Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0055(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0195/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0195/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 15/09/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0312
P9_TA(2021)0372

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 44k
Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe ábhar frithmhiocróbach ***I
P9_TA(2021)0372A9-0195/2021
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe ábhar frithmhiocróbach (COM(2021)0108 – C9-0094/2021 – 2021/0055(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2021)0108),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 43(2), d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 168(4), pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0094/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Meitheamh 2021(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Meán Fómhair 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0195/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 341, 24.8.2021, lch. 107.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas chun comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach a áirithiú agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le soláthar díreach feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh
P9_TC1-COD(2021)0055

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1756.)

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais