Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0247(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0266/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0266/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 15/09/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0375

Téacsanna atá glactha
PDF 137kWORD 51k
Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) 2021 - 2027 ***II
P9_TA(2021)0375A9-0266/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (06604/1/2021 – C9-0352/2021 – 2018/0247(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06604/1/2021 – C9-0352/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0465),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0266/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag formheas a ráiteas atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

5.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú, in éineacht leis na ráitis go léir atá i gceangal leis an rún seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

7.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 156.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 305.
(3) IO C 108, 26.3.2021, lch. 409.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cúnamh a thugtar faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) a chur ar fionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil tagairt ghinearálta i Rialachán (AE) 2021/... lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) go bhféadfaí cúnamh a chur ar fionraí gan an bunús nithiúil maidir le cinneadh den sórt sin a shonrú. Ba cheart fionraí cúnaimh den sórt sin a chur chun feidhme i gcás ina ndéanann tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I díghrádú ar an ndaonlathas, ar chearta an duine agus ar an smacht reachta.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim fhoriomlán airgeadais a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí cúnamh faoin ionstraim seo. Mar chomhreachtóir agus comhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, i dteideal a sainchumais a lánfheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus maidir le comhordú straitéiseach

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil na tagairtí d’ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle imithe i léig, agus measann sí dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, gur cheart an tAirteagal sin a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, chun ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais is infheidhme i dtréimhse CAI 2021-2027 a chur san áireamh, eadhon an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach, an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn.

Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) struchtúr comhordaithe straitéiseach a bhunú a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus de SEGS chun comhleanúnachas, sineirge, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda(1).

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hainmneacha na dtairbhithe

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go ndéantar tagairt in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2021/... lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) do thairbhithe atá incháilithe do chistiú faoin Ionstraim seo. Measann Parlaimint na hEorpa go n-úsáidfear ainmneacha bunreachtúla do na tairbhithe a liostaítear, agus gur cheart tagairt don Chosaiv mar Phoblacht na Cosaive.

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé geopholaitiúil le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

Tá an Coimisiún Eorpach, agus aird á tabhairt aige ar fheidhmeanna um rialú polaitiúil Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tiomanta idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh idir an dá institiúid maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III). Leis an idirphlé sin, ba cheart go mbeifí in ann malartuithe a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfear san áireamh go hiomlán na seasaimh atá aici maidir le cur chun feidhme IPA III, agus lánurraim á tabhairt do chumas an Choimisiúin an ionstraim a chur chun feidhme, i gcomhréir lena fhreagrachtaí institiúideacha.

San idirphlé geopholaitiúil, pléifear treoshuíomhanna ginearálta maidir le cur chun feidhme IPA III, lena n-áirítear maidir le clársceidealú sula nglacfar creat clársceidealaithe IPA III agus doiciméid chlársceidealaithe IPA III, agus a bhaineann le hábhair shonracha amhail an cúnamh a thugtar do thairbhí a chur ar fionraí nuair nach n-urramaíonn sé go leanúnach prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, na hurraime do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Seo a leanas struchtúr an idirphlé gheopholaitiúil:

i)  Idirphlé ardleibhéil idir an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, thar ceann an Choimisiúin, agus Parlaimint na hEorpa.

ii)  Idirphlé buan ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach le meithleacha AFET chun a áirithiú go ndéanfar ullmhúchán leordhóthanach agus go ndéanfar obair leantach ar an idirphlé ardleibhéil.

Beidh an t-idirphlé ardleibhéil ar siúl dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceann de na cruinnithe a bheith i gcomhthráth le tíolacadh an dréachtbhuiséid bhliantúil ag an gCoimisiún.

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le cúnamh a mhodhnú/a chur ar fionraí in Airteagal 8, mír 5 de Rialachán Uimh. 2021/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX/XX/2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

Measann an Coimisiún Eorpach go dtugtar urraim leis an bhforáil in Airteagal 8(5) do chumhachtaí an Choimisiúin i gcur chun feidhme chláir an Aontais, agus buiséad an Aontais i gcoitinne, a fhad agus atá sé gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún leis na Conarthaí agus leis an Rialachán Airgeadais i dtaca le cúnamh an Aontais a chuirtear ar fáil do thríú tíortha a chur ar fionraí.

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le cineál comhairleach na mbord straitéiseach mar atá in Airteagal 12 de Rialachán Uimh. 2021/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX/XX/2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

Meabhraítear don Choimisiún Eorpach, mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán IPA III, gur comhlacht comhairleach don Choimisiún é bord straitéiseach Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (WBIF). Déantar é sin a ailíniú le hAirteagal 33 de ICFCI – an Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021, ina ndéantar tagairt do bhoird straitéiseacha WBIF agus CEFI+. Níl cumhachtaí cinnteoireachta ag na boird straitéiseacha sin i gcomhthéacs chur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Bunófar Rialacha Nós Imeachta bhord straitéiseach WBIF ar an mbonn sin.

(1) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais