máguaird a laghdú, i gcomhréir leis an gcuspóir nach mbeidh aon truailliú i mbeart;

37.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le saincheist na sreabhántachta i gcalafoirt trína áirithiú go bhfuil go leor acmhainne chun cur i mbeart agus go leor acmhainne d’áiteanna feithimh do shoithí intíre;

38.  á chur i bhfáth an acmhainneacht atá ag uiscebhealaí intíre chun earraí contúirteacha agus dramhaíl a iompar, lena n-éilítear infheistíochtaí i mbonneagar agus soithí atá leormhaith agus sábháilte agus i bhfórsa saothair oilte; á thabhairt chun suntais go bhfuil cosúlacht mhaith ar ról na gcalafort sa gheilleagar ciorclach agus ar acmhainneacht speisialta na n-uiscebhealaí intíre chun tráchtearraí a thagann as margaí nua ciorclacha a iompar; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, nasc níos láidre a bhunú idir a gheilleagar ciorclach agus beartais iompair ar uiscebhealaí intíre; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, bearta a fhorbairt chun tacú le gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh i gcalafoirt agus coincheap an mheasúnaithe saolré a chur chun cinn agus é mar aidhm aige idirphlé a thionscnamh agus calafoirt intíre a spreagadh chun córais bhainistithe chomhtháite a dhearadh do, inter alia, uisce, fuinneamh, dramhaíl, láithreáin tógála, pleanáil spásúil agus limistéir ghlasa uirbeacha chun an glas a bhaint dá n-acmhainneacht a bheith ina moil fuinnimh chiorclacha agus ghlana;

Oideachas agus oiliúint, dálaí oibre, agus taighde agus nuálaíocht

39.  á chur i bhfáth gur gá oideachas agus oiliúint na loingseoireachta intíre a nuachóiriú, lena ndíreofar ar scileanna glasa agus digiteacha a fhorbairt agus bacainní teanga a shárú, rud a chruthóidh poist tharraingteacha do dhaoine óga agus do mhná, agus aird chuí á tabhairt ar chaighdeáin shóisialta agus sábháilteachta agus ar leibhéil cháilíochta atá ard agus comhchuibhithe; ag tacú, i ndáil leis sin, le caighdeáin CESNI a fhorbairt tuilleadh chun na scileanna riachtanacha a áirithiú do bhaill chriú na soithí loingseoireachta intíre; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil le scéimeanna oiliúna éigeantacha, leanúnacha agus rialta do bhaill foirne uile, lena n-áirítear cúrsaí malartaithe idirnáisiúnta, chun uasoiliúint, athoiliúint, soghluaisteacht optamach lucht saothair agus sábháilteacht ar fud na hearnála a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil gá le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta i gcomhréir leis an bprionsabal nach mbeadh aon tionóisc ann; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, Treoir (AE) 2017/2397, maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint, a chur chun feidhme go cuí faoin 17 Eanáir 2022;

40.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dálaí maithe oibre agus tuarastail chuibhiúla san iompar ar uiscebhealaí intíre a ráthú; á iarraidh ar na Ballstáit cumhdach leormhaith slándála sóisialta a áirithiú do na hoibrithe uile ar bord i gcomhréir le reachtaíocht shóisialta AE; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le dlí soiléir maidir le saothar agus slándáil shóisialta in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre; á chur i bhfáth gur gá cosaint shóisialta agus cearta do bhaill foirne Eorpacha agus tríú tíortha a choimirciú;

41.  á chur i bhfios a thábhachtaí atá comhar agus sineirgí breise idir na tionscnaimh agus institiúidí taighde agus nuálaíochta éagsúla, trí eolas, sonraí, fios gnó agus dea-chleachtais a chomhroinnt agus trí fhorléargas ar thionscadail atá ar siúl faoi láthair a chur ar fáil ar ardán poiblí;

42.  á chur i bhfáth gur gá spreagadh a thabhairt d’fhorbairt tionscadail de shoithí nuálacha uiscebhealaí intíre agus do bhonneagar comhfhreagrach calafoirt faoi chomhpháirtíocht chlár Fís Eorpach maidir le huisce-iompar astaíochtaí nialasacha;

Plean maoinithe AE

I.Féidearthachtaí maoinithe trí ionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana

43.  á thabhairt chun suntais an fhéidearthacht a bhaineann le hionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana chun earnáil Eorpach an iompair ar uiscebhealaí intíre a ghlasú agus a dhigiteáil, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an clár Fís Eorpach agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur i bhfáth gur gá na hionstraimí sin a shlógadh chun croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T a chur i gcrích, chun infheistíochtaí a mhaoiniú i bhforbairt agus leathadh amach breoslaí malartacha inbhuanaithe agus córas tiomána malartach do shoithí agus don bhonneagar riachtanach, chun sineirgí cliste a chumasú idir iompar, fuinneamh, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, agus digiteáil, agus chun nuachóiriú agus athléimneacht na n-uiscebhealaí intíre a áirithiú; á chur i bhfáth, áfach, nach mbíonn na hionstraimí cistiúcháin sin oiriúnach i gcónaí do FBManna, do ghnólachtaí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair eile, mar go bhfuil an baol ann nach mbeidh tionscadail bheaga incháilithe do chistiú; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá soiléireacht a chur ar fáil maidir le maoiniú inbhuanaithe agus infheistíochtaí príobháideacha san iompar ar uiscebhealaí intíre;

44.  á mheabhrú gur dúshlán teicneolaíoch agus airgeadais é an t-aistriú fuinnimh chuig aeráidneodracht d’earnáil na loingseoireachta intíre, rud a éilíonn an tacaíocht iomchuí; á chreidiúint, i ndáil leis sin, nach mór do na Ballstáit leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar dheis uathúil chistiúcháin le haghaidh uiscebhealaí intíre, rud a chomhcheanglaíonn éifeachtaí gearrthéarmacha téarnaimh eacnamaíoch le tairbhí fadtéarmacha na n-infheistíochtaí spriocdhírithe bonneagair agus loingseoireachta;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid acmhainní inmheánacha don iompar ar uiscebhealaí intíre agus cur chun feidhme chlár gníomhaíochta NAIADES a atreisiú, lena n-áirítear acmhainní daonna, agus iad á gcur i gcomhréir leis na huaillmhianta don earnáil faoin gComhaontú Glas, leis an aistriú módúil agus leis an Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste;

46.  á chur i bhfios go láidir, thairis sin, a ríthábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar an iompair ar uiscebhealaí intíre i gcalafoirt mhara agus timpeall orthu; á thabhairt chun suntais gur gá le dlúthchomhar idir na geallsealbhóirí uile sa slabhra luacha lóistíochta;

II.An gá atá le ciste AE d’uiscebhealaí intíre

47.  á thabhairt chun suntais go gcruthóidh an chonair i dtreo earnáil uiscebhealaí intíre atá aeráidneodrach agus an t-aistriú fuinnimh atá inmhianaithe bearna chistiúcháin atá ag druidim le EUR 10 mbilliún(16), rud nach féidir leis an earnáil amháin a mhaoiniú; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil easpa cáis ghnó d’úinéirí soithí príobháideacha chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí tiomána lena laghdaítear go mór an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht phoiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh chuige sin;

48.  á chur i bhfáth gur FBManna, gnólachtaí teaghlaigh agus calafoirt níos lú atá in earnáil na n-uiscebhealaí intíre den chuid is mó, rud a fhágann gur deacair dóibh infheistíochtaí costasacha a dhéanamh chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a chomhlíonadh; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart inscálaitheacht na n-infheistíochtaí riachtanacha a fheabhsú, ualaí riaracháin a laghdú go suntasach, agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ciste tiomnaithe d’uiscebhealaí intíre AE a bhunú le haghaidh an aistrithe inbhuanaithe, lena n-áirítear córas ionaid ilfhreastail a mbeidh rochtain éasca air chun cabhair agus cúnamh a fháil agus a d’fhéadfadh tionscadail a chur le chéile in aon iarratas amháin, rud a mhéadódh na deiseanna ar mhaoiniú; á chur i bhfáth gur cheart don chiste na cúlchistí atá ann cheana agus a cruthaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 546/2014(17) a chomhlánú, agus go mbeadh ranníocaíochtaí suntasacha breise airgeadais ó ionstraimí maoinithe AE agus náisiúnta agus ó infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí eile, chun infheistíochtaí breise ón tionscal a ghiaráil agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna infheistíochta atá ann faoi láthair maidir leis an aistriú inbhuanaithe a mhaoiniú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart foráil a dhéanamh leis an gciste sin freisin maidir leis an bhféidearthacht cumasc a dhéanamh le SCE, le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe, agus le hionstraimí airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta;

50.  á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh an ciste tiomnaithe sin ar iarfheistiú agus athnuachan long chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú agus tacú le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha agus coigilte fuinnimh chomh maith le bonneagar calafoirt, go háirithe úsáid breoslaí malartacha, agus ar an gcaoi sin cuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, le téarnamh inbhuanaithe agus le córas iompair níos inbhuanaithe ina iomláine a bhaint amach;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a inmharthana atá sé scéim traipisithe nua Eorpach agus athnuachan cabhlaigh a áireamh mar chuid den chiste, agus aird chuí á tabhairt ar astaíochtaí saolré na soithí lena mbaineanna, chun aistriú tapa chuig aeráidneodracht a éascú; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na dálaí ina ndéantar diúscairt agus ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an chiorclaíocht ríthábhachtach;

III.Maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta

52.  á mheabhrú go gcuireann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) cistiú ar fáil d’iasachtaí caipitil atá tarraingteach, lena n-áirítear tionscal na longthógála; á mheas, áfach, go mbraitheann réadú agus éifeachtacht chistiú BEI ar a inrochtaineacht agus á áitiú, dá bhrí sin, ar an méid seo a leanas:

   (i) a áirithiú gur cheart feidhm a bheith ag Clár Ráthaíochta um Loingseoireacht Ghlas de chuid BEI freisin maidir le hidirbhearta níos lú, lena n-áirítear coinníollacha iasachta níos solúbtha, mar shampla, trí mheánré feidhme oibríochtaí loinge le linn na tréimhse aisíoca a chur san áireamh;
   (ii) a áirithiú go gcuireann BEI maoiniú réamhsheachadta agus iarsheachadta araon ar fáil do longthógálaithe chun cur chun feidhme agus inmharthanacht tionscadal nuálaíoch longthógála a ráthú;
   (iii) tosaíocht a thabhairt do chistiú clár taighde agus nuálaíochta maidir le longthógáil ghlas;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh go cúramach ar infheistíochtaí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad i gcalafoirt Eorpacha, i bhfianaise an róil atá acu i mbonneagar straitéiseach na hEorpa mar mhoil ilmhódúil, mar nóid fuinnimh lárnacha agus mar bhraislí tionscail;

Iompar paisinéirí, soghluaisteacht uirbeach, lóistíocht cathrach d’uisce agus turasóireacht

54.  á chur in iúl gur geal léi an mheastóireacht le déanaí ón gCoimisiún ar Phacáiste um Shoghluaisteacht Uirbeach 2013(18); á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, maidir leis na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo ón bPlean um Shoghluaisteacht Uirbeach, eadhon laghdú ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir, níos lú plódaithe agus níos lú taismeach ar bhóithre i gceantair uirbeacha, nár tharla siad go comhsheasmhach ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na Ballstáit agus cathracha a spreagadh chun uisce-iompar poiblí, lóistíocht cathrach agus lastdáileadh áitiúil a áireamh, i gcás inar féidir, mar mhodh iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus éifeachtach ina bpleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus feabhas a chur ar a mbailiú sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach; á chur i bhfáth gur gá, ina theannta sin, modhanna uisce-iompair phoiblí a áireamh in ardáin soghluaisteachta digití, amhail soghluaisteacht mar sheirbhís, chomh maith i bhfeidhmchláir seachadta lasta;

55.  á thabhairt chun suntais gur ann d’acmhainneacht neamhshaothraithe na n-uiscebhealaí intíre i gceantair uirbeacha, mar a léirítear sa Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste; á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an bplódú atá ar limistéir uirbeacha agus nach mbíonn sé éifeachtúil ó thaobh costais de i gcónaí bonneagar nua bóthair a thógáil; á iarraidh ar an gCoimisiún uisce-iompar a áireamh i sprioc na Straitéise Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste maidir le húsáid níos fearr a bhaint as uiscebhealaí intíre i gcathracha agus tograí nithiúla a dhearadh arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi lóistíocht ar ár n-uiscebhealaí intíre agus seachadadh deiridh trí rothair lasta a chur san áireamh, rud a chuirfeadh dlús leis an aistriú módúil; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, feabhas a chur ar a bhailiú sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach le haghaidh uisce-iompar paisinéirí agus lasta agus á thabhairt chun suntais an acmhainneacht atá ag iompar ar uiscebhealaí intíre don mhíle deiridh i lóistíocht uirbeach inbhuanaithe;

56.  á thabhairt chun suntais gur léiríodh i bhfigiúirí 2019 maidir leis an éileamh ar iompar paisinéirí go raibh cuma shláintiúil ar earnáil Eorpach na cúrsóireachta abhann, lena n-áirítear soithí turais lae agus seirbhísí farantóireachta, roimh phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, gur tháinig beagnach stad iomlán ar an earnáil sa chéad leath de 2020 mar gheall ar an staid shláintíoch leanúnach, rud a raibh drochthionchar aige ar an ngeilleagar agus a chruthaigh deacrachtaí airgeadais do chuideachtaí, agus gur éiginnte go fóill é an bhfillfidh trácht paisinéirí ar an ngnáth-thrácht in 2021(19); á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, turasóireacht uiscebhealaí intíre a áireamh sa Chlár Oibre Eorpach do Thurasóireacht 2050 atá ar na bacáin d’fhonn cás gnó a chur chun cinn ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe, nuálach agus athléimneach na turasóireachta abhann, agus tairbhí eacnamaíocha na turasóireachta abhann i réigiúin chalafoirt á gcur san áireamh i dtéarmaí breisluacha, cruthú fostaíochta agus ioncam calafoirt;

57.  á chur i bhfáth gur gá féachaint tuilleadh ar acmhainneacht na n-uiscebhealaí intíre don loingseoireacht áineasa agus do ghníomhaíochtaí eile ar imeall an uisce, rud a chuirfeadh borradh faoin bhfás, a chruthódh deiseanna fostaíochta nua agus a chuirfeadh feabhas ar thurasóireacht sna réigiúin lena mbaineann;

58.  á iarraidh ar na Ballstáit an Deimhniú Idirnáisiúnta d’Oibreoirí Árthaí Pléisiúir a fhormhuiniú trí rún Uimh. 40 ó Choiste Iompair Intíre de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a ghlacadh chun aitheantas trasteorann a cheadú do cheadúnais agus loingseoireacht áineasa a éascú san Eoraip;

o
o   o

59.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 345, 27.12.2017, lch. 53.
(2) IO L 252, 16.9.2016, lch. 118.
(3) IO L 307, 28.10.2014, lch. 1.
(4) IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.
(5) IO L 368, 17.12.1992, lch. 38.
(6) IO L 255, 30.9.2005, lch. 152.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0131.
(8) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(9) IO C 449, 23.12.2020, lch. 154.
(10) IO C 224, 27.6.2018, lch. 29.
(11) IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.
(12) An Treoir maidir le Gnáthóga (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7) agus an Treoir maidir le hÉin (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(13) Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair, (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
(14) IO L 249, 31.7.2020, lch. 33.
(15) IO L 368, 17.12.1992, lch. 38.
(16) Lárionad Forbartha do Theicneolaíocht Long agus do Chórais Iompair (DST), Assessment of technologies in view of zero-emission IWT [Measúnú ar theicneolaíochtaí i bhfianaise an iompair ar uiscebhealaí intíre atá saor ó astaíochtaí], mar chuid den staidéar uileghabhálach a rinne an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin dar teideal Financing the energy transition towards a zero-emission European IWT sector [An t-aistriú fuinnimh a mhaoiniú i dtreo earnáil Eorpach an iompair ar uiscebhealaí intíre atá saor ó astaíochtaí], Tuarascáil Uimh. 2293, lch. 95.
(17) Rialachán (AE) Uimh. 546/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn, (IO L 163, 29.5.2014, lch. 15).
(18) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 24 Feabhra 2021 (SWD(2021)0047.
(19) an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin, Market observation report 2020: inland navigation in Europe [Tuarascáil 2020 maidir le grinniú margaidh: loingseoireacht intíre san Eoraip], Meán Fómhair 2020.

An nuashonrú is déanaí: 14 Nollaig 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais