Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0176(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0240/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0240/2017

Díospóireachtaí :

PV 14/09/2021 - 15
CRE 14/09/2021 - 15

Vótaí :

PV 15/09/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0374

Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 55k
Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Treoir maidir le Cárta Gorm AE ***I
P9_TA(2021)0374A8-0240/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críoch fostaíochta ardoilte (COM(2016)0378 – C8-0213/2016 – 2016/0176(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0378),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 79(2), pointí (a) agus (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C8-0213/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Tionól Náisiúnta Phoblacht na Bulgáire, mar aon le Teach na dTeachtaí sa tSeic agus Seanad Phoblacht na Seice, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2016(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Nollaig 2016(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Bealtaine 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0240/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 75.
(2) IO C 185, 9.6.2017, lch. 105.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Meán Fómhair 2021 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle
P9_TC1-COD(2016)0176

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2021/1883.)

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais